csnag_id
int64 4
6.53k
| Title
stringlengths 4
141
| Author
stringlengths 1
50
| Pen Name
stringclasses 77
values | Editor
stringlengths 1
40
| Year
stringlengths 1
4
| Century
stringclasses 6
values | Genre
stringclasses 4
values | Publisher
stringlengths 1
75
| Tokens
int64 0
641k
| Types
int64 0
44.7k
| Text
stringlengths 1
3.35M
| Link
stringlengths 54
57
|
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
1,916 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1850 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1943) | 1,215 | 569 | A ghradh 's a chumainn is sultmhar do léigheas an cheachd do chuiris chúghainn tar tonnaibh gan mhioscais gan chlaon gan snas: Tá an chraobh agutsa mar thuigim 's an t-ubhall gan staid chum Gaoidheilge sgribhe 's a dtuigsint gach cruadhcheist chas. Do bhronn Hómer séad duit, éifeacht cinn is blas 's do bhronn Ovid aosda a chaolpheann chaoin id ghlaic; bronnaimse féinig sway dhuit tar míltibh fear 's go mbronnaig Mac Dé duit réim 'na ríoghacht ar neamh. Seo béith uaim chughat a ttriuch a ccéin tar lear gan aon riocht chlúdaig acht ciuin-chruit éigse 's flaith; go dtí Stainndis clúmhuil múinte béasach glan do shíol nGráda ón Mumhain fuair cliú is réim na bhfear. Cearbhall O Dála cct. Chonairc sa 'n bhean ag teacht an tárd anall, ba gheille go ceart a cneas na bláith na g-crann, a filleadh tar nais a teacht go trádhacht na habhann, thugas di searc 's d'fan go bráth am chenn. Chonairc sa'n bhean ag teacht an tárd aníos ba gheille go ceart a cneas na bláith na truím ag filleadh tar nais a teacht go trádhacht na slighe tugas di searc 's dfan go bráth am chroidhe. Mo chreach léir dunn a n-aoinfheacht 'san oidhche ag teacht, gan me féin 'san spéirbhean do chlaodhaig me seal a dtaobh sléibh' 'nár naonar gan tuibhe gan bhrat 's aon tseachtmhuin déag san oidhche air fhaid. Aréir do chonairc sa'n bhean go dtugas di baramhuil grinn, do chuir me ceal gan stad air mearbhall slighe ba bhreadha é maise teacht chum glan búird bíghe ba dhubh ba gheal ba dheas ba gheanamhuil í. Bhí a folt trom truipiollach tuitim mar bhraínsidhe 'n óir agus sgáil a guirm ba glaise na slamhraidhe 'n reodh. mairbheóig tuirse me 'n deoig bruineall na gcruinn chíoch cóir 's puililiu léig orm an tuisge cé ghabhann sí d'ól. Is fiu seacht sgiling gach ruibe dá gruaig mar ór, Is fiu seacht sgiling gach luisne 'na gruadh mar rós, Is fiu seacht sgiling an tuisge do ghabhann a bró 's cúig céad sgiling a cumann dhá uair roimh ló. is fiú cúig phúint a cúl cas órach buidhe is fiú cúig phúint a súil glan ómair cruinn Is fiu cúig púint ar dtúis mar d'órduig Críosd agus cúig céad púnt a rúin gach órlach díot. A dá punan cúl buidhe búclach le go troig 's a dá mala chaol cumth' chaoin chonnluigheann mar rós gan cheilt, tharraing púicín dubhchroidheach deórach guil, mo thaisge 's mo rún í siúd í an bóthar soir. Mo ghrád do chúl chas buidhe ar dhaith na n-oráisdighe 's do shúil chruinn ghlas air dhaith an tsrotháin chaoil t'aonta a bhean tabhair leat 's coimeád í 's ná tabhair do ghean d'aon fhear na feicfeá arís. Mo ghrádh do chúl buidhe 'na cúrsaoibh air dhaithibh an óir 's do ghruadh mhín na fuaduigheann a lasair an smól a rúinín nuair smuainím tré'm chodla air do phóig tré'd chúrsaoi cuirim druchtaoinidhe fola as mo shróin. Mo ghrádh do chúl dualach sguabach cocánach órach tréisleach féilltheach feadánach ómrach sgaoilteach snadhmanach treasnánach 'na ngaibh thimchioll cinn mo dhianghrádh sa. Bhí a folt go talamh le'n leanbh mar d'órdaig Dia, 'na giusa 's 'na gcasa 's 'na gcreasanaibh táirste aniar a filleadh 'sa feacadh 'sa camadh 'sa ród 'na diaigh 'sa gcur le geata ba samhuil le comhluinn iad. Aréir do chonarcsa an chumannach chaoin ghrádhmhur mur a bheidheadh coindeall a nglaine ar bórd árthaig a folt trom triopollach muiriorach fionn fáingeach mheall san mise caise air gach aon táith dhi. Tá cumann liom shuas air uachtar bhaile na laoch bhain uair shuain air uair na maidne dhíom féin ag a bhfuil a cuacha 'na ndualaibh lei tuitim go feur dual naoi n-dual dual fithche 's céad. A Dhia 'sa Mhuire, a bhruingioll na mbuidhe cocán 's a corp as geille na 'n tuisge air leac eidhir ar snámh, nuair ná fuilimsi ann ionad bhig radharc am ghrádh gan tusa mur choindeall 's mise mur raidhleacán féileacán. Mo chreach 's mo leun nach déanann seoid beag díom, go rachfainn do léim a mbeul do phóicín síos aingir dheas shéimh na mbreithre 's na nór folt buidhe na fuiling me a bpéin's me tar éis bheith breoidhte ad' dhruím. A folt fada fághain dob' fhearr sgáil air iadhthar cinn 's a crobh leathan breagh dob' fhairsing a riaradh bíghe a troig gheara bhláith do mheallann cách faoi rian a boinn 's gur b'é do ghreada grádh chuir seachrán srianach linn. Mo ghrádh mo chuilfhionn mhuinte manla shéimh mo ghrádh do chúl tais búclach fáingeach réig mo ghrádh do chsiubhal na brúghann go bráith an feur 's mo dhian ghrádh liom thu dfhonn tu ghabháil liom fhéin. Mo ghrádh mo ghean searc 's rún mo chroidhe mo ghrádh mo chailín chneasda ghrádhmhur chaoin mo ghrádh do dhearca glasa tá gan teimhioll 's mo dhianghrádh air fad thu a bhean ó sáil go rinn. Bhí a folt trom triopollach muiriorach fíor ghleanntamhail sgáil a guirm tuitim mar dhrúcht samhruig braghaid mur criosdal geille mur chlúm gandail tar mnáibh na cruinne do thugas ó'm chroidhe grenn duit. Grádh mo chroidhe do chroidhe 's do mheall shúil claon grádh mo chroidhe do chroidhe 's do chorp sheang shéimh grádh mo chroidhe do chroidhe 's do lap chúg meur 's do bhfuil do ghrádhsa le rátha am mharbhadh féin. Mo chreach 's mo leun gan me 's tu a seomra glais ó maidin anae go grian an órail ghil gan eadrainn araon acht léine nuadh nidhte 's gan únsa céil ag aoinne 'nneósach sinn. Tigh an tabhairne 'n leana is ann do bheidheadh mo thriall 's nuair chállain can do thagach fíon 'na dhiaigh is ann ghradhasa 'n aingir cailce buidhe na gciabh 'a ó thárla air meam gur bean do chlaodhaig mo chiall. Tá fhios ag easbog Chaisioll cinn na gcliar gur breadh me air each 's gur fada buidhe mo chiabh gur a ngradh na bhfear do chathas dem aoise bliadhain 's ó thárla air meam gur bean do chlaodhaig mo chiall. Ba bhreadha me air each nuair chrapach sí iona srian go cáippeach cliosach rathach ringceach riamh na Randhaill Dearg mac Maogaoibh na gcliar 's ó thárla air meam gur ben do claodhaig mo chiall. Lá na bhfear nuair casag me sa tsliabh 's lá na bhfear do chaithfinn líog mur iad lá geal earaig chraithfinn síol a gcriabh 's ó thárla ar meam gur bean do chlaodhaig mo chiall. Ba bhreadha me ar each ag teacht an taoide aniar 's do shnámhfainn caise garbh díreach dian na Radhnaill Dearg mac Maogaoibh na gcliar 's ó thárla ar meam gúr bean do chlaodhaig mo chiall. Bhean úd ba chaise cúl ná cosa na mbeach 's ba ghlaise súl ná'n tuisge siubhal ar bhárr na leac duine dubhach me dul amugha gan focal a gceart | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1916 |
1,893 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1756 | 18 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1939) | 177 | 125 | Dún Uí Ghraeme. Peadar Ua Doirnin cct, 1756 Triallfad féin cois cúan na n-éun Fa bhuirbe réub na trágha Go dún Uí Ghraéme is súairce céim Mar a mbuanann féile is fáilte As súbhailc maraon ag claoidheadh gach claon Gan mairg do aón fa'n trádhsa 'S béidh fáilte a's céud air fághail romham féin 'S ní diúltar aon dar náisiun. Bidhionn cúacha óir do ghnáth fáoi bheóir A's macnaidhe ógha air stéudaibh A's bantracht ró-bhreagh I n-éadaichibh sról Ag pronnadh óir a's séud ann Cuirm a's ceól a's rabhra spóirt A dhúsughadh beó na céuda tá searg luidhe bróin gan súil le cabhar da mbídh 'sa dún ag éisteacht. Bidhionn úaisle féin tre crúachtnas léighinn A dhúsughadh taédhm na náirsighe A's báird ag éud tré shar-ghuth béil 'S ag sgúabadh téud na cláirsighe Saoidhthe a's cléir a guidhe 's a séun Mar sneachta ar sléibhtibh a cárnadh 'No mar tuilte tréun I ndún Uí Ghraéme 'S gach áoibhneas saeghalta ar fághail ann. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1893 |
1,899 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1845 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1940) | 1,142 | 585 | AN SÚISÍN BÁN Do ráinig liom ainnir ar mhúscailt don lá, Trácht na coille gluise cois imill trágha. Báinchnis shnoighte mhilis bhúidh mhiochair mhná, d'fhúig támhachlag me le cumann rúin di agus grádh. Ar a trácht am choinne is cliste d'umhlas don bháb; Gan cháirde fiosaim di go búch milis cáidh Ar bhás na righthe, nuair a mhúscail an t-ár Idir Pháris toir agus fir an trúip Menelaus. Ba scáinneach snaidhmeach tiugh a fionndlaoithe ag fás, Fáinneach deise ag tuitim dlúth léi go mán, A brághaid mar lil, 's a ruisc mar dhrúcht criostail ar bán, Gan cháim a braoithe, is luisne 'na gnúis ghil mar bhláth. "Fág me, a dhuine," ar sise, "is fonn leat me chrádh; Go bráth ní thiocfaidh leat mo chlúsa do bháth; Táimse (ag) guirm choimirc complacht na ngrás, Mo chás, ar chluiche an bhruit bhuig lúbaigh ag námhaid." "Do ráidhte binne i bhfuirm úrshlat an dáin Do thálais liot 'na dtuile dúbailt gach práis; Mo chrádh go gcuirfir mise i bpongcaibh an bháis, Gan sásamh cluiche an bhruit faoi chlúda na bhfeádhach. "Is dána thuigthear liot an connradh san d'fhagháil, Gan pháirt gan chion gan fios mo chúise 'na dháil, Gan scáth roim dhlighthe breitheamh cúirte ná stáit, Acht fáscadh ar imirt chluiche an chungcais led phráing." "An tu an bháb thug tuitim bile clú Cloinne Dá, Nó an bháb thug scrios mac Uisnigh d'ionnsaigh tar sáil, Nó an bháb chuir Conall cumais cúrsa chun fáin, Nó an stáid thug bruid sliocht finne i dtriúch Inis Fáil?" "Ní gátar tuille," ar sise, "scrúdadh dhon táin; Mo cháil ní frithir liot i gcunntas na bhfáidh Do mhnáibh do rith le hiomad drúise thar fál, Le grádh do chluiche an bhruit bhuig lúbchluthair d'fhagháil." Cionn Trágha, December 29th, '48. 'Uasail onóraigh, Atá súil agam go ndéanfair foidhne ormsa lén' fhaid nár fhéadas scríobhadh chughatsa insa mhéid nur éilighis me mar gheall ar "an Buachaill Caol Dubh." Agus do bhíossa ar mo dhícheall dá lorg dhuit, gur ráinig liom é dh'fhagháil ó bhean dall darbh ainm Máire Ní Ghairbhiaith, sé ranna dhe; agus an chuid eile ó uasal léigheanta Pádruig Ó Fuartháin insa Daingean Uí Chúise; agus dubhairt sé liom gur chuir Seán Ó Dála scríbhneóireacht chuige mar gheall air i mbeagán laethaibh ó shoin. Anois cuirfeadsa chughatsa le chéile iad, agus tá súil agam go mbeir buidheach díom; agus déin féin breitheamhantas do thabhairt ortha, mar is cuibhe dhuit go maith. Atáim ro-bhuidheach insa méid tabharthas do chuiris chughamsa led dearbhráthair, agus cuimhneamh orm an fhaid (seo) ó bhaile; agus tá súil agam, 'uasail léigheanta, go bhfaighidh an méid seo scríbhneóireacht tusa id shláinte go maith mar badh mhaith liom tú bheith anois. Atá t'athair níos fearr anois 'ná mar do bhí sé tá tamall ó shoin, buidheachas leis an Tighearna dhá thaobh anois; mar n'fuil ní ar bith do thabhraistí le fagháil ó Dhia is fearra 'ná an tsláinte mhaith. Ní bhfaghaimse taitneamh (a) gabháil chun Baile Móir nuair ná bíonn súil agam le tusa fhiscint ann, insa méid 'an taithniomh agus an grádh do bhí agam duit ó chuireas aithne ortsa. Agus anois, 'uasail onóraigh, atá súil agam, má tá uireasba ar an méid seo do scríbhinn ná tabharfair achmhusán orm dá thaobh anois. Atá súil agam do scríbhinn d'fhagháil uaitse chomh tapaidh is a bheidh uain agat ar a dhéanamh anois. Agus atá súil agm le breis nódhacht do chur chughatsa, an chéad scríbhinn eile a chuirfead id láthair. Anois, beannacht uaimse chughatsa, 'uasail onóraigh; Séamus Gudman, mar ní bréag é t'ainm. Pádraig de Lonndra, Cionn Trágha. AN BUACHAILL CAOL DUBH, mar leanas: Is fada fánach ar fiarán dam Ag súil let fhagháilse, a mhaighdean óg, Go bhfuil na táinte agus mise i ngrádh leat, A mhion-chraobh áluinn na bhfáinní óir. Bíodh gur náir dhuit mur' dtighir im láthair Aon oidhche amháin is me fhiscint beó; Is (a) chroidhe na páirte, mo mhíle slán leat, 'S ó ghlaeidh an bás me, agus tabhair dham póg. Maidean aoibhinn aerach 's me ag gabháil tríd an choill chraobhaigh Do casadh orm spéirbhean is í ag buint cnó; Do leigeas (orm) léise gurbh fhánuidhe saobh me Go ndéanfainn a bréagadh le cúpla póg. Do shuidh an chúilfhionn lem ais go múinte, 'S do chuir sí síos dam a smaointe cóir: "Is a bhruinngheal shúgach gur tu mo rún sa, Go dtéighead i gcumhdach síos fé'n bhfód." Do bhí bean uasal seal dá luadh liom 'S do chuir sí suas díom fóríor géar; Do ghabhas lé stuaghaire na mbaile gruamdha 'S do dhéin sí gual dubh de lár mo chléibh; Dá mbeadh a ceann súd ar thaobh an teampuill Do bheinn gan amhras ar m'ádhbhar féin; 'S anois táim caillte, níl gnó (bheith ag) cainnt air, Agus beidh mo mhuinntear ag gol im dhéidh. Agus insan oidhche nuair a bhuinim díom ann, Agus téighim 'an tuinn úd amach ar snámh, Agus leanaim díreach ar fhaid na slighe 'muigh, Agus as súd síos go dtí Muileann Geárr. Leanann dís me de bhuachaillí groidhe mear, Is dubhairt ná fillfeadh, is d'iarr leath 'om páirt; Agus dubhart ná géillfeadh don bhuachaill caol dubh Nó a' bhfúigfeadh céad míle fear 'n-a cháil. Nuair nach féidir ár gcol-na a réidhteach, Fúigfead Éire le chéile fút; Raghad go hÉigipt, nó seal don Ghréig úd, Mar shúil leis an saoghal is ná ficfinn thú; Nách truagh 'na dhéidh sin mo mháthair féinig, Beidh ag géarghol 's ag sileadh súl; Mo chumha mar thréig me ar fad mo ghaolta 'S gur ghuidheadar mése go dtéighinn san úir. Isé an buachaill caol dubh é, liosta, léigheanta, Fada, féithleach 'nar geanamhail snódh, do chlaoidh me féinig, do chuir dhen tsaoghal me, d'fhúig gan spréidh me gan caraid beó; Anonn dá dtéighinnse go cuan Bhinn Éadair Nó den léim sin go hInis Mór, Cia gheóbhainn taobh liom acht an buachaill caol dubh, Is chuir sé a léir-chrobh isteach im dhóid. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1899 |
1,896 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1849 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1940) | 500 | 304 | CAITILÍN TRIALL Ar ghabháil dam ar maidin chun barra na hAoine Cia casfaidhe sa tslighe orm acht scafaire an cheoil; 'Sé dubhairt sé liom: "Seasaimh; taoi marbh ón sírrith, Nó an misde leat innsint ca bhfuil do ghnó?" 'sé dubhartsa dá fhreagairt go mb'fhada liom suidhe leis, Ar mo shiubhalthaibh le sesachtmhain go mb'aindeis le innsint, Mo stuaire ciuin cailce go dtugas taitneamh óm chroidhe dhí, Is go rachad le baois mara bhfaighead dul 'na comhair. Sin comhairle bheirim duit, a fharaire an ghrinn, Mar is duine ded shlighe me thug seal ar do nós, Do shuaimhneas do ghlacadh insa bhaile ar feadh mí, Agus a cheapadh go sítheach bheith scartha go fóill. Ó d'imthigh an ainnir uait, fairsing mar bhís, Gan buaireamh do ghlacadh le taitneamh dá gnaoi, 'S a liacht stuaire ciuin cailce gan fear insa tír Chomh geanamhail gnaoi le Caitilín óg. Do shiubhluíos anois (beag) go himeall Chnocán Agus as súd le fánaidh go tigh Dhonnchadh Dí Cill Uar, Cill Mhuire, Cill Doire, Cill Áirne Cill Dara, Cill Átha agus Cuilinn Uí Chaoimh; Cois cuanta níor stadas go Daingean na gcliar, Agus tuairisc ní bhfuareas nó gur ghabhas aniar; Go b'é chuala ar an gCathair, mar a stadann an fhiann, Go rug sí an bárr ó Chaitilín Triall. Shiubhluíos cois Féile, cois Léin is cois Laoi, Cois Bearbha, Cois Brighde, 's níor stadas go Teamhair An Ruachtach, an Chlaodach, an Béirlig (?), an Aoine, An Gheadach, an tSnaidhm, an Bheithe 's an Leamhain; Go ndeaghas go Gleann cárthaigh na sáirfhear nár ghann, Gomadh fial fearamhail fáilteach bhíodh a mná róm 's a gclann; A samhailt ná a ndeállramh níor thárlaigh am chom, Agus ólfam a sláinte ó táineamair ann. (A) Chárthaigh do rugais barra leat feasta ósna haibhnibh, Cé gur fada mise ag foidhneamh gan t'ainm a rádh; Tagann árthaighe gan basgadh agus marcaigh fá mheidhir ort, Is a n-aicme 'na dheaghaidh sin ní heagal dóibh bádh. Bíonn an bradán 'na sruthaibh, breac geal insan linn (ann), Pollóga agus crónphuic is beannphuic i gcoillte, Bláth bán ar chrannaibh lá earraigh is geimhridh, 'S a samhail sa ríoghacht níl againn le fagháil. Slán leat a Chárthaigh, 's an ghasradh ghrádhmhar Ba mhinic im páirt 'dtigh an tábhairne ag triall; Agus slán chun gach scafad do leanadh san ár me, 'S do dhíoladh mo tháille gan mhairg gan chiach; slán agus dathad chun gach ainnir chiúin mhánla Gur truagh leó mo chnámha lag marbh i bpian; Is mó lá dubhach, táim dealbh, ar easba mo shláinte, Mo mhallacht don té sin do leanfadh mo riaghail. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1896 |
1,908 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1850 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1942) | 134 | 87 | Na Gamhna Geala "A thoice bhig gan chéill, ní féidir thu a mhúineadh le hasnaidhibh na molt méith agus le feoil na muc gcúmhra" na gamhna na gamhna na gamhna do b'fheárr liom rínnceadh 'sna gleanntaibh 's ag damhsadh air na bántaibh "A thoice bhig gan chéill ní féidir thu a mhúineadh agus gur le páirc bhreágh féir ghlais, éadan do chúirtse" 's iad na gamhna na gamhna na gamhna breágha geala, gabháil siar a's aniar go sugach cois an chalaith! 'Sé deir gach toice ag éiriughadh suas liom Gur léig an mhaith an bainne nuair chailleann sé an t-uachdar níor mhór gur bhfeárr liom an barra bhídheann lastshuas air ná'n trash a dtugthar tae air cé gur fada théidheann a thuaraisg. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1908 |
1,909 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | Mac Cárthaigh, Micheál | — | Torna | 1846 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1941) | 2,215 | 1,013 | AR BHÁS THOMÁIS DÁIBHIS Oidhche gheimhridh cois Fuinnsean 's me am aonar, ar bhruach na cairrge fuair gairm ón laoch mear bríoghmhar tapa 'nurbh ainm do Léathfuinn, 's nur fhás a chlú de chrú na dtréan-chon. Bhí a cham-chúrsa tabhartha ag Phoebus, is 'eachaibh ar sodar tré bhorb-mhuir Thétis; míolta, puic is bruic ag léimrigh, 's an sionach 's an seabhac ar sgabha chun éirligh. Bhí ródha seaca tré shneachta dá shéideadh le goimh is gailbh 'na gceathanna tréana, cruinn na coille gan duille gan craobhcha, 's an ghaoth dá gcnagadh is dá sracadh as a bpréamhcha. Bhí lóchrann Lúna ag múchadh 's ag blaomadh, agus seal faoi dhubh-bhrat ag muscladh 's ag maodhmadh; na réalta ag ringce os cionn mhaoilinn na sléibhte, 's an talamh ag luascadh le buaireamh spéartha. Bhí splangca teine le binib ag spréachadh, an fuacht am leathadh 's an fhearthainn am chaochadh, fuaim na mara ó gach caise agus caoltsruth, 's an abhainn 'na hinseacha im thimcheall sgéidhte. Do shíneas síos le sgíos faoi an léithlic go cortha cráidhte tnáithte tréith lag, le fonn is faitcheas, 's me lag-bhrígheach im ghéaga, gan súil chabhrthach thar ceannrach nó céachta. Do bhíos ag smaoineadh ar chlaoinbhearta an tsaogail, ar gach síorsmacht gach daoirse is gach baogal, is ar gach cíoradh fuair saoithe agus éigse, is lucht leanta laoithe i nInse na Féile. Is ró-gheárr go dtáinig Morpheus le "híle an tsuain," bhus luaghacht ó Ceres, is chimil fám' shúile í, chomh dlúth le séala, gur thuiteas am chodladh, dfhuig sochar mo sgéala. Níorbh fhada gur chuala an uallfairt éachtach, ná gártha caoidhe, 's an caoineadh créachtach; greadadh na mbas is feas gur léir dam, cois na habhann, dar leam, ag téarnamh. Dar liom do ghluaiseas faoi thuairim an ghéarghuil, go bhfionnainn fios fáth an áir 's an éirligh do rineadh ar chách, nó an báithte bhí aonne, nó an dóighte no tóigthe bhí Éire. Is geárr gur dhearcas an eala-bhean aerach i mbearna an leasa 'na seasamh go héigneach, ag taosgadh srothaibh a roscaibh 's ag blaodhraigh, 's ag bualadh a basa gan lagadh gan traochadh. A gnaoi, ná a creat, ná a dreach níor léir dam; bí húda an mhairbh ag folachadh a sgéimhe; a gúna greanta 's a leath ar na craobhcha; 's a ciabh chas achrannach staithte as a préamhcha. Gé bhíos ar a ball "im gheall gan éileamh," is, nach beag, dall gan mheamhair gan éirim, do dhrideas 'na haice, agus sleachtaim go séimh dhi, agus mar a leanas do labharus léithe: "Go mbeannuighidh Dia dhuit, a ghlaidhghein mhaordha, ní fuláir nó is bean tar lear tu tá céasta; cár ghabhais chughainn, a phlúr dhil na mbéithe? An aon den dream sídhe thu, nó bannríoghain na ndéithe? An tu bean an fheill do mheall an Trae thoir, nó an bhean fhallsa bhí i ngeall ag Caesar, nó an bhean cheannsa dob' ionraic béasa, nó máthair Chúpid nó an fiú lé me chéasadh? Nó an bhean do bhí ag ríoghmhac Féinius, nó an bhean ghrinn do shín le hAonghus, nó an cháidh-bhruinngheal bhán mhiochair Céarnait, nó céile Naoise d'fhúig laoichra faoi dhaorbhruid? Nó Clíodhna na líog leathan léithe, nó Aoife a chuir draoidheacht ar a gaolta, nó an uas-bhruinngheal uasal ón nGaorthadh, nó an gruagach ó thuaith-sciortaibh Bhéarra? Nó an bhean bhreágh d'fhúig ár na Féinne, nó bean tighe Chaoimh, nó sídhbhean Chnoc Gréine, nó bean Chnoc Áine nó "Máire na méire," nó Maol Donn na lannsaí géara? Nó Úna úrghreanach néata, nó Bláthnaid, nó Gráinne, nó Nébet, nó an bhean do dheadhail ón Laighneach laochradh d'fhuig turus na nGaill gan mhoill go hÉire? Nó Mór Chluana do bhuair na céadtha, nó an bhrighdeach aníos ó Mhuigh nÉalta, nó an chúilfhionn ó chionntur Ráth Caola, nó bán-bhruinngheal bhádhmhar Mhistéala? Nó bean na mbeann ó Ghleann Uí Laoghaire, nó an bhean úd thall do rin feall ar Shéafhra, nó an fíor gur tu Síle, bean Phléimionn, nó buime nó banaltra an leasa so Léathfuinn? An tu bean an áir, adubhairt fáidhe is naomhaibh, do thiocfadh go clár Luirc, tráth, d'ár n-éileamh, nó an ghorta so ráidhte, tá ag trácht chun na hÉireann, do sgriosfaidh na táinte le pláigh is foiréigean?" Do fhreagair an fhaoileann aoil-chrothach aerdha: "Ní bean den dream so thall do léighis me, acht bean den dáimh tá cráidhte céasta, de chloinn Uí Dhála ó lár na nDéise." "Feasaim arís díot, a shíodhbhruinngheal, sgéala; ar goineadh le feall do chlann ná do chéile? nó, ar milleadh le hár aon tráth ded shaoghal tu? innis cúis do cháis is fáth do ghéarghuil." Do labhair arís an ghaois-bhruinngheal mhaordha liom go tagarthach feargach fraochta: "A dhuine! a dhuine! cá'r hoileadh tu ar aonchur, nach fiosach duit cás is fáth mo ghéarghuil? Ní tart ná gorta do ghoirtigh mo ghné-se, ná anamus cogaidh do bhrostuigh me ad chlé-se, ná ruathar námhad, ná pláigh, ná léirsgrios, acht orchra an bháis ar Thomás geal Davis." "A bhruinngheal mhúinte, dúinne innis sgéala: arbh' fhlaith nó tiagharna nó iarfhlaith an té seo, rí nó preannsa, galldha nó gaedhlach, nó, cá raibh comhnuidhe ar an óglaoch éachtach?" "Is olc dob fhiú dhamhsa sgiúrdadh faoid' dhéin-se ó Bhleáth Cliath aníos, go snoighfá dham bhéarsa ar bhás an "Celt" do-ghní geilt den Éigse, is gan dá "bhuadh" agat le luadh acht an méid sin. Mura bhfuil do lámhsa níos feárr 'ná do bhréithre, tá do cháil níos seacht bhfeárr 'ná do thréithe; dubhairt Seaghán Ó Dála gurbh árd-ollamh léighinn tu; 's is baoghalach liom go ndubhairt sé bréag liom." "A bhruinngheal bhán, ná cáin-se dréachtuidhe ná faghann 'na láimh acht lámh an chéachta, nó speal nó corán nó camán sgléipe, d'fhúig allus lem ghruadh agus cuan im mhéaraibh." "d'réir dlighthe dáimhe, is náireach an sgéal duit a bheith ag cách go bráth le léigheadh ort, d'éis teacht anois ón Life at éileamh, ná déanfá laoidh do sgríobh ar bhás Davis. Ceap imbáireach, dom ghrádhsa, ní éigin, is bheirimse m'fhocal go follus don tsaoghal duit, má tá aon ní againn leastíos duit le déanamh, ar do ghalar gur gairid duit faosamh." "Fiafraighim díotsa arís an méid seo: nach den teampoll gallda an té seo? nó, an bhfuil aon deimhin gur dheadhail ó n-a dtréadtha? nó, an bhfuair sé ola na n-ollamhan naomhtha? "Is dorcha í t'fhiafraighe 's is síorruidhe éachtach; níl fios cia slighe don dlighe 'na sléachtadh; cé gur don teampall ghallda a théigheadh sé, le scuaine an scúille úd Luther ní réidheadh sé. Níl againn le rádh acht amháin an méid seo: má's beannuighthe iomshlán lucht síothchána 'dhéanamh, 's do roinneas an bhoicht le hucht truaighmhéileach, go hionad na bpian ná triallfaidh Davis. Ní raibh a bhárr le fagháil ar aonchor; duine uathbhásach, d'fhás in' aonar; suidh síos láimh liom le sásamh go léighfead a cháil 's a chlú, má's fiú leat liom éisteacht. Árd-liaigh foghanta ar Fódla chréimeach; ágh na mílte, is míle caithréimeach; Alastrom óg, i ngleó ná staonfadh; is oifigeach cóir a "phost" ná séanfadh. Bile bláthmhar áluinn gan aonlocht; borg-ghas bríoghmhar gaoismhar gan éaluing; brainnse is bog-bhuinne crobhaingeach craobhach, do gearradh ro-luath le tuagh an Fhalaera. Caithmhíle comhachtach chun comhraic ba ghéire; ceann na comhairle, dfhuig fóirthin ar Éire; curadh cródha agus leógan adhlaochta, nár chuaidh aon tráth ar sgáth a sgéithe. Duine dhon dáimh, do-ghní dán le héifeacht; dalta na Muses, do mhúineas an éigseacht; draoi gan cháim, nach náir dá ghaolta, nár sheinn riamh tán acht i gcás na hÉireann. Éide na hóige leóinte díghcéille; ciall roimh aois, is tigheas na féile; eochair, nárbh fhuiris a fuirm do dhéanamh, chun doirse an chirt d'oscailt is d'éileamh. File fíreólach fórsamhail féitheach; file-mhac fáthach, fáidh glic éachtach; file do folcadh i dtobar na dréachta, 's do hoileadh i n-achtaibh Pharnassus lem thaobhsa. Gas don ghallfhuil sheannda, mar léightear; gein ba ghnaoi le cloinn dhil Éibhir; gean gach nduine do chine Mhilésius, an glé-ghas grádhmhar Tomás geal Davis. Lannaire lán-mhear dána chun éirligh; laogh na múise múinte móir-mhéinneach; lonnradh láidir lámhar mar réilteann, ba lasmhar greadhnach ag soillseadh na hÉireann. Mál nárbh eagal go scaipfeadh a thréada air; maor nár phráidhinn dá mháighistir glaodhach air; marcach ba mhinic ar mhullach Phaegésus ag fiadhach na n-amhus, do-ghní foghail ar cheart Shéamuis. Nuachar óg do pósadh le hÉire, is thug móid na hóghachta dá chéile, gur gheall gach sógh agus sórd di dá mb' fhéidir lena leas-mháthair d'fhagháil ar aonchur. Ollamh omósach eolgach éachtach, uigeamhail cáileamhail dántamhail dréachtach; "Ollamh re Dán," ba sháirbhinne bréithre, dár gairmeadh "Homer óg na hÉireann". Pola gan cham, seannta, ná éalaing; posta gan bheann ar bhollta ná ar ghéibhinn; prapa nár chrom i dteannta na nGaedhlaibh. 's ná critheadh aon am roimh amhastrach béaraibh. Riaruidhe cobharthach bronntach déarcach; rúnuidhe gan mheang, do bhí ceannsa deighmhéinneach; rannuidhe caoinráidhteach páirteach leath-sgéalach, do chogur na nGall aon am ná géilleadh. "Saoi na suadh," a rug buadh na dréachta; saoi gan locht, is bocht liom traochta; saoi do-gheóbhadh saoirse do Ghaedhlaibh, saoirse a bheidh choidhche dá héileamh. Taoiseach ba ghaoismhaire éirim; taca dhon tír, is díth do chlann Fhéidhlim; togha na bhfear do chleacht an daonnacht, ó bhliadhanta a naoidheantacht gur síneadh traochta é. Ughdar deagh-mhúinte deigh-bhéasach; ughdar uasal uachtrach éachtach; ughdar neamhfhallsa, do mheabhruigh gach béarla, Laidion chrannda, Eabhra, agus Gaedhilg. Mo mhíle gleó, mo bhrón, mo mhéala! mo lomadh Luain, monuar mar sgéala! mo chumha, mo chreach! gan rath me in' éaghmuis, mo bhuachaill bádhmhar Tomás geal Davis. Mo lá leóin! mar lón ag daolaibh taca na dtreón is treóir na nGaedhlaibh; mo chúl le hádh, go bráth mé in éaghmais mo ghile grádhmar, Tomás geal Davis. Mo chreach gan tógaint, i gcomhrainn go tréith thú! mo chreach gan leigheas, ag leaghadh faoi chré thú! a chreach na saoithe, na saoirse is gach séan-nós, is creach na dtáinte nár tháinigh 'on tsaoghal fós. Creach na mbocht, is docht le hÉire; creach na gceall tar ceann na cléire; mar, b'fhusa seacht bpápa d'fhagháil faoi shaormheas 'ná duine dhod cháilse, a Thomás geal Davis. Céad léan ort, a Bháis, nár sholáthruigh duine éigin i measg na sprot so tá ag lot na hÉireann, nó, i measg na ndanar so ag drannadh chun éirligh, i n-ionad an uasail gan uabhar gan éalaing. Ní hiongnadh mise im bhean ghliogair gan éifeacht, gan sult gan ghreann, gan mheabhair gan éirim; do bhris mo chroidhe, táim claoidhte créimeach; Féach! feic mo ghnaoi! nách fuighlach créacht me?" Do bhíodhgas suas óm shuan dá héileamh; do shrac sí húda an chumha dá héadan; do leath mo radharc 'na haghaidh nuair d'fhéachas; 's do sgeinn sí ar siubhal mar cholúr tré néallaibh. Is maith is cuimhin liom a fíoghar is a féachain: do bhí a súile súighte 'na héadan; do bhí sí críona cnaoidhte créachtach, 'na crainncín creimithe meirgeach méisgreach. Do shuidheas seal arís ar an léithleac, 's do chaoineas go fíochmhar Tomás Davis, cois na Cairrge fuair gairm ó léathfuinn, oidhche gheimhridh cois Fuinnsean 's me am aonar. Guidhidh-se uile lem ghuidhe, agus goirimse Rí na nGrás, go saoraidh mise ar mo naimhid, ler sgríobhadh an laoidh seo im rás. B'fhearra dhuit cácaí a fáisgfidhe i mbeóir is dá n-abrainn árthaighe lán d'fhíon leó banaltra lán-chidheach bhán mhín óg | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1909 |
1,905 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | Mac Cárthaigh, Micheál | — | Torna | 1846 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1942) | 821 | 445 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh A Naomh-Mhuire, a Mháthair, ár ndóchus, ár ngreann, ar an mbuachaill bocht Gaedhlach anuas féach le fonn, tá ag gluaiseacht chun fáin óna theaghlach beag féin; a Naomh-Mhuire, a Mháthair, dein díon do is gach céim; Bí im fhochair, a Mháire, ná tréig mise, a Mháire, acht stiúruigh is díon me is gach bealach is céim. Ar siubhal dam ó theaghlach mo sheinsear, am breódh, faoi ama aige búiribh na ndubhsgart gach ló, am chreimeadh is am cháineadh is am ghearradh gach am, ag sgige 's ag gáire is ag síor-shiosma leam; Acht, a Naomh-Mhuire, a Mháthair, a mhín-mhilis-Mháire, ní féidir leo aon-ní neamhcheart do rádh leam. Ó árus mo mháthar bhocht sginnim chun siubhail, mo chroidhe istigh go brónach, is deóracha im shúil; is ait liom ná tóigeann duine éigin an liugha: "Gluais, ruagfam sliocht daoirse!" acht a Mhuire, guidhim tú, Óm' chroidhe istigh, a Mháthair, a Naomh-Mhuire, a Mháthair, chun síoth is siothcháin don oileán so, guidhim tú. Lch. 2 I dtír na seachráine seo is tairbheach chun bídh tá níos mó 'ná mo shásamh-sa in' fhásach, 'na luighe, gan blaiseadh agam d'aonní inar chuireas mo dhúil, gan do leaba acht úrluachair, is giobail mar chlúd. A Naomh-Mhuire, a Mháthair, a mhín-mhilis-Mháire, cia choisgeann mo lámh ar an "murder" acht tú. Acht i ndeireadh na sgríbe, gheobham saoirse gan bhaoghal, is glanfam ceó an chruadhtain as uaine na nGaedheal; O, sirim, a Mháire, do bheannacht mar dhíon; déin foirtill gleac-láidir mear meanmnach sinn; A Naomh-Mhuire, a Mháthair, a mhín-mhilis-Mháire, Las solus na saoirse, is déin meanmnach sinn. Let me have your opinion of this translation: Lch. 3 "The Last Glimpse of Erin." Translated from "Moore's Melodies." An teimheal déidheannach d'Éire le géar-chumha 'seadh chím an chríoch inarb ann duit is Éire liom í 'sé do bhrollach mo bhaile agus mé i n-imigéin is do shúile mo thrudhchas ar fán dúinn araon. Go dtí fiadhantas éigin eamhuir, nó fuarcharraig trágha, nách léir do shúil Saxon sinn d'fhoillsiughadh go bráth, seadh sgiúrdfad lem chúilfhionn, is cé borb í an ghaoth, 's is fíor nach chun díoghaltais mar an naímhid seo 'nár n-éis. Ar t'fholt fionn nuair fhéachaim ag filleadh faoi sgéimh 's ar do chláirsigh seal staonaim 's a fian-ghuth ag éigheamh is go sracfadh an Saxonach fuarchroidheach, ní baoghal, ót fholtaibh aon dual ná ód chláirsigh aon téad. Críoch Would you approve of this as a "motto" for your little book? A Ghaedhilg mhilis-bhréathrach, geadh fada do shuan gheobhair faosamh, tá éigsibh ag canadh na nduan; 'sgach aonbhrog dfhan spréidh bheag den "teine" sa luaith do bhlaomfaidh tré Éire as an leabhar so luadhaim. AODH BUIDHE Gráin mhairbh ort, a Bhanba na mbuidhe ndlaoi ndual, tug grádh t'anama do dhanaraibh na mí-ghníomh mbuan, 's an táin mheardha, 'nur chleachtaisse bheith id luighe faoi shuan, lán d'atuirse tre sgaramhain led thíorthaíbh cuaird. SEAGHÁN CUNDÚN An chuaird gheárr so, fuair sármhacaibh Ír is Airt, do-bheir uaill-ghártha age mná fionna Gaedheal anocht; a Uain ársaidh, do thárthuigh na céadtha ón olc, tabhair bárr tuinne tráighte don mhéirdrigh bhoicht. AODH BUIDHE Is bocht an sgéal so ag tréanmhacaibh Ír is Airt, is ag Flaith na nGaedheal, do aomh bheith sínte seal led chorp geal féin, a mhéirdreach bhuidhe na gcleas, 's gan acht Dutch is Danes dá éis sin ag luighe id nead. SEÁGHÁN CUNDÚN Nead seasgair sámh do fuair sleachtaibh Tháil, Éire a luadhaim, an bhean is measa cáil faoi leathan-chlár na gréine anuas; Fódla, fearann Fáil, do bhí ana-pháirteach léi gan ghruaim, Gur chuir an ghangaid ghnáth chun seachráin í (féin) monuar! AODH BUIDHE Monuar ná tagann an ghasradh ghnímhéachtach go cuanta Sacson is as sin go críoch Éibhir, is dual go mbainfinn den mhaicne mhíbhéasach luach mo chapaill le bagarthaibh Bruighean Chaorthainn. SEAGHAN CUNDÚN Caorthann crom, trom, agus fiadhtghail fáis d'fhás dod dhrom, 'ollbhean is liathbhuidhe más, a Bháinseach bhodhar lom-chreathach chiarbhuidhe tháir, i n-áit na nOll dtrom-thorthach d'fhiar faoi bhláth. Críoch. As fada an dónus a fúirse le hÉire 's ce minic da leaga í, nír chreachag go léir í nír buaileadh buile na tubaiste an éinfheacht ambuaic a bathios gur chailleag a caomhsearc. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1905 |
1,898 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | Ó Dálaigh, Seán | — | Torna | 1840 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1940) | 109 | 78 | DO CHUM SEAGHÁN Ó DÁLA Le cleasaibh an tsaoighil chlaoinbheartaigh chlé gan cheart, Am chaitheamh do shíor ag sraoile le céacht is cairt, Gan rachmus, gan puinn saoirse, gan séad, gan slacht, is adhbhar do mhoill a ní mise ag sgéidhe mo lacht. A chogair, a chumainn, 's a chuisle nách faon sa duain, 'S do hoileadh gan time le buime na n-éigseadh mbuan, Corruigh im choine gan mhoille agus réidhigh mo ghruaim, I dtobar na mbruingheal má fuineadh mo dhréacht i n-uaim. Micheál Mc Cárrtha, Doire na nUbhall, Aois Críost, 1840. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1898 |
1,888 | Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh | Ó Dálaigh, Seán | — | Torna | 1852 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1939) | 499 | 300 | Sliabh na mBan Is saoth liom féineach bualadh an lae úd Do dhul ar Ghaedhil bhocht 's na céadta chreach, Mar go bhfuil na méirligh ag déanadh game dhínn Dá rádh nach aenní leo pike ná sleagh. Níor tháinig an Major i dtúis an lae chughainn Is ní rabhamair féineach i gcóir ná i gceart Acht mar do sheolfaidhe aodhaireacht bó gan aodhaire Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Mo léan léir ar an dream gan éifeacht Nár fhan le héirim agus oidhche stad, Go mbeadh dúithchí Dhéiseach agus iarthar Éireann Ag triall le chéile ón tír andeas. Do bheadh ar gcampaí déanta le fórsaí tréana Do bheadh congnadh Dé againn 's an tsaoighil ar fad is ní dhíolfadh méirleach de mhuinntir Néill sinn Acht buadhfaidhe an sway linn ar Shliabh na mBan. 'Sé Ros do bhreoidh is do chlaoidh go deó sinn, Mar ar fúigeadh mórchuid dínn sínte lag Is na leanbhaí óga 'na smól ann dóighte 'S an méid dfhan beó dhíobh cois claidhe nó scairt. Geallaim fós díbh an té dhin na feólmhaigh Go mbeamna i gcóir dó le pike 's le sleagh Is go gcuirfeam Yeomen ag mún 'na mbróga Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan. Is iomdhó fear aosta agus crobhaire gléigeal Ó'n am go chéile do gabhadh le seal 'Na bhfuil córdaí caola ag buain lúch a ngéag díobh I ndoinnsiuin dhaora go doimhin faoi ghlas; Gárdaí taobh leo ná leómhthadh sméid ortha 'S do dhéanfadh plea dhóibh i dtír tar lear Dá dtabhairt saor óna namhaid gan bhuidheachas I n-am an tsaothair ar Shliabh na mBan. Tá an Frangcach faobhrach 's a loingeas gléasta Le crannaibh géara aca ar muir le seal Isé a síorscéal go bhfuil a dtriall go hÉirinn Is go gcuirfid Gaedhil bhoicht arís 'na gceart Dámadh dhóigh liom féin go mb' fhíor an scéal san Bheadh mo chroidhe chomh héadtrom le lon ar sceach, Go mbeadh claoidhe ar mhéirligh 's an adharc dá séideadh Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Tá na cóbaigh a d'iarraidh eólais Tá an aimsir óg 's an chabhair le teacht; An té mhill na gnótha isé leighisfeas fós iad 'S ní dhíolfam feóirling leo cíos ná sraith. Píosa coróineach, an chuid is mó dhe, Luach éiric bhó nó teaghlaigh deas; Beidh ringce ar bóithre, is soillse 'á ndóghadh againn; Beidh meadhair is mórtas ar Shliabh na mBan. A chailín donn deas na ngealchíghe bána, Ní fear eastáit mé, nó talmhan saoir; Chun treat damh i leann, in trust nó ar cáirde, Níl aon bhean tabhairne dá bhfuil san tír; Trom mé ag fuirseadh, níl agam céachta, Ní chuirfinn gráinne 'en tsíol i gcré; Ní rug mé ar shúiste in mo láimh lem shaoghalsa, 'S dá ndéanfainn páistín cia bheathóchadh é? | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1888 |
1,897 | Congantóirí Sheán Uí Dhálaigh | — | — | Torna | 1726 | 18 | prose | (B.Á.C.: NUI, 1940) | 1,122 | 628 | "Aig seo uinead adhlaca an Athar Eoghain Uí Chaoimh, dfhuig treimhse da aimsir pósta, et déis bás a mhná do ghlac grá coisirice. Oir bo dhuine gaosmhur geanmnaidhe, agus file fioreolach foghlamtha a tteanga a shean agus a sheinsir é. Gur ab amhla so do cuireadh an sgriobhainn neamh-choitchean so os a cheann. Agus as doilbh do Óigibh na Mumhan é, agus fós da Cléir. Óir as iomdha leabhar leir-sgríobhtha agus litir agus laoi da shaothur le'n fheicsin an Éirinn aniugh." AN FEARTLAOI Sin agad, a líog, mo dhíth fád thaobh go lag Sagart bo chaoin a ndlighe Mhic Dé sbo bheacht Faruire groidhe d'fhuil Chaoimh bo thréine a ttreas Fear seanachuis fíor do sgríobh ar Ghaodhalaibh seal. A Uí Chaoimh mo thrí mhíle slán lead, A shíoguidhe do ríghchraoibh na Spáinne, A leógain do mhórshliocht na n-ársadh, Agus na fuirinne nárbh urramach dá námhaid. "Gráin mhairbh ort, a Bhanaba na mbuidhe ndlaoi nduail." A SHEAGHÁIN UÍ DHÁLA Sé gnó an tSamhura faoi dheara dham fad ó náir sgríobhus chughad, 'fharuire dhil bharramhuil, mo ghlórtha baois; Mo bhrón deacurach, a chara, agus a ghrein mo chroidhe, mar d'fhág "bleachtuire na caschille" mo cheir gan chrích. Glaodhann m'athair chugham go feargach, 's an spéir go trom, Agus é bagarthach a tteanga bhrisde an bhéarla leam; Deir sé: "Hurry on and gather up your papers now, The day is promising, come tackle and prepare your plough." Mo chreach is mo mhéala an Ghaedhilg chaoin ar feódh, Is glafuirneach Béarla faoi réim nár chuibhdhe dar ndóigh; Go bhfeiceadsa an tséan-ghuth ghaosmhar bhinn gan smól Is gach file is mac léighinn dá réir ag ríomh a sgeól. Micheál Mhc Carrtha. "MAMMA, AM I A REPEALER." From "The Spirit of the Nation" Ag seinnim duit dánta chun suain, a mhic, S ag luadh briartha ceana in do chluasa, a mhic, Do shaogal gan mheall Gur cuireadh i ngeall 'S i ngleódh riamh let athair dob annsa, a mhic. Ní shéanfaidh do mháthair go bráth tu, a mhic, Mar sholus a dearca seadh grádhann tu, a mhic, Má mhóidis i gcúisibh Reachtaibh do dhúithche An misneach do fuairis ó'n Ard-rígh, a mhic, Bheith flaitheamhail fearamhail árd, a mhic, Sé a paidir 's a machtnamh gach tráth, a mhic, Go bhfuaraidh an croidhe seo Sala bhfeiceadh sí (choidhche) I gcleasaibh na Sacson tu i bpáirt, a mhic. Ag seinnim duit ranna na saoirse, a mhic, Do thug sí dhuit póga 'na mílte, a mhic, Bíodh séala gach póige Id leaca mar mhóid Chun catha i n-aghaidh curtha na daoirse, a mhic. Och! Péarla na mara má bhíonn, a mhic, Ag Gaedhlaibh mar bhaile 'na saoirse, a mhic, 'Na brollach gan ghruaim Nach séanmhar a suan Is SAOIRSE agus tusa chun dín di, a mhic. "THE DEAR IRISH BOY" Tá gruadha mo Chonchubhair dhil dathamhail mar an mhaidin, 'S an péarla dá áille go sáruigheann a dhéid; A bhraoithe (is) mín mánta 's a úrla órnáilthe, Sé a chúl cas, líon Chúpid, fár bhrúcht bláth na gcraobh. an cur fé: Gealgháireach meangráidhteach, le gáirdeachas grádhmhar, Ag síorthabhairt ár gcúrsa thar ciumhsaibh an tsléibhe; Ag déanamh aoibhnis dá chéile go síoch sultmhar aerach, 'S me ag éisteacht le bréithre mo ghaedheal-bhuachaill féin. Ní luaithe an fiadh ruadh 'ná é ar cuaird tar na maolchnuic, 'S ní dána fear léanuighthe ag géarghoin san ár; Mear meanmnach méinneamhail, chomh geal leis an gcaoltsruth Searc dlúithte 'na shúle, seo ar siubhal é le Márs. Cur fé. Is dubhach dubh gach nóta i gceól binn na huiseóige, Tá an ceann cuit go gnóthach ag dóbairt mo shuain; 'S me ag taisdeal im eónar ar sgáth na hiarnóna, 'S go bhfillidh mo ghrádh geal bead gnáthach faoi ghruaim. Cur fé. Táid na tíortha síothchánta, 'sníl a thigheacht chugham, mo láinchreach, 'S is baoghal liom go ndéarnadh plot spleadhchais 'na thí, Nó, tá sé le sárbhruigheal éigin rannpháirteach Is d'fhág mise cráidhte cúmhach cásmhar 'na dhíth. Cur fé. DO CHUM SAOI NA SUADH, eadhon SEAGHÁN Ó DÁLA, etc. A shéimhfhir chneasta 's a chara na bhfíor éigse, Géadh ní dá thagairt le bladar gur díobh mé-se, Acht d'éis dam sleachtmhain chun acmhuing bhur gcuinn léigheanta, Óch, aontuigh aire do thabhairt don bhaois-raon so. Dámadh cuibhe libh mise ag cnuas dréachta Nó ag cur toimhse le laoithibh nó a leabhar-aoghaireacht, Nó chun leabhraibh seanda do nua-dhéanamh, Is eól dam grafadh le maise gan muair-éileamh. Do gheóbhair mar thaca lem acmhuing-se fíor-chléireach, Aoghaire is eagailseach cneasta dom shloinn féineach, Tá le fada sa mbaile seo Mhistéala Faoi cháil na n-aspol ag teagasc na suí-scéala. AN CEANGAL A fharaire shéimh do phréamhfhuil Mhíle mhóir, 'S a dhalta na béithe maordha, gaoismhur cóir, An charthannacht déin, mar a léighis san scríbhinn romhat, Is beidh beannacht Mhic Dé agat féin mar dhíol go deo. Críoch. Micheal Mhc. Cártha cecinit. Do chum an ollamhan uigeamhail omósach iodhan, Seaghán sochma soineanta, saoitheamhail, soilbh, saor-uasal Ó Dála, Aon do chosa cosantacha na n-éigse; rúnuidhe, agus cúil sith-chabharthach "choimhthionóil seanchusa agus foghlama Éireann," I mBaile Átha Cliath. Tá an baoth-lacht so toirbheartha lena sheirbhíseach buidheach beannachtach biothbhuan go bás, iodhan MICHEÁL MHC. CARRTHA, i ndoire na n-ubhall idir bhaile mhistéala agus bhaile moriscsal; air maidin go much Dia Domhna, an XXIV lá dho Bheiltine, Aois ár Slánaghthóra M.DCCC.XL.VI. Dhon tsaorshliocht mhuirearach mise, nár león na hÚird, Gé'r mhór a ngustal a gcumas 's a gcomhacht i gcúirt, d'fhás i nDoire, 'nur mhinic ar ghéag an t-Ubhall, Láimh le hionad geal suidhte Mhistéil dhil chlúmhail. Mo dhochar mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuath, S i gcogadh ba mhinic ag tuilleamh 's ag éileamh buadh, Ag cosaint go cumasach dlighthe na naomh gach uair 'S ag coscairt 's ag ciorrabhadh fuireann an Bhéarla mhuair. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1897 |
3,890 | Contemporary Account in Irish of a Tithe Affray | de Barra, Dáibhí | — | Ó Cuív, Brian | 1833 | 19 | prose | (B.Á.C.: A.R.É., 1960) | 4,959 | 1,793 | Cath na Deachmhún air Thráig Rosa Móire an ttara lá dho Mhithiomh a mbliaghain 1833 air mbeith dho mhinistirdh Gallda a bhfaltannas Éirionn le tuille agus trí chéad bliadhan ó chuir an bhanríoghan Eilís mórtháin díobh ann go giobalach beó bocht gan snógh bídh ná éadaig ortha, go madh samhalta leis an bpláig lócuistídhe tharraing Maóise air Pharó san Éigipt iad ag creimirt agus ag ithe toradh na talmhan uile go fórleathan go ná bíoch baisde, dínnéar sagairt, ná lagchósir ag fearaibh Éireann ná go mbíoch duine nó dís mhinistirdhe gona mbíoblaíghe Gallda ag síolúgh agus ag múine an chreidimh Liúteránach dóibh, go náchar fhuathmhaire le fearaibh Éireann domblas aédh seannachránach do shloga 'na mbrághaid ná aon fhritiol dá tteagasg do ghlaca asteach 'na ccroidhe ná 'na n-íntinn, go madh fhéigion do Eilísín sluagh líonmhar 314 armtha do chur ó Shagsaibh 'na ndáil gur chuireadar na Gaodhalaibh fá chois tré ghoin gai agus cloidhmh, gur thógadar an deachmhúgh as láimh na sagart agus na hEaguilse Catolice dá bronadh agus dá tabhairt mar chuid maireamhna don cheithrin chráosghoileach bhuídhechlíabhach cheirtbhriste dhrochéadaig sin. 2. Agus níor chómhionnann an aoíde do ghnídís féin agus an Eagluis Chatolice di, óir ó aimsir Naomh Pádruig is amhlaidh bhíoch an deachmhúgh 'na roinnt thríanta .i. an chéad thrian ag coiméad príobhsgola suas go bhfachadís bochtaibh agus aosóg Éirionn foghluim agus léaghann a ttaisce ann; an dara trían ag coiméad bíatach suas ann gach triúcha céad agus baile fearuinn go bhfachaidís daóine dealbha agus deóruighthe agus lucht ocrais a sáth ann gacha laói gan fiosrúgh ná fiafraíghe air cheist air bith do chur orra; agus an treas trían le haigh na hEaguilse do choiméad suas ionnas nách beithdís mar thromm air an bpobal. 3. Acht cheana, air ngabháil sealbha na deachmhún don dramm neamhchráibhach sin a ccunntas Dé le toradh cloidhmh agus dorta fola, badh bheag í mar fháltas a ccúmpráid don amm so ina bhfuilimíd. Óir ní rabhdar na daóine cómh líonmhar ann gach baile, tír, ná tuaith a bhfearantas Innis Ealga an tráth sin is táid annois, go ná bíoch aca acht árnéis cheithir ionnach agus bpé beagán arbhair do shaothruíghdís le haigh a ccothuighthe, óir níor thromán dóibh a ccíos ná a rátuídhe le heasbaidh lucht saothrughthe an talmhan go bhfachadís fearann air neimhnídh. Acht fá mar badh mhaith an fáltas do 315 chéis bhocht fuighioll muice eile, badh mhaith an fáltas dona ministirdhe bochta giobalacha gach graisiomal do shlátharuíghdís air measc bhfear nÉireann mar aon leis an ndeachmhúin. Óir do thógbhaidís deachmhadh air fhéur agus air arbhar agus air chabáisde agus air lus agus air bhainibh agus air uain agus laóig agus air lomaruíghe bearrtha, agus muna mbeach an deichmhadh ann do thógadís an seachtmhadh. 4. Agus ní rabhadar podátaoi a nÉirinn an tan sin go ttugadh a síol ón Sbáinn Nua dá chéad agus ocht mbliadhna air seasguid roimh an mbliadhain so 'na bhfuilim ag sgríobh .i. a mbliadhuin 1565. Agus air a ccur dona daóine air ttúis do mheasag leó gurab íad ná húbhallaibh bhíoch air na gasaibh badh chuid toradh agus maireamhna iónnta, agus air mblaise na n-úbhall dóibh níor thaithin síad leó, go nár bhfiú leis na ministirdhe fáltas d'íarra ortha. Acht air mbreithniúghadh dona saóthruighthe gurab annsa rúta bhí an fáltas, do chuiridís iad a bpuaithisibh agus a bpollaibh fá thalamh a lúbaibh cluthara do-fhághala a ndógh nách fachadís na ministirdhe fuisnéis ná mionthuairisg orra, go rabhadur amhlaidh sin suím bliadhanta. Acht do bhí gliocus sionnaig agus súile lynx - beathadhach atá a nAfrica do sháruig gach nídh 'na bheatha air ghéarradhairceacht - ag na ministirdhe gur tochlag leó iad, go nách fíadach fearaibh Éireann cuid aonuaire d'fholach ortha dhíobh as sin amach. 5. Air mbeith dhóibh ag rith agus ag mionchuardach eatorrtha tréimhse fhada do rinneadur comharle eatorra féin fear tánaiste nó prócadóir do bheith ag gach ministir amhuil bhíos whipper-in ag gach fíadhguídhe chum sgiúrsála agus cuardaig air gach fánóir mall ná smísdeórtha do bheach lag 'na dhíol fiach gur 316 thoghaibh gach prócadóir díobh sin fear tánaiste fána bhun féin mar aon le báille drochbheartach míchreideamhnach ag tabhairt leabharaibh a ccúirte camadhlighthe gur fíor gach drochbheart is méinn leis an bprócadóir do chur a ngníomh, go bhfuilid amhla sin ó shoin a leith ag creacha bhfear nÉirionn to ttáinig an leómhan lonardha lánaigiontach do sheanntreibh chlanna Míleadh Easbáinne .i. Dómhnall Ó Conaill, agus go ndeachuig a Ríghdháil na Sagsan d'aimhdheóin Gall, agus do rin cuimiosgúgh mór eatorrtha ag déanamh cirt dá dhútha agus dá chaomhdhúchas féin .i. d'Eirinn uile go fórleathan, gur órdaig dáil agus tímpsiúgh agus cómhthionnóil iomdha an gach poróiste ann cheithre hollchúige Éirionn ag déanamh comharle a naigh na deachmhún agus ag cur petitions do láthair páirlimint dá saóra ón mbruid éagcórach lánuathmhar sin, ionnas gur chuireadar uile druím re na díol as sin amach, go mbíodh bóthomáint agus creacha ag na ministirdhe ortha dá haithle, acht ná tabharadís na Catolicidhthe feórlinn air aon nídh do thógthaoi a ngeall re deachmhúin go ccaithidís a leigean uatha dá dhruím sin. Acht cheana, badh mhór duadh Chonaill gach lá agus oídhche san bpárliment, óir badh easboig Ghallda agus ministirdhe, agus clann dearbhráthar nó deirbhshéathrach nó comhdhalta fimín éigin dona ministirdhe badh líonmhaire ann, ionnas go rinneadar féin agus an 317 tÍarla Ríabhach agus a lorgairdhe an Rígh do thímpchiollúgh amhuil dhéanfach braóilleán gas fíadhle, go ndeárrnadar tuargna catha nó árdgeneral prócadóirdhe dhe, gur chuir le na ccomharle dá fhithchid míle saighdiúir armtha go hÉirinn a tteanta an líon bhí ann díobh roimhe sin air seilbh síochána agus do thabhairt nirt a láimhe le ministirdhe ag creacha agus ag slada na nÉirionnach gan truadh gan trócaire. 6. Óir do bhí cúirt agus lucht dlígh dá maóintir féin aca ag tabhairt prósiosuíghe agus latitats dóibh go ccuiridís íad asteach fána fárdóirse nó an díon do shraca don tig 's a chaitheamh asteach ann, agus cuid eile dhíobh do cheangal le snátha air chosaibh lachana agus a tteilgion síos ansa tsimné; gur tharraingeadur pláig tré na ndrochbhearta air feadh an náisiúin uile, tré dhíbhfeirg Dé. Óir an té ná bíoch acht leathchróinn a bhfiacha do curthaói chúig phúint cosduis air, agus mar sin ag méadúghadh do réir na bhfíacha, go ccantálach ministir luach naoi bpúnt do ghiorrán air seacht sgillinne agus ann sin do leigeach urchar tríd mar chuid beatha dá ghadharaibh; agus ministir eile do thógach luach deich bpúnt d'fhéur thirim air choróinn agus chuireach teine ann dá losga as cómhair na nÉirionnach ag íarra aid do ghríosúgh chum cogaig a naigh na n-allmhúrach armtha éachtarán sin; go rabhadar amhla sin agadh fada don bhliadhain, fá dheóig go raibh an ministir maith, iodhoin Dochtúir Austín don leath íarthar do Mhainistir na Corann, ag feithiomh re síth nó síocháin éigin do theacht chum go bhfachach féin a chuid gan 318 chonntabhairt air bith. Óir badh leis deachmhúgh phoróiste Ioma Ghéise .i. an leath oirthear do phoróiste Charruig Thuaithil, agus áitibh eile dá éagmuis, gur chuir feasa agus teachta a ndáil Thomáis Uí Bhiarráin, an prócadóir, agus do nocht agus do sgrúd a choínsias do san ccúis sin amhuil do rin go minic roimhe sin a bpúngcaibh dochta doréightig. Agus is do náchar mhisde sin, óir badh fear sleamhuin sanntach caluíghiseach é, do tógag agus do foghlamag a sgoil na ndéirceach san ccreidiomh Liúteránach, ionnus go raibh cumann agus cómhghrádh ag an ministir dho. Agus adúbhairt sin leis go madh chóir dho feasa agus teachta do chur is na catharacha agus is na bailte móra fá chómhneasa dho, agus sluagh líonmhar armálta do thímpsiúghadh agus do chomhshláthar, agus prósiosuíghe agus órduighthe eile do thabhairt agus d'fhriothálamh air lucht na tíre uile do bhí fán' fhiachaibh, agus náchar bhrise reachta ná creidimh dho a chuid féin do bhaint amach air ás nó air éigion, "óir is le Dia sinn féin agus ár ccuid, agus is coga naomhtha é so," ar sé. 7. Do mhol an ministir an chómharle sin agus do chuir fios a ndáil Phádruig Uí Achíarruinn, an báille, agus badh Chatoliceach sin, gur fhurálaimh cúbhtha agus dualguis mhóra air, do chionn prósiosuídhe d'fhreasdal agus d'fhrithálamh ar a chusdamaéirdhe uile, agus go ccuirfeach gárda dhaingean ládir leis dá dhíon agus dá fhorchoimeád. Locas an báille an gnó sin, agus adubhairt ná rachach féin a ccóir a mharbhtha air ór ná air argiod agus ceileabhras don mhinistir. Is annsin adubhairt an prócadóir, Bhiarrán: "Atá cómharsa agamsa sa Mhainistir dár ccreidiomh féin .i. Seón Brabistún, 319 agus cé tá 'na Shagsannach níl bior ná brigúin aige, agus is dógh gur mhaith leis tuilliomh agus tuarusdal d'fhághil, óir is láoch toguídhe lánacfuinneach é." Air sin cuireag fios air chSeón Brabistún, agus innistear an sgéal uile dho, agus gabhas do láimh an gnó sin go lúthgháireach agus adubhairt an ministir an rann so: "Mo charadh thu, a chSeóin chróga Brabstúnach don chreidiomh chóir is do mhórfhuil Sagsúnach, gach a bhfeacasa fós dod shórd táid fearmhúlach, is nár locair an gnó so fós go caillmhúnach." Adubhairt Seón: "Dar lia, a mhinistir, ní smithire ná meatach mall me, 's is fear lán mhisnig chum iomiortha air measc mo namhad me, níor mhó liom fear díobh do leaga is do chur a bhfanntuis acht mar badh mhó liom cnaist do alpadh lá dealbh samhraig." "Beir buadh agus beannacht," do rádh an ministir, "is maith do mhisneach agus is calma do chéadfadh, agus is fíor gur leatsa is doilge me." Agus tug mórnán uisge beatha go lantaithniomhach dho re n-ól. 8. Is ann sin cuirios an ministir feasa agus teachta a ndáil sluagh líonmhar lánarmtha gus na bailte móra badh chómhneasa dho chum gárda agus teannta do chSeón Brabistún air eagla a mharbhtha don tsluagh Ghaodhalach san ttrus sin. Agus tángadar chuige ó Chorca agus ó Eóchuill, agus as áitibh eile, 320 mar aon le hiliomad muca dúbha nó peeléirdhe ó Bhaile an Choluig agus as na bruachbhailtíghe ina thímchioll. Agus is uime gláodhtear peeléirdhe ortha .i. ministéir do mhaóintir an Rígh dár badh chomhainim Peel dá chur a cclódh tré dhrochriún a bPárlimint a samhuil sin do chlaónarmáil dhéanamh suas a nÉirinn, agus a ndíol do chur air na feremúrighe a n-ainim íoca nó argiod fearuinn, gur peelers a n-ainim dá haithle ó badh é an ministéir Peel badh bhun agus badh phréamh rúta dóibh. Agus níor tháinig ó aimsir Lochlannach dramm badh mheasa ná iad. Óir ní dheachuig fear deighcháileach san ccóar sin acht straédhirdhe dealbha díthbháoine agus lucht craosóil drochbheartacha drochcháileacha, go ná leómhthach each ná bó, muc ná caóira, gabhar ná géadh siúbhal an ród ná go mbeach air adhastar aige peeléir éigin go bhfachach argiod chum óil as, agus mórán drochbhearta eile do bheach liosda dhum le sgríobh, go nách raibh air druím talmhan aon drong badh tharcaisnídhe agus badh fhuathmhaire aige Gaodhalaibh ná iad. 9. Agus amhuil do ghnídis Tuatha Dé Danann gach aon nídh duaismhar fá na bhfigfiadh .i. clóca droígheachta, badh hamhla sin dona ministirdhe, is fá chlóca na dlígh do hoibiríghthídhe leó a ndrochbhearta uile gona uime sin do chuir an ministir fios air ghiúistís go tigh cúirte nó bórd giúistísíghe do bhí a n-ainim síochána nó cirt do ríara aige Gleanntán Leathslíghe .i. leathslíghe idir Chorca Luíghe agus Mainistir na Corann. Agus cé bhádar dá dhís giúistísíghe ann sin, níor fríth aon díobh umhal chum teacht acht seannduine 321 biorach sleamhuin ruadh miosguiseach míriúnach do orangeman dílios dár badh gnáthainim Captaéin Hóre, óir badh shórd captaéin air loing éigin é roimhe sin, agus lena mhéid do reógaire do rinneadar Sagsannaig giúisdís de mar fá bhéas leó. Agus tug sin báothógán darbh ainim Marsille Ó Cuimín ó Dhún Citil leis do bhí tar éis grádh giúisdís do ghlaca air beagán aimsire roimhe sin; agus mar badh nádúr bog ceannsa é, thug Hóre leis san tturas sin é dá mhúine. 10. Ann sin air bhfeicsinn don mhinistir gach nídh a nordúgh chum a thoile do chuir mála beag do chonafás láidir dá dhéanamh agus béaltsrang do chórdín chruaig chnáibe air shlígh ingiolta chum fáisge faói, agus do líon do phrósiosuíghe é. Agus ceanglas an córda tíomchall bhrághad agus muinghíl chSeóin Brabistún air eagla a chaillte san eadargáil do shamhluígheadh dho a bheith 'na chómhair, gur Seághan an Mhála a ainim as sin a leith. Agus adúbhairt an ministir an laoi mar leanas: "Imthig leat feasda, a fhir an mhála; ná bíoch ort eagla óir is maith do ghárda; is má dúntar doras ort aímsig poll, is bíoch rínn do ruisc ortha a bhfus is thall. Níl dá bhoichtacht teagh gah poll fuinneóige; nó cuir fén ndoras iad le feidhm is fórsa; nó léim 'na bhuaic mar léimfach giorraé, is caith iad síos a bpoll an tsimné. Air eagla aon namhad theacht anoir ná aníar leig do chluasa 'na slapair is féuch thort síar, is má chídhir poll tráthair isna fárdóirse cuir asteach ann prósios le súil t'órdóige. Beir leat mo bheannacht mar aon lead chuideachtuin is cuirfeadsa feasda thu a ttreó mhaith mhaireachtuin, ní rinnis riabh gníomh is mó n-a mbeidh trácht air ná an gníomh so annois; beidh sgéal go brách air. Is ann sin tug an ministir gloine cosárd clogásach agus buidéal seanabhrannda leis, agus líonas an gloine go bruacháin, agus tabharas do chSeághan an Mhála dá ól é ionnus go mo mhóide a mheanmuin é re haigh a aistir agus a thurasa, go ttug sé trí bhogléim a ndoras an halla agus adubhairt: "Is mór mo mheanamuin agus is ládir mo sbridídhe óna ccumiosgúgh re sbridídhe mo athar sbridálta; agus bíom ag gluaiseacht feasda." Agus do chuireadar uile iad féin a ninneal agus a nórdúgh imtheachta. A n-iomthúsa go n-uige sin. 11. Dála na cCatoliceach do bhí lucht fartha agus forcamháis uatha os ísiol dá fhéachuinnt créad an chomharle air a ttiocfadh na hallmhúraig. Agus an tráthnóna roimh an lá cínte a niomsgara laoi agus oídhche, do fhadóig agus do hadhnadh leó morcthínnte treathanmhóra do shlios mara agus air árdaibh tulcha a bhfuigse radhairc dá chéile mar chomhartha go raibh an tóir a bhfogus dóibh, ionnus go raibh an sgéal sin a raé leathuaire air feadh na críche uile, dá ccur air a mitiol agus air a lánaireachas. Agus ní maith do éirghe codla ná caomhshuan leó an oídhche sin, óir níor bhfeas dóibh cá taobh 'na ttúbhrach an sluagh Gallda a n-aigh air ttúis. Ciodh trácht air n-éirghe don ghréin as driuch na talmhan tromfhóduíghe ina crann lánshoillseach puble, do chruinnibh 323 agus do thionnóil dronga dona Catolicidhthe a bhfarraid a chéile ag déanamh comharle agus ríaruighthe ortha féin. Agus do sheinneadar a stoic agus a n-íodharca bunreamhara bárrchaola buabhaill agus a ccaismeartha catha uile do thímpsiúgh curadha fear agus ban agus macaomha 'na ndáil. Acht ní raibh arm faoir ná teine aca, acht gach n-aon do thógbhan an airm ba fuigse agus badh sholámha dho leis 'na dheasdhóid dheaghthapaidh go hirimisneach móragionntach. 12. Is ann sin do chuaidh ardcheannaibh na harmála Gallda a ndáil comharle cá raón sligh 'na ngeabhadís air ttúis. Agus badh híad so ainimna na ttaóiseach sluagh sin: General Tales, Cornéil Miles don armneach, Cornéil Turner, Major Miller, Captaen Cromer, Captaéin Ó Briain, agus mórán eile bheach liosda dhum le na n-áiriobh. Agus adúbhairt an t-árdgeneral: "Togfam an ród chum Corcuídhe go madh dógh leis na Gaódhalibh gur ag triall do bhaile bheam, agus tiocfam air an ttaobh caóch díobh." Agus is amhla rinneadar, gur mheasag le lucht a n-amharca agus a bhfeithibh go rabhadar ag fille gan fonn díthe do neach. Air sin gluaisid na dronga cóirighthe le lannaibh agus le gaillionnaibh agus le fiodáin íarruinn a n-éadach chorcartha agus do mhaise gach datha nó go ttángadar gus an ccruis don leath oirthear do Charruig Thuaithil, agus d'iompuígheadar maccúaird don láimh chlí agus tugadar aigh air an bhfairge ó dheas, gur b'é céad bhaile inna ndeachadar Rós Mhór. 13. Agus do chuir Seághan an Mhála a dhó nó a thrí do phrósiosuíghe a bhfeidhm ann a cciúmhais an bhaile sol do mhothaig an sluagh Gaodhalach é, óir do bhí osgal talmhan mar 324 a rabhadar na tighthe. Agus gluaisid ansin riompa an tráig soir ag cur a ngnótha chum cínn, gur thárla drong dona Catolice leó, agus adubhradar leó gan teacht ní bhus fuide ós air tí díthe agus díthbhála dhéanamh bhádar, gur éirghidh imreasán eatorrtha dá haithle, ionnas gur bhuail Séamus Ó Síocháin .i. glasgharsún, pléasg do chloich air oifigioch Gallda gur thit fá thalamh gan mheamhair gan raésún ag tonna fola tar bhéaluibh a lot. Agus do gabhag an garsún leó air sin, agus táinig an leómhan acfuinneach lánchíocrach .i. Pilib Ó Séathchána ó Chúirt an Bharraig agus dronga eile mar aon leis agus beirid air an ngarsún agus gabhaid dá tharraint ó chéile gur bhaineadar don arm Ghallda é, gurab ann do bhuail fear ón íarthar buille trom tuirteamhuil don bhata chruaig faoínnse do bhain as a rámhainn le haigh an chatha air pheeléir do bhí ag déanamh iomarca cleas ag íarra prósios do chur asteach a ttigh ann, gur theilg naoi ccémionna le fána na trágha é, gur fhan sínte ag tabhairt a chuid fola. 14. Is ann sin adubhairt an claónghiúisdís Hóre leis na héachtaráin a ccloimhte agus a sleagha do tharraint as a ttruaillibh taisce agus an sluagh Gaodhlach do ghearra go talamh gurab é sin amm agus tráth do bhí tromm shocharuidídhe na cCatoliceach ag tímpsiúgh ó gach áird idir thaóiseach, ghiolla, bhean agus mhacaomh. Agus gabhaid na mná agus an díosgair sluagh lán a n-ochta agus a ndóide do hand-granadoes chodroma chómhchruinne na trágha agus Pilib Ó Séathcháne mar thuargna catha dá ngríosúgh agus dá ccomhríar, gur thógadar aon gháir catha badh 325 chómhchlos a bhfuigse trí mhíle shlígh le meanamuin agus le géarchíocras a n-aigh a mbíodhbha agus a mbithnamhad. Agus táinig Pádraig Óg Ó Murchadha agus Domhnall Ó Ciarbhie, agus Maitias Ó Mulchatha, agus Riostárd Ó Murchadha agus Tomás Butléar, agus iomad eile taóiseach badh liosda dhum le sgríobh, 'na rínn thosaig air an ngléirghlantsluagh sin, gur fearthadh gleó gáibhtheach gráineamhuil agus cath róthromm lándhísgair dianéigneach eatorrtha, gur theilgeadar an sluagh Catolice trommcheatha cloch do gach taoibh ina measc go nár bhfeas dóibh cár mhaith dóibh a n-aigh do thabhairt ag íarra fosg ná comhdhíon. Agus amhuil do ghníoch Hercules na Titans nó na fathaig do threasgairt le na chliub iarruinn, is amhla sin do ghníoch taóisig na bhfear nGaodhlach leis na hallmhúraig, óir ní raibh tairbhe dóibh 'na n-armaibh éadthroma solámha mar do bhí na fearaibh Gaodhlacha ró-mhitiolacha ró-éadthrom dóibh, agus dhéinidís bloghna beaga mionraópa dá n-airm leis na sághfacha agus leis na pícídhe agus leis na hairm eile bhí aca, gur badh iomdha marcach mear meanamnach agus saighdúir dearg daithionnach agus muc dhubh dhrochfheólmhar do bhí 'na seirgluíghe treasgurtha ag sile fola agus crú a chuirp air an ttráig tar éis an mhórruathar sin. Agus do bhí an sluagh Gaodhlach gan fuilúgh gan fordhearga ortha. 15. Is ann sin adubhairt an giúisdís ruadh leis na Gallaibh púdar agus pléaribh do chur 'na bhfiodáin agus na Catolicighthe do dhíthúghadh agus do bhuanmharbhadh ó nách rabhadar a n-acfuinn catha dóibh air aon tslí eile. Agus badh mhaith leó an cead sin d'fhághil, óir do bhí mórchuid díobh 'na raibh drochchnuimh fhallsa an tSagsannaig don Éirionnach ag oibirúgh 'na ccroídhe agus 'na ngoile. Acht cheana, 326 do iompuígheadar na Gaodhalaibh máccuairt idir fhear agus mhnáoi, agus tángadar as a ccionn air shlios na trágha agus maolchlaighidh eatorrtha. Agus táinig drong dona saighdúirdhe dearga leasmuith díobh a ndógh íad theanntúgh eatorrtha. Air bhfeicsinn sin don tsluagh Ghaodhlach do tharrangeadar iad féin as dá cheann a ccampa go ndeachuig drong acfuinneach lánchróga díobh tar na saighdúirdhe suas, ionnas go ndíoghalfaidís gach díth do dhéanfídhe dá maóintir. 16. As é sin amm adúbhairt an giúisdís ruadh leis na muca dúbha agus leis na saighdúirdhe bhí air an ttráig na Gaodhalaibh do lámhach go ró-thapaidh. Agus do theilgeadar na saighdúirdhe bhí air measc na nGaodhal iad féin fá thalamh, ionnas go lingfeach na pléaribh dá mbruach, agus do rin an sluagh Gaodhlach mar íad go ná dearrnag díth do cheachtar díobh. Is ann sin mar thiocfach brúcht mara le hanfadh gaóithe nó mar chith clochshneachta do lacht tóirthnídhe ag brise duille agus blátha, is amhla sin do líng an sluagh Catolice ortha dá múgh agus dá mbuanmharbha, gur chaitheadar cith cómh tromm sin eatorra gur measadh leó go raibh clocha na trágha agus an mhachaire uile dá ndeóin féin ag éirghe 'na n-éadan le héigean díbhfeirge agus díoltais chúcha chionn teacht san tturas sin. 17. Is ann sin táinne Captaéin Bingham ag ríarugh agus ag gríosúgh an chatha Gallda, agus do bhí each sleamhuin tripionnach árdchosach go lúth cheithre ccrú faoi, agus casóg chorcartha do éadach Sbáinneach agus fásáil órchiúmhuiseach ria uime, agus capín clogadach lánmhór agus fleasg nó pláta fionndruinne a ttosach an chapín sin as ciónn chlár 327 a éadain ag imdhíon a inchinne air ghoin ná air chruadhbhéim, agus faid láimhe míleadh do phionna caol iarruinn dianchuíbhrighthe le mong fhada eirboill eich dhuibh 'na sheasabh suas ón mbannda os cionn a chluaise clí mar bhláthórnáid, go mbíoch an ghaoth dá luasga chuige agus uaidh air gach luaghil do ghníoch; agus cloidheamh colgdhíreach claisleathan caolfhaobharach ina láimh dhaingin doleóinte agus é ag ladra na laoch Catolice gach amm d'fhíadach teacht ortha, fá dheóig go bhfeacaig an míleag móragiontach agus an tóir neamhcharthannach agus an tonn bháite bíodhbha .i. Pilib Ó Séathcháne é. Agus gluaisios fána thuairim go madh samhalta le Buccephalus, iodhoin tréaneach cogaig Alexander Mhóir é ag tréanbhuala na trágha go troigéasgo go ttáinig mar a raibh an Centaur. Agus nochtas a chuisle acfuinneach fhéithreamhar agus gabhas cloch chodroma chomhchruaig ina dheasdhóid dár badh lán a ghlac. Agus amhuil d'imtheóch pléar lua as balearian sling n-a ngeabhach teas agus lasair é san tslí tré iomarca fuinnibh agus fórsa go rug rogha an urchair gan chaime gan chlaóna gur bhuail an centaur a cclár an uchta, gur thit a ccosgair cró faói chosaibh an eich. Agus air ttitim dho, do chuaidh an dealgán brosduithe bhí uim a sháil tré chliathán an eich gur ling air phramsáil agus air léimnach gur bhris a ionnathar ina chlíabh. Agus d'imthig an capín ag ruailléan le fána na trágha go ndeachuig san muir, agus seólas an ghaoth amach é agus an cacade ruainneach mar sheólchrann ann go ndubhairt an dramm 328 mearíntinneach do bhí dá fhéachaint gur ag dul go Sagsaibh do bhí sé ag tabhairt sgéala an chatha do lucht an Phárliment. Is ann sin do ghlac mire meanamuin agus árdaigionta an sluagh Catolice gur dhúblaígheadar a n-acfuinn, agus thomáineadar an sluagh Gallda leis an ttráig go himiol na mara go ndeachuig mórán díobh gus a n-uchtaibh san uisge. 18. Agus ní bhfuaradar amus ná amharc air chSeághan an Mhála ris an raé sin, óir do bhí sé cois chlaighidh na trágha agus marcshluagh don armneach inna thíomcholl dá ghárda. Fá dheóig do ghluais drong do mhná cróga dá lorg air measc an tsluaigh dár badh díobh Mairghréad agus Cáit Ní Shúilliobháin, go madh samhalte le Cuilleann Cheannruadh agus le hIarnait .i. dís inghíon Chonaráin do Thuatha Dé Danann, iad a misneach agus a mórchrógacht, agus Cáit Ní Ghearailt mar rínn thosaigh ortha a ndeallramh le Pentisilia, banrioghan na mban ccíochloisgithe, a n-acfuinn agus a lánmhisneach, agus an chuid eile don chóar ban 'na ndíaig ag feithiomh gach áird don champa nó go bhfuaradar amharc air. Agus lingid dá íonnsaidhe, agus badh nár leis teithe ós na mná, agus gabhaid dá chíora agus dá shraca óna chéile agus ag buala dóirrne minnioca sa smúsaig air, go ttug sé saomhléim seachanta ortha, gur ghaibh Cáit Ní Ghearailt air fholt agus air fhionnaghabháil é, agus cuirios a lámh acfuinneach go lántapaidh a ngabhal a thriúis agus tug bogthógbháil fhearamhúil uréadthrom ó thalamh dho gur bhuail failc dá chreatalach uim chlocha cruadha na trágha, agus cuirios a troig air a bholg gur cheangail idir a bonn 's a' 329 talamh é. Agus mar do bhí sé tar éis béile iomarcach do chuid an mhinistreach do thógbháil beagán uairibh roimhe sin, do bhí a mhiadal cómh teann le mála píobaire air na líona re gaoth gur chuir a cheann tuaithil lánghéim bhogbhriste as badh chomhchlos don tsluagh ina thiomcholl, gur mhúig a ngeangháire air an marcshluagh uile air bhfeicsinn an chatha sin chSeághain an Mhála agus na mban. Is ann sin beirios Cáit air an mála dá shraca uaidh gur fháisg an béaltsranng faoina bhrághid gur chuir faid glaice laoich dá theangain bhunreamhar bharrleathan tar imiol a chraosbheóil amach, agus do bhí a n-oirchill a thachtuithe gur tháinne dís don armneach agus claidhmhte 'na ndóide, agus gabhaid ag bualadh agus ag mille na mban. Is ann sin táinig garsún deas go troigaósga agus comán ina ghlaic agus téid air an cclaighidh go raibh a ccomhaóirde riu, agus cuirios a dhá láimh air an ccomán gur bhuail dá phaóinte an marcach badh fhuigse dho fá bhun an chapín go rin otharas an' uisinn n-a n-iompóch chúig meóra míleadh ann, gur thuit a ngaothibh cró fá chosaibh an eich ag tréigion a chuid fola go hiomarcach. Agus d'éaluig Seághan an Mhála uatha san sparuinn sin. 19. San amm sin do bhádar na laóich Chatolice ag mille agus ag méirthnúgh na n-allmhúrach air feadh na trágha uile gur theangbhuig Marsille Ó Cuimín, an giúisdís óg, leó, agus air a bhfeicsinn dho dá ionnsaidhe, bíogas a chroídhe le sgeón agus le ró-eagla, agus sporas an t-each ag teithe go ttarla fear roimhe agus píce glanfhaobharach géarphéacach ina láimh. Agus air bhfeicsinn Chuimín chuige dridios ina dháil, agus tug fuasmadh don phíce dá ionnsaidhe, agus beirios an t-each saomhléim seachanta gur tré 330 throig Chuimín do chuaidh an píce glanghéar sin, gur goineadh é dá dhá rínn go háimseach. Agus téid do lúth chos an eich go dún Thomáis Copinéar do bhí a bhfogus do gur daingneag na geatadha air an namhuid, agus titios a néal tré thréigion a chuid fola. Agus air tteacht as an néal dho as é adubhairt: "Ní cóir dam aithfear do thabhairt ortha, óir is me féin is ciónntach; agus créad thug ann me?" Air bhfeicsinn sin don ghiúisdís ruadh as é adubhairt: "A óga, nách athantar libh mise; agus ná déinig díth dhum, agus gach n-áon díbh gheabhad sa chúirt le cúis air bith sáorfad é." Agus ní deárrnas díth dho, óir níor fíadag teacht air. 20. Do bhí ógán mear meanmnach don tsluagh Ghaodhlach ag déanamh éachta agus ilghníomha an tráth sin gur luig sgiulúch fada buídhe gabhalárd caolchosach mongmhailígheach do Mhuintir Dhuibhir .i. aon do mhuca dúbha Charruig Thuaithil, súil air, agus tugas aghudh a fhiodáin air gur chuir an pléar go lánchruínn tré chlídh saighdúra bhí air ghualainn an fhir Ghaodhlach, agus tréna fhordhromm amach, gur thit marbh air an láthir sin. Is ann sin adubhairt Captaein Nangle, agus badh Chatoliceach sin: "As leór sin," ar sé, "óir atá an fear is fearr air an ttráig a n-arm an Rígh marbh, agus ní fiú an chúis uile sin." Air sin do ghabhadar lasguine chúcha air gach leath, agus thógadar an sluagh Gallda a n-othair agus a marbhán leó air sin. Agus níor leig eagla na nGaodhal dóibh dul abhaile an oídhche sin. Gurb é sin Cath Trágha Rosa Móire go n-uige sin. Ní thagaruim puínn dá ngníomhartha acht sgrios ó Dhia orrtha, is maithios nár ghní a ccuid bídh dá mbuilig bhíata, acht treasgartha a ccíll nó a ndíg dá n-ithe ag píasta, gan fachtuin sa tír dá síol acht ionnad a ríana. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3890 |
1,936 | Cor na hÉigse | — | — | Ó Cuív, Brian | 1670 | 17 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1958-1961) | 156 | 111 | Mo thrúaighe cor na héigsi, ní hiomdha céile aice, ní léigthear dhúinn mar dhuine gidh beag suidhe 'na haice. Eidir shaóithibh go ttrásta, gidh mór na grása fúair-se, an éigsi dob fhearr 'na hóinmhid ná bheith ró-ghlic san úair-se. Beannacht lé d'éis na bhfileadh, an éigse chrithreach chruithgheal, a n-am do chaill a hanam, ní mhairionn lucht a tuigthe. Ag úaislibh dísle ar ttalaimh, dá maradh aón san mhíle, as é as amadán aca fear a sgagtha go fíre. Dá mbeith sgáile don éigsi ag neach éigin don domhan do chlódh an reachta ró-mhaith diúltaid dó-sain mar ollamh. Dá mbeadh cion ar an éigsi, ní áirbhim tréidhe a ndile dar liom atáid dá mealladh nach áil leo ceangal linne. A bhfuil agum dom éigsi treise éirghe ná leagadh, gabhuim mar gheall 'na maóinibh slán gach aoinfhir fán tsh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1936 |
2,748 | Cormac Ua Conaill | Ua Duinnín, Pádraig, An tAthair | Snag Breac | — | 1901 | 20 | prose | Connradh na Gaedhilge | 27,313 | 4,614 | CORMAC UA CONAILL. An tAthair Pádraig Ua Duinnín Connradh na Gaedhilge AN CÉAD ALT. AN TARNGAIREACHT. I n-íochtar na seiseadh haoise déag nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan ag síor-bhruighin le Bainríoghain Sagsana, do bhí buachaill óg ag gabháil an bhóthair idir Chill Áirne is Chaisleán na Mainge 'na shuaimhneas ó sgoil. Do bhuail fear sgoth-aosda i gcló bacaigh uime, is do labhair leis. Ba mhinic cheana do chonnaic sé an fear céadna i dtigh a athar, is uime sin d'aithin sé a ghnúis is a imtheacht, acht níor b'eól dó a ainm. “'Seadh, a Chormaic Uí Chonaill,” ar an fear aosda, “an bhfuilir ag teacht ó sgoil?” “Táim, ar Cormac. “Tá áthas orm go bhfuilir ag sgrúdadh léighinn; gheóbhair, geallaim dhuit, gnó dhi fós, is bhéarad-sa rud éigin duit ar a bhféadfair do chuid léighinn do chur chum críche.” Tar éis na bhfocal soin do rádh do'n tseanduine, d'aithris sé dó nó trí líne do rann le mire i n-áirde a chinn 's a ghotha, i gcás gur chuir sé iongnadh mór ar Chormac, is gur infhiúch an buachaill é ó cheann go talamh ar feadh tamaill. “Innis dam anois, a bhuachaill léigheannta fháithchliste,” ar an seanduine, “an dtuigeann tú na briathra soin?” D'fhreagair Cormac gur aithin sé beagán focal dár labhair sé acht nár bh'ar fhóghnamh do thuig sé cia brígh bhí leó. “Tiocfaidh an ní seo go léir chum cinn le linn do shaoghail-se,” ar an seanduine, “agus fós coimhlíonfair féin mórán de.” Iar gclos na bhfocal soin dó, chuir Cormac breis suime 'na bhriathraibh, is do cheap sé rún na rann soin do chraoibhsgaoileadh dá mb'fhéidir. Ar an inntinn sin d'athchuir ar an tseanduine fíor-bhrígh na bhfocal do chur i n-umhail dó. Ar dtúis d'eitigh an seanóir go dána é, acht tar éis móráin tafaint d'aontuigh na focail do sgríobhadh i nduilleóig fholaimh bhí i measg leabhar an bhuachalla agus an sgríbhinn do thabhairt dó. D'fhair Cormac le mór-iongnadh, is ní gan faitchíos, an lámh chnámhach, thana, fhada úd an tseanduine ag sgríobhadh go mall is go socair an rann so: “Gaisgidheach oirdhearc leagtha le feall, Oighreadh aithiseach taca na nGall, Curadh ag a cháirdibh ceangailte i bpoll, Críoch le treibh tar tuinn anall.” Tar éis a chríochnuighthe dhó do thug sé an páipéar do'n bhuachaill is do chuir an cnoc amach de mar dhuine ar ghealtaigh. Do bhí an sgríbhinn rúnach so anois 'na sheilbh ag Cormac, is ní sásda bhí a aigneadh go mbeadh fios bríghe na bhfocal soin aige. Do thuig sé ó chomhrádh an tseanduine gur bha tarngaireacht éigin iad is ba mhinic roimhe sin do chuala sé tarngaireacht ar ionnarbadh na Sagsan as Éirinn; is anois do chreid sé gur do'n ní chéadna do thagair na focail: “Críoch le treibh tar tuinn anall.” Do réir an chraoibhsgaoilte sin, do bhí sé féin chum bheith 'na fhear chumhachtach ag ruagadh na Sagsan tar tuinn. Do chuir smuaineadh na neithe sin sgleóndar neamh chuibheasach air. Do lasadar a shúile le huabhar. Is dearbh ná raibh aon chaoi aige fios cinnte d'fhagháil ar an chuid eile do'n tarngaireacht is nár bh'eól do cia arbh' iad na fir dár thrácht an rann rúnach úd, is go deimhin ba chuma cia'rbh' é an curadh allmhurach do millfidhe dá dtabharfadh a oidheadh saoirse is síothcháin chum talmhan Éilge. Cad iad na smuainte do rith tré n-a aigneadh ag dul a bhaile dhó an tráthnóna soin? Is uaibhreach árd-aimneach do chuimhnigh sé ar an ghlóir do bhí le fagháil aige. Is tapa croidhe-luaimneach do chuir sé an bóthar dhe. Is minic do léigh sé an rann úd, is do mhachtnaimh ar an bhrígh do bhí léi go soilbhir, lán-tsásda leis féin is leis an domhan uile. Ar uairibh, amhach, do thagadh trom-thocht cathuighthe ar a chroidhe, is do ritheadh an fhliche ó n-a rosgaibh i gcaisíbh ag cuimhneamh dhó ar a athair bhocht ná béadh 'san mbaile roimhe, ná feaca sé le fada, is do bhí, dar leis, claoidhte le Gallaibh. “Dá mbeith m'athair anois romham,” ar sé leis féin, “caidé an t-áthas do chuirfinn ar a chroidhe leis an sgéal so! acht, fáiríor, ní fheicfidh sé go brath saoirse ar dtíre ná neamh-spleáchas ar gcreidimh!” Do chaith sé an chuid eile do'n lá soin go ciúin ag machtnamh leis féin is níor leig sé air le muinntir a thighe go raibh aon ní ag déanamh buaidheartha dhó ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, is go gcoingbheóchadh sí 'san mbaile é gan chaoi do bheith aige an tarngaireacht do choimhlíonadh. Ní hiongnadh gur chuir an t-óglách an oiread soin spéise 'san rann chrúna úd; do bhí a inntinn aibidh le léigheann is le machtnamh; do léigh sé le díoghrais seanchas na hÉireann is an éagcóir do rinneadh uirthi le Gallaibh; do léigh sé na bruighne do bhí idir na taoisigh Gaedhealacha is do thuig sé go soilléir cad do bhí ar siubhal ag na Sagsanaibh an tan soin. Do thuig sé gur fhuathadar na taoisigh Gaedhealacha a chéile níos mó ná d'fhuathadar na Sagsanaigh is gur mhian leis na Sagsanaibh an creideamh Catoiliceach do dhíochur as Éirinn dá mb'fhéidir. Dá óige é, do bhí súil aige le fada go bhfeiceadh se a dhúthchas saor ó bhruid na nGall, is do chuir an tarngaireacht so an oiread soin misnighe air gur léim a chroidhe le háthas. An tan sain do bhí ainm Éilíse cumhachtach 'san tír, is ba dhána an taoiseach do leómhfadh dul 'na haghaidh. Uime sin, gidh go raibh a lán mion-chogadh idir na flathaibh Éireannacha féin is annamh d'éirigh aon 'ne aca amach i gcoinnibh na Bainríoghna nó i gcoinnibh a duine ionaid. Dá n-éireóchadh taoiseach éigin 'na gcoinnibh do chaithfeadh sé coimheasgar le muinntir na hÉireann chomh maith le muinntir na Bainríoghna. Go deimhin is na neithibh do bhain le cogadh ba bheag le radh Éire mar dhúthchas coitcheann do chlannaibh Gaedheal is do na flathaibh Gaedhealacha; is, gan amhras, do lean na daoine a bhflatha. B'é Iarla na Deasmhumhan an taoiseach ba mhó misneach is preab chum seasaimh i naghaidh na nGall dá raibh i nÉirinn an tan soin. B'é do b'fheárr chum sásaimh do bhaint díobh ar na hachmhusánaibh do chasaidís go coitcheann leis an gcreideamh Catoiliceach. Do bheartuigh Cormac, ní nach iongnadh, gurab é an tIarla féin nó duine éigin dá phór do choimhlíonfadh an tarngaireacht. Acht bhí fhios aige go raibh an tIarla ró-aosda is nach ar fóghnamh do bhí a eirghe amach ag dul chum cinn. Do chuimhnigh sé láithreach ar Sheaghán, dearbhráthair do'n Iarla. Bhí a fhios aige gur ró-aibidh an inntinn do bhí ag Seaghán gur bh' fhear coráisteamhail urrudhasach é, gidh ná feacaidh sé riamh é. Ba mhinic cheana do mhianuigh caidreamh do dhéanamh air, acht anois do shíl sé ná raibh slighe ar bith eile chum a chuid féin do'n tarngaireacht do choimhlíonadh acht spionnadh is misneach do chur ar an laoch oirdhearc úd, is gur tré chabhair is chomhairle Sheagháin is fá n-a chomairce do basgfaidhe is do ruagfaidhe na Sagsanaigh ar fad as fódaibh Fáil. Ar an ádhbhar soin, 'sé comhairle do cheap sé dul gan maill ag triall ar an nGearaltach cibé áit i n-a raibh sé agus a rádh leis go raibh sé féin ró-ullamh a thoil sin do leanmhaint agus a innsint dó chomh cinnte is d'fhéadfadh, gan fios na tarngaireachta do thabhairt dó, an t-ádhbhar fá deara gur leath a chroidhe air le dóchas agus gur bhrath sé go mbuaidhfidh seisean gan amhras fá dheireadh, agus gur le n-a chabhair is le n-a chéadfaidh is le cródhacht a chuallachta do cuirfidhe ionnarbadh is sgaipeadh, gan bailiughadh, gan filleadh, ar Shagsanachaibh as talamh chráidhte na hÉireann. Ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, dá n-inneósadh se dhi cad do bhí ceapuighthe aige, do leig sé air go raibh sé ag dul ar cuairt chum duine muinnteardha do bhí 'na chomhnaidhe leastiar ag a raibh leabhar láimhe gur mhór a b'fhiú, is do gheall dó é chum é d' athsgríobhadh. 'Nuair do bhí amhras a mháthar curtha dhe leis an sgéal soin do ghluais chum siubhail fá dhéin Chaisleáin na Mainge óir d'airigh go raibh Seaghán an Ghearaltaigh ag gabháil na sligheadh sin ó'n Daingean le sluagh mór cumachtach do bailigheadh ins na dúthaighibh iasachta. Dó nó trí mhíle ón gCaisleán do chonnaic sé ag teacht fá n-a dhéin beagán marcach. Do shíl sé, ní nár bh'iongnadh, go bhféadfadh duine éigin díobh tuairisg Sheagháin an Ghearaltaigh do thabhairt dó, acht 'na thaobh soin bhí eagla air go mbrathfaidís fáth a thurais. Ar an ádhbhar soin ní fheadair sé cad ba cheart dó dhéanamh is bhí sé ag dian-mhachtnamh leis féin 'nuair thángadar suas leis. Do labhair ceann do na marcachaibh go cneasda leis, is d'fhiafruigh dhe go muinnteardha cá raibh sé ag dul. “Táim,” ar Cormac, “ag dul tamall beag siar, acht b'áil liom bualadh um Sheagháin an Ghearaltaigh sul a n-iompóchainn chum baile.” “Ní deacair sin duit,” ar an marcach céadna, “óir atá Seaghán féin i measg na bhfear so; an bhfuil aithne agat air?” “Tá go deimhin,” ar Cormac, “acht ní tré radharc súl é. Tá taisg a cháile ar fuaid na hÉireann.” “Tá go maith,” ar an marcach; “toigh anois é as an mbuidhin seo má 's féidir leat é.” Tug an t-óglách gan maill súil mór-dtimcheall na buidhne sin agus ag infhiúchadh go géar an té bhí ag cainnt leis adubhairt, “Is fruisde é aithint má tá se láithreach, mar ní fheicim aon'ne annso ag freagairt dá cháil acht tú féin, a mharcaigh uasail, is má tá sé 'nar measg, amhail adeirir, is tusa an fear.” Ba ghéarchúiseach é Cormac, acht d'fhéadfadh duine bheadh maol go leór Seaghán an Ghearaltaigh do thoghadh as an mbuidhin sin mar cheann urraidh. Fear caol árd do b'eadh é. Níor chuir na bliadhanta fós cromadh ann. Do rachadh a shúile glasa, géara, doimhne thríot. Bhí ughdarthás i n-a fhéachaint. Ba thaitneamhach a ghné is ba mhilis cneasda a mhín-bhriathra. Bhí an-áthas air gur thoigh Cormac chomh tapa soin é, as an bhfuirinn go léir, agus is grianmhar adubhairt, “Tá an ceart agat, a chara dhílis. Cad tá uait ó'n nGearaltach?” Is éasgaidh d' fhreagair Cormac go raibh náire air labhairt le duine chomh huasal, chomh honóireach soin ós comhair an oirid sin do dhaoinibh iasachta. Ar chloisint sin do'n Ghearaltach d'orduigh sé do'n gcuid eile imtheacht roimhe, is do lean sé féin iad ag siubhal go mall is Cormac le n-'ais. 'Nuair do bhíodar as éisteacht na marcach, do sheas Cormac go hobann ar an mbóthar, agus, ag iompódh chum an fhir uasail, is déadla adubhairt: “Is mian liom fiafraighe dhíot, a churaidh chródha, an bhfuil se ceapuighthe agat ar dtír is ar gcreideamh do chosnamh o Ghallaibh; an bhfuil se ceapuighthe agat glan-ionnarbadh do thabhairt ar na Sagsanachaibh as iathaibh Fódla is taoisigh na Mumhan d'aontughadh is do chruinniughadh i n-aghaidh a námhad?” Bhí iongnadh mór ar Sheaghán 'nuair d'airigh se buachaill chomh h-óg soin ag cur ceisteann gcruaidh air leis an oiread soin dá ríribh. Ba léir dhó go raibh croidhe agus aigneadh an óig-fhir ar lasadh le grádh dá thír, is d' fhreagair go mall, “A chara dhílis mo chroidhe, bhéarad m'anam is anam na ndaoine atá ag cabhrughadh liom chum mo dhúthchas is mo chreideamh do chosnamh, is chum ceart is cóir mo charad i dtalamh Dheasmumhan do shaoradh ó ghéar-airc na nDanar. Acht mo bhrón! mo thubaist! nach beagh an mhaith sin! Féach mór-dtimcheall, ná feiceann tu flatha chúige Uladh is chuige Mumhan gan beinn ar ar ngleóthaibh is gan suim i n-ar gcúis, ag faire go bhfuighbhidís greim orm-sa. Fiú ar ndaoine féin, na Róistigh, na Barraigh, is Tighearna na Lice, táid go léir dar séanadh, nó le dúthracht 'nar n-aghaidh. Ní fheicim splannc solais tré sgamall na daoirse is na ceó-bhruide atá ar leathadh ar iathaibh na hÉireann.” “'Na dhiaidh sin,” ar an buachaill, “glac meanma. Beidh iongnadh ort, acht geallaim-se dhuit go mbeidh an lá leat fá dheireadh, ciodh dubhach doilbh do sgéal anois. Bhéarthar sgeimhle is lán-ruagadh ar na Sagsanachaibh as críochaibh Éilge is ní fada go dtí sin. Táim deimhneach ar an méid sin, is creidim gur tusa nó duine éigin dod' mhuinntir chuirfeas fán orra. Acht glac mar chomhartha gur dá ríribh atáim, go bhfuilim ag athchuirt ort mé a ghlacadh id' bhuidhin i gcás go bhféadfainn cabhrughadh leat chum an obair sin do chur chum cinn. Ná fiafruigh dhíom cia an t-ádhbhar ar a bhfuilim cinnte ar an ní sin.” Dá mhéid dúil do bhí ag an nGearaltach fios d'fhagháil ar na smuaintibh do bhí ag rith i n-aigneadh an bhuachalla ní fhuair sé ann féin é cheistiughadh mar do dhian-choisg féachaint Chormaic is fuaim a ghotha é; is thosnuigh láithreach ar thrácht tar neithibh eile. Ba ghearr do bhí a gcomhrádh ar bun 'nuair ba léir dó gur duine eólach, fáith-chliste go leór Cormac. Bhí eólas maith aige ar sheanchas a dhúthchais is ar an gcuma i n-a raibh na flatha deadhailte ó chéile, nó ag coimheasgar le chéile an tráth soin. Is lán-áthasach do gabh an Gearaltach leis é; is ní lugha an t-áthas do bhí ar Chormac féin. An tráthnóna soin do sgríobh sé chum a mháthar mar leanas: “A Mháthair Dhílis, a Chumainn mo Chléibh - Is uaibhreach 's is áthasach sgríobhaim chugat sgéala maithe. Buidheachas le Dia táim fá dheireadh ar tí bheith i dtreasaibh na n-arm fá bhratach na nGearaltach ag tabhairt sgeimhle is fíor-ruagtha ar na Sagsanaibh, is ag cosnamh ar dtíre is ar gcreidimh le turrainn mo lámh, is lem' anam, má's é toil Dé é. Cuireann cuimhne m'athar, millte le Gallaib, náire orm ar bheith chomh mall, chomh aimhleisgeamhail, ag leanmhaint 'na chéimibh. Beidh an lá linn-ne, le congnamh Dé. Slán leat, a mháthair, a ghrádh ghil, ná gol deór, im' dhiaidh. “Mise do mhac ró-urraimeamhail ró-umhal, “Cormac Ua Conaill.” Le hordughadh ó Sheaghán Mac Gearailt do cuireadh Cormac i bhfochair bhuachalla eile dár bh'ainm Éamonn Cléireach a chomh-aois. B'éachtach é cúrsa an bhuachalla soin. Do fágadh go hóg é 'na dhílleacht. Ó Shagsana do b'eadh a mhuinntir, is i Sagsana do rugadh é féin; tháinig sé go hÉirinn i bhfochair buidhne do chuir an Bhainríoghan anall chum na nGearaltach do ghlanadh as an tír. Acht níor lean sé an sluagh tar éis teacht anall dó. Do mhair sé le déirc is le hobair fá mar d'fhéad sé ar feadh trí nó ceathair do bhliadhnaibh. Bhí sé glic géar-chúiseach, is b'iongantach an t-eólas do bhí aige ar neithibh na tíre. Bhí an oiread soin eólais aige ar rúnaibh na dtaoiseach gur bh'fhiú leis é féin do chur fá chomairce Phresident na Mumhan; is do ghlac an President a chongnamh 'nuair ba léir dhó go raibh eólas a ghnótha aige mar bhrathadóir. Tar éis a ghlactha leis an bPresident bhí sé lá i gcoimhdeacht buidhne na Bainríoghna bhí ag dul ag creich 's ag réabadh is ag losgadh fearann na nGearaltach. D'fhágadar 'na ndiaidh é, is theicheadar chomh luath is fuaradar radharc ar an námhaid Do tógadh Éamonn gan maill, is do cuireadh i ngéibhinn é. Ar na bhreith i láthair Sheagháin an Ghearaltaigh do dhearbhuigh sé gur de nam d'fhan sé i ndiaidh na buidhne, go raibh gráin aige ar na Sagsanaibh is ar an méid do chabhruigh leó; is gur b'é bhí uaidh iad do dhíbirt ar fad as Éirinn. Do léig sé air fós go raibh croidhe-rún muinntire na Bainríoghna aige - fios a gcuid airm, fios nirt a sluaigh, fios na comhairle do cheapadar le déidheanaighe. Meallta leis na cleasaibh sin do chongaibh an Gearaltach i n-a fhochair féin é i ngéibhinn neamh-dhaingean. Níor b'iongnadh go ndéanfadha leithéid sin muinnteardhas le Cormac; is an chéad lá i n-ar theagmhuigheadar le chéile ba chéileamhail cáirdeamhail a gcomhrádh is ba mhór aca a chéile roimh sgaradh dhóibh. Do léigh Éamonn meón Chormaic go soilléir, is cheap sé gan maill dul i n-achrann ann i gcló charad is thír-grádhuightheóra; is uime sin tar éis beannuighthe dhó go blasda milis dubhairt: “Acht go deimhin, tá cathughadh orm t' fheicsint annso id' ghéimhleach ag an nGearaltach.” “Im' ghéimhleach! ní géimhleach mise, nó má 's eadh, tá mo choimeád orm féin.” “'Seadh, mar sin, ní le taobh na Bainríoghna thu?” “Taobh na Bainríoghna! cad a mheasann tu? Ní fada ó bhriseadh na foidhne agam ó luaidhis a hainm - mise le taobh na Bainríoghna! go bhfóiridh Dia orainn.” “'Seadh, gabh mo leath-sgéal. Féadfad-sa mar sin labhairt gan sgáth leat. Bhí eagla orm romhat acht chím anois go bhfuathann tú an Bhainríoghain, is teitheann mo chliabh leat 'na thaobh soin. Fuathaim-se an Bhainríoghain! Tá cathugadh orm nach rud éigin eile níos treise na fuath atá agam dhi; acht le congnamh Dé ní fada go n-éirreóchaidh maidhm eadrainn. Measaim-se a chur i n-umhail di nach féadfaidh sí masladh do thabhairt dár gcreideamh is léirsgrios do dhéanamh ar ar ndaoinibh gan díol go searbh as.” “Gan amhras, tuilleann sí é; acht tá daoine chom holc léi ar an dtaobh so fhairrge againn; an President úd na Mumhan, is tuilleadh aca na hairmheóchainn; acht dála an President dá mbeith fios agat ar na cleasaibh diabhlaidhe atá meabhruighthe aige chum na Gearaltaigh do mhilleadh!” Níor bheag soin. Do phreab croidhe Chormaic. Do mheas se 'na aigneadh gur thosnuigh cheana coimhlíonadh na tarngaireachta. “Agus an bhfuil aithne agat-sa ar an bPresident,” ar sé. “Si, si, tá, go ró-chinnte, is tá tuilleadh le rádh agam, acht uair éigin eile.” Is mar sin do chuir Éamonn deireadh le n-a gcomhrádh an lá soin is d' fhág Cormac ar buile chum tuilleadh eólais d'fhagháil ar rún-chomhairle áir is fola an Phresident uathbhásaigh úd. Ba léir d'Éamonn go raibh Cormac lán do sgleóndar is nár dheacair é mhealladh. Dála Chormaic iar sgaradh le n-a charaid do luigh sé ar dhian-mhachtnamh cionnus do bhí an chúis, do chuir a chroidhe ag bualadh, is do bhain codladh na hoidhche dhe' ag dul ar aghaidh. Bhí anois 'na theannta duine ullamh caoitheamhail ag a raibh aithne ar an bPresident, is dár bh'eolach mórán dá rúnaibh. Bhí sé cinnte gur ceapadh Éamonn Cléireach chum an chúis sin do chur chum cinn. AN DARA hALT. AG TEICHEADH Ó'N MBÁS Níor bh'fada do'n bheirt seo i gcaidreamh a chéile nó gur chuir Éamonn sgéala i ganfhios chum an Phresident go raibh sé cinnte go raibh rún mór éigin ag Cormac ná féadfadh a dhícheall mhealladh uaidh; is go n-éalóchadh sé leis, a leithéid seo do lá, dá gcuirfeadh an President gasradh fear 'na gcoinnibh chum iad do thógáil go Corcaigh. 'Nuair tháinig an lá bhí ceapuighthe leó dubhairt sé le Cormac go raibh an-dúil aige sean-fhotharach d'fheicsint bhí cúig míle uatha. Chuir sin áthas ar Chormac, óir ba mhinic ag labhairt é ar an tsean-fhotharach soin, is ar an tseanchas do bhain leis; agus is grianmhar do ghluaiseadar ar aon chum siubhail an mhaidin soin; is is mórthuillteach do sgéith cainnt Chormaic ar feadh an bhóthair ag trácht tar an naomh lér fóirghneadh ar dtúis an fhotharach, is ar an chaismirt bhi idir Ghaedhealaibh is Danaraibh 'na thimcheall. Ba sgléipeach é ag aithris fearta na nGaedheal, 'nuair chonnacadar chuca gasradh marcach ag greadadh an bhóthair go lán-luath. Do léig Éamonn air go raibh eagla air rómpa is thug sé iarracht ar theicheadh, acht do sheas Cormac go dána i n-aghaidh na námhad. 'Nuair do chonnaic Éamonn é ag feitheamh go fearamhail neamh-eaglach leis na marcachaibh do ghlac meanma, mar dh'eadh, d'fhill tar n-ais is gan mhaill do tógadh iad ar aon is do coimeádadh i ngéibhinn an oidhche sin i gCaisleán na Mainge, nó go gcuirfidhe lá ar n-a bhárach go Corcaigh iad. Caidé mar ar ghoil Cormac; cad iad na hosnaidhe do léig se as; caidé an tocht bróin is uabhair do tháinig air 'nuair do mhothuigh sé é féin fá smacht na námhad, is d'aithin sé go raibh broid 'na chomhair nó ní badh mheasa fós. Ní hamhlaidh bhí sé lag-chroidheach ná eaglach roimh an mbás; acht gur thruagh leis an saoghal d'fhágáil gan an obair i n-a raibh a mheón go léir do chríochnughadh. Do luigh sé ar uall, ag cásamh díthe a dhúthchais chráidhte chéasda is an chreidimh do chongaibh sí gan teimheal gan spleádhachas dá námhaid. Le gliocas iongantach do léig Éamonn air go raibh a shamhail sin do thocht cathuighthe air féin is do thuiteadar an bheirt ar mhuinéal a chéile, ag caoi-ghol go fuigheach is go daingean. Tháinig buaidheart Éamuinn 'na mhórthrithíbh air. “An bhfuil an sgéal mar sin?” deireadh sé, tar éis lán-thocht uaill do chur de, “Mo bhrón! is beag a shíleas go rachadh an lá orainn fá dheireadh, acht glac misneach, is beidh buaidh againn fós.” “A chara dhílis,” deireadh sé, is a chainnt ag leathadh air le neart a osnadh, “bíodh foighne agat. Tá Dia láidir, cumhachtach, daonnachtach; is eólach dó an chuma i n-a bhfuilimid. Bíodh ar muinighin as Dia.” Le n-a leithéid sin do chomhrádh do chiúnuigh sé Cormac is iad ar aon dá n-ullmhughadh féin chum dul go Corcaigh i dtionlacadh ghárda an Phresident. Is buaidheartha cráidhte doilbh do bhí Cormac cé gur cheil sé ar fhéad dá chumha. Acht dá aindheóin do sgéitheadar a osnaidhe 's a chuid uaill ar an dhoilgheas do bhí ag crádh a chroidhe gan suaimhneas. Lá breágh fóghmhair do b'eadh é; bhí an ghrian árd 'san spéir, is a lán do dhrúcht na maidne tiormuighthe 'nuair ghluaiseadar ar aon ó Chaisleán na Mainge. Bhí a slighe le hais sléibhte is coillte is loch áluinn Cille hÁirne; do las an ghrian fhóghmhair go lonnrach leacain na ngarbh-chnoc is uisgidhe na leathan-loch; bhí breacadh niamhrach, dathamhail, ag teacht ar dhuilleabhar na gcrann is na dtor is do líon guth na n-éan an spéir mórdtimcheall le binneas ceóil. Bhí árd-sgáil na mórshléibhte, badh dóigh leat, ag snámh ar an dtalamh íochtarach, nó ag leaghadh i measg réidh-thonnta Locha Léin. D'árduigheadar céad cnoc clúduighthe i bhfraoch riabhach soillseach a gcinn ríoghdha dána go huaibhreach mar athaigh ag tógáil comhairle ó n-a chéile is d'fhéachadar anuas ar choilltibh, ar aibhnibh, ar fhotharachaibh, ar bhailtibh, go flaitheamhail is go mórdha. Ós árd, chomh fada is shroichfeadh do radharc, do sgread an fiolar ag leathadh a sgiatháin is ag eitill go lán-mhear ó aill go cumar; ar an loch ba shuanmhar an eala ag snámh. Bhí céad sruth dá radadh féin gan faosamh tar ghuailnibh na sléibhte is dá mbriseadh féin 'na gcubhar ghléigeal i measg cairrgibh 'na slighidh. Do shéid leóithne fionnfhuar ó oileánaibh boga, úra d'éirigh go niamhrach, fíor-ghlas, tré hucht an uisge. Annso is annsúd d'fheicfeá faolchú le hulfairt ocraigh ag déanamh ar na coilltibh; do ghéim an fiadh is d' fhreagair an macalla tré shleasaibh na lán-chnoc. Ba radharc é do líonfadh an croidhe le háthas is do ghríosfadh an aigneadh chum dian-mhachtnaimh. Do chleacht Cormac an radharc soin ó bhí se 'na leanbh; is ní hannamh do chuir a fhíor-áilne ag tál na ndeór é. Acht anois do cheap sé ná raibh sé go deó arís chum a shúile do leathadh ar choilltibh glasa ná ar oileánaibh úra Cille hÁirne. Ar uairibh d' iarr sé ar a choimeádaidhibh cead seasaimh óir bhí an tocht cathuighthe ró-throm ar a chroidhe. Arís is arís eile do leath sé a shúil ar an radharc do bhí os a chomhair; is ní le sásamh folamh an té lér thaitneamhach duilleabhar bog, glas, niamhrach na dtor is fuaim ceólmhar an uisge dá stealladh féin le dásacht ó thaobh chnuic; acht le croidhe do thuair buaidheart is donas dó féin is do'n tír do ghrádhuigh sé. Do bhrath sé go raibh a dhúthchas ar bhruach millte is daor-bhruide is do chan go fíor-uaigneach an laoidh seo: SLÁN LE CILL ÁIRNE. Mo ghoin caidé an smúid seo ag dúnadh ar mo chroidhe, Rinn' mo bhalla neamh-lúthmhar is d'fhúig mé gan brígh, Do ghríosuigh mo shúile le dúthracht chum caoi, Is an sruth leachta tiugh guirt dá múchadh síorraidhe? Caidé an smuaineadh so chlaoidheas mé ó mhaidin go neón, Is do shior-shuaitheann m'inntinn le mearbhail bróin? Ag cuimhneamh ar chlaoin-bheartaibh Danar is gó, Do sgíordann mo shíth uaim gan casadh go deó. Is gorm iad na tonna ar bhruach Locha ghil Léin, 'Sis borb iad do thora-sa, a Mhuc-rois na n-éan! Is soilbh le cloisint é sonnadh na g-craobh; Acht mo dhochar! is doilbh dubhach dorcha mé! Tá an t-óg-ghéis go suainmhear ag snámh ar an linn, Is glór glaisí ag gluaiseacht trí bhántaib ró-bhinn, Tá leóithne ag luasgadh na ngéag n-úr 'san choill, Acht is ró-bheag mo shuaimhneas gan áthas a bhím! Na sáir-fhir do dhoirt a gcuid fola i dtóir, Is i lán-threas na ngorm-chlaidheamh gortadh tar fóir Is sámh é a gcodladh 's is socair fán bhfód, Is mo chrádh is mo thurrainn ná codlaim-se leó. 'Sé do chnead chuir i bpéin mé, a thalaimh mo chroidhe, Is do bhasgadh gan faosamh le haicme seo an fhill, Do ghreadadh is do réabadh le lasair is claidheamh, Is mo chreach is mé i ngéibhinn, 's gan cneasughadh ar do dhith. Acht, a chara, glac meanma! - b'fhéidir le Críost Go bpreabfadh chugainn gasradh 'on Ghréig-fhuil úd fhír, Le feartaibh a n-arm gan éislinn, gan teimheal, Ag treasgairt na nDanar, 's dá léir-chur tar tuinn. Slán, slán leat, a Léin-Loch na bhféith ngorm n-úr, Leanfaidh áilne do sgéimh' mé go dtéidhead-sa 'san úir, Ná raibh cáim ar do shléibhtibh ná béim ar duilleabhar, Ciodh fánach i gcéin mé im' thraochadh le búir. A thalaimh na n-éan mbinn, na gcraobh n-úr, gan tlás, Is fada gan réim duit, gan chéim mar ba ghnáth. Fá sgamall, i ndaor-bhroid, gan chéile, gan pháirt, 'Sé do chartadh 's do réabadh do léanuigh mo lá. D'fhanadar an oidhche sin i gCill Áirne; is ar maidin lá'r na bhárach bhíodar ag siubhal arís chum Corcaighe. Ar feadh an bhóthair do rinne sé buaidheart do Chormac is chuir sé mor-iongnadh air, an luighead do mheabhruigh na daoine an dlúth-thuirse bhí rómpa, is méid a n-áthais 'nuair d'amharcadar gasradh an Phresident, is 'nuair chualadar an buaidh bhí leó go déidheanach. Do chuaidh a ngártha 's a sgreadaigh tré n-a chroidhe mar bhiorghaoithe. Bhí eolas cinnte ar mhuinntir a dhúthchais féin aige, is níor chreid go raibh grádh aca ar smacht na nGall do thugadh masladh laetheamhail dá gcreideamh; is bheartuigh sé i n-a aigneadh gurab é seo brígh bhí leis an lúthgháir sin: “Ní féidir linn slabhradh na n-eachtrann do bhriseadh, is uime sin is cóir dhúinn cur suas leis, chomh maith is d'fhéadfam.” Bhí milleán aige orra i dtaobh a n-easbaidh meanman is misnighe lé'r mheasadar nár bh'fhéidir leó slabhradh a ndaoirse do bhriseadh. Ba thruagh leis éisteacht le muinntir Charrthaigh, le muinntir Chaoimh,le muinntir Dhonnchadha, ag liúirigh do'n Phresident go guth-árd is go déadla, cé gur bhrath sé gur fhuathadar 'na gcroidhthe é féin is an Bhainríoghain do chuir chuca é, is ag labhairt go nimhneach neamh-thruaighmhéileach i gcoinnibh an Iarla úd do sheasaimh go fearamhail i n-aghaidh na nGall. Ag smuaineadh is ag machtnamh mar sin dó, chuir duine do'n ghasraidh i n-umhail dó go raibh se i gCorcaigh - mar bhí a mheabhair ag oibriughadh chomh dian soin nár mhothuigh se an lá ag sleamhnughadh uaidh. Acht is gearr go dtug radharc na cathrach is fuaim na dtrucal chuige féin é. Do cuireadh fá ghlasaibh láithreach an bheirt i gcathair Chorcaighe. Fad do bhíodar ar aon i bhfochair a chéile fá chomairce an Ghearaltaigh do bhrath Éamonn ar chomhrádh Chormaic amhail adubhramair go raibh rud éigin ar bun ag na Gearaltachaibh, go raibh súil aca go raghadh an lá ar na Sagsanaibh go athchumair, is go raibh congnamh éigin nár thuig sé 'na ngaor; acht níor fhéad sé a thuilleadh eólais d'fhagháil uaidh, dá mhéid a ghliocas. D'innis se do'n President ar aithin sé, is do rinne seisean mórán do'n eólas soin. Is é a shíl sé go rabhadar ag feitheamh le cabhair ó dhúthaigh éigin tar lear, is gur gheárr go mbeadh neart aca cogadh dian díoghbálach do chur ar aghaidh. D'orduigh sé Cormac 'na láthair, is cheistigh é i dtaobh rún-comhairle na nGearaltach, acht níor fhreagair Cormac focal dár fhiafruigh sé dhe. Do bhagair sé pianta géara aithiseacha air, acht ní raibh brígh 'na ghlór. Níor bhain an trom-bhagairt sin gíog as. Fá dheireadh bhí briseadh ar an bhfoighne ag an bPresident go mór-mhor ó tháinig gach lá sgéala níos measa 'ná a chéile ó Chúigeadh Mumhan; is dhearbuigh sé go gcaithfeadh an t-óglách sgeitheadh ar rún-chomhairle na bhflaith nó bás aithiseach d'fhulaing. I measg na gcoimeádaidhthe bhí fear do mhuinntir Chaoimh - Diarmaid ba hainm dhó - ag á raibh báidh mhór le Cormac. 'Nuair d'airigh sé ordughadh an Phresident do cheap sé a dhícheall do dhéanamh chum é do shaoradh; fiú a anam do thabhairt ar a shon, dá mbeith gábhadh leis. 'Nuair do bhí sé ag dul i n-athchumaireacht do'n lá i n-a raibh Cormac le crochadh do leig sé air gur bh'fada leis uaidh an lá soin i n-a dtabharfaidhe ar an gcladhaire ógláigh sin an ídeadh do bhí ró-thuillte aige. Ar maidin an lae úd do chuaidh sé go moch go beagárus an óig-ghéibhligh chum a lámha do cheangal. Ar feadh na haimsire seo go léir shíl Cormac ná raibh aon chaoi éalóidh aige is do bhí se lan-shásda bás d'fhagháil; is 'nuair d'osgail Mac Uí Chaoimh doras a bheag-áruis, an mhaidin soin, ba thruaighmhéileach an radharc ar ar luigheadar a shúile. Bhí an géibhleach ar a ghlúnaibh ag guidhe go ciúin is go socair. 'Nuair d'airigh sé an doras dá osgailt, is an fear ag teacht isteach, d'iompuigh se a cheann is adubhairt. “'Seadh, thángais chum cabhrughadh liom le haghaidh mo bháis. Ní'l cathughadh orm go bhfuilim ag dul ar an saoghal eile, acht admhuighim go bhfuil brón is duairceas orm i ngeall ar anacraibh an tsaoghail seo. Is iomdha obair mhaith do cheapas a chur chum cinn acht anois, fáiríor géar, tá deireadh lem' chuid oibre go bráth.” “Lean mo chomhairle-se,” ar Mac Uí Chaoimh “agus i gcionn uaire do chlog béarad saor ó'n ngéibhinn seo thu; acht caithfir bheith ullamh is gan léigean do smuaintibh don tsórt soin teacht 'nar gcoinnibh. Táim-se chum do lámha do cheangal, acht chidheann tú go bhféadfair an ceangal so do bhriseadh acht é do bhualadh i gcoinnibh na talmhan nó earraidh éigin chruaidh; beidh doras na háite i n-a bhfuil an chroch gan glas. Ar bhagairt uaim-se, bris do gheit ceangal do lámh, is teich chomh mear is is féidir leat go dtí an doras. Rachad-sa ar tóir ad' dhiaidh, gan amhras, agus 'nuair bhéad ar an dtaobh 'muigh do'n doras dúnfad é i dtreó na beidh sé réidh le hosgailt im' dhiaidh; is dá réir sin béidh an fiadhach ar fad eadrainn féin ar dtúis; is 'nuair bheimid tamaill maith ó'n gcathair béarad tuilleadh orduighthe dhuit.” Chuir an chainnt sin mór-iongnadh ar Chormac, acht d'aithin sé ar imtheacht is ar fhéachaint an fhir eile go raibh sé dá rírib, go mórmhór 'nuair do chonnaic sé go raibh an ceangal mar adubhairt sé, is d'fhill a mhór-dhóchas na thuile ar a aigneadh; do b'éigin dó síneadh ar an dtalamh le lagachar; bhí gach orlach dá chorp ar ballchrith, is do rith caise deór ó n-a rosgaibh. Níor thaise do'n choimeádaidhe féin; do mhúch a chuid osnadh a urlabhra; níor fhan táthadh 'na bhallaibh is do thuit sé ar nós leinbh bliadhna, le neart a chumhadh. Bhí crochadh chomh coitcheann soin i gCorcaigh an tan soin nár bhailigh mórán daoine chum féachaint ar bhás Chormaic. Níor mhor an t-iongnadh do rinneadh de. Acht do chuir an President sgéala chuige go bun na croiche go maithfidhe dhó dá sgéithfeadh sé ar rúnaibh na nGearaltach. D'fhéach Cormac ar an teachtaire go tarcaisneach is badh dhóigh leat ar a chainnt is ar a fhéachaint go raibh rún éigin aige badh mhór a b'fhiu. Acht má bhí ba léir do'n teachtaire go gcoingbheóchadh sé greim air, is d'imthigh sé air go neamh-shásda. Bhí gárda mór-dtimcheall ag faire go caoitheamhail a raibh ag dul ar aghaidh. Bhí a gcroidhthe níos mó leis an ngéibhleach ná bhraithfeá, acht b'éigin dóibh fanmhaint socair is gan a gcuid truaighe do thaisbeánadh ós comhair na ndaoine. Má bhí fear ann agá raibh mac 'san mbaile i ndeallradh Chormaic is dearbh gur ghoill an radharc soin air, acht b'éigin dó a shúile do thiormughadh i ganfhios, is léigean dá chumha brughadh ar a chroidhe féin. Thug Mac Uí Chaoimh an géibhleach go bun an sgáláin, is ba bheag nár mhithid dó bheith ag dul i n-airde mar do bhí an sgálánach go neamh-fhoighideach ag feitheamh leis. Do bhagair an coimeádaidhe ar an óglách is d'iompuigh uaidh chum féachaint an raibh na cláir curtha go daingean i dtalamh. Do gheit, d'airigheadh fuaim iarainn; bhí an ceangal sgaoilte, is Cormac ag déanamh ar an doras 'na lán-rith! Mar bhéadh draoidheacht air, do ghéill an doras dó, is do phreabh se amach is as go bráth leis. Do lean an coimeádaidhe é, is níor ghábhadh dhó léigean air go raibh deabhadh air, mar ba mhire Cormac 'ná a dhícheall. Mar do ceapadh leó do dhún sé an doras 'na dhiaidh i dtreó ná féadfaidhe é d'osgailt gan moill. 'Nuair do bhíodar tuairim le dhá mhíle ó'n gCathair do ghlaodhaigh an Caomhach chum Cormaic gan rith chomh mear soin óir bhí sé féin geall le bheith traochta, is a aghaidh do thabhairt soir ó thuaidh ar feadh tamaill. I gcionn míle eile dubhairt sé leis stad is ag féachaint timcheall dóibh chonnacadar, nó shíleadar go bhfeacadar, foireann mharcach ag teacht ar a lorg go lán-tapa. Gan maill nóimint do shleamhnuigheadar isteach i sgioból is le dréimre do phreabadar ar lochta ag tarraing an dréimre 'na ndiaidh. Chuadhadar go daingean i bhfolach i bhféar úr do bhí ar an lochta. Níor chian mar sin dóibh fá anaithe is bualadh croidhe 'nuair d'airigheadar fuaim na gcapall is láithreach do stad buidhean marcach os comhair an tighe le n-ar bhain an sgioból. Chuaidh na marcaigh isteach is do chuarduigheadar an teach ó bhun go bárr gan tairbhe ar bith. Ní raibh istigh an tan soin acht sean-bhean bhodhar na féadfadh tuairisg do thabhairt dóibh ar aon' ne. Fá dheireadh thángadar go dtí an sgioból is bhí deallramh neamhdhíoghbhálach ar gach uile ní ann. Bhí gach ní go socair is go ciúin acht croidhthe na bhfear ar an lochta. “Ní'l siad ann so ar aon tslighidh,” ar duine do'n ghasraidh ag géar-infhiúchadh an tseomra dhorcha úd. “Táim cinnte go bhfuilid ins an tigh sin amuigh,” ar duine eile aca, “nach dtugabhar fá deara an sgannradh bhí ar an tsean-chailligh úd ar eagla go mbéarfaidhe orra?” “Is cuma liomsa soin,” ar fear eile, “do chuarduigheamar an teach soin go mion, cheana, is ní aon maith dhuinn dul níos déine air. Imthighmís orainn, b'fhéidir go bhfuilid romhainn.” Ar an bhfocal soin do chasadar tar n-ais; is i g-cionn dó no trí neómantaidhe bhíodar as éisteacht. AN TREAS ALT AN tATHACH. Tar éis tamaill bhig na dhiaidh sin do chogair an bheirt aran lochta le chéile, agus is é rún do cheapadar fanmhaint mar a rabhadar gan corraidhe go tuitim na hoidhche. Is cortha, cráidhte bhíodar 'nuair do thosnuigh solas an lae ar sgaipeadh fá dheireadh, is do thuit dorchadas ar an tseomra doilbh úd, i gcuma na féadfá do lámh shínte d'fheicsint. Is socair d'éirigh an bheirt; chuireadar an dréimre mar a raibh sé, is thángadar chum talmhan. Is tapa do dhruid an Caomhach go dtí an doras, is aireach do sháthuigh sé a cheann amach 'is ró-mhear d'iompuigh sé ar a sháil is dubhairt le Cormac: “lean mé.” Do lean Cormac gan gíog agus is tapa bhíodar ar aon arís ag síor-rith treasna na tíre. Do líon trom-sgamall dorchadais an spéir mór-dtimcheall acht siúd chum siubhail iad le mire iongantach tré fhéar nglas, tré choirce, tar chorrachaibh, tar ruaidhtibh, tar aibhnibh meara, láidre, ina raibh uisge go slinneánaibh ortha, gan sos, gan leisge. Do luigheadar ortha is gan fios aca cá raibh a n-aghaidh, acht go raibh an Caomhach cinnte go rabhadar ag druidim ó'n gCathair. Fá dheireadh do stadadar, agus is tnáithte teirce do chaitheadar iad féin ar an dtalamh. Ann san d'athruigheadar le chéile a gcasóga i gcás ná h-aithneóchaidhe iad is cheapadar gur mhithid dóibh imneamh do dhéanamh ar dhíon éigin d'fagháil go maidin. Uime sin, i gcló bacach gan fuithin ó gharbh-shín na hoidhche do bhuaileadar go cneasda doras botháin do thárla 'na slighidh i n-aice srotha i measg árd-chrann ngéag-chluthar. Ar dtúis níor freagradh; acht ar mbualadh arís is arís dóibh níos déine, d'airigheadh guth uathbhásach leastigh adubhairt: “Cia hé sin? Tar isteach.” D'osgail an Caomhach an doras, is ní gan faitchíos é, is isteach leó ar aon go haimh-leisgeamhail. I bhfíor-lár an tseomra dár osgail an doras soin, bhi fear 'na sheasamh i n-a raibh aoirde iongantach. Ba dhubh é a aghaidh; bhí meagal fada feasóige air; bhí a fhorraidhe bog torach is ba fhiadhain sgeóinteamhail na súile do leath-fholaigheadh fútha. Bhí an teine ar an dteinteán nach mór caithte is le n-a hais bean sgoth-aosda ag suidhe ag fuagháil. D'iompuigh sí a ceann 'nuair a tháinig na deóraidh isteach is tar éis iad d'infhiúchadh go géar, do lean sí dá hobair. “Cia hiad sibh-se, nó cad tá uaibh?” ar an guth mar tóirneach do chuir sgannradh cheana orra. “Is bacaigh bochta sinn-ne,” ar an Caomhach, “ar ar thuit an oidhche gharbh so gan díon, gan fuithin, gan biadh, gan digh, ó chailleamar ar slighe. Táimíd lag le hocras. I n-ainm Dé tabhair dúinn fuithin go maidin, is beagán éigin le n-ithe.” “Táthaoi i n-aghaidh na Bainríoghna,” ar an guth éachtach céadna. “Ní fhuilimíd ag déanamh dadaimh 'na coinnibh,” ar an Caomhach. “Tá an chroch ró-mhaith dá námhadaibh,” ar an ghuth, “is go gcríochnuighthear iad uile uirthi; acht druididh chum na teineadh; a Cháit, faigh rud éigin le n-ithe.” Do dírígheadh na focail seo chum na mná; is d'éirigh sí láithreach 'na seasamh is chuaidh i seomra bheag fá leith. I gcionn tamaill do chas sí le harán mine coirce, is beagán éisg, is do chuir ar bhord bheag i láthair na mbacach le hais na teineadh, is annsoin do chuaidh sí ag iarraidh bainne dhóibh. Bhí an-dúil ag an mbeirt 'san mbiadh tar éis a gcuid anró is trosga. Do sheas an t-athach i leathtaoibh ar feadh na haimsire is gan focal as, acht mar a chuireadh ceist ortha, cad as iad, nó cad do b' ainm dóibh, nó mar soin. Ba léir dóibh nár chreid sé focal adubhradar, is tháinig lán-fhaitchíos orra. Acht b' éigin dóibh a gcuid faitchís do cheilt chomh maith is b' fhéidir leó. Bhí a lán do'n oidhche caithte nuair adubhairt an t-athach leó go garbh-ghothach é féin do leanmhaint is sháthuigh sé go tapa rompa i seomra léir-dhorcha; is neamh-chneasda do dheimhnigh sé dhóibh go raibh aon leabhaidh amháin annsoin 'na gcomhair, is d'fhág slán aca, do dhún an doras 'na dhiaidh, is do chuir glas air go daingean. 'Nuair d'airigh Mac Uí Caoimh fuaim na heochrach ag daingniughadh an dorais do theip a mhisneach, is d'éirigh osnadh chum a bhéil; acht níor ghéill sé dá chumha, is do choisg an bhrón-ghlothar 'na sgornaigh. Do chuarduigheadar mór-dtimcheall 'san dorchadas; is ó bhí an seomra beag níor deacair a raibh ann do sgrúdadh. Níor labhradar acht i gcogaraibh ciúine. D' airigheadar guth an athaigh ag tógáil comhairle, dar leó, ó n-a mhnaoi - acht níor bh'fhéidir leó na focail do thuigsint. Bhrathadar, amhach, gur ortha féin do bhí an choiste. Níor fhág an Caomhach poll ná ball 'san tseomra gan cuardach go raibh sé cinnte ná raibh duine 'na bheathaidh ann acht iad araon. Do bhuail sean-chomhra uime nár osgladh le fada is nár útuigheadh is dócha riamh. Tar éis bheith a bhfad ag utumáil níor theagmhuigh leis acht cirteacha ar chirteachaibh as bhí sé ar tí léigean do 'nuair do mhothuigh se rud éigin ag priocadh a mhéir is do tharraing sé amach go socair gearr-chlaidheamh lán-fhaobhrach. Do shín sé an claidheamh so ar an leabaidh fá'n éadach le hais na háite ina raibh se le luighe. Ann soin do luigheadar ar aon ar an leabaidh i n-a gcuid éadaigh. Ní chum codalta, amhach, cé go rabhadar tuirseach tnáite tar éis an lae. Acht do choisg faitchíos iadhadh na súl ortha. Do luigh an Caomhach ar an taobh amuigh is a chlaidheamh ullamh le n-a láimh. Do shín Cormac é féin leastigh. Níor labhradh gíog eatortha. Bhí an oidhche ag dul tarsa go mall, is fá dheireadh do chiúinigh an chainnt 'san tseomra eile, is ní raibh fuaim le cloisint ar fuaid an tighe. Acht ní raibh Mac Uí Chaoimh sásda i n-a aigneadh. B' fhada uaidh é. Bhí eólas maith aige ar rúnaibh carcar is ar chleasaibh coimeádaidhthe; is ní raibh a dhroch-amhras gan fáth an tan soin. Tar éis uair a chlog 'na luighe mar sin dóibh do tháinig néal beag solais tré ionad na heochrach 'san doras. Níor cailleadh an comhartha soin ar Mhac Uí Chaoimh is do ghlac sé a chlaidheam go dlúth 'na láimh. Do gheit d'iompuigheadh an eochair, d'osgluigheadh an doras, is láithreach bhí an t-athach 'san tseomra. Bhí solas is slabhradh iarainn i láimh leis; bhí arm faobhair 'na láimh eile. B'uaigneach é trom-fhothram an dorais ag dúnadh 'na dhiaidh. Do thaisbeáin an solas do'n Chaomhach mí-shlacht an tseomra i n-ar chaith sé an oiread soin do'n oidhche - a shalachar, a ghránnacht, na bhallaidhe ag lobhadh le haois is le fliche, an t-urlár dreóighte, tolluighthe, acht ní ar na neithibh sin do smuainigh sé anois. Comh luath is chonnaic sé an t-arm faobhair i láimh an athaigh do phreab sé ar a chosaibh mar phreabfadh leómhan, is thug fogha dá chlaidheamh ar láimh an athaigh i n-a raibh an solas. B'éigin dó soin le neart tinnis a ghreim do bhogadh. Do múchadh an choinneal is do thosnuigh a ndlúth-fhuirse is a g-coimheasgar fá dhúr sgamallaibh na hoidhche. Gan moill noimeint do rug an Caomhach ar an slabhradh is do cheangail go docht lámha an athaigh leis; do chrom an t-athach ar oibriughadh go dian le n-a chosaibh is ins an iomrasgáil do bhuail buille ar Chormac do leag i gcoinnibh an bhalla é ag sgreadadh le pian. 'Nuair a tháinig an t-óglách chuige féin do chuarduigh sé an talamh is fuair sé an claidheamh do raid an Caomhach uaidh 'san bhfuirse; is leis an arm soin b'fhéidir leis an t-athach do coimeád socair fad bhítheas ag ceangailt a chos. An tan mhothuigh an t-atach go rabhthas ag ceangailt a chos is ná raibh aon chaoi éaluighthe aige do sgread sé go huathbhásac mar do sgreadfadh tarbh do ghéarghoinfidhe. Acht ní raibh maitheas 'na ghlór. Tar éis é féin do chor le árd-bhéicigh do luigh sé ar athchairt ortha léigean dó féin, ná raibh sé chum aon díoghbhála do dhéanamh dóibh, go stiúróchadh sé iad go háit i n-a mbéidís slán, go raibh a lán eólais aige d'oirfeadh dóibh go mór. Is beag an toradh thug an Caomhach air acht fiafruighe go dána dhe cia nós a bhfuighbhidís solas. Do ghlaodhuigh an t-athach chum na mná solas do thabhairt chuca. Is ró-ghearr go dtáinigh sí go dtí an doras is coinneal ar lasadh 'na láimh. Do chrith sí le hanaithe is uamhain 'nuair do chonnaic sí an treó bhí ar an athach agus is truaighmhéileach d' iarr sí ar Mac Uí Chaoimh é thabhairt go dtí an teine bhí 'san tseomra eile go léigfeadh sé a sgíos de. D'aontuigh Mac Uí Chaoimh is tar éis a lán unfairt do síneadh an tréan-fhear as comhair na teineadh chomh cneasda le huan. 'Nuair do bhí a namhaid fá dheireadh fá 'na smacht, d' orduigh an Caomhach do Chormac greas codalta do thógáil d'fhonn bheith ullamh neartmhar i n-aghaidh an lae bhí rómpa. Tar éis dulchum suain don óglách d'éirigh réidh-chomhrádh idir an bheirt eile le hais na teineadh. Do bheartuigh an Caomhach nár mhisde dhó anois a eachtra féin is eachtra Chormaic d'innsint do'n athach. D'éist seisean go fíor-ionumhail is anois is arís do chnead se go truaighmhéileach. Ba huaigneach é fuaim a shlabhraidh 'nuair a thugadh iarracht ar na deóra teógha bhí ag sileadh le n-a shúilibh do cheilt le n-a gharbh-láimh. D'fhair an Caomhach gach cor do chuir sé dhe is thuig sé ó na chomharthaibh buaidheartha soin go raibh sé ag cur suime 'na sgéal. Dá bhrígh sin tar éis críochnuighthe dhó d' athchuir sé ar a sgéal féin d'innsint is a chur i n-umhail dó cad 'na thaobh gur chuir an t-eachtra an oiread soin bróin air. Tar éis lán-tocht cathuighthe do chur dá chroidhe do'n athach is na caisí deór do thaosgadh as a shúilibh adubhairt mar leanas: “Atá sgéal éachtach agam-sa, leis, acht is mian liom é do ghiorrughadh. Goirthear orm Domhnall Dubh. Bhíos tamall i dtreasaibh na nGearaltach; is ba mhinic mé ag coimheasgar fá n-a mbratach; acht lá is mé ag déanamh creiche le hais Eochaille do sgiobadh mé óm' bhuidhin go hobann le gasraidh do mhuinntir na Bainríoghna. Feall-bheart do b'eadh í, is dóigh liom. Do rugadh mé i láthair an Phresident. “Bhagair seisean an chroch orm muna n-inneósainn dó rún éigin do bheartuigh sé bheith agam; is fós, do gheall sé mórán saidhbhris dam dá ndéanfainn a thoil. Ní bhfuair se gíog asam is fá dheireadh bhítheas chum mé do chrochadh acht le congnamh coimeádaidhe éigin theicheas. B'fhada dham ag siubhal ó áit go háit i ganfhios. Fá dheireadh do shocruigheas ins an chúinne uaignigh seo. Do rinne mo bhean amach annso mé is tá sí im' fhochair ó shoin. Tá roinnt airm agam is leó soin is le neart mo lámh do chosnuigheas mé féin go dtí seo. Ní headh, ná go bhfuaireadh amach mé. Anois is arís do bhris isteach orm i meadhón oidhche cladhairí ar thí mo cheann do bhreith go dtí an President, acht níor fhill fear innste an sgéil díobh. Is deimhin gur cheapas go rabhabhar-se ar an teachtach chéadna agus is é do cheapas sibh do mhilleadh chomh maith leó. Acht bhíobhar-se ró-luath dham, is tá áthas orm na thaobh, óir do bheadh cathughadh orm tar éis bhur gcuid fola do dhortadh.” Do chreid an Caomhach gach focal dár labhair sé. Acht ba mhaith leis eólas d'fagháil ar aon ní amháin. “Cad 'n-a thaobh,” ar sé le Domhnall Dubh, “a bhfuilir ag fanmhaint i gcontabhairt mar so? Ná feiceann tú ná béadh maith id' arm 'ná id' neart anocht. Is éigin duit bheith claoidhte luath nó mall.” “Bh'fhéidir gur baois atá im' choimeád annso,” ar Domhnall, “acht ní fhuilim gan dóchas éigin le fanmhaint annso go mbuailfinn buille tubaisteach ar an namhaid ins an áit seo mar a bhfuil sé chomh tréan soin. B'fhéidir go bhfuil rún éigin 'na theannta soin agam, acht ní hé seo an t-am é léigean amach.” Ba chian ó chuaidh Cormac do chodhladh, acht do dhúisigh an chainnt é is do phreabh sé 'n-a shuidhe is ag seasamh ag doras an tseomra d'airigh se deireadh chomhráidh na beirte eile, is do chuir ar chlos ag dian-mhachtnamh é. “Agus an bhfuil duine eile mar mise?” ar sé leis féin, “árd-aimneach, lán-dóchasach, is gach beart ag dul 'na choinnibh, is é chomh fada soin ag iomarasgáil leis an mbás.” Do ghoill a chuid machtnaimh chomh trom soin air gur léig sé sgread as. Ar chloisint a ghotha is tapa bhí an Caomhach 'na theannta is do bhraith láithreach cad do bhí air. Do rug sé ar láimh air, is do rug i láthair an athaigh é do bhí ceangailte is sínte treasna an teinteáin. Ba ghearr an mhaill eachtra Dhomhnaill do shlánughadh do Chormac. Is fá dheireadh do thuigeadar a dtriúr a chéile. Do sgaoileadh Domhnall is do shuidh sé go sásda le hais na teineadh 'na bhfochair. 'Sí comhairle do ceapadh leó annsoin Domhnall do dhul le na gcois. Bhí Domhnall féin ullamh chum a chion dá gcuid sóigh agus anshóigh do ghlacadh; is níor bh'iongnadh go ndubhairt Cormac lán do sgleóndar gur ghearr go mbéadh sgéala maithe aca, is nár bh' fhada ó bhaile an té chabharóchadh go mór le hobair saoruighthe na hÉireann. B'fhéidir gur shíl Domhnall gur fáidh do labhair is gur thóg sé an tarn-gaireacht soin chuige féin. Is é rún do cheapadar a dtriúr dul gan moill go dúthaigh na nGearaltach is buille éigin do bhualadh dá mb'fhéidir i n-aghaidh an námhad. Do rinne Domhnall socrughadh dá mhnaoi fad do bheadh sé amuigh, is do ghluaiseadar a dtriúr chum siubhail ar maidin go deiscréideach go crích na nGearaltach. AN CEATHRAMHADH hALT. AN TURAS. Ar maidin lá'r n-a bhárach do luigheadar ortha a dtriúr go mall is go seachnamhail tré ghleanntaibh na hAbhann Móire. Ar uairibh do chongbhadar le chéile ar eagla roimh namhaid, is ar uairibh do sgaradar ó chéile ar feadh tamaill ar eagla go dtabharfaidhe fá dheara iad. B' éigin dóibh go minic bheith gan lón ar eagla dá solátharóchadh siad é go mbéarthaidhe go hobann ortha; is b'éigin dóibh codladh ins na coilltibh do thárla 'na slighidh. Is amhlaidh d'fhaireadh an bheirt aosda gach re tamall do'n oidhche i gcuma go mbeadh codladh na hoidhche ar fad ag Cormac. Bhí an chríoch tré n-ar ghabhadar millte, sgriosta tar fóir. Bhí guirt choirce is chruinneachta na gcosair easair, nó losguighthe gan bhrígh. Bhí na tighthe ar lár, na dóirse is na taobháin briste, an díon imthighthe leis an ngaoith; bhí na daoine bochta lér bhain na tighthe seo 'na seicidiúraibh ag seasamh ar thaobh bhóthair is ag crith le fuacht gan balcaisíbh gan bhiadh gan digh' nó bailighthe fá géagaibh na gcrann, nó, fós, ag cuardach rud éigin bhainfeadh an t-ocras díobh tré garradhaibh loitighthe is tré mhóinfhéaraibh dubh-loisgthe Ba thruaighmhéileach an radharc na páistí beaga bochta tarlomnochta gan lúth 'na mballaibh, gan sméide ,na ngnúisibh' gan uaim ghrinn ná cheóil 'na mbéalaibh, gan sugradh ar bhántaibh mar ba ghnáth, acht 'na síománaigh fuirighthe fann ag bailiughadh na neanntóg nó ag suidhe cois bhallaidhe fuar is gan fiú na coisidheachta aca. Bhí an t-arbhar, áit nár loiteadh le teinidh é, ag aibiughadh is ag breacadh go lán-mhear. I n-áiteannaibh bhí sé gearrtha is curtha i bhfolach sul a bhfuaideóchadh muinntear an chogaidh é, is bhí fir ag faire gach lá ar na mullachaibh mór-dtimcheall. D'fhaireadar na gabháltaidhe a mbólacht ló is oidhche, is níor bheartuigh aon'ne gur bh'fhiú uair do chloig a bheatha ná a mhaoin. Bhí na daoine ag fagháil bháis go tiugh le hocras is le hanró is go minic ní raibh aon ne' chum iad d' adhnacadh. Níor bh'annamh le feicsint ablacha leath-lobhtha ar dhruim talmhan stollta as a chéile le gadharaibh. Níor bh'annamh le feicsint páistí óga bailighthe timcheall na n-ablach sain dá n-ithe go cíocrach is ag síorbhruighean le chéile 'na dtaobh. Do leath an bás agus an t-ocras daol-bhrat bróin ar spéir is ar thalamh. Ní raibh séis na gotha daonna i dtigh ná gáir na n-éan i gcoill le cloisint lá grianmhar foghmhair ar feadh mílte do'n tslighidh. Tráthnóna áirithe do bhíodar ins an tír idir fhuinse na hAbhann Móire is an tOileán. Do tháinig mórshéideadh gaoithe is fearthainne ortha go hobann do rinn' oidhche do'n lá. Láithreach baill bhí na bóithre go léir fá thuile is na sruthair mór-dtimcheall do bhí i ndísg nach mór ar maidin anois 'na dtuiltibh móra ag cur a nglór i gcéin. Ar uairibh do las an spéir le splanncaibh lonnracha, is 'na ndiaidh d'airighthí fothram uathbhásach tóirnigh ag gluaiseacht, ag filleadh, is ag aith-fhilleadh idir na sléibhtibh mar fhuaim chogaidh na n-athach. Bhi an triúr anois fliuch isteach go dtí an croiceann, is a gcuid balcaisí chomh trom soin le fliuchán gur dheacair dóibh siubhal; 'na fhochair sin bhíodar lag-bhríoghach ó throsgadh an lae, is ba mhithid dóibh imshníomh do dhéanamh ar fhuithin éigin d'fhagháil i gcomhair na hoidhche do bhí anois ag tuitim go dubh-sgamallach ar mhuir is ar thalamh. Ag machtnamh ar an chruaidh-cheist sin dóibh do chonnacadar os a gcomhair teach gabháltaidhe ar árd le hais an bhóthair; bhí na ballaidhe gealta le haol, is bhí díon cluthmhar seasgair air lasmuigh; acht ní mórán eile bhí le feiscint 'na thimcheall do chuireadh fonn ar lucht siubhail dul isteach chum a sgís do léigean díobh. Bhí ba is capaill i bhfearann le hais an tighe ag baint sgáith na gcladhthach dá chéile mar chomairce ó'n anfadh. Do thógadar comhairle a chéile an rachaidís isteach ag iarraidh dín na hoidhche. Agus is í comhairle do cheapadar, d'aon mheón amháin, dul fá dhéin an tighe, gur bh'fheárr bheith i gcontabhairt bháis ó námhaid ná fanmhaint go fuar, fliuch, fann, fá gharbh-shín na oidhche. 'Nuair a thángadar go dtí an doras, do fuaradar leath-osgailte é, is chuadhadar isteach gan chuireadh, gan iarraidh. Bhíodar chomh fliuch, chomh fuar soin, chomh teirce le lagachar is le hocras go dtiocfadh truagh dhóibh i gcroidhe a námhad féin, dá chruaidhchroidhighe neamh-thruaighmhéilighe é. Acht cibé eagla bhí ortha roimh mhuinntir an tighe níor lean sé i bhfad díobh. Do bhí fear d'aois timcheall an dá fhichead, is a bhean mórán níos óige is ceathrar leanbh 'na suidhe le hais teineadh do las ós a gcomhair go soillseach is go seasgair ar an teinnteán, gan bheann aca ar an anfadh. do bhí ag réabadh tor is ag tréan-luasgadh coillte lasmuigh. D'éirigh fear an tighe is a bhean i n-éinfheacht is chuireadar fáilte rómpa le hurraim is le cneasdacht. Do labhair an Caomhach láithreach is dubhairt gur deoraidhthe iad do bhí ag dul i gcéin is go raibh sé do dhonas ortha garbh-anfadh do bhreith ortha ins an áit fhiadhain neamh-dhíonmhair soin, is go mbeidís buidheach go deó dá dtabharfaidís dóibh cead fanamhna fa dhíon an tighe go maidin. Do bhí sé chum a thuilleadh d'aithris 'nuair chuir fear an tighe cosg air ag rádh go raibh céad fáilte rómpa, is gan maill do rinneadh gach ar bh'fhéidir chum cabhruighthe leó. Do luigh fear an tighe is a bhean ar bhreis teineadh do chórughadh chum a gcuid éadaigh do thiormughadh. Níor bh'fada gur shuidheadar na deóraidhthe chum bídh, do hullmhuigheadh le deithineas, acht bhíodar, 'na dhiaidh sin, milis soghail, tar éis a gcuid sgís is anró. Bhí Cormac chomh lag soin gur bh'éigin dó dul do chodladh gan moill. D'fhan an bheirt eile go ceann i bhfad do'n oidhche ag comhrádh le muinntir an tighe. Ba mhilis subháilceach a gcomhrádh le chéile, acht níor tharraing aon'ne aca chuige cúrsa an chogaidh ná aon rud eile ar a mbeith áiteamh nó dhá chéadfaidh. Fuair Cormac leabaidh i seómra bheag i mbarr an tighe, is do chodail an bheirt eile i seómra fá leith. Tar éis dul do chodladh don bheirt d'airigheadar muinntir an tighe go gnóthach ag ullmhughadh bídh, dar leó, do dheoraidhthibh éigin eile do tháinig chuca i lár na hoidhche. Tar éis tamaill do chiúinigh an teach ar fad acht níor fhág soin an Caomhach gan eagla go n-imtheóchadh rud éigin ar Chormac. Níor dhún súil leis, cé gur sámh do chodail an t-athach le n'ais. Le neart a neamh-shuaimhnis d'éirigh sé 'na shuidhe go socair, is d'éaluigh go ciúin 'san dorchadas go doras an tseómra i n-a raibh Cormac. D'éist sé ar feadh tamaill ag an doras is d'airigh go soilléir osnaidhe is gearán an óglaigh. D'osgail sé an doras. Ní raibh splannc solais 'san tseómra. Do tháinig crith-eagla air ag déanamh ar an leabaidh dó. Is geárr gur lámhuigh sé duine éigin ag tabhairt iarracht ar fhear na leapadh do thachtadh. Do sgread an t-óglách le pian. Do rug an Caomhach ar an té bhí dhá thachtadh. Níor labhradar gíog le chéile acht dul i n-achrann i n-a chéile i ndian-fhuirse. 'Nuair do thosnuigh Cormac ar sgreadadh do bhog an rábaire dá ghreim, do strac sé é féin as lámhaibh an Chaomhaigh, is amach an doras leis 'san dorchadas is níor fhill ó shoin. Ar maidin ní raibh a thuairisg le fagháil. Do thuit Cormac i lagachar is d'imthigh cuimhne na hoidhche sin ar fad as a mheabhair, is b'éigin do'n bheirt eile gluaiseacht chum siubhail is é d'fhágáil 'na ndiaidh sínte ar leabaidh i bhfiabhras, tinn te trioblóideach. AN CÚIGEADH hALT. AN DÚNMHARBHADH. Ba chiúin chumhra an mhaidean í - mar is gnáth i ndiaidh anfaidh - i n-ar ghluais an Caomhach agus Domhnall chum siubhail. D'airigheadar gur theich an tIarla go Sliabh Mis, agus is é cheapadar dul ag triall air is dá mb'fhéidir congnamh éigin do thabhairt dó. Bhí a slighe i dtosach tré réidhibh sléibhe, is tré ruadhtaibh úra, boga acht i gceann tamaill d'imthigheadar le fánaidh tré thalamh saidhbhir 'na raibh an féar rinn-árd, is gan duine chum a ghearrtha, ná bó ná capall chum a chraptha. Mórdtimcheall bhí an fraoch loisgthe is na tighthe briste isteach is comharthaidhe áir is ghorta i gach aon bhall. Do thángadar go mbaile beag bhí go taisgithe i gclúid fá ghualainn sléibhe, acht ní raibh do dhaoinibh le feicsint lasmuigh acht fíor-bheagán, is ortha soin bhí drioch chomh dubhach, chomh doilbh sin gur dhóigh leat ná raibh focal 'na bpluic. Uatha soin d'airigh an bheirt go raibh an sgéal go dona tar barr ag an Iarla, gur thréig a cháirde é. is go raibh a bhuidhean go léir nach mór sgaipthe, gur bh'éigin dó dul i bhfolach, is nár bh'fhios cá raibh sé an tan soin. Dubhradh leó i n-'fhochair sin go raibh mór-chuid airgid tarraingthe ar a cheann, nár bh'fhéidir leis leanmhaint do'n chogadh feasda, is go raibh muinntir na Bainríoghna ag déanamh a gcroidhe-dhíchill chum greim do bhreith air beó nó marbh. Níor bh'ionann an chuma inar thógadar araon an sgéal so. Do'n Chaomhach ba gheall le fógairt bháis é. Níor fhan preab misnighe 'na chroidhe. Bhí deireadh leis an muinighin sin as cúis a dhúthchais do mhúin Cormac dó. Do chuimhnigh sé láithreach ar Chormac, ar a fhéachaint fhearamhail i gcló leinbh, ar a dhian-mhachtnamh, ar a sholas-aigneadh - ar gach ar smuainigh sé, gach ar cheap sé - feasda gan tapa, gan bhrígh; ar Chormac anois go tréith le héagcruas, is slabhra na daoirse níos daingne ag brughadh is ag milleadh a dhúthchais dílis. Och! dá mbeith fios anois aige an treó bhí ar an Iarla bhocht, caidé mar a thuitfeadh sé i mbrón' cad iad na spioraid do thiocfadh air, cad iad na hosnaidhe do bainfidhe ó chroidhe as! Dála Dhomhnaill níor bh'iad soin na smuainte do rith na aigneadh ar chloisint an sgéil sin dó. Is deimhin go raibh súil aige go mbuaidhfeadh cúis an Iarla fá dheireadh. B'fhada ag teicheadh ó'n dligheadh é, is dá mbuaidhfeadh an tIarla ní bhéadh baoghal air. Acht anois ó chuaidh an lá ar an Iarla ní raibh díon na tearmann aige roimh mhuinntir na Bainríoghna. 'Na theannta soin, do cruadhadh a chroidhe leis an fhuil do dhoirt sé i meadhón oidhche fhuar, dhorcha, le hais na srotha uaignighe úd i gConndae Chorcaigh. Ní raibh anois aon leisge air roimh ghniomharthaibh fola, is dá mbeith féin do chneasóchaidhe a chogubhas leis an airgead do bhí gealltha don té mharbhóchadh an tIarla, is níor bh'fhada an mhoill air ceapadh in a aigneadh ionad comhnaidhthe an Iarla d'fhagháil amach, is, dá mb'fhéidir, an ceann do bhaint de, is an mhór-chuid airgid sin do thuilleamh. Ar an ádhbhar soin d'oir sé dhó chomh maith is d'oir sé do'n Chaomhach fios do bheith aige ar áit fholuighthe an Iarla is dá mb'féidir bheith 'na rún. Do bhí an Caomhach géar-chúiseach go leór is bhí eólas maith aige ar cúrsaidhibh an tsaoghail, is cé nár aithin sé go cinnte na smuainte bhí i n-aigneadh an fhir eile, do mhothuigh sé go raibh rud éigin ag déanamh buaidheartha dhó. Ó chomharthaibh beaga ná haireóchadh duine eile do bhrath sé go raibh rud éigin neamh-fhoghanta ar bun aige. Dála Dhomhnaill do bheartuigh sé gur léigh an Caomhach a mheón mar do léaghfá paipéar; agus is mar soin, gan iontaoibh aca as a chéile, do ghluaiseadar ortha. Níor bh'iongnadh gur theip a gcuid comhráidh ortha. Do thangadar i ndeireadh an tráthnóna soin go tigh ósda is do chuadhadar isteach i gcomhair na hoidhche, mar ní raibh anois eagla ortha roimh na daoinibh. Do shuidheadhar le hais na teineadh mar ba ghnáth do lucht siubhail; bhí a lán eile do dheóraidhthibh ann rómpa is do shuidheadar 'na measg. Ní raibh focal as an athach; do thuit a chion do'n chainnt chum an Chaomhaigh; acht níor bhríoghmar ná aibigh do labhair mar ba ghnáth leis. Bhí trácht eatortha ar an gcogadh do bhí anois geall le bheith críochnuighthe, is ar ráfla éigin d'airigheadh go déidheanach - go raibh na Spáinnigh ag teacht go cuantaibh an Daingin chum cabharuighthe leis an Iarla. Do labhair duine éigin ar ionad foluighthe an Iarla. “Ó mhaise, go gcabhruighidh Dia leis,” ar fear smutach teann 'san gcúinne, “cibé ball i n-a bhfuil sé. Ní bhéarthar go deó air, sin é mo thuairim. Táim deimhneach ná fuil fear 'san Mhumhain indiu do chealgfadh i lámhaibh a námhad é dá bhfaghadh sé na mílte púnt ar an mbeirt soin. Cionnos d'fhéadfadh aon'ne cuimhne ar an gcuradh aosda onórach soin do leagadh ar lár? Táim cinnte, dá mbeith fhios agam go raibh aon'ne chomh holc san 'san dúthaigh seo, go mallachtóchainn an phréamh as ar fhásamar go léir.” “Maith an buachaill,” ar fear caol dubh do shuidh ar an dtaobh thall do'n teinidh, “caidí an chainnt sin ort mar sin? Ná hinnis damh-sa é. Tá aithne mhaith agam-sa ort, a mhic mo chroidhe. Ní chealgfá-sa an tIarla, ní dhéanfá leis, a ropaire bhitheamhnaigh, ní dhéanfá! Tá a fhios agam. Do dhéanfá mhaise! Táim cinnte go ndíolfá an tIarla i mbárach ar luach na dighe!” “Do dhíolfainn? an ndíolfainn, mhaise? Cá' bhfhios duit-se sin? Tugais do dhearg-éitheach; ní ceart ná cóir duit a léithéid sin d' asmhuchán do chasadh liom.” “Is dóigh liom gur cirte dhuit éisteacht is a shár-fhios atá againn go léir cad do dhéanfá ar airgead.” “Tá a fhios agaibh, an bhfuil fhios?” ar an fear eile, dá bhualadh le buille dá dhorn. do leag siar ar an urlár é, is do chuir a shrón ag tabhairt fola i gcaisibh. As an ghníomh soin d'éirigh gleó eatortha i gcoitcheann, gach duine ag cabhrughadh le n-a mhuinntir féin. Dála an Chaomhaigh níor chabhruigh sé le haon taobh, acht ag iarraidh síothchána do dhéanamh eatortha. Acht níor mar soin do'n athach, do luigh sé ar bhriseadh is ar bhualadh is ar réabhadh mór-dtimcheall, is ag cabhrughadh gan sgáth leis an bhfear teann do bhuail an chéad bhuille, is ag ná raibh acht beagán chum a chosanta. Acht bhuaidh neart is lúth an athaigh ar a raibh 'na aghaidh; is 'nuair bhíodar go léir smachtuighthe aige rinneadh síothcháin eatortha is ní gan fuil do bheith dortuighthe is cnámha leóinte, ar gach taobh. Chuir gníomhartha an athaigh an oidhche sin buaidheart mhór ar a chompánach. B'fhollus gur namhaid do'n Iarla do chosnaimh sé, is b'olc an comhartha air é; acht d'fhan sé go ciúin is do léig sé a chuid amhrais brughadh ar a chroidhe féin. Níor chosg an bhruighean a gcuid muinntearais ar fad is tar éis síothcháin do dhéanamh luigheadar ar chainnt arís i gcuma gur dhóigh leat ná raibh focal eatortha riamh. Bhí a lán do'n oidhche caithte 'nuair do thaisbeáin an fear ósda an suainlios dóibh. Do bhí seomra beag chum codalta ag gach duine. 'Nuair do taisbeáineadh a sheómra do Mhac Uí Chaoimh do bheartuigh sé go raibh an t-athach ag géar-infhiúchadh a ionaid suain is na háiteanna bhí le n'ais, acht níor léig sé air go bhfacaidh sé é, is do sgaradar go ciúin is go cneasda le chéile i gcomhair na hoidhche. Acht d'aithin Mac Uí Chaoimh ná raibh áit chodalta do na deóraidhthibh ar fad is gur bh'éigin do chuid aca suidhe cois na teineadh go maidin. Ar an ádhbhar soin tar éis tamaill, cad do rinne sé acht sleamhnughadh amach as a sheomra féin, is a rádh le duine dhíobh so bhí ag fanmhaint suas go mb'fheárr leis féin i bhfad suidhe cois na teineadh is go bhféadfadh seisean codladh 'na sheómra 'na ionad. D'aontuigh an fear eile go háthasach, agus is ciúin socair do rinne sé an seomra amach, is ó bhí tuirse ó'n mbruighin air is sámh an codladh do thuit 'na throm-néalaibh air gan maill. Do luigh Domhnall Dubh ar a leabaidh, acht ní chum codalta é. Do mhachtnaimh is do chuimhnigh sé ar chéad ní do bhain leis an rud ba mheasa leis - cionnos do mharbhóchadh sé nó bhéarfadh sé 'na bheathaidh ar an Iarla? Níor bh'fuirisde an gníomh soin ar aon slighidh, acht anois bhí contabhairt roimhe nár mheabhruigh sé go dtí seo. Do bhrath sé go raibh droch-amhras cheana ag Mac Uí Chaoimh air, agus tar éis beart na hoidhche seo b'follus gur léig sé a mheón. Dá n-éireochadh an Caomhach as a leabaidh ar maidin do ghnáth ní fheadair sé ná go n-iompóchadh sé air is mharbhóchadh sé é, nó go gcuirfeadh suas duine éigin eile chum a dhéanta. An n-éireóchadh sé ar maidin? Ba chontabharthach an gnó é, bhí an oiread soin daoine 'na thimcheall is do thuit sé amach leis an oiread soin an oidhche sin. Acht caithfear tabhair fá'n obair sin. Do sheas an Caomhach 'na shlighidh; ba dubhsgamall ar a sholas é; ba nimh a bheathadh é; caithfear cos do luighe air; dá n-imtheochadh sé slán as an dtigh sin is dá sroichfeadh sé ionad foluighthe an Iarla bhéadh deireadh le n-a ghnó. 'Na theannta soin do theastuigh airgead uaidh is do chonnaic sé an oidhche sin mórán airgid ag an gCaomhach 'nuair a ghlan sé leis an bhfear ósda. Níor bh'fhéidir dó a chomhairle a chur chum cinn gan airgead is caithfear airgead do sholáthar. Ag dian-mhachtnamh mar soin dó, bhris amach a raibh fiadhain neamh-thruaighmhéileach i n-a aigneadh, is níor bh'fhada go raibh sé ceapuighthe aige an gníomh do dhéanamh. Do rug sé ar an sgian do bhí taisgthe i bhfolach 'na chuid éadaigh is lér dhoirt sé reachtaidhe fola go minic cheana i meadhón dubh dorcha na hoidhche le hais na srotha úd, mar nár bh'annamh do bhain sé a námhaid dá threóir. Bhí an sgian úd géar-fhaobhrach is lán-ullamh chum léirsgrios do dhéanamh. Ní tháinig léic 'na mheanmain 'nuair a thug sé fobha léi mar a bheadh sé ag sáthadh an Chaoimigh. Bhí ciúineas mór-dtimcheall; ní raibh splannc solais ar fuaid an tighe, do shleamhnuigh sé go socair 'san dubh-dhorchadas go dtáinig sé chum an tseomra bhí uaidh. Ní raibh baoghal dul amugha air, mar is cruinn do thug sé fa deara an doras is a raibh le n- ais an oidhche sin. 'Nuair fuair sé amach an doras d'éist sé ar feadh tamaill gur airigh sé an té bhí istigh ag dian-shranntarnaigh. D'osgail sé an doras go ciúin is do chuaidh láithreach baill go dtí an leabaidh inar airigh sé an tsranntarnach; is le n-a thréanneart, le fuinneamh, le dásacht, do sháthuigh sé an sgian tré chroidhe an té bhí ann, chomh tapa soin ná raibh uain aige músgailt, ná gearán ná ulfairt do chur as. Tar éis a sháithte do chorruigh fear na leapadh. Do thug sé cnead múchta truaighmhéileach is do chiúinigh a ghlór go deó. D' fhan an t-athach nóimeant nó dhó 'na dhiaidh sin ag taobh na leapan ag machtnamh leis féin. Do bheartuigh sé gur bh'fheárr an sgian fhuilmhear ghráineamhail sin d'fhágbháil 'san leabaidh 'na dhiaidh ar eagla go mbéadh sí mar fhiadhnaise 'na choinnibh lá éigin. Ann soin do chuarduigh sé éadach an mhairbh chum a chuid airgid d'fhagháil, acht, má chuarduigh, sin a raibh dhá bharr aige. Ní raibh réal 'na sparán. Is iomdhaeas gaine trom do leag sé ar cheann an mhairbh 'nuair a fuair sé a phóca folamh. 'Nuair bhí sé sásda go raibh sé marbh is ná raibh aon ní le fagháil dá bharr aige, d'fhill sé tar n-ais ag dúnadh an dorais 'na dhiaidh go haireach, is bhí láithreach 'na sheomra féin. Do luigh sé ar an leabaidh, acht níor dhún súil leis. Cionnos d'fhéadfadh codladh a theacht ar dhuine láithreach tar éis a leithéid sin do sgrios do dhéanamh? Cionnos d' fhéadfadh an inchinn do mheabhruigh bás gan trócaire d' fhear do bhí 'na chodladh socrughadh i gcodladh sámh an oidhche chéadna? Ag luighe ann soin dó 'san dorchadas, do shíl sé gur airigh sé an chnead bháis sin do thugh an marbh tar éis na sgéine do dhul tríd. Bhí an chnead uaigneach úd 'na chluasaibh, is níor fhéad sé teicheadh uaidh. Fear dortuighthe fola do b'eadh é; bhí a chroidhe cruaidh, neamh-fhaitcheasach; acht níor bh' ionann an treó bhí an oidhche sin air is roimhe seo. Bhí anois 'na thimcheall buidhean d'fhuathaigh é, is cé go rabhadar 'na gcodladh an tan soin, ba ghearr go mbéadh siad go ró-aibidh ag baint sásaimh dhe. Do mharbh sé a chompánach is ba léir dó go mbéarfaidhe air chomh luath is d' aireóchaidhe an gníomh soin, is ní raibh caoi dul as aige. Bhí bás ar chroich i ndan dó. Cad do dhéanfadh sé? Níor bh' fhéidir teicheadh 'san oidhche, óir bhí na dóirse fíor-iadhta is gan dul ar an eochair aige; is dá dtiubhradh sé iarracht ar dhoras éigin do bhriseadh le cumas a lámh, do dhúiseóchadh sé an teach ar fad. Ar na hádhbharaibh sin, cé cráidhte bhí sé 'na aigneadh le feitheamh, 'sí comhairle do cheap sé fanamhaint 'na leabaidh go maidin, is chomh luath is bhéadh aon'ne ag corraighe is doras éigin osgailte, dul amach go ciúin is go socair is teicheadh. Ba chontabharthach an iarracht í, acht ní raibh a mhalairt le déanamh aige. Bhí sé cinnte go gcreidfidhe gur bh'é do mhairbh a chompánach, is ná béadh an oiread is amhras an ghníomha soin ar aon eile. D'éaluigh se ó'n mbás go minic cheana, b'fhéidir go n-éalóchadh arís. Do mhéadhuigh sé an chontabhairt ar gach taobh ag luighe dhó gan suan gan suaimhneas 'na leabaidh. Ag machtnamh mar sin dó is ag iarraidh na cruaidhcheisteann do bheartuigh se 'na chomhair do réidhteach, do chrith sé le hanaithe is uamhain nuair d'osgladh an doras go socair, is tháinig duine éigin isteach go mall is go ciúin is ar éigin ag tarraing na hanála. Do shiubhail sé anonn go dtí an leaba. Dá mbeith an sgian áir úd anois ag Domhnall, is dóigh go bpreabfadh sé i gcoinnibh na námhad mar do preabadh 'na choinnibh féin cheana, acht ní raibh arm ar bith aige, bhí a lámha dearg tar éis an dúnmharbhtha is ní fheadair sé ná go bhfuaradh amach é is do chrith a chnámha le hanaithe an bháis, is do shéid fuar-allas ó n-a bhallaibh go léir. Do labhair an té tháinig isteach go cneasda is dubhairt: “A Dhomhnaill, an bhfuilir id' chodladh?” Ní raibh dar ndóigh. Do shíl sé gur aithin sé an guth úd is tháinig tuilleadh anaithe air - b'é an guth céadna soin do chiúinigh sé uair do chlog ó shoin go bráth - an guth ná féadfadh sé cloisint go deó arís acht amháin i bhfíor-smuaineadh - is anois gan fíor-smuaineadh ar bith air. Níor fhreagair sé - ní fhéadfadh sé freagra le huamhain. Do glaodhadh arís air; is b'é an guth céadna do ghlaodhuigh is arís ar baill-chrith le heagla níor fhéad sé freagra. Dála an fhir eile bhí iong nadh air gur chodail fear na leapadh chomh sámh soin. Is ó nár mhaith leis fothram do dhéanamh do las sé coinneal bhí na láimh is d'fhéach Domhnall ar ghnúis an té bheartuigh sé marbh gan lúth, mar is é an Caomhach do bhí ann. Tá innsint sgéil go leór ar an anaithe is ar na crithibh báis do chuireann radharc spioraid ar dhuine, cé gur spiorad éigin do thiocfadh ar theachdas neamhdhíoghbhálach ó'n saoghal eile. Acht cia fheadfadh trácht ar an gcrith-eagla, ar an uamhain do bhéadh ar dhuine do chífeadh ós a chomhair gan mearbhall an fear do mhairbh sé féin uair do chlog ó shoin beó, lán-aibigh, ag labhairt leis is ag glaodhach ar a ainm? Is iomdha duine do bhain Domhnall dá threóir i meadhón dubh dhorcha na hoidhche; acht níor fhill aon'ne dhíobh riamh chum sásaimh do bhaint de ina thaobh soin. Níor fhan lúth 'na chnámhaibh le heagla. Do chruaidheadar is do chrapadar a bhaill, do séideadh an fuar-allas 'na thuile ó n-a chorp go léir. Do shuidh sé aniar 'san leabaidh is do bhéic sé go fiadhain cráidhte, “Glan as mo radharc! Imthigh, a shíobhra! Ní'l leigheas agam-sa ort - míle mío-chothrom ort! Imthigh! féach air - nach dúr dána é! Imthigh, clúdúigh thu féin i gcré! cad tá uait annso?” Ag sgreadadh mar sin dó tháinig sgeón 'na shuilíbh is fiadhantas neamh-ghnáthac 'na ghnúis. Dála an Chaomhaigh is amhlaidh tháinig sé chum labhartha le n-a chompánach ar neithibh éigin do theasduigh uatha roimh imtheacht dóibh ar maidin; is bhí iongnadh a chroidhe air i dtaobh a bhfacaidh sé; mar níor thuig sé cúis an fhiadhantais sin do bhí ar Dhomhnall. Do rinne sé a dhícheall chum a chiúinighthe, acht ní raibh maitheas 'na glór, is amhlaidh bhí sé ag dul i n-olcas; is ó nár mian leis an teach do tharraing 'na thimcheall, do mhúch sé an choinneal is d'fhág an seómra ag dúnadh an dorais 'na dhiaidh. 'Nuair bhi an Caomhach imthighthe, do bheartuigh Domhnall go raibh sé saor anois ó'n spiorad do tháinig chum sgannraidh do chur air, is chuir sin misneach éigin air, is cé ná raibh aon dul ar chodladh aige bhí breis suaimhnis air. Do shín sé é féin arís ag unfairt 's ag dianmhachtnamh. Dála an Chaomhaigh do shuidh sé lastíos cois na teineadh ag smuaineadh ar éachtaibh na hoidhche sin. Agus is mar sin bhí an bheirt chompánach ag faire tré íochtar mall na hoidhche is ag feitheamh go neamhsuaimhneasach le breacadh an lae. AN SEISEADH hALT. AN tATHACH AR FÁN Do tháinig splannc beag solais fá dheireadh tré fhuinneóig an tseómra bhuaidheartha soin, is do thuit go taitneamhach ar shúilibh aibighe an mhillteóra mhíadhbharaigh úd do bhí ag feitheamh leis go croidhe-chráidhte. D'fhair sé le bualadh croidhe an solas ag gealadh. Da dhona an sgéal do bhí aige do chuir solas an lae misneach air, is i gcionn tamaill d'éirigh sé is do chuir uime a chuid éadaigh, is chuaidh sé amach is síos an staighre i léir-chrithibh eagla. Bhí deoraidhthe eile 'na suidhe roimhe ag an teinidh is ag cainnt eatortha féin ar dhálaibh na hoidhche. 'Nuair tháinig Domhnall 'na ngoire do bheannuigh sé dhóibh go cneasda, acht ní raibh fonn ortha puinn a labhairt leis; bhí an oiread soin smachta curtha aige orra gur bh'fheárr leó go mór bheith réidh leis ná bheith 'na chuideachtain. Is mall socair do shiubhail sé go dtí an doras gan léigean aon ní air; is neamh-iongantach do bhuail an doras amach is dhún 'na dhiaidh é. Tar éis dul amach dhó, do shiubhail ar a shuaimhneas ar feadh beagáin aimsire. Agus 'na dhiaidh sin, do bhrígh ná raibh aon'ne ag féachaint air, bhí sé chomh moch soin, do luigh sé ar rith chomh mear is d'fhéad sé. Do rith sé le n-a léir-neart tré ghortaibh, tar chladhthachaibh is féithibh. Do léim sé tar thoraibh is aibhnibh, d'fhorgaibh cnuic, is do raid é féin mar thóirneach le fánaidh; do bhris sé tré choilltibh, ar uairibh ag dul i n-achrann i dtoraibh, ar uairibh ag réabadh is ag stracadh ó'n bpréimh is ag tarraing 'na dhiaidh géaga móra crann do thárla 'na shlighidh. Do rith sé le hanaithe an té bheadh ag teicheadh ó ghread-theinidh, le buile an té cheapfadh go raibh na mairbh ar a lorg chomh maith leis ar raibh beó, le dásacht an té bhéadh claon chum toirmisg is cíocrach chum tuilleadh fola do dhortadh. Do bhrath sé go raibh fear ar tí beirthe air i bhfolach i gach tor bhí 'na shlighidh. Bhí amhras aige go rabhadar na haodhairí eallaigh do bhí go haimhleisgeamhail ag siubhal tré bhántaibh úr le drúcht na maidne ag tógáil comhairle ó chéile chum a thógtha. Ní raibh leóithne fionnfhuar ag séideadh ar dhruim chnuic, ní raibh caol-shruth ag cuaird tré mho gaibh go glórach éasgaidh, ní raibh é ag cantain fá chlúid duilleabhair, ní raibh búir ag boin ná fead i mbéal buanaidhe nár labhair leis le guth an té do mhill sé, is nár nocht an léirsgrios do rinne sé do'n domhan go léir. Ar uairibh do stadadh sé. Ba dhóigh leis go n-airigheadh sé an guth caoin cneasda úd do chiúinigh sé go deó. Ní raibh ann acht an ghaoth ag cromadh na dtor chum talmhan. Do thiormuigheadh sé an lán-allus dá leac in, is sgíordadh chum reatha arís gan sost, gan suaimhneas. Do bhí sé anois i bhfad o'n áit i n-a ndearna sé an fheall-bheart, is b'éigin dó é féin do chaitheamh ar an talamh le tuirse fá ghéagaibh crainn giumhaise i lár coille. Níor chian gur thuit a chodladh air, is fágfamuid annsoin é, óir is mithid dúinn filleadh chum an tighe i n-ar rinneadh an dúnmharbhadh. Bhí iongnadh ar an muinntir do shuidh le hais na teineadh nár fhill Domhnall i dtráth, acht is gearr gur iompuigheadh a gcomhrádh ar neithibh eile, is d'imthigh sé as a gcuimhne. Níor mar sin do'n Caomhach do bhí 'na measg, is do bhí ag cainnt leó go cneasd. Do chuimh nigh sé ar an mbuile bhí ar Dhomhnall 'san oidhche agus is buaidheartha bhí sé i n-'aigneadh na thaobh, is do theasduigh uaidh go mór é d'fheicsint is gach nídh chur i dtreó le haghaidh gluaiseachta dhóibh. Acht anois bhí a lán do'n mhaidin caithte is gan tuairisg air. Do friotháladh bord chum bídh is bhíodar na deóraidhthe 'na suidhe go céileamhail grianmhar ag caitheamh lóin na maidne, 'nuair d'airigheadh an sgread uaigneach, truaighmhéileach ar fuaid an tighe, “Milleadh! Léirsgrios! A Mhuire, cad é mar fheall-bheirt! Tá sé marbh, marbh gan bhrígh, gan phreab! Dia linn, Dia linn!” Do thosnuigh an liúir chráidhte sin 'san suan-lios is do leath sé ó sheomra go seomra, ag dul i neart is i mbrónaighe. “Tá fear treasgartha, marbh i ndiaidh millteóra éigin!” B'shin é an sgéal do leath ó bhéal go béal. Níor fhan focal i mbéal na ndeoraidhthe le hiongnadh is le huamhain. Chuir an sgéal soin an oiread soin mearbhaill ortha nár iarr aon'ne cia hé do marbhadh ná ca'nad do marbhadh é. Acht i gcionn tamaill b'fhollus gur i seomra Mhic Uí Chaoimh do rinneadh an léir-sgrios, agus, fós, gur bh'é an fear do bhuail an chéad bhuille an oidhche roimhe soin do marbhadh. Do thuit amhras na feall-bheirte sin láithreach ar an gCaomhach, ní nár bh'iongnadh, óir ní raibh caidreamh ag na daoinibh eile air. Ar órdughadh fir an tighe do cuireadh go daingean i ngéibhinn é go bhfaghfaidhe tuilleadh eólais ar an ghníomh soin; is níor labhair sé gíog 'na gcoinnibh acht fanmhaint go socair fá 'na ghéimhealaibh. Ba mhian leó breith ar Dhomhnall leis is an ceangal céadna do chur air, acht ní raibh Domhnall le fagháil. B'é an céadfadh coitcheann eatortha gur cheapadar ar aon an dúnmharbhadh is gur ar an ádhbhar soin do thug an Caomhach a sheómra féin do'n bhfear do milleadh i gcomhair na hoidhche. Agus, fós, adubhairt duine aca gur airigh sé féin an Caomhach ag dul suas an staighre i lár na hoidhche is ag osgailt dorais éigin, ní fheadair sé cia aca, 'san suan-lios. Do shíl mórán go raibh sé daor ar an bhfiadhnaise sin. Acht an fear eile cá raibh sé? Ba léir dóibh anois gur theich sé is da mbeith fios ag an gCaomhach go raibh an gníomh le déanamh no déanta, níor deallramhach go bhfanfadh sé chomh socair sin 'san tigh is a chompánach ag rith leis féin. 'Nuair bhí caoi aige air, d'innis an Caomhach ar aithin sé do bheathaidh Dhomhnaill Duibh, is níor cheil go raibh drochamhras aige féin air le déidheanaighe, ná cionnos do chuaidh sé féin chum a sheomra i lár na hoidhche is an buile bhí air. D'éisteadar go haireach le n-a chomhrádh; do bhí deallramh ar a sgéal, is do rinn' a chneasdacht is a mhándacht a lán chum a shaoruighthe. Tar éis urlabhra an Chaomhaigh b'é an céadfadh coitcheann eatortha gur bh'é Domhnall do rinne an gníomh. Chreideadar go raibh sé chomh fiadhain, chomh dásachtach soin nár chóir aon iontaoibh do bheith as, is nár bhfios cia mharbhóchadh sé dá n-éireóchadh an buile dho. Níor leanadh Domhnall, mar is maith a bhí a fhios aca ná raibh aon chaoi beirthe air, bhí na daoine chomh mór soin i n-achrann i n-a chéile ins gach aon bhall. Do sgaoileadh géibheann an Chaomhaigh is d' fhan sé 'na bhfochair an oidhche sin, is ar maidin do ghluais chum siubhail agus is é do chuir sé roimhe Domhnall do chosg ar chealgadh an Iarla dá mb'fhéidir. AN SEACHTMHADH hALT. COILL TRÉ THEINIDH. Bhí a lán do'n lá caithte 'nuair do dhúisigh Domhnall Dubh as a shuan fá'n gcrann. Do shuidh sé aniar, is bhí mearbhall air mar a bheith ar fhear mheisge. Do chuimil sé a shúile is d'fhéach mor-dtimcheall. Ar dtúis ní fhacaidh sé aon ní. An raibh an oidhche ann cheana? Nó cad do leath an dubh-sgamall deataighe úd ar an spéir? D'fhéach sé arís is chonnaic sé soillse ar gach taobh. D'airigh sé fothram amhail le gaoith móir; do phreab sé 'na sheasamh, agus is amhlaidh bhí an choill mhór ina raibh sé, ar feadh a radhairc, tré theinidh! Bhí teine ar gach taobh de; bhí na crainn mhóra mórdtimcheall ar léir-lasadh, is a ngéaga dóighte, dubhloisgthe ag síor-shileadh leó. Bhí an tréin-teine úd ag rith le mire tré an bhfásach do bhí cruinnighthe ar an dtalamh is tré dhrisleach do bhí chomh tirim le smólaibh. Ba thruaighmhéileach é béic na mbeathaidheach n-allta dá ngreadadh le lán-teas. Do ritheadar go fiadhain annso is annsúd ag troid le n-a chéile nó dá radadh féin ar léir-bhuile i lár na lasrach. B'uaigneach é sgread na n-éan 'nuair do dhruid an bhrothal leó, ag eitill ar mearbhall tré néaltaibh deataighe nó dá loisgeadh féin tar fóir i measg na ndearg-chraobh. D'éirigh lonnradh na lasrach go hárd 'san spéir. Bhí craobha solas-lagharacha ag tuitim 'na gceathaibh is dá bhfuadach le gaoith, is dá sgaipeadh mór-dtimcheall. Ba chosmhail fothram na lasrach le glór na hAbhann Móire fá dhearg-thuile. Ar amharc lán a shúl don radharc soin, níor bh'iongnadh go dtáinig gníomh na hoidhche aréir chum cuimhne Dhomhnaill, is gur chrith se le fíor-anaithe. Do ghluais sé chum siubhail, ní fheadair sé cia an tslighe fuair sé, tré fhásach dhearg-the, tré dhrisleach chas lán-achrannach, fá chrannaibh loisgthe is ar lasadh. Do dóigheadh a chasóg ar a dhrom. Ar uairibh do thuiteadh géag do chrann ar mhullach cinn airdá dhóghadh is dá lán-bhasgadh. Do shéideadh cipíní dearga luath-ghríosach is smóil fadsoillseach 'na aghaidh le garbh-ghaoith. Acht níor shos dó 'na thaobh soin. Do luigh sé air gan seasamh, gan féachaint timcheall, gan fiú na hanála do tharraing, go breóighte brúighte cneas-loisgthe, go raibh sé glan as an gcoill. Tar éis fágbháil na coille dhó, chaith sé é féin ar an dtalamh chum a chuid sgís do léigean de. Bhí sé go lag-bhríoghach le hanró is le hocras. Bhí sé leath-nochtuighthe, óir do loisgeadh a lán dá chuid éadaigh 'san choill. 'Nuair d'éirigh sé 'na sheasamh arís is d'fhéach sé timcheall do chonnaich sé sliabh árd as a chomhair - Sliabh Mis do b'eadh é - ar dhearg-lasadh. Do rith an lasair mór-dtimcheall leacan an tsléibhe, is ba thréan is ba lonnrach an bladhm d'éirigh suas 'san spéir ag cur a ghlóir i gcéin mar ghlór fiadhain-thonn na mara fá anfadh earraigh. Do ghabh sé an bóthar fá bhun an tsléibhe, is chonnaic sé na daoine, óg is aosda, ag teicheadh leó féin is ag caoi-ghul go hochlánach. D'fhágadar 'na ndiaidh a dtighthe, a gcuid arbhair, is a raibh aca 'san tsaoghal, dubh-dhóighte, is bhíodar féin is lucht a leanamhna gan biadh, gan fuithin, i gcomhair na hoidhche. Níor bhog é croidhe Dhomhnaill, acht, dá chruadhacht é, chuir an radharc soin gruaim air. Do shiubhail sé tamall eile do'n bhóthar is chuaidh sé isteach i dtigh mhór fhairsing ag iarraidh ruda éigin le n-ithe. Do bhí beirt nó triúr fear istigh ar leath-mheisge is óglach 'na bhfochair ag tabhairt aire dhóibh. Bhíodar 'na suidhe timcheall chláir, is ag cantain go súgach. Níor b'iongnadh go raibh sgannradh ortha ar fheicsint an ídeadh bhí ar Dhomhnall, a chuid éadaigh dóighte, is dath an ghuail ar a chneis. “Ní mise do rinne é,” ar fear díobh. “Ní mise do dhóigh an choill,” ar fear eile, is thugadar iarracht ar shleamhnughadh go dtí an doras; acht do chongaibh Domhnall le n-a dhá gharbh-láimh go daingean iad. “Is cia hé, mar sin,” ar Domhnall, “do rinne an lán-sgrios úd?” “An t-óglách soin do rinne é,” ar fear eile. B'fhearr leis an óglách go sloigfeadh an talamh é an uair sin. Acht ní raibh caoi éaluighthe aighe. Gan moill nóimeint do dhruid an t-athach chum an dorais. Do dhún an doras; do raid sé uaidh i gcoinnibh na mballaidhe an bheirt bhí greamuighthe 'na ghlacaibh, mar do radfadh fóid móna. Do rug sé ar sgórnaigh ar an óglách is d'árduigh sé 'san aer é, mar d'árdóchadh buachaill coileáinín, is do leag chum talmhan é ar fhleasg a dhroma. 'Nuair tháinig sé chuige féin is cneasda d'fhiafruigh sé do'n athach cad do rinne sé féin as an slighidh nó caidé an chúis go dtug sé an ídeadh sin air. “A raispín!” ar Domhnall, “do dhóighis an choill is ba dhóbair duit mise a dhóghadh i n-a fochair.” “Tá cathughadh orm id' thaobh-sa,” ar an t-óglach, “acht tá súil agam go bhfuil an duine ceart dóighte ann.” “Cia hé an duine sin,” ar an t-athach? “Ná fuil a fhios agat?” ar an t-óglách, “de nam do rinneas an sgrios sin chum é a dhóghadh 'na bheathaidh nó é chluicheadh amach as an gcoill tiugh dhaingean úd, áit i n-ar dheacair é a thógbháil.” “Acht cia hé féin?” ar Domhnall arís. D'aithin an t-óglach ar fhéachaint an athaigh cad a bhí uaidh' is dubhairt go neamh-eaglach, “An tIarla.” “Is cia hé thusa go bhfuilir chomh dian soin ar an Iarla?” “Is fada mise ag faire air féin is ar a mhuinntir; is fada anois ó chealgas dearbhráthair dó.” “An abrair gurab é thusa bhain Seaghán an Ghearaltaigh dá threóir?” “Is mé gan amhras.” “Agus cionnos a rinnis é?” “'Seadh,” ar Éamonn, ag baint searra as féin, “ní thig liom mé féin do mholadh, acht is mar so do thuit an ní sin amach. Do bhíos-sa i gCorcaigh is bhí aithne mhaith agam ar Sheaghán an Ghearaltaigh. Do bhí sean-dhíthreabhach ró-dhiadha ró-chúramach, dár bh'ainm Tomás Scrabhadhta 'na bhuan-chomhnaidhe i lúibín coille i n-aice le príomh-áitreabh an Ghearaltaigh. Do chuireas ag faire an taoisigh é d'fhonn é shaoradh, mar dheadh, ó amhasaibh na Bainríoghna. Ar m'ordughadh-sa do thug Tomás sgéala chum Seagháin gur cóir dó dul ar cuairt lá áirithe chum fir mhuinnteardha dhó bhí 'na chomhnaidhe le hais Eóchaill, cois na hAbhann Móire. Lem' ordughadhsa, leis, an lá céadna tháinig gasradh ó Chorcaigh lánullamh chum beirthe air. Do tháinig sé is gan acht duine amháin 'na theannta, agus 'nuair fuair sé ró-dhéidheanach gur mealladh é, do sheas sé go dána i gcoinnibh an námhad. Do bhíos-sa féin le cois an tsluaigh. Do las mo chuid fola chum gníomha do dhéanamh. Ní raibh uaim acht an Gearaltach do bhualadh ar lár. Is lán-thapa do chuadhas fá n-a dhéin, is cruinn díreach d'aimsigheas é le buille marbhthach, is do threasgair an dheas-lámh so árdtaoiseach na nGearaltach.” “Tugais do ghuais is do dhearg-éitheach, a fhollaire áir, ná marbhóchadh cat,” ar fear do bhí ag éisteacht leis an óráid seo. “Níor bhuailis buille acht teicheadh leat féin is dul i bhfolach chomh mear is b'fhéidir leat é, 'nuair do bhí an Gearaltach go lán-acfainneach ag treasgairt námhad ar gach taobh de. Bhíos-sa féin ann. Is mise an díthreabhach diadha úd agus is mise do bhí le cois an Ghearaltaigh an lá úd. Acht, a ropaire na cnáibe, do mheallais sinn ar aon, is muna mbeith gur theichis leat féin ní bheith neart do ghníomhradh mhaoidheamh anois ionnat.” Leis sin do thug sé fobha fá Éamonn le lán-dásacht mar a thabharfadh duine ar ghealtaigh, is muna mbeith gur chuir Domhnall cosg ar an mbuille do threasgarfaidhe an t-óglách go talamh. Acht níor thaise do Tomás; do thug sé iarracht fá Dhomhnall féin. Do rugadar ar a chéile go cíocrach is do luigheadar ar stracadh a chéile le fraoch is feirg nimhe, is Éamonn ag féachaint ortha go sultmhar. Níor bh'fhuirisde Tomás do leagadh; bhí sé láidir, luath, agus ar buile chum sásaimh do bhaint d'Éamonn is dá fhear chosnamha; acht ní raibh caoi aige dul ó Dhomhnall, is treasgaradh chum talmhan fá dheireadh é. Chomh luath is thuit Tomás do phreab Éamonn is do sáthaigh sé bior tré lár a chroidhe. Bhí a chuid fola ag spréachadh ar fuaid an úrláir is ar éadaigh an athaigh. Ba ghránna, uathbhásach é féachaint an athaigh, a chuid balcaisí chomh dubh le gual ar sileadh leis, is an fhuil chródhearg 'na linntreachaibh ar fad air. D'iompuigh an t-athach láithreach ar Éamonn, is dubhairt, “Caidé an chúis gur mharbhais an fear soin is nár fhágais fúm-sa é?” “An cladhaire bréagach,” ar Éamonn, “is maith do thuill sé bheith treasgartha lem láimh-se. Is iomdha bréag do chuir sé orm.” “Do chuir, dar ndóigh,” ar Domhnall, ag cur gáire doíghte as. “Ní'l acht ar thuill sé faghálta aige, acht cá bhfuil an tIarla mar so?” “Muna bhfuil sé loisgthe 'san choill, tá sé fá chomairce tighe áirithe, áit ionar dhóbair damh-sa tamall ó shin cladhaire fleasgaighe do baint dá threóir. Acht do-bhéarad iarracht faoi arís, is bíodh geall ná héalóchaidh sé uaim chomh réidh sin.” Cia'ca 'r thuig Domhnall nó nar thuig gur do Chormac do thagair sé, ba mhian leis Éamonn do bhréagadh chum na hoibre do bhí ceapuighthe aige do thabhairt chum cinn. Ar an ádhbhar soin do rinne sé muinnteardhas leis, is do cheapadar ar aon cionnus do gheobhaidís an tIarla muna raibh sé loisgthe cheana 'san choill. AN tOCHTMHADH hALT AN tIARLA. D'fhágamar Cormac ar a leabaidh go tréith le fiabhras. Do rinneadar muinntear an tighe gach ar bh'fhéidir leó chum a leighiste is a thabhartha chum cinn, Do bhí eagcruas trom air, do ghoill fliuchán is trosgadh an lae úd air, is go mór-mhór an t-anaithe do cuireadh air i lár na hoidhche amhail adubhramar cé gur imthigh cuimhne an ghníomha soin ar fad as a mheabhair. Ar feadh roinnt laethe do bhí spiriodaidhe air, is bhí sé do ghnáth ag unfairt 'san leabaidh. Bhí a chomhrádh do ghréis ar chúis a thíre, ar fheall na n-eachtrann, is ar mhilleadh na Mumhan. Do labhair sé go minic ar an Iarla is ar na Gearaltachaibh i gcoitcheann. D'éisteadar muinntear an tighe go haireach le gach ar chuir sé mar sin tré chéile 'na mhearbhall, is b'fhollas dóibh go raibh sé go sealbhuighthe ar thaobh na nGearaltach. Ba mhinic do rith a aigneadh ar a athair is ar a mháthair, is ar bhreághthacht na háite i n-ar chaith sé bliadhanta na hóige, is maidean áirighthe tar éis oidhche trioblóidighe d'aithris sé d'fhear an tighe an aisling seo: AISLING CHORMAIC UÍ CHONAILL. RADHARC AR CHILL ÁIRNE. Do shuidheas ar shliabh, fó ghrian ro-ghléineach, Bhí lóithne giar aniar ag séideadh, An fraoch bhí úr ó dhrúcht na spéire, Do líon go dlúth gach cuas dá bhraonaibh; I gcian im' chluais bhí fuaim gan faoiseamh; Ó sgata uan go buan ag béicigh, Ó shluaightibh bán-mhionnán ag pléireacht Ar feadh mo radhairc i n-adharc a chéile; Bhí glór ba bhinn lem' chroidhe ag éanaibh, Do bhainfeadh a sgíos do'n inntinn chéasda. Guth na bfiadh go dian ag léir-sgread, Is céad macalla dá bhfreagairt gan aon tsost. Do chuala i n'fhochair sin fothram céad sruth Gá stealladh go tuínn tar dhruim gach sléibhe, Go neartmhar phreab gach eas i n-éinfheacht, Ag sgaipeadh fras i bhfad 's ag spréachadh; Chím im' thimcheall míle maol-chnoc, Ag sáthadh a gceann go teann 'san spéir ghlain; I gcian uaim thíos bhí coillte aerigh, Stothadh ar a gcinn síorraidhe le gaothaibh; A gcroinn 's a gcochaill ag cogar le chéile, A nduilleabhar borb gan fochall i n-aonchor. Do leath mo shúil anonn tar Léan-loch Do bhí neamh-chiúin i gclúid an tsléibhe, A thonna ar mire go crithneach ag taosgadh, Mar a bheith coire ar theinidh ag sgéitheadh amach, Ag fiuchadh 's ag bruighin ag rinnceadh is léimrigh Ar bhruach gach inse míne géar-ghlais'. Do luigh 'na bhrollach neamh-shocair go néamhrach, Mar chodlóchadh leinbh go miochair fó éadach; Ba mhinic na ndáil tig sgáil na néalta, Ag fás 's ag feachadh 's ag sgaipeadh gan traochadh. Ba gheal le solas an mothar ar thaobh Thuirc Ar chaisleán Rosa bhí lonnradh na gréine, Do las an talamh le taitneamh gan éislinn; Ní raibh ceó ná brón ar aon rud, Ó Mhuc-ros úr go Com na gcraobh gcas. Do gheit do rith an chith ó néalaibh, Bhí fothram tóirneach foirneart éachtach, Do chrith an talamh, do lasadar spéartha, Do rith an lasair thré shleasabh na sléibhte, Do thuit an fhearthainn 'na freasaibh ar Léan-loch, Do luigheadar sgamaill 'na srathaibh ar thaobh Tuirc, Do cheil i bpian an ghrian a héadan, Bhí coimheasgar catha le hanaithe ag éanaibh, Do leath an ceó dubhrónach daol-dubh Ar tuinn ar talamh 's ar leacain na maol-chnoc. Do bhíodhgas suas óm' shuan gan faoiseamh Le doilbh-chroidhe brúighte, múchta i ndéaraibh; A bhfeaca im' shuan ba thuar ar Éirinn Is ar a milleadh 'sa sgriosadh le faolchoin. Tar éis coicthighise tháinig sé chuige féin, is ar dul i bhfeabhas dó tháinig cainnt is greann chuige. Bhíodh muinntear an tighe ag aithris dó éachta an chogaidh, is an t-éirleach do rinneadh le neart faobhair is teineadh ar thighthibh is ar ghortaibh arbhair. D'éist sé go fonnmhar leis na sgéalaibh sin. Ar dtúis d'fhair sé air féin, thug sé iarracht ar bheith deiscréideach ar eagla go ndéarfadh sé aon ní do sgéithfeadh air, mar ní fheadair sé fós go cinnte ciaca taobh lér bhain muinntear an tighe sin. Acht nuair aithristí dhó bruighne, coimheasgair, tóir, réabadh, briseadh, gníomhartha faobhair is feill, do thagadh baill-chrith neamh chuibheasach air, i gcás gur dhóigh leat go raibh sé i lár an chogaidh is muinntear na Bainríoghna 'na dtreasaibh ós a chomhair i ngiorracht iarrachta dhó. Tar éis foillsighthe mar sin dó an taoibhe do thógfadh sé 'san gcogadh ní raibh amhras feasda ag muinntir an tighe air, is cheapadar ó shoin amach gan sgáth a bheith roimhe aca, acht fá mar a bhaineadh sé le n-a gcomplacht féin. Do stiúruigheadh isteach 'na 'sheomra, lá, fear aosda, duine muinnteardha d'fhear an tighe adubhradh leis, lér bh'áil é d'fheicsint is caidreamh do bheith aige air. Do sheas sé go hárd. Níor mhórán do lúb na bliadhanta é; bhí a chuid féasóige liath go leór, is bathas a chinn nochtuighthe ar fad. Bhí ughdarthás is mandacht 'na ghnúis. Níor bhain aois ná buaidhirt ná anró a lánsholas lonnrach dá ríogh-rosgaibh. Do lasadar tré ghruadhnaibh fuirighthe, feóidhte, liath, mar réilteanna tré sgamallaibh na hoidhche. Bhí a chuid éadaigh go neamh-fhuinte, neamh-fháisgighthe air; is ní raibh comhartha lasmuigh ar a mbrathfaidhe go raibh caidreamh aige ar threasaibh na n-arm. Ba bhlasda, binn, milis-bhriathrach a úrlabhra. Do bheannuigh sé go céileamhail do'n óglách; do shuidh go muinnteardha le n-a ais, is do luigh sé ar sheanchaidheacht leis go lán-chneasda. Ar dtúis do thrácht sé ar an dtir i gcoitcheann, is 'na dhiaidh sin do tharraingeadar chuca dála an chogaidh. D'innis an seanduine sgéal an choimheasgair do bhí go déidheanach ann leis an oiread soin feidhme gur las súile an ógánaigh le díoghrais, is go ndubhairt: “Agus an bhfeacais féin na bearta soin?” “Do chonnac, go deimhin,” ar an seanduine. “Agus cionnus d'fhéadfá iad d'fheicsint gan bheith i dtreasaibh na n-arm tú féin?” “Acht bhíos féin ann.” “Ní dóigh go raibh fear chomh haosda leatsa i ndálaibh bruighne.” “Is iomdha bliadhain damh-sa anois ag deargadh mo lámh i mbruighin.” Do rinne dian-mhachtnamh chomh géar-chúiseach soin Cormac ná raibh a thuilleadh uaidh agus is tapa d'fhios ruigh: “An tu Iarla na Deas-mhumhan?” Gan moill d'fhreagair an seanduine, “Is mé an tIarla.” Ba dheacair le foillsiughadh na smuainte do rith tré mheabhair an óglaigh ar chloisint an t-admhughadh soin dó. Do bhí anois ós a chomhair an té le n-a raibh súil aige chum ceasnaimh a dhúthchais do réidhteach. Do bhí os a chomhair polla do'n phríomh-fhuil ó'n nGréig, fear calma cródha, fear do rug ar a chuid airm go neartmhar fad do bhí na bliadhanta ag fuaradh a chuid fola, is do sheas i n-aghaidh a námhad i gach muing is sliabh i g-Cúigeadh Mumhan, fear do lean do'n chogadh tar éis chealgtha a bhráthar is a mhilleadh le beartaibh feill, fear nár chlódhadh riamh fós is b'fhéidir ná clódhfaidhe. Is fuar neamh-bhríoghmhar shamhluigheann na focail seo anois dá sgríobhadh. Acht caidé mar ar theitheadar na smuainte chialluigheann siad croidhe Chormaic an uair sin. Ba uair bhuaidhe é - uair bhuaidhe i measg buaidheartha dá mbeith fios aige - acht uair bhuaidhe mar an gcéadna. An grádh tíre is creidimh do rinne teampall dó féin ins an gcorp chríonna chaithte onórach úd, b'fhéidir go gcuirfidhe fá chois é ar feadh tamaill, acht ní fuláir dó éirghe. Is deimhin nár aithin Cormac an tan soin an treó bhí ar an tsean-ghaisgidheach soin, acht thuig sé mar thuigfeadh fáidh cúis na tíre ar fad. Mar caidé an bhrígh saoghal nó dhó i mbeathaidh tíre? Gheóbhaidh an curadh soin bás agus curadh eile 'na dhiaidh, acht luath nó mall éireóchaid meanma na ndaoine chum neamh-spleádhachais is chum saoirse. D'aithriseadh do Chormac go minic cheana conntabhairt is cródhacht an Iarla agus an rath do lean é i gcoimheasgair; acht anois ba mhian leis tuilleadh eólais d'fhagháil ó n-a bhéal féin; is dá réir sin d'fhiafruigh de go cneasda caidé an sgéal ag a bhuidhin é? An rabhadar cruinnighthe le chéile aige? An raibh an námhaid i ngiorracht dó? An raibh coinne aige le congnamh ó'n Spáinn? ar dhóigh leis go mbuaidhfeadh sé fa dheireadh? Do chuir sé na ceisteanna so leis an oiread soin dúthrachta go raibh iongnadh ar an Iarla Ar dtúis thug sé iarracht ar dhul uatha, is do labhair ar an mbruighin i gcoitcheann, acht níor shásuigh sin an t-óglách. Do theasduigh uaidh eólas cinnte d'fhagháil ar an dtreó 'na raibh a chuid airm is gárda. Do b'áil leis fios do bheith aige an raibh aon súil ag an seanduine go saorfaidhe Éire ó dhubh-smacht na n-eachtrann. Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir is dubhairt: “Ma chaithfear an fhírinne do rádh admhuighim go bhfuil ar gcúis caillte is go bhfuil ar dtír ag dul fá smacht is an-bhruid níos déine, níos géire, ná raibh riamh i nImpireacht na Rómha. Atá éadáil mór tarraingthe ar mo cheann-sa. Do thréig mo bhuidhean mé acht uathadh beag gan bhrígh. Ní fada uaim-se an uaigh is ní'l aon'ne dom' chinéal ullamh chum m'ionad do thógbháil. Ní bhrathaim go bhfuil aon chongnamh le faghbháil tar lear. Tá an Deas-mhumha go léir creachta millte. Ní'l fear as fiche ná fuil curtha chum báis le gorta nó le faobhar, is ní'l brígh ná meanma 'n-a bhfuil beó aca. Ní árd-taoiseach sluaigh mise feasda acht méirleach i n-aghaidh Bhainríoghna na Sagsan. Seanduine is eadh mé gan sluagh, gan buidhin, gan muinntir, gan caisleán, gan tigh, gan treabh. Ní'l agam chum mé do chosnamh ó náimhdibh acht Dia amháin,agus an lámh dheas chríonda fuirighthe fann so. Acht in gach cruadhtain i n-a bhfuilim is é neartuigheann m'aigneadh go ndearnas mo dhícheall. Bhuaileas buille do chúis Dé is mo thíre fad do bhí lúth im' bhallaibh. Do rinneas ar fhéadas chum síothcána do chongbháil acht ní síth do bhí ó na Sagsanaibh. Ba mhian leó mo chuid talmhan is mo chaisleáin do bhradughadh, is níor bh'fhulair dom dul 'n-a n-aghaidh, is dá chríondacht mé tar éis glacadh claidhimh dam níor sguir sé riamh lem' ghlaic is ní sgarfaidh fad a bheidh neart im' ghéagaibh.” Amhail adubhramar bhí inntleacht géarchúiseach ag Cormac. Do thuig sé cúis le mire fáidhe. Is deimhin go raibh buaidhirt air i dtaobh an treó bhí ar an Iarla, acht ag éisteacht dó leis an sgéal dona deacrach úd ó bhéal an té ar ar luigh an toirmeasg go daingean, do samhaluigheadh dó go raibh alt do sheanchus a thíre ag críochnughadh i ndonas is i ndorchadas. B'áil leis machtnamh ar an chríochnughadh mhí-ádhbhrach soin, b'áil leis machtnamh ar an seanóir onórach soin os a chomhair ag teicheadh mar mhac tíre na coille ó n-a námhaid, is tré gach cruadhtan is anacra ag seasamh go dána d'fhírinne agus do shaoirse. Ag machtnamh mar sin dó - ní raibh ann acht obair nóimeint - do tháinig tocht cathuighthe ar a chroidhe, is tím-chrith neamh-ghnáthach 'na bhallaibh i gcuma nár fhéad sé labhairt ar feadh tamaill. Is maith do thuig an tIarla cad do bhí 'n-a aigneadh, agus is fonnmhar do rinne sé ar bh'fhéidir chum a thabhartha chuige féin. 'Nuair do bhí a thocht curtha de ag an óglách, dubhairt an tIarla: “Caithfead-sa an áit seo d'fhágáil tar éis tuitme na hoidhche. Tá buidhean do mhuinntir na Bainríoghna ar mo lorg. Is dóigh liom go gcuardóchaid an teach so. Ní fuláir dom imtheacht. Tá roinnt fear liom i bhfad as so. Raghad ag triall ortha, is leanfad a gcomhairle. Beannacht leat, a pholla do'n fhíor-fhuil.” Agá rádh soin dó bhí sé ar tí é phógadh, gur léim Cormac go luath-thapa is i n-ionad léigin dó é do phógadh do chaith sé é féin ar an dtalamh ag a chosaibh is d'athchuir air le tuilltibh deór nguirt é féin do thógáil i n-éinfheacht leis. “Táim láidir neartmhar anois,” ar sé, “cabhróchad leat ag dul trasna na sléibhte. Fanfad id' fhochair, fairfead id' fhochair, fulaingeóchad id' fhochair, éagfad id' fhochair.” Do labhair sé na focail seo chomh dian, chomh dúthrachtach soin ná fuair an tIarla ann féin é d'eiteach. Socruigheadh eatortha ar an láthair sin go ngluaisfidís ar aon chum siubhail i dtosach na hoidhche trasna na sléibhte chum muinntire an Iarla. AN NAOMHADH hALT. PRIOMH-IONAD COMHNAIDHTHE AN ÁRD-THAOISIGH. Do thuit an oidhche, is, amhail a socruigheadh eatortha, do ghluais an bheirt chum siubhail, Ba neamh-chosmhail iad i n-aois, acht ba chosmhail i gcródhacht is i meanmain. Do bhí a slighe tré réidh sléibhe do bhí fliuch is garb fá n-a gcosaibh is ar feadh leacan chnuic is síos isteach i ngleann fhada, chaol, lán do charraigeachaibh. Cé go raibh an oidhche dorcha go leór is an tslighe deacair, b' éasgadh, lúthmhar é an seanduine ag gabháil tré imeallaibh corrach tré fraoch is fionnán is ag rith le fánaidh go lán-tapa. 'Nuair a sroicheadar an gleann do chonnaic Cormac léas beag solais tamall maith uatha. Bhí sgleóndar air ag taisbeánadh an solais sin do'n Iarla, agus dubhairt seisean, “Tá go maith - sin iad mo champánaigh-se. Tá siad leathta le fuacht ag feitheamh liom ar feadh na hoidhche.” Do chuaidh na focail sin tré chroidhe Chormaic mar do rachadh bior ghaoithe. “Mo champánaigh, gó bhfóiridh Dia orainn! an bhfuil acht soin? Ní sluagh, ní buidhean, ní gasradh atá romhainn acht campánaigh.” Do chnead sé le buaidheart, is d'éirigh osna i ndiaidh chum a bhéil, acht ar eagla go dtiubhradh an tIarla fá deara go raibh sé dubh-bhrónach do choisg sé dá chumha, is dubhairt go raibh áthas air go rabhadar chomh athchumair dóibh. Taréis dul tamall níos sia dhóibh do léig an tIarla fead as. Do freagradh é, is ba ghearr go dtáinig beirt fhear 'na gcoinnibh. Do phógadar a lámha go urraimeamhail, is do chuireadar fáilte roimhe go ró chneasda. “Seo óig-fhear, cara damh-sa,” ar an tIarla, “do tháinig im' fhochair chum a chion dom' ádh nó dom' mhíádh do ghlacadh.” Ba ghairid uatha anois príomh-ionad comhnaiththe an árd-taoisigh. Ar mheas óglaigh árd-aimnigh mar Chormac ba shuarach an rud é. Bhí cábán mór leathta fá thaoibh árd-chairrige, is fá na chomairce sin do bhí fiche fear 'na suidhe ag comhrádh eatortha féin go sultmhar. Bhí áit fá leith 'san chábán mar a raibh an tIarla le codladh, is anois b'éigin dóibh a shamhail a dhéanamh don óglách, agus is fonnmhar tapa do thugadar fé is ba gheárr an mhaill ortha é do chríochnughadh is do shlachtughadh. Taréis a chuid chomhráidh le Cormac do tháinig árdmheanma i sean-chroidhe dhúr an Iarla. Ba gheall le hóglách é féin an oidhche sin. Níor fhan gruaim ná duairceas na haoise ann. Do sgaip an dubhcheó ó n-a chroidhe is bhí a ghnúis dá chrion-feóighte é ag léir-thaithneamh le sult is le lán-sgléip. Do bheannuigh sé do gach n-aon dá champánachaibh fá leith. Is b'árd é guth an tsluaigh sin ag fáiltiughadh roimhe. Do bhí ar fad 'san ghasradh soin ceathrar is fiche. Do bhíodar ar feadh an lae soin go dícheallach ag soláthar bó is neithe eile bhí riachtanach dóibh agus ag dian-fhaire ar an námhaid 'na theannta soin. Acht anois fá chomairce dhubhsgamaill na hoidhche do bhíodar go neamh-eaglach ag caitheamh aimsire dóibh fein is ag léigean a sgís díobh. Do bhíodar go léir nach mór i mbláth ná hóige. Do bhi taithighe ar anró is ar sgíos aca. Do bhíodar tuitighthe ar fad as muingín, agus - mar a ndeinid a leithéidí riamh - do bhíodar ag iarraidh a n-anacradh do cheilt fá shult ghlórach. An oidhche seo bhí meidhir neamh-chuibheasach ortha, mar do roinn an tIarla ádhbhar leanna eatortha. Do shéid an leann fútha, do las sé na féitheacha aca, is do sgaip sé an ghruaim as a gcroidhthibh le na lán-thuile. Dá réir sin d'fhanadar 'na suidhe go cionn tamaill mhaith do'n oidhche. Bhíodar cainnteach is meidhireach is bh'iomdha sgéal ghrinn d'aithriseadh eatortha. Ba bheag an taithighe do bhí ag Cormac ar an leitéid sin do chuideacht, is ar dtúis do thug sé fá deara go haireach gach a ndearna siad, is ní gan fuath 'na chroidhe dhóibh. Acht i gcionn tamaill do bhí sé ag teitheadh leó, cé nach mór do labhair sé. Bhí amhráin bruighin is grádh ag dul timcheall is 'nuair do glaodhadh ar Chormac ba mhall aimhleisgeamhail é chum freagartha. Fá dheireadh, taréis moráin tathaint ó'n Iarla, dubhairt sé go raibh dán beag aige do mhúsgail sé féin, is gur chóir dóibh a leathsgéal a ghabháil dá thaobh óir do bhí árd-mhuingín aige go saorfaidhe a thír 'nuair a cumadh an dán so. Taséis an méid sin a rádh 'na leath-sgéal do chan sé mar leanas: ÉIRE 'Éire, a shearc-bhuime, a bhanaltra shéim, Inis na ngeal-chnoc, na nglaisidhe, 's na gcraobh, Do bhasgadh 'seadh d'aibig gach peannaid im' thaobh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, do ghéimhleachaibh céasda ag fuasgailt, 'Éire, na leasg, na tamáilte ag músgailt, Do'n deóraidhe dubhach, doilbheach, do dhoras ag osgailt; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, ó Ghallaibh fuair basgadh 'gus milleadh, 'San braon brónach, bog, riamh led' rosgaibh ag sileadh, Do chuid cumhachta imthighthe gan tuairisg, gan filleadh; 'Éire, 'sé do ghear-ghoin do chéas mo chroidhe. 'Éire, ní cuimhin leat-sa síothcáin do bhlaiseadh, Is fada fá thár-bhruid, is fánach fá mhaise, Le sealad ag léir-ghol, gan faoiseamh, gan taise; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Ba mhinic do shléibhte le caor-theinidh ar lasadh, Ba mhinic do leómhain i ndeóraidheacht gan chasadh, Ba mhinic do bhuailis go huaigneach do bhasa; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, do shaoirse is d'fhírinne sheasaibh, Led' shluagh láidir chalma neartmhar i dtreasaibh, Gan eagla roimh námhaid is gan beann ar a gcleasaibh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Ba mhinic í d'fhíor-fhuil 'na caoin-sruith dá dortadh, Ba mhinic go tláth thú le gábhtar is gorta, Cathughadh id' cheóltaibh, ir bróndubh id' phortaibh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! 'Éire, is tú d'fhulaing an milleadh ro-shearbh, Is leat-sa do castaoi an t-asmhuchán garbh, Is an t-éitheach do sgeitheadh ar do bheó is ar do mharbh; 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhé! 'Éire, is mithid duit misneach do ghlacadh, Tá do sgamaill ag sgapaidh, do shamhradh ag breacadh, Ná mothuigheann tú an léir-theas taréis éirlaighe an tseaca? 'Éire, 'sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe! Tá bláth ar gach craobh úir, tá sgéimh ar an dtalamh, Tá ceól agus aoibhneas i gcoilltibh bhí balbh; Go deó, deó arís, ní bheir íseal ná dealbh; 'Éire, sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe, Ba thréan glan an guth do bhí ag Cormac i nós go n-aireochaidhe gach sioladh dár chan go cruinn ar fuaid an chábáin, is síos go bun an ghleanna uaignigh úd. Tháinig lán-iongnadh ar na fearaibh. Bhí deireadh le n-a gchuid racaireachta an oidhche sin, is do thuit ciúineas doilghíosach dubh-bhrónach ortha go léir. Do lean freangaidhe an ghotha uaignigh sin iad, is chuir dá n-aimhdheóin ag dían-machtnamh iad ar an tuirse bhí rómpa. AN DEACHMHADH hALT. I dTREASAIBH NA nARM. I lár an tsos bhrónaigh úd do sgread go dian dána an aon fhear amháin faire do bhí leasmuigh. Cad do bhí air? Bhí buidhean armtha ag teacht go lán-thapa fá n-a ndéin! Bhí an ghealach 'na suidhe i dtreó ná féadfadh aon dearmad a bheith air. Láithreach bhí muinntear an Iarla go léir ar a mbunaibh, is le mire splainnc do luigheadar ar an cábán do leagadh ar fad is do sgaipeadh ó chéile, is na hearraidhe go léir a cheartughadh. I gcionn tamaill bhig ní raibh aon chábán le feicsint; leapacha, suidheacháin, áthraigh, cuireadh iad go léir i leath-taoibh, is 'na n-ionad bhí arm faobhair. Ba léir dóibh anois ná raibh 'san mbuidhin sin acht timcheall caogad fear. Ba mhinic ag sleamhanughadh idir na clocha iad, acht 'na dhiaidh sin bhíodar ag cur díobh gan ró-mhaill. Ní ortha féin do bhí na fir ag cuimhne, acht ar an Iarla is ar an óglách. Ba bhreágh an rud le Cormac bás d'fagháil i dtreasaibh na n-arm ag breacadh fód a thíre le na chuid fola, acht anois b'éigin dó dul i bhfolach i bhfochair an Iarla i gcumar do bhí ag dul isteach fá'n gcarraig, fad do bhí an námhaid 'na dtimcheall. Dá aimhdheóin bhais do cuireadh d'fhiacaibh ar an Iarla dul i bhfolach; b'fhearr leis go mór seasamh go dána i n-aghaidh an námhad, acht dubhairt a champánaigh leis gur shuarach an ghlóir do bhí le fagháil ag seanóir ó bhás ar thaobh chnuich i meadhón oidhche i measg uathadh beag fear. Do chuireadar muinntear an Iarla i dtreó cosanta iad féin, is ba shocair dána a seasamh ag feitheamh leis an námhaid. Dála mhuinntire na Bainríoghna, is é do cheapadar teacht i gan-fhios ar an mbuidhin eile, is dá bhrígh sin is beag an t-áthas do bhí ortha 'nuair a chonnacadar iad ullamh gléasda chum comhraic; acht anois ní raibh leigheas air, caithfid dul 'na n-aghaidh. Is deimhin gur bh'fhusa ádhbhar fear 'na gcodladh gan sgáth, gan cosaint, do chlaoidheadh i lár na hoidhche, ná dul chum coimheasgair le buidhin aibidh, clisde, armtha, lán do mheanmain; acht bhí sé anois ró-dhéidheanach dóibh teicheamh. 'Nuair a bhíodar i ngearracht lámhaighe dá chéile chuir muinntear an Iarla maidhm do mhuscaitíbh 'na measg, do rinne manntach a dtreasa, acht do luigheadar ortha - an méid nár thuit diobh - go dána neamh-eaglach, agus is gearr go raibh an dá bhuidhin go daingean i n-achrann 'na chéile. Do líon fuaim a bhfuirse, a ngreadadh, a gcartadh is a sgreadaigh an gleann; d'aith-fhreagradar na cnuic i gach taobh i dtreó gur dhóigh leat go raibh mór-chogadh ar siubhal idir na sléibhte. Is ró-shoilléir d'airighead fothram an chogaidh 'san uaimh ina raibh an bheirt, is ní raibh Cormac sásda 'na aigneadh gan bheith i measg na gcuradh, is 'nuair bhí na turraingidhe ag dul i dtréine is na geóinte ag dul i n-aoirde bhí briseadh ar an bhfoidhne aige, is do sgíord amach fá'n ngleann. Do rug sé ar shleagh is do chaith sé é féin i measg na ngaisgidheach go lán-dásachtach is ní gan fuil do dhortadh é. Is tapa do rinne sé amach óglách clúdaighthe le héadach pláta, ar nár dhóigh leat go raibh fonn comhraich, is do thug fogha dá sleagh fé. Do theip an céad urchar air. Do dhruid an fear eile leath taoibh is do rug ar an sleigh is do tharraingeadar ó chéile é go dian dásachtach. Taréis tamaill níor thaitn an cleas soin leó is fá mar d'aontuighidís do raideadar araon uatha an shleagh is do ghreamadar a chéile i n-iomarsgáil chruaidh chas-achrannach. Taréis géar-chatha do síneadh Cormac ar an dtalamh le mór-thuairt, is 'nuair a bhí fear an éididh chum imshneamh do dhéanamh dá thurrainn do rug Cormac ar chois air, is do tharraing leis go talamh é. Do bhíodar araon annsoin ar an dtalamh go daingean n-achrann 'na chéile mar dhá nathair nimhe, ag gearradh is ag stracadh a chéile, gan sost, gan suaimhneas, gan aoin'ne aca ag léigean do'n duine eile éirghe ná caoi éirghthe aige féin, ag féachaint ar a chéile le fuath is le dian-fheirg, ag unfairt is ag fuirseadh is ag fásgadh a chéile. Doirteadh fuil eatortha go lán-tiugh. Bíodar araon i léir-chrithibh báis le tachtadh is le múchadh is le géar-bhrughadh. Do snaidhmeadh Cormac cum talmhan le barróig fhir an éididh, is do snaidhmeadh eisean le barróig Chormaic gan caoi ar sgaoileadh ná ar bhfuasgailt ag ceachtar díobh, go ráinig gur shatail fear do bhuidhin na Bainríoghna 'na dhlúth-choimheasgar le námhaid ar troigh fhir an éididh dá bhasgadh go daingean i dtreó gur b'éigin dó a ghreim a bhogadh. 'Nuair mhothuigh Cormac é féin sgaoilte do phreab sé ar a bhunaibh, do rug ar an shleigh do bhí ina aice ar an dtalamh is do dhiansháthaigh an fear sínte tríd an muineál áit ná raibh díon an éididh aige. Níor chorruigh sé ó shoin amach. Is beag ná raibh deireadh leis an mbruighin. Do claoidheadh muinntear na Bainríoghna, is ní morán díobh do chuaidh slán as an ngleó. Acht do rug an ceann urraid do bhí ortha a chnámha leis gan brughadh, gan basgadh. Fear mór groidhe do b'eadh é, agus is beag an tuirse bhí air ag cur an chnuic amach de taréis an iomaidh sin. Acht ní raibh fonn mór cogaidh air an oidhche sin, óir ná feacaidh sé an tIarla i measg an námhad. Níor thuit acht cúigear ar fad do bhuidhin an Iarla. Ag gabháil timcheall do Chormac ag infhiúchadh na mharbh do baineadh geit as 'nuair tháinig sé chum an óglaigh do threasgair sé féin; mar cad a chífeadh sé fá'n éideadh acht corp Éamuinn! Go dtí an uair sin ní raibh aon fhios aige air fheall-bheartaibh Éamuinn. Ní raibh sé gan droch-amhras air le déidheanaighe, acht anois b'fhollas dó cad do bhí uaidh ó thúis. Cad iad na smaointe do rith i n-aigneadh Chormaic 'nuair do mhachtnaimh sé ar ghniomharthaibh an óglaigh úd, ar a ghliocais, ar a shleamhanacht, ar a urradhas aithiseach, ar a bhladaireacht béil agus a chroidhe lán d'fheall. D'aithris sé do'n Iarla ciannos do theagmhuigheadar le chéile ar dtúis is ciannos do mealladh é féin leis. Dála muinntire an Iarla do bheartuigheadar gur fáidh éigin Cormac do tháinig cum iad do shaoradh ó mhillead na nGall; mar b'ar a shon d'fhanadar suas chomh déidheanach an oidhche sin, fá mar a mbeith siad ag feitheamh de n-am ar an námhaid, agus nár mhairbh sé len' uillin féin an t-óglach úd an fheill. Do chuarduigheadar balcasaidhe an óglaigh; is ó litreachaibh do fuaradar ionnta b'fhollas dóibh gurbh' cladhaire é, go raibh sé ag iarraidh ceann an Iarla d'fhagháil dó féin, is go raibh sé fá mhionna Cormac do mharbhadh, is gur bh'é Domhnall Dubh ceann urraid do bhí an oidhche sin ortha. Ní raibh aon trácht ar an gCaomhach, is cé gur mhór é a iontaoibh as, do chuir claon-bhearta na beirte eile droch-amhras in'aigne i dtaobh an Chaomhaigh. Bí eagla air go raibh seisean leis iompuighthe i gcoinnibh an Iarla. AN tAONMHADH hALT DÉAG. AN GLEANN. Do chuir an gradam do fuair sé i measg na bhfear so lán-áthas ar Chormac; acht ní gan brón do mhachtnaimh sé ar éachtaibh na hoidhche sin; ba léir anois dó go raibh nathar nimhe dá oileadh le fada aige 'na bhrollach is gur dhóbair dó bhéith cnaoidhte leis. An raibh na campánaigh do tháinig leis ó Chorcaigh go léir 'na gclaidhiridhe? Ba shearbh an rud leis fiú droch-amhras do bheith aige ortha. Acht níor bh'aon am machtnaimh é, is an oidhche geall le caithte. B'fhollas dóibh anois go bhfillfeadh an t-athach do bhí mar cheann ar an mbuidhin sin do ruaigeadh, le gasradh eile níos tréine is ná bheith neart aca iad féin a chosnamh ortha dá bhfanfaidís annsoin. Is í comhairle do cheapadar fanamhain mar a rabhadar go maidin is aistiriughadh lá'r na bhárach go gleann eile i gcéin. Dá bhrígh sin ar bhreacadh an lae do chuireadar beirt fhear rómpa chum ionad comhnuighthe do shocrughadh dhóibh i gcomhair na hoidhche. D'fhilleadar na fir tar n-ais, ag rádh ná raibh an námhaid le feicsint i n-aon bhall, go raibh bóthán beag déanta amach aca ina bhféadfadh an tIarla codladh, is gur chóir dóibh a n-aistir a dhéanamh i bhfíor-thosach na hoidhche. Acht do faireadh an bheirt fhear so, is do cuireadh cúntas a dturais go dtí an athaigh. Do bhailigh Domhnall buidhean eile is do chuir sé féin is fear do mhuinntir Muircheartaigh a gcuid curadh le chéile. Bhí an Muircheartach ar lasadh chum díoghaltas a bhaint do'n Iarla ar mhasladh éigin a dubhradh gur chuir a mhuinntear sin air. Do rinneadh dhá chuid do'n bhuidhin nua soin; do cuireadh roinnt aca chum faire, is d'orduigheadh do'n roinnt eile bheith ullamh chum siubhail go tapa i n-aghaidh an námhad. Cé go raibh sé chomh mór aindeas soin, do toghadh an t-athach mar cheann ar an mbuidhin a bhí le faire, i ngeall ar an eólas a bhí aige ar na sléibhtibh is ar fheabhas a choisídheachta. Chuaidh an Muircheartach féin leis an chuid eile. Ar aistiriúghadh do mhuinntir an Iarla, um thráthnóna, do bhí an t-athach le n-a bhuidhin i bhfolach san bhfraoch ag tabhairt fá deara gach cor do chuireadar díobh. D'fhaireadar iad ag dul treasna na gcnoc ar thuitim na hoidhche is ag sleamhnughadh síos le fánaid gur cheil an mór-sgamall dorchadais do leath mórdtimcheall ar fad iad. Acht ní raibh dearmad ortha i dtaoibh an tsligheadh do thógadar; bhí eólas cinnte ag Domhnall ar an ngleann ina bhfeacadar an bheirt fhear ar maidin. Is chomh luath is chonnaic sé an bhuidhean ag tabhairt a n-aghaidh ar an áit chéadna do cheap sé i n-a aigneadh an ball i n-ar dheallramhach go bhfanfaidis an oidhche sin; is 'nuair a bhíodar imthighthe as radharc do chuaidh sé le n-a bhuidhin fá dhéin muinntire an Muircheartaigh. Ar chloisint an chúntais sin dóibh do tháinig lán-áthas 'na gcroidhe, agus is tapa d'ullmhuigheadar iad féin chum bheith i n-athchumaireact do'n ghleann soin ar theacht an lae. Bhí, go deimhin, cuid do'n bhuidhin sin is níor thaitn an obair a bhí rómpa leó, níor shanntuigheadar airgead na Bainríoghina, is níor mhian leó fuil an Iarla a dhortadh; acht b'éigin dóibh géilleadh do thoil a dtaoiseach. Bhí tuilleadh aca ag brath ar airgead d'fhagháil, is ba chuma leó cia an nós, acht ní raibh 'san ghasradh soin aon fhear chomh sanntamhail chum airgid ná chomh cíocrach chum fuil an Iarla do tharraing le Domhnall Dubh féin, ceann urraid na buidhne. Is fíor go dtug sé iarracht ar an bhfeall do bhí 'na chroidhe a cheilt; acht bhí an droch-fuadar do bhí fé ró-shoilléir, is níor bh'féidir sgáth a chur air. Bhí fuath ag a lán do'n bhuidhin dó, agus is mór gur bhfearr le cuid aca a sgórnach a ghearradh ná sgórnach an Iarla. Dála mhuinntire an Iarla, is mall socair do ghluaiseadar le fánaidh, is cé go raibh dorchadas ró-mhór ann, níor theip ortha an cabán air ar cheapadar an bheirt ar maidin d'aimsiughadh. Cró follamh do b'eadh é, ceithre troighthe déag ar fhaid is deich troighthé ar leithead. Níor bh'fada ó cuireadh nuadh-dhíon air, is chuirtí caoirigh is gabhair ann i ngarbh-shíon. Níor shuarach an obair do na fearaibh slacht a chur ar do'n Iarla; acht is fonnmhar do luigheadar ar an ngnó soin agus is gearr ná aithneochá an cabán soin do chóirigheadar chomh háluinn sin é. D'aduigheadh béithleach teineadh gan maill is d'ullmhuigheadh biadh. Do shuidh an tIarla chum bídh, lán do sgléip. Do sgéidh a chomhrádh uaidh 'na tréanthuile ag cur meanma is muinighín i gcroidhthibh na bhfear. “Cad é an brígh mo bheatha-sa,” adeireadh sé, “táimse anois ag druidim leis an uaigh; acht fanfaidh cúis mo chreidimh is mo thíre im' dhiaidh. Tógfar suas an chúis sin le daoinibh eile - daoine níos treise ná mise Ná smuainigh, a mhic mo chroidhe,” ar sé, ag deimhniughadh do Chormac, “go bhfaghaidh an chuis atáim a chosnamh bás liom féin. Ná smuainigh gur ag brath orm-sa bhéidh sí chum í chur ar aghaidh. Táim-se ag déanamh mo dhíchill chum í thabhairt suas dóibh seo thiocfas im' dhiaidh gan teimheal. Tá mo charaid go léir imthighthe. Do thuiteadar 'san mbruighin seo ar son a saoirse is a gcreid imh. Do b'fhearr liom” - agus ag rádh soin dó d'eirigh an sean-duine is shiubhail sé go dtí an taobh thall do'n tseomra chomh acfuinneach is dá mbeith lúth na hóige 'na chnámhaibh fós - “do b'fheárr liom tuitim i ngleó do thír is do chreideamh 'ná bheith beó taréis buaidh onóraigh. A Chormaic,” ar sé arís, ag deimhniughadh chum an óglaigh, “taoi-se léigheannta go leór. An gcualais riamh trácht tar fhear chríonna dár b'ainim Murchadh Liath? Do mhair sé tamall im' thigh, is ba mhór aige mo shean is mo shinsir. Fear do b'eadh é do shiubhail a lán is ní beagán léighinn a bhí 'na cheann. Bhí sé lán d'eachtraidhibh ar mo charaid - ar na sean-ghaisgidheachaibh a tháinig romham. Gan amhras do bhí beagán mhearbhaill air, agus taréis mo teach-sa d'fhágbháil do chomhnuigh sé, fá mar dubhradh liom, 'san ghleann so, ag déanamh rann is tarngaireachta ar nós na sean-shuadh. Do chualas féin tarngaireacht éigin do rinne sé ar mo mhuinntir, acht níor thuigeas riamh í.” Do labhair fhear dhá bhuidhin do bhí ag éisteacht leis an sgéal soin, is dubhairt go raibh an fáidh úd go déidheanach 'san ghleann soin agus gurab ins an teach chéadna soin do chomhnuigheadh sé, go dtéidheadh sé i measg na gcomharsan ag iarraidh déirce is ag déanamh suilt dóibh le n-a chuid rann is tarngaireachta. “Agus cad d'imthigh air?” ar an tIarla, go neamh-shuaimhneasach. “Fuair sé bás ins an ghleann so, tá dó nó trí seachtmhainidhe ó shin,” ar an fear eile; “do bhí sé ag siubhal ó thigh go tigh, lá, go dtáinig dorchadas na hoidhche air, is 'nuair a thug sé iarracht ar a bhothán a dhéanamh amach chuaidh sé amugha, is lá'r na bhárach fuaradh sínte marbh é le hais mór-chairrige, is rann éigin rúnach tarngaireachta fásgtha go daingean 'na dhorn.” Níor fhan dath - acht dath gránna an bháis - i leacain an Iarla, tháinig mór-thocht dóláis air - ní fheadair sé cad é a chúis. Níor fhan focal ann, cé go raibh sé nóimeint ó shoin go meanmach meidhireach ag comhrádh is ag caitheamh aimsire le n-a champánachaibh. Do thug sé iarracht ar ghreann a dhéanamh is níor bh'fhéidir leis é. Do tháinig baill-chrith air is thuith sé siar ar an urlár go tréith is go lag-bhríoghach. Cad do dhoilbhigh é? An amhail an bhfeacaidh sé tuar a bháis féin ins an sgéal so? An fear a bhí chomh fada soin 'na thigh, do rinne an oiread soin tarngaireachta ar a charaid, do chomhnuigh tamall 'san mbothán chéadna soin, d'fhagháil bháis 'san gleann soin! Is ró-deallramhach gur b'é a smuaineadh ar na neithibh sin do chuir crith-eagla air, do bhain a chainnt de, is d'fhuadaigh a chuid fola as a leacain. Dála Chormaic, do rinne sé níos mó do'n chomhrádh soin ná do léig sé air. B'fhollas dó anois gurab é faidh an ghleanna an fear céadna d'árduigh a mheanma féin le n-a chuid tarngaireachta an lá úd is é ag teacht ó sgoil, is do chuir cochal air chum ceasna a thíre do léigheas dá mb'fhéidir, is b'iongantach leis go raib sé san teach chéadna i n-ar mhair an sean-shuadh úd ins an ghleann i n-ar cailleadh é, is go raibh sé i bhfochair an taoisigh do seasaibh in' aonar i n-aghaidh námhad a thíre is a chreidimh. An sgéal céadna do chuir crith-eagla báis ar an Iarla do líon sé croidhe Chormaic le dóchas is le meanmain. Níor thagair sé riamh roimhe sin do,n fháidh sin 'na chomhrádh leis an Iarla, i ngeall ar an treó 'na bhfeaca sé é, is anois cé go raibh sé féin lán do meanmain níor lámhaigh sé trácht thairis ar eagla go gcuirfeadh sé tuilleadh buaidheartha ar an tseanduine. Do caithead a lán do'n oidhche mar so eatortha, is fá dheireadh dubhairt duine éigin gur mhithid dul i chodladh. D'aontuigh an tIarla, acht ní le subhachas mar ba ghnáth leis, agus ag breith ar láimh ar an óglách le muinnteardhas dubhairt - “Do chuadhas-sa chum comhraic d'fonn mo dhuthchas is mo chreideamh do chosnamh ó Ghallaibh; ní'lim tuirseach do'n ghleó, acht i dtaobh bhuaidh tá sé ag brath ar thoil Dé. B'fhéidir ná tiocfaidh sé go fóill, acht fágaim le hudhacht agat-sa an chúis sin gan teimheal, gan éisling is ag gach n-aon ghrádhas fírinne is saoirse.” Is dubhach, lán-chumhach do labhair an tIarla, is níor bh'féidir le Cormac freagradh le lán-tocht bróin. An tIarla do bheith doilbh is eadh chuir gruaim air; níor chuimhnigh sé i n-aonchor ar a cheasna féin; agus is mar sin do sgaradar ó chéile i gcomhair na hoidhche. Do chodladar araon 'san mbothán i leapachaibh deighilte ón-a chéile. Do chodail cuid do na fearaibh i gcabán leasmuigh; is b'éigin do chuid eile aca dul treasna an chnuic ag féachaint i ndiaidh bó. Do chodail an tIarla go sámh, agus ag dúiseacht dó roimh lá d'éirigh is do chuir a chuid éadaigh uime, is do luigh sé go lán-dícheallach ar theinidh d'adughadh. Bhí iongnadh a chroidhe ar Chormac é d'fheicsint ag éirghe chomh moch soin, is, ar eagla gur taom éigin a bhí air, d'eirigh sé féin go tapa 'na dhiaidh. Do chaith an seanduine é féin ar a ghlúnaibh is do ghuidh sé go durachtach ar feadh tamaill. Bhí an teine d'adaigh sé 'na lán-lasadh is ag leathadh a chuid solais 'na thuile tríd an mothán bheag úd dá théitheadh is dá sheasgarughadh i gcúntas nár chleachth sé riamh. AN DARA hALT DÉAG. AN LÉIR-SGRIOS. Bhí an lá ag breacadh. Bhí spíce beag solais le feicsint leastoir ag dathughadh barr na sléibhte. Bhí lóithne fionn-fhuar garbh-ghéar ag séideadh is ag cronán go brónach, doilbheach tríd an ghleann. Ba dhiamhair uaigneach é radharc an ghleanna soin is an solas ag dul i neart, na tora muthallacha bána ag crothadh a gcochall coisne díobh féin le gach séidóig gaoithe, is dá lán-luasgadh fá chomairce na mor-chrann, is an talamh cruaidh-shleamhain ó'n sioc. Bhí an tIarla tré n-a chéile i dtaobh na bhfear do chuaidh chum na beitheidhigh do sholáthar, is níor bh'annamh ag rádh é gurab iongantach ná rabhadar ag filleadh “Tá sé ró-luath fós,” a deireadh Cormac; “is ar éigin atá breacadh an lae ann. Ní dhéanaim amhras ná go mbéid siad annso láithreach.” Ag comhrádh mar sin dóibh do briseadh isteach doras an bhotháin le tréan-bhuille, is gan maill nóimenite bhí gasradh fear lán-armtha 'na seasamh ar an urlár. Ar dtúis do shíl an tIarla gur bh'iad a mhuinntear féin iad is bhí iongnadh air iad a theacht isteac chomh fiadhain sin. Acht níor fág a n-imtheacht aon amhras air 'na dtaobh agus is gearr gur bh'fhollas dó go raibh sé imeasg a námhad. Ní raibh 'san mbothán an taca soin acht an tIarla féin is Cormac is seanóir eile. Ar thaobh an námhad b'shin é Domhnall Dub - níor b'fhéidir dearmad a dhéanámh ann - fíochmhar, feargach, garbh-fhiadhain, is go léighfeá íota fola is óir 'na gharg-ghnúis dhrochfhuadrach. Do labhair Cormac leis i nguth árd is dána, is dubhairt: “A Dhomhnaill, cad tá uait? Sáthaigh mise tré lár mo chroidhe is léig do'n taoiseach aosda onórach so,” - is ag rádh na bhfocal soin dó, chaith sé é féin idir an t-athach is an tIarla. Do dhruid Domhnall uaidh i leath-taoibh é, is dubhairt: “Bíodh foidhne agat, fan go mbéimid réidh leis an gcuradh ar dtúis, tá breith agat air, ní dhearmaidfear thu, ná bíodh eagla ort.” Is gan maill d'aimrigh sé buille ar cheann an Iarla. Do mharbhóchadh an buille sin é acht gur chosain sé é féin le n-a láimh. Do géar-ghoineadh a uilleann dá chur i sior-phiantaibh, acht ní thug sé braon fola. Cé gur mhór a chuid pianta níor liúigh is níor sgread an seanduine, agus is cródhach fearamhail adubhairt: “Suas ar do láimh! Is mise Iarla na Deasmhumhan! An im' mharbhadh ataoi, a chladhaire?” Cé gur léir do Dhomhnall gur bh'é an tIarla do bhuail sé, do chuir an t-adamhughadh soin breis mhisnighe air, is thug sé iarracht eile fé, dá ghearradh 'san mhuineál i gcuma gur rith an fhuil 'na caise go talamh ó'n gcneadh, Tar éis an bhuille sin, cé nár thuit sé níor fhan lúth 'na bhallaibh, acht is soiléir d'airigheadh é ag rádh: “Éagaim d'onóir Chriosd is do shaoirse mo thíre.” Ba shaidhbhreas do Chormac na focail sin. Dá mhéid é a chuid cumhadh do chuireadar ag dian-mhachtnamh é ar an tuirse bhí roimh mhuinntir na hÉireann, is an dubh-cheó d'éirigh 'na shlighidh féin is chuir deireadh le n-a cuid dóchais go deó. Ar feadh na haimsire seo do chongbhadar beirt fhear Cormac is ní gan duadh é. Do tharraingeadar an t-athach mór is beirt eile an tIarla amach tar dhoras is é ag tabhairt a chuid fola i dtréan-thuile. Do shíneadar é ar an dtalamh amuigh tamall beag ó'n mbothán, is annsoin do buaileadh arís is arís eile é. Bhí cnead a mhuinéil anois chomh leathan soin, is bhí an fhuil ag gluaiseacht as chomh tiugh soin go raibh eagla ar an athach go gcaillfidhe é idir a dhá lámhaibh. Ar an adhbhar soin bhuail sé buille thuaigh air chum an ceann a bhaint de. Acht tháinig crith 'na láimh is níor fhéad sé a chuid nirt ar fad a chur 'san mbuille. Do thug sé iarracht eile, agus leis an treas iarracht do bhí ceann Iarla na Deasmhumhan sgartha leis an gcorp go deó na ndeór. An fhaid a bhí an léir-sgrios so dá dhéanamh bhí Cormac go neamh-shuaimhneasach fá ghreim ag an mbeirt úd is gan uaidh acht tuitim dá mb'fhéidir i dteannta an Iarla, is óir do theip sin air ba dhoilbh iad na hosnaidhe i n-ar labhair brón a chroidhe. Is ar cheann an Iarla do bhí Domhnall ag brath go bfaghadh sé an t-airgead. Is uime sin is aireach do ghlan sé an fhuil de, is do chas go ceanamhail i linn-éadaigh é, is do cheartuigh an cheartlinn sin i dtreó go bféadfadh sé é bhreith leis go háiseamhail go Caisleán na Mainge. Do sgaoil an bheirt Cormac uatha annsoin. Do rith an t-óglách go dian-chráidhte chum an choirp gan ceann do bhí smeartha le fuil agus d'fhan sé le n-ais ag síorfaire is ag dian-mhachtnamh ar a ghlúnaibh go brónach, lán-uaigneach, gan féachaint anonn ná anall, gan focal do labhart, gan deor do shileadh, gan na neithe do bhí ar siubhail timcheall air do thabhairt fá deara. Acht bhí sé ceapuighthe ag an athach é thógáil leis, is óir ba mhithid dóibh filleadh tar n-ais do chuir sé beirt fhear chum é a bhreith leó. Do liúigh Cormac chomh truaighmhéileach soin 'nuair thugadar iarracht ar é tharraing leó ó'n gcorp go léighfeadh sé garbh-chlocha an tsléibhe chum truaigh is taise dhó. Is cruaidh an námhaid ná bogfadh chum truaigh ar fheicsint an óglaigh dubhaigh chráidhté úd dá chaitheamh féin ar an gcarnán cré is fola úd dá snaidhmeadh féin leis go dian-daingead, is ag rádh, “Fág, ó fág mé i bhfochair mo charad! - marbhaidh mise leis!” Ní fhuair na fir ionnta féin é a thabhairt leó. Acht níor mar sin do Dhomhnall - ní raibh an croidhe chomh bog soin aige. Bhí deithneas air. Bhí ceann an Iarla greamnighthe 'na láimh chle aige, agus is mar sin do tháinig sé chum na háite ina raibh Cormac ag fuirseadh leis na fearaibh. Do rug sé ar ghualainn air is d'árduigh leis é. Anois cá raibh an mhaitheas 'na chuid fuirse is únfairt is liuithrigh? Acht féach! tá gasradh fear ag cur an ghleanna dhíobh go lán-mhear, ullamh, gléasda, chum comhraic, agus is deallramhach go bhfuilid ar thí an tIarla a sgiobadh leó beó nó marbh. Do chóirigh Domhnall a mhuinntir féin 'na n-aghaidh, is é féin ag congbháil greim ar Chormac, is dian-ghreim ar cheann an Iarla 'na dhá láimh. 'Nuair a thángadar na fir eile i ngearracht dóibh b'fhollas go raibh fonn comhraic ortha. Do bhí fear lúthmhar, tapa mar cheann urraid ortha. Ba mhear, dian, dána, do chuir sé an gleann de; is ní raibh dearmad ná himtheochadh sé gan droch-obair. 'Nuair bhí an dá bhuidhin os comhair a chéile do bhog an t-athach do gheit do Chormac, is do sgread sé mar tharbh allta. Dobhúir sé arís is arís eile, is, cé gur ró-dheacair leis é, do raid sé ceann an Iarla uaidh is do theich sé i lán-ghealtaigh, mar dob'é an Caomhach - an fear do mhairbh sé, mar ba dhóigh leis - do bhí 'na cheann ar an námhaid! Ní raibh eólas ag aoin'ne ar chúis a bhuile, is tháinig briseadh is mí-órdughadh ar a ghasradh, is do shleamhnuigh Cormac anonn go taobh an Chaomhaigh gan duine dá mhothughadh. Is beag an dúil i ngleó bhí ag gasradh an Chaomhaigh 'nuair fuaradar an tIarla marbh rómpa, is bhí gach taobh ullam chum siothcháin a dhéanamh go mór-mhór óir ná raibh an t-athach le fagháil - mar d'imthigh sé ar buile as a radharc ag béiceadh is ag dian-sgreadadh go fiadhain fraochmhar fíor-eaglach. Ar an ádhbhar soin, do rinneadh siothcháin láithreach eatortha is do ghluais muinntear na Bainríoghna ortha go Caisleán na Mainge ag breith cinn an Iarla leó is d'fhan gasradh an Chaomhaigh annsoin chum an corp d'anachadh is do fágadh Cormac i n-aenfheacht leó. 'Nuair a bhí a sháith caointe déanta ag an óglách os cionn chuirp an Iarla do chuir sé fáilte lán-chairdeamhail roimh an gCaomhach is do bheir sé buidheachas go taitneamhach leis an té do sgiob é an dara huair ó lámhaibh na n-eachtrann, is do luigheadar ar chainnt go céileamhail ar an gcuma i n-ar theagmhuigheadar le chéile arís. Ó d'fhág sé Cormac go tréith na leabaidh do bhí an Caomhach ar a dhícheall ag bailiughadh fear chum an tIarla a chosnamh, mar bhí a shár-fhios aige go raibh Domhnall ag faire air chum a thógtha nó a mharbhuighthe. Ar feadh a bhfad ní raibh fios aige ar ionad comhnaidhthe an Iarla, is ba dheacair fir d'fhagáil do chuirfeadh iad féin i gcontabhairt ar a shon. Do bhí beirt fhear leis ag faire ar an athach agus is uatha soin do fuair sé eolas ar a raibh ar bun an oidhche sin aige; is dá n-aontuigheadh Dia go dtiocfadh sé i n-am ar maidin bheith an tIarla slán beó 'na measg an tráth soin. D'iompuigh a gcomhrádh ar Dhomhnall is ar an bhfeall a bhí 'na chroidhe, ar an Iarla is ar a mhuinntir. Ó theagmhuigheadar ar dtúis le chéile ní raibh caoi aca ar thrácht ar a muinntir féin, is uime sin ní raibh eolas ag aoin'ne do'n bheirt ar ionad comhnaidhthe an fhir eile; acht anois óir ba mhithid dóibh cuimhne ar dhul a bhaile b'éigin dóibh labhairt tar na neithibh seo. D'fhiafruigh an Caomhach do Chormac cár chomhnuigheadar a thúismightheóiridhe. “Maireann mo mháthair,” ar Cormac, “i gClais Doimhin acht tá m'athair le fada as baile. 'Nuair a bhris an bhuaidheart so amach ar dtúis, is iomdha bliadhain ó shoin, d'fhág m'athair an baile is as soin amach ní bhfuaramar aon tuairisg air. Is é mheasaimíd go bhfuil sé marbh le fada riamh. A Dhia na ngrás, dá bhfeicinn m'athair arís is ró-shásda bhéidh m'intinn!” “Tá t'athchuinige fagháltha agat cheana,” ar an Caomhach, ag snaighmeadh a lámh timcheall air, “is mise an t-athair sin dob' áil leat fheicsint!” Bhí Cormac, amhail adubharamar, géar-chúiseach, is anois is tapa do rith in' aigneadh na bearta cruadha ina raibh sé go déidheanach is cia an nós do shaoruigh Dia é ó gach ceasna, is do chuir a athair féin chuige chum a lán-bhruid a sgaoileadh is bheir sé buidheachas le Dia le saor-chroidhe. Acht cé gur mhor an t-áthas a chuir radharc a athar air níor thaise do'n tocht cumha do chuir a chroidhe fá smúid i ngeall ar íde an Iarla do bhí riamh go daingean 'na chuimhne. Ba dhubhach an obair a bhí rómpa. Do sgaoil an Caomhach Conallach do b'eadh é - na fir a tháinig leis a bhaile acht amháin ádhbhar beag do chongaibh sé chum cabhruighthe leó i gcomhair anachaidh an Iarla. D'fhaireadar an oidhche sin an corp úd gan ceann do bhí sínte go cóirighthe fá ghéagaibh árd-chrainn. Ba doilbh an tórramh é, ní raibh coinnealla ná soillse ann, acht réilte na spéire ag dian-thaitneamh as ag tuar cuisne i gcomhair na maidne; ní raibh uaill-ghol ban le cloisint acht doilbh-chronán na garbh-ghaoithe ag siosmharnach go huaigneach tré ghéagaibh nochtuighthe na mór chrann, is ag réabadh drislighe is dá sgaipeadh i gcéin. Acht níor chuir sioc ná fuar-ghaoth Cormac ná athair Chormaic ó'n a ndian-fhairead le hais an chuirp tré íochtar mhall na hoidhche, ní mór a labharadar acht air uairibh ba thréan a ngéar-osnaidhe. Anois is arís do thagadh tocht cathuighthe ar Chormac i dtreó go gcluinfidhe gach cnead doilbh-dhubhach uaidh ar fuaid an ghleanna is b'iongnadh nár éag sé le garbh-ghuais bróin. Tar éis an tórraimh fhíor-uaignigh úd do rugadar an corp gan cheann go Cill na Manach, roilig do bhí tímcheall cheithre mhíle uatha, agus annsoin do cuireadh ar fhan i n-Éirinn d'Iarla na Deasmhumhan. An fhaidh a bhíothas dá chur síos 'san uaigh is dá chlúdach le cré dubhradh urnaighthe dá anam is 'nuair bhí an obair críochnuighthe do chan Cormac le hárdh-ghuth go doilbheach buaidheartha an marbhnadh so. AN TREAS hALT DÉAG. MARBHNADH IARLA NA DEASMUMHAN. CORMAC UA CONAILL DO CHAN. Dubh-chiac is pian mo chliabh do bhreóghann, Tá gliag im' ghiagaibh dian le brón. Ó ciapadh m'Iarla, a Dhia, tar fóir, Groidhe-thriach, ró-fhial, ba thrian i ngleó. An fhíor-fhuil chaoin do shíol ó'n nGréig, Dlút-shnaidhm ar dtíre siorraidhe réidh, Is fuígheach i bhfíor-lár chuimheasgair sgéidh, Mo sgíos mar sgaoileadh síos faoi'n gcré. Ná ceartaidh leac do raghadh i mughadh, Ná beartaidh feart-laoidh leamh, gan chumha, Ná fairidh leasg, gan phreabh, gan lúth Glacaidh bhur n-arm neartmhar dlúth. Béidh fuaim a thuairisg uaibhrigh chaoin, I nduantaibh suaidhte i n-uaim chirt mhín, Beidh suadha suairc ar chruaidh-chruit bhinn, Dá luadhadh go buan 'measg uaisle is buidhin. Ní mian liom sian ar grian 'san spéir, Ní mian liom giar-ghuth trian na n-éan, Tá ciach ag iadhadh ar mo chliabh go léir, Is m'aois is sia seacht mbliadhain ó 'réir. Acht ní croidhe-bhrughadh, ná cumha, ná deóir, Dá chaoineadh súd 'san úir is cóir, Acht dibhfhearg dlúth le lúth is tóir, Is sgeimhle dubhach ar bhúir i ngleó. A fhir-fhuil dhílis, chaoin, Dheasmhumhan, Ná dísg i gcroidhe na tíre úir, Go síolfaidh buidhean bheas fíochmar dlúth, Ag díbirt námhaid tar tuinn anonn. Beidh bláth an earraigh cluthmhar, ciúin, Ag fás, 's ag gealadh, os do chionn, Beidh sgáth ar maidin ag an ndrúcht, As sgáil ó chrannaibh thart anonn. Beidh cuach gan bhuaidheart, gan ghruaim, annsúd, Beidh cuaird ag uanaibh buan 'san gclúid, Beidh luasgadh luath, le fuaim duilleabhair, 'San suairc-fhear snuadh-gheal fuar 'san úir. Do b'áil leis stair 'na cheart, is dréacht, Do b'áil leis greas go deas ar chéis, Do b'áil leis fras na n-eas ar shléibh, As cantain greannta deas na gcraobh. Ní'l aoibhneas ghrinn 'san tír, acht cumha, An taoiseach groidhe ó shín 'san úir, Tá a chuimhne sgríbhthe síos go dlúth I mongaibh mín 's i gcríochaibh Mumhan. Ba mhear a ghasradh óig-fhear groidhe, Ar fhaithche ghlas 'sar chóir-chnuic mhín, Ag basgadh Danar crón le claidheamh, Ó Dhaingean theas go hEóchaill chaoin. Acht chím go cruinn mo díth 'na éag, Is cinnte sinn gan bhrígh 'na dhéidh, Is fúidheach bhead síorraidhe ag caoi na n-déar, Go sínfead síos 'ga thaoibh i gcré! AN CEATHRAMHADH hALT DÉAG. DEIREADH Ba dhoilbh é fuaim gotha Chormaich ag cantain an dáin sin go huaigneach i lár an roilige 'nuair a thagadh sé chum na bhfocal i n-ar fhógair sé ruagairt is lánthreasgairt ar na Gallaibh do sheasuigheadh sé, 'na lánaoirde is do lasadh a ghnúis le dásacht is le neamhspleáchas. Ní minic do casadh caoineadh le guth chomh dian, chom huaigneach soin. Acht bhí an léir-fhaire is an dian-mhachtnamh soin ró-throm do Chormac agus tar éis an mharbhnaidh do chríochnughadh do tháinig garbh-ghuais neamh-chuibheasach air is do thuith sé i bhfantais ar an dtalamh. Do thóg a athair a bhaile é breóighte lag-bhríoghach, is do chuir i leabaidh é, is as an leabaidh sin níor éirigh sé riamh arís Ba mhinic ag labhairt é 'na mhearbhall tinnis ar na neithibh tré n-ar ghabh sé, is níor b'fhéidir leis an rann rúnach úd thug Murchadh Liath dhó a chur as a cheann. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag iarraidh é do chraoibhsgaoileadh, is i gcomhnaidhe ag casamh daor-bhruide na hÉireann. Acht níor b'fhada uaidh an deireadh anois. Do leath an tinneas tré n-a chnámhaibh, is tré n-a bhallaibh go léir. Do tháinig gluthar an báis 'na bhrághaid is d'árduigh sé é féin ar a ghlúnaibh le garbh-ghuais. 'San dtreó soin do leath sé a lámha is dubhairt: “A Dhia, beir m'anam leat go flaitheas is saoruigh mo thír ó throm-bhruid. Ní raibh uaim acht an lá d'feicsint i n-a gcuirfidhe lánruagadh ar Ghallaibh tar tuinn; acht ó 'sé do naomhthoil glaodhach orm roimh an aimsir sin, atáim sásda an saoghal d'fágáil. A Dhia, glac mé id' chúirt go deó!” Iar rád na bhfocal soin dó do tháinig lagachar air, is thuit sé siar is d'éag gan mhaill. Do chuireadh le hais an Iarla é, agus is sámh é a gcodladh i gCill na Manach le trí chéad bliadhan. Roinnt bliadhanta i ndiaidh na neithe seo do bhí mathshluagh cruinnighthe le hais carchair i Sagsana. Bhí fear le crochadh agus ba léir go raibh grain ag an ngraisg sin air. Is iomdha fhear do mhairbh an méirleach soin agus anois b'éigin do díol as aon mharbhadh amháin. Do tógadh an groidhe-fhear soin amach idir a choimeadaidhe is ba dhuairc, ba dhoirbh a dhreach. D'féachadh sé mór-dtimcheall le crith-eagla mar a mbeith na mairbh dá taisbéanadh féin dó nó guth ó'n saoghal eile ag fógradh a chionnta dhó. B'fhiadhain, neamh-thruaighmhéileach é sgread an mhathshluaigh sin 'nuair a thuit sé marbh os a g-comhair. Ní féidir linn acht sgéal gairid do dhéanamh do shaoghal athar Chormaic 'na dhiaidh sin. Do chuir an blaiseadh soin fuair sé do chleasaibh na n-arm, is an muiníghin do bhí aige a cúis a thíre, misneach air chum dul tar lear óir ná raibh glaodhach 'san mbaile air. Do chuaidh sé go dtí an Sbáinn, is níor bhfada gur éirigh sé go hárd 'san arm le n-a chródhacht is le n-a chalmacht. Acht bhí a chroidhe 'na dhiaidh i nÉirinn, agus is iomdha iarracht do thug sé ar theacht tar n-ais le buidhin neartmhar Sbáinneach chum na n-eachtrainn do ruagadh as fearannaibh na Mumhan. Bhí buidhean ullamh chum teacht leis i bhfochair an tsluaigh do ceapadh d' Aodh Ruadh Ua Domhnaill 'nuair do milleadh an curadh óirdhearc soin i mor-thuile a bheathadh le feallbheart na nGall. Do léigheadh sé go cíocrach na héachta do rinneadh 'san mbaile na dhiaidh sin is go mór-mhór na neithe do bhain leis na Gearaltachaibh. Ar uairibh do ritheadh 'na aigneadh an rann rúnach úd do thug Murchadh Liath an fáidh buile do Chormac fad ó shoin, is, lá, 'nuair chuala sé bás Iarla an tSúgáin is an chumha i n-ar rugadh air do luigh sé ar mhachtnamh ar an gcrích do bhí le muinntir an tsean-Iarla. Cionnus do hoileadh a mhac 'na Shagsanach is tugadh go hÉirinn é chum na daoine do chur i gcoinnibh Iarla an tSúgáin, cionnus do bhailigheadar na daoine timcheall air go bhfuaradar amach gurbh Sagsanach é, is gur iompuigheadar uaidh annsoin le fuath is le feirg, is cionnus do milleadh i Londain é, le claon-bheart na n-eachtrann 'nuair ná raibh maith le baint as a bheathaidh aca, do bheartuigh sé leis féin go raibh deallramh éigin ar an rann úd Mhurchadha Léith: “Gaisgídheach óirdhearc leagtha le feall.” B'é sin an sean-Iarla é féin “Oighreadh aithiseach taca na nGall.” B'é sin a mhac do hoileadh na Shagsanach. “Curadh ag a charaid ceangailte i bpoll.” B'é sin Iarla an tSúgain ceangailte leis an gCuradh Bhán i n-uaimh i n-a bhfuair se é. “Críoch le treibh tar tuinn anall.” | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2748 |
2,557 | Corraghliocas na mBan | de Barra, Dáibhí | — | Ó Conchúir, Breandán | 1834 | 19 | prose | (B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1991) | 43,025 | 6,622 | {N L319} {L 1} {B 1834 19L} {G L} {U 0305} {C Prós} {M 8} An Díonbhrollach. Chum mo chomhbhuíne do léas an leabhar so. Adeirim libh go grinn ní fuil ní ar bith is mó a tharraingeann chum néaladóireacht agus drochbhearta duine ná díomhaoineas, agus ó nach bhfuil a fhios againn cia díobh is fearr i láthair Dé, duine dá mharú féin le hobair nó bás do sholáthar de dhroim díomhaoinis, ag amhlorgaireacht ar phléisiúir saolta agus de ghrá ban, do-dhéan an beagán briathar so do bhronnadh ar mo chomhaos óg mar luibhleabhar chum iad do leigheas ar an nimhghalar sin. Agus ó ba thoil leis an nDúileamh meabhair chum a thuigseana agus lámh stiúrtha ar an ngobpheann a thabhairt dom, cuirfidh mé anso síos i dteanga a máthar agus i mbriathra míne, macánta an ceart dóibh, ar chor go mbeidh mo fhocail acu amhail coinneal i lantaeir chum iad do sheoladh agus a threorú tré cheo dorchadais a mí-eolais, de bhrí gur iomdha drochbhearta agus trioblóid ag gardáil ar bhaois óige an duine agus dá tharraint chum aimhleas coirp agus anma, agus dá bhrí nach bhfuil ní ar bith is coitinne do mhilleadh na mbaothógán ná conbharsáid agus cuideachta slíomadóirí ban ina mbíonn gliocas 'na mbriathra agus mioscais 'na n-aigne. Dá bhrí sin do tuigeadh dom nárbh fhéidir liom aon chomaoine do chur ar mo lucht comhleanúna agus cumainn ba mhó ná an compánach beag póca so do bhronnadh orthu, chum go mbeadh sé mar éide chosanta acu i gcoinne deartaibh nimhiúla mealltóirí ban, do chuireann d'fhiachaibh oraibh (an tan a mealltar leo sibh) a bheith bhur n-amadána neamhurramúil d'bhur muintear agus n bhur seirbhíseacha neamhchearta d'bhur máistrí agus n bhur ndrochfhearaibh d'bhur mná an tan a póstar sibh, agus mar bharr ar gach drochscéal, bhur n-aithreacha olca, fuara, faillítheacha d'bhur gclainn. Níl ní ar bith níos cinnte ná go ndéintear mórán de na buachaillí óga, baothchéillí do tharraint agus do mhealladh le harthaí piseogacha agus le foghar draíochtúil na líoga lómhar so. Chum sibh féin do sheachaint ar na fiacha dubha so i gcleití péacóige, agus chum sibh do dhéanamh comhluadar agus conbharsáid cainte leo, gan aon dochar díbh féin, do ghlacas mar theasc an leabhar beag so do chur i dtóin a chéile leabhar beag so do chur i dtóin a chéile, gan do iarraidh de luach saothair ach bhur mbeannacht. Agus ó tá sibh ar bhur gcumas féin fós agus i mbláth bhur n-aoise, do-dhéan dánacht ar m'ainm do chur fá bhun an díon-bhrollaigh, dá chur i gcéill gur mé bhur seirbhíseach díleas, bithbhuan go bás. Dáibhí de Barra. Corr-ghliocas na mBan Léirmhínithe. An Chéad Pháirt. De Bhladaireacht nó de Bhréagaibh na mBan. De gach uile ní ar olcas níl aon phointe is iomarcaí agus is coitinne os cionn na ndaoine ná comhluadar aimhdhlitheach leis na mná, agus de gach uile pheaca is é is treise agus is mó tímtáisiún agus is mó mailís agus cluanaireacht do húsáidtear chum fearaibh a tharraint chum na hóinmhideacht so. Atá tarraingtheoireacht na mban comh grámhar sin, agus é gonta ó nádúr comh láidir sin, gur deacair do dhuine é féin do chosaint gan corraí le tímtáisiún gleáchais na mban gcorr-ghlic, agus é do thiomáint ar aghaidh le mian neamhchuimsithe na drúise gan teora. Agus ó nach bhfuil aon phaisiún den tsórt so róláidir chum bua d'fháil air, ná aon tímtáisiún róthréan chum a sheachanta, féadfaidh tú féachain go cruinn ar na meoin do chuirfeadsa síos duit insa leabhar beag so. Caithfidh tú a bheith armálta i gcoinne breáthacht, cuirfir grá fád chois mar sheirbhíseach, agus cuirfidh tú prasghliocas na mban ar neamhní, agus beid na meoin chum tú a theagasc in ionad do dhamáiste. Tabhair aire conas a thógfaidh tú meas rómhaith ar mhnaoi ar do chéad amharc uirthi, óir ní fheiceann tú an bhean go fírinneach, ach a cuid bláthornáidí, agus a paistí dathannacha, agus a cuid maise éadaigh noch do bhíonn uirthi chum a droch-chreat d'fholach. Breáthacht amhail fírinne, is é am is dathúla í an uair is lú a folach. Atá mórán ag a mbí féachaint bhreá acu an tan a bhíd gafa in éadach shaibhir, agus an uair a chuirid díobh an bláthdhíon sin scinneann an bhean sciamhach chum siúil amhail do rin Juno le hIxion, nár fhág sí aige ach pleidhce de scamall i bhfoirm mná le pógadh. Má thaitníonn bean leat agus gur mhaith leat fios d'fháil an mbeadh sí de nádúr comh maith is d'fhéachann sí, cuimhnigh ar theacht chuici ar maidin an uair ná beidh uimpi, agus is aon in aghaidh dheich nó do-ghéabhair do bhandé ar athrú cuma, agus an t-aingeal ag a raibh aghaidh t'intinne (ar a róbhreáthacht) iompaithe i riocht gósta nó sprid urláir. Bí de ghnáth éadmhar leis an ógbhean a bheadh de shíor ag moladh a geanmnaíochta, nó leis an mnaoi do bheadh ag craobhscaoileadh ar dhrochbhearta a fir agus gan é do láthair, nó baintreach do bheadh ag suirí led chuideachtain; óir an tan do bhíonn bean ag moladh a geanmnaíochta is amhlaidh a bhíonn sí amhail fear siopa ag moladh a chuid earraí ag iarraidh a bheith réidh leo, agus an bhean do nochtas drochghníomhartha a fir, agus gan é láithreach, os comhair fir eile is dearbh go ndéanfadh í féin do leathadh os comhair an fhir chéanna gach uair do iarrfadh uirthi é, agus an tan do bheas baintreach ceanúil ar do chuideachtain bí lándeimhneach gur tré rún do tharraingthe chuici féin do bheidh sí agus muna mbeidh tú ar t'aireachas go maith cuirfidh sí tú id bheathaidh. Ná cuireadh aon tímtáisiún d'fhiachaibh ort piocadh suas le haon mhnaoi ar an sráid, agus dá dtitfeadh amach go ndéanfá, bíodh súil romhat agus súil id dhiaidh, mar an áit na mbeidh drúis ad tharraint beidh dainséar ad leanúint. Ná glac saint chum tabharthaistí mná óir níl iontu ach mar a churthaí breac mar bhaidhte chum breith ar bhradán, agus an tan is dóigh leat bheith ag breith lena tabharthaistí is amhlaidh a bheir ad chailliúint féin. Gach duine do ghéabhthar le gaiste cealgshúileach na mban is amhlaidh a bhíonn mar do bheadh cuil i neid duáin alla, mar a mbeadh sé ag aireachas nó go bhfaigheadh é ar a shocracht chum a mharfa. An té do sheirbheálfaidh drúis mná níl ann ach mar do bheadh monkey ag duine uasal, óir ní bhíonn meas aige air ach an feadh a bheidh sé ag súgradh len' eireaball. Bí comh haireach ar conas a mhairfir ar striapaigh is do bheir ar conas do choimeádfaidh tú ceann, óir le mairiúint ar cheann ní bhéarfaidh tú aon ní, agus le ceann do choimeád caillfir gach ní. Bíodh agó agat insa mhnaoi do bheidh róshaibhir de réir a comhrá féin, óir an bhean a bhíonn ag síorthrácht ar ró-mhéid a foirtiúin agus a saibhris is gnáthach gurb amhlaidh a bhíonn sé róghann. Ná tuig go mbíonn gach aon bhean saibhir do chaitheann éadach breá, óir is gnáth leo a maighdeanas do chur i ngeall chum a mórála do choimeád suas. Ná cuir dóchas rómhór i radharc d'fháil ar roinnt guiní nó watch óir, mar b'fhéidir ná fuil iontu so ach bróga adharcacha chum tú a tharraint chum do bhotúin. Ná creid teastas aon duine ar fhoirtiún mná muna mbeidh aithne mhaith agat air, óir ní curthar match ar a haghaidh go brách gan gríosaitheoirí. Bí deimhneach dá spré, siúd go dtógfá a suáilcí ar chreidiúint, ach an té do thógfaidh iad araon ar chreidiúint do-ghéabhaidh amach, an tan a bheidh ródhéanach, ná beidh ceachtar díobh ar chreidiúint aige. Ná tóg ort síorghrá mná do tharraint ort le bheith ag tabhairt tabharthaistí dhi, ar an abhar gach tabharthas do-bhéarfairse uait beid ar ball i seilbh do chomhghráthóra; agus dá éamais sin is ait leo tabharthaistí, agus má thugair mar thaithí dóibh é ní bheidh grá acu dhuit ach an feadh do bheir ag tabhairt uait. Ná creid grá ón mnaoi do thaispeánfadh sórt comharthaí grá agus adéarfadh leat go mbeidís fírinneach, óir glacaid siad móráil ar son grá a bheith dóibh, siúd gurb iad an mhuintear na mbeadh scorn orthu 'na dtaobh do bheadh i ngrá leo. Ná glac meas rómhór ort féin de dheasca bladaireacht mná agus ná tóg a moladh mar chomhartha grá, mar níl ann ach cuid den chorr-ghliocas, ar an abhar is amhlaidh a bhíd na mná glioca amhail cruinnrialaitheoir, bíd ag síorbhladaireacht leis an muintear is mó na mbíd ar tí dhéanamh dóibh. Ná cuireadh aon bhean artha dhuit de dhroim a léir-theangthaí, óir is mó duine a bhíonn go prasbhriathrach ar róbheagán tairbhe. Ná tuig agat féin gur móide rialtacht mná cuir suas duit ar do chéad iarracht, óir is amhlaidh a bhíd amhail cathair do bheadh i bhforéigean, seasóid siad roinnt iarracht agus fá dheoidh tiocfaid siad aduas agus géillfid siad ar théarmaí réasúnta. Bíd roinnt de na mná amhail cathair láidir nach féidir iad do thógáil ach ar aon tslí amháin, agus muna bhfaighe tú an tslí sin amach go hachomair, glac foighne, agus má thaitnír léi cuirfidh sí féin ar an slí gcóir tú. An tan a dhéanfadh bean drochbheathach do dheacracha do réiteach, níl ann ach le mian deimhnitheach go réiteofása broid a drúise. Is amhlaidh a thomhaiseann sí a carthanas let acfainnse. Leathfaidh sí a sparánchordaí chum tú a choinneáil suas it uireaspaí, cuir i gcás go rachfá i bponc róchruaidh chum réachan ar a deacracha, bí deimhnitheach ná beidh sí 'na seirbhíseach agat ach an fhaid do bheirse id sclábhaí aicise. An té do bhíonn 'na stail aige striapaigh bíonn sé 'na sheirbhíseach ag an ndonas agus 'na churadh chosanta ar olc duine eile, 'na mheatach i ngach dea-shlí agus gach lá ag tuilleamh na mallachta dhó féin. Ná cuireadh aon bhean lena cuid cluanaireacht ná praschéille d'fhiachaibh ort í a ghráú, dá bhrí má bhíonn sí ciallmhar a daothain chum tímtáisiún do chur ort, is fíor go mbeidh sí glic a daothain chum tú a mhealladh. Ná fulaing tú a theanntú aige mnaoi do bheadh ró-fhríálta 'na cuid deischainte, óir an bhean a bheadh róchúramach ag taispeánadh a hiompair is amhlaidh a bhíonn sí amhail do bheadh gráthóir na mbeadh mórán cúraim uirthi, agus bé ar bith do bheidh socair leat i measc cuideachtan beidh mórán níos socra san áit ná beidh ach dís i bhfochair a chéile. Ná tuig agat féin go dtabharfadh claonfhéachaint grámhar mná teideal duit chum dul 'na sciortaí, ar an abhar is féidir leo féachaint ar thaobh díobh agus a gcroí a bheith ar thaobh eile. Ná bíodh tnúth agat le haon dea-iompar ó mhnaoi a níos mó ná mar do thaispeáanann sí, óir atá sé de shlí acu, de dhroim oidhreachta an chorr-ghliocais, go gcuirid an taobh is fearr amach de ghnáth. Má bhíonn tú i ngrá tabhair aire conas a theilgfidh tú do rún, de bhrí an t-iasc a bhíonn ag síorshúgradh timpeall an bhaidhte taispeánann sé a bheith toilteanach lena ghabháil. Ná húsáid do neart chum pléisiúir na mná breátha ná t'aimsir ná do chuid airgid chum riartha ar a n-antoil, ach pós bean gheanmnaí de threabhchas mhaith agus foirtiún nó spré chothrom aici, agus má ghní tú sin níl aon chontúirt ná go mbeir ar do shocracht. An Dara Caibideal. De Mhíchoinníoll nó de Dhíomuaineas na mBan. Bé ar bith bean do thabharfadh suas a bandacht chum toile duine eile do chomhlíonadh ní bheidh aon scrupall uirthi an fhríáltacht chéanna do dhéanamh le haon fhear chum pléisiúir di féin, óir is beag de mhná na mbíonn grá comh gonta 'na gcroí gur mó an grá do bheadh acu d'fhear ná dhóibh féin. Dá bhrí sin an bhean do chaillfeadh a creidiúint i gcomhair do thoilese do chomhlíonadh cuirfidh sí do ghrása fána cosaibh d'fhonn í féin do shásamh, agus an bhean a dhéanfadh gach ní díobh so ní féidir léi a bheith díleas. Ná cuir do mhuinín insa mhnaoi do chaill a honóir, ar an abhar an bhean do chaill a creidiúint is deimhin ná fuil aon ní eile aici chum seasaimh air chum a bheith díleas. Is amhlaidh a mhaireann dílseacht ar gheanmnaíocht, agus ise do chaillfeadh a geanmnaíocht níl ní ar bith eile aici do chuirfeadh d'fhiachaibh uirthi dílseacht do choimeád. An bhean nar mó a thaitníonn a hantoil léi ná a bandacht beidh sí díleas dá drúis agus ní dhuitse. Níl ní san mbith is mó a tharraingíonn grá fir ar mhnaoi ná dóchas go mbeidh sí díleas dó, ach is fearr dhó a thuigsint a beith bunoscionn, dá bhrí má ghní sé sin ní féidir léi é a mhealladh. Atá 'fhios aige na mná gur mó an cion agus an meas a bheadh ag na fir ar iad a bheith díleas ná ar aon chuid eile dá mbandacht, ach atá sé de bhith aige na mná corr-ghlioca go meallfaid sinn insa ní is mó na mbeidh ár muinín. Níl aon ní níos scannalaí ná striapach do choinneáil, dá bhrí í sin do choimeádfairse coimeádfaidh sí sin stail eile má fhéadann, mar beidh an oiread mórchroíúlacht inti chum a bheith 'na máistreás ar dhuine eile is do bheadh ionatsa chum a bheith id mháistir uirthise; agus an té nar dóigh leis go mbeidh bean díleas dó ar son a cosnaimh is amhlaidh a bhíonn 'na choirpeoir dó féin agus 'na rí-óinmhid ag a mháistreás. Ná cuir iomarca dóchais i mbean phósta, dá bhrí an bhean ná beidh díleas dá fear féin is fíor ná beidh sí amhlaidh dhuitse. An bhean do bheadh pósta agus do réiteodh le fear eile chum a bleathach pise do bhualadh, go dearbh is fíor go mbíonn comh díleas leis an mbean do bhí aige Monsieur Ragoue do bhí díleas don tslua. Má bhíonn bean phósta 'na striapaigh, le í a thriail níos géire bíonn sí claonbheartach, óir an bhean na mbíonn a fear féin aici dá mhealladh gach aon lá, is fíor go meallfadh sí a journeyman ar a socracht. Ar ghrá bithbhuan do sheasaíonn dílseacht, agus gan an díleacht ní bhíonn an grá buantseasmhach fá a mbí an bun falsa. Ná bí díleas d'aon bhaineannach ach bean, óir má bhíonn tú meallfair tú féin. Ná bíodh súil agat le dílseacht ó spairntheoir striapaí, nó má bhíonn meallfar tú mar an gcéanna. Ná creid briathra na mná do chaill a geanmnaíocht, ach creid an mhalairt, óir labhrann sí bunoscionn. Má cheanglann tú muintearas le mnaoi, gach ní do dhéanfaidh sí dhuit ná bíodh ann ach mar do thuillfir, agus má bhíonn sí díleas duit, is ní é nach raibh súil agat leis. Ná tuig go mbeadh bean folláin don té na ligfeadh sí uirthi cion mór do bheith air, mar an té is mó do bheadh sí do mhealladh is leis is soilbhre do bheadh sí. Ná tuig go mbíonn gach aon bhean 'na maighdin do bhíonn ag síorthrácht ar a maighdeanas, mar iad uile na ndearna mná dhíobh do ligfidís orthu a bheith 'na maighdeana. Má bhíonn tú mór le bean fir eile agus go ndéarfaidh sí leat nach aithnid di aon fhear ach a fear féin agus tusa, ná creid a briathra, óir móideoidh agus dearbhóidh dá fear nach eol di fear eile san mbith ach é féin amháin. Ná creid focal ón mnaoi adéarfadh go mbeadh sí lándíleas, buantseasmhach, óir dearbhóidh sí ar son a macántacht do láthair an té ler chiontaigh sí. Ná gráigh aon bhean agus gan a fear do láthair, mar níl ann ach mar a stopfá bearna do dhuine eile ná géabhadh a bhuíochas leat; agus cuimhnigh an tan a thiocfaidh an fear isteach go gcaithfirse teitheadh. Má bhíonn tú i ngrá le bean coinnibh t'aigne agat féin; sásaimh í le briathra milse ach ná nocht do phaisiún, agus mar sin, led bhainistí, b'fhéidir dhuit í do mháistríocht, ar an abhar da neosfá do ghrá ó thúis go mbeifeá fána cosaibh mar sheirbhíseach. Tomhais grá mná lena héadmhaireacht, óir is leis an té is mó a bhíonn sí i ngrá is mó a bhíonn sí ag éad agus is leis an té is mó a bhíonn sí i ngrá is mó a bhíonn sí i ndíograis. Bí éadmhar leis an mbean ná beidh éadmhar leat, óir an bhean ná beidh éadmhar leat ní bheidh sí i ngrá leat ná díleas duit. Gach bean ba mhaith leat do choinneáil díleas duit freagair do gach dóchas a bheidh aici ionat, dá bhrí má thugann tú an fhaillí is lú inti atá do chluiche ar pointe a chailliúna. Bíodh súil aireachais agat ar an mnaoi na mbeifeá i ngrá léi. Ná lig ort dabht do bheith agat 'na geanmnaíocht, nó má ligir beidh sí ag baint trialacha as do chreideamh. An bhean do phógfadh a fear os comhair daoine is gnáth go mbíonn a súile ar an té a phógfadh sí san uaigneas, agus an bhean do phógfadh i bpoiblíocht agus in uaigneas is cuma léi cá bpógfadh sí. Toghaibh dhuit féin bean dhiaga mar cosnaíonn diagacht discréid, agus discréid bandacht, agus bandacht náire, agus náire grá, agus grá dílseacht. Do-ghní míchoinníoll do bheith i mnaoi an pósadh amhail sceach ar a bhfásann mórán deilgne géara, agus do-ghní míchoinníoll i bhfear an bhean míchoinníollach, agus do-ghní bean mhíchoinníollach an fear 'na ghnáthchocól. Ná tabhair iontaoibh le fear ar bith i bhfochair do mhná aige baile agus tú féin amuigh, agus ná hiarr ar do bhráthair í a choimeád agus gan tú do láthair, óir déanfaidh an chaoi agus an síoriarratas bua do bhreith ar an gcroí is cróga san mbith bhraonaigh. Ná beir aon fhear leat go nuig do mháistréas má bhíonn cion agat féin uirthi, dá bhrí má bhíonn sí ceanúil ort gur róthaitneamhach a ghéabhaidh sí do bhráthair chuici ar do shonsa. Atá mórán ban do bhíonn fuar de nádúr, agus go háirithe an mhuintear a béarthar faoi phlainéid fuar na ré; ach cuimhnigh ar an seanfhocal i gciall fhoirmdhlitheach, nach fuil aon ní fán ngealaigh nach féidir do iompó. Is mór an mhaith a bheith díleas, agus má bhíonn duine ar a chontráil níl ann ach olc dainséarach; an bhean do thréigfeadh an chéad ní agus do leanfadh an dara ní, ní ceart í a ghráú ná ionchaibh do thabhairt léi. Is maith an ní bheith ciallmhar, agus is ciallmhar an ní bheith fírinneach, agus is fírinneach an ní a bheith díleas. An Treas Caibideal. De Ghrá na mBan. Is urasa grá mná do tharraint ach is deacair é do choinneáil. Do ba usa dhuit creidiúint a chur fá chois agus bean gheanmnaí do tharraint chum do thoile ná a chur d'fhiachaibh uirthi a bheith díleas duit. Ag so an ní atá go coiteann in aigne na mban, mar atá, an uair do chlaonaid chum antoile an fhir go n-imíonn an grá do bhí aige díbh, agus an meas do bhí aige ar a bpearsain roimhe sin go laghdaíonn sé ó do íslíodar iad féin chum a thoile, agus de dhroim na tuigseana sin tarraingeoidh sí a mianaibh do leataoibh uait agus druidfidh le fear eile na mbeidh meas maith ar a geanmnaíocht, óir níl ní ar bith níos cinnte ná go bhfaighid na mná do mealltar mórán pléisiúir i mealladh daoine eile; agus tusa do mheallfadh tabhair aire ar eagla go meallfaí tú. Bíonn grá maighdine neamhchiontach agus buantseasmhach mar a geanmnaíocht. Bíonn grá bean phósta ceart, lán-tsoilbhir, muinteartha; agus bíonn grá striapaí drúisiúil, díbheirgeach. Má bhíonn tú id ghráthóir aige mnaoi agus gur mhaith leat coinneáil amhlaidh, caithfir a bheith dícheallach chum í do shásamh agus a bheith ar garda chum í a chosaint ó chomhghráthóirí, nó muna ndéanfair sin is amhlaidh a bheidh do chailín amhail feadán pléascáin: cuirfid an piléar déanach an rith ar an gcéad philéar. Ná cuir tú féin in oiriúint don mhnaoi do bheadh go géar i ngrá riot, óir má ghní tú agus go bhfaighidh sí do ghrása ag méadú fuarfaidh sí a cuid féin le ródheimhneacht as do chuidse. Dá dtitfeadh amach dhuit grá mná a tharraint ort agus gur mhaith leat coinneáil suas léi ann, bí luathchuardach dá féachaint go mion minic, de bhrí go mbíonn cuid de na mnáibh comh luathintinneach sin go n-imeodh a gcuimhne dhíot dá bhfanfá seachtain as a radharc. Atá cheithre séasúir i ngrá mná, amhail bliain, .i. an t-earrach, an samhradh, an fómhar, agus an geimhreadh. Tosnaíonn sé le mian te agus beathaíthear chum a bheith níos teo é le tarraingtheoireacht caoin an ghráthóra nó go dtagann sé chum fómhair i searcmhian do bheith lánaibidh, ach an tan a bheidh toradh a grá aibidh agus é baileach aici, is gearr go mbraithfidh tú roinnt de chruaghaothaibh agus comharthaí fuara an gheimhridh chugat. Leanfaidh grá mná náireacht dhíot ar feadh d'iompróir tú féin go maith, ach grá mná do chaill a geanmnaíocht ní bheidh sé aici dhuit ach an feadh a bheidh tú idir í agus Bugabus an púca. Gráigh bean go meonach do ghráfaidh tú go hiomarcach, ar an abhar is gairid go dtiocfaidh a paisiún sin aduas comh héadrom led ghrá-sa; agus ansin beidh buntáiste agat uirthi, , ó choimeád an ghrá bhig de shíor taispeánann sé nádúr díleas, buantseasmhach agus féachfaidh sé muinteartha, so-ranna, an uair do thaispeánfaidh an grá do laghdaíonn chum an mheoin bhig, sleamhain, faillítheach; agus dá éamais sin, an té do róghráfaidh bean is urasa leis grá lag a bheith dó féin. Ná bíodh aon tseasamh agat ar ghrá mná mímhacánta mar níl ann ach slat chum do ghrodbhuailte; atá a searc fuinte ar measc a drúise agus ní bhfaighir an chéad ní a bheith díleas duit gan tú a bheith díleas don dara ní, agus sul do bheinnse amhlaidh sin do thógfainn orm a bheith leathach le pianta Sysiphus .i. athach mór atá i bhfogas do bhrogaibh ifrinn, agus is amhlaidh tá ar mullach haille agus bulla mór cloiche ró-ábhal, lántrom aige, agus an tan do ligeann an chloch uaidh ní stadann go dul go bun na haille di, agus ritheann 'na diaidh go mbeireann ar a ghualainn suas arís í, agus is í sin úid agus obair de ghnáth. Ná deimhnigh do ghrá do mhnaoi le leabhraibh ná le móide, óir má ghní tú is dóigh léi gur cheanglais ort féin a bheith i ngrá léi go síoraí, agus is cuma léise créad do dhéanfaidh sí féin ó tá do ghrása ceangailte aici fád láimh agus fád mhóide. Cuir i gcás go mbeadh searc agat do mhnaoi agus go ndeimhneodh sí dhuit lena briathra bithbhlasta agus lena géar-eadarghuíonna a bheith go súile i ngrá riot, ná bíodh so 'na sheanóráid dhuitse le hathscríobhadh, óir má thugann tusa na móide céanna agus go ngéabhair in aon tslí bunoscionn léi, siúd go mbeadh sí ag féachaint ar an bhfear ba ionúin léi, beidh sí go líofa, luath-theangthach agus a béal amhail claibín muilinn ag casachán riotsa ar son do chuid éithigh. Dá dtitfeadh amach go mbeifeá id ghrá aige bean nach féadfá a phósadh, agus ar a shon sin gur mhaith leat í a dhíon fád thearmainn féin anois agus arís, meall uaithi led chluanaireacht an méid d'fhéadfair, óir dá mhéid a mheallfair uaithi is móide a cion ort é, mar ní scarfaidh sí go réidh leis an ní a fuair sí go daor, agus dá mhéid do cheannóidh sí tú is daoiride an meas a bheidh aici ort é. Is mór an trua grá mná óige. Is mór is fiú grá mná pósta agus ní cóir trua ná meas a bheith ar ghrá striapaí, dá bhrí go mbeadh grá aici don té do réiteodh deacracha a drúise. Ná cuir coráiste ar bhean fir eile chum tú a ghráú óir is amhlaidh a thosnaíonn sé le drúis, curthar ar aghaidh é le hantoil, agus críochnaíthear é le dainséar. Is aicíd grá do théann tar gach cruagáil le deacracht é a leigheas, agus an té bheas 'na liaigh air is féidir leis a rogha pá d'éileamh; agus dá bhrí sin, a léitheoir, féach go cruinn ar conas do thitfir i dtrioblóid leis an aicíd doleighis, mórpháúil so, agus chum go dtabharfá aire níos cruinne dom chomhrá féach an cúpla rann so: Ansacht mná go brách ná cloíodh do chiall, is fann a ngrá 'sis fánach síleach iad, dream atá le háille ón nDíle riamh, 'sis cam an fáth ler táthadh croí 'na gcliabh. Is meabhlach, ráiteach, gáifeach, maoifeach iad; mo cheann de phrás, dá ndáileadh míle bliain ar mheabhradh an fháidh, 'sa dtáine 'dhraoithe riamh, ar mheall na mná ní thráchtfaimis a dtrian. Grá diaga do-ghní compord do na haingil, grá daonna do-ghní sólás na ndaoine, grá nádúrtha, slabhra an tsaoil, agus grá drúisiúil, máthair an mhífhoirtiúin. Is é ár ndiúité grá a bheith dár mnaoi agus is é ár mbuntáiste grá a bheith dár gcaraid, ach má bhíonn grá againn do bhean drochbheartach níl ní ar bith is mó dainséar ná é. An Ceathrú Caibideal. De Mhailís agus Dhíbheirg na mBan. De gach uile phaisiún níl san mbith aon ní is mó do chontrálann ar aigne shoilbhir ná díbheirg, agus caochann sé réasún duine comh mór sin go ngluaiseann sé tré bhuile a urchóide i gcoinne an dainséir i ndóigh oilc do dhéanamh dá namhaid. Atá síol nimhiúil an phaisiúin curtha, ó nádúr, i measc lotghrá na mban (amhail do-ghní an fíon is fearr an tan a hiompaíthear é an bhinéigre is géire) agus é comh hiomarcach sin 'na gcineál, ó phréimh dhúchais, gur cuma leo créad do-ghníd ach go gcuirfeadh siad i gcrích an mhailís do bhíonn 'na ngoile agus i gceartlár a gcroí; agus atáid siad comh luathintinneach sin gur minic a thagann dearmad chum bheith 'na dháiríribh, ar chor go gcaithid iad féin lena gcuid drochamhrais agus lagthuigseana chum meas bunoscionn do bheith ar a ngráthóirí; agus cuirid a n-amhras éadmhar féin i bhfórsa go minic mar deimhinbheartaibh, agus géaraíd siad a ngrá chum díbheirge ró-ábhail gan chúis, ag iompó 'na ndeargnamhaid in aghaidh na bhfear do ghrádar roimhe sin, gan luach feoirlinge de chúis ach de dhroim gur dóigh leo go mbíonn díomuíochas acu orthu, agus is dóigh liom gur de dhroim na haigne tréna chéile sin do bheith aige na mná do bhíd a níos tugtha do mhailís agus do dhíbheirg ná na fir. Dá bhrí sin ná glac saint chum grá mná do tharraint ort ach an bhean na mbeifeá sásta léi, óir an fhaillí is rólú do-bhéarfair inti tógfaidh sí é 'na dhíomuíochas rómhór id choinne. Deighleáil le bean dhíbheirgeach amhail do dhéanfá le sórt arm tine ar a nglaoitear sa Bhéarla handgrenado: an tan a thabharfair tine dhá priment caith uait í ar eagla go bpléascfadh chum do dhamáiste. Ná bíodh muintearthas agat leis an mnaoi dár chuiris fearg roimhe sin ar eagla a beith beachúil agus go gcealgódh tú lena heireaball. An bhean do bhí anallaid i ngrá riot agus ansin do iompaigh 'na namhaid dhuit féach uirthi de ghnáth chum a bheith mar sin; ná mealladh sí tú lena palámhaireacht in aon tslí na dtiocfá ina caoi chum do ghortaithe; óir mná, cé go ligid orthu an t-olc do-níthear dóibh do dhearmad is maith do chuimhníd air an tan a thagann sé 'na slí díbheirg do dhéanamh ar a shon. Ná déin puinn braith ar chumann mná do bheadh i ngrá riot go héagmhaiseach, óir is amhlaidh a bhíd amhail leann má bhíonn rómhilis, is luaithide a ghéaróidh sé é. Ná tuig it aigne go dtabharfadh mímheas mná dímrí dhuit ná a féachaint shoilbhir réasún maith dhuit ar í a bheith i ngrá riot, de bhrí gach uair a bhíonn an ghrian fé scamall ná ciallaíonn sé drochaimsir, ach b'fhéidir an uair is lonraí do shéidfeadh a sáinníní go mbeadh an cith i ngar dhúinn; ar an gcuma chéanna do na mná, is féidir leo a n-aigne d'aistriú amhail a dhéanfadh cleití péacóige lá gréine athrach datha. Is amhlaidh a bhíonn grá mná mar a bheadh bhinéigre do rachadh chum seandacht agus nach féidir a thabhairt tar ais gan bheith róghéar go bithbhuan. Níl ní ar bith is díbheirgí ná bean má dhéintear éagóir ar bith uirthi, agus is mar gheall air sin a d'ordaigh an file mná do thoghadh seoch fearaibh chum Furies a dhéanamh díobh. Is beannaithe an ní grá mná geanmnaí, ach má cailltear é aon uair amháin tré dhíomuíochas, do-ghéabhair amach gcoimeádfaidh sí mailís bhuan duit in ionad an ghrá ná féadfadh d'fhulang buan 'na croí. Seachain an bhean do bheadh 'na namhaid agat, óir gach am do chífidh tú corróidh a fionnfadh amhail cat agus cuirfidh ar gcuimhne dhi a bheith ar a tapa insa rún díbheirge atá i dtaisce aici i gcónaí fád chomhair. Atá paisiún mná díbheirgeach, fraochaí, feargach, agus ní thuigim go bhfuil aon leigheas níos fearr chum é a scaipeadh ná bladaireacht. Bí trócaireach don mhuintir a bheidh fád chumas. Bí ag bladar leis namhaid ná féadfá bua d'fháil orthu, óir bíonn díbheirg Dé ag an muintir a loirgeann í searbh fá dheoidh, agus go háirithe don mhuintear a chaitheann í a fhulang. Bíd cuid de na mná do ligeann orthu a bheith géar-aithríoch tar éis díobhála a dhéanamh do neach, agus creid go mbíd in aithreachas; gidh ea is de dhroim nár fhéadadar an damáiste a dhéanamh ní ba mhó do bhíd amhlaidh, agus bíodh an oiread trua agat do chathú na mná sin is do bheadh agat don bhean úd a bheadh ag géarghol ag leanúin a fir gus an uaimh, nar chuir a himpí chum Dé go minic roimhe sin dá iarraidh Air é a thógáil as an saol d'aonphléisc uaithi. Sóinseálacha i mbean aimhdhíleas, ní thaispeánann dúinn gur cóir a gcur i suim, dá bhrí an bhean do dhéanfadh díobháil dhuit agus do ligfeadh uirthi a bheith in aithreachas, bíonn go dearbh, mar a dúrt leat roimhe so, i dtaobh nár thit amach di olc do dhéanamh nar bhfiú léi trácht air. An bhean do ghortaíonn tú aon uair amháin agus do thiocfadh chum socraithe leat ar théarmaí réasúnta, bíodh an oiread dóchais agat inti is do bheadh i maistín do bheadh ag crothadh eireabaill chugat tar éis iarracht a thabhairt ar tú do chreimeadh roimhe sin lena scagfhiacla. Bíonn mórán ban aistiúil 'na ngrá, ach is mó ná sin díobh a bhíonn corr-ghlic 'na ndíoltas; ar an abhar sin tabhair h'aire conas a chuirfir fearg orthu nó do mheallfair iad, mar is ní as an slí saoineas do dhéanamh ar dhuine luathfheargach ná cathú do dhéanamh ar an laige. Ná déin an bhean do bheadh i ngrá riot do chur in earraid leat tré dhíomuíochas, óir is amhlaidh a bheadh amhail crann úlla géara do chuirfeadh bláth milis tríd agus toradh géar. An Cúigiú Caibideal. De Mhóráil na mBan. Is slachtmhar an ní státmhaireacht i mnaoi, 'na siúl agus 'na coiscéim, ach is fuafar, scannalach an ní móráil 'na briathra, agus tógthar gáir mhagaidh agus fonóide i gcuideachtain fán mnaoi bhíos aicídeach leis an místaidéar so na colna an tan a bheadh ag caint; agus bíonn na hóráidí fadbhreallacha, agus an tsíorchaint chlaonchleasach, agus an ghoicíol mhórmheastach so comh fuafar sin i súile agus i gcluasa na ndaoine dea-chiallmhara go mbíd lántuirseach dá gcuideachtain i mbeagán aimsire. Níl san mbith aon ní is mó do thaispeánann uireaspa eolais ná móráil i mnaoi, dá bhrí gurb é ní a chosnaíonn é ná ardmheas ar a ndea-bhearta; bíonn a ngrá comh mór sin dóibh féin, agus é 'na sheasamh ar bun a mórmheas, go bhféachaid ar an gcuid eile dá gcineál le súile tarcaisneacha, drochmheasta amhail Narcissus do bhíodh de ghnáth ag maran agus ag géarstaidéar ar a bhreáthacht agus ar a dhea-bhearta féin. Ach chum go dtabharfainn beagán dá thuairisc sin dom léitheoir, ba fhear scothúil é agus do thit aon de na wood-nymphs dar ba ainm Echo i ngrá leis, agus do bhíodh ag teacht roimhe i ngach ball i ndóigh a tharrainaingthe chuici féin, óir ba bhean róbhreá í. Ach do bhí iomarca meas aige Narcissus air féin agus do chuir sé suas dá grá dá dhroim sin, gur scinn sí i ngealtacht os a chomhair agus go bhfuil ó shin i ndoirthibh coillte agus cnoc agus fán-ghleanntaibh, agus i ngach ball eile uaigneach ag freagradh do ghearán gach neach bhíos i dtrioblóid. Is ansin táine taom bá aige Narcissus léi agus gluaiseas ina diaidh san tslí inar ghaibh, go ndeachaigh in ionad diamhair, aimhréidh den doire, agus do chualaidh fuaim a choiscéimí féin i gcuais carraige a bhí os a choinne, gur mheas gurb í an nymph, Echo, do bhí ann, go ndúirt i nguth lánard: "Is there anybody here?". d'fhreagair sí tamall uaidh sa choill ag rá: "here". Ar sin do rith sé gus an mball nar freagradh é agus ní bhfuair sé aon duine ann, go raibh ag siúl aga fada eile dhen lá gur chuala sé fuaim a chos féin arís, agus do mheas gurb í a ghráthóir a bhí ann agus adúirt: "Let us come together". "Come together", ar sí. Ar sin ritheann sé 'na dáil tré bhogach lánfhliuch do bhí os a choinne, agus do bhí tobar cúng, ródhoimhin i slios an churraigh, agus cromas ag ól dí as, go bhfeacaidh a scáil féin san uisce, agus titeas i ngrá léi, agus tugas saobhléim grodmhar agus amas eadarbhuasach ar an té do chonairc sé san uisce d'fhostadh, go ndeachaidh i gcuilithe an tobair, agus níor fhéad teacht as gur bádh é. Ná cuir nimh do shúl den réir sin i mbean den tsórt sin, óir is amhlaidh a bhíd 'na máistreásaí aistreacha, 'na mná doriartha, agus 'na ndrochmháithreacha dá leinbh. Is amhlaidh a bhíonn bean uaibhreach amhail prionsa suaimhneasach: bíonn grá aige don té is fearr do chosnaíonn é. Má thugair iarracht faoi mháistreás ardonóireach ní foláir dhuit moladh mór do thabhairt ar a pearsain agus ar a gníomhartha, agus teacht léi ar gach ní ritheas 'na haigne, siúd go mbeadh go héagmhaiseach, contrárdha le réasún, óir bladaireacht agus umhlacht, is é do chomairce é chum creidiúna do choinneáil suas léi. Má bhíonn uabhar i mbean bhreá laghdaíodh sé do mheas uirthi, óir ná bíodh meas maith agat ar an mnaoi na mbeadh iomarca meas aici uirthi féin, óir níl inti ach mar scáthán do bheadh cnagaithe, óir is fíorbheag is fiú é de dhroim nach féidir é a dheisiú go brách. Má bhíonn uabhar i mbean intleachtúil is amhlaidh a ghní sé í amhail a dhéanfadh faobharchloch speal; is fíor go ngéaraíonn sé a mímheas, ar chor gur arm ródhainséarach í chum smiolagair ná buaint léi. Bean uaibhreach amhail capall cuthaigh, ní foláir í a mharcachas le srian daingean agus í do bhainistí le haraín díreach, óir muna ndéintear is í is sagart uachta dhá marcach. Má phósair bean uaibhreach, urrúsach ní foláir dhuit eastát maith do bheith agat, ar an abhar, lena thriail, doghéabhair amach bean mhórálach i rangc mheonach do bheith 'na compánach mhíphléisiúrtha agus, i gcás na damáiste, an té bhus túisce do bhéarfadh lámh chabhartha le tú a chur i mbearnain do bhascaithe. Má bhíonn uabhar id bhráthair atá tú i ndainséar aige; má bhíonn uabhar id mháistreás atá sí costasúil duit, agus má bhíonn uabhar id mhnaoi beidh sí 'na peannaid dofhulaing dhuit. Is iomdha bean do chuireann síos a geanmnaíocht chum a drúise do shásamh, ach is mó ná sin do chuireann i ngeall é chum a morála do chosnamh; agus ar son go ndéanfadh drúis bean do tharraint chum striapachais, is í an mhóráil a chuireann 'na ceann méid fáltais na ceirde. Is fíor ná beidh geanmnaíocht i gcuan tsábhála narb é an t-uabhar do bheas dá ghardadh, óir coimeádfar suas an tara ní siúd go ndéanfaí an chéad ní do íobairt ar a son. An fear do bheadh pósta le bean uaibhreach, mhórálach is amhlaidh a bhíonn amhail crann daraí do bheadh casta go cruaidh le eidhneán, fulaingeann a dhlúthmhuintearas nó go gcuireann críoch ar a laethaibh. Is amhlaidh a bhíonn bean bhreá agus í uaibhreach, mórálach amhail diaman na mbeadh lot ann: laghdaíonn sé an luach, tarcaisníonn sé an taispeánadh, agus bíonn doleighis fá dheoidh. An fear do phósfadh bean mhórálach is amhlaidh a bhíonn amhail rí na mbeadh náisiún neamhumhal aige le rialú; mar do chaithfeadh an rí gach achainí do ghlacadh chum síochána do choinneáil 'na ríocht, caithfidh an fear gach achainí d'iarrfaidh a bhean air do thabhairt di chum suaimhnis dá mhuintear thí. An té ag a mbeadh bean shocair, dhiaga is maith an t-aingeal coimhdeachta dhó lena thaobh í, ach an té ag a mbeadh bean uaibhreach bíonn an diabhal ar a ghualainn aige. An fear do phósann bean uaibhreach is amhlaidh a bhíonn sí 'na bean tí mháistriúil, 'na hinín aimhdhiúitéach, 'na máistreás dhoriartha, 'na máthair bhorb, agus 'na seirbhíseach dhrochmhúinte. Is é an t-uabhar athair an oilc agus ceapathóir gach drochghnímh, síol na hainnise, agus tearmainn gach éagóra. Is é an t-uabhar agus an mhóráil do chaill Parthas do na huile, do tharraing an tsíocháin den tsaol, agus do rin diabhail de na haingil. An Séú Caibideal. De Dhíomuíochas na mBan. Ná mealladh bean ainmhianach chum fáltais tú i ndóchas a buíochais, óir an bhean do ísleoidh í féin chum do thoile de ghrá síodaí agus sataéiní agus coinneála suas go mórálach, álainn, is fíor ná beidh sí díleas duit. Cuir i gcás go gcuirfeadh stór ded chuidse isteach chuici féin chum seasaimh air, is í duine is déanaí do-bhéarfadh cabhair duit í an tan a bheadh tú i ngátar. Dá bhrí sin féach ar gach uile ní do-bhéarair dá samhail so comh scartha leat is tá an adharc leis an muic, nó mar do chaithfeá é i bpoll fairrge .i. áit ná beadh súil agat le é a chasadh tar ais. Dá mbeifeá i ngrá le mnaoi, ná mealladh sí tú lena cuid mionthabharthaistí, óir níl ann ach chum go mbeifeása leathshlí 'na coinne, agus níl ann ach iarracht dá corr-ghliocas. Ná tugadh carbhat d'oibreodh a lámha féin teideal di chum do chodasa, ar eagla, an tan a bheadh sí ag moladh do shochroíochta go mbeadh an saol uile ag magadh fát óinmhideacht agus fád dhíth céille. Atá sé comh díomhaoin de obair grá mná do tharraint ort agus do choinneáil agat le tabharthaistí is do bheadh dhuit a thógáil ort criathar do líonadh de uisce; ar an abhar sin caithfidh tú a bheith ag tabhairt don mhnaoi agus ag líonadh insa chriathar nó go seinnfidh stoc Mhíchíl, agus fá dheoidh ní bheidh do ghnó déanta. Lena heireaball do bhailíonn bean shantach gach buíochas amhail do-ghní beach mil, agus ní foláir léi bheith ag fáil, cuir i gcás go mbeadh na fiacha díolta. An té a bheadh milleánach ar mhnaoi i dtaobh a mí-choinníollaí 'na dháil, is dóigh liomsa gur chóir an oiread milleáin do bheith airsean i dtaobh mar thug sé 'na cumas a bheith míchoinníollach dhó, dá bhrí go gcoinneodh an grá meonach an croí do-ionsaithe agus láimh the; agus dá mba áil leatsa imeacht den réir sin ní fhéadfadh an bhean a bheith míchoinníollach id dháil. Ná meall a maighdeanas ó aon mhnaoi chum í a chothú 'na dhiaidh sin, ar eagla gurb amhlaidh d'imeodh ort mar do imigh ar dhuine uasal do chaith a stát le coinneáil suas costasúil mná óige na rin sé féin ar dtúis í a ghabha. An tan do chuaigh an duine uasal so chum gátair, do chuir a sheirbhíseach go nuig an mnaoi roimheráite ag iarraidh deich nguiní uirthi ar iasacht. Is é adúirt sí leis: 'beir mo sheirbhís chum do mháistreach agus inis dó, an uair do thabharfaidh sé díol dom im gheanmnaíocht do mheall sé uaim go ndéanfad gach uile dhícheall ar é a shásamh, ach ní féidir liom gan ionadh a bheith orm an tan a smaoinim ar conas ba dhóigh leis go dtabharfainn airgead dhó, an fear do ghoid uaim roimhe so an ní nach féidir leis comhlíonadh do dhéanamh liom ann go brách, ach do-ghéabhaidh bás im fhiacha. Ar an abhar sin ná loit aon mhaighdean muna mbeir ullamh chum í a phósadh, óir má thugann sí a maighdeanas chum do thoile beidh tú choíche fá oibleagáid aici, agus is é do chaithfidh sí it éadan chum a leithscéil féin do ghabháil ar gach drochbheart do déanfaidh it aghaidh, óir is ortsa a chuirfidh sí milleán a huile ainnise, ar chor go dtitfidh a donasaibh ort fá thrí, agus is dóigh léi nach féidir léi aon olc do dhéanamh dhuit a níos mó ná mar do thuillis. Adeirtear gur measa míchoinníoll ná pisreoga, agus an fear ag a mbeadh a fhios sin aige agus go ndéanfaí an mí-choinníoll d'imirt air, is measa é ná piseoga. Ná hiarr muintearas na mná do mheallais, óir glacfaidh sí áthas i dtaobh tú a theacht aduas comh meonach sin, agus déanfaidh sí asal díot chum tromáin a cuid drochbhearta d'iompar. An tan bheas tú i ngrá le bean comhlíon bearta cróga, fearúla os a comhair agus labhair léi go soilbhir, muinteartha, dá bhrí gur mó a choimeádfadh seasamh státmhar, fearúil agus gníomhartha cróga a greann ort ná bheith ag dul tréna croí le greadadh ceana uirthi. Adeirim libh sa rá go grinn, is móidím thríd, mo chroí do chrá, go ndeir gach údar liom go cruinn, gur meabhlach corr-ghlic iad na mná. Adeir Aristotle, údar caoin, Ovid, Pliny is Horace áigh, nár scríobhadh riamh le barra pinn, trian ar mealladh leis na mná. Ar Mholadh na Suáilcí. Is fíor nach féidir aon cháil do bheith i mnaoi níos fearr ná suáilce. Is é dathúlacht agus ornáid an fhir é, coróin na maighdean agus cathaoir ríoga na mban pósta. Is é ceo na beatha é do chroitear orainn ó láimh an Dúileamh, Rí, agus d'fhásann ó íochtar ár gcroí, amhail tiobraid ón ngrinneall íochtarach, chum treoraithe agus meoin do thabhairt dúinn ar ionracas na bhflaitheas ar an dtalamh so. Is iad na suáilcí do tharraingeann sinn chum gach dea-bheart, agus do chosnaíonn agus do ghardálas sinn i gcoinne gach oilc, do-bheir sólás dár gcroíthe agus socracht dár gcnámha, agus do-ghní ár n-aigne lán de ghnáthchompord. Tarraingeann siad orainn cion na ndaoine agus grá Dé, óir adeirtear gur de na hocht ndronga beannaithe an drong suáilceach, agus is fíor go dearbh gurb í an bhean do bheadh suáilceach do chomhlíonas na huile dhea-bhearta so; agus má bhíonn sí ar a chontráil beidh sí 'na mioscaiseoir comharsan, na 'buarthóir oíche, agus 'na deamhnóir i gcroí a fir de ghnáth, 'na préamhrúta ar gach olc amhail Diascordis .i. bandé na trioblóide, nach deachaigh in áit ar bith riamh ná go mbeadh 'na bunrúnta le hachrann ann, ionas go raibh dianfhuath ag na déithibh uile agus ag a mná dhi, ar chor ná leomhfadh teacht ar bainis ná ar cóisir in aon bhall na mbeidís. Ach ceana ó do chonairc sí sin ba samhalta a croí i riocht réabtha ar son fhaid go raibh ag cur a díbheirge i bhfeidhm ar dhuine éigin, agus lá n-aon dá raibh bainis agus féasta ag na déithibh agus ag a mná do bheartaigh an bhean roimheráite so go mbainfeadh triail as a mioscais eatarthu, agus tógas 'na láimh bulla nó úll breá óir, agus do scríobh ar a thaobh na focail so: "tógadh an té bhus breátha é". Ar sin gluaiseas chum siúil agus do chuaigh i measc na ndéithe os íseal agus do theilg sí an t-úll ar an mbord agus d'imigh féin. Féachaid na déithe agus a mná ar a chéile, agus féachaid ar an úll den dara feacht, agus tugaid uile sitheadh santach d'ionsaí an úill, agus ionsaíd féin a chéile go dásachtach, agus tar éis mórán iorghaile agus achrainn tugadar fá ndeara an scríbhinn do bhí ar an úll, agus féachaid ar a chéile gur luíodar súil ar an dtriar ba bhreátha dhá mná .i.Juno, Pallas agus Venus, agus ó nach raibh fios acu cia de na mnáibh sin ba róbhreátha, do bhí an t-úll i bplé comh mór is do bhí roimhe sin. Ach ceana ó nárbh fhéidir an t-úll do mholadh do cheachtar díobh seoch a chéile do cheapadar an triúr ban do dhul amach ar an mbealach réidh agus é a fhágáil fá mholadh an chéad taistealaigh do ghéabhadh an tslí. Do bhádar tréimhse ag feitheamh ar an mbreitheamh gur ghaibh dá n-ionsaí Páris mac Phriamhas, rí na Traé. Do stopadar é agus insid a ngnó dhó. Féachas orthu agus adúirt: 'ní féidir liom breithniú eadraibh go bhféachfainn oraibh nochtaithe". Ar sin do theilgeadar díobh a n-éadach, agus adúirt Pallas: "breithnigh an t-úll domhsa agus do-ghéabhair bua an uile chatha". Adúirt Juno: "má bhreithnír an t-úll domhsa doghéabhair rachmas agus maoin agus saibhreas iomdha". Adúirt Venus: "breithnigh domhsa a t-úll agus do-bhéarfad dhuit idir do dhá láimh an aon-bhean is breátha ar an dtalamh tromfhódach". Féachas sé orthu abhus agus thall agus fá dheoidh do mhol sé an t-úll do Venus. Ansin loirgeas a chumhtha agus adúirt sí leis: "éirigh go cathair na Gréige agus do-ghéabhair ann Helen, an aonbhean is áille deilbh agus déanamh den droing daonna". Téid Páris ann agus do rug leis í, agus a fear féin as baile, agus an tan a tháine sé agus nach fuair sé í roimhe, gluaiseas d'ionsaí an ghadaí le tromfhórsa, gur chuir cogadh ar Rí na Traoi. Dála Pháris, cuireas tionól ar a ghaolta agus ar a shluaite ar gach leath gur fearadh cogadh deich mbliain eatarthu, agus tar éis iomarca curaí do threascairt ar gach taobh, agus an chathair do leagadh 'na talamh réidh, gur chuireadar cruithneacht inti dá ndéis, féach féin gur mhaith é a ndualgas .i. sean-striapach, go ndeireadh bean eile dar ba chomhainm Oenone le Páris, agus í ag casaoid leis 'chionn í féin do thréigean agus Helen do bhreith óna fear féin, nacharbh urasa dó a mheas go mbeadh sí 'na bean dhíleas ná gheanmnaí aige. When once debauched, our sex forever burn in lawless fire, virtue knows no return. Dishonour never gives a second blow, and once a whore, she will be ever so. Is léir as an méid so adúrt, a léitheoir, gurb olc iad na mná drochbheartacha, agus ós iad na suáilcí ár sciath dhín i gcoinne gach oilc, ceannaigh do chomhra agus punt solais an lá a rachair ag ceannach culaith libhré dod bhean mhíshuáilceach, óir is dearbh ná rachaidh an chomhra chum brínclí ná an solas chum brúscair ná léithe sula mbeidh gnó agat díobh, agus muna n-éagair go luath gráfair tú a chur id bheatha chum bheith as a radharc agus óna súile. An Tara Leabhar. Do chuireas síos insa chéad leabhar rialacha agus meoin oiriúnacha chum seachanta ar chlaon-bheartaibh na mban gcorr-ghlic, agus cuirfead insa leabhar so síos ar thuille dá gcuid oilc agus dá mbearta fuafara, chum ná rachadh sibh de bhaothléim ná de tholl tar ceann i ruailleán in bhur leaba phósta, agus dtabharfainn nótas díbh (ar feadh mo thuigseana) ar na hoilc, na healaíona, na claonta, agus na hidirchasaoidí do tharraingeann scollóir mná ar a fear pósta. An Chéad Chaibideal. Is fánach dúnmharú, éagóir ná millteántacht do thiteann amach in áit ar bith ná go mbíonn bean 'na thosach nó 'na dheireadh, 'na lár nó 'na leathimeall. Agus atá triail air, óir is iad focail dhéanacha gach fir san gcroich gurb iad na mná do tharraing chum aimhleasa é, óir atá an mhailís agus claonbhearta na mban corr-ghlic comh leanúnach sin, agus a n-aigne comh hiompaitheach sin, agus comh lán sin de chlis agus de anfhorlann, gur deacair d'fhear a bheith na gcuideachtain gan a bheith ciontach, agus dá bhrí sin titeann isteach insan áireamh ina measc 'na sheirbhíseach dá gcuid uabhair agus drúise. Is iomdha ní na gcurthar bean i gcomparáid leis, agus is iomdha trioblóidí dofhaisnéiseacha do thig ar geamshodar le sála mná nach tuigeann na fearaibh óga, agus ná tugaid fá ndeara roimh ré. Agus ó ná fuil an saol déanta de mhin choirce, agus nach ór athleighte an uile ní, agus nach bhfuil an tslí go flaitheas Dé leicithe le geatairí glasa fá ár gcosaibh, mar an gcéanna is fíor ná fuil cliabhán na síochána in ucht mná, óir dá mbeifeá i seirbhís nó i mbraighdeanas roimhe sin, agus pósadh as sin, ní gairide dot ainnise a bheith réidh leat é, óir sin an t-am, agus ní roimhe sin, do rin tú sóinseáil ar do bhlianta órga ar bhraon beag meala noch d'iompóidh gan fuireach chum a bheith comh searbh le domlas. d'ainneoin na nithe so, atá ógánacha ann do-ghní cíor thuathail dá n-inchinn agus do chaitheann a n-aimsir i ngrá le mná, agus má gheibh siad claonamharc nó má labhraid siad riú is dóigh leo go mbíonn an saol uile fána seilbh, ach i gcionn aga nach tréimhse do-ghéabhaid amach, tar éis a gcuid fiaigh, gur suarach é a n-éirleach, agus ná beidh ní ar bith acu chum a bpléisiúir. Is féidir le fear labhairt go maith ar mhná, agus ar son feabhas do theist orthu do-ghéabhair amach fá dheoidh iad a bheith corr-ghlic 'na ngníomhartha agus 'na n-uile ghnótha agus a gclaonbhearta dainséarach d'fhearaibh chum deighleála leo, óir níl n-aighthibh ach líontaibh, níl 'na mbreáthacht ach baidhtí, níl 'na bhféachaint ach gathaí, agus níl 'na mbriathraibh ach arthaí, agus iad uile chum fearaibh a tharraint chum a mbotúin. Féach mar a thrácht mé roimhe so ar Helen .i. banáilleán a comhaimsire, gur tharraing sí cogadh agus dortadh fola comh mór sin ar son breáthacht a gnúise idir na Gréagaigh agus na Traoiánaigh, gur chaill an dream déanach a n-anamna ag cosnamh a n-onóra ann. Fá dheoidh do smaoin sí gurb í féin fáth an angair sin uile, do chaoidh sí go diafrach, agus ní ar son a drochbhearta ach ar son a dul chum aoise, agus ba mhaith léi féachain ar chlár a héadain (óir dob fhada roimhe sin nár amharc sí í féin) agus d'iarr scáthán, agus an tan do chonairc a haghaidh críon, cas, agus a breáthacht tar éis í a thréigean, do mhaígh a gean gáire uirthi agus adúirt: "is mór mo mhilleán ar an mbuín d'fhulaing gach angar agus gach trioblóid ar mo shon roimhe so, agus fóiríor", ar sí, "an féidir a rá ná a thuigsint gurb ar son na gnúise so do thiteadar iomarca curaí agus cathmílíbh, agus do leagadh cathracha rómhaiseacha chum talún?". Féachas arís agus do gháir, agus do chríochnaigh a beatha leis na briathra sin. Scríobhas an fháidh, Phíló, an Giúdach, insa chéadleabhar de bheatha Mhaoise gur ghaibh Bálac, Rí na hÁise, comhachta agus ceannas urmhór an taobh thoir, agus ná ligfeadh eagla dhó baint ris an bpobal Eabhra gan a chur i gcomhairle a lucht réamhaithris, agus go háirithe an fháidh fhalsa, .i. Balám, agus ar son go raibh d'fhiachaibh air ó láimh Dé an fhírinne d'insint agus do chomhlíonadh, ar a shon sin chum ná caillfeadh sé fábhar an rí adúirt sé ris ná raibh san mbith slí dob fhearr dhó le déanamh ná mná a thíre do chórú in éadach glémhaiseach, ró-álainn, agus a gcur d'ionsaí na droinge sin chum a millte. Agus is fíor gur thit an ní chum críche comh cruinn is a dúirt sé, óir do mhealladar agus do mhilleadar na mnáibh aos óg an phobail Eabhra comh mór sin gur ghéilleadar do dhrochbhearta na mban, ionas gur adhradar agus gur ofráladar do dhéibh falsa agus gur thréigeadar an comhdhia comhachtach sula bhfuaireadar a mian do chomhlíonadh, ag imirt cluiche an toill leis na mná sin. Do chorraigh dianghrá Dé i gcroí Phineus comh mór sin, ar bhfeicsin a mhuintire ag dul tar tiomna an Tiarna, gur éirigh sé féin agus dream eile do ghráigh Dia mar aon ris, gur ghabhadar ag turnadh agus ag leadradh na droinge falsa, gur mharaiáodar cheithre mhíle fhichead díobh; agus do chosnaíodar agus do choimeádadar a slua agus a n-armáil comh maith sin gur rugadar bua ar an rí agus ar a mhuintir. Gidh ea is chuige a tháchtas ar an scéal so chum go bhfeicfeá gurb iad na mná do chuir an bheart ar aghaidh an tan a chuaigh de gach n-aon eile agus den rí féin a dhéanamh. Taispeánfaidh mé dhuit anso mar a deir Plutarch gurbh í Cléopátra an charraig ar ar briseadh agus ar ar réabadh an captaein cróga, mórchroíúil, .i. Mark Antony, agus adeir Marcas Auréli (an prionsa céillí, ceartbhreathach) nach raibh tine Shliabh Aétna comh dochraideach do ríocht na Sisile is do bhí an bhean so do gach críoch ina comhfhogas. Agus mar chríochnú ar mo scéal, mar a tugthar mná ciúine, dea-bhéasacha dhúinn ó neamh mar thabharthas chum ár n-angair agus ár dtrioblóidí aigne do laghdú, mar an gcéanna do-ghéabhaimid agus do béarthar ár gcomhair na drochmhná agus na crostálta chum ár n-intinne do bhuaireamh, agus le cúnamh an chomhdhia, is le buíochas orainn do-gheibhimid drochbhean, óir is fíor go bhfaigheann an té a gheibh í a phurgadóireacht ar an saol so, mar a dúirt an Wife of Bath. Ag so mar a deir an seanfhocal: "an té ag a mbeidh bean bhreá agus capall bán ní bheidh go brách gan trioblóidí"; dá bhrí an bhean ag a mbeidh aghaidh bhreá go mbíonn a leordaothain droch-chroí mar choimeád air, agus go mbíonn a bhféachain neamhdha lán de smaointibh diabhaldha, agus a gcuntanós maorga lán de mhianaibh éigearta, óir is féidir leo bréaga agus bladaireacht do chaitheamh 'na réimrith as aon bhéal amháin, agus atáid comh gonta sin san ealaín gur dhóigh leat gur thugadar a dtéarma leis an gceird, óir canaid ceol chum do tharraingthe chum do mhíthapa, amhail do-ghníd na burúcha leis na mairnéalaigh. Bíonn dá theanga acu in aon bhéal amhail Iúdás, agus dá chroí in aon chliabh amhail Mágus .i. croí lán de chealgaibh agus de dhíbheirg, agus an dara croí lán de mhilisbhriathra chum meallta ar an bhfear socair, simplí, agus is féidir leo amhail a satyr fuacht agus teas do chaitheamh as aon bhéal amháin. Ach créad is gnó agam ag insin na scéal so uile? Níl go deimhin ach chum a chur in úil díbh gur fearr bean do chailliúint ná í a fháil, gur fearr í a thréigean ná í a choimeád. Adeir naomh Pól gur maith an ní pósadh agus gur fearr gan pósadh, ach ar a shon sin adeir sé gur fearr pósadh ná dó i dtine na drúise, agus is fíor go raibh ciall i mbriathra an fhir sin. Dá bhrí sin más duine ciallmhar tú, a léitheoir, ná cuir do cheann sa cheanraigh, agus tabhair aireachas duit agus cuimhnigh ar an seanfhocal adeir "féach sula léimfir ar eagla go mbrisfeá do loirgne", chum ná beadh cúis agat fá dheoidh mallachtú go diafrach ar do luach pingine daor, nó go n-ordófá an sagart gan chaint do chniotáil do shnaidhm. Do bhí meas comh daor sin aige eagnaigh na seanaimsire ar an bpósadh nár thugadar riamh greann ná grá dhó. Óir d'fhiafraigh duine den eagnach Pythagoras créad an chúis dó a iníon do thabhairt do dhuine dhá namhaid. d'fhreagair sé agus adúirt: "Nihil illi poteram dare deterius, is é sin, níorbh fhéidir liom aon ní ba mheasa do thabhairt dhó, ná mo dhíbheirg do chur i bhfeidhm air ní ba mhó, de bhrí gurb í an bhean an ní is fuafaire agus is deamhnórtha ar droim talún". Do cuireadh de cheist ar eagnach eile créad fá ná pósfadh sé, agus is é adúirt: "atá sé róluath". Agus 'na dhiaidh san an tan a chuaigh sé chum aoise d'fhiafradh an scéal céanna dhe, agus adúirt: "atá sé ródhéanach, dá bhrí" (ar sé) "don té a phósann ná fuil le fáil ach dá lá mhaithe .i. lá a phósta agus lá thórraimh a mhná, óir tabharfaidh bean mil dhuit chum do chothaithe agus domlas chum do mharfa". Do bhí Diogenes comh madrúil sin in aigne go raibh fuath aige don uile bhaineannach, agus adeireadh Saint Augustin ná raibh aon tabharthas dob fhearr leis d'fháil ó Dhia ná mairiúint gan bean, agus bás d'fháil gan chlann. d'fhiafraigh duine den eagnach, Socrates, cia acu dob fhearr pósadh nó mairiúint singil. Adúirt sé: "bé ar bith díobh do dhéanfair beir 'na chathú, óir muna bpósair mairfidh tú gan chompord agus doghéabhair bás gan sliocht, agus b'fhéidir gur ag daoine gan chuid gan chóir díot do bheadh do shaibhreas, agus má ghní tú pósadh beidh tú i dtrioblóid de ghnáth. Ní bhfaighir béile bídh do ithe gan a spré do chaitheamh mar anlann ar do mhéis (má bhíonn aon tsaibhreas aici adeirim). Agus arís má ghearánann sí beidh a gaolta in aesántacht leat, agus scéithfidh a máthair focal as gach foghlaim laoi dá rin ó pósadh tú, ionas nár mheasa dhuit rince cosnochtaithe ar dhrom gráinneoige nó fiadhris ghéardheilgneach de struise tréd ladhraibh, ná gach focal searbhghonta dá bhfaighir uaithi. Agus má phósair chum pléisiúir dhuit is fada é do dhearmad, óir dá fhaid do fhanfair leis caithfidh tú imeacht in' éamais, agus an uair is mó a loirgeoir é is ea is lú a ghéabhair é. Agus má phósair bean do bheas torthúil i gclainn beidh do chúram dúbalta, dá bhrí gur lag a fhios ag an athair cad do imeos ar an gclann, agus má bhíonn sí neamhthorthúil beidh fuath do chroí dhi. Má bhíonn sí dea-bhéasach, macánta, beidh eagla a báis de shíor ort, agus má bhíonn sí mímhacánta, easumhal, beir cortha ded shaol aici, óir caithfidh tú í a chosnamh 'na huile angar, agus beidh sin comh fada de ainnise ort le dá dtógthá mar ghnó tobán gan tón do líonadh de uisce. Do bhí duine ann do bhí comh fuafar sin do mhná ná féachadh sé ar an dtaobh den ród na mbeadh aon díobh ag siúl, agus an tan a chualaidh fear magaidh do bhí i gcomhfhogas dó sin, adúirt go mbainfeadh féin triail as. Do ghluais gus an sirriam agus do fuair ordú chum an fhir so do bhreith dá láthair. Gluaiseas roimhe ar ordú an tsirriaim agus an tan a chuaigh dá láthair do cheap sé bean dhó, agus adúirt muna bpósfadh sé an bhean sin go gcrochfadh é. Féachas an brá 'na thimpeall agus adúirt go lom ná pósfadh féin go brách. Adúirt an sirriam leis an ngreannaire é a chur sa chairt, agus <é a> thógáil leis agus <é> do chrochadh. Do thionóladar daoine ó gach taobh chum féachain ar dhuine dá chur chum báis leis an gcúis shuarach sin, agus an tan do bhí an giolla ag gluaiseacht agus an t-óglaoch bocht istigh san gcairt, agus an bhean le taobh na cairte, agus iad i bhfogas do chrann na croiche, do stad an giolla agus is é adúirt: So here is the woman and there is the tree, take which best pleases thee. Adúirt an t-óglaoch: The bargain's bad on either part, the woman's worse, drive on the cart; were women as little as they are good, a pea's pod would make them gown and hood. Ag so mar a chuirimse Gaeilge air: Féach, sid í an bhean agus siúd é an crann, tóg bé margadh ritheas id cheann. Ar thaobh ar bith is olc é an racht, is measa an bhean, tiomáin an chairt; dá mbeadh mná comh beag is táid beagmhaith, dhéanfadh faighneog phise dhóibh gúna is scairf. Adúirt duine uasal lena chomharsain: "ba mhaith é mo chúnamh dhuit re bean mhaith d'fháil dod mhac". Adúirt a dhuine muinteartha ris: "is leor dom mhacsa pósadh an tan a thiocfaidh sé chum céille". Adúirt an duine uasal: "muna bpósa do mhac sula dtagaidh ciall dhó ní phósfaidh sé go brách ansin". Do chuir Dimiteas triar ban agus níor fhliuch sé aon chiarsúir amháin; ní rin ná aon deoir amháin do shileadh. Agus do bhí gadhar maith ag Ulysses ag a raibh lánchion aige air, agus an tan do fuair an gadhar bás do chaoidh sé go diafrach ar a shon, cé nár lig deoir d'éis a mhná. Dá bhrí sin má phósair gan stór chum do chosnaimh, ach ar ghrá, go haonta, adéarfair fá dheoidh in oircheall t'angair gurb iomdha ní eile do bhaineas le tigh do chosnamh in éamais cheithre lom-chosa i leaba. Cuirim an cheist so ar mo léitheoir: "Créad an duine mhaireas go maith agus a dhá láimh 'na bhrollach aige; nó créad an fear do cheannódh feoil ar an margadh, ar mhacántacht, gan súil le é a dhíol aisti?" Ar an abhar sin, an tigh ná beadh aon achrann ar fhuaid ach na ballaí loma, is oiriúnach é mar áras chum déirceachána do shíolrú ann. Ar a shon sin uile is mó fear gur dóigh leis go mairfeadh sé ar ghrá agus ar leabaidh mhaith, amhail do-ghníd na beacha gabhair san tsamhradh; is deas í a nead 's is suarach a lón. Ach adeirim, má bhíd ar díth spiúntais, go n-iompóidh a ngrá te chum dianfhuachta (mar do-ghníd na beacha úd sa gheimhreadh), agus iompóidh a mian anteasaí chum múchta le deatach te an angair, agus féachaidís ansin gur maith an lón an grá. Is beag nár fhearr dóibh bás d'fháil agus críoch do chur ar a mbeatha ná mairiúint seachtain ar an modh so, óir má bhíonn airgead ag duine imeoidh sé ar nithe breátha agus ar bhainisí; agus ní measa do caithfear a stór ná mar a chaithfidh sé féin a aimsir i ndobrón agus i ndúchroíocht agus i liachaibh, an tan a smaoinfidh ar an gcostas agus ar an dtrioblóid do tháine air le linn a phósta agus a mhná, óir is fíor gurb amhlaidh a bhíd uaibhreach, beagthairbheach, agus is maith an phurgóid dod sparán sin, óir ní baol go scoiltfidh air, agus an tan is éadrom do sparán is trom é do chroí. Adeirim libh gurb olc an comhartha ar mnaoi a bheith líonta de mhian comhthalántacht agus oireachtais, ach ar a chontráil, má fhanann tré ionracas agus tré dhiscréid ag coimeád an tí féin is comhartha díliseacht agus tairiseacht ar an bpósadh é, agus comhartha ceart, dearbh ar dhea-mhnaoi, ionraic dá fear. Ach ar an dtaobh eile más maith leat comharthaí mná uaibhreach, urchóideach d'fháil, déanfadsa dícheall ar iad a chur síos anso dhuit. Tabhair fá ndeara an ní so go fáthchiallmhar, beidh sí drochmheasta 'na féachaint, ardiomarcach 'na comhrá, goiciúil an feadh ná beidh sí ag caint, drúiseach 'na cuid spóirt, géarurchóideach 'na míshéan, sochma, tromaí 'na síocháin, macánta, banúil 'na cuntanós, claonta chum díbheirge do dhéanamh, neamh-fhoighneach chum iad d'fhulang, ainmhianach chum ordaithe, mall chum géilleadh, ullamh chum oilc do dhéanamh, lag-chomhlíontach ar gach maitheas, deacúil i maiteachas, so-ranna chum díoltais, mianach 'na cuid bídh, agus mórchroíúil chum a máistreásaíocht do chur i bhfeidhm i ngach slí, agus chum sin do chur i dtuigsin dhuit taispeánfad dhuit dá shampla. Adeir an t-eagnach, Pliny, gurbh í Cléopátra .i. banríon na hÉigipte, bean ba mhó uabhar agus móráil san mbith lena linn féin, agus ar thabhairt fá ndeara dhi gurbh é Mark Anthony an t-aonfhear dob fhearr agus ba shaibhre bainisí agus cóisireacha ar droim talún adúirt an bhean so, tré chor chasaoide agus éada, agus fós iomarbhá, roinnt focal ag tarcaisne ar a mhórdháilteacht, agus adúirt ná raibh iontu ach neamhní ar saibhreacht ná ar feabhas seoch mar d'fhéadfadh sí féin iad a thabhairt uaithi. An tan a chuala Mark Anthony sin do ghluais dá hionsaí agus Lucius Platius mar aon ris chum breithniú eatarthu, agus an tan a tháine do láthair d'fhiafraigh di créad a dhéanfadh sí chum a cóisireach do bheith ní ba shaibhre ná a chuid féin. Níor labhair an bhanríon sháruaibhreach so focal, ach do bhí dá fháinne ró-álainn d'ór athleighte gona bpéarlaí fíordhaora 'na cluasa. Do thóg sí aon díobh agus do chuir dá leigheadh i bhinéigre é, agus do shloig siar é i bhfianaise na gcaomhfhear. Buaileas Lucius a dhá dhóid ar a chéile an tan do chonairc an géarbhásta do rin an bhean, agus beireas ar an dara fáinne agus do stop ar a shlogadh í, agus chum í a chur chum suaimhnis do thug sé suas an bua ar a taobh. Cé gur mór do bhuairimh sin Marc Antóin ní ligfeadh Lucius dhó labhairt, óir do thóg an péarla agus do roinn é 'na dhó, agus do chuir é in íomháigh Venus, agus atá an scéal so le fáil i leabhar na ndéithe falsa noch cuireadh i gcló san Róimh. Is é an dara sampla, .i. bean rí a bhí in oileán mara darbh ainm Dominica Sylvia, agus adeir Antóin Sabellicus insan 84 caibideal den cheathrú leabhar go raibh an bhean so comh líonta sin de uabhar agus de gach sórt mórála, agus comh néata sin timpeall a coda bídh agus dí, agus gach uile shlí eile, nach é amháin go mbíodh buidéil dea-bholaitheacha aici de ghnáth, ach do bhíodh miontas, agus tuím, agus milíosach, agus mórán de luibheanna cumhra eile aici 'na timpeall, an oiread agus go gcuireadh guais agus meidhreán i gceannaibh gach n-aon eile dá dtíodh 'na seomra. Ach do bhí sí comh néata sin, adeirim, ná déanfadh uisce coiteann a gnó chum a nite, ach do chuireadh d'fiachaibh ar a seirbhísigh drúcht na bhflaitheas do phiocadh gach maidean de na luibheannaibh cumhra agus a thabhairt chuici chum a húsáide; agus níos mó ná sin, ní bhainfeadh lena méaraibh le bia ar bith dá chur chum a béil ná fós ar a bord ach do thógadh é le forcaibh óir, agus ar an aiste sin do chuireadh ina béal é. Ach fá dheoidh do chonairc an Dúileamh a hantoil agus do thóg a lámh 'na coinne agus do chuir a néatacht ar neamhní, óir do líon a corp de ghalar agus do loibh agus do ghéarghearradh a cliabh, ar chor nach féadfadh aon dá buín fanúint in aon tigh léi, agus do fuair bás ar an gcuma bhréan, dhianfhuafar sin. Fóiríor, is amhlaidh a bhíonn an galar uaibhreach i mnaoi amhail do bheadh sí lán de dhrapsaí, óir mar do ardaíonn deoch an tart san ngalar déanach, mar an gcéanna do ardaíonn airgead ainmhianaibh an chéad ghalair, agus caithfidh do sparán a bheith ar leathadh de ghnáth chum a hantoile do chosnamh, ionas go mbeidh do chostas mór agus do theacht isteach, b'fhéidir, direoil. Ní foláir do thigh a bheith in ornáid rialta, siúd go rachadh do sheirbhísigh don ghorta le fíoruireaspa beatha dá chionn. Caithfidh tú t'ainm do ghlanadh as leabhar an cheannaí agus díol go cruinn le fear na mion-earraí, óir ní foláir go mbeidh a gúna déanta sa bhfaisean nua agus a clóca den olainn is daoire, agus go háirithe má bhíonn sí breá, óir is gnáthach breáthacht agus uabhar táite in aon chreatlach; agus má bhíonn sí mar sin beidh sí costasúil agus 'na drochbhean tí, ar chor ná féadfaidh aon tseirbhíseach í a fhulang; agus má bhíonn sí macánta, banúil agus 'na bean tí mhaith, gan agó beidh sí éadmhar. Má bhíonn sí breá ná scothúil ardóidh a glór id dháil, gur samhalta leis an ndeamhan dualach a fuaim agus a fothram, ag rá: "do ba urasa dhomhsa fearaibh d'fháil do chothódh agus do choimeádfadh suas amhail bean mé, ní hionann agus mar d'imím anois mar nach imeodh aon bhean; gidh ea ní foláir domhsa coinneáil suas, siúd go gcrochfá ar a shon". Ag so an aiste na bpianfaidh sí tú de ghnáth, ag sileadh dortaí de déaraibh mealltórtha, óir is féidir le mná sileadh gach am is méin leo féin é. Cuir fearg dá laghad ar mhnaoi agus cuirfidh méar 'na súil go ngoilfidh go fuíoch, ar chor go mbíd mórán d'fhearaibh amadánta ag géariarraidh orthu a bheith tost agus suaimhneas do ghlacadh; ach so an ní do chuireann an diabhal orthu i bhfochair mar a bhíodar, óir an ní is mó do hiarrfar is é is lú do-ghéabhthar ó mhnaoi, ach aon ní amháin. Agus níor chóir a bheith de thrua don mhnaoi do ghoilfeadh ar an slí úd ach mar do bheadh do ghé siúl cosnochtaithe lá fliuch, óir mar is féidir leo a ndeora do ghairm chucu in am gátair bíonn a bhfocail gan ghá gairmthe chucu de ghnáth. Ní bhfuil, agus ní fheacasa riamh bean ná dearbhódh ar son a macántacht féin, agus ná seasódh go lom ar fhírinne an scéil; ní hé ná go mbeadh náire orthu, agus fós eagla fuachta do ghlacadh dhá leathfaidís a mbéal chum dearbhaithe sa gheimhreadh, agus insa tsamhradh ar eagla go leighfeadh a thairbhe. Agus dá gcurthá i suim dhuit féin méid droch-mheasa agus laghad tairbhe mná, do ba usa dhuit mairiúint gan a gcomhluadar agus a bheith gan bhean i láthair do adhlacadh d'fhearfadh do chluiche caointe, ná deachú géarpheannaide drochmhná d'fhulang ar feadh seachtaine. Agus mar leathchruthú ar mo scéal féach an rann do chan an file: Is mairg do bhíonn faoi tharcaisne ag mnaoi, 's gan aon earra ar an dtalamh is measa ná í; ní lig géag ar an gcraoibh ná céad cor 'na croí, mar is í rin an peaca 's do chuir fearg ar Chríost. Is iomdha duine adéarfadh gur fírinne na nithe so do scríobhaimse, agus ar a shon sin go mb'fhéidir ná leanfainn féin an chomhairle. Ní haon ní dhuitse sin, a léitheoir, ach féach ar an seanfhocal .i. "an té a bheadh 'na dhrochchomhairleach dhó féin, ba mhaith an comhairleach do dhuine ele é". Agus dá éamais sin ba mheasa dhuitse tú féin do dhéanamh do bhotúin uair isna seacht mbliana ná mise dá dhéanamh seacht n-uaire san ló, óir is é allas a mhalaí féin do loisceann ar gach n-aon; agus dá 'neosthaí don fheidhleacán (an tan a bhíonn ag rith timpeall na coinnle) go loiscfí é, ní chuirfeadh suim sa chomhrá chum go mbainfeadh triail as, ach dob fhéidir dá dtuigfeadh sin, a fhear agallaimh, amhail a thuigirse mise, go nglacfadh an chomhairle. Agus is mó duine ná tugann aireachas dhó ar an ndiabhal nó go bhfaigheann a mháthair mar chéile uaidh, agus an drong ná géabhaidh comhairle, ní cóir trua a bheith dóibh. Agus créad an ní mná mar go mbíonn fearaibh comh dian so 'na ndiaidh? Is fíor go dearbh go mbíd cuid acu níos breátha ná a chéile; ach i dtaobh aon ní eile ní bhfuilid ach mar a chéile, óir atá Siobhán comh maith lena máistreás insa dorchadas. Ach tabhair dom cead chum a insint duit, má phósair bean na mbeadh drochghairm aici beidh a míchreidiúint 'na spota i gclár t'éadain de ghnáth. Ní fhéadfair siúl an tsráid ria gan fonóid, ná gabháil léi ar measc do chomharsan gan magadh do dhéanamh fút, agus is gnáthach gurb iad na mná is breátha lenarb usa géilleadh chum ainmhianais agus díomhaointis. Agus an fear na mbeadh bean bhreá agus cloch fhaobhair aige beidh gach nduine do ghéabhaidh an tslí ag lí a airm orthu, agus tabhair dot aire, dá mba caisleán <é> na dtabharfadh iomarca aghaidh dhó gur deacair dhó seasamh 'na gcoinne, agus chum sin leis do dheimhniú duit, féach mar adeir an file an rann fhírinneach: Atá mo lámhsa go cráite ciapaithe, 's tá an Bhlarna lán de bhia 's de dhigh, atá an Pápa 's a mháthair riamh fé chion, 'sis gnáthach mná breátha 'na striapacha. Dá bhrí sin an té a phósann bean bhreá beidh gach n-aon do chífidh í ag guí chum Dé ag iarraidh a bháis, chum an phéarla bheagthairbheach sin do bheith aige féin. Agus má bhíonn tú saibhir agus gan bheith glémhaiseach i ndealramh, ansin caillfidh do bhean bhreá a creidiúint chum a hantoile do shásamh, óir is amhlaidh a bhíd amhail diaman, ní thaispeánfaidh a lonradh comh maith in aon ní eile is do dhéanfadh in ór; mar an gcéanna an bhean bhreá, ní bhfuil a féachaint comh taitneamhach i ndrochéadach is do bheadh 'na cuid bláthornéid, agus dá dhroim sin is iomdha bean do tharraingeann a bhfearaibh chum bochtaineacht agus náire de dhroim uabhair agus striapachais. Ach so bun agus leathbharr an scéil dhuit, ní foláir go n-imeoidh an bhean amhail péacóg agus go leanfaidh a fear í go fuar, fadghobach amhail creabhar. Go deimhin is iomarcach agus is iontach le féachaint mórán de chleasaibh corr-ghlioca na mban, óir beid anois meidhreach agus ar ball dubhach, gáirfid ar an nóimeint agus goilfid i gcionn leathuaire, beid anois tinn agus go maith gan fuireach, agus gach uile ní nach taitneamh leo is measa é ná aon ní, agus dá olcas ní, má bhíd na mná ar a bpléisiúr, níl aon ní níos fearr ná é, agus is ionann agus éag ar an spota do mhnaoi muna ndáilfear di gach uile ní dá sirfidh, agus tarcaisneoidh sí go lúithreacha dá fheabhas ní do bhéarfair di gan iarraidh. An tan a bheidh easpa ar bith ar mhnaoi beidh sí ag bladar agus ag milisbhriathracht; ach an ta do-ghéabhaidh an ní a bhíonn uaithi, féachfaidh le súil chlaoniomarcach, agus freagróidh gach ceist go dána, agus canfaidh briathra scornúla, ionas gur dóigh leis an té ná beadh taithíoch orthu ná loirgfidís ní ar bith eile go brách. Agus is amhlaidh a bhíonn sin, bean amhail long, rigeáil í inniu comh maith 'sis féidir leat, ach ar a shon sin beidh ní éigin aici i ngátar deisithe; mar an gcéanna bean, tabhair di inniu gach uile ní is féidir léi do iarraidh agus beidh in uireaspa arís amáireach. Is oiriúnach an ainm do mhnáibh préacháin oíche, óir san oíche do loirgfid gach uile ní do smaoiníd san lá. Is maith 'fhios acu gurb í an oíche a n-am féin, an tan do oibreoid siad duine comh bog le céir, agus go dtarraingid chum a rogha foirm é amhail do dhéanfadh cloch lómhar le hiarann, agus an tan do ghéilleann dóibh, tosnóid ar iarratas. Agus go deimhin níor chliste san ealaín aon de bhacaigh Bhaile Mhuirne nó de chléirigh Ghobnait ná gach bean díobh, agus adeirid: "a bhráthair na sárfhear, agus a fhir tí chóraigh, agis a áilleán mo choirp nár ob aon ní dár loirg bean riamh ort, atá mo shúilse leatsa anois go gcomhlíonfaidh tú gach beart go fearúil, flaithiúil, ciallmhar mar ba dhual duit; agus is fada í mo fhoighne anois le trí lá ar drochbhróga, agus atá mo ghéaga nochtaithe le poll in ascaill mo ghúna; mo ghrá thú, agus atá súil agamsa go gclúdóirse mise comh glémhaiseach sin is ná beidh formad agam le haon bhean dem chomharsain, óir is deas an chaidhp san bhfaisean do chonarc ar bhean Dhonncha Uí Scannláin inné, agus chum go rachadh do chlúsa níos sia ná clú Dhonncha ní foláir dhuit a leithéid eile d'fháil domhsa, agus ciarsúir India, agus gúna den fhaisean dhéanach, agus pointeáil do bheith ar mo aprún, agus mo chóta den wave-chuilteáil, etc. Agus dá éamais sin atá 'fhios ag gach fear pósta, aon ní na gcuirfidh bean dúil ann nach socair a haigne nó go bhfaighidh é. Agus má chuireann tú ar moill í, gan gach ní d'fháil di, cuirfidh cnú 'na héadan, ionas go ndéanfaidh triuth den hart, siúd ná beadh aon chárta dhubh id láimh; óir is amhlaidh a bhíonn bean, muna bhfaighidh gach ní a iarrfaidh, agus muna ndéarfaidh gach ní a smaoinfidh, agus muna rachaidh i ngach áit is mian léi, líonfaidh sí an tigh de dheatach a géarchainte ionas nach féadfair é a fhulang Is maith an fhírinne agus is géar an sean-fhocal, gur tinn an greim do bhainfeadh sean-ghadhar nó dearnaite ocrach. Ach d'réir mo bharúlachtsa is tinne an greim do bhainfeadh bean ainigí, fhíochmhar; agus má thógair ort í a mháistríocht agus do thabhairt chum ceansacht níl tairbhe dhuit a dhéanamh le buillí, ach muna mbatrálair chum báis í. An Dara Caibideal. Ba chóir nár bheag don fhear chiallmhar an méid so adúrt chum tuigseana do bhaint as chum é féin do sheachnadh ar ghaistí agus ar mhealltóireacht na mban gcorr-ghlic, ach chum go dtabharfá fá ndeara níos géire mo chomhrá cuirfead síos roinnt eile ag taispeáint ainnise agus angair na bhfear bpósta. Ach ar dtúis cuirfidh mé síos an scéal do chonarc insa leabhar dar ba ainm an Daemonameny of Doctor Bodin, nó níos soiléire, i leabhar na ndeamhan agus na spridí falsa. Is é a chuireann an scéal so síos, go raibh ógbhean darbh ainm Magdelena de la Croix aige Cardóbhia san Spáinn, agus tháine ó threibh mheonach, agus do thóg sí uirthi déirc do thógáil agus do chnósach, chum atóigthe agus cosnaimh ar thigh ban rialta naomh Clára, do bhí tar éis dul ar neamhní an tan sin; agus do chuir a gnó ar aghaidh comh héifeachtach sin gur chríochnaigh an mhainistir go creatúil agus go maith. An tan do chonarcadar na mná rialta sin, do smaoineadar gur mhaith agus gur cheart dóibh an bhandé a thóg an mhainistir do ghlacadh ina measc, agus níor chian do bhí acu an tan do tháine deamhan dubh, amhail Aethiopian, chum comhluadair agus cuideachtanais ria, agus ní raibh sí d'aois an tan so ach i dtuairim a deich nó a dó dhéag de blianta. Gidh ea do chuir, tréna ghliocas diabhaldha, a bheith 'na seirbhíseach chum a thoile, agus do chuir í i bhfoirm agus i dtaispeánadh chum a bheith comh rialta agus comh naofa agus comh ciallmhar le haon dá haois san mbith bhraonaigh, agus chum gur fearrde a ghéabhadh a mhianaibh do chur i bhfeidhm uirthi, an tan do bhí sí dá bhliain déag do iarr uirthi é a phósadh. Agus tug sí a cead chuige, agus do phós sé í ar an gcuntas so .i. go mbeadh sí dó déag ar fhichid de bhlianta, ní hé amháin ionann, ach tar gach bean rialta agus manach eile dá mbeadh in aon mhainistir léi, i naofacht agus in ainglíocht. Agus do thit gach uile ní amach d'réir a thoile, óir do bhí sí féin agus an deamhan comh ceanúil sin ar a chéile, ionas, an tan do imíodh in imchianaibh go bhfágadh seirbhíseach ag tabhairt aireachais dá mhnaoi ina dhiaidh, go dtugadh cabhair di ar gach slí agus do-ghníodh gach ní ba chóir dise do dhéanamh, chum socracht di; agus an tan do chasadh an deamhan chum baile ní thiteadh ní ar bith nar bhfiú é nótas a thabhairt dhó chum críche i cheithre hardaibh an domhain ná tugadh a dheimhinchuntas dá mhnaoi. Ar measc mórán eile nithe, d'inis di aon de laethaibh mar a tógfaí an chéad Phróinséis, Rí, 'na phríosúnach, agus ar an ár agus ar an easpa do thiocfadh ar an Róimh i gcionn beagán aimsire 'na dhiaidh san. Inseas Magdeléna sin do na mnáibh rialta agus do tuigeadh dóibh gur ón Sprid Naomh do oibrigh sin inti, nó gur aingeal maith éigin d'fhaisnéis di é. Ach chum an scéil a dhéanamh gearr do-ghníodh an bhean óg so comharthaí iontacha agus míorúiltí éagsúla, leis an ndiagas do thaispeánadh ón dtaobh amuigh, ar chor gur toghadh í leis an gcuid eile mar bhan-ab insa mhainistir, agus do thug sí aire dhi féin insa chúram sin comh maith is nárbh fhéidir d'fháil uirthi. Agus ar laethaibh solmanta do bhíodh sí comh diaga sin go dtógthaí í trí chúibit ón dtalamh suas, agus íomháigh Chríost ina láimh aici, agus do thaispeánadh ar uairibh ciabh agus craobhfholt comh breá, comh fada go sroiseadh síos go haltaibh léi, agus níor thúisce sin ná do imíodh arís. Agus an tan do bhíodh ag an aifreann do oscladh bearna insa bhfalla chum gurbh fhearrde do chífí an abhlainn naofa 'na fianaise é, agus na laethaibh do theipeadh ó Chomaoine do ghlacadh (ar son go gcoisricí leis an sagart an nuimhir chinnte dhíobh) tar éis iad uile do ghlacadh Comaoine ach an bhean so na dtráchtaim libh uirthi, do bhíodh díth aon de na sácraimíntí air, agus do tuigthí dhó gur aingeal maith éigin do chuir do leataoibh é chum é féin dá thabhairt di, agus do taispeántaí do chuid de na naomh-mhaighdeana an abhlainn ag teacht as an spéir agus ag dul 'na béal, agus do thaispeánadh sí sin dóibh poiblí. Do ardaigh so a creidiúint agus a gairm rialtais ionas go gcuireadh pápaí agus impirí agus prionsaí litreacha chuici dá gcur féin fá chomairce a guí agus a hachainí. Do chuir bean an cúigiú Cormac an t-éadach do bhí aici le haghaidh a mic, .i. an dara Pilib, do chur ann an tan a béarthaí é, dá hionsaí chum é a choisreagan lena béal féin. Agus do-ghníodh sí oiread sin míorúiltí ionas fá dheoidh gur thóg na mná ceartrialta drochamhras di, agus go ndúradar nach raibh inti ach deamhnóir nó geasrógaí. Agus arna bhrath sin di orthu do chorraigh oibriú Dé 'na croí diaidh ar ndiaidh, ar chor gur admhaigh gach ní amhail a dúrt roimhe so, agus gur ghearr go mbeadh deireadh an téarma istigh, agus do admhaigh do na bráithre an orda agus na mainistreach roimheráite go raibh aithne aici ar an ndeamhan so ó bhí sí in aois a dó dhéag de blianta gus an am sin, agus do admhaigh a crutha go poiblí, agus do chaoidh go dúthrachtach agus d'iarr orthu uile guí chum Dé ar a son. An tan a chonairc an deamhan do bhí 'na seilbh comh fada is a bhí, go raibh a haigne iompaithe uaidh, do rin a dhícheall ar í a tharraint chuige féin arís, ach ba lag an bheart dhó sin, óir is treise Dia ná an diabhal agus dob éigean dó í a fhágáil. Agus chum gurbh fhearrde a dhéanfadh sí leorghníomh 'na peacaí do cuireadh i bpríosún í, mar ar fhulaing mórán da chruapheannaid agus breithiúnas aithrí daor, agus fá dheoidh do fuair maitheamh ann fá láimh an ceathrú Pól, Pápa. Taispeánann an scéal so dhúinn créad méid an áthais a bhíonn ar an ndiabhal an tan a thógann seilbh i mnaoi mhór-chroíúil, chlaonghlic. Dá mbeadh bean na mbeadh an taobh amuigh di go róbhreá, agus a teanga comh sleamhain le híle agus comh mín le síoda, agus a briathra comh milis le miil, agus ní hé amháin sin ach dá mbeadh sí dianchiallmhar agus mála maith óir nó saibhris aici, is aon in aghaidh mhíle nó fuathóidh sí an t-uaigneas agus rachaidh ar measc a comharsan chum comhluadair, óir tarraingeann an comhluadar muintearas, agus cuireann an géarmhuintearas an uile óinmhideacht ar aghaidh, agus go háirithe má bhíonn mian reatha síos agus suas uirthi, cuirfidh sí a macántacht i ngeall chum a toile do shásamh. Agus chum í a choimeád suas 'na baothántacht agus 'na hiomarcaí ní foláir gur ar an bhfear do bheidh an uile chostas, agus do mhairfidh ar an uile bhoichteacht. Rachaidh an fear san uile bhaol agus caithfidh an bhean a uile shaothar. Caithfidh an fear faire agus forchoimeád, cathú agus cosnamh, an talamh do shaothrú agus obair do dhéanamh go duamhail chum a cothaithe, agus gach ní do bhaileoidh sé ar feadh seacht mbliana caithfidh agus leighfidh bean in aon bhliain amháin é; agus beidh róbheag aici chum a coimeádta suas, agus ró-iomarcach le laghad chum a toile mhaith d'fháil dá dhroim. Ní hé amháin, ach dá dtabharfá dhi gach ní dá fheabhas, muna dtaitneoidh do phearsa léi ní fiú leathphine san mbliain a macántacht agus a coinníoll id dháil; óir cumhdóidh a brollach croí fuafar, mailíseach, nimhiúil; beidh gach olc dá chumadh agus dá cheartú féna ceann, agus a lámh ullamh chum gach ní díobh a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin créad an ainm is ceart di in éamais mná? Atá, géag leis an ndiabhal ag á mbíonn a ceann, a lámha, a croí, a haigne, agus a hanam lán de mhailís agus de dhíbheirg. Agus dá bhrí sin is maith an ainm é dhóibh carrán cam gach oilc, de bhrí go dtógthar fearaibh leo amhail a tógthaí iasc le gatha, óir atá míle slí aige mnáibh chum fearaibh do mhealladh, mar atá, coinneoidh siad cuid díobh ar a láimh le geallúna, cuid eile le subhachas agus le cleasaíocht, agus cuid eile do-ghníd siad a shásamh le póga. Ligid a ngruaig síos chum grá fear do tharraint orthu. Idir a dhá gcíoch atá gleann an léirscriois, agus ina leapacha atá ifreann, buaireamh, dólás agus cathú; óir is fíor nach déanfadh fiolar fear d'ithe go bhfaigheadh marbh é, ach ithid na mná 'na mbeathaidh iad. Piocfaidh bean do phóca, folmhóidh do sparán agus gáirfidh it éadan, agus gearrfaidh do scornach. Atáid siad lán de chruachinnteacht fhéichiúnta, mealltórtha, díomuan, droch-choinníollach, ainigí, nimhneach, bréagánta, éadrom, míchéatach, uaibhreach, leantúil, agus éigeart. Agus ar a shon sin uile ní féidir linn a rá nach é Dia do chruthaigh iad, agus gurb é nádúr do thug foirm dóibh, agus más é féin, is fíor gurb é an corr-ghliocas do thug fáth seachanta orthu, óir má théann dea-ní ar mearachadh is cóir é do sheachnadh, óir is beag an mhaith dhuit feoil rósta dá ngabhthaí den bhior sa cheann ort. Adeir Solamh, an fear d'fhulaingíos é féin do chur ar mearú amhlaidh sin go mbíonn amhail amadán ag lúcháir tréna bhreith, dá chur isna stoic. Adeir Naomh Pól, chum seachnadh ar dhrúis ba cheart do gach fear bean do phósadh; agus an té ag a mbeadh a bhean féin, agus ar a shon sin do rachadh go nuig bean eile, is amhail gadaí saibhir noch do ghoideann is gan é i ngátar. Atá trí mhodh chum aithne ar striapaigh .i. ar a féachaint shúgach, ardintinneach, ar a comhrá, agus ar a himeacht státmhar, goiciúil. Agus adeir Solamh nach cóir dúinn ár neart do chaitheamh le méirleachas, óir is iad olc gach uile oilc iad, agus díomhaoineas gach uile dhíomhaoinis. Lagaíd siad neart an fhir agus cuirid ar mearú a scéimhchruth. Cuirid claiseacha ina ghruanna agus dorchaíd an radharc isna súile, agus ciorraíd go hiomarcach ar laethaibh dhuine; agus ar son go bhféachaid id shúile comh milis le elecampane, lena dtriail, bíd comh searbh le barainótar. Atáid ciallmhar, ach atáid rógheasrógúil; má bhíd i ngrá atá sé géarghonta, agus má bhíd i bhfuath, atá sé marfach. Agus ar son a hiompaithe ar an modh so, adeir an Sprid Naomh i mbéal an eagnaigh, .i. go bhfuil díbheirg mná tar gach comparáid, óir atá sí 'na fúrnéis agus 'na tine comh láidir sin nach féadfadh a bhfuil d'uisce san mbith a múchadh, agus go háirithe más ó mhioscais nó ó dhianfhuath i ndáil fireannaigh ar bith do thig an díbheirg sin, óir sin an t-am do scaoilfidh sí ar siúl saigheada a díoltais agus do dhéanfaidh, amhail deamhan, a huile chineál céille agus geasróga do chur chum oibre, agus go háirithe gach n-aon ná tiocfaidh lena drúis agus 'na huile mhian, agus 'na sásamh ins gach uile phléisiúr; agus chum cruthaithe air sin féach ar an mbeagán so romhat. Do chuaidh Philander chum fairrge i gcríochaibh imchian, agus an tan do chonairc Marizee, a bhean, nár chas comh luath is ba mhian léi, do smaoin gur iarracht do thug ar í a thréigean, agus d'iompaigh a dianghrá i rófhuath 'na choinne ionas ná raibh ar gcumas di gan a mioscais do chur i bhfeidhm ar shlí éigin. Do thug nimh do thriúr clainne a bhí aici ris agus do thóg féin í mar an gcéanna, ag rádh gurbh fhearr léi críoch do chur orthu uile ná bheith chum pléisiúir ag a fear an tan ba mhian leis teacht dá dtóraíocht. Cuireann Antóin Múret síos insa chéad leabhar dá chuid eadar cheachtaibh tuairisc ar mhnáibh d'áirithe do thaispeánadh iad féin 'na ndeargnamhaid i ndáil na droinge ná claonfadh chum a dtoile, ag réiteach deacracha a ndrúise, agus mar do fuair mise ansin é do-dhéan féin dícheall ar é a chur síos anso. Agus ar dtúis cuirfidh mé síos bean Photiphar. An tan do thug iarracht ar Joseph do tharraint chum a toile agus nár fhéad, do labhair lena fear agus adúirt nach maith an buachaill Joseph "do thug iarracht ar mé a éigean agus do tharraint chuige féin uaitse"; agus ar son ná raibh anso ach mioscais tré ghrá do thógadh Joseph agus do cuireadh i bpríosún é, ceangailte go daor agus go docht le slabhraí ar a chosa agus ar a lámha, óir do chreid sé gur fírinne d'inis an bhean dhó. An dara bean, Phedra, an tan nachar fhéad grá a mic i ndlí, nó a cleamhna do tharraint uirthi, .i. Hippolytus, do chuaigh tré mhioscais éada go nuig a fear féin agus d'inis dó gur thug a cliamhain fá ndeara a honóir do bhaint di le fórsa, agus do chuir a díbheirg agus a fraoch i bhfeidhm comh maith sin go bhfuair óna fear ordú do thabhairt a cheithre géaga do cheangal de cheithre capallaibh fiaine, gur shracadar 'na choda beaga ó chéile é. An tríú bean, Antea, céile an rí Protus, do iarr go dúthrachtach ar Belerophon luí léi, ach is di ba bheag an mhaith, óir d'éimigh sé í. Ansin do smaoin aici féin go mbeadh an ní sin aige Belerophon os a cionn, agus ní hé sin amháin ach go mb'fhéidir go leathfadh an scéal uirthi; agus tré chorp éada agus droch-chroí do chuaigh gus an rí agus d'inis dó gur mheas an laoch sin méirdreachas do dhéanamh ar a leabaidh phósta, agus do chuir an rí i gcomhair a mharfa é, tré amas glic litreach, ionas go dtáine scéal na litreach sin chum bheith 'na shean-fhocal ó shin. An ceathrú bean, .i. Philonome, an tan do éimigh Tenes, mac Cygnus, a mianaibh uirthi, do ghearán lena athair é, agus adúirt ris go raibh a mhac dá hiarraidh chum a thoile. Do chreid an t'athair go simplí an scéal sin, agus do thug ordú a chur i gcófra fá ghlas, agus a chaitheamh le muir agus le mórfhairrge. An cúigiú bean, .i. Hippolite, céile Acastus, do bhí ag rialú ríochta Magnesia, agus an tan nacharbh fhéidir léi grá Peleus do tharraint uirthi ar a slí féin, do ghearán lena fear é, agus adúirt gur mheas an ceatharnach sin an t-ionracas agus an díleasacht do bhí aici dhósan do lot, agus dá dhroim sin do fuair críoch ar a laethaibh. An séú bean, .i. Hippodame, bean chéile Pelops, agus an tan do bhádar ag tógáil aeir ins charbad adúirt sí lena fear féin go raibh sí i rochtaibh éaga tré thromphéin tarta, agus adúirt ris deoch d'fháil di ar shlí éigin. Tuirlingeas Pelops agus ní túisce do imigh as a radharc ná do shir an bhean ar a giolla carbaid .i. Myrtilus, teacht agus luí uirthi. Gidh ea do eitigh sé í go ceart, cróga, agus an tan do chas a fear féin arís do labhair sí ris i mbriathraibh corr-ghlioca, agus adúirt gur mheas Myrtilus fórsa a dhéanamh uirthi. Do chreid a fear sin, mar gach fear eile, agus do rug ar an ngiolla sochineoil, ceartdíreach, agus do theilg san muir do bhí i bhfogas dhó é gur bádh é. An seachtú bean, .i. an bhanáilleán, céile Chonstantín chróga, agus an tan do theip ionracas a cleamhna uirthi adúirt sí rena athair gur mheas an fear sin adhltranas do chur i bhfórsa ria; glacas lonnas agus luathfhearg a athair, ionas gur chuir ar díbirt óna dhútha féin é. An t-ochtú bean, .i. Fausta, iníon Maximinus ó Éigipt. Do bhí an bhean so comh géar sin i ngrá lena mac i ndlí, gur mheas a dhúil do tharraint chum luí 'na leabaidh ar shlí éigin; ach an tan do thuig, tréna fhaillí, ná raibh sé urasa di a thoil d'fháil uaidh, do dhíbir a géarshearc agus do chuir dianfhuath san bhfolamh, agus do ghearán leis an impire gur mheas an fear sin a mí-onóir do chur, tré ghníomh náireach, ionas gur chuir an t-impire chum báis é. Gidh ea do thuig fá dheoidh an scéal do bheith falsa, agus do chuir an bhean chum báis mar an gcéanna, chum sómpla do gach uile bhean eile do bheadh ag cur a ndrochchroí i bhfórsa an tan ná faighid a mian féin ó fhearaibh Adeir an t-údar, Plato, gurb amhlaidh a bhíd mná 'na n-aingil nó 'na ndiabhail, ceachtar díobh; óir bíd i ngrá glémhaiseach nó i bhfuath éagmhaiseach, óir ní bhíonn tuigsint 'na ngrá ná cumann 'na ndíbheirg ná foighne 'na bhfearg. Dá bhrí sin níl aon ní is mó do-ghní pléisiúr nó míphléisiúr ar fhear ná bean, óir is fíor gur rómhór an greann do bheadh ag mnaoi ar fhear, agus más fíor, is fíor gur rómhór do mheallfadh sí é i ngach uile shlí agus pointe. Do rin Theodora (an striapach nótaltha) a mórbhraigeáil le Socrates de dhroim an nuimhir mhór d'fhearaibh do thagadh de ghnáth timpeall a tí, agus adúirt gur mó do mheallfadh dá scoláirí uaidhsean ná do mheallfadh seisean uaithise. "Ní hionadh sin", ar sé, "óir taispeánann do shlíse so-ghluaiste, réidh, agus is ait le haos óg an tslí sin do leanúint, ach an tslí chum beatha rialta, atá lán de bhraimileoga agus de dheilgne. Do bhí Messalina, .i. bean an impire, Claudius Caesar, comh mórdhrúiseach sin go ndeachaidh go poiblí ar an sráid ag tabhairt pléisiúr a bolgthoill do lucht teachta agus imeachta, agus do chuir geall leis an striapaigh ba mhó san mbaile sin gur mó d'fhearaibh d'fhulaingeodh sí féin ná í. Agus do luigh an oíche sin le 25 rúfins, agus do chuaigh abhaile ar maidin cortha, gan bheith sásta; gidh ea do rug sí an geall, óir níor luigh an bhean eile ach le 23. Féach an bhean bhreá, ró-álainn, Hynes; do ghlac an seachtú Cormac, rí Franc, grá comh mór sin di, agus do bhí meas comh daor sin aige ar phléisiúr a coirp nach é amháin, lena chuid saibhris, gur neartaigh agus gur shaibhrigh sí a huile mhuintear, ach d'fhág 'na huacht déanach trí fichid míle coróin chum a thabhairt amach san áit na gcurfaí í. Adeir Athenaeus, an t-údar foghlamtha, scéal eile is mó d'ionadh ná an scéal so, ar Phryne noch do chruinnibh an oiread sin saibhris tré chathaíocht a grá go ndúirt ris an lucht cónaithe do bhí i gcathair Thebes go dtabharfadh airgead dóibh chum an chathair do atógáil, agus céad geata ró-álainn, fíornéata do chur uirthi, ar chuntas go gcuirfidís an scríbhinn so ar pholla gach geata dhíobh: "Alexander everit, Phryne amica erexit", .i. is é Saorbhreathach do leag iad, agus is í Phryne, an mhéirdreach, do thóg iad. Féach an rí, Demetrius, níor thug ach aon ligean amháin dá shúil go hathghairid ar Lama, agus do goineadh dá searc comh mór sin é, tréna grá, agus do chaith aon ionga déag d'ór uirthi do bhí aige chum a shaighdiúirí a dhíol; agus ní hé sin ach do thréig a bhean féin agus níor fhág cuideachta na striapaí so go rug an bás uaidh í, agus tar éis a báis do chaoidh go diafrach ar son a héaga, agus do phóg agus do róthaispeáin a mhórchion uirthi, agus fá dheoidh do thug ordú a hadhlacan fá bhun a fhuinneoige, agus gach am d'fhéachadh ar an bhfeart do ghoileadh go fuíoch. Féach Flora, iníon an rí, do thóg an cheard ó am go ham agus do lean í comh dlúth sin gur chuir sí críoch ar a beatha an daicheadú bliain dá haois. Agus dob é an rí, Menelaus, an chéad fhear do chuir a ghrá in úil di, an tan do bhí sé ar máirseáil ag dul ag cur chogaidh ar an gcathair, Carthage, agus do scaip níos mó airgid 'na timpeall ná do chaill sé le bua d'fháil ar a namhaid. Gidh ea ar son a hiompaithe chum na ceirde, do bhí an fhuil ríoga inti, agus ní bhfaigheadh aon neach a mhian ná a phléisiúr uirthi ach fear den phríomhfhuil, agus do chuir scríofa os cionn a geata na briathra so: "gach rí, prionsa, impire, nó easpag do thiocfadh anso, atá fáilte roimhe ann". Agus ní mó ní raibh an Flora so comh mianmhar chum airgid leis an ndís bhan adúrt roimhe so, óir d'fhiafraigh duine dá príomhcharaid di créad an fáth ná déineadh fiacha dá grá. Is é adúirt sí ris: "ní dheinimse mo chorp a thabhairt chum pléisiúir do neach ach rí nó ardfhlaith, agus do-bheirim mo bhriathar, dá laghad do fríth dom ó neach riamh gur mó é ná loirgeas, óir atá ráta fá leith ar gach uile ní ach grá amháin, agus ba cheart an oiread meas do bheith ar mhnaoi bhreá is do bheadh aici uirthi féin". Do éag an bhean so i gcionn daichead bliain, agus do bhí de mhéid an tsaibhris d'fhág 'na diaidh san Róimh, gur háiríodh é comh ró-iomadúil sin go gcuirfeadh ballaí nua timpeall na cathrach. Dá bhrí sin, le léigheadh na scéal so agus mórán de scéalta eile do-ghéabhair amach roinnt de oibreacha na mban claonchleasach. Ní hé amháin gur chuireadar ar neamhní rithe agus Caésair, ach do leagadh dá ndroim caisleáin agus cathracha, agus do creachadh dá ndroim triúcha agus oileáin, agus ní hé sin ach créad an ní ná féadfadh bean do dhéanamh? Ar an abhar sin ná fan it aonar i bhfochair mná le muinín as do dhiscréid féin, muna mbeifeá níos láidre ná Sampson, níos ciallmhaire ná Solamh, agus níos naofa ná Dáth, Rí, óir do tugadh iad so agus mórán eile chum a mbotúin tré mhealltóireacht ban, d'réir mar a léifidh tú 'na dhiaidh so, agus féach an rann do canadh i bParlaimint na mBan: Do mealladh le mnaoi Dáth Rí agus Solamon glic, Sampson is na mílte saoi ba chalma i ngail, ár n-athair do suíodh go haoibhinn i bParthas tsoir, is Peadair; a Chríost, cár díon dár bhfearaibhne dul? Is é ní do iarradh Aristippus bia breá, milis chum a chaite, agus bean álainn, shultmhar chum a leapa. Ach d'réir mar a thuigimse, an fear do leathfadh a líon chum breith ar bhean bhreá, is amhlaidh a béarthar air i líon na gcreabhar. Den réir sin impím ar na fearaibh óga, agus achraim ar na fearaibh aosta, agus comhairlím do na fearaibh simplí, agus do-bheirim forógra do gach uile chineál fear chum sceinm ó bhean dhíbheirgeach amhail a dhéanfaidís ó phláigh, nó muna ndéinid is féigean dóibh a dhéanamh fá dheoidh. Féach Aristotle, ar son cuideachtan do choimeád le banríon Athens, gurbh fhéigean dó teitheadh dá dhroim chum seachnadh ar phionós, agus do bhí san bhforuaigneas sin ar feadh tríocha bliain, mar ar scríobh mórán de leabhraibh áille. Féach arís Sampson agus Hercules, ar son a nirt agus a mórchrógacht, agus a gcalmacht i gcathaibh fómharach, do leag duine acu ar lár a chleith i bhfianaise na mná áille, Dajanira, agus an fear eile, d'inis dá mhnaoi féin, .i. Dalila, cá raibh a neart. Gidh ea do dhíoladar féin as a n-óinmhideacht 'na dhiaidh san. Féach Plato, ar son a fhoghlama agus a eagnaíochta, do choimeád cuideachta Archanessa agus í aosta (óir do bhí iomarca gráthóirí aici an tan a bhí sí óg), an tan do shéan gach duine eile í, agus do bhí a chion comh mór sin uirthi gur scríobh mórán de dhuanta breátha dhá moladh. Mar an gcéanna Socrates, ar son a thromán céille agus a mhórthuairisc ar fuaid an tsaoil, ach ar a shon sin do thug grá comh mór sin do Alphasis, .i. sean-striapach chríonchaite, go raibh i dtoirchim éaga dhá droim. Do choinnibh grá an rí, Antíocas, ag Calcian ar feadh bliana, do bhean óg nar chuir rinn a rosc inti; gidh ea ba dhamáisteach an scéal do féin sin. Do chuir an rí, Hanibal, gach uile obair thairbheach dá raibh aige do leataoibh, agus do chaith a shéasúr fada aige Caíphus, le grá dho mhnaoi, ach do ba olc an scéal dó féin sin, óir tháine a namhaid isteach air i mórán áitibh dá ríocht. Mar an gcéanna Julius Caesar, do chaith séasúr fada san gcathair, Alexandria, agus ní le grá d'aon mhnaoi amháin ach le mian drúisiúil do mhórán, ionas go bhfuair náire agus masla mhór dá chionn. Féach an captaein cróga, cathbhuach, mórchroíúil, na gcritheadh táinte agus na scanraíodh náisiúin , an tan a smaoinídís ar ainm, .i. Holofernes, gur maraíodh le mnaoi é tréna dhíth céille féin. Féach Herod, do bhí a ghrá comh mór sin i ndáil mná gur chuir d'fhiachaibh an ceann do bhuaint de Eoin Baiste ar a son. Ach chum ná beinn i bhfad ag comhrá orthu féach féin it aigne ar gach scéal, agus do-chífir ná fuil aon rásúr is fearr chum gach ní do ghearradh ná an aimsir, agus go háirithe gach olc do thagann de mhnáibh, óir dá mbeadh Holofernes gan breá-aghaidh Judith d'fheicsint, ná a caoltroigh d'fheicsin go scléipeach san gcomhthalán ag rince, is dearbh ná caillfeadh a cheann léi. Dá mbeadh Herod gan iníon Herodias d'fheicsint ag rince, ní thabharfadh le claontoil mar achainí di ceann Eoin Baiste ar son a scléipe. Féach mar an gcéanna an churadh chalma, chathbhuach, .i. Con Raoi mac Dáire, taoiseach Chlanna Déadha, mar cailleadh é de dhroim Bhláthnaid, iníon Rí Alban, ar dtabhairt searc di do Chú Chulainn mac Sabhaltaigh, agus adúirt ris; "atá claíomh aige Con Raoi", ar sí, "agus an feadh do bheidh 'na sheilbh níl baol báis ná bithéaga air i gcogadh ná i gcath. Gidh ea cuirfidh mise d'fhiachaibh ar Chon Raoi curaí na deashlua do chur ar amas in áit éigin, agus goidfead an claíomh, agus ceapaim an lá dhuitse, agus bí cois taobh na habhann atá lámh le cathair Chon Raoi, agus an tan bheas gach ní riartha agamsa doirtfead bainne na mbó leis an sruth; tairse an tan sin, agus sin an comhartha". Gluaiseas Cú Chulainn chum baile, agus do chuaigh Bláthnaid dá tigh féin agus do labhair go foirmdhlitheach, ceart, ciallmhar (dar le Con Raoi), agus adúirt: "is mór é do chumas agus is suarach do theaghlach, agus ba chóir duitse do laochra lánláidir do chur fá thriúchaibh agus fá cheithre hollchúige Éireann, agus clocha móra agus líogaibh garbha ró-áille do thabhairt leo, agus cúirt róghlémhaiseach do dhéanamh dúinn". Do chreid Con Raoi comhrá corr-ghlic na mná, agus do chuir tionól ar a shlua agus adúirt riu gluaiseacht fá thíortha agus fá chríochaibh Éireann, agus gach clochleac agus gach garbhrúisc thromchairrge ba dhóigh leo ba mhaith chum balla o dhéanamh do thabhairt riú, agus go ndéanfaidís cúirt ró-álainn dóibh féin agus dá sinsear. Gluaisid uile de thoil a chéile agus le comhairle Chon Raoi chum an ní sin do chomhlíonadh. Dála Bhláthnaid, an tan do fuair a gcosa tar doras an dúna amach do ghoid an claíomh, óir ba mhaith 'fhios aici cá raibh, agus do chuaigh go moch ar maidin mar a raibh na mná ag crú na mbó ar bruach an ghlaise, agus do thóg fearg riú, agus do dhoirt an leamhnacht ris an sruth, agus má rin, níorbh fhearr chum aireachais an chaora bhradach ná an tréadaí, óir do bhí Cú Chulainn ag faire ag an nglaise, agus gluaiseas fá thuairim na dea-chríche, agus do chonairc Con Raoi é, agus d'aithin gur fána thuairim féin do bhí ag teacht, agus téid ag iarraidh a chlaímh, agus má chuaigh ní bhfuair. Tógas a staf agus a chuid mion-airm, agus ionsaíos Cú Chulainn agus a bhuíon, agus do threascair agus do rómhairbh mórán curadh den ruathar sin, ach fá dheoidh do thit féin de dhroim gaisce an chathmíle chruaarmaigh .i. Cú Chulainn. Féach mar an gcéanna trí coinnle gaisce na nGael, .i.triúr clainne Osnaigh (Naoise, Ardán agus Ainle a n-ainmna), mar do thiteadar uile le Conchubhar, Rí Uladh, le mór-dhraíocht Chathbha, draoi (noch ba phríomhdhraoi ag Conchubhar an tan sin), agus ní de dhroim laochais, 'chionn Deirdre do bhreith uaidh, amhail is follas in Oidhidh Chloinne Osnaigh. Féach mar an gcéanna an leon líofa, luathfheargach agus an churadh chosantach, chrualinneach, .i. Feardia mac Dubháin, mar do thit de dhroim idirchasaoid Mheidhbhe Chruachna, do chuir de gheasaibh air, agus é ar meisce, dul ag comhrac le Cú Chulainn, amhail is follas don léitheoir i gComhrac Chú Chulainn agus Feardia. Féach arís an tan do phós Lir iníon Bhodhbh Dearg, .i. rí Thuatha Dé Danann, agus do bhí aige nó go rug ceathrar ballach clainne dhó in dá chúpla, agus do fuair bás ar sin. Gidh ea do fuair Lir an dara hiníon ó Bhodhbh Dearg, le rómhéid a ionúine agus a ghrá dhó mar chliamhain, .i. Aoife a hainm, agus an tan a thagadh an oíche fuar ná 'na duartan trom d'éiríodh Lir as a leabaidh agus do chlúdaíodh a cheathrar clainne. Ach do thóg Aoife éad lánmhór riú, agus lá n-aon dá ndeachaidh Lir as an mbaile tógas Aoife a cheathrar clainne léi amach, agus do chrom ar dhraíocht agus ar ghintlíocht d'imirt orthu, ionas go rin cheithre géisibh comháille díobh tréna healaín, gur cheap naoi gcéad bliain dóibh ar an modh sin, amhail is follas don léitheoir in Oidhidh Chloinne Lir. Féach mar an gcéanna gur de dhroim éachtaí iníon Rí Tíre-Fá-Thoinn do thit an Macaomh Mór, agus iomad curadh agus dea-shlua ina thimpeall, agus fós a dhís dhearthár féin, .i. Úr agus Artúr, re hIollann Armdhearg, mac Rí Gréag. Mar an gcéanna féach gur de dhroim Saidhbhe, iníon Eoghain Óig, do thit an laoch láidir, lánchalma, agus an churadh chosantach, chéadbhagarthach, agus an leon líofa, luathfheargach, agus an treon crualinneach, mear, urmaisneach, .i. Ardrí na Drólainne Móire, gona shluaitibh uile. Féach arís, a léitheoir, agus do-ghéabhair amach mar do chuir Meadhbh Chruachna clann Chailitín Choirpe agus iomarca slua eile i gcoinne agus i gcomhdháil Chú Chulainn mac Sabhaltaigh, .i. laoch láidir de arm na Craoibhe Rua, agus mar do thit le hiomarca na gcuraí, amhail is follas don léitheoir i mBrisleach Mhuighe Mhuirtheimhne. Féach, a léitheoir, mar do thit an gaiscíoch galach, gníomhéachtach, .i. Tailc mac Treoin, le hOscar mac Oisín taréis mórán den Fhiann do leagadh gan anam, agus iad uile do thitim de dhroim Niamh Nuachrothach, iníon Dáire. A léitheoir, is fíor go mbeadh sé liosta dhomhsa le scríobh ná dhuitse le léigheadh an deichiú cuid den méid is acfainn domsa do tharraint chugam, i gcás díospóireachta den tsórt so buíne, ach chum ná beinn liosta, leadránach, ná róleanúnach ar aon ní amháin scoirfead den scéal so agus iompód ar scéal eile. Fothargan na hoibre le tréibh gan táir, is corr-chnap ar lom-alt mo mhéir ón sás, gan agallamh ag ceapadh suilt ná réim ar pháir, faoi ndeara dhom bheith paraitheasach tréith im láimh. An Tríú Caibideal. De na Baintreacha agus dá míchoinníoll. Atáim tnúthach, a léitheoir agus a chomhchara, má leanaim níos sia ar chorrghliocas na mban do léirmhíniú dhuit, ná bead ag obair gan dadamh den dualgas mar do bhíodh an táilliúir i gceann an lána ag síorfhuaghadh gan phá gan bhuíochas, agus ceannach an tsnátha air féin. Gidh ea áireodsa díol maith agam féin má tuillim buíochas díse nó leathdosaein, agus fá thuairim an scéil sin leanfad ar lagstiúradh mo bhaothphinn go fóill, agus an tan d'fhéachaim im thimpeall is baintreach an chéad ní do chím chum barr mo phinn do phointeáil uirthi, agus cuirfead anso síos an foirm na dtaispeánann sí im shúilese. Fóiríor, is iomdha trioblóid, buairt, ainnise, forbhirt, agus angar do thagann ar an bhfear pósta, agus go háirithe an té do phósann baintreach, .i. pláigh dhúbalta ar bheatha an fhir, an bithiúnach claonchleasach ná fuil sásta leis an ndea-mheas coiteann ba chóir do bheith uirthi, ach do ghlacfaidh agus do sholáthróidh an uile chaoi chum an smior do ghoid as cnámha duine, agus a laethaibh do chiorrú. Ach créad adéarfad léi nó 'na coinne, nó leis an bhfear nó 'na choinne? Glaofad go hard agus adéarfad: "monuar, an t-ainniseoir bocht sin do ceangaltar leis an mbaintrigh, óir beidh an bhaintreach 'na bunrúta le míle drochní agus le milleon mórainnise". Ach ar son gach ní dá dtuigimse, is iomdha fear ná hiarrfaidh slí ba mheasa dhó féin ná é a cheangal le baintrigh mhaith, shaibhir. Ach smaoin ar dtúis créad an bhuairt do chomhcheangalfair let áthas, óir má bhíonn sí go saibhir ní foláir gurb í féin is máistreás i ngach uille phointe, agus má bhíonn sí daibhir beidh tú de ghnáth i bpláigh le boichteacht agus le daoirse; agus arís beidh do pheannaid dúbalta, óir caithfir gach sean-shlí dá bhfuil 'na ceann do bhaint as, agus ansin a tabhairt ar do shlí féin. Agus má thógair sin ort do chomhlíonadh, níl duit ann ach mar do-ghéabhthá fear dubh ó Ethiópia agus do thógfá ort é a ghealadh tré sciomradh, óir is gnáthach go mbíonn baintreacha comh claonbheartach sin nach féidir leat a dtoil do choinneáil uathu, agus más dóigh leat í a dhéanamh go maith le bualadh agus le batráil, níl maith ann, muna mbatrálair chum báis í. Do phós fear baintreach chrosánta uair, agus an tan do thiteadar amach le chéile (agus ba gearr go nuige sin) do ghairm sí bithiúnach de, agus mórán ainmna eile deasa len' áireamh. De dhroim na feirge sin do rug sé uirthi agus do ghearraigh a teanga as a ceann, agus ó ná féadfadh sí aon fhocal do labhairt do-ghníodh comhartha na croiche lena méaraibh chuige. Is fánach, agus ní hé amháin fánach ach ní dóigh liom go ndearnadh riamh é, eadhon, fear do phósadh baintrí de dhroim a breáthacht, ach ar son a gradamreanc agus a cuid saibhris; agus má bhíonn sí saibhir agus breá i dteannta a chéile táthóir tú féin le diabhal baineann, óir imeoidh sí amhail péacóg, agus tusa amhail creabhar. Cuirfidh sí do chuid airgid i bhfolach chum coinneála suas ar a huabhar. Agus má thagann sé id cheann a bheith meidhreach 'na cuideachtain adéarfaidh sí: "atá tú meidhreach ar son mar tá bean agat atá in acfainn chum do chothaithe, óir roimhe so ní rabhais ach id dhéirceachán". Agus má thaispeánair tú féin dubhach adéarfaidh sí: "atá tú dubhach", i dtaobh ná fuil tú dá cur féin san bhfeart chum go mbeadh a cuid saibhris agat. Agus má roinneann tú bia go flaithiúil id thigh adéarfadh sí leat, má tá aon ní ar do chumas féin, é a chaitheamh. Agus má bhíonn tú spáráilteach adéarfaidh sí nach cóir dhuit miotóg do bhaint aisti, ag coimeád a coda féin uaithi. Agus má ghní tú aon ní bunoscionn lena haigne féin adéarfaidh sí gur shoilbhre agus gurbh fhearr an fear eile a bhí aici ná tú. Má théir go tigh do chomharsan ar féasta, an tan a thiocfair abhaile adéarfaidh sí: "bí ar siúl, a chladhaire, agus imigh go nuig do striapacha mar a rabhais feadh na hoíche". Dá ndeachair ar margadh nó ar aonach agus go gcaithfeá réal nó scilling adéarfaidh sí: "id bhochtán do fuaireassa tú agus im bhochtán is mian leatsa mise d'fhágáil". Dá bhfanfá istigh de ghnáth adéarfaidh sí: "atá áthas ort de chionn mná d'fháil do chothódh díomhaoin tú". Dá ngearrfá an blúire is fearr ar an gclár di, siúd go dtógfadh sí é, adéarfaidh sí go raibh fear aici féin do ligfeadh di a greim do ghearradh pé áit nar mhian léi féin é. Agus dá dtaga tú isteach le subhachas maith ort, le dúil chum a bheith meidhreach, agus labharfaidh tú léi le briathra milse, adéarfaidh sí ná fuil ionat ach duine claonbheartach, beagchráifeach, ag rá: "labhrann tú liom go breá led theangain ach atá do chroí ar do mhná acracha lasmuigh". Ag so cuid de chleasaibh buile na mbaintreach cruachasaoideach, .i. an dream nach maith seangchliabhach ná bolglíonta. Ní rachaid go nuig an aifreann agus ní fhanfaid san mbaile de dheasca a luathintinne. Ní bheidh tú i síocháin os a gcomhair ná i bhfad uathu, óir má bhíonn tú as an mbaile beidh t'intinn buartha an tan a smaoinfir ar an ngéarphurgadóireacht atá fád chomhair, ag feitheamh ar tú a fháil tar doras, óir cuirfidh ceann na muice ar an ngabhar, agus lena léirtheangthaí cuirfidh 'na luí ortsa gurb amhlaidh atá gach ní déanta aici go foirmeach 'na cheart féin. Agus má deir tú nach fíor gach ní adéarfaidh, scaoilfidh na haraíona agus sloigfidh an béalbhach, agus cuirfidh an roth ar seol fána teangain, ionas gur géire í ag tiomáint 'na cúrsa ná Phéton an tan do rith sé ar random le heachra Phoebus. Agus dá éamais so ní foláir dhuit foighne a bheith agat le sruimle de bhogshíofróir de bhreillice cailín aimsire, amhail cailleach ó ifreann na mbeidh a dhá cíoch fada, slaprach, buíghlas, amhail dá lamhnán taisúra, leathfholamh ag tabhairt aire dhuit agus ag cur do dhinnéir ar clár chugat, óir ní ligfeadh do bhaintreach dhuit aon ainnir óg ná fháiscithe do choinneáil. Agus dá ndéanfá, le hoiriúint in am áirithe, na miasa agus na plátaí do theilgean chum talún ar son a samhailt sin de chaile bhréanshalach dá gcur it fhianaise, tógfaidh do bhaintreach piobar san tsróin agus sraothfaidh agus srannfaidh agus féachfaidh comh searbh is dá mba éirí ó ithe úlla géara do bheadh sí, agus adéarfaidh: "sul do phós tú mise ba mhaith leat an greim is measa ar mo chlár d'fháil". Ansin adéarfaidh tusa arís: "muna mbeadh mise a bheith ar buile comh mór sin is tú a phósadh ní ghlacfadh an diabhal féin tú". Agus ansin cromfair uirthi ar an gcúis sin, agus tabharfair achasán grod, gáifeach di ar son a móraoise a héadmhaireacht, ar son a cuid airgid do chur i bhfolach, agus ar son mar thionlaic sí chum siúil an uile mhaith dá dtugais féin chuici, i gcoinne toile do uile charad agus chum do míbhuntáiste féin, agus go dtugais iad sin uile di ar son a deora agus le trua dhi, an tan a bhí sí i bponc an bháis le grá dhuit. Ar an dtaobh eile éireoidh an bhaintreach suas 'na colgsheasamh agus a dhá súil amhail coinnle ar lasadh, agus rithfidh amach ar measc a comharsan, agus séidfidh amach olc le cois oilc, ar chor, le hiomarca na tiomána agus an áit cúng, go scríobfaid don scornaigh agus go mbuailfid i gcoinne na bhfiacal, ionas gur samhalta re toirnigh a dtoirléaspadh uile ar feadh an bhaile. Agus bé ar bith beagán dá focail is féidir a thuigsint, is dearbh go mbeid so orthu, .i. "do chuir sé mo chuid arbhair chum margaidh agus mo chuid beithíoch ar an aonach, agus gach ní eile do-gheibh gan ghlas nó coimeád tógfaidh ris é re fórsa, agus gach ní a chuirfead i bhfolach go discréideach goidfidh sé é go príomháideach; agus imreann sé mo chuid airgid ar chártaí agus ar dhíslí, agus caitheann ar an aiste so mo shubstaint uile, agus ar a shon sin ní bheidh cion aige orm ach an feadh a chothód suas in airgead é, ach bíonn dianfhuath aige dom pearsa agus dom chuideachtain. Ach anois atá a thoil aige agus ní thugann aon ní domhsa ach briathra crosta, agus géarchaint, agus drochúsáid, ar son gur phósas é gan dadamh, tré dhianghrá, ach anois atá a chuid drochbhainistí am chur féin agus mo chlainne chum deireadh go rómhór." Gidh ea ar measc an mhórthóchtáin comhráidh so ní dhéanfaidh sí dearmad dá cuid dea-mhéine féin do chur i dtuigsint, agus adéarfaidh: "bímse de ghnáth ag fuáil agus ag cniotáil, agus ag déanamh an uile oibre is túisce chum mo lámh, agus eisean ag striapachas agus ag caitheamh mo choda amuigh go millteortha". Ag so an tslí na mbíd de ghnáth ag pianadh agus ag géarghearradh a bhfearaibh pósta. Ag so beatha; gidh ea, atá sí comh tuirseach le hifreann féin, óir dá bpógfadh baintreach agus a fear a chéile ar maidin amhail caraid, beid sula dtig an tráthnóna i riocht an tí agus na mbreallán do chaitheamh amach trés na fuinneoga. Adeirtear go dtuilltear le purgadóireacht flaitheas Dé, agus is dóigh liomsa nach féidir le fear dul go haon phurgadóireacht is géire agus is measa ná é a cheangal le baintrigh chrosánta, óir an té do chomhcheanglas le baintrigh agus triar clainne aci, is fíor go ndéineann snaidhmiú agus caradas le ceathrar bithiúnach. Do phós fear baintreach tráth, agus do bhí sé de shéan air gur chuir sé fód na feirte uirthi. Gidh ea is fíor gur chráigh sí é sul d'imigh sí, óir 'na dhiaidh san, an tan do bhí ag fáil bháis, do tháinig a chairde uile 'na thimpeall, agus adúradar ris guí chum an Athar síoraí chum a anma do bhreith gus an ríbhrog neamhdha. Adúirt sé riú: "an dóigh libh gur ann do chuaidh mo bhean?" "Is ea gan amhras," ar siad uile. "Má ea" ar sé, "is cuma liomsa cá rachad ach ná rachainn mar a bhfuil sí sin, óir dá dteagmhainn léi arís is dearbh go mbeinn i bpláigh agus i bpurgadóir bithbhuan mar a bhíos roimhe so". Do phós fear eile baintreach, agus lá n-aon dá raibh ag éisteacht le diagaire ag teagasc agus ag seanmóir, do chuala é ag rá: "bé ar bith nar mian a bheith sábhálta tógadh suas a chros agus leanadh mise". Gluaiseas an fear buile so tar éis na seanmóra do bheith críochnaithe agus tógas a bhean leis ar a ghualainn go nuig an áit na raibh an seanmóntaí, agus adúirt: "ag so mo chrossa agus atáim ullamh chum tú a leanúint bé áit ar bith na rachair". Do phós fear súgach eile baintreach agus tógas leis í don Fhrainc. Gidh ea ní túisce a chuadar chúig léig amach ná do éirigh stoirm mhór, ar chor go rabhadar foireann na loinge i mbaol báite, agus bhfeicsin sin don chaptaein d'ordaigh dóibh gach earra ba throime dá raibh san loing do chaitheamh tar bord amach. An tan a chualaidh an fear pósta sin, tógas an bhaintreach ar a bhaclainn chum í a theilgean fán dtréanmhuir amach. Fiafraíos an captaein de créad an fáth nar mhian leis a bhean do chaitheamh san muir. d'fhreagair agus adúirt nár theagmhaigh ní ar bith riamh leis ba throime ná an bhean sin, "agus sin an fáth", ar sé. Do phós fear eile baintreach, agus in aimsir athghairid 'na dhiaidh sin do chuaidh sí amach sa ghairdín, agus do chonairc sí léine a fir agus léine a cailín leata ar aon tor amháin. Do líon racht éada í de dhroim an radhairc sin, agus do chuaidh agus chroch í féin as crann. d'fhiafraigh fear do ghaibh an tslí fáth an scéil sin agus do hinseadh dhó gur éad. "Há, há", ar sé, "is trua gan toradh comh breá sin ar gach crann sa ghairdín". Agus dem dhóigh is dhe a dúradh an rann so, agus ní de chrann an tSacsanaigh: Maith do thoradh, a chrainn, rath do thoradh ar gach aon chrann; is trua gan crainn Inis Fáil, lán ded thoradh gach aon lá. Ach anois, a léitheoir, agus gach nduine eile chluineas, is tuigithe dhíbh go ndúirt mé roinnt mhaith ar bheartaibh agus ar chorr-ghliocas na mbaintreach, ach dá géireacht do leanfainn iad is siaide uathu bheinn é, óir is iad nuimhir na seacht bpeaca mharbh iad, caraid na ndeamhan, agus doirse ifrinn. Ach do phreabas suas ar scríobh na bhfocal so, óir do taispeánadh dom gur chluineas im chluais, d'éis duine éigin dá rá, gur cheart dom an scéal so d'insin roimhe so, óir atá sé ródhéanach leigheas do tabhairt amach an tan rachas an t-othar d'éag, nó go bhfuil sé ródhéanach comhairle do thabhairt an tan nach fuil fáil chasta ar an ngníomh. Ach adeirimse 'na choinne sin gur fearr déanaí ná ródhéanaí, óir b'fhéidir go ndéanfadh duine éigin éirim do phiocadh as mo chomhrá. Agus adeirim arís gur maith an forógra é do dhaoine óga do bhíonn ag rith, amhail fiach dubh ar lorg nead, ag cuardach na haicme so chum a mian drúisiúil do shásamh, ar chor go gcuirid d'fhiachaibh ar dhuine míle drochbheart do chomhlíonadh do bhíonn 'na spota in éadan an faid is beo é. Gidh ea dá dtugadh fá ndeara an scéal ar a shocracht (amhail a ghnímse), is urasa bean do tharraint chum scléipe; meallfair ar úll í, agus caillfir ar a lomairt í. Is urasa daoine óga do tharraint chum aimhlis. Do-ghní breáthacht ban smaointe milisdheasa agus tarraint 'na n-intinn, agus do-ghní tabharthais órga bua d'fháil go róréidh ar aigne ardintinneach, agus sóinseálaid geanmnaíocht ar chaitheamh aimsire an díomhaoinis. Agus an té do thógann 'na cheann an drochshlí aon uair amháin, dá fhaid a shaol is amhlaidh a bheidh ag daingniú ann gan mhothú, gan aithrí, ar chor go dtiocfaidh chum a bheith 'na ionadh ag gach uile dhuine, agus 'na liathróid chos ag an mífhoirtiún, dá chaitheamh síos agus suas ar fuaid an tsaoil, gan de chompord acu ach donas ar muin donais. Agus ní hé sin amháin ach beidh deich míle donas ar bogshodar le sála an fhir so, agus leanfaid é comh cruinn is do leanfadh an easóg francach, bé áit ar bith ina rachaidh, dá bhrí, gach dream do-gheibh drochainm ná fanaid in áit ar bith ach ag imeacht ó bhall go ball, ag dul amú agus ar seachrán, gan foirtiún i bhfabhar dóibh thall ná abhus, agus ní bhfaighid buntáiste in aon ealaín dá dtarraingid chucu, arna dtréigean agus do chaitheamh amach as gach cuideachta dea-mheasta, lán de eagla go ndéanfadh údarás, le claíomh an chirt, iad do ghearradh óna dtoil shaor. Féach den réir sin ar mar a chaithfidh sibh bhur n-aimsir ag siúl fá dhólás amhail an t-éan darb ainm ceann cait, gan aon chompord i gcaradas ribh, ach amháin aithreachas daorcheannaithe do bheidh oraibh in antráth. Dá bhrí sin labhrann mo theanga le sórt trua leis an ndream ardintinneach noch do thuigim "tré aithreachas mo chroí" ón míchoinníoll do chím i mórán fear agus ban. Ach na fearaibh, adeirtear ná bíonn saoi gan locht, agus go mbíonn dá locht ins gach aon mhnaoi, is é sin ní fhéadfaidís aon ní fónta a dhéanamh ná aon ní fónta a rá. Is fíor go dearbh go mbíd mná an chuid is mó den tráthnóna dá ndathú agus dá bpéinteáil féin, ag casadh a ngruaige agus ag féachaint 'na scáthán de ghnáth, amhail apaí nó geilte, chum iad féin a chórú amhail bábáin Phárthaláin nó bóna aonaigh; óir áireothar ar measc fear 'na liobar shalach an bhean nach imeoidh mórálach in éadach. Dá bhrí sin más maith leat do bhean uasal do shásamh, ní foláir go dtaitneoidh sí leat agus go mbeidh grá agat di, agus go seirbheálfair í i ngach slí. Agus in am gach caithimh ní mór dhuit ualach den stór do chur chuici, óir ní foláir í a choinneáil suas mar so nó mar siúd, bé ar bith aiste nó slí na bhfaighir é, ar charrán nó ar lúbán, é a ghoid as mála Iúdáis nó as mealbhóig an diabhail. Ach chum scéal gearr a dhéanamh de, ní bhfaighir stór a dhéanamh de thalamh ná de thiarnas, de airgead ná de ór. Óir mná, áireoid siad tú id sprionlachán muna mbeir id shíorchaiteoir, agus id dhuine gan mhisneach muna rithfir i gcoinne gach dainséir; id dhuine gan chéill gan réasún má bhíonn tú ciúin, agus má bhíonn tú ag síorchomhrá adéarfaid gur amadán tú; agus áireoid gur bodach gach aon duine ná beidh 'na ghráthóir, lán d'fhocail shoilbhre, shéibhialta. Má bhíonn tú glan in éadach adéarfaid go bhfuil tú mórálach. Má bhíonn tú ar drochéadach adéarfaid gur sruimle tú. Má bhíonn tú ard adéarfaid gur tú an breillice fadchosach. Má bhíonn tú gearr adéarfaid gur abhac tú. Óir atá meabhair ghéar agus teangtha cliste acu, agus má thugair orlach dóibh led thoil déanfaid féin dánacht ar trí horlaí. Cuirfidh sí lámh léi timpeall do mhuiníl ad phógadh, agus beidh an lámh eile id phóca, agus má ligeann tú dhi aon ní a thógáil mar mhagadh, déanfaidh (muna bhfeicfir í) é a choinneáil dáiríribh. Ach má thránn do phócaí agus ná seasóidh gustal dhuit chum í a choinneáil suas 'na huabhar agus 'na honóir, ansin éireoidh sí suas díot amhail a dhéanfadh cearc dá héanaibh an tan a bheathaíonn í féin 'na dteannta go maith, agus ansin stadfaí de aon ní a thabhairt dóibh; agus ní thaitneoidh do phearsa ná do chuideachta ria, agus ní bheidh aon náire uirthi a rá gur don té do chothódh í amhail bean uasal is córa dhi féin a grá do thabhairt. Féach den réir sin mar d'fhíonn siad nead a mbotúin féin agus shníomhaid siad snátha chum líon daingean do dhéanamh chum iad a ghabháil ann. Óir má bhíd mná i ngátar is dá n-ainneoin do bheid, óir gearrfaid as an éadach an faid do seasóidh aon ruinne den phíosa. Is fíor gur ar son a gcuid meala do curthar curcóga ar na beacha, agus gur ar son a lomra do bearrthar na caoire; chum buntáiste do curthar chum oibre an bullán, agus na héanaibh do pioctar go lom ar son a gcuid clúimh, an crann na gcurthar grafadh ann ar son a thoradh, agus an talamh do saothraíthear chum gráinne agus planda do thabhairt. Ach gach uile thrioblóid do-ghéabhair ag mnaoi, atáid caite uait gan tairbhe, óir níl buntáiste ar bith le fáil as duit; agus an tan do dhéanfair gach uile ní agus do thabharfair uait gach ní do shirfidh ort, is fíor go mbeidh tú comh maith díolta fá dheoidh is do bhí an drea úd a thóg an Garlach Coileánach ar trí leathphiní san ló chum a chuid startha bréagacha do scríobhadh. Má thugair fá ndeara an ní so go fáthchiallmhar, is mór an t-amadán tú má cheanglair tú féin lena ngnótha dána, a bheith umhal dá mbagartha agus teacht ar a nglaoitibh, talamh do dhíol chum iad do bheathú go ró-álainn, ag ceannach síodaí agus sataéiní chum bean uasal do dhéanamh de Shíle ar modh ná beidh beann aici ar an mnaoi is daoire éadach ná is mórálaí, ar son ná fuil níos mó de gheanmnaíocht ná de náire inti in aon tslí ná go sásódh sí í féin le cuairt gach tráth do-ghéabhadh an chaoi, óir foighneoidh sí méaraibh gach fir eile comh doimhin san méis is do bheidh do mhéaraibhse sa phláta, agus ligfidh do gach fear eile bheith ag iascach san áit na gcaithfidh tusa do dhuán, ag coinneáil suas do gach n-aon do thiocfaidh; gan puinn mídhealraimh ris an gcathaoir do bhíonn ag an mbearbóir, nach túisce coirpeoir aisti ná coirpeoir eile inti; cóiste poist do gach n-aon chum bheith ag fáil marcaíochta ann, agus bád caladh do gach n-aon do thiocfaidh agus cead iomair acu uile. Ach anois má chromann do chuid saibhris ar dhul i laghad, ansin tógfaidh sí a gearr-éadach agus adéarfaidh: "go dtuga Dia lá maith dhuit", agus fágfaidh slán agat go gearr, géar, in ainm an deamhain. Ó tá gach ní comh soiléir so, tuig agat féin, an tigh na ngnáthódh a samhail sin de mhnaoi go mbíonn comh fuafar chum suí ann is do bheadh conablach lá brothallach samhraidh. Déinidís a gcuid bladair comh maith is d'fhéadfaid, níl aon ghrá iontu tar a bhfiacla amach. Is soiléire do nochtaim a slite agus is fearrde na réasúin do thugaim uaim, de bhrí go ndéarfainn leat féachain go cruinn ar na mná milisbhriathracha, claonbheartacha, drochnádúrtha so. Do chonarcsa cló nó pictiúir striapaí ar an modh so: ar dtúis fear breá, óg gan radharc, agus idir a dhá láimh bean ro-álainn, bláthsciamhach, agus lámh léi 'na phóca ag taispeánadh a cuid gadaíochta, agus scian ghéar san láimh eile chum a scornaí do ghearradh, ar bpiocadh an phóca dhi. Ach anois atá sé ag fiuchadh id scornaigh a rá liom nach aithnid duit bean seoch bean eile gan triail éigin do bheith uirthi, óir is ionann dealramh dóibh uile, in éadach agus i ndéanamh, óir beidh úll géar i ndealramh mar an sweetpippin. Adeirimse leat gur maith liom mar a chonarcas an cheist sin ag fiuchadh id scornaigh, óir is fíor gur éan an fiach dubh agus ná fuil san ngéis ach éan. Is mar an gcéanna do bhíd mórán de na mná: bíd siad i ndealramh aingeal ach bíd amhail diabhail 'na ngníomhartha, nó mar chnámha dreoite i gcomhranna péintéalta, nó mar an éan darb ainm ostrich na mbíonn cleití breátha uirthi agus a cuid feola do-ite, nó mar an luibh darb ainm moly na mbíonn a bláth comh geal le sneachta agus a préamh comh dubh le gual. Mar an gcéanna do na mná. Ar son go mbíd breá agus go ligid orthu trua a bheith iontu, is amhlaidh a bhíonn a gcroí lándubh, ag mórat le hurchóid. Ní mídhealraitheach le sean-chrann iad na mbíonn go breá ón dtaobh amuigh agus duille glas, slachtmhar air; gidh ea bíonn an cuilithe lochtach nó fabhtach ann. Má ghnáthaír a dtigh cuirfid artha an ghrá dhuit, agus má éisteann tú leis na mná milischeachtacha so cuirfid draíocht ort le claonamharc gleáchais na drúise, agus cuirfid draíocht ort le dianfhuath, ag cur suanbhliocht ort chum críoch do chur ar do laetha. Atá cleasa 'na bpluic chum mealltóireacht agus caisirníní 'na n-éadain chum clischealgóireacht. Atá súile acu chum gríosaithe. Atá teangthaibh acu chum bladaireacht, agus pógaibh chum corraithe ar aigne, bagartha chum daoine a chasadh tar ais, puisíní chum dlaoitheoireacht nó piseoga; agus meoin chum a leithscéil féin do ghabháil. Is urasa don té nach gnáthach ag teagmháil insa phléisiúr grodaithreach so cuideachta na mban drúisthugtha so do sheachnadh; ach an fear do ghnáthódh an sórt úd sclábhaíochta is dearbh go mbíonn a ghnáthmhian ann, agus an tímtáisiún cois a láimhe de shíor. Dá bhrí sin tabhair aire ar dtúis agus ná lig tú féin do thitim san óinmhideacht dhrúisiúil so, óir is usa do bhuachaill nó do chailín óg an súgradh toill so do sheachnadh ná do bhaintrigh, agus is usa don bhaintrigh é a sheachnadh ná don bhean pósta na mbeadh a fear dá díth. Agus dá bhrí sin arís tabhair aire dhuit, óir ní bhfaighir aon ní de dhroim ban ach cathú agus síorbhuairt. Atá mórán daoine dar ba dóigh leo má fhéachann bean orthu go mbeidh sí go lúithreacha i ngrá leo; beidh a leathlámhann ar dhuine, agus a gártaeir ar dhuine, agus ag duine eile beidh a trashbag. Gidh ea beidh duine eile is mó bheas i ndíograis léi ná iad uile, agus sin an fear do chaithfidh agus do mhairfidh ar gach tabharthas agus breá-ní dá bhfaighidh sí óna fearaibh eile. Dá bhrí sin dá dtugthá do chorp don liaigh agus t'anam don deamhan, ag siúd an sórt ban atá oiriúnach chum do bhirte a chomhlíonadh chuige sin. Atá mórán beithíoch ar an saol i ndealramh le mná, óir atá cuid de na capaill agus ní fhéadfadh drochmharcach iad do bhainistí ar chor ar bith, agus cuid eile, d'ainneoin an mharcaigh is fearr, na mbeidh drochbhéas éigin ann; agus cuid de na gadhair fhiaigh, ritheann bunoscionn d'ainneoin an fhiagaí; agus cuid de na daoine, do ghoidfeadh ní uait agus a lámha ceangailte ar an dtaobh thiar dá ndrom, agus daoine eile narbh fhearr leo bás d'fháil den ghorta ná aon ní a ghoid. Mar an gcéanna do na mná. Beidh cuid díobh agus ní fhéadfá iad a tharraint le grá seacht mblian, agus cuid eile do-ghéabhair ar phléisiúr aon uaire. Den réir sin, dá ndéininn staidéar dá mhíle blian ní bhfaighinn amach bean ach bunoscionn leis an bhfear i ngach uile phointe, de ghnáth ag leanúint gach nuafhaisin. Agus dá mba páipéar an saol uile, agus gur lí dhubh an fhairrge, agus gur peann an uile chrann, agus gach uile fhear do bheith 'na scríbhneoir, ní fhéadfaidís an deichiú cuid de chorr-ghliocas ná de mhealltóireacht claonchleasach mná a chur síos. An Ceathrú Caibideal. Adeir Plutarch go raibh grá comh mór sin ag rí Assyria, .i. Ninus a ainm, do sheirbhíseach mná do bhí aige féin darbh ainm Semiramis, gur phós sé í tar mhnáibh a ríochta, agus ar son a ghradaim di. Ní cion, ná meas, ná grá a ghlac sí dhó, ach ní túisce do fuair í féin 'na máistreás ar a chroí ná do ghuigh sí é go diafrach chum an choróin agus bainistí an ríochta d'fháil aon lá amháin, agus do chuir a claonchomhráití i bhfeidhm air comh géar sin gur thug sé rialú a ríochta dhi an lá sin. Ní túisce do fuair sí a toil ná do chrom ar a mianaibh do chur i bhfórsa, agus is é céadní do thug fá ndeara críoch do chur ar a ghradam agus ar a shaol, chum go mbeadh sí féin agus stócach do bhí aici roimhe sin ar a socracht san mórghradam ríthiúil sin. Is dearbh ná raibh Medea puinn níos measa croí ná an bhean roimheráite, óir an tan do fuair ó Jason gach uile ní dob fhéidir le bean tré chorr-ghliocas do mhealladh ó fhear, gidh ea ní raibh sásta leis sin uile gan buaireamh do chur air féin agus ar a mhuintir, agus chum gur fearrde d'fhéadfadh a bearta a chomhlíonadh d'fhoghlaim sí mórán de ealaíona draíochta, agus do chríochnaigh laetha mná eile do bhí 'na comhghráthóir aici, chum guaise agus peannaid don fhear dá raibh searc a chroí dhi; agus ní hé sin amháin, do mhairbh a deartháir féin chum sásaimh ar a mírún. Féach arís Atalanta, iníon Schenus, do bhí comh breá sin tar mhnáibh a comhaimsire, agus comh luathshiúlach agus comh troighéasca sin chum reatha gur cheap sí (le toil a hathar) gan aon fhear do phósadh ach an fear do bhéarfadh bua uirthi ag rith, agus do thugadh an freagra so ar gach n-aon do thagadh dá hiarraidh mar chéile .i. "is fíor ná cuirfeadsa suas do bheith mar chéile ag an bhfear do bhuafaidh, ach ní foláir gur mé féin do mharóidh gach -aon na mbéarfad bua ". Do bhí an nós so aici dá leanúint roinnt blianta, agus iomarca fear ag titim dá droim; ach fá dheoidh do tháine Hippomenes mac Macareus, agus mac mic do Neptune, eadhon ógánach ró-álainn, chum an chúrsa, agus ar bhfeicsin na sruthanna fola dhó in imeall an mhachaire ba mhór an ionadh do chuir sin air, agus adúirt ris féin: "an féidir go mbeadh daoine comh dall sin agus bean do lorg ar measc an oiread so dainséir?". Ach an feadh a bhí ar an aiste so ag tabhairt fá ndeara mífhoirtiún a chomh ghráthóirí do chonairc sé Atalanta ag imeacht tairis, agus ar bhfeicsin a scéimh dhó agus a lonradh mar an ngréin, do thóg suas a lámha agus d'fhéach in airde ar na flaithis, agus adúirt: "gabhaidh mo chomairce agus mo leithscéal, a chomhghráthóirí", ar sé, "ar son ar chuir mé de amadántacht bhur leith sula bhfeaca mé an mórluach agus an dualgas do bhí agaibh le fáil dá chionn". Do thóg breáthacht Atalanta croí agus intinn Hippomenes comh mór sin, agus do goineadh é comh géar sin gur ghlac racht éada é ar eagla aon duine eile dá chur roimhe féin i liost an ráis, agus do ghluais mar a raibh Atalanta agus adúirt go gcuirfeadh a bheatha i gcontúirt amhail do rin gach fear eile. Ach san am chéanna do bhí drochmheas mór aici ar an té do thóg air dul chum báis dá mba ghá é ar a son, agus adúirt sí le croí cealgach: "créad an bheann do bheadh agamsa ar anam agus a mhéid d'fhearaibh do thit liom roimhe so?; dá bhrí sin faigheadh sé bás ó thuill sé é, agus ó ná déanfadh bás na coda eile é a mhúineadh; ach arís nach mór an trua é a bhású ar son a ghrá im dháilse, nó nach mór an trua drochdhualgas do thabhairt dhó ar son a mhian chum a bheatha do chaitheamh maille riomsa?; créad an fáth na n-iarfainn bua ar an bhfear nar tromán agus mór-ualach dom achasán a mhuintire ar son a chuid fola?" Ach d'ainneoin na díospóireachta so a bhí aici léi féin do bhí Venus, .i. bandé an ghrá, i bhfábhar do Hippomenes, agus do thug sí trí húlla óir dhó agus adúirt ris bheith dá gcaitheamh seachaid an tan do bheadh Atalanta dá shárú sa chúrsa. Agus ar ndul chum reatha dóibh gluaiseas an tréanfhear go troighéasca 'na chéimeanna talcmhar, diana, agus ní fada do chuaidh an tan do bhí an bhean ag dul tairis, agus do chaith sé ceann de na húlla mar a dúradh leis, agus do lean Atalanta é gur thóg é, agus ba thaitneamhach léi a lonradh, agus gluaiseas insa chúrsa den dara feacht; agus do rin Hippomenes mar an gcéanna ris na húlla eile, ionas, ón méid sin buntáiste, gur thúisce é chum an pholla ná í, agus do phós ar an láthair sin í. Ach ní raibh an foirtiún maith so i bhfad i bhfabhar dóibh, óir do lean Atalanta dá slí uaibhreach, ardintinneach mar do rin roimhe sin, ar chor gur tharraing sí uirthi díbheirg mháthair mhór na ndéithe .i. Cybele, tré dhul i lánúnachas 'na teampall, ionas go rin sí cruthshóinseáil orthu araon. Do rin leon de Hippomenes agus banleon de Atalanta, agus do lig ar measc na gcoillte agus na bhfánghleanntaibh ar measc na mbeithíoch allta iad. Ach anois ní thráchtfad ar a thuilleadh foras feasa, ar eagla go gcuirfinn fearg ar na mná ciallmhara, cearta, discréideacha, dea-ghnóthacha, eagnaí, deaiompair le trácht ar na mná drochbheartacha so do thugann náire dá gcineál; agus ó ná bíonn coill gan críonach ná gort gan diasacha fia, mar an gcéanna do na mná. Ach adeirim arís go mbíonn cuid díobh comh cinnte agus comh danardha, agus comh cruagálach sin 'na n-údarás, comh géar sin 'na n-ordú, comh héadmhar sin 'na gcaithréim, agus comh barbéiseach sin 'na ngníomhartha, gur cheart go bhfoghlaimeoidís as a gclaonbhirt gur chóir dóibh deaghníomhartha do chaitheamh ar measc na ndrochbheart, agus teacht chum bua do bhreith orthu féin chum bréagnaithe ar gach drochthuairim dá dtugthar dóibh; agus fágaim a bhreithniú fúthu féin. Ach adeirim go mbíd na mná so comh lán sin de ghlóire dhíomhaoin 'na gcroíthe, agus comh huaibhreach sin 'na n-aigne, agus comh goiciúil sin 'na n-imeachtaibh gur cheart dúinn gach ní do scríobhthar orthu do chreidiúint. Agus dá mba áil leo féachain ar an sean-chomhairle do chonarcsa i sean-leabhar do scríobhadh timpeall céad go leith blian ó shin, agus so an aiste na bhfeaca é. . . tugtar rann anseo sa LS in "Ogham choll". Ag so an rann chéanna: An bhean nar mhian léi clú mhaith 'shaothrú, fanadh sa bhaile amhail bheadh ar daorshiúl; ach an ainnir chiúin chneasta, is é searchbhirt 'sa gníomhartha, bheith ag obair 's a' gnó ó mhaidean go hoíche. Ag so an rann chéanna ar shlí eile: The wife that would acquire of a good name, should stay at home, as if she were lame; but the maid that is honest, her chiefest delight is still to be doing from morning till night, etc. Dá bhrí sin féach romhat sula bpósfair, óir is fearr aon fhéachain amháin romhat ná dá fhéachain id dhiaidh, agus dá éamais sin an té a phósann fá dhithneas is gnáth leis aithreachas a dhéanamh ar fadaimsir, óir is iomdha trioblóid do thagann ar steall-rás le sálaibh mná ná tuigeann daoine óga, óir ar dtúis ba chóir dóibh díomhaointeas do sheachnadh de bhrí gurb í an díomhaoineas tosnóir agus cothaitheoir na drúise. Tabhair tú féin ar ghnó éigin, óir an feadh bheas t'intinn ar ghnó ar bith ní smaoinfir ar ghrá ná ar mhná, agus ní thiocfaidh mian drúisiúil it aigne; ach má chaithfir t'aimsir go suarach, óinmhidiúil, is amhlaidh a bheir amhail duine a bheadh ag súgradh le beich, nar túisce a mhothóidh sé an cealg ná a bhlaisfidh an mhil. Is fíor ná féadfadh duine tine a bhreith leis 'na bhrollach gan é a dhó, agus ní lú d'fhéadfadh ná do mhairfeadh sé i ngrá, óir is saol é comh tuirseach le hifreann féin, ionas an fear do phósann ceanglann sé é féin le mórán trioblóidí. Dá bpósfá bean shocair, shíochánta, is amhlaidh a bheir amhail fear a dhéanfadh marcachas ar chapall shocair go hifreann; ach dá bpósair bean chrosánta, aimhréidh, is amhlaidh a bheidh an scéal agat amhail fear do dhéanfadh marcaíocht ar chapall ghéarshodrach sa diabhal. Agus insa scéal so ní bhead féin im rannadóir agam féin, ach fágfad fá mholadh droinge é do bhain triail as, agus do fuair amach an fios, agus d'fhulaing na pianta, óir níl aon duine comh maith de bhreitheamh ar ghnótha ban leis an té do chonairc iad agus do fuair a dtrioblóid. Adeirtear gur ceart do dhuine buiséal salainn d'ithe i bhfochair a dhuine muinteartha sula gcuirfeadh aon ní 'na mhuinín, agus dá mbeifeá an fhaid sin ag toghadh duine muinteartha is dearbh nár mhór dhuit dá bhuiséal d'ithe i bhfochair mná sula ndéinir í a thógáil mar chéile chugat; agus muna ndéinir sin, sula mbeidh buiséal ite agat 'na teannta do-ghéabha tú deich gceathrúna buiséil de chathú mar anlann leis. Agus ar gach dram pléisiúir ghéabhair unsa péine, agus ar gach piont meala do-ghéabhair galún domlais, agus ar gach orlach spóirt do-ghéabhair leathshlat crua-ainnise. Insa tosnú taispeánann grá mná go róphléisiúrtha, ach críochnaíonn le díbheirg. Ar an abhar sin an té a chuirfeadh a dhóchas i mnaoi chum seasaimh air, beidh comh mór i ndainséar leis an té a bheadh ar crochadh as duilleoig crainn i ndeireadh an tsamhraidh. Atá difear mhór idir an caise agus an poll duibheagáin, ar a shon ná fuil ach uisce iontu araon. Tóg an ceann is lú de dhá olc. Gidh ea ní deirim leat an bhean is lú do thógáil, óir bíd na mná beaga comh mífhoirtiúnach leis na mná móra, agus ar son go mbíonn a gcabhail nó a gcolna beag is rómhór an croí a bhíonn acu. Atá sé sórtaibh ban ann nár chóir buaint leo, eadhon, maith ná olc, breá ná gránna, bocht ná saibhir. Óir má phósair bean mhaith is urasa dhuit í a lot le bheith ag déanamh mórán di; agus má bhíonn sí go holc caithfir í a choinneáil suas 'na huile drochbhearta, agus beidh sin comh trioblóideach ort le bheith ag tarraint uisce de ghnáth chum tobán gan tón do líonadh. Má bhíonn sí breá ní bhfaighir ní ar bith do dhéanamh ach ag aireachas uirthi de ghnáth; agus má bhíonn sí gránna ní fhéadfair í a fhulang. Má bhíonn sí saibhir ní foláir dhuit foighne a bheith agat léi ins gach pointe, de dhroim a cuid saibhris; agus má bhíonn sí bocht is ort féin do bheidh a coinneáil suas agus a beathú gan chúnamh. Dá mbeadh bean ann do bheadh saibhir i spré, go maith i ndea-ainm, breá 'na cruth, soilbhir 'na cuntanós, 'na cainteoir mhaith, agus go maith chum an tsaoil i ngach slí, ar a shon sin uile bheadh drochbhéas éigin inti do loitfeadh iad go léir; amhail bó do thabharfadh bainne mór agus ansin do dhoirtfeadh é arís le speich; nó mar chuid de na fearaibh, adéarfar: "is breá an fear oibre an fear so nó an fear úd, is maith an dochtúir é, nó is breá an liaigh é", etc., "ach is mór an trua mar tá aon locht amháin ann .i. is mór an meisceoir é", agus is dearbh gur ró-olc an cháil i bhfear sin. Atá sé ráite ná bíonn in aonfhear ach aon locht amháin, agus go mbíonn dá locht ins gach aon mhnaoi, óir ní fhéadfaidís aon ní fónta a dhéanamh ná aon ní fónta a rá. Agus atá ráiteachas eile ann .i. an ní is sia a tugthar agus is daoire a ceannaíthear gurb air is mó a bhíonn meas. Is féidir an ní céanna a rá le mná, agus ar son go cuid díobh ná tugthar i bhfad is fíor gur daor an ceannach iad, is ea comh daor sin adeirim gur mó fear do bhíonn ag mallachtú go cruaidh ar a luach pingine daor. Óir níl de sheasamh i bpléisiúr na mná is breátha ach gealach mheala, is é sin, nó go gcuirfeadh duine a thocht de, agus go mbainfeadh sé toradh a mhianaibh; agus imeoidh an pléisiúr ansin, agus guais agus aithreachas <'n>a chuideachta de ghnáth. Dá bhrí sin chum tú a neartú i gcoinne na nathracha nimhe míne so, tuig nach mór dhuit níos mó ná aon chnaipe amháin do bheith id chasóig chum tú a dhíon ar fhuacht, agus is fearrde do shuífidh long dá ancaire do bheith caite uaithi, agus féach romhat sula léimfir ar eagla do loirgne a bhriseadh. Ach anois ó tá mo thine adhainte b'fhéidir gur chóir dom fagóid eile a dhó. Caithimis uainn seanfhocail is leanaimis den ghnó na bhfuilimid in' fheighil. Dá mbeadh bean go glémhaiseach in éadach, tuig a beith bunoscionn. Dá mbeadh sí díreach, tuig a beith bunoscionn. Dá mbeadh sí díreach, tuig a beith cam. Dá mbeadh sí go maith, dea-dhéanta, tuig ná fuil inti ach suíste. Dá mbeadh sí fada, tuig a beith drochdhéanta. Dá mbeadh sí rua, tuig a beith comh dubh le préachán. Dá mbeadh sí breá, tuig ná fuil inti ach balla bándathach. Dá mbeadh sí taisnáireach, tuig a beith drochmhúinte. Dá mbeadh sí meidhreach, pléisiúrtha, tuig gur móide a dealramh chum a bheith drochbheathach é. Ach dá mbeifeá comh mór sin de amadán go gcaithfeá do shubstaint agus t'aimsir le grá agus le sásamh ban, is amhlaiidh a bheidh tú amhail na hIndians shimplí do chóiríonn iad féin comh maith 'sis acfainn dóibh an tan a bhíd ag dul chum a ndóite. Ach créad is maith dhom do rá? Is mó fear ná tabharfadh a chaisleán féin ar thúr Londain; agus an té a bhí ar fairrge do chonairc sé dainséir; agus is féidir leis an bhfear pósta scéal d'insin ar a thrioblóidí féin; agus an fear nár dódh riamh ní bhíonn eagla roimh thine aige; rachaidh daoine ag imirt díslí ar son go bhfeicid daoine eile ag cailliúint a gcoda; mar an gcéanna pósfaidh cuid de na fearaibh mná, siúd go n-iarrfaidís déirc le cois a chéile. Atá cuid de na mná do théann fána bhfearaibh amhail do rin Dalila le Sampson, agus cuid eile do-ghní, le scollóireacht agus le corr-fhocail, a bhfearaibh do thuirsiú dhá saol amhail do-ghníodh Xantippe le Socrates, agus an tan a bhíodh a bhean ag glámhadh agus ag aithisiú air d'imíodh amach agus ní thagadh go mbíodh an tigh suaimhneasach arís; ach ar son ná déineadh sé idirchasaoid léi ba mhóide a holc é, óir lá n-aon dá ndeachaidh sé amach, ag teitheadh uaithi, do rin sí aireachas air, agus ar imeacht dhó do chaith sí an seomrapota trésan bhfuinneoig sa cheann air. "Ha, ha", ar sé, "ba dhóigh liom tar éis na toirní so gur chóir go dtiocfadh fearthainn". He took it patiently, and wiped his head, saying "rain follows thunder", and that was all he said. Do-ghéabhaimid scríofa i bhforas feasa gur thug eagnach darbh ainm Anninus cuireadh dá bhráthair dá thigh chum dinnéir, agus an tan do rángadar araon chum an tí is amhlaidh a bhí a bhean ag scollóireacht agus ag géarchaint lena seirbhísigh. An tan do chonairc a bhráthair sin ba ró-dhoshásta do bhí, agus do mheas imeacht. Féachas Anninus air agus adúirt: "A Thiarna!", ar sé, "is drochfhoighneach an duine tú; féach mar táimse ag foighneadh léi le fiche blian, agus ní fhéadfása í a fhulang dá uair an chloig". Do shuigh a bhráthair síos ar sin, agus an tan do chonairc an bhean sin do rin, tré ghliocas, an aghaidh dob fhearr do chur ar an scéal, agus do dhíbir an challóid uile le leathangháire. Adeir an t-údar, Dion, gur chuir Marc Antóin d'fhiachaibh ceann Cicero, .i. a dhearbhnamhaid, do thabhairt dá láthair agus é a chur ar an mbord os a chomhair chum go sásódh a chroí agus a shúile ag féachaint air. Agus an tan do rin sin, adúirt é a thógáil uaidh; ach chum go dtaispeánfadh a bhean an dianfhuath do bhí aici féin dhó do thóg an ceann idir a dhá láimh agus do chaith pioslaí in 'éadan, agus do bhrúchtaíl amach mórán drochfhocal agus casacháin 'na choinne, agus tar éis gach ní do tharraing sí amach a theanga agus do tholl í uile le biorán ramhar agus le snáthada, gur shásaimh a drochchroí mórchealgach san ngníomh sin. Ach féach fós mar adeir Baudel i leabhar gach ionadh géarpheannaideach, .i. go raibh bean uasal san Spáinn darbh ainm Violenta, agus an tan a mealladh lena gráthóir í, eadhon Diego a ainm, agus do eitigh í a phósadh, ansin do ghlac sé caradas ó mhnaoi eile. Ach do chuaigh Violenta fé agus tairis comh mór sin lena milisbhriathra gur tharraing oíche chum a tí é chum gach briseadh a bhí eatarthu do shlánú agus do dhéanamh suas le chéile; agus an tan do fuair tar doras isteach é adúirt leis go gcuirfeadh seal codlata i bhfochair a chéile gach casaoid dá raibh 'na croí ar neamhní. Ach ní túisce a thit a chodladh ar Diego ná do tháine an cladhaire mná maraon lena mná coimhdeachta, agus do bhriseadar agus do bhrúdar a chliabh agus a chreatlach. Gidh ea ní rabhadar sásta leis sin, óir do thugadar cúig nó sé de shána dhe sciain ann, agus chum breis sásaimh ar a drochchroí do bhain na súile as a cheann agus do shrac an teanga amach as, agus d'oscail a chliabh agus thóg a chroí amach agus do shrac lena hingne as a chéile é, agus dá éis sin do mhionbhris a chorp, ionas nárbh fhéidir idirdhealú a dhéanamh idir bhall dá bhallaibh seoch a chéile; agus chum críoch ghlan do chur ar a díbheirg do chaith amach tríd an bhfuinneoig 'na bhrúscar beag ar an sráid é. Ba mhór an ionadh le gach taistealach a ghabhadh an tslí an radharc sin d'fheicsin, ach fá dheoidh do smaoineadar orthu féin agus do thugadar chum cuntais an bhean so agus do admhaigh an gníomh dóibh; ach is gearr gur cheap an ceart breithiúnas oiriúnach dá gníomh agus gur cuireadh i bhfeidhm uirthi é, maraon lena mná coimhdeachta, i bhfianaise an Diúic Calabria, .i. mac don Rí, Freidiric. Is dearbh ná fuil aon bhean 'na beatha gan teanga fhada agus fiacal mhiangasach, agus is ró-olc na comharsain i dteannta a chéile iad, óir éadromóidh ceann díobh do phóca, agus coimeádfaidh an ceann eile id dhúiseacht tú. Agus is fíor go ndéinid fearaibh gach uile bheithíoch do mhíniú, ach is dearbh nach féidir teanga mná do dhéanamh mín, agus ar son ná fuil inti ach réad beag agus gur fánach a chítear í, is rómhinic a cluintear í chum trioblóide agus drochaimsire do mhórán fear. Agus ó dhéanfadh srian daingean agus béalbhach géar máistríocht ar chapall stuacach, mar an gcéanna do chaithfear drochbhean do bhainistí. Agus dá gcoiscfidís na mná a dteangtha is minic go gcoiscfeadh na fearaibh a lámha. Agus fá mar ná bíonn dá fheabhas crua-arm faobhair saor gan bheith cumaiscithe le hiarann, mar an gcéanna do na mná; dá fheabhas bean is fíor ná bíonn saor ó lochtaibh: Ní lú 'bhíonn garraí saor ó fhiaile ná 'bhíonn aon bhean saor ó mhianaibh. Do bhí fear ann do bhí lán de chion agus de mheas ar a mhnaoi, agus do bhí cairdeas Críost dhó san tigh ba fhoigse dhó, agus do thug sé fá ndeara go mbíodh an cairdeas ag gabháil laistiar de, gach am a ghéabhadh an chaoi air, agus do cheap 'na mheanmain go mbainfeadh triail as a chairdeas agus as a mhnaoi le cois a chéile. Agus maidean d'áirithe do bhraith sé fonn súgartha ar a mhnaoi do lig air a bheith marbh, agus corraíos agus bogas an bhean suas é agus ní raibh maith ann, óir ní raibh cor ann. Ar sin adúirt sí lena cailín uisce agus min do chur síos agus lite a dhéanamh dá fhéachain an bhféadfadh sí blúire bith d'ithe le haghaidh an mhórchathaithe do bhí i gcochall a croí. Agus ar mbeith don liti bruite do thóg ar scála í, agus adúirt leis an gcailín a cairdeas do ghlaoch isteach, óir ná ligfeadh iomad den chathú dhi greim do bhlaiseadh 'na haonar. Agus ar dteacht don chairdeas d'inis dhó Diarmaid do bheith marbh, agus do thóg an scála 'na bhfianaise go n-ithfidís blúire sula dtógfaidís as an leabaidh é; agus ní ráine léi a fháil ach aon spiún amháin, agus tug sí don chairdeas í, agus adúirt leis an gcailín iasacht spiúine d'fháil di. Agus ar gcaitheamh a sáith dhóibh do chrom sí ar dhíodán ag caoineadh Dhiarmada, dá rá go mba urasa di féin fearaibh maithe d'fháil dá éamais, agus i measc gach ní adúirt sí an méid so: Mo chreach ar lár tú anois, A Dhiarmaid, 'sis olc an sás tú chum mise 'riaradh, is mó fear maith do bhí am iarra, ach b'fhéidir go bhfaighinn ceann maith 'na dhiaidh so. Ar sin adúirt sí an tigh do stuáil ionas go dtógfaidís Diarmaid as an leabaidh agus go bhféadfadh sí féin 'sa cairdeas síneadh chum néal do chodladh sula líonfadh an tigh isteach. Agus ní raibh ann ach bothán cúng, agus spiara beag slata 'na lár, agus adúirt an cairdeas nárbh fholáir an spiara do thógáil ionas go mbeadh slí aige daoine ag an dtórramh, agus gabhas ag stathadh an spiara as an dtalamh. Is ansin do mhúscail Diarmaid agus adúirt: A bhean úd thall na bhfuil na fir at iarra, is na bhfuil an cathú mór 'na ndiaidh ort, má ithis an lite, cuir abhaile an t-iasacht, 'sa chairdeas Críost ná bris mo spiara. Mar is gnáth le lucht cúraim éirí moch, do bhí fear ann agus d'éiríodh sé gach maidean i dtráth timpeall a chúraim, agus do bhí comharsa mhaith aige do thagadh in' ionad go minic ag dul hob ar muin daid ar a mhnaoi. Agus lá n-aon dár fhill an fear isteach níos túisce ná mar a mheasadar, d'imigh an stócach trésan bhfuinneoig agus dhearmhaid sé a bhríste ar chois na leapa, agus do chuaigh an fear sa tseomra níos túisce ná mar a fhéad an bhean an bríste d'fholach. Tug seisean súil air agus ba ionadh mhór leis créad a thug ann é, óir ní raibh drochamhras aige uirthi, ach san am chéanna bhí 'fhios aige nach leis féin é, agus do lig an bhean uirthi a bheith 'na codladh. Buaileas sé síos agus suas ar fuaid an tí agus gan de ghnáthrá 'na bhéal ach: "bríste, bríste, cér leis an bríste?" Ar sin do ghluais amach agus ins gach áit na ngabhadh ní thagadh aon fhriotal as a bhéal ach: "bríste, bríste, cér leis an bríste?" Is ansin d'aithin a bhean go raibh sí i dteannta, agus do chuir fios ar a máthair do bhí cúpla míle uaithi, agus d'inis an scéal uile dhi. "Abhoch!", do rá an mháthair, "muna bhfuil de chás ort ach sin fág fúmsa é; cuirfeadsa cuireadh dinnéir chugaibh araon amáireach, agus faighse bríste déanta agus cuir ort laistigh ded chóta é, agus fág fúmsa an chuid eile". Ar sin gluaiseas an chailleach chum baile, agus ní túisce do riocht sí ann ná do chuir teachta go nuig a cliamhain le cuireadh dhinnéir dó féin agus dá mhnaoi amáireach, agus cé ba dheacair leis dul ann mar bhí intinn buartha, do bhain a bhean é chuige. Gluaisid ar sin, agus ar mbeith don dinnéar ar clár níorbh fhéidir aon scian d'fháil do ghearrfadh greim dóibh, óir do chuir an chailleach iad uile i bhfolach, gonadh ar sin adúirt sí: "níl gnó mar so againn ag féachaint ar a chéile"; agus tógas suas a cóta, agus cuireas lámh i bpóca an bhríste a bhí uirthi agus tarraingeas ráiséad do sciain ghlan, ghéar amach, agus do riar iad uile. Gabhas an fear ag machnamh ag an ngnó sin, go ndúirt an chailleach: "is dóigh gurb ionadh leat bríste a bheith ormsa, agus ar mo gheall go bhfuil ceann acu ar do mhnaoise, óir bíd siad orainn uile an aimsir fhuar so". Agus ar sin ba fhéigean don mhnaoi a cóta a thógáil suas go bhfeacaidh a fear an bríste céanna a bhí ag déanamh mearathail dhó uirthi. Do shuigh a chroí ar sin, agus do chaith a chuid go pléisiúrtha, súgach, óir bhí aigne sásta. Do ghnáthaíodh veidhleadóir ag scríobadh a théadaibh i dtigh ósta i mbaile mór lámh le muir, agus do bhí bean ghleoite, dheas, thanachraicinn, ghlanéadaigh aige, agus do bheireadh leis í de ghnáth ins gach ball na mbíodh sé ag seinm, óir ba mhór a mheas ar a hionracas, ar a geanmnaíocht, agus ar a discréid. Ach lá n-aon dá raibh sé agus comhthionól mór 'na thimpeall tháine captaein loinge i dtír, gur casadh é san teach ósta so, agus tháine uisce fán' fhiacla ar bhfeicsin na mná dhó, agus d'fhiafraigh an bhfaigheadh í ar airgead chum dreas lánúnachais. Adúirt an veidhleadóir ná tabharfadh sí a toil d'aon fhear beo faid a mhairfeadh sé féin. Aduáirt an captaein go gcuirfeadh sé a long mar gheall leis i gcoinne a veidhlín go bhfaigheadh sé a toil fá cheann dá uaire ach í a fháil in uaigneas, agus do dhaingnigh an veidhleadóir an geall ris. Ar sin tógas an captaein leis í ar leabaidh a bhí i seomra cois a láimhe, agus gabhas dá láimhseáil go ródhiafrach. Téid an veidhleadóir go nuig an ndoras agus buaileas a shúil ar pholl an ghlais dá bhfeitheamh, agus an tan ba ghéar leis a bhí an captaein ag dul uirthi adúirt sé mar so, óir dob fhear gallda é: Hold out sweetheart, hold out, hold out but these two hours; if thou hold out, there is no doubt, but the ship and all is ours. Adúirt an bhean: Alas! sweet Robin dear I can't, he has me by the middle, oh! poor Robin, thou art undone, for thou hast lost thy fiddle. Ag so mar a chuirimse constráil air: Coinnibh suas, a ghrá, cooinnibh suas, coinnibh suas dá uair nó tuilleadh; má sheasair an babht ní bhfuil aon dabht, ná gur linn an long is uile. Adúirt an bhean: Faraoir, a Riobaird, ní fhéadaim sin, atá greim aige ar mo leidhbín; ó, a Riobaird bhoicht, ataoi caillte choíche, óir chaillis do veidhlín. Do bhí táilliúir agus a bhean lá ag gabháil an ród, agus le cion agus le mórghrá dá chéile adúirt an bhean ná raibh fear san mbith dá dtabharfadh sí féin a croí ná a toil ach dósan amháin; agus mar chomhlíonadh 'na choinne sin, adúirt an táilliúir dá dtógfadh fear san domhan í tar a thoil go ndéanfadh díoltas follas, forlíonta air. Agus do bhádar ar an imagallamh grách sin go mba samhalta le gandal agus le gé tar éis éirí ó ghor iad, ag dul i mbéal a chéile agus ag siosmarnaigh, go ráine réice uasal ar muin eich san tslí 'na ndiaidh, agus tug fá ndeara iad, agus ar dteacht suas leo dhó, adúirt leis an dtáilliúir go mba mhaith leis cluiche d'imirt leis an mnaoi sin. Adúirt an táilliúir ná fulaingfeadh féin sin ó aon fhear. Ar sin tuirlingeas an réice agus adúirt leis an dtáilliúir a chapall a choimeád, agus a chóta mór do leathadh fána chosa chum ná tógfadh na cruite meirg. Agus d'ainneoin gach braigeála dá rin an táilliúir ba fhéigean dó sin do dhéanamh; agus le cráiteacht croí gabhas a shiosúr chuige, agus do ghearr an chasóg mhór timpeall chosa an chapaill ionas go rachaidís go talamh. Agus ar mbeith sáthach don réice do chuaigh ar muin a eich agus d'imigh. Is ansin adúirt an táilliúir: "do mheas an cladhaire úd go gcoimeádfainnse cosa a chapaill ón dtalamh, ach do bhíossa suas leis, óir ghearras an chasóg agus ligeas ar an dtalamh iad mar dhíoltas". Adúirt an bhean: "ní rabhassa féin i ndiaidh lámha im chuid féin den díoltas, óir ba fhéigean dó an cuilithe an stáca a bhualadh le hais an brusa". Is dearbh ar an scéal so gur deacair dóchas do chur i ndílseacht mná, óir bíd uile macánta an feadh ná faighid an chaoi, agus féach cad dúirt Hélen le Paris an tan ba mhall léi a bhí sé ag cur chum í a bhreith leis, agus so mar a chonarcsa in Ovid's Epistles é: Let me not live, but everything conspires to join our love, and yet my fear retires. You court with words, where you should force employ, a rape is requisite to shame-freed joy. Indulgent to the wrongs which we receive, our sex can suffer what we dare not give. Do-ghéabhaimid scríofa i Leabhar Gabhála gurbh é Párthalón ón nGréig an chéad fhear do ghaibh Éire chum áitribh inti tar éis Díle. Agus is uime a tháine sé ann, ar marú athar dhó as feirg, i gcúis éigin nach fuaras amach, do smaoin go dtitfeadh díbheirg Dé air in éiric an ghnímh sin, agus táine sé féin agus a bhean agus beagán eile buíne maille ris go hÉirinn, i ndóigh ná faigheadh Dia amach é an fhaid sin óna thír féin, agus i mball comh fásúil, comh huaigneach. Agus ar mbeith tréimhse dhó ann do bhraith go mbíodh a ghiolla ag marcaíocht a mhná gach uair a ghéabhadh faill ná amas uirthi, agus d'fhiafraigh sé dhi tráth cad fáth dhi an gníomh sin do dhéanamh. "A Phárthalóin", ar sí, "an bhfeaca tú feoil lámh le cat, nó mil lámh le leanbh, nó bia lámh le flaith, nó airm lámh le saor, nó fear agus bean in uaigneas gan iad do chuimeasc re chéile?" Gabhas Párthalón fearg de haithle an leithscéil sin agus do bhuail buille dhen tslait do bhí 'na dhóid ar choin mhacnasaigh a bhí maille ris, gur mharbh í, agus do chaith san log do bhí i bhfoigse dhó í, gur Loch Saméir is ainm don loch ó shin, óir ba Saiméar ainm na con. Adeir an scéal darb ainm an "Curious Impertinence" go raibh dís fhear, .i. Ansylmo agus Lathoria a n-ainmna, i gcumann agus i gcomhchion comh mór sin ná déanfadh aon díobh gnó ar bith dá laghad gan cead agus comhairle an fhir eile. Agus do bhádar amhlaidh sin atha fada, i gcomhtharraint ceana agus comhpháirte, ionas go ndúirt Ansylmo le Lathoria lá: "atá bean dá foláireamh dom atá lántsaibhir agus i ndealramh mhaith cruith agus scéimhe, agus is doiligh liom í a thógbhan ar eagla go gcuirfeadh sí amú mé ó bheith gach tráth id chuideachtain agus id chomhpháirtse". Adúirt Lathoria gur chóir dó an bhean do ghlacadh agus gur mhithid dhó pósadh agus sliocht do ghabháil mar gach fear, agus go mbeadh sé féin dá réir mar do bhí roimhe sin; agus ar sin do shnaidhmigh a mhargadh agus chuir a mhuineál fá gheoca Hímen. Agus ní mó ná seachtain do bhí ag caitheamh an tsóláis i dteannta a mhná an tan a smaoin sé 'na mheanmain go raibh maíomh mór ag gach n-aon air ar son rófheabhas na mná sin, agus nárbh fheas dó an raibh sí comh maith is a dúradar, agus chum a aigne a dhéanamh socair nár mhór dhó triail a bhaint aisti. Agus do ghluais go nuig Lathoria agus adúirt ris: "rachadsa as baile amáireach agus chum ná beadh mo bhean 'na haonar tairse 'na cuideachtain, agus labhair briathra gráthóra léi dá fhéachaint an ngéillfeadh duit, agus tabhair scéala domhsa conas a bheidh sin". Adúirt Lathoria ris go mba éagóir dhó drochthuairim a thabhairt di, ná tímtáisiún do chur ar an bhfoirtiún ag a raibh 'na sheilbh, agus ná rachadh féin ann. Gidh ea níor ghaibh an fear eile sin uaidh, agus gluaiseas chum baile ar sin agus d'innis dá mhnaoi go raibh sé de éigean air féin a cuideachta d'fhágáil amáireach, agus go dtiocfadh a dhuine muinteartha go nuig ise mar chuideachtain. Agus is amhlaidh sin do bhí, ach ón dtráth do tháine Lathoria 'na seomra níor thóg a cheann agus níor fhéach 'na gnúis ar feadh an lae sin, ach iad 'na suí ar gach taobh den bhord gan focal do rá re chéile. Agus d'imigh Lathoria abhaile ar sin agus táine Ansylmo dá fhios créad ba scéal aige. "Atá", ar sé, "gurb í bean is ionraicí, mhacánta ag siúl an talún í, óir dá mhéid a fuaireas dá dua ba ghnó gan tairbhe é". Adúirt Ansylmo leis triail laoi eile a bhaint aisti, agus do rin ar an slí gcéanna. Ach do bhí Ansylmo i bhfolach i bhfoigse cloistin dóibh, agus ó nár labhradar re chéile do bhí lánfheargach le Lathoria, agus adúirt gur dá mhealladh do bhí sé, agus muna mbainfeadh triail mhaith amáireach aisti go mbeadh a gcaradas briste choíche, agus gluaiseas abhaile ar sin. Agus ar mbeith dhó féin agus dá mhnaoi ar a leabaidh adúirt sí ris: "is mór an fáth náire dhuit bheith ag imeacht uaim gach aon lá agus am fhágáil i gcontúirt mo chreidiúna do bhriseadh i gcuideachtain stróinse ar bith, agus rachadsa abhaile go mbeidh do thuras tí réidh díotsa". "Ná dein", ar sé, "óir ní rachadsa amach ach amáireach, agus créad is baol duit?" Is ar sin d'imigh ar maidin agus tháine Lathoria, agus ar mbeith dhó 'na shuí os a coinne anonn gabhas dá géaramharc, ionas nach daingne do chuir Cú Chulainn an ga Bolga i bhFeardia ná do chuir Cupid a shaighead tréna chroí, go mba gonta dá grá é dá haithle. Agus an tan a bhraith an bhean dá síoramharc é d'fhéachadh sí air go fáthúil anois agus arís, go rabhadar araon ionann gan fuireach, ionas gur labhradar araon i dtoil re chéile agus gurbh é críoch an scéil eatarthu gur chuir sé a ghrá in achrann inti comh fada is dob fhéidir le fear é a chur i mnaoi, agus do chaitheadar an lá sin i dteannta a chéile gan fuath, gan doicheall, agus ansin d'imigh. Agus go moch ar maidin táine Ansylmo dá ionsaí agus d'fhiafraigh de cad ba scéal aige. "Atá," ar sé, "go ndeachas comh fada uirthi is b'fhéidir lem dhícheall dul, agus gur thriaileas go ceart í, agus ná bí i ndabht níos mó 'na taobh, óir is í an bhean chneasta, dhíleas, chiallmhar, dhiscréideach í". "Is leor sin" dó rá Ansylmo, "agus ná bí id stróinse gan teacht chugainn gach lá". Agus ba mhaith le Lathoria an cuireadh sin d'fháil, agus do théadh ann go laoithiúil, agus do ba urasa dhó féin agus don mhnaoi caoi d'fháil ar a ngnó féin do chur chum cinn, óir d'fhágadh an briollán eile i dteannta a chéile iad go minic chum í a thriail dhó. Do bhádar mar sin atha fada, gur liosta dhom le scríobh gach ní do thit eatarthu, ach fá dheoidh do rinneadar comhairle eatarthu féin chum imithe le chéile. Agus lá n-aon dá raibh Ansylmo as baile do chruinnibh an bhean gach ór agus airgead agus ionnús eile do fuair sí soghluaiste san teach, agus d'éalaigh sí féin agus Lathoria, agus do rug sí a cailín léi, go nár fhág aon san chuid den tigh na ngnáthaíodh do neosadh a turas, ach na doirse fá ghlasaibh daingne. Ar dteacht do Ansylmo ar maidin do bhuail ag an ndoras mar fá bhéas leis, agus níor fríth freagra dhó ann. Téid as sin gus an gcistin ar lorg an chailín, agus ó ná fuair í buaileas a dhóide um a chéile go gcualaidh a chomharsain agus tuilleadh dá mhuintir a bhí 'na gcodladh in iargúil an tí é, agus brisid na doirse a bhí fá ghlas, go bhfuaireadar gach ní imithe mar a dúrt. Ar sin gluaiseas i ndáil Lathoria go n-inseadh a scéal trua sin dhó, agus ní bhfuair dá thuairisc ach gur fhág sé an baile um thráthnóna roimhe sin agus nárbh fheas cár ghaibh. Ansin ar gclos an scéil ar gach taobh adúradar uile gurb éaló le chéile a rinneadar. Is ainsin do ghluais Ansylmo, gan suim i mbia ná i ndigh, ar a lorg gur thit i lionn dubh arna smaoineamh dhó gurb é féin fá ndeara gach díth dár thit amach, agus d'éag i lúib an róid fá cheann seachtaine. Dála Lathoria, ar gclos dó gur éag a dhuine muinteartha, agus ar dtabhairt fá ndeara gach éagóir do rin sé air, do chroch é féin, agus d'imigh an bhean le baois agus do fuair bás go hathghearr 'na dhiaidh san. Do bhí fear ann tráth darbh ainm Mac Queen, agus insa mBreatain d'fhosclónaíodh sé, agus do bhí bean charthanach, lánchoinsiasach, dheas, gheanmnaí aige, fá chion mhór, agus ba hé a n-úid agus a n-obair bheith ag déanamh pictiúirí le haghaidh a reictithe agus mar chuid mhairiúna, ionas go ngnáthaíodh a dtigh lán de fhearaibh agus de dhaoine ag féachain agus ag ceannach na bpictiúirí sin. Agus lá n-aon do bhraith an fear aon óglaoch amháin ag déanamh tnaoi agus taithí dhen tigh, i leith bheith ag ceannach cuid de na foirmibh nua ad-chíodh ann gach laoi. Ach do bhraith Mac Queen lá gur mó a bhí aire ar an mnaoi ná ar na pictiúirí uile, agus do bhraith mar an gcéanna go raibh an bhean leathslí 'na choinne, agus do cheap dhó féin go mbainfeadh triail aisti, agus adúirt sé léi lá, os comhair an stróinse, go raibh d'fhéigean air féin an baile d'fhágbhan an lá sin agus gan teacht go ceann dá lá, "agus déinse an gnó a chur ar aghaidh go maith", ar sé. Is ansin do ghluais chum siúil agus ní dheachaidh tar an lána ba ghiorra dhó san tsráid, agus do chuaigh go teach ósta ag ligean an lae thairis agus d'fhan ann seal den oíche, agus gluaiseas ansin i ndáil a thí féin. Agus cé bhí mórán gan dul chum codlata san tráth sin do bhí an doras daingean go lom, agus ba fhéigean dó a bhualadh go minic sula bhfuair a oscailt, óir ar mbrath don mhnaoi gurb é a bhí ann do rin sí moill ag cur an stócaigh i bhfolach, agus ansin d'oscail sí dhó agus d'fhiafraigh de cad a chas comh hobann sin é. Adúirt sé go raibh teachtaire san tslí 'na choinne dá rá ris fuireach go ceann seachtaine eile, "agus las solas dom", ar sé. "Créad an solas is gá dhuit anois?", ar sí, "ach tair a chodladh". "Is maith liom solas chuige sin féin", ar sé, agus ba fhéigean di an choinneal do lasadh. Agus d'fhéach gach ní san tslí roimhe go ndeachaidh san tseomra na raibh na pictiúirí, agus do chonairc fear leabhair, lomnochta 'na sheasamh go dlúth, agus a dhrom leis an bhfalla, idir dhá phictiúir mhóra eile, agus do aithin go maith é. "Créad an pictiúir so a chím anso?", ar sé. "Atá," ar sí, "captaein loinge do labhair liom chum ceann a dhéanamh dhó chum a chur ar thosach a loinge, ag cur sceoin isna piasta, agus mar a sháraigh sé mé chum é a fháil déanta do shíleas ná tiocfása chum baile comh hachomair, agus rinneas é sin inniu, agus mar is gearr ó oibríos é do bhí sé taisúr, agus chuireas ansin ar tiormú é". "Is maith sin", ar sé, "agus atá a bhallaibh le chéile i bhfoirm mhaith, ach go bhfuil a ghléas réad beag rófhada, agus tabhair chugam an deimheas go mbearra mé é". "Ná bac dó go mbeidh solas an lae agat", ar sí. "Is leor liom a dhéanamh anois" ar sé. Is ansin gabhas an pictiúir ag sileadh braonaibh múin le heagla, go ndúirt an fear: "ba samhalta le bheith 'na bheatha é", ar sé, "agus créad an t-uisce sin ag rith uaidh?" "Atá," ar sí, "braon uisce do chuireas 'na bholg do bheadh aige dá shileadh chum gur móide d'fhéachfadh sé i ndealramh bheith 'na bheathaidh é". "Éirigh agus tabhair leat an deimheas go slachtaínn é", ar sé, "óir is trua aon fhabht do bheith i bpictiúir comh breá leis". Do ghluais sí ar sin agus do bhí i bhfad gan teacht, agus adúirt ná fuair sí é. "Atá sé sa chupúrd", ar sé, "agus luathaigh chugam é, óir ní rachad ar leabaidh go slachtaíod lem láimh féin é". Do ghluais sí arís, agus fá dheoidh tháine sí in 'éamais. Gabhas fearg an fear agus do rith féin go ditheansach dá iarraidh. Ní túisce sin ná do phreab an pictiúir chum an dorais, agus go fábharach dhó, do ráine sé gan daingean air, agus do rith tríd an sráid agus Mac Queen 'na dhiaidh gur iompaigh sé i lána cúng, caol, agus le dorchadas na hoíche níor shamhlaigh sé cá raibh sé ag gabháil go ndeachaidh isteach i dtigh beag na mbíodh daoine dá n-éadromú féin ann, agus de dhroim a mhórdhithnis do bhris an stól faoi gur sloigeadh go hascla é, gurb ann do fuaireadh ar maidin é i ndeireadh n anma. A léitheoir, is dóigh nach beag dom ar inis mé den sórt so scéalta gráthóirí dhuit. Ach adeirim riot gan aon scéal discréideach do chur i gcluais do mhná, dá mhéid do chion uirthi, óir dá mhéid adéarfair léi gan é a insint is móide a bheidh a bolg ag ardú é chum go nochtfaidh a haigne uile dá cairdeas Críost, agus dá dtugthá chum teastais í dá chionn, ansin glacfaidh sí olc agus adéarfaidh sí: "ní bean tí comh héadrom sin im theangain mise, ní hionann agus mar do bhíd mná eile na mbíonn a scéal discréideach ar bharr a ngoib acu noch do scinneann amach an tan do osclaid a mbéal, agus dá bhrí sin ní miste dhuit gach scéal is mian leat d'insint domhsa, óir ní rabhas riamh ciontach i mbarr-thuisle im theangain." Agus ní hé sin, ach ní bheidh cás uirthi dearbhú go solamanta go satalfaidh fána cois air, nó é a chur fé chloich in áit ná héireoidh go brách. Ach ar a shon sin uile ná creid í, óir níl aon bhean gan cairdeas éigin fá leith is mó a cion uirthi ná an chuid eile, agus is mó na ligfidh sí a rún léi, agus is dearbh go rithfidh chuici sin le gach burdún beag dá bhfaighidh. An fear do phósann bean bhreá is fíor go gcuireann é féin i mórán contúirtí, agus iad sin uile ag iarraidh í a choinneáil i stát dhiscréideach. Ach más drochnádúr í déin gach ní is féidir leat; bris do chroí agus lúb do staidéar comh fada is d'fhéadfair, agus tar éis gach ní ní bheidh tairbhe ar bith id ghnó. Lig di imeacht 'na haonar gach am den oíche agus ní baol go dteagmhóidh aon ní léi is measa ná í féin, ach amháin muna mbuailfeadh an diabhal féin uimpi. Dá bhrí sin ag so mé ag tabhairt comhairle arís duit chum mná dothoghadh. Ar dtúis ba chóir duit aire mhaith do thabhairt dá béasa agus dá gníomhartha sula dtugair barr do láimhe 'na glaic le crothadh, ná margadh chum pósta do bhualadh suas léi. Féach mar an gcéanna agus tabhair fá ndeara a muintear agus conas a phlandáil sí, agus bíodh na sean-fhocail so id mheabhair de ghnáth, .i. nach féidir le drochéan a bhreith ach drochogh; gach cat d'réir dhúchais; conas a bheadh an t-úll ach mar an abhall; mar an sean-choileach do ghlaonn an coileach óg, etc. Is mór an ionadh clanna do fheicsin ag siúl ach casán a muintire. Agus an té do rachadh ar aonach chum capaill do cheannach ní foláir go bhfaighidh coinníoll le hé a bheith slán, folláin, gan aon lochtaibh foilíosacha, agus an uile chomhartha dea-chapaill do bheith air; ach cheana, d'ainneoin a dhíchill, dob fhéidir é a bheith meallta 'na mhargadh. Ach tabhair fá ndeara dá n-iompódh sé amach go holc, gur féidir leis é a dhíol ar an aonach is giorra dhó. Ach dá meallfaí i dtoghadh mná tú do-ghníthear mórán, ní bhfaighir í a dhíol ar aonach, óir caithfir seasamh chum t'fhocail mar do gheallais i láthair an tsagairt agus mórán daoine eile: gabháil léi 'na maith is 'na holc. Agus dá éamais sin, dá mba mhian leat scarúint léi do theip sin ort, dá bhrí go gceangalfaidh sí dhíot comh dlúth is a dhéanfadh iallait trí ghiorta de chapall bhocht; agus má bhíonn sí go holc, beir de ghnáth i ngéarpheannaid aici. Ach anois dá mba mhian leat a fhiafraí dhíom conas ba mhaith dhuit bean do thoghadh, adeirimse leat go bhfuil an chruinne cheathardha agat chum do rogha a thógáil, agus tar éise sin dob fhéidir tú a mhealladh, ach ar a shon sin féach ar an gcomhairle do thug an seanduine dá mhac ar an modh so: Comhairle, a mhic, glac má thaoir i gcéill, má phósair aimid, mallacht Íosa id dhéidh, ná ósta caile 'sciobfadh díot do scéimh, ná bean tar lear na mbeadh a dath 'sa gnaoi mar ghréin. Pós an bhean darb aithin duit í dhe phréimh, nar cóir di bheith go maith 's a teacht ó mhíntreibh réidh; tá comhairle ag teacht ó neamh chum daoine an tsaoil, gur i dtóin na mbeach a bhíonn cealg mhillte a mbéil. d'fhiafraigh mac ciallmhar dá athair agus é aosta conas ba mhaith dhó bean do thoghadh. Adúirt an t-athair ris: "san áit is mó na bhfeicfir de mhná óga", ar sé, "dún do dhá shúil agus rith ina measc, agus bé díobh do-ghéabhair id líon coimeád í sin". Adúirt an t-ógánach: "dob fhéidir go meallfaí mar sin mé". "Is fíor sin", ar an seanduine, "agus dá mbeadh do dhá shúil oscailte is amhlaidh is dóichí go meallfar tú". Ach éist liom beagán eile agus adeirim leat gurb é am is fearr d'fhear pósadh in aois a cúig fichead, agus tógadh bean in aois a seacht déag, nó mar sin, agus gura seacht fearr leat ainnir ná baintreach, óir is deacair a hintinn d'iompó ó shlitibh a sean-fhir, ach beidh an ainnir óg so-ranna, soghluaiste, bog le lúbadh, ullamh chum gach ní is mian lena fear do dhéanamh, agus ní mar son don bhaintrigh. Más duine saibhir tú pós cois baile, agus muna bhfuil saibhreas agat éirigh i bhfad chum tú féin a dhéanamh níos fearr. Ach sula rachair tar doras cuardaigh agus faigh géarfhaisnéis créad an sórt í, óir do-ghéabhair fios ó lucht na gáinneála conas d'imeoidh an margadh. Agus dá mbeadh gach ní i dtaitneamh dhuit cuir ar aghaidh é go hachomair, óir beidh scéalta ag rith eadraibh, agus is aon in aghaidh dheich nó cuirfid bunoscionn sibh, óir is d'ainneoin an diabhail do rinneadh aon ní fónta riamh. Toghaibh ar dtúis a beith óg, solúbtha amhail slat bhog; den dara feacht a beith 'na treibh mhaith; an tríú feacht a beith dea-ghnóthach, ciallmhar; an ceathrú feacht í a chaitheamh éadach oiriúnach dá rangc nó do stát a hathar; agus an cúigiú feacht, foirtiún (nó spré) mhaith do bheith aici. Agus dá bhfaighir an sórt so do cheapaimse dhuit, is fíor gan agó go mairfidh tú go sámh agus go mbeir ar do shuaimhneas. Ach ó tá idirdhealú idir an maith agus an t-olc i ngach slí, mar an gcéanna do na fearaibh agus do na mnáibh. Atá idirdhealú mór 'na mbeartaibh agus 'na ngníomharthaibh, agus dá dtitfeadh amach de chionn cinniúna go bhfaighfeá bean mhaith, smaoin ar an sean-fhocal adeir Seldom comes a better. Agus ní bhfuil aon fhear níos boichte ná an fear na mbeadh mórán ban 'na chúram air. Is féidir le fear cion do bheith ar a mhnaoi agus gan é a insint di. Is féidir leis grá a dhaothain do bheith dhi agus ga í a bhreith ar a mhuin leis. Agus is féidir le fear cion mór do bheith ar a thigh agus gan a dhá chois do leathadh ar a bhuaic le greann air. Bíodh grá agat dod mhnaoi agus labhair go breá léi, siúd gur ag bladar do bheifeá san am chéanna, óir is ait le mná labhairt go breá leo ar ghairm dathúlacht, agus a bheith 'na máistreásaí ar mhórán seirbhíseach agus daoine, agus mairiúint gan bhuairt, óir déanfaidh briathra soilbhre bean do shásamh comh mór le haon ní eile san mbith. Agus is é céad achainí ba cheart d'fhear do iarraidh, .i. grásta Dé, ansin beatha shocair, shuaimhneasach, bean mhacánta, ómósach, creidiúint mhaith, duine muinteartha in am an ghátair, agus cad é an réad eile ba uras dó a iarraidh. Adeir naomh Pól gur maith an ní pósadh, ach gur fearr gan pósadh; gidh ea adeir sé arís gur fearr pósadh ná dó i dtine na drúise. d'fhiafraigh fear de ghiolla shúgach, éadrom créad an fáth ná pósfadh sé. "Is fíor", ar sé, "go rabhas insa bhedlam cúig nó sé de uairibh; gidh ea ní rabhas ar buile comh mór sin riamh is go bpósfainn". Ach adeirim 'na choinne sin gur dóigh liom ná fuil aon phléisiúr saolta comh mór le pósadh; gidh ea is ar an gcoinníoll so é: ní foláir dóibh a bheith i ngar comhaoise agus comhionann i rangc agus i ndea-bhearta. Ansin beidh foirtiún agus mífhoirtiún comhfháilteach acu. Beidh gach cúram agus pléisiúr comhionann dóibh, agus is mar a chéile gach ní eatarthu. Beidh cion agus meas ag a fear ar an mnaoi, agus má bhíonn sé saibhir tabharfaidh a uile shaibhreas fána láimh agus fána tearmainn, agus má bhíonn sé daibhir agus i dtrioblóid ní bheidh air ach a leath, óir tógfaidh a bhean an leath eile uirthi féin, agus glacfaidh an uile thrioblóid chum pléisiúr do chur air comh mór is d'fhéadfaidh. Má fhanann sé sa bhaile fanfaidh sí maraon leis ag coimeád cuideachtan dó; agus dá rachadh amach nó as baile beidh sí ullamh chum dul leis; agus muna mbeidh sé do láthair is fada léi uaithi a chuideachta; agus an tan thagas sé chum baile glacfaidh le lánghairdeachas agus le lúcháir é, 'na féachaint agus 'na cuntanós. Is iomdha pléisiúr agus taitneamh do bhíonn sa tsórt sin pósta, óir beid a gclann, an tan a bheid óg, ag súgradh agus ag meidhirghníomhadh agus ag gáire, ionas go gcorróid a muintir chum pléisiúir agus gealgháirí. Agus ansin an tan a thigid chum a bheith níos aosta, agus rachaidh a muintear chum aoise agus angair, cuirfidh a gclann an uile chompord orthu agus gach sólás d'fhéadfaid; agus ar n-éagadh dhá muintear tabharfaidh an chlann go hoiriúnach agus go galánta gus an bhfeart iad, le déara 'na súile agus le croí tuirseach, go n-adhlacfaid ar an modh sin iad. Ach ar an dtaobh eile smaoin, an tan a phóstar bean chríonchas gan fiacla le garsún óg gan féasóg, nach féidir a bheith de ghrá acu dá chéile ach mar do bheadh ag firéad agus aige coinín, nó aige gráinneoig agus aige athair nimhe, óir beid de ghnáth ag aoradh agus ag aithisiú a chéile, agus mairfid de ghnáth i mórán trioblóide agus buairimh. Is féidir an ní céanna a rá leis an muintir do-ghní margadh pósta dá gclainn agus do dhíolann an spré, agus gan an cúpla óg i láthair, ná fios acu ar an scéal nó go gcurthar d'fhiachaibh orthu a lámha a thabhairt dá chéile i gcoinne a dtoile, ar eagla díbheirge agus easnóra a muintire do tharraint orthu, agus is rómhinic do gheallaid lena dteangtha agus do eitíd lena gcroíthe. Ná toghaibh bean róbhreá ná róghránna ná róshaibhir, óir má bhíonn sí breá beidh gach n-aon do chífidh í ag breith uirthi, agus má bhíonn sí gránna ní bheidh aon mhian dá grá agat, agus má bhíonn sí saibhir beidh sí 'na máistreás bharbéiseach, óir do-ghní saibhreas bean uaibhreach, agus do-ghní breáthacht bean uafar. A léitheoir, is dóigh gur léigh tú go minic ar an mbanríon Eilís, mar do ligeadh uirthi nach raibh aon mhaighdean ba gheanmnaí ná í féin, agus is amhlaidh a bhí sin, ní raibh aon spáinnéar ba mhire agus ba shúgaí eireaball ná í, ionas, lá n-aon dá raibh an tIarla Essex tar éis í a léim go ndúirt sí leis le rómhéid a ceana air: "má bhíonn tú i ngreim ná i mbaol báis le cúis ar bith", ar sí, "tabhair scéala domhsa air agus saorfad tú". Agus ar sin do bhain fáinne álainn óir ina raibh péarla mórluaich ann dá meoir agus tug dhó é, agus adúirt leis é sin do choimeád mar chomhartha grá, agus a chur chuici in am an chomhéigin chum a chur ar gcuimhne dhi an gheallúint do thug sí. Ach is gnáth dá airde agus dá shaibhre feoil do-ghéabhadh duine uasal go mbíonn caitheamh i ndiaidh miangais agus sóinseála aige, agus dá dheimhniú sin tug an t-iarla searc agus róghrá do mhnaoi uasail eile, óir ba bhreátha í ná an bhanríon. Agus do bhí sé féin agus an bhean uasal ag fáil suilt agus pléisiúir 'na chéile seal aimsire, gur ghlac an bhanríon ionadh agus uaigneas créad an fáth ná tagadh sé 'na dáil mar fá ghnáth leis. Agus d'fhiafraigh sí lá cá raibh sé, óir ba dhuine dá príomhchomhairligh é, agus ar bhfáil feasa cá raibh níor lig aon ní uirthi, ach do bhí ag faire air i ngach slí, amhail a bheadh cat ar luich, nó go bhfuair cúis éigin shuarach in aghaidh. Agus tug sí ordú é a chaitheamh i bpríosún dhubh, dhorcha, ar róbheagán lóin, ionas go n-iompódh a chrann súgartha a cheann chum talún, agus 'na dhiaidh san tug sí fá ndeara dá lucht comhairle breithiúnas báis a thabhairt air. Arna chlos sin don iarla do chuir fios ar a mhnaoi uasail agus tug an fáinne di agus adúirt léi a thabhairt don bhanríon. Do bhí fios príobháide an fháinne ag an mnaoi uasail agus do smaoin gur bhreá an mhaise dhi féin é chum fir eile a mhealladh, agus an tráth gur thréig an t-iarla an bhanríon ná raibh ní ba dhearfa ná go dtréigfeadh í féin, agus do choimeád an fáinne, ionas gur gearradh an ceann ar an mbloc dhen iarla. Ach anois is dóigh gur leor leat ar chuireas síos duit chum tú a chur ar t'aire i gcoinne an dainséir. Agus adeirim riot go dearbh, i dtoghadh mná, gur chóir do dhuine aire mhaith do thabhairt do mhacántacht a muintire, óir is gnáthach an chlann a tógthar go múinte ó nádúr do leanúin cineol a muintire, ní hé ná gur iomdha crann do loitear 'na ghearradh. Mar an gcéanna is iomdha duine ná bíonn aige ach aon iníon amháin, agus tré iomarca a ghrá di sin ná coiscfidh uaithi aon ní do shirfidh, ach aontóidh di gach mian is mian léi agus a beatha do chaitheamh i ndíomhaoineas agus in óinmhideacht, noch tharraingeas í chum mórán drochbhearta 'na dhiaidh san. Agus féach go cruinn ar mar a deir an sean-fhocal, eadhon, gach airthle mar a hoiltear. Ach anois chum ná déarfadh na mná go labharfainn 'na gcoinne féin ins gach pointe, adeirim go grinn, fírinneach gur chóir don athair sula bpósfadh sé a iníon gnótha, gníomhartha, agus dea-bhearta a chleamhna do chuardach agus do chriathairt go maith; óir an té do theangmhós le fear ciallmhar, séibhialta, macánta, is dearbh gur maith an cliamhain é; ach an té do theangmhódh le fear ar a chontráil, is measa do chuireann a iníon ná dá gcuirfeadh cloch fána bráid agus a teilgean i bpoll ná feicfeadh go brách í. Óir má ghní sé sin ní bheidh air ach buairt ghearr, agus ní mar sin dhó le í a thabhairt don drochchliamhain: dá mbeadh céad blian de shaol aige, gach am do chífidh a iníon in angar is dearbh go ndéanfaidh a chathú a athnuachant. Agus chum mo cheana do chruthú do na dea-bhruinneallaibh, ó nach féadfaidís rian mo lámh do léigheadh, éistidís lem briathra, agus féachaidís ar chomhairle an tseanduine dá inín, scríofa óm láimhse: Comhairle charad glacsa a ghéig na lúb, má phósair fear, braith a thréithe ar dtúis, a shnódh, a chreat, a mhaith, a mhéin, 'sa chlú, 'sa ghnótha deasa glac mar chéile chugat. Ná pós fear le gean dá éadach úr, dá bhróga deasa, daite, daora, dubha, dreofaidh an bhalcais, caithfidh an béabhar úr, 'sis lóma laice an spreas 'na n-éamais siúd. Ach anois do ghlaoigh Mercury orm ó Venus agus adúirt liom gur chóra dhom mo bhuíon féin do threorú. Ach chum ná scinnfinn d'aon toisc ó pháirt na ndea-bhan do ghabháil, ar chomhairle an duine bhradaigh, bhréagaigh úd, .i. Mercury, adeirim gur cheart don fhear a thuigsin dhó féin gurb í a bhean an saibhreas is fearr ar talamh aige, agus ná fuil aon ní is fearr do oireann di ná cuideachta shoilbhir, macántacht, agus grá a fir. Dá dtabharfá fá ndeara locht id mhnaoi, ní ceart dhuit titim i bpaisiún róéasca, ach labhair ria i bpríobháid, óir ní ceart dhuit imirt ná súgradh a dhéanamh léi os comhair cuideachtan; dá bhrí an drong do-ghní súgradh lena mná i bpoiblíocht gurb amhlaidh a bhíd ag cur faobhair ar fhiacla gach n-aon do chífeadh iad, agus do-ghní siad an bhean aimhdhíleas. Atá sé riachtanach do gach fear pósta a bheith soilbhir, séibh ialta lena mhnaoi, óir dá dtabharfadh bean dhiscréideach fá ndeara drochiompar 'na fear, ní hé amháin go mbeadh fuath aici dhó dá dhroim, ach ba dhóigh léi gur fearr an tabhairt suas, agus an fhoghlaim, agus an t-iompar do bheadh i bhfearaibh eile ná ann. Ba cheart do gach bean, chum a creidiúna féin do chosnamh, cuideachta gach n-aon do fuair drochainm do sheachnadh. Ba cheart di bheith go ródhiscréideach i ngach cuideachtain chum ná tógfadh aon fhear air í a theanntú ná aghaidh do thabhairt di. Dá bhrí sin dá gcuirfeadh aon fhear stró ar an mnaoi mhacánta labhradh sí ris ar an modh so: "an tan a bhíos im ógbhean do bhíos fá láimh agus fá thearmainn m'athar, ach anois atáim pósta agus atáim chum pléisiúir agus toile m'fhir; den réir sin is leis is fearr dhuit labhairt im thaobh, agus fios d'fháil uaidh créad is ceart dom a dhéanamh". Agus muna mbeadh a fear ann, tugadh sí aire dhi féin de ghnáth comh cruinn is dá mbeadh sé 'na fianaise. Dá mbeadh an fear lasánta, urchóideach, ba cheart don mhnaoi a dícheall do dhéanamh ar é a chur chum suaimhnis le briathra soilbhre, eagnaí; agus dá gcromfadh ar scollóireacht uirthi, ná labhradh focal, óir is é freagra gach bean chiallmhar an ciúineas. Ná nochtadh sí a haigne go mbeidh a phaisiún urchóideach do leataoibh, óir is minic dá gcoimeádfadh na mná a dteangtha go diúltéach, tost, go mbeadh breis suaimhnis acu ná bíonn. Do pósadh lánú luathfheargach le chéile, agus lá dár ghaibh a mbráthair chucu chum dinnéir d'fhiafraigh díobh conas do réitídís le chéile agus iad araon comh neantaí, comh hurchóideach sin. Adúirt an fear: "an tan a bhímse i bhfeirg bíonn foighne agem mhnao liom, agus an tan a bhíonn fearg ar mo mhnaoi éistimse léi, agus sin an tslí", ar sé. An fear do theagmhódh le bean bhanúil, thaisnáireach, dhícheallach chum an tsaoil, ag a mbeadh fios cá huair ba cheart caitheamh agus cá huair ba cheart spáráil, agus an tigh do choinneáil in ordú mhaith, ní ceart don fhear aon ní do bheadh san tigh do shéanadh ná do sheachnadh ar an mnaoi so 'na huireaspaí. Ach dá mbeadh sí 'na bean tí shuarach, éadrom, dhíomhaoin, gan suim 'na tigh, ná 'na fear, ná 'na clainn ná 'na seirbhísigh, ná in aon ní eile san tigh, is ceart de réir oiriúna agus chirt go gcoiscfeadh a fear í, agus go gcoimeádfadh sé srian teann léi gan a ligean di a chuid do lot ná do dhroch-chaitheamh gan tairbhe. Do ritheas ar mo aghaidh atha fada ag tabhairt léirmhíniú agus deimhinchuntas dom léitheoir ar ghnótha agus ar ghníomhartha an dream dána, míchoinníollach, .i. mná, do tharraing, tré ainmhian agus tré dhrochghoile, an ainnise agus an donas orainn ó am ár gcéad athair, .i. Adam. Ach anois ó tá mo bhácús dearg dob fhéidir gur chóir dom arán do chur ann, agus é a thabhairt chum sochair agus tairbhe; agus leanfad anois ar bheagán de bhriathra neamhurchóideacha, gan díth ná díobháil do aon chineál daoine, noch tugadh amach ar pósadh roinnt blianta ó shin agus do ritheann ar an modh so mar leanas: Bean Mhaith, Tabharthas ó Dhia nó Tuairisc Dea-Mhná go Dearbh An té do-gheibh bean mhaith, do-gheibh sé gan dearmad tabharthas ó Dhia. (Prov. xviii,22). Isna focail so Rí Solamh, is féidir linn, a léitheoir, a thabhairt fá ndeara mar do thugann Dia dhúinn na cúig mheoin nó réasúin so: 1. An t-aon neach a moltar: bean. 2. An teist a tugthar uirthi: maith. 3. An tslí chum í a fháil, lena cuardach i mbrí an fhocail, "fachta". 4. An té do thugann uaidh í: Dia. 5. Ainm an tabharthais: comaoine. Ag so ar an gcéad ní úd a dúramair, .i. bean. Dob fhéidir go bhfiafródh duine éigin díom créad é an ní bean, nó gur bean gach baineannach, amhail adeir Solamh. Is fíor, agus is fíor go ndeir an Solamh céanna in ionad eile go mbíonn bean ann do tharraingeas aduas an tigh, is é sin, ní hé amháin go mbíonn sí 'na gnáthdhuais cois taoibh a fir ach truaillíonn an smior 'na chnámha, nó mar do bheadh drochthigh na mbeadh gnáthbhraon ag sileadh ann lá fliuch, ionas gur rogha leis an bhfear teitheadh as agus imeacht tar dorsaibh an dúna amach ná fanúint ag foighneamh agus ag éisteacht leis an ngnáthchardáil searbhbhriathra sin do bhíonn aici gan tuirse gan stad; óir is dearbh gur fearr dhó suí ar bhuaic an tí agus aghaidh i gcoinne na síne, nó dul in uaigneas ar measc na n-éigialltach nó na mbeithíoch fiaine, ná tigh do choimeád i bhfochair an sórt sin mná. Is féidir roinnt freagarthaí do thabhairt ar an scéal so, óir ar dtúis, adeir daoine an feadh do bheidh bean 'na bean, is é sin, an feadh do bheidh sí ionraic, geanmnaí, gan truailliú, ná cuid do bheith d'aon fhear ach dá fear féin, bé ar bith buairt nó cruagáil, agus géarpheannaid eile do bheadh inti, gur chóir gairm mhná do thabhairt di, agus í a áireamh 'na tabharthas. Óir adeirtear gur fearr droch-ghiúistís síochána i mbaile ná a bheith gan aon cheann, agus den réir sin is fearr drochbhean ná bheith gan aon cheann; ach níl so ceart mar a thuigimse. Ach ar dtúis, is bocht agus is lag an teastas ar mhnaoi a rá: "is fearr an sórt sin féin ná a bheith gan aon bhean". "Créad an sórt tairbhe í sin", adeir Ieróm, "nó créad an ainm do ghlaonn tú uirthi?" Is fíor nach ceart an ainm di "beagmhaith", ach is cruinn an ainm di "mórolc". Do bhí fear i bhfochair a dhuine muinteartha ar béile, lá, agus an tan do thaitnigh an billéad do fuair sé ó bhean an tí leis, gabhas dá mholadh os comhair a bhráthar. Féachas a bhráthair air agus do lig leamhgháire, agus adúirt: "níl iontu ach sórt ainmhithe réasúnta nar fearr sa tigh iad ná ainmhithe eile, óir déanfaidh siad do chuid tea agus deiseoid siad do bhalcaisí". "Ní ghlaoimse spré", do rá duine, "ar an ní sin dá ngoirthear spré; agus ní mó ghairmeas sprid Dé bean disi do-ghéabhas an ainm de ghnáth, óir dá mbeadh suaimhneas, suáilceas, geanmnaíocht, agus dea-bhéasa dá díth, is fíor nach bean í i gcuntas Dé, agus ní gan réasún maith é. Óir is dearbh go fíor ná fuil inti ach scáil gan substaint agus gairm bhréagach. Bíonn an ainm uirthi ach ní bhíonn na gníomhartha aici, óir créad an ní bean ach baineannach do thug Dia don fhear chum cúnamh agus compord dhó, óir is amhlaidh adúirt Dia le hÁdam sul do chruthaigh sé Éabha: "tabharfad comhpháirtí dhuit do bheas 'na cúnamh agat", cé gurb amhlaidh is dóigh le mórán ban gur chuige a fuair sé í chum a bheith 'na máistreás air, agus gur fhan sin ar measc a cineáil ó shin i leith. Ach ó ná faighidh athair amadáin aon phléisiúr as, mar an gcéanna an fear do póstar le liobar óinsiúil mná, de réir gach dealraimh is beag an pléisiúr, cúnamh, ná compord do-gheibh sé inti. Ach conas is compord an té nach féidir leis aon chompord do thabhairt uaidh? Nó conas is cabhair an bhean ná tabharfadh aon chabhair uaithi? Agus is dearbh nach mó de chompord agus de shólás bean mhaith, ná de dhólás agus de mhíchompord drochbhean don fhear a ceangaltar léi. Anois ba cheart do na mná féachaint go cruinn orthu féin agus 'fhios do bheith acu an céile ceart iad nó nach ea. "Ach créad an gátar sin?", adéarfaidh bean; "atá 'fhios againn cheana gur pósadh sinn os comhair finnéithe, agus den réir sin is céile agus bean phósta gach n-aon againn". Adeirim go fíor go mb'fhéidir sin do bheith mar sin, agus ar a shon sin uile nach mná iad, bíodh go mbeidís pósta os comhair míle finné, ní hé amháin le sagart den deoiseas, ach ó láimh an easpaig féin, gan óráid ná fáinne do dhearmad; ach d'ainneoin gach ní díobh sin, ní mná iad muna gcomhlíonaid siad bearta agus diúité ban. Ach conas do bheadh 'fhios an mbeadh sí 'na bean cheart nó ná beadh? M'fhreagra ar an gceist sin: léigh na meoin d'fhág naomh Peadair agus naomh Pól chum fios do bheith conas ba chóir bean phósta a bheith, 'na gnótha agus 'na gníomhartha, agus tabhair fá ndeara go maith iad. Léigh arís an tuairisc do scríobh máthair Solamh, mhac Dáth Rí, ar mhnaoi mhaith, agus cuir do ghnótha féin chum cosúlacht leo. Ag sin patrún agus scáthán agat chum tú féin d'fhéachain agus d'fheicsint ó bhun go barr ann. Ach adeirim go deimhin, fírinneach, an fear do-gheábhadh bean mhaith gur coróin í os cionn gach ní; ceansóidh agus cuirfidh chum suaimhnis é 'na fheirg, neartóidh agus ardóidh a mheanmain ins gach dólás, agus tabharfaidh cúnamh agus cabhair dhó i ngach uile angar. De Leisce na mBan bPósta. Is dóigh liom, an feadh ritheas mo mheabhair, go n-áiríd an drong Catoilice Rómhánach an leisce i nuimhir na seacht bpeaca mharbh, agus fágaim an ní sin fá mheas na cléire agus an dream dea-thabhartha suas; ach insa phointe so atáim deimhneach, má bhíonn leisce i mnaoi phósta gur peaca marfa i gcoinne a fir é, óir an tan a chuirfidh fá dhithneas in áit nó le gnó ar bith í, casfaidh a heireaball amhail a dhéanfadh gadhar nimhiúil, leanfaidh dá drochghníomhartha agus suífidh síos go dúr, leisciúil, dána. An tan a beirtear ó nádúr duine san aicíd so is dearbh nach féidir é a bhaint a,s gan préamh de bheith ceangailte i rúta a chroí, ionas go dtaispeánfaidh é féin 'na bhféachaint, 'na ráiteachas, agus 'na n-uile ghníomhartha. Ach is dóigh liom gurb é so fáth an drochnádúir so, .i. an truaill thalmhaí na ndearnadh de iad nár cuireadh a dhaothain aeir agus tine ina mheasc chum misnigh agus anama do chur iontu; ach ó tá insa cholainn spairtiúil anam réasúnta, neartmhar, deachuimhneach, ba cheart do dhuine dícheall a dhéanamh ar é féin do shábháil, nó muna ndéinidh ligfidh an lúmpa gan mhothú dhó titim san bpoll doimhin, agus an feadh a bheidh ar an saol so áireothar 'na dhuine mharbh é. Ar son gur cóir trua a bheith don sórt so daoine, ní hurasa grá a bheith dhóibh. Dá bhrí sin ba chóir do mnaoi gach uile ní agus beart do chomhlíonadh go dícheallach chum an drochbhéis sin do sheachnadh, agus chuige sin ba chóir di gan í féin do thabhairt ar aon ghnó amháin go haonta, ach lámh do bheith ins gach aon ní, óir ardaíonn socracht agus suaimhneas an aicíd. Ba cheart di gnótha móra, duaismheara do dhéanamh, gan do chodladh ach beagán, gan do ithe ach róbheagán, agus mairiúint de ghnáth fán spéir go forleathan. Dob fhéidir go rachadh an chomhairle so i bhfad ar roinnt leighis do dhéanamh, ach ní deirim go ndéanfaidh sé ar fad é. Dá dtabharfaí bean suas go díomhaoin, drochmhaitheasach i dtúis a saoil, an tan a pósfaí í ba cheart di a haigne do shóinseáil, óir ní hiad na gníomhartha a bhí aici roimhe sin do bhíonn súil d'fháil uaithi. Ba cheart di smaoineamh go bhfuil fear aici chum a réir do dhéanamh, buíon agus muintear le riarú, agus tigh le bainistí, agus mórán de ghnótha eile; agus muna mbeidh sí dícheallach, mar a dúrt, is dearbh go mbeidh drochmheas a fir uirthi, mar aon le hachasán a mhuintire, agus tarcaisne gach dea-bhean eile uirthi de ghnáth, agus i ngach ionad na mbeidh sí. Atá mórán daoine (gidh ea ní hiad an chuid is ró-chiallmhaire díobh) do phósann gan suim i dtairbhe an tsaoil, ach le mian forliíonta chum a ndrúise do réiteach. Ach féachaidís, dá bhreáthacht is féidir le gnúis agus le dealramh mná do bheith, go bhfuil sí gan aon ghó go lagmheabhrach, agus créad an duine lenar féidir a mheas go gcuirfí an bhean bhreá so 'na suí, amhail pictiúir i gceann cláir agus muintire, nó mar phoitín China, chum a bheith mar bhréagán ag féachaint uirthi gan sochar gan tairbhe ar bith, ach chum a fir a bheith ag gabháil dá bhriongshúilí uirthi. Créad an grá ná an dea-araí ba cheart don bhean tnúth a bheith óna fear, an tan do iarrfaidh a cabhair chum cúnta a thabhairt dó chum aon ní a dhéanamh do chothódh iad, narb é a freagra gan fuireach: "ní fhéadfainn é a dhéanamh, ní chuige a tugadh suas mé". Agus an tan a déarfaidh sé go lom nach foláir di a dhéanamh, cromfaidh ar ghol go faíoch agus adéarfaidh gur cruaidh an deighleáil do-ghníthear léi féin, agus adeir: "mo chreach ghéar, chráite mar a pósadh riamh mé, agus dá mbeadh a fhios agam gurb é so sórt fir do-ghéabhainn, do ligfinn dhó caile garraí éigin d'fháil do thiocfadh chum bheith 'na cailleach shlaprach, mar a mháthair". Ag so an stuf agus an nádúr do scinnfidh as a béal gach am do labharfaidh. Is róbheag ná fuil sé comh míthaitneamhach an tan a chaithfidh fear a fhocal do rá arís agus arís eile, agus fá dheoidh adéarfaidh sí: "a Dhia, ní chuala tú ar aon chor; créad sin adeir tú?" Agus dá éamais so tabharfaidh míle leithscéal beag, leanbaí ar son a drochtheachtaireachta, agus cuirfidh di ó am go ham an ní is mó a bheadh 'na bhroid uirthi féin agus ar a fear do dhéanamh do láthair. Ó tá an leisce comh holc so de aicíd agus gan fios againn cia an liaigh is fearr chum a leighis, den réir sin ba chóir do gach bean chiallmhar aireachas do thabhairt di féin, agus dícheall do dhéanamh ar an aicíd thógálach so do sheachnadh, ionas ná beadh fá cháin aige Dia agus fá dhrochmheas aige daoine, agus fá ualach comh trom sin nach é amháin do leagfadh ar talamh í, ach do theilgfeadh le héagthroime san bpoll is doimhne in ifreann í. Dá bhrí sin ó inseas an aicíd agus conas ba chóir í a sheachnadh, atá súil agam le beannacht is páirt na ndea-bhruinneall, meas agus buíochas na bhfear pósta, dea-chroí agus gealchomhrá mo chomhbhuíne. Agus i dtaobh na ndrochbhan, is ionann liom a mbeannacht nó a mallacht, bíodh go ndeirtear go bhfaigheann badhb a hachainí; ach san am gcéanna ní dóigh liomsa go bhfuil Dia comh beag sin staidéar agus comh lagmheabhrach sin go dtabharfadh cúnamh ná cabhair do rógaire ar bith, agus dá éamais sin, dá bhfaighidís a nguí ní mar táid siad do bheidís, óir ní theastódh pingin den tsaol uathu. Do léigh mé insa leabhar darb ainm na Tales of William Vade go raibh rí i nDúlochlann dar ba chomhainm Hamlet, agus a bhanríon, Gertrude, agus do bhí deartháir ag an rí darbh ainm Claudius, agus do ghlac an bhanríon cumann agus comhghrá do dheartháir a céile, ionas gur theilgeadar araon le toil a chéile nimh i gcluais an rí, ar mbeith dhó 'na shuan ar meisce, gur éag sé dá haithle; agus adúradar gurb athair nimhe do bhain greim as, ar mbeith dhó traosta ar binse fá fhosadh craobh sa ghairdín, gur chreid gach n-aon iad, gan snas amhrais do bheith orthu, óir do bhí ceann an rí atmhar, lánmhór ón nimh sin, agus fá cheann míosa do pósadh an Claudius sin agus an bhanríon, Gertrude, le chéile, gur ghaibh sé ríocht agus coróin a dhearthár mar ba dhual dhó. Do bhí mac ag an rí, Hamlet, .i. Hamlet óg, agus ar mbeith dhó 'na bhioránach gan aois do thóg a mháthair agus a leath-athair a chúram agus a uile fhoghlaim orthu féin, go teacht in aois dó chum 'fhoirtiúin féin do thriail agus do lorg. Agus do bhíodh, mar is gnáthach, saighdiúirí ar aireachas ar chúirt an rí gach oíche, go raibh dís díobh os comhair an gheata, feacht, ag comhrá re chéile, agus d'fhiafraigh aon díobh den fhear eile conas d'éirigh an oíche leis. "Go maith" do rá an fear, "óir níor chuala luch ag gliosmarnach ná ag rian anocht". Ar sin do chonarcadar an gósta os a gcomhair 'na sheasamh i bhfoirm agus in éadach mar an rí, Hamlet (noch d'éag). Adúirt fear de na saighdiúirí lena chomráda: "is scoláire tú agus labhair ris an ngósta". "Do-dhéan sin", ar sé. "Fan agus labhair, a shamhailt, adeirim leat", ar sé, agus d'imigh an gósta gan freagra a thabhairt air. Is ansin do bhí an dís shaighdiúirí ag déanamh machnaimh agus ionadh mhór agus ag trácht ar an samhailt sin, go ndúirt an fear foghlamtha gur chuimhne leis gur chuala sé a leithéid eile de thitim amach tar éis bháis an impre Caesar, gur oscladar na tuamaí agus gur éiríodar na marbháin 'na n-éadaíbh geala, adhlaicthe, agus gur ghabhadar ag damhsa agus ag léimneach ar fuaid na sráide i gcathair na Rómha, "agus gan dabht is roimhscéal é so ar ní iontach éigin", ar sé. Agus ar rá na bhfocal sin, do thaispeáin an gósta é féin den dara feacht. Ansin adúirt an saighdiúir de ghuth ard, bhorb: "a ghósta, cad tá uait?; an bhféadfainnse aon ní do dhéanamh dhuit?; nó an aon tsaibhreas atá i bhfolach in aon áit atá ag déanamh mearathail duit?" Ar sin do ghlaoigh an coileach agus d'imigh an gósta chum siúil uathu go socair. Is ansin do cheapadar na saighdiúirí eatarthu féin é a bhualadh leis na halbardaí chum go gcaithfeadh sé fanúint acu, ach do scinn sé uathu. Agus adúradar na saighdiúirí gur gnáth le góstaí imeacht ar ghlaoch na gcoileach, "óir", ar siad, "san Aidbheint agus timpeall Nollag bíd na coiligh ag glaoch gach tráth den oíche, ionas gur folláin bheith ag siúl lasmuigh, óir ní bhíonn samhailt ná gósta, síbhrogha ná deamhnóir piseogach in acfainn díthe do dhéanamh le beannaitheacht na huaire sin den bhliain". Tar éis an ghósta dá thaispeánadh féin, mar a dúrt, do bhí an rí, Claudius, agus an bhanríon, Gertrude, agus na cúirtéirí uile insa halla mhór an dúna ag comhrá agus ag trácht ar riarú gach gnótha. Agus cé ná raibh amhras ag Hamlet óg gur nimh do fuair an rí, a athair, is go dólásach, dúchroíoch do ghlacadh sé gach muirnéis agus comhartha ceana do-ghéabhadh ón rí agus ón mbanríon, óir níor thaitnigh leis a mháthair do phósadh dearthár a céad fhir. Adúirt Gertrude lena mac ná raibh tairbhe dhó ag caitheamh éadaigh cumha ná dubha, agus iad a shóinseáil feasta. Adúirt sé léi: "ní hé mo chasóg do bheith comh dubh le gual, ná dealramh cumhach lasmuigh do-ghní an cathú a chur i rómhéid, ach atá an cumha so i rúta chochaill mo chroí, agus níl insa chuid eile ach taispeánadh gan tairbhe". Agus adúirt sé ansin go raibh sé ar maran Críoch Lochlann d'fhágáil agus dul ar scoil go Wittenberg. "A Hamlet, a stórach", do rá an bhanríon, "na héirigh ar an scoil sin, ach fan againn féin sa bhaile". Adúirt Hamlet go ndéanfadh sé 'dhícheall ar a bheith dhá réir. Ba thaitneamhach le Claudius an freagra sin do chlos, agus tug ordú do lucht a theaghlaigh uile dul ag ól le meidhre an scéil sin, gur fhágadar Hamle in 'uathadh agus in 'aonar ag déanamh smaointe agus ag comhrá leis féin ar an modh so: "A! mo mháthair, na raibh an oiread ceana agem athair uirthi is do bhí; A! mo mháthair narbh fhearrde goile m'athar, dá fhaid a leanadh sé de bhia, a beith os a chomhair; mo mháthair do phósadh fir eile ná raibh i ndealramh leis ach mar do bheadh gnúis fir fiain leis an ngréin; mo mháthar narb ar éigin do chríochnaigh sí an mí, ach ní hé sin, ach sul do leathchaith sí na bróga a bhí uirthi ag leanúint m'athar bhocht gus an bhfeart; is claon agus is lag an ní bean; pléascadh mo chroí ó ná fuil cead agallaimh agem theangain". Is ansin táine an dís saighdiúirí a bhí ar garda agus d'inseadar don phrionsa, Hamlet, go bhfeacadar gósta a bhí in inneall agus i ndealramh len' athair an tan a bhí sé ar an saol. Tug an scéal sin míshuaimhneas mór don phrionsa agus do bhí lán d'fhonn an gósta d'fheicsin, ionas go mba fhada leis uaidh an oíche chum labhairt ris, siúd go mbeadh clab ifrinn ar leathadh dá rá leis bheith tost, agus do chuaigh abhaile ag feitheamh leis an uair chum dul dá agallamh. Ar mbeith don phrionsa 'na sheomra insa phálás do tháine Ophelia, agus Laertes, a deartháir, .i. dís chlainne Polonius, fear coimeádta seomra agus ciste an rí, go teach a n-athar, agus do bhí greann agus cumann aige Ophelia don phrionsa óg, Hamlet, agus tug Laertes an chomhairle so dhi: "féach, a dheirfiúr, prionsa agus oidhre ríochta ná gearrfadh sé greim dhó féin, agus go gcaitear a ghreamanna a thoghadh dhó, tabhairse aire mhaith gan do chroí do ghonadh tríd, ná do stór geanmnaí do leathadh dhó ar a iarratas; atá dainséar i nduine a bhaint an folach dá aghaidh le solas lag na gealaí, óir is minic a milltear tortha agus blátha le drochghaotha sula bhfaighid uain ar a gcochall a chur as an ndúbla, agus tabhair aire dhuit". Adúirt Ophelia: "a bhráthair ionúin, ná déinse deighleáil liomsa comh míghrástúil is do-ghníd cuid de na sagartaibh do mhúineann agus a thaispeánann an tslí go flaitheas Dé go lándoimhin, cruadheilgneach, agus san am céanna iad féin mar gach réice drochbheathach ag rith go dána, bunoscionn leis na teagascaibh a thugaid dá bpobal". Is ansin, ar dteacht don oíche, do ghluais Hamlet agus fear cumainn dhó agus an dís shaighdiúirí gus an áit na bhfeacadar an gósta an oíche roimhe sin, agus is gearr go bhfeacadar é 'na sheasamh os a gcomhair. Labhras an prionsa leis le hómós agus le coráiste, agus níor thug an gósta freagra ach comhartha a dhéanamh do Hamlet é a leanúint. "Ná lean é", do rá a dhuine muinteartha, "óir an té a leanann gósta is baol dó go gcaillfidh a chiall". "Is cuma sin", do rá Hamlet, "óir rachad leis". Agus do mheasadar a mhuintear é a chosc. Gidh ea níor fhéadadar a dhéanamh. "Atá mo leannánaibh sí dom shárú chum é a leanúint", ar sé, "agus ag déanamh na féithleoige is lú ionam comh láidir le leon Nemea, agus ar sin leanfad é agus déanfad gósta de aon duine a thiocfaidh am chosc". Ar sin do ghluais sé leis an ngósta, agus is gearr gur chasadar araon go miochair, muinteartha le chéile. Agus d'inis an gósta dhó go raibh sé i bpurgadóireacht agus go neosadh sé nithe dhó do chuirfeadh a ghruaig 'na seasamh mar a bheadh deilgne gráinneoige. "Meastar le daoine", ar sé, "gur éagassa tré ghreim athar nimhe sa ghairdín, ach is é an t-athair nimhe sin an fear atá ag caitheamh mo choróine; is é mo dheartháir é, agus ní ba mheasa ná sin do chuir sé chum báis mé gan ola bheannaithe san gcrích dhéanaigh, agus a mhic, déin mé a dhíoghailt. Slán leat, óir atáid na péiste gealáin dá chur in úil dom gur gearr uainn an lá. Slán leat, agus cuimhnigh ormsa". Is ansin tángadar a mhuintir chum an phrionsa, Hamlet, agus d'fhiafradar de cad dúirt an gósta ris. "Gósta séimh, macánta is ea é", ar sé, "agus má thugann sibh luighe agus móide gan aon ní dár inis an gósta dhom do chraobhscaoileadh, neosad díbh é". Is ansin ba chlos guth an ghósta dá rá leo dearbhú ann. "Ní foláir díbh dearbhú dar mo chlaíomh", do rá Hamlet. Adúirt an gósta fá thalamh: "dearbhaidh dar a chlaíomh". Do rinneadar amhlaidh agus d'inis sé dóibh é. Do bhí an prionsa, Hamlet, i ngrá leis an ríon, Ophelia, amhail d'inseas roimhe so, agus táine sí isteach mar a raibh a hathair, .i. Polonius, ag tabhairt ordú don ghobhairnéir timpeall leasú agus foghlama a mhic, .i. Laertes, agus do bhí sceon mór agus eagla i súile na ríogaine. "A! a thiarna", ar sí, "ar mbeith dhom ag déanamh mo oibre im chlosaeid do tháinig an prionsa, Hamlet, isteach gan chnaipe dúnta 'na veist, gan hata gan ghártaeir, lena stocaí síos ar a shála agus a ghlúine ar critheán ag bualadh i gcoinne a chéile, agus a aghaidh comh bán lena léine; do bhí sé i bhfad dom ghéaramharc amhail is do bheadh chum mo phictiúir do tharraint; do chroith sé mo lámh, do chroith a cheann, agus do tharraing roinnt liacha troma, lánghéara, agus d'imigh ar sin amhail duine dall ag meabhrú na slí". Ní raibh a fhios ag an iarla, Polonius, go bhfeacaidh an , Hamlet, an gósta, agus go mb'fhéidir é a bheith mearathalach tríd, ach do thuig sé gur le róghrá do Ophelia do bhí sé ar mearadh, agus d'fhág sé an scéal mar sin. Do bhí an rí agus an bhanríon tréimhse agus tamall fada ag iomrá agus ag trácht ar an bprionsa a bheith ar buile, agus tángadar teachta ó Fhionnlochlann gus an gcúirt, agus do chualadar an mhórchinniúint sin. Adúirt an sean-ghliograchán, Polonius, na raibh a cheann níos éadroma ná ceann an phrionsa, leis an rí go dtabharfadh sé féin aire don duine thrioblóideach sin. "Is é mo dhiúité é", ar sé, "comh ceart is tá an lá 'na lá, agus an oíche 'na oíche; ar an abhar sin, ós le bheith athghearr do chítear anam na céille agus gurb é a bheith síor-chainteach a colann, beidh mé forlíonta insa scéal; atá do mhac uasal ar buile; glaoim buile air, óir cad é an ní buile ach a bheith ar buile; go fírinneach, a bhanríon uasal, atá sé ar buile; is mór an trua sin, is mór an trua gur scéal fíor; is é tá le déanamh anois fáth na cúise d'fháil amach; anois ag so an chúis: atá iníon agamsa". Ar son do thóg sé na litreacha do chuir Hamlet chum Ophelia. Ar mbeith don rí agus don bhanríon agus don chúirt uile ag trácht ar an gcoinníoll leanna duibh cumhach 'na raibh an prionsa, do tháine sé eatarthu ar mí-ordú mhór, ionas go mba deimhneach iad go raibh sé ar buile. Ach do thaispeánadh sé ar uairibh anam agus sprid gonta, ródhaingean, cé ba lán de eagna agus de chéill a bhriathra. Ansin adúirt an seaniarla leis go dtáine cuideachta comédians chum pléisiúir dóibh an lá sin agus fanúin go bhfeicfeadh agus go gcluinfeadh sé ag seinm iad, óir do bhí ordú aige ón rí gach pléisiúr d'fhéadfadh do chur air. Agus do rin sé amhlaidh, agus tug sé a mheas agus a thuairim orthu le céill agus le réasún maith. Ar mbeith dhó 'na aonar 'na dhiaidh san do dheimhnigh sé ná raibh ar buile comh mór is do dhealráonn sé a bheith. "Cad é", ar sé, "do ghoil fear cleas agus ealaíon mar gheall ar Hecuba?; cad é sin dó san Hecuba?; cad a dhéanfadh sé dá dtugadh a uncail agus a mháthair nimh dá athair, mar a thug Claudius agus Gertrude dom athairse? A! a nimheoir mhallaithe, a adhaltranaí, a mhealltóir dhrúisiúil, a mharfóir, a chladhaire gan náire; agus créad mar asal mise, agus nach breá an meon do mhac rí bheith ag eascaine mar a bheadh striapach, nó badhbh, nó bean bhocht déirce, nó slabaire cailín cistean, agus go bhfuil na flaithis agus ifreann ag iarraidh orm díoltas a dhéanamh i mbás m'athar". Is ansin a cheap sé slí dhó féin chum deimhin d'fháil an í a mháthair agus a uncail do thug nimh dá athair, "óir b'fhéidir", ar sé, "gur mheall an gósta mé, nó gurb é an diabhal do bhí ann am chur chum mearathail, agus ní foláir an scéal do ghlanadh suas". Adúirt sé ansin le lucht an tseó dá phictiúir a dhéanamh, agus ag déanamh a gcuid cleas, ceann de na pictiúirí a bheith 'na chodladh agus an ceann eile ag dortadh nimhe 'na chluais, "agus atá sé deimhitheach", ar sé, "más é an rí, Claudius, atá ciontach gurb urasa a aithne ar a ghnúis, óir iompóidh sé bán agus claochlóidh a chruth, agus beidh Hamlet lándeimhneach den choir chum í a dhíoghailt". Is amhlaidh sin do bhí. Do tháine na comédians agus do rinneadar an cleas sin os comhair an rí agus na banríona agus na cúirte uile. Do thuig an rí agus an bhanríon go raibh an cleas sin drochmhúinte, agus gurb é Hamlet fá ndeara dhóibh é a dhéanamh, agus ná raibh sé ar buile comh mór is do ligeadh sé air a bheith. Agus do chritheadar le heagla faisnéise a dhéanamh ar an ngníomh, agus cad ba mhaith dóibh a dhéanamh chum iad féin a choimeád gan amhras do bheith orthu, agus is é ní a smaoin an rí, Hamlet do chur go Sacsana i ndóigh a leighiste. Agus scríobh leis go nuig a charaid dhíleas .i. rí Sacsan, dá iarraidh mar chomhartha cumainn air an traibhléir óg do chrochadh comh hachomair is a ghéabhadh sé an litir sin. Ach cheana, ba mhaith leis an mbanríon ceistibh do chur ar Hamlet sul d'imeodh sé, ar eag é a dhéanamh aon díobhála sula n-imeodh sé. Agus do chuaigh an sean-Chamberlain, Polonius, i bhfolach ar scáth cúisín san tseomra chum a bheith i bhfogas don bhanríon dá mbeadh aon díth dá dhéanamh di. Do ghluais an prionsa a bhí ar buile (nó do lig sé air a bheith amhlaidh) ag dul do agallamh a mháthar, Gertrude, agus insa tslí dhó do chonairc sé an rí, Claudius, i gcúinne fá leith ar a ghlúine, ag rá paidre nach fiú dhom a scríobh anso, óir do ghlac scrupall é agus do bhí eagla a dhamanta air 'chionn nimh a thabhairt dá dheartháir, agus a bhaintreach do phósadh, agus a choróin do ghabháil air féin gan cheart. Ar a fheicsint do Hamlet do mheas sé an chaoi sin do ghlacadh ar a mharú, ach do smaoin sé go raibh an rí i staid ghrástúil, ó bhí sé ag cur urnaithe chum Dé, agus do thug sé aire gan é a mharú insa staid sin. "Ba mhór an t-amadán mé", ar sé, "dá gcuirfinn ar aghaidh go flaitheas Dé é, agus gur chuir seisean mo athairse go Purgadóir; ar sin fanadh mo chlaíomh le ham eile chum a sháite ann, ionas go mbeidh sé ag ciceáil i gcoinne na bhflaitheas agus anam damanta agus comh dubh leis an ifreann ina rachaidh sé". Is ansin a tháine sé ag comhrá lena mháthair agus, ar son a chuid buile, do líon sé í le hualach de achasánaibh gonta, searbha ar son a coire, ionas gur ghoin sé an cochall 'na croí. Do thuig an sean-iarla, Polonius, go rachadh sé rófhada, agus do ghlaoigh ar chabhair go ródhiafrach. Do thuig Hamlet gurb é an rí a chuaigh i bhfolach laistiar den chúisín. Do tharrang a chlaíomh agus do rith chum na francaí, agus do mhairbh an fear maith, Polonius. "A! a mhic, créad a mheastar leat a dhéanamh?", do rá an bhanríon. "A mháthair", do rá Hamlet, "is é an rí do mharaíos". "Is olc an gníomh rí do mharú", ar sí. "A mháthair mhaith", do rá Hamlet, "is beag ná fuil sé comh holc le rí do mharú agus luí lena dheartháir". Agus ar sin d'imigh sé amach agus do shatail ar chorp an tsean-iarla san tslí dhó. Arna chlos do Ophelia go raibh a hathair marbh do éimh sí go diafrach agus do ghread a glacaibh um a chéile, agus do chuir lán a dóide de thuí um a ceann, agus do chaith í féin san abhainn a bhí 'na haice gur bádh í. Is ansin do tógadh corp Ophelia as an abhainn agus do hullmhaíodh gléas chum a sochraide agus chum a hadhlaicthe. Insan am chéanna do chuir an rí Hamlet ar bord árthaigh dá chur go Sacsaibh, agus ina phasáiste dhó do smaoin sé gur chum feall a dhéanamh air do bháthas dá chur go Londain, agus do chuardaigh sé póca an chompánaigh ba dhíleasaí do cuireadh leis mar chuideachtain, agus do fuair sé litreacha an rí, Claudius, chum a dhuine muinteartha, .i. rí Sacsan, ann, agus séala mór an rí orthu. Agus ar oscladh na litreach dhó do fuair sé ordú géar, lándhearfa chum an rí Sacsanach, le hainm agus marc an rí, Claudius, chum na buíne do-bhéarfadh an litir dhó do chur chum báis gan fuireach. Do thit sé amach de chionn foirtiúin go raibh séala mór a athar 'na sparán aige, agus do chaith sé an litir san muir agus do scríobh ceann eile insa bhfoirm chéanna le hordú na hiompróirí do chrochadh gan fuireach, agus do chas suas an litir sa phaicéad, agus do chuir séala mór an náisiúin orthu uile, agus do fuair leithscéal chum filleadh tar ais gus an gcúirt arís. Is é céad ní do theagmhaigh leis, .i. dís fhear ag uaimhe do Ophelia, agus ba lucht grinn iad, go rabhadar ag díospóireacht ar chóir Ophelia do adhlacan i dtalamh choiscrithe, ós í féin do bhá do rin sí, agus adúradar ansin gur chóir adhlacan Críostúil a thabhairt di, ó ba bhean uasal do bhí i rangc ghlan í. Ansin adúradar ná raibh aon drong eile ar talamh comh huasal d'réir sinsearachta le sclábhaithe, óir go bhfuilid siad den cheird chéanna do bhí aige Adam. "Ar dhuine uasal Adam?", do rá fear díobh. "Gan dabht", do rá an dara fear, "óir is é an chéad fhear riamh do ghlac arm é". "An gcaitheadh Adam arm?", do rá an fhear. "Do-ghníodh go deimhin", ar an dara fear, "óir conas a shaothródh sé an talamh gan ramhainne agus piocóidí?; ar an abhar sin ba dhuine uasal é". Is san am sin a tháine an prionsa, Hamlet, agus duine muinteartha len' ais, agus gabhaid ag machnamh agus ag féachain ar na plaosca a bhí á gcaitheamh suas as an uaimh. Agus do mheas Hamlet gur shamhlaigh sé ceann fir stáit do bhí ábalta ar éagóir a dhéanamh ar Dhia, ansin ceann cúirtéara, ansin ceann mná uaisle ón ríbhrog, agus dá ndéis sin do bhraith sé ceann coirpeora fir dlí. Agus do bhí ag tabhairt a theastais féin ar na cinn sin, fá dheoidh go bhfeaca sé ceann fir grinn agus cleas an rí, agus do rin sé amach ná raibh puinn difreach idir inchinn Caesar nó Alexander agus inchinn an fhir cleas sin. Is ansin do bhí an uaimh déanta, agus tug an sagart uisce coisricthe leis, dá chrothadh inti. Agus tugadh corp Ophelia dá chur inti, agus do bhí an rí agus an bhanríon ar measc na sochraide, ag leanúint an eileatraim, agus Laertes i gculaith umha le hais coirp a dheirféarach, agus ar ligean an choirp chum talún, le rómhéid a chumha do léim Laertes síos san bhfeart. Do smaoin Hamlet go raibh sé féin i ngreann le Ophelia, agus do léim san bhfeart mar an gcéanna. Do ghlac Laertes racht feirge ar bhfeicsin an Chamberlain, Polonius, in aon uaimh leis, agus do scinn in' éadan, agus do rinneadar iomrascáil chruaidh, iorghalach atha fada san uaimh, gur thug an rí fá ndeara dá mhuintear iad a theasragan, mar chreidiúint don tsochraid. Insan am chéanna, mar ba mhór an politician an rí, do thuig sé go raibh sé róghátrarach críoch do chur ar laethaibh dhuine buile dhá shamhailt sin, agus ó nár crochadh i Londain é gur chóir deireadh a chur ar a shaol i Lochlannaibh. Agus is é ní do smaoin an rí corr-bheartúil sin, mar do bhí sé i dtaithí nimhe do thabhairt: "an gcluin tú?", ar sé le Laertes, "do mhairbh an prionsa, Hamlet, t'athair, .i. mo Chamberlain mór so, agus ionas go dtiocfadh sé id shlí an ní sin do dhíoghailt, cuirfead réad beag gaisce id láthair, .i. cuirfead geall leat, in dá phas déag, ná buailfir Hamlet trí huaire; agus ní foláir dhuit dul leis os comhair lucht na cúirte uile; beidh do ráipéar géarphointeach arna thumadh liomsa i nimh atá neartmhar lánaibidh, agus más ní é ná tiocfaidh leat an prionsa do bhualadh, beidh buidéal fíona cumaiscithe le nimh agamsa ar an mbord, óir is gnáth le lucht troda deoch d'ól, agus ólfaidh Hamlet deoch, ionas go gcaillfidh sé an t-anam ar cheachtar den dá shlí sin". Adúirt Laertes gur mhaith an smaoineamh sin chum pléisiúir agus díoltais. Is ansin tug Laertes challenge uaidh agus gabhas Hamlet le hais í, agus do cuireadh buidéalaibh fíona ar an mbord le haghaidh na ngaiscíoch, agus tagaid an dís do láthair le ráipéaraibh nochtaithe 'na ndeaslámha deathapa, i láthair an rí, Claudius, agus na banríona, Gertrude, agus na gcúirtéirí uile, gur ionsaigh an dís dea-laoch a chéile go díoscair, dána, dea-thapa, agus san imirt dóibh do ghoin Laertes an prionsa leis an gclaíomh nimhe. Ar bhfáil an ghoin do Hamlet adúirt go hós ard, "feall! feall!", agus le cóch buile do tharraing an ráipéar as láimh Laertes agus sáigheas tréna chroí é, agus den dara feacht tré chroí an rí. Glacas an bhanríon eagla agus sceon mór dá haithle sin agus ritheas ag ól dí, i ndóigh a coráiste do chasadh arís, agus ibheas den bhuidéal nimhe, ionas gur thiteadar an ceathrar ar an láthair sin. Is é sin am agus tráth táine scéala ón ndís do chuaigh go Sacsana leis na litreacha ar a raibh séala mór-ríochta na Lochlannaí, óir ní túisce do léigh Rí Sacsan iad ná do chroch sé an dís teachta do chuaigh leo, ionas nár fhan fear ná bean beo den treibh ríthiúil sin, ach gur tháine bráthair den rí darbh ainm Fortinbras, do bhí tar éis Poland do chur fá ghoin gaoi agus claímh roimhe sin, agus do ghaibh sé ríocht Lochlann, gurab é sin deireadh mo scéil. Anois a léitheoir, atá deireadh lem ghnó agus mo theasc críochnaithe, agus ó rin mé mo dhícheall agus gur scríobh mé ó am go ham gach ní mar a smaoinínn, atá súil agam nach díomuíochas mo dhualgas i ndeireadh mo chúrsa. Ní héagosúil mo scéal anois re mar a bhí Cú Chulainn ar Mhaigh Mhuirtheimhne, arna theilgean do Lugh mac Chon Raoi do shleagh na ndeas, go raibh ag tréigean iomad fola as a chréacht dá haithle, agus táine an dobharchú dá hól, gur chaith Cú Chulainn an ga a bhí ina láimh leis an gcoin agus gur mhairbh ar an láthair sin í. "Beir bua agus beannacht, a Chuagáin" do rá Laogh mac Rianghabhra, .i. a ghiolla; "is buach an t-urchar sin do chaithis, agus titfidh mórán d'fhearaibh Éireann leat feasta". "Och! is trua sin" do rá Cú Chulainn, "ní thitfidh duine ná ainmhí liomsa dá héis siúd, óir ba chú mo chéad éacht, agus do tairngireadh dom gur cú mo éacht déanach". Mar an gcéanna, ba é an leabhar dár scríobhas an macleabhar so as mo chéad scríbhinn as mo riocht féin, agus is dóigh gurb é so mo leabhar déanach, óir atá mo radharc ag tréigean go nach léir dom scríobh i gceart, agus mé mearathalach, gnáthbhreoite, go dtuigim féin gurb amhlaidh táim im dhuine marbh ar measc na mbeo, agus im dhuine bheo ar measc na marbh, agus bé beo nó marbh mé atá tnúth agam le guí mo léitheoirí. Dáibhí. An Críochnú Adéarfaidh daoine, is ba bheag acu a rá, gur forbhirt éigin do rin na mná ar Dháth, muna mbeadh mar is ea ná grafadh an oiread so bréithre, ar chlaonta a ngníomhartha, ar a n-olc is ar a dtréithe. Adeirim libh, is canaim díbh gan ghó, ná rinneadar olc ar bith im dháil, dar ndóigh, ach an tan shuigh mé síos, gan suim i ngníomhartha an tsaoil, ar mhná smaoin mo chroí is thugas aghaidh mo bhéil. Dá bhrí sin níor chóir dóibh a bheith liom i bhfuath, óir ní le droch-chroí ghrafas orthu aon stua, níor labhair mo theanga focal a' trácht ar a gcuid míghníomh, ach m'inchinn rin é cheapadh, is mo lámh do rin é scríobh. Dá éamais sin níor thráchtas orthu uile, ach an méid bhí olc, do thugas thórsa an tuile, féachaidís féin do gach leataoibh thórsa, bé bean díobh na n-oireann an caipín tógadh. Dá mbeadh mo lámhsa a' scríobh, is go scaoilfí an glas dem béal, trian gníomhartha drochmhná ní chuirfinn síos lem shaol, ach ó nár tharcaisníos aon ainnir chneasta, mhúinte, atá mo shúil ná beid i bhfearg liom ar son a ndúrtsa. Níl ach leigheas dóibh i ngach ní do scríobhas, óir féadfaid na hoilc do sheachnadh chuireas síos, dá bhrí sin aitim a mbeannacht liom im ród, is beannacht gach n-aon do léas an leabharsa im dheoidh. Guíodh mo chomhbhuíon ar mo shon chum Dé ghil, mé chur ar mo leas go ceart ar son mo shaothair, óir b'fhada an beartú do gharsún gan puinn d'fhoghlaim, é scríobh roimh aifreann, is tar éis, gach Domhnach. Ach chum ná beinn gan cheilt i bhfad a' plé libh, tugaidh dom anois mo dhea-luacht saothair, is bé maith nó olc do-ghéabhad uaibh bhur nguí, dúbailt na comaoine céanna bheirim díbh. Ó chaitheas mo réim shaoil gan suim i nDia, ach spairn is clébhréithre is gníomhartha an diabhail, aitim an té shaor len' fhuil dhaoir an chliar, go maithidh mo chlaonthréithe ar chaoilchuid pian. Anois, a léitheoir, ó fhéachais trém leabhar agus go bhfeaca tú roinnt dem shaothar baoise, atá súil agam nach tú an t-aon do phréamhaigh ó threibh chinnte na bhfíorlochtóirí noch leagas agus tharcaisníos gus an nuimhir is lú gach uile obair gan chúis ar bith, ach chum leata ar chreidiúint a bpraseolais féin. Ach is urasa don stíobhard ordú a dhéanamh agus gach locht d'fheicsin sa ghnó, ó ná bíonn a lámh féin ar an sás ná a cheann fé san obair; agus dá mbeadh, b'fhéidir, d'ainneoin a eolais, gurbh fhearr de oibrí an lochtaí ná an lochtathóir. Gidh ea ná tuigse gur chugat féin do chaitheas an iarracht so. Ní hea go dearbh, ach atáim dá rá riot má tá aon ní bunoscionn ann mo leithscéal do ghabháil, óir is fiosach tú féin gur iomdha duine do ghrafadh as roimhscríbhinn go maith ná féadfadh aon duilleog amháin do ghrafadh as féin, agus ó b'é an leabhar so mo chéad rás, má ritheas bunoscionn féin dob fhéidir mé a mhúineadh. Agus ó nach uiris obair is lú ná so do dhéanamh gan precedent, nó fós féachaint 'na dhiaidh chum miúndála, is deacair domhsa ná fuair de aga chum é seo do dhéanamh ach ar maidin, agus tar éis aifrinn gach Domhnach, é a chur sa bhfoirm míscéimheach so féin, agus dá mbeadh uain ná aimsir agam chum féachaint ar an ngnó do rinneas, ionas go bhfeicfinn gach locht, do ba fhéidir dom é a thabhairt chum compáis, i gcás gurbh fhearr do thaitneodh sé leat ná mar so. Agus ó nach féadfainn, tré dheacracha an tsaoil, aon tamall den lá oibre do chaitheamh leis, agus go mbím tuirseach gach Domhnach, mo lámh ag imirt orm, an codladh am buaireamh, agus an píobaire am dhúiseacht, agus mo chomhaos óg ag glaoch orm chum gluaiseacht go nuig an súgradh, atá mo aigne buartha agus mo intinn mearathalach, ar chor nach féidir liom mo leithscéal do ghabháil leat mar ba cheart dom, ach atá mo mhuinín as mo léitheoir go nglacfaidh óm láimh é le hintinn agus le croí maith, óir is mé do sheirbhíseach díleas go bithbhuan, Dáibhí de Barra. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2557 |
3,134 | Cosa Buidhe Arda I | Mac Coluim, Fionán | Droigheantóir / Fínghín na Leamhna / Gio | Mac Coluim, Fionán | 1914 | 20 | poetry | Fallamhain / Oifig an Lóchrainn | 2,208 | 542 | Cosa buidhe árda, árda, Cosa buidhe árda, dearga, Cosa mar chosa do mháthar, Is deacair iad fhághail gan airgead. COSA BUIDHE ÁRDA Do'n Aos Óg. BEIDH RÍL AGAINN. Fonn: “Billí Ó Ruairc an Buachaill” (nó “Shoddy Genteel.”) Beidh ríl againn, Beidh ríl againn, Beidh ríl againn Dé Domhnaigh; Beidh ríl againn Ar thaobh an chnuic — Is an cailín deas 'á foghluim. Táim i ngrádh le cailín deas; Táim i ngrádh gan domhta; Táim i ngrádh le cailín deas Is pósfad í Dé Domhnaigh. Beidh ríl againn, beidh ríl againn, Beidh ríl againn Dé Domhnaigh; Beidh ríl againn ar thaobh an chnuic — Is an cailín deas 'á foghluim. TÁIM GAN ÍM GAN ÓR. Fonn: “Bóthar na gCloch” Táim gan ím, gan ór, Táim gan ór gan airgead, Tá mo ghabhair sa phóna 'S níor fhan deóir de'n bhainne acu. Teá rabhdlam rabha, Teá rabhdlam sean-bhean, Teá rabhdlam rabha, Bainne na ngabhar is é 'cnagarnaigh. (Árduighidh é.) Teá rabhdlam rabha, &rl. arís. Táim gan ím gan ór, &rl. (mar atá i dtosach.) Abraidh an curfá “teá rabhdlam, &rl.” dhá uair i ndiaidh a chéile, an chéad uair do'n chéad chuid de'n phort agus an dara uair do'n dara chuid. An chéad chuid de'n phort a oireann do'n rann “Táim gan ím, &rl.” i gcomhnuidhe. AN CAILÍN DEAS DONN Óró, bog liom í, bog liom í, bog liom í, Óró, bog liom í, an cailín deas donn, Óró, bog liom í, ionntuigh is corruigh í, Is d' réir mar bogfaidh sí tiocfaidh sí leam. Dá bhfaghainn-se mo chailín i lúibín ná sgairte. Nó i gan fhios dá daidí i ngáirdín na n-ubhall, Do thabharfainn-se cogar di chuirfeadh a chodladh í, Is do bheinn-se dá bogadh go dtiocfadh sí liúm. Is óró, bog liom í, bog liom í, bog liom í, Óró, bog liom í, an cailín deas donn, Óró, bog liom í, is cuir ar a cosaibh í, Is d' réir mar bogfaidh sí, tiocfaidh sí leam. TAIR-SE 'BHAILE A BHÁIBÍN Ó. 1. Tá dhá ghabhar 's mionnán agam, Tá dhá ghabhar 's mionnán agam, Tá dhá ghabhar 's mionnán agam, 'Gus pocán ceannfhionn buidhe. Curfá: Tair-se 'bhaile a bháibín ó, Tair-se 'bhaile a bháibín ó, Tair-se 'bhaile a bháibín ó, A bháibín óg mo chroidhe! II. Tá dhá bhó san Oileán agam, Tá dhá bhó san Oileán agam, Tá dhá bhó san Oileán agam, 'Gus tarbh i dTráighlí. Tair-se 'bhaile, &rl. III. Tá dhá chirc ar sreangán agam, Tá dhá chirc ar sreangán agam, Tá dhá chirc ar sreangán agam, Is cearc le leigint síos. Tair-se 'bhaile &rl. IV. Tá dhá ghé 's góislín agam, Tá dhá ghé 's góislín agam, Tá dhá ghé 's góislín agam, 'Gus ganndal mórdha groidhe. Tair-se 'bhaile &rl. V. Tá dhá láir 's searrach agam, Tá dhá láir 's searrach agam, Tá dhá láir 's searrach agam, Agus stail ar an gCeapaigh mBuidhe. Tair-se 'bhaile, &rl. AN DÁ GHABHRÍN BHUIDHE. Fonn: “Heeland Laddie.” Tá dhá ghabhrín bhuidhe 'gam Is minnsín bhainne, minnsín bhainne Briseann siad mo chroidhe 'nam Á dtabhairt abhaile, á dtabhairt abhaile. Níl aon árthach crúidhte agam, Ach síos am hata, síos am hata, Leigean mo hata uaidh orm — Ar fuaid a' bhaile, fuaid a' bhaile. (Árduighidh annso é.) Is duit-se atáim 'á ínnsint, A phuill an fhalla, phuill an fhalla. Duit-se táim 'á innsint, A phuill an fhalla, phuill an fhalla. (An rann tosaigh arís.) AN BÓTHAR Ó THUAIDH. Bóthar ó thuaidh is bóthar ó thuaidh, Is bóthar ó thuaidh chun Tráighlí Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a dtuaidh Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí. (Árduighidh inso é.) Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh, Bóthar ó thuaidh chun Tráighlí; Bóthar ó thuaidh 's an cómhngar a dtuaidh, Agus bóthar ó thuaidh chun Tráighlí. Is maith le Nóra prátaí rósta, Is maith le Nóra ím leó Is maith le Nóra prátaí rósta, Agus bainne na ngabhar istoidhche. Bóthar ó thuaidh, ó thuaidh, ó thuaidh, &rl. Do ghearra-chos dheas, do ghearra-chos dheas, Do ghearra-chos dheas, a Nóra, Do ghearra-chos dheas ót' ghlúin go dtí t' alt Is tá an ainnir ar fad go córach. Bóthar ó thuaidh, &rl. Cá bhfuil na h-ubhla gheallais-se dhomh-sa? Tá siad i gcúinne an gháirdín; Gheóbhair do dhóthain, lán dhá phóca Agus cúpla póg ó'n gcailín. Bóthar ó thuaidh, &rl. HÓRÓ DAMHAS. Gléas G. Curfá: Bhéarsa: Luinneóg: Hóró damhas is damhas, Is hóró damhas go h-aerach, Hóró damhas is damhas, Is damhas is damhas, a laogh ghil. I mbasa nár rinnc, nár rinnc, 'S i mbasa nár rinnc sí andiu; I mbasa nár rinnc, nár rinnc, Ní raibh éinne aici sheinnfeadh port. Hóró damhas, &rl. Cuirfimíd deandí, deandí, Cuirfimíd deandí ar Mháire, Cuirfimíd deandí, deandí, Bróga 's stocaí bána. Hóró damhas, &rl. Beidh watch óir, watch óir, Beidh watch óir ar sileadh, Beidh watch óir, watch óir, Ag Máirín óg na gile. Hóró damhas, &rl. Raghaidh sí ó thuaidh, ó thuaidh, Raghaidh sí ó thuaidh thar Aoine, Raghaidh sí ó thuaidh ó thuaidh, Is tiocfaidh sí a dtuaidh ‘Na ríghbhean. Hóró damhas, &rl. Beir mar bhean mar bhean, Is beir mar bhean ag an bpílear, Beir mar bhean, mar bhean — Nó b'fhéidir ag máighistir rinnce. Hóró damhas, &rl. Is deas a chos rinnce, rinnce, Is deas a chos rinnce í sin, Is deas a chos rinnce, rinnce, Is ní deire í ná í sin. Hóró damhas, &rl. Caithfimíd suas is suas í, Caithfimíd suas an páisde, Caithfimíd suas is suas í, Is tiocfaidh sí anuas amáireach. Hóró damhas. &rl. GHEOBHAIR, GHEOBHAIR, A CHAILÍN. Fonn: “An Smachdaoin Crón” (nó “An Heather Glen”) Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín Lá do chaintín d'ór. Óró, ró, mo chailín Cara mo chroidhe, mo chailín: Óró, ró, mo chailín, Mó rún 's mo mhíle stór. Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gúna 'n phlainín nódh. Óró, ró, mo chailín Cara mo chroidhe, mo chailín: Óro, ró mo chailín, Mó rún 's mo mhíle stór. Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Gheobhair é, a chailín, gheobhair; Gheobhair é, gheobhair é, a chailín, Bróga is stocaí leó. Óró, ró, &rl. RAITHINEACH A BHEAN BHEAG. (Fonn: "Ding, dong, dederó”). Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hAoine Ag iarraidh staimpí nó cácaí mísle; Nuair a tháinig sí a bhaile ní bhlaisfeadh fear a' tighe é, Raithineach a bhean bheag agus déanfaimíd arís é. Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, staimpí 'gus im air Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag & déanfaimíd an císte. Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine, Bíonn bean acu 'á ghlanadh & bean acu 'á scríobhadh, Bean eile acu 'á fhásgadh os cionn corcáin ar a dícheall Agus seanbhean ar a corraigiob á leathadh ar an ngríosaigh. Raithineach a bhean bheag, &rl. Nuair a ghluaisigheann Máire, Siubhán agus Síle, Nóra 'gus Cáit is sásta a bhíd siad An juga ar an gclár 's an cháirt dá líonadh 'S mo cheol go bráth sibh a mhná cois Aoine. Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, staimpí 'gus ím air, Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, 'S is beag a' mhaith a' staimpí mara mbeadh a' t-ím air. RAGHAIDH, RAGHAIDH, &rl. Raghaidh, raghaidh, raghaidh gan amhras, Raghaidh mo leanbh ar aonach na Samhna. Raghaidh, raghaidh, raghaidh mo ghamhain-se, Raghaidh, raghaidh 's is maith an fear ann é. Raghaidh, raghaidh, raghaidh go díreach Raghaidh mo leanbh ar aonach Neidíneach Ceannóghaidh mé capall is ceannóghaidh me caora, Is ceannóghaidh me turann chun olna do sníomh do. Raghaidh sé go Páris is raghaidh sé go Lúnndan, Is raghaidh sé go Corcaig ag ceannach adhbhar gúna. Raghaidh sé go Dairbhre 's raghaidh sé go Dínis, Is raghaidh ar an Scairbh ag lorg coiníní. Tiocfaidh sé a bhaile is a bhád aige dinncthe, Tiocfaidh is tiocfaidh is tiocfaidh mo bhuidheanach. Is minic do dheineas 's is minic do dheárnas 'S is minic do chaitheas mo leanbh anáirde. Sé mo leanbh é! sé gan domhat é! Sé mo leanbh é! sé gan amhras! Is maith a gnó seachtmhain 's is maith a' gnó ráithe, 'S is maith a gnó seachtmhain' a chaitheamh anáirde; Togha na bhfear óg é is togha na bhfear críona, Togha na bhfear óg é pósta is sgaoilte. D'óbair go n-ithfeadh is dóbair go ndéanfadh, Is dóbair go n-íosfadh an rón ar a' gcaol é. Ó mo leanbh é! Ó mo laogh é! Ó mo leanbh é ag banalthra ghléigeal. Athrughadh de'n phort. CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM. CÉ CHUIRFIDH TÚ LIOM? (Luinneóg Oibre.) Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón, Ag tarrach na brón Ag tarrach na brón? Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón? Arsa Dilsaí Dolsaí Déró. Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha, Mícheál Ó Séaghdha, Mícheál Ó Séaghdha, Cuirfidh mé leat Mícheál Ó Séaghdha, Le Dilsaí Dolsaí Déró. Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn N-a choinnibh thar abhainn, N-a choinnibh thar abhainn, Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, Is d'fhágfainn-se thall go bráth é. Cé chuirfidh tú liom ag tarrach na brón, Ag tarrach na brón Ag tarrach na brón? Cé chuirfidh tú liom ag casadh na brón, Is ag tabhairt an trail mhór ó'n gcoill chughat? Cuirfidh mé leat an píobairín cam, An píobairín cam, An píobairín cam. Cuirfidh mé leat an píobairín cam, le Dilsaí Dolsaí Déró. Air sin do chuirfinn an trail is mó gheobhainn, An trail is mó gheóbhainn, An trail is mó gheóbhainn. Air sin do chuirfinn an trail is mó gheóbhainn, Arsa Dilsaí Dolsaí Déró. Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, N-a choinnibh thar abhainn, N-a choinnibh thar abhainn. Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, Is d'fhágfainn-se thall go bráth é. Cuirfidh mé leat an buachaillín donn, An buachaillín donn, An buachaillín donn. Cuirfidh mé leat an buachaillín donn, Le Dilsaí Dolsaí Déró. Air sin do chuirfinn an trail is lugha gheóbhainn, An trail is lugha gheóbhainn, An trail is lugha gheóbhainn. Air sin do chuirfinn an trail is lugha gheóbhainn, Arsa Dilsaí Dolsaí Déró. Do chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, Do chóireóghainn a leabaidh i mbarraibh na gcrann, Do shuidhfinn 'n-a aice, agus d'fháisgfinn a cheann, Arsa Dilsaí Dolsaí Déró. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3134 |
3,135 | Cosa Buidhe Arda II | Mac Coluim, Fionán | Droigheantóir / Fínghín na Leamhna / Gio | Mac Coluim, Fionán | 1924 | 20 | poetry | Brún & Ó Nóláin, Teor. | 7,678 | 1,897 | COSA BUIDHE ÁRDA AN DARA CUID SÉID, A BHUACHAILL. Gléas F. Go mear. M. Ní Annagáin. Séid! Séid! Séid! a bhuachaill! Séid! Séid! Séid! a bhuachaill! Síos 'dtí 'n doras 's suas 'dtí 'n chúinne, Brisfe mé do chosa mara ndéana tú mo chómhairle! Séid! Séid! … [Maighréad Ní Annagáin do thug dom é seo idir ceól is focail. Saghas máirseála' bhíodh ag garsúnaibh fad ó iseadh é. Ní mór é chanadh go han-tiugh. F. na L.] CLUICHE CHUN LEINBH A BHRÉAGADH. An cómhrádh beag so leanas do rádh go mear, san am gcéadna buillí beaga do bhualadh le cipín ar bhonn coise an leinbh, ag cur chrú air mar dh'eadh: A bhfeaca tú Diarmuidín? Ghaibh sé siar anso, Meanaithe is sgian aige, Is láirín bheag riach aige, Is é ' deisiú iallaite. N'fheadar a bhfaghainn greim air? Gheóir má shiúbhlair! Siúbhalfad má fhéadaim. (Ag abhrán ansan:) I. Hubaitse! Hubaitse! 'chapaillín spágach! Beimíd i gCorcaig an taca so amáireach. II. Hach amach! Hach amach! Hach amach' Theighdí! Hach amach 'chapaillín Dómhnaill na Caidhpe. III. Cuir-se an crú is cuirfhead-sa an táirne, Is beimíd i gCorcaig ar maidin amáireach IV. Cuir crú! Cuir crú! ' ghear'ráinín spágach! Is beimíd i gCorcaig an taca so amáireach. CAITH AMACH, CAITH AMACH. Bhéarsaí I agus II. Gléas D. Bhéarsaí III agus IV. [Ó Shéamus Clanndiolúin is ó Phádraig mac Suibhne do fuaireas adhbhar an chluiche seo fé mar bhíon sé i nDéisibh Mumhan. Fuaireas an ceól agus dhá bhéarsa dhe'n abhrán ón Athair Tadhg Ó Súilleabháin ón bhFaill Mhóir in Íbh Ráthach, thall i Lúnndain tá ós cionn fiche bliain ó shoin. Tá béim ghotha ar an siolla tosaig .i. ar hub,-hachcuir, i ngach bhéarsa. Deirtear "hach amach" le capall chun é thiomáint. Béidir gur ó "Chaith amach" é is béidir nach eadh. "Tidy" ab ainm do'n chapaillín.] AN CAIPÍN DEARG. A mhíle mhíle bhogadán! A chlogadáin! a chladhaire! Tá na ba ar iarraidh. Cé raghaidh 'á n-iarra'? Mise 's tusa, mac an Iarla Is Diarmuidín Ó Duinn. Gach cloch, gach crann, Gach bata caol cam, Dá bhfuil in sa ghleann, A' tuitim ar do cheann, Mara dtaga' tú in am, Is do Chaipín Dearg ort! [Ó Íte inghean Shéamuis Clanndiolúin do fuaireas é seo. Tá slighe aici chun é rádh go han-tiugh mar a bheadh glór pónaí ag sodar ar stealla. Bainean sé le ceann des na sean-chluichí bhíodh ag leanbhaíbh sa Ghaeltacht .i. cipín a dhearga sa teine is é choimeád ag casa tímpal a rádh na bhfocal go tiugh san am gcéadna. Sé an "caipín dearg" an cipín tar éis é dhearga sa teine. Le linn an dá fhocal so do rádh tugtar go hobann do dhuine eile de'n chuileachtain é. Bíon deabhadh ar gach aoinne acu sar a raghadh sé in éag is é aige féin. Vide an cluiche "birín beó" san leabhrán go dtugtar "an Sgoraidheacht" air, leathanach 23. Ó Duinn (pron. O dhieng) = O'Dunne. Deir Pádraig Mac Suibhne liom gur "firín beag ó'n gcoill" bíon ag a mháthair féin in inead "D. Ó Duinn." — ] SCOLÁIRÍ NA SCOILE. Scoláirí na scoile, Gobadóirí na gorta! D'íosaidís na clocha, Dá mb'éidir iad a chogaint. [Sa dro' shaoghal ní bhíodh aon scruid i lár a lae ag na leanbhaíbh bochta agus bhíodh ocras buile ortha i slighe is go n-íosaidís arán buidhe cruaidh, nó aon ní a n-ao' chor i bhfuirm bídh go bhfaghaidís greim air. Ba minic, leis, ag sceilpéaracht ar thurnapaíbh, agus rl., iad ar an slighe a bhaile.] TIC! TEAIC! TIÚ! Gléas C. Gheóbhadsa tairnge is cuirfead é i gcrú Spíc' anso, spíc' ansúd! Tairnge 's crú! [Buillí beaga do bhualadh ar bhonn coise nó bróigín an leinbh le linn so do rádh. Deirtear "Drive the nail thru!" uaireanta in inead "Tairnge is crú" sa 3adh Bhéarsa. Fonn Ó Oileán Manannan atá curtha leis seo agam. Bíonn na focail seo leanas in eirball an amhráinín, do réir Thomáis Uí Chriomhthain: — "Cruite déanta is ca bhfuil na capaill? Séid na builg a Nóra!"] DEAMHDARÓ DEAMDARÓ. Deamhdaró deamdaró! Is deallrach let' athair thu! Is dá chómhartha gur deallrach, Ta lúidíní cama agat! [Mar a chéile "Douduro damduro" is "dandraimín," .i. naoidheanán mic.] GOGAÍ Ó GAOG. Gléas F. Ar fhonn: "Páinseach na n-ubh." I. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa chlaidhe í, Gheóbhaidh an caistín í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? II. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa dún í, Gheóbhaidh an cúirliún í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? III. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa tráig í, Gheóbhaidh na faoileáin í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? IV. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dheinim sa chorrach í, Gheóbhaidh an snag breac í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? [Is féidir leanmhaint do so faid is maith leat ach iad a chur ag oireamhaint dá chéile. Tomás Ó Criomhthain.] V. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa chré í, Gheóbhaidh an dardaol í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? VI. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa tsliabh í, Gheobhaidh an girrfhiadh í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? VII. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa mhóin í, Gheobhaidh buachaill na mbó í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? VIII. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Má dhéinim sa tuighe í, Gheobhaidh na leanbhaí í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? IX. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Dá ndéanainn sa chruaich í, Do gheóch an bhean rua í, Agus Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? X. Gogaí ó Gaog! cá ndéanfad mo nead? Dá ndéanainn sa ghleann í Do gheóch an fear cam í. Is ní fheadar 'en domhan! cá ndéanfad mo nead? CÉ CHUIRFE TÚ LIOM. (Amhrán agus Cluiche.) Gléas F. Cailín mór — Beantighe mar dh'eadh — n-a suidhe is í ag fuagháil nó ag cniotáil. Scata Leanbh lámh ar láimh a chéile ag gabháil tímpal i bhfuirm fáinne, go meidhrach séirseach fastuímeach. I lár an fháinne istig tá cailín beag is seál nó húda uirthi: tosnuighean sise ar an amhrán. I. An cailín beag le bean an tighe: Cé chuirfhe tú liúm, ag casadh na mbó, Ag casadh na mbó, Ag casadh na mbó, Cé chuirfhe tú liúm, ag casadh na mbó, Mar "Diolsaí dealsaí déró?" II. Na leanbhaí go léir: Cé chuirfhe tú léi, ag casadh na mbó, Ag casadh na mbó, Ag casadh na mbó, Cé chuirfhe tú léi, ag casadh na mbó, Mar "Diolsaí dealsaí déró?" III. An cailín mór á freagairt: Cad a thabharfhair dom ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm do rádh, Cad a thabharfhair dom ar 'ainm do rádh, An "Diolsaí dealsaí déró?" IV. Na leanbhaí go léir: Cad a thabharfhair di ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm do rádh, Cad a thabharfhair di ar 'ainm do rádh, An "Diolsaí dealsaí déró?" V. An cailín beag: Gheóir hata páipéir ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm … Ar 'ainm … Gheóir hata … An "Diolsaí …" VI. Na leanbhaí: Gheóir hata, agus rl. (mar atá thuas) VII. An cailín mór: Ní leór é sin ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm … Ar 'ainm … Ní leór … An "Diolsaí …" VIII. Na leanbhaí: Ní leór é sin, agus rl. (mar atá thuas). IX. An cailín beag arís: Gheóir Cnoc Maol Domhn is é lán de ghabhair, 'S é lán de ghabhair, 'S é lán de ghabhair, Gheóir Cnoc Maol Domhn 's é lán de ghabhair, Maidin Domhnach Cásca. X. Na leanbhaí: Gheóir Cnoc Maol Domhn, agus rl. XI. An cailín mór: Ní leór é sin ar 'ainm do rádh, agus rl. (mar bhí cheana). XII. Na leanbhaí: Ní leór … XIII. An cailín beag: Seo dhuit mísleáin ar 'ainm do rádh, Ar 'ainm … Ar 'ainm … Seo dhuit mísleáin … An "Diolsaí …" XIV. An cailín mór tar éis ceann des na mísleáin a bhlaise: Gheóir Diarmuid Ó … um! an buachaill bán, An buachaill bán, An buachaill bán, Diarmuid Ó … um! an buachaill bán, Mar "Diolsaí, agus rl." XV. Na leanbhaí: Diarmuid Ó … um! an buachaill bán, An buachaill bán, An buachaill bán, Diarmuid Ó … um! an buachaill bán, An "Diolsaí …" XVI. An cailín beag: Air sin do chuirfhinn an tsail is mó gheóinn, An tsail is mó gheóinn, An tsail is mó gheóinn, Air sin do chuirfinn an tsail is mó gheóinn, 'S an fóidín is truime sa choill air! XVII. Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, N-a choinnibh thar abhainn, N-a choinnibh thar abhainn, Ní chuirfinn mo chapall n-a choinnibh thar abhainn, Is d'fhágfhainn-se thall go bráth é! XVIII. Na leanbhaí: Air sin do chuirfheadh an tsail is mó' gheóbhadh, An tsail … An tsail … Air sin … 'S an fóidín is truime sa choill air. XIX. Ní chuirfheadh sí a capall n-a choinnibh thar abhainn, Na choinnibh … Na choinnibh … Ní chuirfeadh … Is d'fhágfadh sí thall go bráth é. XX. An cailín mór arís: (Seadh!) Gheóir Dómhnall Ó … um, an buachaill bán, An buachaill bán, An buachaill bán. Gheóir Dómhnall Ó … um … Mar "Diolsaí …" XXI. Na leanbhaí: Dómhnall Ó … um, an buachaill bán, agus rl An "Diolsaí …" XXII. An cailín beag (i gcás go bhfuil sí sásta): Air sin ní chuirfhinn ach an tsail is lugha gheóinn, An tsail … An tsail … Air sin … Is fóidín beag éadtrom ón gcoill chughat. XXIII. Iad go léir ag síne a méarana i dtreó an chailín bhig: Dómhnall Ó … um! Isé do ghrádh, Isé do ghrádh, Isé do ghrádh, Dómhnall Ó … um! Isé do ghrádh, Is fantha tú thall go bráth leis. [Griogan so an cailín beag agus dírighean sí ortha chun iad a stop. Pé leanbh go mbeirean sí uirthi bíon uirthi sin seasamh i lár an fháinne bouta ansan, is tosnuighean an cluiche arís. Má oirean do leanbhaíbh an t-abhrán do chiorrú ádhbhar, ná bactar bhéarsaí XVII., XIX., agus XXI.] NÓTA. Ó Sheán Ó Conaill, Bólus, Baile na Sceilge, fuaireas adhbhar an chluiche seo an chéad lá. Dubhairt sé liom gur "amhrán saothair" é ag baint le "tarrac na brón" is le "tabhairt sail ón gcoill" (i gcóir na teine). Do chuireas deich gceathramhain de i gcló san "lóchrann" i mí na Bealtaine, 1916. D'airigheas n-a dhiaidh sin smut eile dhe anso 's ansúd. Bhí leagan de ag "Gruagach an Tobair" a thosnuighean: "Cé chuirfe tú liúm ar thaobh na long … go n-éalóghad leis anonn." D'airigheas rud mar é i mBéarla leis ag leanbhaíbh:- Le cabhair An tSeabhaic do chuireas le chéile na focail mar atá anso is an cluiche a bhainean leo comh maith is dob féidir liom, ón adhbhar do bhí le fáil. — F. na L. AN DÁ PHRÉACHÁN An chéad phréachán: Bhác! bhác! bhác! Fuair an capall bás! An dara préachán: Cá bhfuair sé bás? An chéad phréachán: I gconntae 'n Chláir. An dara préachán: An bhfuil sé méith? An chéad phréachán: Saíll go léir! An dara préachán: An leogfá mise leat? An chéad phréachán: Th'anam 'on phláig! Níl ann ach cuaillín cnámh. CUIT Ó CAIT Ó. (Caint na bPréachán.) Cé tá amuigh? Mise Priuc! Cad tá agat? Spóilín maith méith! A bhfaghad-sa stéig? Ní bhfaghair go deimhin, Ca' na thaobh san? Mar tá muirear maith mór orm féin. Cé h-iad san airiú? Cuit ó, Cait ó, Cormaicín, Cliamhain mhic an eirbaillín, Agus an t-Eirbaillín féinig, Cúigear sagart ó Chill Chródhach, Cúigear feadóg, cúigear fiach, Dhá mhaistín ana-shúgach, An sciortán crúbach, 'S an préachán liath. RAITHINEACH. Raithineach, a bhean bheag! Raithineach, a bhuidhneach! Raithineach, a bhean bheag! Sgiob an chearc an t-im léi! TRIALACH, A BHODAIG. A Thrialach, a bhodaig! Cad é sin, a chogar? Má fhaghaim-se bás Sar a bhfaghair-se bás, Bíodh an oighreacht agatsa! [Cluiche beag bhíonn ag leanbhaí ar nós "Píosam Pósam" é seo.] LEANBH AN CHLAMHRÁIN. Fonn: "Tally hi ho, hi ho." (Féach leath 45.) I. Leanbh tormais: Níl aon leanbh sa dúthaig chómh h-aindis liom, Mo mháthair gach aon lá ag bruighin liom! Bíonn mh'athair am' prioca' 's am statha' leis, — Ní (bh)fhuaireas mo dhóthain le n-ithe le mí uaidh! Luinneóg: Cumá ná beiríghean sibh bainne dhom? Cumá ná tugan sibh im dom? Cumá ná téidhean sibh dho'n chathair Ag ceannach luach leath-phinge 'chísdí. II. Mara bhfaghad-sa na císdí ar maidin uaibh, Fanfhad sa leabaidh go h-oíche, Ní leogfhad do mháthair ná d'athair, leis, Mo "cheannín deas cailce" do chíora.' Cuma, & rl. III. Tá mo mháthair gach lá ag gabháil stealla' dhom, Is m'athair ag gabháil dom ist-oíche, Bíon Síle is Peadar ag maga' fúm, Is táim marbh ar fad aige Suímon! Cumá, & rl. IV. Ach gearánfhad mo mháthair — lem' athair, Is gearánfha mé m'athair le Síle! Gearánfha mé Síle le Peadar Is leis a' gcaitín a ghearánfha mé Suímon! Cumá, & rl. V. Tá mo mháthair a' dul chum na h-aindeise Ní (bh)fhaghaim uaithe peandí ná císdí, Ach ubhín sicín gach aon mhaidean dom, Is le ráithe ní thug sí aon im dom. Cumá, & rl. VI. Buailean fonn súgraidh anois é: Caithidh anáirde go cneasda me! Agus deinídh mé chutadh gan luighe orm! Seinnídh go meidhreach dom poirtín deas, A chuirfidh mé a' raide 's a' rinnce! Cumá, & rl. VII. Caithidh me anáirde ins na frathacha, Agus leigidh dom tuitim chun Síle! Caith-se, a Shíle, chun Peadair me, Agus beir-se me, a Pheadair, a' rinnce! Cumá, & rl. PÁIDÍN Ó RAIFEARTA. Gléas F. I. Tá bríste gan bhásta aige Páidín Ó Raifearta, Cas'óg gan chába aige Páidín Ó Raifearta, Tá lán a' tighe'pháistí aige Páidín Ó Raifearta, Is d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. Curfá: Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta, Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta, Páidín is Páidín is Páidín Ó Raifearta, Is d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. II. Nuair a bhím-se sa tsráid is tnáite 's is lag a bhím, A' féachaint ins na h-áird i ndiaidh Pháidín Uí Raifearta, Táimse gan sláinte 's níl fáil ar mo mhaitheasa, Ó d'éaluigh Peig Bhán le Páidín Ó Raifearta. Curfá:- Páidín, & rl. EACHTRA SHEAINÍN. Ghabhas-sa lá siar anso, Ghabhas-sa lá aniar anso; Thárlaidh fear orm, Thárlaidh bean orm, Thárlaidh maidrín gearra glas orm; D'fhiafruigheadar díom a raghainn ag bualadh, Dubhart-sa go raghainn dá bhfaghainn mo thuarasdal, D'árduigheadar leo me, agus chuireadar chun cró me, Do thugadar dom súistín iarainn, agus punainnín eornan, Agus bhíos ag bualadh, go hárd 'n tráthnóna; D'iarras mo dhinnéar, ar chailleach an spáinéir; Dubhairt sí ná faghainn, ach gruth agus meadhg, i gcuibhreann an ghadhair; Dubhart léi go bhfuighinn arán, ím agus uibhe, i gcuibhreann an ríogh. Rug sí ar an dtlúth, agus bhris sí mo ghlún; Rugas ar an gcamán, agus bhriseas a cromán; Do léimeas 'n chómhra, agus d'itheas mo dhóthain, d'arán mhin' eórnan. Siúd Amach an gadhar Siúd mise n-a dheaghaidh! Do chualaidh an rí é: "Cad tá ort, a Sheáinín?" ars an rí. "Cíocras feola," arsa Seáinín. "Goidí an fheóil?" "Feóil ghirrfhiaidh!" "Goidé an girrfhiadh?" "Girrfhiadh ar ghort!" "Goidé an gort?" "Gort an Iarla!" "Goidé an t-Iarla?" "Iarla Seáinín!" "Goidé an Seáinín?" "Seáinín síorach, Seáinín suarach, Seáinín ruadh na gcailíní!" [Ní beag de sheó ach a mbíodh de "ráiméirí" mar í seo de ghlanmheabhair ag aos óg na Gaeltachta fad ó. I mBaile an Fhirtéaraig do scríobhas síos an ceann so san mbl. 1907 ó fhear, der na Mainnínig. Chuireas i gcló cheana é san "Lóchrann," agus i "Smóilín na Rann." Tugtí "an rí" fad ó ar an bhfear ba mhó san áit. Thoghtí rí in áiteanaibh. — F. mac C.] NÍ FIÚ BIORÁN. Ní fiú biorán beagán d'aon rud, Ach is fiú mórán beagán céille. GIRRIADH CHONNAC-SA. Girriadh chonnac-sa! Ca' n-a thaobh ná rugais air? A fheabhus do ritheadh sé, A olcas do rithinn-si! Hula! hula! b'éidir sin! Hula! hula! an deamhus a bhfuil de bhréig ansan! "Dá gcaithfeá gráinne salainn ar ghirriadh d'fhanfadh sé leat!" PILIB AN CHEÓIL. Gléas G. Poirtín Sheáin a' tsíoda, Is rinnce Philib a' cheóil: "Dein-si dhómhsa an rinnce! Is seinnfeadsa dhuitse an ceól!" Ó 'se! a bhean! nach deas í! Ó 'se! a bhean! nach seóig! Ó 'se! a bhean! nach deas í! Rinnce Philib an cheoil. Poirtín Sheáin a' tsíoda, Is rinnce Philib a' cheóil: "Mar sin bhíomair riamh 'S is amhla' bheam go deó!" Ó 'se! a bhean nach deas í! agus rl. [Maighréad ní Annagáin do tug dom an t-amhráinín seo. Deir Pádraig Mac Suibhne liom go bhfuil mar bhrigh leis duine do bheith ag tabhairt fé'n rud nach í a cheárd í, nó ná fuil sé féin oilte air, .i. an ceoltóir do dhéanamh rinnce agus a mhalairt sin. A Leabhar Petrí do fuaireas an fonn mar atá anso. Sé mo thuairim gur ó Dhochtúir Seódhach do fuair Petrí é. Tá leagan de'n phort leis ag M. Ní Annagáin. — F. na L.] DEIRÍN DÉ Chun leinbh do chur chun suain. Gléas Ab. Deirín Dé, Deirín Dé, Deirín Dé, Deirín Dé, Táid na gabhair ag labhairt sa bhfraoch, Deirín Dé, Deirín Dé, Táid na lachain ag screadaig san bhféith, Deirín Dé, Deirín Dé, Gheóbhaidh ba siar le héirghe 'n lae, Deirín Dé … Raghaidh mo leanbh ghá bhfeighilt ar féar, Deirín … Éireóig gealach is raghaidh grian fé, Deirín … Is tusa mo leanbh 's mo chuid 'n tsaoghal, Deirín … Tá nead smólaighe am' chóifhrín féin, Déirín … Tá agus ór dom stóirín féin, Deirín … Leogfad mo leanbh ag pioca' sméar, Deirín … Ach codail go sámh go fáinne 'n lae. [Ó Amhlaoibh ó Loingsigh, Baile Mhúirne do fuarathas é seo mar "seotholó' is ba dheacair é shárú ar bhinneas. Is ó Sheán Ó Cuill do fuaireamair an fonn … fonn fíor-dheas, leis, dar liom. Maighréad Ní Annagáin do chuir sios an ceól. F. na L.] SÚGRA NEÁDH. (Ar an bhfonn gcéadna le "Deirín Dé.") Súgra neádh, súgra neádh, Is deas mar chúmfainn gúinín mná, Súgra neádh, súgra neádh, An gúinín dubh 's an gúinín bán, Súgra neádh, súgra neádh, 'S an gúinín buidhe n-a mbeidh síoda n-a lár. AN SEOTHÚLEÓ (Suantraighe). I. Seo mar a chuirim mo leanbh a chodhla, Seothúleó! Seothúleó! I gcliabhán óir ar úrlár shocair, Seothúleó! Seothúleó! I mbairthlín lín 's i súisín olna, Seothúleó! Seothúleó! Ar bharra na gcraobh 's an ghaoth 'á bhogadh, Seothúleó! Seothúleó! Luinneóg: Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seóithín seo! Seothúleó! Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seóithín! Seothúleó! Seothúleó! II. A bhean úd thíos ar bhruach an tsrotháin, Seothúleo! Seothúleó! An dtuigean tusa fáth mo ghearáin? Seothúleó! Seothúleó! 'S gur bliain 's an lá 'ndiu fuadaigheadh mé óm' leannán, Seothúleó! Seothúleó! 'S do rugadh isteach mé i lios an Chnocáin, Seothúleó! Seothúleó! Seóithín! Seóithín! & rl. III. Siúd é thall mo thig mór geal-sa, Seothúleó! Seothúleó! Is mó bealach isteach 's amach ann, Seothúleó! Seothúleó! Is mó leann úr agus leann sean ann, Seothúleó! Seothúleó! Is mó mil agus céir bhúidhe beach ann, Seothúleó! Seothúleó! Seóithín! Seóithín! & rl. IV. Is mó cailín cúl-bhuidhe cas ann, Seothúleó! Seothúleó! Is mó buachaill fuadrach deas ann, Seothúleó! Seothúleó! Is mó crann-laoch do chaill a neart ann, Seothúleó! Seothúleó! Is mó bean óg i bhfeidhil clann mac ann. Seothúleó! Seothúleó! Seóithín, Seóithín, & rl. V. A bhean úd thall ar lic an nigheacháin, Seothúleó! Seothúleó! Abair lem' dhian-ghrádh teacht am láthair, Seothúleó! Seothúleó! Sgian coise duibhe a thabhairt n-a láimh leis. Seothúleó! Seothúleó! Nó beidh an téarma dúbalth' orm amáireach. Seothúleó! Seothúleó! Seóithín! Seóithín! agus rl. [Bean óg fé gheasa draoidheachta astig i lios atá ag caint san abhrán so. Bliain is an lá san do sciobadar "na daoine maithe" ó'na fear céile is ó'na muintir féin í agus do rugadar leo í isteach sa lios mar a bhfuil sí n-a banaltra ar leanbh sidhe acu ó shoin i leith. Is ó dhorus an leasa atá sí ag caint ach níl 'n-a cumas dul thar táirsigh amach. Chíonn sí bean ag nigheachán tamaillín síos uaithe, is dírigheann sí ar a sgéal do nochtadh dhi-se, tríd an abhrán. Leanann sí ar bheith ag bréagadh an leinbh, ámhthach, i slighe 's ná tabharfadh muintir an leasa fé ndeara cad tá ar bun aici. Atá uaithe a chur in iúl dá fear céile má thagann sé chúichi, lá'r na mháireach, agus gan dearmhad "sgian coise duibhe" do bhreith leis, go mbeadh dul aige ar í 'fhuasgailt. Beidh an téarma lae 'gus bliadhna suas an lá san ach má theipeann an chabhair uirthi beidh uirthi téarma eile a chur isteach. Tá sí ad' iarraidh sgéala mar seo a leigint chun a fir le bean an nigheachain. Tá buadh fé leith ag sgian "coise duibhe" mar chosaint i gcoinnibh deamhan agus droch aicmí an tsaoghail eile. — F. mac C.] MO THAISGE FÉINIG. (Bhéarsa le linn crúite na mbó.) Gléas D. Mo thaisge féinig! mo cholainín druimion! (ó) Ceartuig! Ciúnaig! agus bí go socair! Go gcuiread buarach ar do chosaibh, Buarach ró-dheas amach ó Chorcaig. MO GHRÁDH MO LEANBH. Tugtar "Hóró Dandaimín" ar an bhfonn ata curtha síos anso dho ach do 'riúnóch "láirín ó Lúrtha" leis é. Gléas F. I. Mo ghrádh mo leanbh do mhairbh an franncach! Do bhuail buille 'mhaide go tapaidh sa cheann air! Dá mbeitheá-sa muar (mór) ba luach tu i gceanntar! Chuirfeá an ruaig ar na ropairí Galldha! Mo ghrádh, mo leanbh, gach maidean is oíche! Gheóir rud maith le caitheamh is mair go mbeir críona! II. Mo ghrádh, mo leanbh, do mhairbh an franncach! Is é dul 'n mhéis bhainne do threasgair go lom é! Má mhairean mo stór le bheith mór 'seadh chífear, Go ndéanfaidh dúinn treóir i gcoinnibh drodhaoine. Mo ghrádh mo leanbh gach maidean is oíche! Gheóir rud maith le caitheamh is mair go mbeir críona! [Ó Thomás Ó Criomhthain, ón mBlascaed Mór do fuaireas é seo. "Do thug buille de mhaide na leitean sa cheann do "do bhí ag Tomás san dara líne ach d'airigheas féin an líne go minic mar atá anso. — .F. na L.] DO GHEALL SÉ. Modh Ré. C = Dó. I. Do gheall sé 's do gheall sé 's Do gheall sé go dtiocfadh sé, Do gheall sé 's do gheall sé 's Ní fheadar cad do choingibh é, Do gheall sé 's do gheall sé 's Do gheall sé go dtiocfadh sé, Poll do bhí 'n-a bhróig, 'S is dócha gurb é do choingibh é. [An bhéarsa do rádh arís do'n dara cuid de'n cheól mar chur fá ach "dubhairt sé" do chur in inead "do gheall sé."] II. Do gheall sé 's do gheall sé 's Do gheall sé go dtiocfadh sé, Do gheall sé 's do gheall sé 's Ní fheadar cad do choingibh é, Do gheall sé 's do gheall sé 's Do gheall sé go dtiocfadh sé, Tuile do bhí san abhainn, 'S is dócha gurbh' é do choingibh é. III. Do gheall sé 's do gheall sé 's … A mháthair do bhí breoite, 'S is dócha gurbh é do choingibh é. IV. Do gheall sé, & rl. Cróchán de Faoit an stócach, Is dócha gurb é do choingibh é. V. Do gheall sé … … Anocht iseadh do gheall sé, is amáireach iseadh thiocfa sé. NÍ RAIBH IN ÉIRINN FAD Ó. Gléas D. I. Ní raibh in Éirinn fad ó ach 'mháin Gaeluinn, Sar a dtáinig an Béarla chughainn, Na coilig do ghlaoidís i nGaeluinn, Is ba dheas leat go léir í a liúgh; An cat ar an luich nuair a léimeadh, Is i nGaeluinn a dhéineadh í bhrúgh', Is ní bhlaisfeadh braon bainne a n-ao' chor, Go ndéarfá as Gaeluinn, "mí-iú"! II. Na ba bochta soineanta féinig, Is i nGaeluinn a gnéidhtí a gcrúdh, Is dá gcloisidís focal de'n Bhéarla, Ní dhéanfaidís braon a thabhairt: Lá 's mé crúdh na bó báine mé féinig, 'Chionn "set up" a rádh léi ar dtúis, Do thug sí speach insa phlaosg dom, 'Thiomáin a raibh d'fhiaclaibh am' béal chun siubhail! III. Mo chreach gheur fhada 's mo léar-ghoin! Dá gcloiseadh sí Béarla, an mhiúil, Sí a raidfeadh go haibidh san aer duit, Is raghadh míle de phléisg i ndia' a cúil. An t-asailín beannuithe féinig, Do raghadh sé de léim 'n díg, Agus raidfeadh is chromfadh in éinfheacht, D'fhonn go raghadh fear an Béarla 'n draoib. IV. Ach tá staigíní anois ar fuaid Éireann, Is ní maith iad a dtréithe siúd, Ní bheannuighid siad le Dia 's Muire a n-ao' chor Ach "good morro'" nó, "how dee dew," Má chloiseann siad focal de'n nGaeluinn Fáisgeann a mbéal 's a súil Is deirid "Bally hawd language that Gaelic, Nevah could lehn it, you know." V. Ach b'éidir le congnamh an Éin-Mhic Go mbeadh againn fós "Home Rule," Ansan chaithfeadh na staigíní staonadh Is beannachadh i nGaeluinn dúinn; Chun sgoil Ghaeluinn' do curfí de phléisg iad Is 'siad do raghadh ann go ciúin 'S nuair chífí 'bhfochair na leanbh a' léigheamh iad Ná déarfadh Éire go léir "hurú"! VI. Na staigíní, deirimse féin leó, Go gcaithfe siad claonadh dhúinn, Agus Béarla Shasana thréigean Nó dul a' triall ortha féin anonn, Ní bhfuighid siad cead reatha ná léim uainn, Ní bhfuighid siad cead sodair ná siubhail, Is ní bheannóghaimíd dóibh ar an aonach Go mbeidh acu Gaeluinn dúinn. HÓRÓ MO BHAIDÍN (Abhrán Rámhaidheachta.) Gléas D. Hóró! mo bháidín! ag snámh ar an gcuan! Hóró! mo bháidín! Tairigí! tairigí! tairigí go buan! Hóró! mo bháidín! I. Hóró mo bháidín! ag snámh ar an gcuan! Hóró! mo bháidín! Tairigí! Tairigí! Tairigí go buan! Hóró! mo bháidín! Hóró! mo bháidín! ag snámh ar an gcuan! Hóró! mo bháidín! Tairigí! Tairigí! Tairigí go buan. Hóro! mo bháidín! Curfá: Hóró! mo churraichín ó! Hóró! mo báidín! II. Nach áluinn an lá 'bheith amu' ar an gcuan! Hóró! mo bháidín! Faghaimís na maidí is téidhmís chun siubhail! Hóró! mo bháidín! Curfá: Hóró … III. Is maith le mo mháithrín ronnaigín úr, Hóró! mo bháidín! Faghaimís an dubhán is faghaimís an dorugha! Hóró! mo bháidín! Curfá: Hóró … IV. Tá lán báid agam de 'ch uile ('n uile) shórt breac, Hóró! mo bháidín! Nach againn bhéas (bheidh) an béile thiar ag an dteach! Hóró! mo bháidín! Hóró! mo churraichín ó! Hóró! mo bháidín! (Is gnáth an curfá do rádh dhá uair i ndiaidh a chéile.) [Liam Ó Buachalla, múinteoir Gaedhilge, do thug ceól an abhráin seo dhom is cuid des na focail: Fuaireas a thuille dhe ó mhnaoi uasail atá anois i Meiriocá. Deir Liam liom gur dóigh leis gur ó iar Chonnacht a tháinig an t-abhrán an chéad lá. Níl fhios aige cé scríobh síos é ach do thaithneadh sé go mór le Pádraig Mac Piarais, deir sé 'is bhíodh sé ar siubhal go minic leis ag an bPaorach in Acaill agus ag Tomás Ó Colmáin. Soláthruigheadh mór-chuid abhrán den tsórd so i nGaeltacht na hAlban ach is beag ceann mar é do fuarthas in Éirinn. — F. na L.] CÁ RABHAIS AR FEADH AN LAE UAIM. Gléas F. I. Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a bhuachaillín óig? Cá rabhais ar feadh an lae uaim, a laogh ghil 'sa stór? A' fiach 'sa' foghlaereacht, a mháthairín ó! Agus cóirigh mo leabaidh, táim breóite go leór! II. Cad a dh'ithis dot' dhinnéar, a bhuachaillín óig? Cad a dh'ithis dot' dhinnéar, a laogh ghil 'sa stór? D'itheas sicíní nimhe(e) bhí ar phláitíní óir, Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór! III. Cad a dh' fhágfair ag(e) t'athair, a bhuachaillín óig? Cad fhágfair ag(e) t'athair, a laogh ghil 'sa stór? Cóiste 's cheithre capaill, a mháthairín ó, Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór! IV. Cad a dh' fhágfair ag(e) d' mháthair, a bhuachaillín óig? Cad fhágfair ag(e) d' mháthair, a laogh ghil 'sa stór? Mo bha 's mo chuid tailimh, a mháthairín ó! Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór. V. Cad a dh'fhágfair ag(e) d' mhnaoi pósta, a bhuachaillín óig? Cad fhágfair ag(e) d' mhnaoi pósta, a laogh ghil 'sa stór? Fágfad croch chun í 'chrochadh is téad láidir chóir, Agus cóirig mo leabaidh, táim breoite go leór. VI. Cár mhaith leat bheith curtha, a bhuachaillín óig? Cár mhaith leat bheith curtha, a laogh ghil 'sa stór? I dteampall Chill Mhuire, a mháthairín ó; Agus cóirig mo leabaidh, táim breóite go leór! [Oighre óg go dtug a bhean phósta nimh do in a chuid bídh é seo. Is beag aicme i Roinn na hEórpa ná fuil abhrán ar an adhbhar céadna acu. I mBéarla tá, "where were you all day my own pretty boy," in Éirinn agus … "Lord Ronald, my son," in Albain. I mBonán anaice Neidín i gCiarraighe do fuaireas na focail mar atá anso is do chuireas i gcló i "Smóilín na Rann" san mbl. 1908 iad agus i "Sean-Amhráin na Mumhan" n-a dhia' san. D'airigheas "a chuid de'n tsaoghal mór" sa tarna líne agus "táimse tinn breóite is leog dom go fóil "sa cheathramhadh líne de gach bhéarsa ag duine éigin is níor mhiste é an t-abhrán de'n méid sin atharú cainte anso 's ansúd, b'éidir. D'airigheas "fuaireas dhá eascúin úra is salann is nimh brúite" ag duine eile fós sa trímhadh líne de'n tarna bhéarsa. Mairisil ní Mhurthuile do chuir síos an ceól dom. Fonn cosamhail le "Reidh-Chnoc Mná Duibhe" a chuirtear leis in Íbh Ráthach. Tá fonn eile ar fad ag Petrí dho, ceann atá deallratach le fonn "Avenging and Bright" is dóigh liom. Imighean sé seo mar abhrán go deas idir bheirt .i. garsún ag leogaint air bheith go han-donaidhe agus cailín ag déanamh truaighe dho. Iad a bheith déanta suas in éadaighe oireamhnacha. — F. na L.] DÉ BHEATHA 'UÍ SHÚILIOBHÁIN (Fáilte a bhaile roimis an taoiseach.) Fonn:- "Máirseáil Uí Shúiliobháin." I. Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha 'bhaile, 'Uí Shúiliobháin Mhóir! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha 'bhaile, 'Uí Shúiliobháin Mhóir! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha' Uí Shúiliobháin! Dé 'bheatha! Dé 'bheatha! Dé 'bheath' Uí Shúiliobháin! Dé 'bheatha 'bhaile! a mharcaig thar sáile! Dé 'bheath' ad' shláint'! 'Uí Shúiliobháin Mhóir! II. Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe 'bhaile! 'Uí Shúiliobháin Mhóir! Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe! Céad fáilthe 'bhaile! 'Uí Shúiliobháin Mhóir! Fáilthe dhíbh do'n tír! 'Uí Shúiliobháin! Fáilthe dhíbh go fíon-bhrog Dhúin na mBárc! Fáilthe 's dachad! go talamh do shinnsir! Fáilthe ó chroidhe! 'Uí Shúiliobháin Mhóir! MÁIRSEÁIL UÍ SHÚILEABHÁIN. Gléas E. AILLILÚ MO MHÁILÍN. Gléas E. I. Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh uaim! Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh uaim! Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh uaim! Ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh uaim! Cad do bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh uait? Cad do bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh uait? Bhí min is plúr is prátaí in sa mháilín a goideadh uaim, Is mísleáin bhlasta bhreághtha sa mháilín a goideadh uaim. II. (Is) ailliliú! mo mháilín! mo mháilín a goideadh uaim! [É seo do rádh cheithre huaire mar atá thuas.] Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh uait? Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh uait? Bhí arán is ím is cáise in sa mháilín a goideadh uaim, Is ubh na circe báine sa mháilín a goideadh uaim. III. Is ailliliú! mo mháilín, & rl. (Cheithre huaire ) Cad eile 'bhí ad' mháilín, do mháilín a goideadh uait? Cad eile …? Bhí ubhla ann is oráistí in sa mháilín a goideadh uaim, Is mil, an chuid is feárr di, sa mháilín a goideadh uaim. IV. Is ailliliú! … Cad eile …? Bhí bróga 's stocaí bána, in sa mháilín a goideadh uaim, Is rásúr faoíbhir chun beárrtha sa mháilín … V. Is ailliliú! … Cad eile …? Bí ór buidhe ann is pláta in sa mháilín a goideadh uaim, Is nótaí nua na h-áite, sa mháilín, agus rl. VI. Is ailliliú! … Cad eile …? Bhí féirín chun mo mhná ann in sa mháilín … Is balcuisí mo pháisdín a mháilín … VII. Is ailliliú! … Cad eile …? Bhí ceann muice 'gus cabáiste in sa mháilín … Is togha is rogha 'n cháimric sa mháilín a goideadh uaim. [Bhíodh so idir bheirt, an chéad duine ag cásamh a mhála is an duine eile ag cur tuairisge gach ruda do bhí ann. B'éidir leanmhaint de ach tuille rudaí a bheadh oiriúnach do'n sgéal a dh'ainmniú, cuir i gcás "Leabhrín Sheáin Uí Dhála," "pinsil Mháir' ní hÁinle" "Smitíní mo mháthar," agus rl. is mar sin do ghnítí fad ó. — F. na L.] AN MAIDRÍN RUA. Gléas E. Is gnáth an ceól d'atharú mar leanas san dara líne i gcóir an churfá. I. Ag gabháil ó thuaidh dom trí Sliabh Luachra Agus mise 'cur tuairisg' mo ghéanna, Ar mh' fhille a dtuaidh, seadh do fuaireas a dtuairisg, Go raibh "Donncha Rua" ghá n-aeracht. Curfá: An maidirín a-rua rua, rí-rua, rua rua, An maidirín a-rua tá dána! An maidirín a-rua n-a luighe sa phluais Agus barra a dhá chluas ináirde! II. Níl cnoc ná coill ná cluasán puill, Ná lúb ná leadhb in Éirinn, Ná go rabhas agus mo mhuíntir de ló agus ist oích' ann, I ndiaidh an mhaidirín rua ar saothar. Curfá: Ó an maidirín a-rua rua, & rl. III. Croídhe crua' cráite chughat! a mhaidirín ghránna! Do sciob uaim m'ál breágh géanna, Mo chearca beaga bána, mo choilig is mo bhárdail Is mo lachain dob' fheárr bhí in Éirinn. Curfá: Ó an maidirín a-rua rua, & rl. IV. Ní bhlaisfead piuc is ní íosad giub, Is ní raghaidh aon smut am' béal de, Curfá: Ó an maidirín a-rua rua, & rl. V. (Go Fuinneamhail.) Hóirc! Hóirc! Truelip! mada rua ar múrgailt! Siúd ós na gadhair é ar saothar, Hula! Hula! Piper! Juno! Dido! Hector! Finder! Bateman! Tally ho le na bhonn! Tally ho le na bhonn! Tally ho le na bhonn! an coileáinín! Tally ho le na bhonn! Tally ho le na bhonn! Agus barra a dhá chluas ináirde. Ar a bholadh 's ar a bhonn! Ar a bholadh 's ar a bhonn! Ar a bholadh 's ar a bhonn go Cill Áirne! Ar a bholadh 's ar a bhonn! le tally ho the hounds! Caoine an mhada ruaidh. (Go brónach, Portaireacht a ghabhann leis seo:) An curfá arís chun deiridh (go mear): An maidirín a-rua rua, rí-rua, rua rua, & rl. Scríobhas síos an chuid is mó dhe seo ó bhéal Shéamuis Uí Shéagha, feirmeoir a chómhnuighean i mBaile 'n Leathair, baile beag ag bun Carráin Tuathail anaice Chill Osglan. Bhí cuid de agam féin ó bhíos am' gharsún. Ní mór an deifir atá idir an t-abhrán fé mar tá sé agam-sa anso agus an leagan de a cuireadh i gcló i "nGuth na nGaedhal" thall i Lúnndain agus arís sa "Ceól Sidhe," agus i leabhraibh nach iad, leagan a fuarthas ó'n gceóltóir Pádraig Ó Séagha (nach maireann). D'innis Pádraig dom gurbh é an t-Athair Muiris Ó Faoláin, Abb. Choc Mellerí, do mhúin do féin é, an chéad lá. Tá ceathramha acu san ná chuala ag na Gaedhilgeoiríbh i gCiarraighe, mar atá: "Siúd chugaibh ramhar-phoc! Beirigí in am air! Is coinnigí i dteannta na bpiléar é! Nó go dtiocfaidh an t-am air go mbainfear an ceann de, Ní bheidh cearca go ramhar ag Séamus." Roimh an "Tally ho …" a thagan an méid seo isteach. Deir mo chara Séamus Dubh liom gur tagairt do "Rí Liam" agus "Rí Séamus" atá san bhéarsa so. Rí Liam an "ramhar-phoc" dar ndó! Cuid de'n seana-phort go dtugtar "Fiadhach an Mhada Ruaidh" air iseadh an ceól. Bhíodh atharú puirt mar leanas ag Pádraig Ó Séagha do'n dé líne "Croidhe Crua" … géanna," agus arís do "Siúd chugaibh ramhar-phoc … bpiléar é": Tugaidh fé ndeara gur "Maidirín A-rua …" adeir na Gaedhilgeóirí san gcurfá. D'airigheas focail Gaeluinne mar seo in Íbh Ráthach in inead Nó go bhfaghad-sa ceann agus bás an úghdair, Is go mbainfe mé díol an ghé dhíot. LEANBH AN CHLAMHRÁIN. Fonn: Tally hi ho, hi ho." (Féach leath. 16.) Gléas C. Luinneóg: Cumá ná beiríghean sibh bainne dhom? Cumá ná tugan sibh im dom? Cumá ná téidhean sibh 'n chathair Ag ceannach luach leath-phinge 'chís dí. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3135 |
4 | Craobhscaoile Gearaltach in Éirinn | Ó Murchadha, Uilliam | — | — | 1747 | 18 | prose | (B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1907) | 14,432 | 2,823 | {N IG17 340-343,354-359,376-379,387-391,414-415,418-424} {L 340} {B 1747 18L} {G L} {U 0287} {C Prós} {M 8} Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn Iar n-a chur ó Laidin go Gaoidhilg as Relatio Geraldinorum le hUilliam Ó Murchadha, Ag Rinn an Chinnphéicigh, An cúigeamhadh lá déag de Iúil, Míle seacht gcéad is seacht mbliadhna ar dá fhichid. An díonbhrollach nó an reamhrádh Do chum an léightheóra. Ag seo chugaibh a léightheóirí, suim aithghearr an Tráchta, .i. Relatio Geraldinorum, do scríbh an t-eagailseach ionnraic is an flaith foghlumtha fír-eólach, is an diadhaire diadha deaghshomplach Ó Dála .i. bráthair blasta béal-órdha as Éirinn do ba phroifeasúir dídheachta agus Biocáire Geanarálta i Liosbón san Phóirtinéil ar Chraobhscaoile Gearaltach i nÉirinn, iar n-a chur ó Laidin go Gaoidheilg, óir ba thruagh liom gan an tuarasgabháil fhírinneach fhóirleathan tug an t-úghdar roimhráidhte ar na huaislibh calma cathbhuadhacha san do bheith i dteangain na tíre i n-ar chomóradh a ngnáith-éachta; agus cíodh nár thualaing mé ar an saothar so do chur insa chruith ná insa chulaith do ba ionchuibhe don ocáid, geallaim dam féin go ngéabhaidh gach léightheóir deigh-mhéinneach mo leithscéal; oir má tá (ó atáim i náirighthe go bhfuil) nídh ar bith oilbhéimeach im chuidse dhe, ní easbha foinn ná fír-mhéinne fá ndeara é acht easbha eóluis, agus muna bhfuil maith eile ann, tá an méid seo ann, gur osclas bealach is beárna d'aon éigin eile dochum a dhéanta ní bhus fearr; gidheadh an bhuidhean bhiaidh ag breicneóireacht chum brabaduigheacht is bearrthóireachta air, níl neart agamsa ortha, acht innsim dóibh nach fuil ionnta acht amhuil cuil do thuirlingeóghadh ar mhairc do chum a himdheargtha agus ní chum a chneasuighthe. Is é meódhan do ghabhas insa mbeag-shaothar so, na cinn do thógbháil as an roinn déaghnaigh den leabhar Fol.133, thosuigheas mar seo, Propagatio Geraldinorum in Hib., etc., i n-a dtosnuigheann sé le Muiris mac Gearailt, an chéid-fhear tháinig go hÉirinn díobh, agus i n-a leanann ortha dhiaidh i ndiaidh gus an bhfear déagnach, oir innseann annso go haithghearr cia an áit is an bhliadhain d'aois an Tighearna i n-ar éag gach n-aon aca; agus do rinneassa amhla san, agus a dtráchta ar gach n-aon aca fá seach; do thógbhas as corp na staire roinn de gach nídh dá bhfuaras támhascamhail nó iomráidhteach i n-a bheathaidh gur chuireas i ndiaidh báis an fhir sin i n-a ionad féin é. Gidheadh d'fhágbhas mórán de neithibh maithe ann gan trácht ortha, óir ba mhian liom beith gearr. Gaibh a dhithchioll, a léightheóir ionmhnin, ót shearbhóntuidhe síorghrádhach, Uilliam Ó Murchadha. Tuig fós, a léightheóir eagnaidhe, gurab ar fhuireálamh Phiarus Mac Gearailt, Bhaile Uí Chionnfhaolaigh do rinneadh an beagshaothar so. Ag seo Piarus dochum Uilliam: {C Fil.} A chogair, a chumainn 's a chuisle nách faon sa duain, 'S do fromhadh go milis gan time le héigsibh suairc, Corruighse t'inchinn chliste agus réidh mo ghuais I dtobar na mbruingeal ó fuineadh do dhréacht i n-uaim. Cíodh follus mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuaith Ag cosnamh go cumasach dlighthe na naomh go buan, 'S i gcogadh ba mhinic le buirb ag déanamh buairt, Ag coscairt 's ag ciorrbhadh fuirinne an Bhéarla mhuair. {C Prós} Seán Ó Murchadha dochum an scríbhneóir roimhráidhte ag moladh a oibre, an tan do léigh is do thaithnidh ris. {C Fil.} Is duine do foilceadh i dtobair na naoi mbéithe 'S do fromhadh i scolaibh go focailcheart, séimhléigheanta, d'fhoscain go solusghlan noda gach tréan-dréachta Lér chorruidh an obair seo socair i mbinn-Ghaedheilg. Molaimse t'obair ghlan shomholta chaoin-tréitheach d'fhoscail go solusmhar sonas na bprímh-ghéag san, Do chosmaimh go colgach cosantach buidhean léidmheach Ar orchra, ar dhonus, ar thubaist, na fíor-Gaodhail. {C Prós} Ceap Craoibhe Gearaltach. Gearaltaigh iarlaí Deasmumhan i nÉirinn do ba follus calmacht, do fríth gurab ó na sean Troianaigh fuaradar ceap a gcraoibhe, óir iar ndul do Æeneas ag déanamh congcuis don Iodáil do rug leis drongbhuidhean de thaoiseachaibh calma, go raibh díobh so duine támhascamhail deárscnaighthe seach cách .i. stoc is ceap craoibhe Gearaltach. Agus an tan do bhí Æeneas go sítheóilte i seilbh na hIodáile do thug fearann claidhimh do gach n-aon tháinig leis ón dTraoi go ráinig chum an chéad-athar so ár nGearaltach mar roinn an chuid is saidhbhre den Etruria mar a bhfuil Florentia anois, go rabhadar diaidh i ndiaidh i seilbh na saor-bheathadh san go dtárla go raibh Uilliam, Diúic Normandy, ag tiomargain sluagh do chum a theidil chum coróinn na Sacsan do thagairt i n-aghaidh Harold do ba rí Sacsan an tráith sin, go dtáinig dochum congnaimh le hUilliam aon den chine roimhráidhte do ba sóisear, go ndrongbhuidhean chalma leis, agus iar ngabháil buadh do Uilliam do thug dó so i ndíol a chródhachta caisleán is Mainéar Uindsor sa mbliadhain 1067, gur shealbhuigheadar a sliocht é go haimsir Ghualtherus mac Etherus. Do bhádar ag an Gualtherus sin triar mac; ón mac ba shine .i. Uilliam, thángadar iarlaí Uindsor: ón dara mac .i. Roibeard, tháinig iarla Essex anois 1655; an treas mac, iomorra, Gearalt ainmnighthe Uindsor, do ghaibh mar bhainchéile inghean Rís, móir-phrionnsa Breatan. Is léi do bhí aige Muiris Mac Gearailt ó dtáinig an móirghiúistís sin na hÉireann .i. Tomás Mac Muiris atá adhlaicthe anois i dTráighlí, d'fhág san dá éis dias mhac .i. Seán is Muiris - an chéid-fhear, céad iarla Chille Dara; an fear déidhnach, céad iarla Deasmhumhan. Muiris Mac Gearailt as Uindsor an chéad Ghearaltach táinig go hÉirinn .i. maraon le Diarmuid Mac Murchadha san mbliadhain 1169. Ba mhór ceannus is céim is comhacht an Mhuiris réamhráidhte seo i Sacsaibh ria dteacht go hÉirinn dó, óir do ba Ridire an Lomra Órtha é, .i. Eques Auratus, .i. Knight of the Golden Fleece ionnus alos a chéime is a chródhachta ná raibh triath ná taoiseach san eachtra san ba lia, ba líonmhaire is ba lánfhairsinge fuair fearainn fhéarmhara is beatha bhioth-bhuan dó féin is dá shliocht i nÉirinn ón dara Hannraoi, rí Sacsan an tráith sin, 'ná é. Ag seo mar adeir an t-ughdar maxime vero omnium Mauritium - ingentibus afficit honoribus et praediis ditat, .i. isé Muiris is iomdha do fuair d'onóir is de bheatha dhíobh uile. Ag seo mar adeir arís san áit chéadna, quae magna ipse virtute parta, majori defendit, auxit maxima .i. gach a bhfuair le cródhacht mhóir do chosnaimh le cródhacht ba mhó, agus do mhéaduigh leis an gcródhacht ba ró-mhó. Gearalt Mac Muiris fó-rí Eireann, noch d'éag i naibíd mhanaigh i nEóchaill san mbliadhain 1205. Ní bhfaghaim nídh ar bith támhascamhail i na bheathaidh so, acht go saoilim gur duine oirdheirc é; óir ba fó-rí Éireann, amhail adubhramair thuas, agus do thréig onóir agus toice an tsaoghail seo, gur chríochnuigh a bheatha go cráibhtheach. Muiris Mac Gearailt do rinn Mainistir San Phroinnsias i nEóchaill; is í céadfa droinge gurab é seo an Muiris do ghaibh mar mhnaoi inghean Gailfred Morison, fó-rí Éireann: d'éag sé san mbliadhain 1257. Ba thréan an teasaidheacht creidimh is an lonnradh lánghlóire do bhí i gcroidhthibh cródha cathbhuadhacha na gcéad-athar so ár nGearaltach i nÉirinn, amhail is léir i mbeathaidh na díse roimhráidhte. Tomás Mac Muiris do marbhadh i gCallainn Ghlinne Ó Ruachta mar aon agus 'aon mhac Seán do ba Ridire an Gháirtéir. Is iad do rin Mainistir Thráighlí. Do marbhadh iad amhail a dubhramair i gCallainn i ndúithche Mhic Finníghin i mbliadhna 1260. I n-aimsir an Tomáis seo do ghaibh uamhan is imeagla Mac Cárrthaigh Mór, cíodh gurab inghean do Thomás ba bhainchéile dhó, agus mórán eile d'uaislibh na ríoghachta i dtaobh ceannuis tréine is saidhbhris Gearaltach, ionnus go ndeachadar ós íseal, i gcomhairle, créad an modh ar a dtiocfadh leó mórdhacht mhórchomhachtach na nGearaltach do chlaochlódh agus is í comhairle do cinneadh aca, amus anfhórlannach do thabhairt ar Thomás, agus dá dtigeadh leó é do mharbhadh go mbadh críochnughadh do cheannus is do chóimhthréine Gearaltach a éag; agus tárla fós fé an dtráith sin go raibh Tomás ag dul ar eachtra go Sacsaibh, go na mhac Seán agus beagán buidhne ag dul maraon leis, chum a fhaicsiona ar bórd luinge, gur tugadh ionnsaighe ainbhfiosach fhóiréigneach ortha, ionnus go dtángadar na sluaigh sáiriomdha go neimhfheasach dóibh rompa is 'na ndiaidh. An tan do chonnairc Tomás go na bheagan buidhne ná raibh fáth taithleachuis ná teasraigthe aige, iompuigheas go teann tréan-chalma ar na tromsluaghaibh agus tug comhrac cródha coinscleódhach dhóibh, gur thuit féin is a mhac fá dheóidh san íorghuil sin le hiomarca anfhórlann. Beag nachar chríoch do na Gearaltaigh leis an mbuille sin, óir ní raibh d'fhíorstoc Gearaltach ar marthain i nÉirinn an tráith sin acht naoidhean aoinmhic do Sheán mac Thomáis do bhí ar altrom i dTráighlí. Agus an tan ráinig tásc an dtruaighscéal san iad d'imthigh banaltra an naoidhin maraon le cách ar foluamhain síos is suas ag síorghol, ionnus gur fágbhadh an leanbh in' uathadh agus in' aonar i na chliabhán. Thárla go raibh ápa mór istigh, agus an tan mhothuigh an leanbh in' aonarán, goideas as an gcliabhán é, agus tógbhas leis ar phionúinibh fíorárda an chaisleáin é, agus nochtas é, go raibh agá shír-cheartughadh agus agá shleamhain-shlíobadh de réir a nádúra féin, go raibh tuirseach dá oileamhain, agus ar gcur a éadaigh air tugas leis gus an áit i bhfuair é; agus iar bhfagháil na banaltran i bhfochair an chliabháin ag nuallghubha, óir níor saoileadh go dtiubhradh an leanbh slán tar ais, buaileas bas bhaiscneach uirthi do thaoibh an leinbh d'fhágbháil in' aonarán; gur de lean an fhorainm de, .i. Tomás an Ápa, forainmnighthe ón ápa. Do b'í a bhainchéile Siobhán inghean Tighearna Barrach; do b'iad a chlann mac Muiris agus Seán ó bhfuil mac Thomáis Déiseach. Iar gcaitheamh aon bhliadhain déag ar fhichid i dtighearnas, d'éag san mbliadhain 1291, agus do hadhlacadh i dTráighlí é. Iar dteacht i naois feardhachta dhon Tomás so, ba mhór a chéim a cheannus is a chródhacht, ionnus go ndearnaidh dian-argain is díoghaltas i néiric báis a athar is a shean-athar, gur fhág dá éis i seilbh saoir-fhearann a shean is a shinsear a mhac meanmnach móir-éachtach, .i. Muiris mac Thomáis céad Iarla Deasmhumhan. Do ba fó-rí Éireann é, agus do b'í a bhainchéile inghean Diuic Bucingham; an dara bainchéile dhó, inghean Ghailfred Morison, nó Noiréis; agus is leis an mnaoi chéadna do fuair sé Oileán Ciarraighe; a threas bainchéile inghean an Iarla Ruadh, nó de réir druinge eile Eilionóir inghean Mhic Muiris Chiaraighe. D'éag sé i nÁth Cliath san mbliadhain 1355. Isé an Muiris seo fuair gairm agus teideal Deasmhumhan ar dtúis i nÉirinn ón dtreas Éadbhard, rí Sacsan, an dara bliadhain dá réimheas. Go grod dá éis sin, do chuaidh go hAlbain ar fhuireálamh an ríogh agus do thug creacha agus cíoscháin leis as. Do rinneadh dá éis sin ceann feadhna cobhlaigh dhe chum léirscrios is lán-ruagadh do thabhairt ar iliomad foghlaidhthe fairrge do bhíodh ag lot is ag lánbhuaireamh tráchtála na mara an tráth san, ionnus go ndearnaidh an fhairrge sídheach sítheóilte chum seóltóireachta, agus do chosnaimh na Gaedhil i nísle is i numhlacht don choróinn gur éag. Annso ní thigid na seinleabhair Gaedhilge le chéile. Cuirid roinn díobh Gearóid go hinmheódhnach i ndiaidh Mhuiris. Gidheadh, cuirid an chuid eile, idir Mhuiris is Ghearóid, Muiris eile a mhac agus Seán dá Iarla mar leanas. Muiris Óg, Iarla is fó-rí Éireann, do báthadh san mbliadhain 1357. Ní bhfaghaim nídh ar bith iomráidhte i na bheathaidh; óir iar gcaitheamh dhá bhliadhain i noighreacht is i dteideal a thréan-athar, do báthadh ag dul go Sacsaibh é; gur ghaibh a dhearbhráthair a oighreacht, óir d'éag féin gan sliocht. Seán Mac Muiris d'éag san mbliadhain 1369. Ba dhuine arrdhachta, árd-aigeantach an Seán so; agus níor bh'fhuláir dó féin gur bh'eadh, óir an dá bhliadhain déag do bhí in' iarla ní bhfuair sé suaimhneas ná síothcháin ó mhórán de shean-uaislibh na hÉireann, óir ba chiach is ba chásmhar leó seilbh saor-fhearann a sinnsir do bheith i lámhaibh eachtrann. Ionnus go mba comhbhuartha a bheatha gur éag. (Ní Chrioch) Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn II. Gearóid Iarla, mac Sheáin déidheanaigh, dá ngairmthí fós Gearóid File; do b'í a bhainchéile Eilíonóir Buitléar, inghean Iarla Urmhumhan, nó de réir druinge eile Inghean Mhic Ristird. Do bhádar triar mac aige, .i. Seán, Séamus, agus Muiris. d'éag sé san mbliadhain 1399. Ba deagheólach an druadh agus an draoi an Gearóid seo. Do chosnaimh agus do chaomhain go cródha is go comh-chalma oighreacht a shean is a shinsear, gur éag iar gcaitheamh tríochad bliadhan in' Iarla, gus an mbliadhain 1399; gur fhág dá éis a mhac Muiris, noch d'éag gan sliocht i bhfoircheann na bliadhna roimhráidhte. Seán Iarla, mac Ghearóid, do báthadh isan tSiúir ag Árd Fíonáin san mbliadhain 1400. Sul do ráinig leis seo a chródhacht féin ná síor-chalmacht a shinsear do thaisbeánadh, ag dul go Cluain Meala dhó, do báthadh insan tSiúir é,, amhail adubhramair. Tomás Iarla, mac Sheáin do hionnarbhadh don bhFrainnc le bráthair áirithe dá athair, nó fós le Séamus dearbhráthair a athair. D'éag sé sa Normandí, anno 1420. Do chuaidh an Tomás so i neasumhla ar choróinn na Sacsan; ionnus ar na ghairm san gcúis sin, go mba éigean dó dá fhear dhéag barún de Shean-ghallaibh Éireann do thabhairt i slánaibh air go bhfreagóradh sé an lá cinnte san gcúis gcéadna. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh leis freagradh, ionnus gur chailleadar na slána do chuaidh air mórán de thaoibh a ngeallamhna ar a shon agus gur hiompuigheadh a bheatha, a chrodh is a cheathra féin chum fóghnaimh don choróinn; agus ar gcaitheamh tréimhse i nÉirinn dó ar uathadh coda is carad do chuaidh don bhFrainnc, gur éag ar deóraidheacht ann, an fichmhadh bliadhain iar bhfagháil gairme Iarla dhó. Séamus Iarla, mac Ghearóid; do b'í a bhainchéile Máire de Búrc, inghean Tighearna Mhac Uilliam Chloinne Riocaird, .i. Uilliog Óg, mac Uillig; do b'iad a chlann mac Tomás agus Gearóid, Tighearna na nDéiseach; d'éag sé san mbliadhain 1450. Do b'é Séamus so treas mhac Ghearóid do ba Iarla tréimhse roimhe sin, agus dearbhráthair athar an Tomáis roimhráidhte. Do fuair sé ón rígh seilbh sítheóilte saoir-fhearann a shean is a shinsear, ionus iar gcaitheamh tríochad bliadhan go calma comh-chródha in' Iarla, gur éag fá dheóidh. Tomás, mac Shéamuis, Iarla agus fó-rí Éireann; do b'í a bhainchéile Eibhlín nó Allsún, inghean Tighearna Báróideach. Do baineadh a cheann de i gCathair an Droichid, .i. Droichead Átha, san mbliadhain 1466. Do b'iad a chlann mhac Séamus, Muiris, Tomás, Seán, agus Gearóid Mocholpa. Iar ngabháil oighreachta dhon Tomás so, ba mhórdhálach a mhóir-éachta. "Ob praeclara gesta Magni cognomen adeptus est," adeir an tUghdar; .i. ó na gníomha do comóradh leis do fuair an fhorainm, .i. Tomás Mór, mac Shéamuis. Do b'ionmhuin ag an gCeathramhadh Éadbhard rí Shacsan, é; óir ba chomhthréan a chomhlann 'na choghnach slóigh i naoi gcathaibh i bhfochair an ríogh romhráidhte san imreasán ba fír-mhinic an tráth soin idir threabhaibh an dá tigh York agus Lancaster. Agus iar ngabháil buadh fá dheóidh d'Éadbhard, - óir do ciorrbhadh an tráth soin treibh Lancaster go huile, acht Iarla Richmond amháin - gabhas Éadbhard an ríoghacht d'éis sin, agus is fíor-onóireach do friotháladh an tIarla Tomás aige maille re duaisibh dian-mhóra, go dtug gairm fós agus fír-theideal fó-rí Éireann dó. Le teacht go hÉireann dó, gairmeas an rí ós íseal chuige é, go ndubhairt: "A Thomáis," ar sé, "má's aithne dhuit nídh ar bith oilbhéimeach im réimheas, alos ár gcaradra is ár gcian-mhuinnteardhais craobhscaoil anois dam é." "Nocha n-aithne," ar Tomás, "acht amháin nach bainchéile do dhiongmhála do ghabhais." Do b'í seo baintreabhach Sheoin Grae, .i. an Ridhire Órtha, do marbhadh gearr roimhe sin ag St. Albans. "Óir dá bhfaghthá thú scaradh léi agus inghean prionnsa príomh-chomhachtaigh éigin do ghlacadh do ba meadhón maith dhuit chun na ríoghachta do chosnamh is do chaomhnadh é." Gabhas an rí buidheachas leis, go ndubhairt leis gan an nídh sin do nochtadh do neach ar bith eile. Triallas an tIarla a a bhaile, go raibh ar feadh seacht mbliadhan dá éis sin ag ceart-riaghlughadh na críche, go cruthughadh fó-ríogh eile in' ionad; agus do mhair go séanmhar síor-shona mórán bliadhan dá éis sin, gus an gcrích chinneamhnaigh do cuireadh le na bheathaidh; óir do luigh lámh Dé go trom air de thaoibh na corr-chomhairle do thug don rígh roimhe sin, ionnus gur cailleadh ar an módh so é. Thárla tráth imreasán idir an rígh agus an ríoghain chéadna, Eilís; ionnus gur labhair an rí go colgach casaoideach léi, agus ar mbeith dhise 'n-a mnaoi uaibhrigh árd-aigeantaigh do fhreagair go heasurramach é, ionnus gur fearguigheadh go fíor-mhór an rí go ndubhairt: "Dá leanainnse comhairle Iarla Deasmhumhan do bheadh fine agus foircheann let chorr-mhórdháil chinntréin cian ó shoin." Isligheas agus umhluigheas an ríoghan, iar na chlos soin, don rígh, go dtárla mar ba dleacht síth agus sáir-ionmhuine eatortha dá éis sin; gur agallaimh an ríoghan é, ar na fhagháil i módh oireamhnaigh chun fiafraighthe, créad an chomhairle sin tug an tIarla dhó dá taoibh féin. Inniseas an rí - gan smaoineamh aige ar olc ar bith do theacht don Iarla dhe - an chomhairle go huile is go hiomshlán di. Smaoineas sise i na meanmain féin créad an modh ar a bhféadfadh díoghaltus do dhéanamh ar an Iarla go neimhfheasach dhon rígh; gur scríbh chun an Iarla Worcester, do ba fó-rí Éireann an tráth soin, litir fá shéala mór na Sacsan - óir do goideadh an séala léi chum na hocáide sin - dá fhógradh dhó i bpéin umhla, Iarla Deasmhumhan do ghairm, agus an tan do gheobhadh fá n-a chomhachtaibh é, a dhíthcheannadh gan fuireach. Iar bhfagháil na litire do Worcester - óir do shaoil gurab ón rígh í - gairmeas an tIarla chuige go Droichead Átha, agus iar dtaisbeánadh na litire dhó, do díthcheannadh ar an láthair sin é. Iar gclos na scéal soin dá chúigear de mhacaibh meara meanmnacha móir-éachtacha, gabhaid a nairm is tógbhaid a meirge is a mbratacha maiseacha maoth-shróill, agus gairmid chucha do gach leith a gcaraid a gcomhfhoguis is a gcompáin, agus gabhaid ag ciorrbhadh ag creachargain is ag comhloscadh na críche cian-fhairsinge do gach leith gur shroicheadar geataí Átha Cliath, ag déanamh díoghaltuis agus dian-airgthe i néiric bháis a nathar. Do fearguigheadh an rí féin go fíor-mhór ionnus go madh éigean don ríoghain teicheadh, agus gur gairmeadh an fó-rí Worcester go Sacsaibh, mar ar díthcheannadh é - cé gur thaisbeáin an litir roimhráidhte do shábháil a anma - i n-éiric an ghníomha, agus do mhíniughadh mhóir-fheirge na nGearaltach, is gléire a nglan-tsluagh. Séamus Iarla, mac Thomáis do marbhadh é maraon is a mhac i Ráth Caola, anno 1487. Iar mbeith dhó is dá chomhbhráithribh ag creachadh is ag comh-argain, amhail adubhramair, scríobhas an rí go sídheach sár-mhuinteardha chucha agus iarras ortha gan tuilleadh dochair ná díoghbhála do dhéanamh, agus go madh truagh dhóibh sar-ghlóire a sean is síor-onóir a sinsear do thruailliughadh is do tharcuisniughadh le teideal Rebeliun do thuilleamh dhóibh féin; agus fós dearbhas dóibh go madh neimhfheasach é féin ar bhás a nathar; agus geallas duaise dian-mhóra dhóibh acht a n-airm do leagadh is tilleadh ar a n-umhlacht; agus iar léigheamh na litre dhóibh, do cinneadh an chomhairle sin aca; ionnus iar dteacht chun suaimhneasa dhóibh gur bhronn an rí do Shéamus Pailitíneacht Chiaraighe an tráth soin, agus fós baile is caisleán Dúna Garbháin, go mórán de phrímhléidíbh eile dhó féin agus dá shliocht go bráth. Do ba iarla gach n-aon de chúigear mac Thomáis acht Gearóid amháin; go bhfuair sin Mocholpa is Cois Brighde uile mar bheatha dhó féin; agus isé céadfa gach n-aon go mairid a shliocht so, cé íseal, gus indiu. Do ba dhearbhráthair don Tomás so Gearóid ó dtáinig Tighearna na nDéiseach. Ba fear glic gasta glain-chéillidhe an Séamus so, is d'fhairsingigh a bheatha go fíor-mhór le dochar na nGaedheal. Iar gcaitheamh cúig mbliadhan go foirtiúnach fíor-shonaí in' iarla do marbhadh, go feasach dá ghaol féin, agus fós de réir druinge dá dhearbhráthair Seán, i na dhún is i na dheagh-árus féin i Ráth Caola é. Muiris, mac an Tomáis chéadna, dá ngairmthí Muiris an Charbaid; do b'í a bhainchéile, Eibhlín, inghean Tighearna Róistigh; d'éag sé san mbliadhain 1517. Do bhí de mhacaibh aige, Séamus Iarla, agus Tomás. Iar marbhadh Shéamuis, amhail adubhramair, gabhas a dhearbhráthair Muiris an iarlacht, óir d'éag féin gan sliocht. Do fuair alos a chródhachta dá éis sin gairm Mhuiris an Chogaidh. Is díleas do chosnaimh na Gaedhil i numhlacht do Choróinn na Sacsan gur éag; gur fhairsingigh go fíor-mhór ar a gcostus a bheatha féin. Do chuir fós Tighearna Muscraighe i mbraighdeanus, ó na bhraith éadmhar i dtaobh treise is tréine Gearaltach. Gidheadh, iar gcaitheamh tríochad bliadhan in' iarla, d'éag. Dá éis sin gluaiseais a mhac Séamus mhac Muiris, go sluagh-bhuidhean leis ag argain Muscraighe, go dtárla dhóibh, idir Mhalla agus Chorcaigh san áit dá ngairmthear (an) Mhóin Mhór, Cormac Óg Láidir, Tighearna Muscraighe, Mac Cárrthaigh Riabhach, agus mórán eile d'uaislibh Gaedheal; gur fearadh an cath cró-linnteach soin eatortha, .i. madhm (na) Móna Móire, mar ar briseadh do na Gearaltaigh; óir, ag tabhairt an chatha, lingeas Tomás Maol an Chunncuis do ba taoiseach ar mharc-shluagh Gearaltach an lá soin le fórsa forráin is le confadh catha, tré línibh is tré ranncaibh a armála féin gur oscail bealach is beárna dhá namhaid; ionnus iar na ghearradh agus iar na dhian-tuargain le hiomarca anfhorlann go mba éigean dó féin is dar mhair dá mhór-shluagh an machaire do thréigean. Dá éis sin do gairmeadh an Séamus mac Muiris seo go Sacsaibh, ar fhuireálamh Chairdional Wolseí; óir do hiomchasaoideadh ag an rígh, an t-ochtmhadh Hannraoi, leis an gCairdional go raibh caradra is cian-mhuinnteardhas ag an Séamus so dá chosnamh is dá choimeád leis an gcúigmhadh Cormac rí na hEaspáinne an tráth soin; agus fós go raibh ar a aire ionnsaighe eachtrainn do tharraing do chomh-bhuaireamh na críche. Gidheadh, níor bh'ionntaoibh le Séamus dul go Sacsaibh; óir do ba feasach é go raibh fuath agus fíor-mhioscais ag an gCairdional do na Gearaltaigh, agus fós gur mhór a cheannus is a chomhachta i gcúirt na Sacsan an tráth soin. An tan chonnairc an rí nár fhreagair Séamus an toghairm, scríobhas chun Iarla Chille Dara, do ba fó-rí Éireann an tráth soin bragha do dhéanamh de Shéamus agus a chur amhlasan go Sacsaibh. Iar bhfagháil na scéal soin d'Iarla Chille Dara ionnsaigheas Deasmhumhain go sluaghaibh is go sochaidhibh sáir-iomdha leis; agus iar mbeith tréimhse ag taisteal is ag tóraidheacht na tíre triallas tar ais gan a iarracht do chur i bhfeidhm - ní déarfad cia aca bhí d'uireasbhaidh air toil nó comhachta chun a chomhbhráthar do chur i gcuan a anma do chailleamhain. Gidheadh, cuireas an Cairdional i gcéill don rígh gur fábhar is fíor-chaomhnadh do rineadh do Shéamus, ionnus gur gairmeadh Iarla Chille Dara go Sacsaibh chun freagra thabhairt don rígh is don Chomhairle san gcúis sin. Dála Iarla Chille Dara, le triall go Sacsaibh dhó, fágbhas a mhac oighreachta, Tomás Mac Gearailt, ag caomhnadh is ag ceirt-riaghlughadh na críche dá éis; agus iar ndul i bhfiaghnaise is i bhfíor-láthair an ríogh is na Comhairle do chosnaimh is do chaomhain go ceirt-bhriathrach é féin - óir ba dhuine éagnaidhe árd-aigeantach é - ar cheilg, ar choraibh is ar choguas chointinneach an Chairdional, ionnus nár himreadh de dhaoirse ná de dhaor-bhruid air acht a chur i mbraighdeanus i dTúr Lunndain. Dála an Chairdional, téid go neimhfheasach dhon rígh go hárd-choimeáduidhe an Túir, agus d'fhógair dó i bpéin umhla an tIarla, do dhíthcheannadh gan fuireach. Téid an coimeáduidhe leis an uirgheall soin gus an Iarla, agus ba cumhach cásmhar leis é, óir do b'ionmhuin leis an tIarla. Iarras an tIarla air dul agus a fhiafraighe den rígh féin an é do chuir an t-órdughadh soin uaidh. Do tuigeadh don choimeáduidhe a chontabhairt féin ag cur i naghaidh an Chairdional; gidheadh téid go déidheannach san oidhche gus an rígh, agus taisbeánas órdughadh an Chairdional dó. Do fearguigheadh an rí go fíor-mhór uime sin, ionnus go ndubhairt leis an gcoimeáduidhe gan daoirse ar bith d'imirt ar an Iarla gan órdughadh spesialta a láimhe féin. Gidheadh do coimeádadh an tIarla san Túr go cian dá eis sin, gur chríochnuigh a bheatha ann. Iar leathadh fuar-scéalta fír-bhréagacha ar feadh na hÉireann an tráth soin gur díthcheannadh an tIarla i Sacsaibh, gabhas a mhac .i. Tomás an tSíoda, ag ciorrbhadh is ag creach-loscadh a raibh de Ghallaibh i nÉirinn an tráth soin; ionnus gur hairgeadh Áth Cliath uile leis go geataíbh an Chaisleáin. Iar gclos na scéalta soin don rígh cuireas fó-rí eile go hÉirinn, go sluaghaibh iomdha leis, ag ceirt-riaghlughadh na críche, agus ionnsaigheas, líon a sluagh, caisleán cosantach Muighe Nuadhad, óir d'fhág Tomás drong-bhuidhean ann do chosnamh an chaisleáin; gidheadh tug an ceann feadhna do bhí orra suas do na Gallaibh go fealltamhail fír-chealgach é, ar mbeith do Thomás i dtuaisceart Éireann ag déanamh tiomargan sluagh is sochaidhe chun na nua-ghall so do léir-scrios, do leadradh is do láin-díbirt. Iar dteacht tar ais dó, ionnsaigheas féin is an fó-rí, go líon a sluagh a chéile, gur fearadh cath créachtach cró-linnteach eatortha, gan fios time nó tláithe ar cheachtar den dá thaobh, gur chuir an oidhche críoch le n-a gcian-iorghail. Ar maidin ar na bháireach, cuireas an fó-rí teachta chun Tomáis ag tairgsin síthe is síothchána dhó, is ag geallamhain dó go dtiubhradh an rí i ndearmad gach ar imthigh thársa, agus go bhfuigheadh féin is a charaid ní bhus mó sochair is sár-onóra uaidh ná bhí aca roimhe sin. Glacas Tomás na tairgseana soin, agus iar mbeith socair síothchánta dhóibh, do rineadh braighde de Thomás is de chúigear dearbhráthar a mháthar, gur cuireadh amhlasan i naon luing go Sacsaibh iad, agus gur díthcheannadh iad gan fuireach. Agus do hiompuigheadh beatha an Iarla chun fóghnaimh is fíor-shochair don choróinn, iar n-éag dó féin san Túr an tráth soin; ionnus gur cuireadh foircheann is fíor-chrích leis an gcraoibh chródha chalma chath-bhuadhaigh sin d'fhíor-stoc Gearaltach, .i. Oighre Chille cian-ársadh Dara, acht amháin Gearóid dearbhráthair don Tomás roimhráidhte do b'óige iná é, agus fuair dá éis sin fearainn is fíor-theideal Iarla Chille Dara ón mBainríoghain Máire iar dteacht i gcoróinn di. Triall tar ais, a léightheóir, chum tráchta ar Shéamus mhac Muiris, Iarla Deasmhumhan; óir iar mbeith aon bhliadhain déag i gceannus d'éag sé, gur toghadh is gur toghairmeadh Tomás Maol - .i. dearbhráthair athar Mhuiris, agus treas mhac an Tomáis mhic Shéamuis do díthcheannadh ag Droichead Átha roimhe sin - mar iarla in' ionad. Craobhscaoile Gaeraltach i nÉirinn III. Tomás, mhac Tomáis; do mharbhadh a mhac Muiris, agus mac Mhuiris, le Bearnard nó Brian Dubh i nÁth Cille. Do b'í a bhainchéile inghean Tighearna Muscraighe. Dé seo gairmthí Tomás Maol an Chunncais. Ba chomh-thréan an curadh is an caithmhíleadh an Tomás so; óir do rug buaidh i naoi gcathaibh i na raibh; agus do ba ceann feadhna marcshluaigh é san iorghail thárla idir an Iarla romhráidhte Chille Dara, do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, agus Maghnus Mór Ó Briain; agus iar dtespeánadh a dtréan-chródhachta do gach leith don dá shluagh, nochar bhfhios cia aca a raibh buadh an chatha fá dheóidh (aige). Do bhí fós easaonta fíor-ghnáthach idir é féin agus Tighearnaí Muscraighe le na linn; ionnus, iar ngabháil buaidh ortha, gur marbhadh dias díobh leis, ar a raibh athair a chéile féin. Do bhí mac aige le hinghin an Tighearna Muscraighe romhráidhte sic .i. Muiris mhac Tomáis, noch d'éag roimhe féin, agus d'fhág dá éis mac, .i. Séamus mhac Muiris, do ba leacaoi onóra ag an Ochtmhadh Hannraoi, rí Shacsan an tráth soin. Iar gcaitheamh chúig mbliadhan in' iarlacht, d'éag, gur fhág an oighreacht ag mac a mhic .i. Séamus mhac Muiris, do bhí i Sacsaibh an tráth soin amhail a dubhramair. Dála Shéamuis, triallas go hÉirinn go sluaghbhuidhin maille leis gur ghabh cuan i gCorcaigh, agus, ag triall ar soin chun Luimnigh, thárla dhó i nduthaigh an Róistigh drong-bhuidhean deagh-thapa do chuir Muiris mhac Gearailt i bhfoslongphort ann le haghaidh a ídighthe, ionnus gur marbhadh leó ar an láthair sin é, san mbliadhain 1542. Do b'é an mí-ghníomh so an chéad choiscéim chun ciorrbhaithe is ceann-airgthe Gearaltach; óir do luigh lámh Dé ortha chomh tromsan, go háirithe ar shliocht Sheáin mhac Tomáis, ionnus gur gearradh den talamh go huile is go hiomshlán iad, gan sliocht ar bith ar marthain dá n-éis. Óir do b'é an Muiris seo ler fealladh ar a bhráthair, amhail adúbhramair, dara mac Sheáin mhac Tomáis, .i. dearbhráthair Thomáis Mhaoil, agus ceathramhadh mac an Tomáis úd do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ba Barún ar Chiaraighe Chuirithe tríochad bliadhain an Muiris sin, agus, iar mbeith cheithre fichid bliadhain d'aois dó, do chuaidh ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Diarmaid mhac Taidhg, Tighearna Muscraighe, .i. a chliamhain féin, dó, gur fearadh cath eatortha, agus gur gabhadh Muiris san gcath, gur fhág an Tighearna ar láimh ag ceathrar marcach é, iar leanamhain na ruaige dhó féin; gidheadh, do marbhadh Muiris leis na coimeádaithibh san am gcéadna; gur fhág dá éis dias mhac agus triúr inghean: an chéad inghean, bean Mhac Cárrthaigh Riabhaigh; an dara hingean, bean an Tigearna Róistigh; agus an treas inghean, bean Diarmada mhac Taidhg, Tighearna Muscraighe. Tomás mhac Muiris, an mac ba shine, d'éag go grod d'éis a athar, gur fhág dá éis mac, .i. Tomás Óg do marbhadh i gcéad chogadh na nGearaltach dá éis sin. Séamus dara mac Mhuiris do mhair tréimhse dá éis, do marbhadh i ruaig déadhnaigh Gearaltach é. Seán, mhac Thomáis, mhac Séamuis, bráthair nó dearbhráthair an chéad Thomáis; do b'í a bhainchéile inghean Dhonnchadh Uí Bhriain na Cairrge. Do bhí de mhacaibh aige Séamus, Seán Óg, Muiris Dubh, agus Tomás. Do b'é Seán so ceathramhadh mac Tomáis do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ghaibh sé an iarlacht d'éis marbhtha an oighre chirt, amhail adubhramair; gidheadh, nochar fhoidhnigh Dia ar marthain abhfad é, oir níor chaith an dara bliadhain an tan d'íoc a fhuil féin dortadh fola a bhráthar; gur fhág dá éis a mhac ba shine Séamus. An dara mac, Muiris, noch do luadhamair do mharbh an t-oighre romhráithe. An treas mhac, Seán Óg; do marbhadh iad a dtriúr go na macaibh uile, óir do bhí sliocht ar gach n-aon díobh, san gcogadh déaghnach soin Ghearóid, acht Muiris mhac Seáin amháin noch d'éag san Spáinn. Séamus, mac Mhuiris an Charbhait, mac Thomáis; d'éag sé maraon is a dhearbhráthair, agus do hadhlacadh i dTráighlí é, 1574. Do bhí inghean aige, Siobhán, bean Shéamuis, Iarla Urmhumhan; d'éag sí san mbliadhain 1577. Agso an Séamus do luadhamair go grod roimhe seo i dtrácht ar bhraighdeanus Iarla Chille Dara i Sacsaibh, agus ar dhithcheannadh a mhic is a chúigear comhbhráthar. Annso cuirid drong insan uimhir Seán, mhac Tomáis, mhac Séamuis, do luadhamair grod roimhe seo; drong eile Séamus mac an tSéamuis chéadna, mac Thomáis, do bhí in' iarla. Do bhí ag Séamus, iomorra, triar ban: an chéad bhean, inghean Tighearna Róisteach; an dara bean, inghean Uí Chearbhaill Éile; an treas bean, inghean Mhac Cárrthaigh Mhóir. Do bhádar ceathrar mac aige, .i. Tomás Ruadh leis an gcéad mhnaoi; Gearóid, .i. Gearóid Iarla, is Seán leis an dara mnaoi; leis an treas mhnaoi, iomorra, Séamus. Tomás, céad mhac Shéamuis, do bhádar dias mhac aige, mar atá Séamus is Seán. Iar n-éag athar Shéamuis mhac Seáin, triallas féin go Sacsaibh ag tesbeánadh umhla is úirísle dhon rígh, agus ag tairgsint na hiarlachta chun foghnaimh don choróin, ó marbhadh an t-oighre ceart, amhail adubhramair thuas, agus agá fhoillsiughadh ná raibh cabhair ná comhairle uaidh féin dochum an mhí-ghníomha soin, acht gurab é a dhearbhráthair Muiris ba chionntach go haonaránach leis. Do bhí an rí an tráth so i gcogadh leis an bhFrainnc, agus, dá bhrígh sin, ba mhian leis gach coinscleódh nó comhbhuaireamh dá mbiadh i nÉirinn do chlaochlódh. Leis sin, do freastaladh is do friotháladh go fíor-onóireach Séamus aige, agus do thug seilbh a bheatha dhó, agus mórán céime is ceannuis dá chomhbhráithribh, agus fé dheóidh do rinn Presedún Mumhan, agus coimeáduidhe stóir is ionmhuis Éireann de; agus, iar gcaitheamh cheithre mbliadhan déag séanmhar sona síor-fhortiúnach, d'éag; gur fhág dá éis triar mac .i. Gearóid, Seán, agus Séamus. Do bhí, iomorra, mac eile ba shine 'na ceachtar den triar thuas, .i. Tomás Ruadh, agus nocha nglacfaidhe i noighreacht é, óir adeirthí nár pósadh go dlightheach - nochan fhios damhsa an fáth - a mháthair leis an iarla; ionnus gur fhás dá bhrígh sin mórán ceannairce is coinscleódh idir na comhbhráithribh, dá dtáinig iomarca uilc is anfhorlainn. Gearóid Iarla, dara mac Shéamuis mhac Seáin le Mór Ní Chearbhaill. Do b'í a bhainchéile Eilíonóir Buitléir, inghean mhac Piarais Dhún Búinne; do cailleadh i gcogadh é, an 11mhadh lá de Dhecember, 1583. Iar n-éag a athar, d'ionnsaigh an Gearóid seo ar dtúis Mac Cárrthaigh Riabhach, go dtug creacha iomdha leis uaidh; agus téid dá éis sin ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Éamonn mhac Tadhg, mac Thighearna Muscraighe dhó, go sluaghaibh iomdha leis; gur fearadh cath eatortha, i nar briseadh do Ghearóid, ionnus gur gabhadh é is gur cuireadh i mbraighdeanus i gCaisleán Átha Sceitine é; agus, iar gcaitheamh leath-bhliadhna dhó ann, do scaoileadh dó fá dheóidh ar fhuireálamh inghine Mhuiris mhac Tomáis, do ba siúr d'Éamonn mhac Taidhg. Iar na scaoile amhlasan dó, thárla go raibh imreasán idir Thadhg, mac Mhurcadh Uí Bhriain, Iarla Inse Uí Chuinn, agus Iarlaí Tuamhan is Chloinne Riocard, ionnus go raibh Iarla Inse Uí Chuinn i na chaisleán ar na chosnamh is ár na chomh-shábháil féin, agus an dá iarla eile go n-a sluaghaibh timcheall an chaisleáin dá chomh-argain. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó, cuireas teachta chun Gearóid ag iarraidh cabhartha air. Triallas Gearóid agus a dhearbhráthair dá ionnsaighe gan sosa go ndeachadar thar Sionainn ag Caisleán Uí Chonaill, go trí fichid marcach agus chúig céad troightheach maille leó; agus triallaid go réim-dhíreach chun Inse Uí Chuinn. Iar na chlos do na hiarlaibh romhráidhte Gearóid do bheith ag teacht chun catha thabhairt dóibh, nó fuascladh ar Iarla Inse Uí Chuinn, tréigid an caisleán, agus gabhaid ag tiomargain i luagh chun amuis do thabairt ar Ghearóid; agus, ag tilleadh thar ais dó, go mórán creach, thárladar an dá iarla leis, go sluaghaibh sár-iomdha maille leó, agus gairmid chun chatha é. Dála Ghearóid, labhras go lán-úirmhisneach le na bheagán buidhne, agus dubhairt leó é féin do leanamhaint go fearamhail fíor-arrdhachta, agus gan uamhan ná imeagla do ghlacadh roimh iliomad sluagh agus sochuidhe a namhad; agus, leis sin, lingid go leóghanta lán-tapa i mbrollach an mhór-shluaigh ionnus gur bhriseadar don chéad ionnsaighe dhóibh. Is iomdha gníomh calma comh-chródha do comóradh leis an nGearóid seo ná tráchtam annso, óir is mian linn bheith gearr. Go grod iar n-éag a athar, téid - go céad d'uaislibh agá chomh-choimhdeacht - go Sacsaibh ag díol umhla is urrama don bhainríoghain, Eilis, go dtug sí cairt ceannuis is comhachta ar a raibh i seilbh a shár-shinsir dó. Go grod iar dteacht go hÉirinn dó, d'éirigh imreasán idir é féin agus Tomás Dubh Buitléar, Iarla Urmhumhan, de thaoibh ronna teórann, ionnus go mbídís ag creach-argain a chéile, agus gur fearguigheadh chomh mór soin ar gach taobh iad gur chinneadh lá aca chun catha tabhairt dá chéile ag an áit dá ngairmthear Bóthar Mór idir chonntaéibh Luimnigh is Thiobrad Árann. Cruinnighid a rannta de ghach leith: Iarla Deasmhuman go huaislibh Mumhan maille leis, cheithre mhíle troightheach agus caogad ar sheacht gcéad marcach líon a shluagh; Iarla Urmhumhan don leith eile, agus munar líonmhaire nochar lugha a shluagh 'ná an t-áireamh thuas. Iar dteacht don lá chinnte, ionnsaighid an dá shluagh soin a chéile, agus gabhaid ag tolladh, ag treascairt, is ag tréan-tuargain a chéile, gan fios time ná tláis ar cheachtar den dá thaobh. Cheithre lá déag ar an órdughadh soin dóibh, go ndearnadar uaisle dáirithe - agus go mór-mhór Cuntaois Deasmhumhan, óir do b'í máthair Iarla Urmhumhan - síothcháin eatortha. Gidheadh, iar n-éag don chuntaois, do briseadh an tsíothcháin agus do rug Seán Mac Gearailt, dearbhráthair an iarla, buadh catha ar Sheán Buitléar, dearbhráthair Iarla Urmhumhan, agus do mharbh le na lámhaibh féin é. (Ní críoch.) Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. (Ar leanmhaint) Triallas Iarla Deasmhumhan dá éis sin go Déiseachaibh ag tógbháil chreach, gur chuir Tighearna na nDéiseach teachta chun Iarla Urmhumhan teacht do chongnamh leis i n-aghaidh Iarla Deasmhumhan. Táinig Iarla Urmhumhan iarsin, go sluagh sár-mhór leis, go dtárladar féin agus Iarla Deasmhumhan dá chéile ag Áth Meadháin. An tan chonncadar taoisigh Gearaltach iomarca na sluagh dhá n-ionnsaighe, óir ní rabhadar féin acht beagán buidhne, adubhradar leis an iarla tilleadh tar ais, agus ná rabhadar féin ion-chomhlainn leis an iliomad sluagh soin do bhí i na n-aghaidh. Gidheadh, adubhairt an t-iarla go mba rogha leis tuitim san iorghail 'ná a dhrom d'iompódh le hIarla Urmhumhan; agus, leis sin, lingeas i n-aghaidh a námhad; leanaid a bhuidhean féin é. Gidheadh, do gearradh is do ghrod-bhuaileadh ar gach taobh iad, ionnus gur marbhadh beagnách go duine - le hiomarca anfhorlann iad. An tan chonnairc Iarla Deasmhumhan a bhuidhean féin ag tuitim amhlasan, lingeas i dtiugh-mharcshluagh Buitléarach, gur teilgeadh dá chapall san ruathar soin é le hÉamonn Buitléar an Ridire Órdha, agus go ndearnadh bragha amhlasan dé. Do rugadh as soin go Cluain Meala é, agus, iar slánughadh a mhor-chréacht, do cuireadh go Sacsaibh é, go raibh ar feadh seacht mbliadhan i mbraighdeanus i dTúr Lunndain. Dála Thomáis Ruaidh, mac Shéamuis, an dearbhráthair ba shine 'ná Gearóid, do luadhamair roimhe seo, .i. mac inghine an Tigearna Róistigh, gabhas seilbh na hiarlachta; óir do diúltuigheadh roimhe sin é i n-aimsir Ghearóid, i dtaobh phósadh aindlightheach a mháthar, amhail adubhramair; agus do thuig go madh coiscéim chun céime dhó féin turrainn a dhearbhráthar, agus fós mar do coimeádadh an dias dearbhráthar eile, .i. Seán agus Séamus le hIarla Urmhumhan is le mórán eile de shearbhóntaibh na ban-ríoghna i nÉirinn ó na gceart do thogaradh. Gidheadh, gabhas Séamus mhac Muiris ag cur i n-aghaidh Thomáis Ruaidh go tréan-chalma, agus ag seasamh is ag síor-chosnamh chirt Ghearóid. Ba chródha is ba chath-bhuadhach an curadh is an caithmhíleadh an Séamus so. Do b'é (an) dara mac Mhuiris, mhac Muiris, mhac Seáin é. Do b'é an Seán so dearbhráthair Thomáis Mhaoil an Chunncuis. Do ba clann don Tomás so díthcheannadh ag Droichead Átha, Seán agus Tomás Maol. An chéad Mhuiris do luadhamair thuas is leis do fealladh ar Shéamus mhac Muiris, .i. oighre ceart Thomáis Mhaoil agus na hiarlachta, iar dteacht ó Shacsaibh dó; agus do marbhadh é féin dá éis sin le Tighearna Muscraighe, amhail adubhramair. Is cródha 's is cathbhuadhach do chosnaimh is chaomhain an Séamus so a cheart do Ghearóid ar feadh a ghéibhinn i n-aghaidh Thomáis Ruaidh is ar ghabh leis; ionnus, ar chlos an chomhbhuairimh do rinneadar na Gearaltaigh i nÉirinn don bhanríoghain, gur cinneadh aici scaoile de Ghearóid agus a chur go hÉirinn. Iar dteacht go hÉirinn dó, gabhas seilbh sítheóilte na hiarlachta; gidheadh, ba chumhach cásmhar leis an líonradh is an léirscrios laetheamhail do bhíodh ar uaislibh is ar eaglais Éireann an tráth soin, de thaoibh an chreidimh Chatoilice, agus do luigh chomh trom soin ar a chroidhe uaibhreach árd-aigeantach gur ghabh go huile is go hiomshlán ag cur i n-aghaidh órduighthe na banríoghna i gcásaibh creidimh, agus go leanadh is go neartuigheadh an creideamh Catoilice i nÉirinn d'aimhdheóin dian-dlighthe na haimsire sin; agus do fearguigheadh chomh fíor-mhór chucha é nár bhféidir leis fhoidhneamh áinm Prodastúin do chlos. San mbliadhain d'aois ár sábhála, míle chúig céad agus chúig bliadhna déag ar seascad, iar na chlos don bhanríoghain an tIarla do bheith ag seasamh ar son an Chreidimh amhlasan, do smaoin si créad an modh ar a bhféadfadh a chiorrbhadh nó a cheanna-mhúchadh: agus isé comhairle do cinneadh aici teachta do chur chun Hannraoi Sidney, Sasanach do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, an tIarla go na dhearbhráthair Seán do ghairm chun cathrach éigin, agus an tan do-gheóbhadh fá na chumas amhlasan iad braighde dhéanamh díobh, agus a gcur gan fuireach i ngéibhinn. Dála Sidney, iar bhfagháil na scéal soin dó cuireas toghairm ar uaislibh Éireann chun éan-láithrigh, agus iar bhfagháil an Iarla is a dhearbhráthar amhlasan dó, teilgeas i bpríosún iad agus coimeád maith ortha, gur chuir go Sacsaibh iad, go rabhadar chúig bhliadhna i dTúr Lonnduine; agus is minic ar feadh na haimsire sin ba mhian leis an mbanríoghain a mbásughadh; gidheadh, do chaomhain Dia iad, agus do scaoil ar géibheann iad fá dheoidh - amhail tráchtfam i nár ndiaidh. Iar mbeith dhon Iarla is dá dhearbhráthair Seán i ngéibheann amhlasan do chuireadar scéala chun Séamuis mhac Muiris, do luadhamair roimhe seo, a gcuid is a gceart do chosnamh i nÉirinn; agus do chuireadar fós forfhógra chun a mbuidhne is a muinntire féin, umhla do thabhairt do Shéamus, agus a chomhairle do leanamhaint i ngach céim; agus do rineadh amhlasan aca ar gach taobh. Dála Shéamuis, gabhas an cúram soin go hurrúnta úirmhisneach air, agus smaoineas ar chogadh is ar chathughadh chomhchalma do dhéanamh leis an mbanríoghain; agus iarsin cuireas teachta gus an Pápa Greagóir, an treas Phápa déag den ainm sin - óir ba mhian leis arm spriodálta do bheith aige, ag túismhiughadh cogaidh ar son creidimh - dá iarraidh air a bheannacht agus logha genereálta do chur chun gach n-aoin do thabharfadh cabhair ná congnamh chun an chogaidh sin do chosnamh. Do rin an Pápa amhlasan, agus do chuir scéala chun Séamuis go mba somholta an gníomh do ghaibh sé do láimh. Annsoin iar dtiomargan tromshlóigh do Shéamus, gabhas ag léirscrios is ag lánloscadh na n-eiriceach go na n-áitreabhaibh, agus nocha ndearnaidh sosa ná síor-chomhnuidhe ar feadh na gcúig mbliadhan do chosnaimh ag cathughadh i na n-aghaidh, acht ag déanamh dearg-áir is dian-ruathair ortha; agus is fír-mhinic do chathuigh féin is Seón Perrot an Ridire Órtha, do ba Phresiodún Mumhan an tráth soin, le chéile, go ngabhadh Séamus buadh catha air de ghnáth. Ar na chlos don bhanríoghain go ngabhadh Séamus buadh i ngach iorghail, agus go raibh ag dul i dtréine is i dtreise, cuireas tairgsiona síthe agus síothchána chuige. Dubhairt Séamus go ndéanfadh sé síothcháin léi ar choinghioll go gcuirfeadh sí a bhráithre saor sábhálta go hÉirinn, agus fós go dtiubhradh sí toil is aonta an Creideamh Catoilice do leanmhain gan toirmeasc ar feadh a fhearann féin is fearann a chomh-bhráithre. Geallas an bhanríoghan an coinghioll soin do choimhlíonadh; agus leis sin scaoileas den Iarla is dá dhearbhráthair Seán as géibheann, agus cuireas long cogaidh léi féin leó; gidheadh, tug forfhógra do chaptaen na luinge céadna, i bpéin umhla, gan dul i dtír i néan-chuan i nÉirinn act i gcuan Átha Cliath amháin, mar a gcomhnuigheadh Fó-rí Éireann an tráth soin; agus do chuir sí teachta os íseal chun an Fhó-rí an tan do shroichfeadh an tIarla is a dhearbhráthair Séan é, moill do chongbháil ar an Iarla agus Seán do chur go Deasmhumhain ag iarraidh Séamus mhac Muiris chun na gcoinghioll remhráidhte do chur i bhfuirm 's i bhfeidhm; agus an tan do-gheóbhadh iad a dtriúr i bhfochair a chéile a gcinn do bhuaint díobh gan fuireach. Iar dteacht go hÁth Cliath dhóibh, labhras an Fó-rí leó amhail do hórduigheadh dhó, agus gluaiseas Seán ar cheann Séamus mhac Muiris, agus anas an tIarla dá éis i nÁth Cliath. Thárla an tráth soin go raibh uasal dáirithe d'oifigíbh na banríoghna i nÁth Cliath do ba Protastún go foirimeallach; gidheadh, ba Chatoilicidhe i na chroidhe é. Leis sin ba thruagh leis an fheill-bheart fhealltamhail do bhí le himirt ar na huaislibh sin. Uime sin, téid gus an Iarla agus nochtas cogar na ceilge dhó. Cuireas an tIarla teachta os íseal chun a chomhbhráithre, dá fhorfhógra dhóibh gan Deasmhumhain d'fhágbháil, agus gur gearr go mbeadh féin i na bhfochair. Leis sin gluaiseas an tIarla ar éalódh oidhche ó Áth Cliath, agus nocha ndearnaidh sosa ná comhnuidhe go ráinig sé Deasmhumhain. Iar dteacht chun baile don Iarla amhlasan, cruinnighid chuige de gach leith a charaid a chomhfhogus is a chompáin, agus innseas dóibh amhail do mheas an bhanríoghan fealladh air féin is ar a chomhbhráithribh. Annsoin glacaid a n-airm, agus lingid amach fá na críochaibh ba choimhneasa dhóibh, amhail leoghain do bhrisfeadh as líontaibh na bhfiagaithe, agus gabhaid ag treascairt is ag tréan-thuargaint a námhad i ngach aon áit i na dtárladar leó. Iar mbeith ar an órdughadh soin dóibh, cuireas an bhanríoghan teachta chun an Iarla ag iarraidh síothchána dá bhliadhan air; go dtug an tIarla soin dí ar choinghioll ná cuirfidhe buairt ná buaireamh, de thaoibh bheith 'n-a Chatoilicidhe, ar aon duine dá raibh ar an dtaobh istigh de theórannaibh an Iarla, agus fós ná gairmfidhe é féin ná aon duine eile dá charaid ná dá chomhfhogus do láthair an Fhó-ríogh; agus do rineadar an tsíothcháin ar an gcoinghioll soin. Iar mbeith dhóibh go sidheach síothchánta amhlasan, iarras Séamus mhac Muiris ar an Iarla roinn éigin talmhan do thabhairt dó féin chun céime a onóra do chothughadh; gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla é ar fhuireálamh na Cuntaoise - do b'í seo Eilionóir Builtéar - óir dubhairt sí ná raibh sé oireamhnach ná onóireach aige ronna dhéanamh dá bheatha, agus gan a fágbháil go huile is go hiomshlán fá chomhair a mhic, .i. Séamus mhac Gearóid, cé ná raibh acht 'n-a leanbh an tráth soin; agus do rineadh amhlasan leis an Iarla - ní déarfad cia aca le humhla dá mhnaoi nó le dearmad i maith-ghníomhaibh is i móir-éachtaibh an uasail eile - ar shon roimhe sin, do rin é. Cé gur dhiúltaigh an tIarla Séamus, amhail adubhramair, níor dhiúltaigh Séamus an tIarla; óir do chuaidh don Róimh ar a fhuireálamh, ag iarraidh beannachta is congnamh an Phápa; agus le himtheacht san eachtra soin dó, do rug a dhias mhac féin leis, .i. Muiris agus Gearóid, mar nach rabhadar infheadhma chun a bhfágtha tar a éis, d'eagla go dtuitfidís i lámhaibh a namhaid, agus fós dá tuiteadh féin san gcogadh soin go mbeadh tnúith aige go dtiocfaidís lá éigin ag déanamh díoghaltais i n-éiric a bháis. Iar ndul ar muir do Shéamus, nocha ndearnaidh comhnuidhe go ndeachaidh go cúirt na Frainnce, agá iarraidh ar an gceathramhadh Hannraoi, Rí na Frainnce an tráth soin, congnamh do chur leis i n-aghaidh eiriceach, chun an Chreidimh Chatoilice do aithbheódhadh i nÉirinn; gidheadh, do dhiúltuigh an rí é. Téid as soin don Spáinn, agus agallas an dara Pilib, Rí na Spáinne, amhail a dubhramair do rin Rí na Frainnce roimhe sin, go ndubhairt an rí leis go raibh síth is caradra idir é féin agus cúirt na Sacsan; gidheadh, go scríbhfeadh leis don Róimh dá iarraidh ar an bPápa congnamh leó chun an Chreidimh Chatoilice do chaomhnadh agus do chosnamh i nÉirinn. An tan do chonnairc an rí clódh agus aighthe uaisle arrdhachta na díse macaomhsan ba chlann do Shéamus do ghaibh greann is gean dóibh é, ionnus go ndubhairt le Cairdional Granvel, do bhí i gcúirt na Spáinne an tráth soin, a dtabhairt suas i bhfoghluim is i bhfíor-léigheann is i ngach ealadhain uasail onóraigh eile dá raibh le fagháil i gcúirt na Spáinne. Do éag an mac ba shine dhíobh so san Spáinn dá éis sin, .i. Muiris; agus do báthadh an mac eile .i. Gearóid ag teacht ón Spáinn san mbliadhain 1588. Gabhas Séamus a chead ag an rígh, agus triallas go réim-dhíreach don Róimh. Iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Phápa dhó, tugas leitir ríogh na Spáinne dhó. Glacas an Pápa go ceanamhail cúirtéiseach é, agus geallas cabhair is congnamh dó; agus leis sin tug suim mhór airgid dó, a bheannacht, agus leitir apstaldha chun uaisle is eagluise Éireann, agus do chuir dhá mhíle fear i n-arm 's i n-oireamhain chun teachta leis. Do b'eaglach le Séamus a fhaid do bhí sé ag fanamhain, d'eagla comh-bhuairimh ar bith do bheith ar a chomh-bhráithribh dá éis. Leis sin gluaiseas, is nocha ndearnaidh sosa go dtáinig go hÉirinn. Iar mbeith ag fágbháil na Rómha, do rin ceann feadhna ar an dá mhíle fearsan tug an Pápa dhó, de dhuine uasal dáirithe do chuaidh leis san eachtra soin, dar bh'ainm Tomás Stuckley, Sacsanach do b'ionmhuin ag Séamus. Dála Stuckley agus a dhá mhíle fear, iar mbeith gach nídh i n-órdughadh is i n-oireamhain aca, téid ar bórd a luingeas, agus seólaid go réim-dhíreach gur ghabhadar cuan sa Phoirtinéil ag Liosbón. Tárla trá, san am gcéadna, go raibh Sebastianus, Rí na Poirtinéile, ag triall le cabhlach mór don Aifric chun catha thabhairt don Rígh Abdelmelec, agus tug tairgsiona iomdha agus duaise dian-mhóra do Stuckley is dá dhá mhíle fear acht dul leis san eachtrasan; agus fós, geallas dóibh go gcuirfeadh cabhair is congnamh leó go hÉirinn iar dteacht tar ais dóibh. Aontuigheas Stuckley chun na comhairle sin, agus iar dteacht maraon leis an rígh don Aifric dóibh do fearadh an cath go créachtach chró-linnteach ann, mar ar thuit Sebastianus, agus Stuckley go n-urmhór a dhá mhíle fear. Do b'iongnadh fíor-mhór le Séamus mhac Muiris, iar teacht go hÉirinn dó, créad an mhoill do bhuain do Stuckley, óir ba neimhfheasach é ar an gcinneamhain d'éirigh dhó. (Ní críoch.) Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn (Ar leanamhaint.) Iar dteacht do Shéamus mhac Muiris go hÉirinn, amhail adubhramair, triallas Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dá fhios; agus cruinnighid a rannta de gach leith. Triallas fá'n am soin Hannraoi Daves, Siriam Chonntae Chorcaighe, go Tráighlí i gConntae Chiarraighe, iar na chlos dó na Gearaltaigh do bheith ar an órdughadh soin; agus leanas Seán Mhac Gearailt é go ndrongbhuidhin leis; ór do bhí fuath agus fíor-mhioscuis ag Seán chuige de thaoibh imreasáin do thárla eatortha tréimhse roimhe sin i dtigh Thighearna Mhúscraighe. Uime sin, tug amus oidhche air, gur mhairbh i na seomra é féin agus Artúr Carter, do ba Presiodún Mumhan an tráth soin, agus gach a raibh i na bhfochair. Triallas Seán Mhac Gearailt agus Séamus mhac Muiris go na sluaghaibh go Conntae Luimnigh, agus cuirid campa 'n-a shuidhe ann. Thárla, iar mbeith dóibh annsoin, gur éignigh aon dá bhfearaibh bean do bhí ag friothálamh sa champa; agus iar na chlos soin do Shéamus, do fearguigheadh go fíor-mhór é, ionnus gur ghairm an cionntach chun dlighe an airm d'imirt air. Gidheadh, nocha léigfeadh Seán mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dochar ná díoghbháil do dheánamh dó. Iar na fhaicsin sin do Shéamus, roinneas an sluagh le na bhráthair Seán, agus tréigeas an campa. Triallas as soin go Conntae Thiobrad Árann le dul go Connachtaibh; agus gluaiseas leis Seán de Búrc, dearbhráthair Iarla Chloinne Riocaird, agus ar ghaibh leó den tsluagh soin; agus, iar ngabháil tré thighearnus Thiobóid de Búrc dóibh, ionnsaigheas Tiobóid iad go sluaghaibh sár-mhóra leis, chun amuis anfhórlannaigh do thabhairt ortha. An tan chonnairc Séamus soin, cuireas aon dá bhuidhin féin ag agallamh Thiobóid, agus ag iarraidh air leigean dá ruathar, agus go madh nár dó buaireamh ar bith do chur ar a bhráthair, óir b'fhogus a ngaol. Gidheadh, nochar bh'ionntaobh le Tióbóid an leoghan do leigean uaidh tar éis a fheirge do mhúscladh. Leis sin, ionnsaighid an dá shluagh a chéile. An tan chonnairc Séamus iomarca na slógh agá ionnsaighe, labhras le n-a bheagán buidhne - óir ní rabhadar acht céad troightheach agus beagán ós cionn céad marcach - agus dubhairt leó é féin do leanamhain; go ndearnadar amhlasan, agus do rinneadar cathughadh calma coinnsgleódhach. Iar mbeith i dteas na hiorghuile dóibh, do goineadh Séamus go fíor-dhoimhinn i na bhrollach; gidheadh, do rin sé an chréacht d'fholach, d'eagla time ná tláis do theacht dá fhearaibh dá bhrígh sin; agus, iar na fhagháil créachtnuighthe amhlasan, lingeas go leóghanta lán-chalma i dtiugh marcshluagh a námhad, agus do rin bealach is beárna dhó féin - ag treascairt is ag tuargain ar gach taobh de - gus an áit i bhfeacaidh Tiobóid de Búrc; agus, iar dteacht i bhfogus dó, buaileas go trom tréan-chalma é, gur scoilt a cheann go smeigín den mhór-bhuille sin; agus buaileas ar Liam, dearbhráthair Thiobóid, an dara buille, gur mhairbh ar an láthair sin é. Brisid na Búrcaigh iarsin, iar bhfaicsin a dtriatha treascartha amhlasan. Túirlingeas Séamus, agus gairmeas a shaiplíneach chuige, agus, iar ndéanamh a uadhachta is a fhaoisidín agus iar nglacadh comaoine, d'éag ar an láthair sin. Iar mbeith marbh do Shéamus amhlasan, do chuir a bhráthair, Muiris mhac Seáin, a cheann dá bhuain de; agus, ó ná raibh oireamhain aige chun adhlactha onóraigh do thabhairt dó mar badh dhleacht, do chuireadar go foilgheasach ag bun sean-chrainn daraighe é; agus, go grod dá éis sin, do fríth le fiaguidhe ann é, go rugadar na heiricigh leó go Cill Uais é, agus go ndearnadar croch dó ann, go mbídís go laetheamhail ag caitheamh ruchar leis, ó thárla marbh é - óir is fada d'fhanfaidís uaidh an fhaid do bhí beó. Do bhí Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, go laetheamhail ag cathughadh i n-aghaidh na n-eiriceach tar éis bháis Shéamuis, go dtug fá dheóidh bualadh machaire dhóibh, mar ar briseadh dóibh féin is dá gceann feadhna Herbert. Dá éis seo, téid Séamus mhac Séamuis, dearbhráthair eile an Iarla, ag creach-argain Múscraighe; gidheadh, ag tilleadh tar ais dó, leanas Cormac mhac Taidhg, Tighearna Múscraighe, go sluagh-bhuidhean leis é, agus tug dearg-ár a mhuinntire agus do rin bragha dhe féin. Do rugadh amhlasan do láthair Fó-ríogh Éireann; go ndubhairt an fó-rí leis, le hórdughadh na banríoghna, an Creideamh Catoilice do thréigean, agus í féin d'admháil is do ghabháil mar cheann chreidimh, agus go bhfuigheadh a anam agus mórán de dhuaisibh dian-mhóra eile; gidheadh, do dhiúltuigh sé na tairgseana soin go huile is go hiomshlán, agus dubhairt ná hadmhóghadh féin ceann ar bith creidimh acht an Pápa amháin. Uime sin, d'órduigh an fó-rí a dhíthcheannadh, a ionathar a losgadh, agus ceithre ceathramha a dhéanamh de, agus a gcrochadh le slabhraidhibh iarainn ar gheataíbh Chorcaighe; go ndearnadh amhlasan leis. (Ní Chríoch.) Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. (Ar leanamhaint). Is fá'n am so chuir an bhanríoghain Iarla Urmhumhan, iar dtabhairt teidil Presiodún Mumhan dó, ó Shacsaibh go hÉirinn, go sluaghaibh sár-iomdha leis, chun cathuighthe le Gearaltaigh. Iar na chlos do Rígh na Spáinne an chathughadh is an comh-sheasamh do bhíodh ag na Gearaltaigh dá dhéanamh i nÉirinn ar son a gcreidimh, cuireas tuairim ocht gcéad fear fe n-a gceann feadhna Sebastianus chun cabhartha agus conganta leó. Iar n-a chlos ar feadh na hÉireann gur ghabhadar na Spáinnigh seo cuan sa taobh thiar-theas d'Éirinn, gluaiseas Seón Graé, ba Fó-rí Éireann an tráthsan, go sluagh-bhuidhean leis, go dtárla dhó Iarla Urmhumhan go n-a shluaghaibh iar dteacht ó Shacsaibh, amhail adubhramair; gur thrialladar le chéile d'ionnsaighe na Spáinneach. Iar dteacht i dtír dóibh, gabhaid foslongphort san áit dá ngairmthear Gleann an Óir, agus cuirid iad féin i bhfuirm is i bhfíor-órdughadh cosnaimh is cosanta ann - óir do bhí suidheachán fíor-dhaingean na háite sin go sár-oireamhnach dhóibh - go teacht Gearaltach chucha. Dála an Fhó-ríogh, Graé, agus Iarla Urmhumhan, triallaid go réim-dhíreach gus an áit i gcualadar na Spáinnigh do bheith; agus iar rochtain do láthair dóibh, gabhaid ag tuargain is ag tréan-lámhach le na ngunnaíbh beaga is móra ortha. Gidheadh, do rineadar na Spáinnigh caomhnadh is cosnamh calma comh-chródha ortha féin ionnus nach ráinig dochar ná díoghbháil iad. Tuairim dafhichid lá ar an órdughadh soin dóibh, gur ghaibh tuirse fé dheóidh sluagh Shacsan; óir do b'é an geimhreadh do bhí aca an tráthsan, .i. i meadhón míosa December. Uime sin cuireas an Fó-rí teachta chun cinn feadhna slóigh na Spáinneach teacht dá agallamh. Thárla, trá, go raibh uasal dáirithe de na Plaincéadaigh, Éireannach tháinig leis na Spáinnigh an tráth soin, i n-a bhfochair, go ndubhairt leó gan creideamhain do thabhairt do choingheallaibh cealgacha ná do gheallamhnaibh gnáth-cholgacha na nGall. Gidheadh nochar bh'fhearrde dhó, óir triallas Sebastianus agus árd-chaptaén an tsluaigh .i. Stephanus Sanioséphus go campa na nGall, go rugadar an Plaincéadach mar idirlabharthach leó; agus iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Fhó-ríogh dhóibh do freastaladh agus do friotháladh go fíor-onóireach aige iad, agus labhras go miochair milis-bhriathrach leó, go ndubhairt go bhfuighidís uaidh na cobhtha is na coinghill badh dhual is badh dhleacht d'fhearaibh a gcalmachta is a gcomh-chródhachta. Gidheadh an tan d'fhiafraigheadar den Phlaincéadach .i. an fear teangan, créad do bhí ag an bhFó-rígh dá rádh riu, isé d'innis an Plaincéadach dóibh gurab é an nídh adubhairt ná tiubhradh coingheall ar bith dhóibh, agus muna luighidís fé n-a ghrásaibh go ndéanfadh bás is bith-éag d'imirt go huile is go hiomshlán ortha. Dubhradarsan leis a iarraidh ar an bhFó-rígh scaoile dhóibh agus a n-airm, a n-éadach is a n-iolmhaoine eile leigean leó. Gidheadh isé dubhairt an Plaincéadach gurab é a bhfreagra ná gclacfaidís coingheall ar bith uaidh go ndéanfaidís seasamh is síor-chosnamh san áit i rabhadar go teacht Gearaltach chucha; gidheadh, do bhrathadar fá dheóidh nach é an comhrádh cóir do chanadh an Plaincéadach leó de gach leith, ionnus ar bhfagháil fear teangan eile do chraobhscaoil a gcomhrádh de gach leith dhóibh, d'órduigheadar an Plaincéadach do chur i n-iarnaíbh agus bragha a dhéanamh dhe ar an láthair sin; agus is gearr grod-fhoclach do bhádar ag déanamh na gcoingheall, cé go mbíodh an Plaincéadach ag éigheamh is ag athghoirt as a ghéibheann is as a chruadh-chuibhreach ortha gan cailleamhain amhlasan ár chúis an chóir-chreidimh, agus gur ghearr go dtiocfaidís na Gearaltaigh le cabhair is le congnamh chucha, agus nach fada d'fhéadfadh an Fó-rí an machaire do sheasamh le fliche is le fuaire na haimsire. Do bhádar dias eile oifigeach ann ler mhian an chomhairle thug an Plaincéadach uaidh do leanamhain, agus dubhradar gur chóir a glacadh, .i. Captaen na cuideachtan tháinig as Cantabria san Spáinn agus Hercules Pisanus; gidheadh do rineadh na coinghill, agus tugadar dearbhtha is dian-mhóide seasamh chucha de gach leith. Gidheadh, iar dtabhairt na Spáinneach a n-ionad cosnaimh suas, do b'éigin dóibh a n-airm do leagadh, agus iar mbeith amhlasan gan arm dóibh do lingeadar na Gaill de gach taobh ortha, ionnus nár fhágadar duine ar marthain díobh gan marbhadh ar an láthair sin acht Sebastianus amháin, agus do chuireadar é sin as Éirinn dá éis sin. Dála an Phlaincéadaigh, tógbhaid dá éis sin as a ghéibheann é, agus brisid go brúscar le casúraibh cnámha a lámh is a chos, gur éag go ró-pheannaideach ar an órdughadh soin. Iar dtriall assan don Fhó-rígh, fágbhas drong-bhuidhean i ngach baile cuain is cathair san Mumhain, gur órduigh dóibh ionnsaighe eascáirdeamhail do thabhairt ar na Gearaltaigh i ngach áit, agus creachadh is comh-argain do dhéanamh ortha. Dála na nGearaltach cruinnighid is comh-thionólaid a sluagh agus a sochuide, agus triallaid go réim-dhíreach go Gort na Tiobraide san gClaonghlais i gCo. Luimnigh chun cathuighthe leó, go dtárla an sluagh Gallda go n-a gceann feadhna Herbert dóibh ar an láthair sin. Thárla go raibh fá'n am soin i bhfochair na nGearaltach an t-eagailseach ionnraic oirdhearc, .i. Dochtúir Sanders, Sacsanach, go ndubhairt leó a námhaid d'ionnsaighe, agus go raghadh féin ar an gcnoc do bhí os cionn ionaid an chatha, ag guidhe Dé ar a son, agus go bhfanfadh ar a ghlúinibh ann go fuinidh a shaoghail muna ngabhaidís buadh catha an lá soin. Is annsoin d'órduigh Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, .i. ceann feadhna an tslóigh, don mharcshluagh a gcapaill is a n-airm throma d'fhágbháil dá n-éis agus a námhaid d'ionnsaighe dá gcois gan fuireach. Do rineadh amhlasan aca, agus leis sin lingid go teann tréan troigh-éascaidh ar measc a námhad ionnus go dtugadar dearg-ár is dian-ruathar ortha, ar mhodh ná deachaidh acht fír-bheagán, go háirithe dá gcoisidhthibh uatha gan leadradh is lán-treascairt ar an láthair sin. Go grod dá éis seo triallas Malby, Presiodún Connacht, go sluagh-bhuidhean leis, gus an áit dá ngairmthear Eanach Beag i gCo. Luimnigh, go dtárla dhó ann Uilliog agus Seán de Búrc, clann Iarla Chloinne Riocaird, agus Peadar is Seán de Léis, go sluagh-bhuidhean leó, fé n-a gceann feadhna Tomás Mhac Seáin Mhac Gearailt. Iar rochtain a chéile don dá shluagh do fearadh cath créachtach crólinnteach eatortha, i n-ar briseadh do na Gearaltaigh fé dheóidh. Gidheadh, le briseadh dhóibh, tháinig Seán go na shluagh faoi an láthair, agus leis sin iompuighid ar a námhaid, go rabhadar agá dtreascairt is agá dtréan-leadradh ar feadh uaire go leith, ionnus, iar dtuitim urmhór na nGall san iorghuil sin, gur bhriseadar fá dheóidh. Do thuit Tomás mhac Seáin Mhac Gearailt, agus Tomás Ó Briain an ridire san iorghuil sin. Triallaid na Gearaltaigh ón láthair sin go hEatharla mar ar chlos dóibh campa gallda bheith, ag Cill Uais; agus iar rochtain ar an láthair sin dóibh ionnsaighid féin is na Gaill a chéile, agus iar mbeith ar feadh trí n-uaire ag tnáthadh is ag tréan-tolladh a chéile, do bhriseadar na Gaill fá dheóidh, iar n-a leadradh agus iar n-a lán-ruagadh as an machaire go hiomlán. Gá dtáim ris! Do bhí Seán go n-a shluagh ar feadh dhá bhliadhan ag cosnamh cogaidh agus ag cathughadh leó ar an órdughadh soin, go rug buadh i dtrí chéad iorghuil ortha, óir thugadh ionnsaighe laetheamhail i n-áit éigin ortha. Thárla, trá fé dheóidh, gur chuir Seán teachta chun Pádraigh Cundún, Tighearna Cundúnach, agus chun Seanascáil Íbh Mac Coille, coinne dhéanamh leis os íseal i bhfochair Dháith de Barra, mac is oighre an Bharraigh Mhóir, i gCaisleán Ó Liatháin; agus triallas féin agus Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe, os íseal, go seachtar marcach maille riú chun an ionaid coinne. Cuireas eascara éigin do Sheán scéala roimhe chun Zouch, Presiodún Mumhan an tráthsan, Seán bheith ag dul go haonaránach san eachtradh soin. Leis sin triallas Zouch ar Corcaigh san oidhche, agus drong-bhuidhean leis, go raibh le héirighe an lae taoibh le Caisleán Ó Liatháin, agus gur ghaibh san bhealach chéadna i n-ar hinnseadh dó Seán bheith le teacht. Dála Sheáin, iar dteacht dó féin is dhá bhuidhin i bhfogus do Chaisleán Ó Liatháin, tuirlingid taoibh le coill do bhí ann; agus níor chian dóibh annsoin an tan chonnarcadar Zouch is a dhrong-bhuidhean dá n-ionnsaighe. Do tuigeadh dóibh ar dtúis gurab é Dáith de Barra agus na huaisle eile do bhí ann; gidhead, iar bhfaicsin a ndearmaid dóibh gabhaid a gcapaill le dul ar marcaigheacht. Gidheadh nocha bhféadfadh Seán dul ar a chapall; óir do thréig neart a chnámh agus lúth a chuirp é, cé go madh neamh-chlaoidhte a aigne, agus go madh beódha a mhisneach i ngach guais nó gábhadh roimhe sin; agus iar dteacht dá fhearaibh chun a chur ar marcaigheacht, nochan leigfeadh an t-each dhóibh é, acht ag éirighe ar a chosaibh tosaigh is deiridh, cé go madh socair suaimhneasach riamh roimhe sin é, agus go madh mhór a mhisneach, agus go madh mhórdhálach a mheanmna ag dul don mhachaire. "Imthighidh, a cháirde ionmhuine," ar Seán, "óir do-chímse go dtáinig mo lá." Leis sin rithid fá'n gcoill do bhí i gcomhfhoghus dóibh. Gidheadh tilleas Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe tar 'ais go ndubhairt: "Nocha dtréigfead féin mo churadh is mo chaith-mhíle ghnáith-éachtach, agus mo charaid ionmhuin," ar sé; "agus fé mar do rineas a choimhdeacht i n-a bheathaidh déanfad an céadna i n-a bhás." Iar sin lingid na Gaill timcheall na díse deagh-laoch soin; gidheadh ba rogha leósan a mbás 'ná a n-airm do thabhairt suas. Leis sin tug aon de na gallaibh sáthadh sleighe ar Sheán i n-a bhrághid, gur mhairbh ar an láthair sin é, cé gura mheas Zouch a ghabháil i n-a bheathaidh dá mb'fhéidir é. Tomás Pléimionn do b'ainm don fhear so ler marbhadh Seán, agus adeirthí gurab seisbhíseach dhó roimhe sin é. Do rineadar bragha de Shéamus, agus do rineadar Seán do dhíthcheannadh, agus do chuireadar a cheann go hÁth Cliath, go raibh go cian le faicsin ar sparra an Chaisleáin ann. Do rugadar a chorp go Corcaigh, agus do chuireadar i mbrannraighibh go síoth-árd ar gheata na cathrach é, go raibh ar feadh a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh ann, gur theilg stoirm amach fé'n abhainn é. Dála Shéamuis, iar n-a bhreith 'n-a bhraghaid go Corcaigh, is gearr gur lean a bhráthair Seán don tsaoghal eile. Iar gciorrbhad na gcuraidhe romhráidhte amhlasan, agus nár fágbhadh cinn feadhna ar bith ag an Iarla dá chomhfhogus féin, acht Muiris Mhac Gearailt amháin - do b'é seo an Muiris do chuaidh don Spáinn dá éis seo - do rin Geaóid mhac Séamuis, .i. an tIarla, ceann feadhna an tslóigh dhe. Agus cuireas féin crios coimhleathan um a chom, go ndeachaidh don mhachaire maraon leis, go raibh ar feadh trí mbliadhan ag cathughadh go calma comh-chródha n-a námhaid; gur chuir an bhanríoghain teachta chuige fá dheóidh ag tairsgin síthe agus síothchána dhó agus ag geallamhain ar imthigh thársa do thabhairt i ndearmad, agus fós seilbh sítheóilte a shaor-fhearann do thabhairt dó ar choingheall go gcuirfeadh Dochtúir Sanders chuichi go Sacsaibh. Gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla sin, cé go bhfacaidh neart a námhad ag fás agus a neart féin ag claochlódh; óir ní fhoidhneóghadh a chreideamh ná a choinsias dó an t-eagailseach oirdhearc onóireach do chur i gcóir a anma do chailleamhain. Leis sin triallas as Conntae Luimnigh go Tiobraid Árann ag tógbháil creach; go gcualaidh go raibh campa Gallda san áit dá ngairmthear Gort na Pise; go dtug Gearóid órdughadh dá shluagh amus ainbhfiosach anfhórlannach do thabhairt san oidhce ortha, ionnus an méid nár mharbhadar is nár ghabhadar díobh, do phusáladar fá chosaibh a gcapaill iad. Triallas Gearóid dá éis sin go Caiseal ag tógbháil creach roimhe i ngach áit 'n-a ngabhadh. Iar n-a chlos ar feadh na tíre Iarla Deasmhumhan do bheith ag tógbháil creach amhlasan leanaid triúr dearbhráthar Iarla Urmhumhan é, .i. Éadbhard, Peadar agus Éamonn. Do lean fós iad Mac Phiarais, .i. Barún Dúna Búine, an Puirséalach Barún Luachma, agus mórán eile de thaoiseachaibh Buitléarach go sluaghaibh sár-iomdha leó; gur ionnsaigheadar féin agus na Gearaltaigh a chéile ag Cnoc Grafan gur briseadh do na Gearaltaigh i dtúis na hiorghaile, acht Seanascál Uíbh Mac Coille go n-a bhuidhin amháin. An tan chonnarcadar an líon do bhris díobh an Seanascál ag seasamh agus ag síor-chathughadh san mhachaire amhlasan iompuighidh tar ais agus tugadar aghaidh ar a námhaid, ionnus iar mbeith go cródha cianfhada ag ciorrbhadh is ag comh-thuargain a chéile gur bhriseadar na Buitléaraigh i dtrí rannaibh fé dheóidh; gur leanadar na Gearaltaigh an ruaig ortha go portaibh pór-uaithne na Siúire, ionnus an méid nár mharbh dhíobh gur báthadh a n-urmhór san ruathar soin. Do chuadar na Gearaltaigh i gcomhairle an leanfaidís tar an abhainn iad. Gidheadh, adubhairt an Seanascál leó gan a leanamhain, óir go rabhadar féin agus a gcapaill tuirseach, agus fós go raibh an tuile ró-thréan. Do cinneadh an chomhairle sin aca, agus do luigheadar annsoin ar a n-armaibh go maidin, óir do bhí sé déadhnach san lá an tráthsan. Triallaid ar soin go Caiseal go dtárla Ribeard Inglis go sluagh-bhuidhean leis dóibh taoibh le Caiseal, agus do fearadh coinsgleó eatortha i n-ar briseadh do Ribeard iar marbhadh agus iar ngabháil urmhór a shluagh. Is fá'n am so do chuir an bhanríoghain forfhógra genereálta ar feadh na hÉireann, ag tairsgin a bpárdún agus a mbeathadh do gach n-aon d'iompóghadh chun umhla don choróinn, acht amháin don Iarla agus dá bhráithribh; ionus gur thréigeadar na huaisle go hiomshlán é agus urmhór a shluagh, ionnus gur fágbhadh ar uathadh buidhne amhlasan é. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó, triallas go Conntae Chiarraighe; óir do bhí tnúth aige le cabhair agus le congnamh ón Spáinn an tráth soin; go raibh tréimhse agá cheilt is agá chomh-dhíon féin i measc coillte curruighthe agus cabhán. Agus ó ná raibh meadhón eile cothuighthe aige dhó féin agus don mhéid fear d'fhan in' fhochair, do bhídís ag déanamh creach ar feadh na comhursanachta; agus iar ndul amach lá d'áirithe dhóibh do-chum na críche sin, do bhaineadar a héadach go huile de mhnaoi uasail d'áirithe agus d'fhágbhadar nochtaithe dá n-éis í. Iar n-a chlossan do dhias dearbhráthar do bhí ag an mnaoi uasail, do ba chomh-dhaltaí don Iarla féin, triallaid go ndrong-bhuidhin leó dá thóraidheacht, go bhfuaradar é, le héirighe an lae an t-aonmhadh lá déag de Nobhember san mbliadhain 1583 sa ghleann coille i n-a raibh, .i. Gleann na Guinte i n-a uathadh is in' aonar; óir do theicheadar an dias mharcach do bhí in' fhochair, .i. Seán mhac Uilig agus Séamus mhac Dáith do shábháil a n-anma. Do bhí fós Conchubhar Ó Dála, do ba cheann feadhna ar an mbeagán buidhne do bhí aige, sa cheann eile den ghleann, ag coimeád creiche do thugadar leó an lá roimhe sin; ionnus, iar n-a fhagháil amhlasan dóibh gur lingeadar i n-a úir-thimcheall. Leis sin téid aon dá bhfearaibh, .i. Domhnall Ó Caolluighe isteach don chuasán i n-a raibh, agus baineas a lámh dheas agus ceachtar dá chluasaibh den Iarla uasal, agus tarraingeas amach amhlasan é. Tógbhaid leó ar an órdughadh soin é. Gidheadh, ó nach féadfadh siubhal mar badh mhian leó, óir do laguigh tréigean na fola é, baineas an Domhnall romh-ráidhte a cheann céillidhe ceirt-bhriathrach dhé, agus fágbhaid a chorp cródha cneas-aolta fá fhaol-chonnaibh allta agus fá éanaibh an aéir: óir do b'eagal leó an Conchubhar romh-ráidhte Ó Dála agus a dhrongbhuidhean ortha do bhí ag tafan 'n-a ndiaidh an tráthsan; gidheadh ní ráinig leis, óir do shoicheadar an campa gallda sul do rug ortha. Cuirid an ceann an oidhche sin, agus sluagh-bhuidhean leis, go Corcaigh, agus assan go Sacsaibh, gur cuireadh annsoin i bhfleascaibh práis é, agus gur crochadh go síoth-árd le slabhraidhibh a mullach Túir Lunndaine é. Iar gcríochnughadh a bheathadh go Ghearóid uasal mhac Séamuis amhlasan, iar mbeith chúig bhliadhna fichead in' Iarla Deasmhumhan do b'éigin dá chomhfhogus teicheadh as Éirinn, ionnus go ndeachaidh a n-urmhór don Spáinn. Gidheadh, Tomás mhac Seáin, mac dearbhráthar an Iarla, do chuaidh sin don Róimh, go raibh tréimhse ann. Tháinig assan don Spáinn, agus assan go hAlbain. Gidheadh, ní cian do bhí annsoin an tan ba chlos don bhanríoghain a bheith ann, ionnus go mba éigean dó triall ar éalódh oidhche as, go ndeachaidh tar ais don Spáinn, iar ngabháil tré Fhlóndrus, tríd an BhFrainnc agus tríd an Iodáil dó. Gidheadh, dá éis sin, san mbliadhain 1594 do chuir Rí na Spáinne go hÉirinn é, maraon le hÁrd-easpog Thuama agus uasal eile d'áirithe as Cantabria san Spáinn dar bh'ainm Meridos; agus do gheall dóibh sluagh iomdha do chur 'n-a ndiaidh. Gidheadh, d'éag Tomás mhac Seáin san eachtra soin. Tráchtfam anois ar an gcrích d'imthigh ar an mbuidhin do bhí cionntach i mbás an Iarla, go háirithe ar Dhomhnall Ó Caolluighe do bhuain a cheann dé; óir do chuaidh Domhnall dá éis sin go Sacsaibh, agus gabhas ag robáil ann, gur crochadh ann é, cé gur iarr Iarla Urmhumhan a anam dó. Eóghan, iomorro, mac Dhomhnaill Uí Mhuircheartaigh, .i. comh-dhalta an Iarla, agus ceann feadhna na buidhne do bhí dá thóraigheacht - cé gur shaor an tIarla roimhe sin ón gcroich é, d'aimhdheóin na ngiúistísí, de thaoibh gaduidheachta chapall - do mhair chúig bhliadhna déag d'éis bháis an Iarla. Gidheadh, do crochadh fá dheóidh le Barún Lic Shnámha, .i. an Tighearna Ciarraigheach é. Séamus, mac Thomáis Ruaidh, do gairmeadh mar iarla le n-a chomhfhogus féin é. Gidheadh, do scaoil Banríoghain Eilís as príosún, i n-aghaidh an tSéamuis chéadna so, Séamus mhac Gearóid, agus do theilg an chéad tSéamus insa bpríosún chéadna, .i. i dTúr Lunndaine, go bhfuair bás ann - ní gan amhras gur nimh do fuair sé. Do b'é athair an tSéamuis seo Tomás Ruadh, an dearbhráthair ba shine 'ná an tIarla Gearóid do luadhamair roimhe seo i dtráchta ar phósadh aindlightheach a mháthar. Do mhair sé iar n-éag a thriar dearbhráthar, .i. Gearóid, Seán, agus Séamus; óir d'fhan sé go socair sítheóilte ar feadh an chogaidh is an chomh-ruathair sin Gearaltach i n-a dhún is 'n-a dheagh-árus féin, .i. ag caisleán cosantach cian-ársa Chonaithe gur éag ann, agus gur fhág dá éis dias mhac, .i. Séamus agus Seán. Dála na díse tréan-uasal soin, ba chiach agus ba chásmhar leó fearainn agus fír-bheatha a sean agus a sáir-shinsir féin d'fhaicsin i lámhaibh eiriceach agus eachtrann; óir do roinn an bhanríoghain an iarlacht ar na gallaibh. Uimesin cruinnighid agus comhthionólaid an líon sluagh agus sochaidhe is mó do b'fhéidir leó, ionnus go rabhadar ar feadh trí mbliadhan ag creachadh, ag ciorrbhadh, agus ag comh-bhuaireamh na ngall ar feadh na Mumhan; go dtugadar bualadh machaire dhóibh fá dheóidh, i n-ar briseadh do na gallaibh agus dá gceann feadhna Norris do ba phríomh-thaoiseach Mumhan an tráth soin. Deich míle fear líon sluagh Gearaltach an lá soin. Iar bhfaicsin fáis treise agus tréine Gearaltach dhon bhanríoghain agus gur gabhadh Séamus mhac Tomáis in' iarla aca, do smaoin créad an modh ar a bhféadfadh comhbhuaireamh do dhéanamh eatortha féin. Leis sin scaoileas do Shéamus mhac Gearóid, .i. mac an Iarla, do bhí ar feadh seacht mbliadhan déag roimhe sin i ngéibheann i dTúr Lunndaine - ó do chuir an chunntaois, a mháthair féin i ngiall ar son a athar ann é - agus cuireas go hÉirinn é, iar dtabhairt gairme agus gnáith-theidil Iarla Deasmhumhan dó; agus iar dteacht go hÉirinn dó do ghaibh seilbh na hiarlachta, óir do b'é an t-oighre ceart é. Leis sin tréigid a shluagh agus a shíor-chomhfhogus Séamus mhac Tomáis, agus gabhaid le Séamus mhac Gearóid, ionnus go mba éigean don chéad tSéamus go n-a bheagán buidhne imtheacht ar measc cnoc agus cabhán agá cheilt agus agá chomh-dhíon féin ar a námhaid. Gidheadh, chailleadar a bhuidhean féin air fé dheóidh; óir do rineadar bragha dhe, agus iar mbeith amhlasan dó, tógbhaid leó é chun Seóirse Carew an ridire órtha do ba Phresiodún Mumhan an tráth soin. Gidheadh, iar dteacht i bhfoigse sé mhíle don áit i n-a raibh an Presiodún go n-a shluagh-bhuidhean, thárla drong-bhuidhean d'uaislibh áirithe dhóibh, agus do scaoileadar Séamus as a chruadh-chuibhreach, gur shaoradar den chuaird sin é. Iar n-a scaoile amhlasan dó, nocha raibh fhios aige cia do b'ionntaoibh dhó. Uime sin do bhíodh agá fholach agus agá anacal féin go ndearnaidh an Ridire Fionn bragha dhé fá dheóidh iar n-a fhagháil i n-uaimh thalmhan; go rug assoin chun an Phresiodúin é, gur cuireadh go Sacsaibh; agus iar mbeith seacht mbliadhna i ngéibheann i dTúr Lunnndaine, d'éag ann fá dheóidh. Do chuaidh a dhearbhráthair Seán don Spáinn, agus iar mbeith tréimhse i bhfochair Ríogh na Spáinne, d'éag sé, gur fhág dá éis mac, .i. Gearóid mhac Seáin, ar a dtráchtfam i n-a ionad féin. Séamus mhac Gearóid, do tugadh mar ghiall ar son a athar é, amhail adubhramair; agus iar gcaitheamh seacht mbliadhan déag i dTúr Lunndaine do scaoil an bhanríoghain as géibheann é. Do thug teideal Iarla Deasmhumhan dó, agus do chuir saor go hÉireann é. Gidheadh, iar dtraochadh nirt Shéamhuis mhac Tomáis Ruaidh agus síothcháin déanta, ní raibh an bhanríoghain ní bhus mó i gcúram an Iarla go ndeachaidh tar ais go Sacsaibh, agus gur chríochnuigh a bheatha ann, ní gan amhrus gur nimh do fuair sé mar an gcéadna, Anno 1602. Iar bhfagháil gairm iarla do Shéamus mhac Gearóid, amhail adubhramair, ní cian d'fhan i nÉirinn an tan do chuaidh go Sacsaibh go bhfuair nimh le hól ann, iar mbeith aon bhliadhain amháin in' iarla. Gearóid mhac Seáin mhac Tomáis Ruaidh, an fear déadhnach; do fuair tré Rígh na Spáinne teideal captaoin gárdaí Impire na Gearmáinne Uachtaraighe; d'éag sé san mbliadhain 1632. Agso an Gearóid ar ar thráchtamair grod roimhe seo. Do fuair ó Rígh na Spáinne - iar n-éag a athar ann, amhail adubhramair - teideal iarla, go ndeachaidh ar soin don Almáinn, agus iar gcaitheamh trí mbliadhan ann gur éag fá dheóidh. Agsin sínte ar faon-luighe ag feóchadh agus ag fíor-chríonadh an crann cnuais-iomdha soin Gearaltach, do plannduigheadh agus do príomh-chuireadh ar dtúis i nÉirinn le Muiris mac Ghearailt mhóir, agus do leathnuigh, agus do lán-oscail a géaga glasa glé-thorthacha os cheithre chóige chian-fhairsinge Éireann, le ré cheithre céad ar chaogaid bliadhan. Do bhí le linn an chrainn seo bheith fé bhláth is fé mheas i nÉirinn, caogad d'fhíor-stoc Gearaltach do ba iarlaí, tighearnaí, bíocuin, barúin agus ridirí. Do b'é faid tighearnais nó iarlachta Iarla Deasmhumhan céad agus fiche míle Ghaedhlach, agus seacht míle is caogad a trasna. Do bhíodar fós os cionn céad caisleán chun cosnaimh is comh-seasaimh fá theideal is fá thréan-tarmuin Iarla Deasmhumhan. Do bhí fós dafhichid míle púnt d'árd-chíos bliadhntamhail ag teacht chun Iarla Deasmhumhan, i n-éaghmuis a raibh dá fhearannaibh i n-a lámhaibh féin agus i lámhaibh a chomhfhoguis agus a chomh-bhráithre amhail tuigthear as an roinn tugadh ar an iarlacht tar éis díthcheannadh an Iarla Gearóid. Agsin túismhiughadh teacht agus tréan-chosnamh, críochnughadh ciorrbhadh agus craobhscaoile gníomha geineallach agus gnáith-éachta Gearaltach i nÉirinn go dtí so, .i. 1655, ón gcéad fhear tháinig go hÉirinn díobh, .i. Muiris. Geineallach Mhuiris, iomorro, mar seo: Muiris, mac Gearailt mhóir, mac Muiris, mac Seáin, mac Riobaird, mac Uilliam, mac Riocaird mhóir, .i. connstábla árd ríogh Shacsan i gcúirt pharliament Uindsor. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4 |
3,051 | Craoibhín Ceoil, An | Craig, J. P. | — | — | 1923 | 20 | prose | Craig, D. G. & Co. | 2,924 | 780 | CRUACHA NA h-ÉIREANN. Tá'n samhradh ag sileadh a shéada Aniu air fud Oilean na Naomh … Tá'n ghrian ag soillsiu go glé-geal, 'S ag líonadh le h-aoibhneas an tír. Ó! is minic mé smaoitiu air philleadh Ar ais annsair cháirde mo chléibh… Measg subhailce sona mo chinidh, Na gcomhní faoi Chruacha na h-Éireann. Is fada an lá é ó d'fhágmuid Ar mbaile 's ar muintir a mbrón… Ag dréim le nar málaí a líonadh Thar sáile le h-airgead's ór. Ó! nach cuma ma támuid ag tiunnta Gan pínn ann ar bpócaí fa réir… Tá'n tsláinte go fóil ann ar gcrámha Ag pilleadh go Cruacha na h-Éireann. Curfá. Cruacha glas' na h-Éireann, Lonnrú measg coillte craobh… Ó! charaid, nach meura Sinne fa dheireadh ag pilleadh thar sáile! Gaoithe grinn dar seoladh, luasgadh air dhruim na mára! Ó! ní fada go mbéimuid slán Sa bhaile faoi Chruacha na h-Éireann. 3. Air fud bhailte móra thar sáile Tá mílte dar mbunadh gan treo, Ag crochaireacht maidín's trathnóna Aig coirneil as áiteacha óil. Ó! narbh fheárr daofa fuireach sa bhaile, An áit a bhfuil sócal as seun, 'S a saoghal a chathadh go sóclach séimh, Go seasgair faoi chruacha na hÉireann? Curfá. TEANGA NA hÉIREANN. Tóg suas do chroidhe cráite Éire, a stór, Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor! Bás fháil ní baol do do theanga, a grádh, Teanga bhinn uasal na hÉireann go brách! Beurla gan binneas sé beurla na nGall; Cosgfar a ghlór garbh's fagfar é thall. Splannc le na shála as Oilean na Naomh! - Oilean na gCoillte, Oilean na gCraobh! Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród, Feoluim na Gaelge le haoibhneas as bród; Tógail do theanga as cruinniu do cheoil, Béidh siad faoi mheas ann, a chuisle, go fóil. Tóg suas do shúile as amharc air do chlann; Dearc thart aniu orainn cruinnigh' go teann! Feasta ní bhéimuid nar gculladh mar bhí - Cúram ar dteanga, sé cúram ar gcroidhe. Curfá. Teanga na hÉireann ní chaillfear go deo! Teanga na hÉireann có sean leis an cheo! Binn cheol ar sinnsear as beulra na righ! Sláinte go deo dhuit, a chuisle mo chroidhe! Na Smeura. 1. Anns an aimsir aoibhinn aerach, nuair a bhí me-fhéin mo sgafaire, As mé le fonn ag feadalaigh 's ag buachailleacht na mbó, Casadh cailín ceannsa croidhmhail orm As í ag cruinniu smeura, Agus thit me-fhéin a ngradh, faraor, A Chois na coilleadh cró! Agus maidín's tranóna ba mise bhí go baganta, ag suirigh leis an stuaire a sgiob air shiul mo chroidhe, gur ruaigeadh gan réiteach fa dheireadh as an bhaile mé, As mé gol da pósadh, mo mhurnín dílis ó! 'S bím ag smaoitiu air na smeura's air na heunacha 'sna cruinn, Bím ag smaoitiu air mo stóirín 's air a béilín blasta binn, Nuair a lóir sí liom go dílis Agus ghradhuigh mé mo stór, Agus sinn ameasg na smeura ann san fhómhar aoibhinn óir 2. Anns an aimsir aoibhinn aerach ud ba mise bhí go soineanta, Sgan goirsach anns an pharaiste Nach rabh liom-fhéin a ngradh; Ag suirigh liom le síorghradh, 'Sag caochadh orm go coiteanta, Ba mise croidhe na féile ocú oíche agus lá. Ach… Thit me fa dheireadh a ngradh le Peg ní Dhochartaigh, As cuireadh síos an cleamhnas go galanta a gcló. Ach láthar na mhárach - Có cinnte's tá me ceoltóireacht… D'imigh sí le saighdir, mo mhurnín dílis ó! 3. Arsa mise lá go roganta le Baintreach Mhór na Beinne Buidhe, Nach ort atá an dóigh bhocht do chomhní'n seo mar tá, Nuair ba chóir duit a bheith pósta ar sgafaire de'n chineadh cheart, 'Sma's fear atá ann tastail ort, - Níl agat ach a rá? Thug sí ruaig agus rása go fianta asteach ann tuigh, As cár… air a haeidh chuirfadh sgárradh air an domhan, Sní rabh a bhfad gur phill sí as gugan uisge ghalaigh léí As thubair duí mo sgalladh, mo mhurnín dílis ó! AN DEORAIDH. 1. Tá gleann beag ró-aoibhinn a nÉirinn, Agus baile beag talaimh sa ghleann… Ta gáraidh beag baoideach chois coilleadh Agus cró beag air fasgadh faoi chrann. Agus b'fheárr liom ná cumhacht na cruinne Bheith seoladh thar sáile anonn… Ach briseann mo chroidhe bocht le cúmhaidh Nach dtig liom níos mó a ghol ann… 2. Tá árdan a naice na coilleadh Agus tubar beag fíor uisge faoi… Ta sruthan beag soillseach ag síneadh Faoi bhruacha na saercan milbhuidhe. Agus luighinn le luthair ag éisteacht Le binncheol na gcaochan sa ghleann… Ach briseann mo chroidhe bocht le cúmhaidh Nach dtig liom níos mó a ghol ann… 3. Nach truagh mé taobh seo na mára, Mo dheoraidh gan beodhacht, gan brigh… Ag smaoitiu air aoibhneas na hÉireann Measg cuimhthig gan carantas croidhe. Ó… slán libh a ghleannta mo thire, Agus slán libh mo chúram's mo chró… Nach buartha's nach brónach an sgeul é Nach féidir mur bhfeiceal níos mó… HUIS A BÁLÚ 1. Tá'n ghaoth ag caonadh, a mhuirnín mhilis, Go buartha brónach fríd choillte craobh; Tá'n t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar, 'S béidh cosgradh croidhe ann anucht faraor! Ó grádh mo chroidhe thú, a leinibh aoibhinn, As gabh do chulladh go suaimhneach séimh. Tá na mílte cráite le líon a leatruim, Ag fuilstin fuachta air dhruim an tsaoil. Ó huis a bálú, a bálúlí. Ó huis a bálú as m'anam í! Ta'n ghaoth ag caonadh go buartha brónach, Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe! 2. Air éadan fhíochmhar na mára móire, Tá seoil da siabadh gan treas gan treo. As siomaidh sar-fhear anucht, a stóirín, Nach dtig na bhaile ar ais go deo. Ó culluigh culluigh, a mhuirnín mhilis, As druid do shúile go sóghach séimh. Tá teinte caordhearg anucht ag pléasgadh, 'S béidh buaireadh's brón ann, a rún mo chléibh. A PHÁDRUIC A RÚN. 1. A Phádruic, a rún, tá mo chroidhe buartha brónach, As tú gol air shiul uam, a stóirín, go brách, 'Sní fada go mbéidh tú air éadan na mára, Ag seoladh thar sáile, mo chúmhaidh's mo crá! Ó guidhimse Día a soillse na síorthaí, Mo chúram a chuimheadh a gcríocha na ndeor, 'Sa chuisle mur bhfeicim a choíche aríst thú, Béidh fáilte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór… 'Sa chuisle, mur bhfeicim a choíche aríst thú, Béidh fáilte 'sna flaithis fa dheireadh, a stór. 2. A Phádruic, a rún, Nuair a bhéas tú air shiul uam, Do shuidhe go haoibhneach measg cuimhthigh a gcéin, Nach smaoiteocha' tú air do mhathair go minic, An mhathair a thog thú le cúram a cléibh? Ó cuimhnigh, a stór, Nuair a bhí tú do pháiste, Do chulladh sa chliabhan as mé le do thaoibh; Máidín's tranóna, a n-uaigneas na hoíche, A gcómhní ag guidh ort, a thaisgidh mo chroidhe; Mháidín's tranóna, a n-uaigneas na hoíche, A gcomhní ag guidh ort, a thaisgidh mo chroidhe. ÉIRE, A ÉIRE. 1. Éire, a Éire, Nach brónach do chás, Caillte le ciantaí Aig tíorain gan grás! lomlán do leatrum, As cráite do chroidhe, Claoite go cosgrach, Mo Thruaighe thú faoi! Éist liom a stór, Agus árthuigh do ghlór, Ná Brisfear do gheasracha geura go fóill… Beannacht an Righ ort, as rócal na Naomh ort! Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor! 2. Éire, a Éire, gan suaimhneas gan seun, Brúite go brónach faoi leatruim as leun! Éist le do chloinn chóir Thír Conaill aniu, Gealladh go grádhúil go gcosnochar thú. Éist liom, a stór agus árthuigh do ghlór, Ná Brisfear do gheasracha geura go fóill… Beannacht an Righ ort, as rócal na Naomh ort! Sláinte go deo dhuit, a Éire na ndeor! A GCEART-LÁR COILLEADH. 1. A gceartlár coilleadh a dtúisceart na hÉireann, Ta cró beag seasgair Ag soillseadh sa ghréin; 'S mo chreach gan mise san áit aoibhinn aerach, Ag éisteacht gan mairig le ceolta na n-eun. Bíonn cruinn-chlár neimhe in siud gan ceo, 'Sag sileadh suaircis go deo, deo, deo! Agus cluintear an sruthain ag sinim gach tráth, Agus Ollghlór an sgeárdain oíche's lá. 2. Air éa-dan aoibhneach na tíre fa lathair, Níl bláth da bhfásann nach nuchtann a ghné: An saercan suairc, an bainne-bó bleachtain 'S an noinín geal gleoite mar réiltín sa spéir. Tá'n sgeach ag sgeitheadh go cúmhra caoin, 'San feithlean fáinneach go buidhe, milbhuide! Agus cluintear na heunacha aoibhne gach tráth Ag… sgabadh a mbinncheolta oíche's lá. 3. Ó siomaidh cor anns an tsaol seo, a charaid, As siomaidh suairceas A chailltear sa treo; As siomaidh cruatan a chastar don duine, Nach dtig leis a sheachnadh sa ghleann seo na ndeor. Ach brón as buaireadh, da mheud a ngleo, Tig cuimhne cianmhar na sógh fadó, Nuair a chluintí na heunacha aoibhne gach tráth Ag… canadh a mbinncheolta oíche's lá. SHÍOS ANNS AN GHLEANN. 1. Shíos anns an ghleann tá na sgeacha ag sgeitheadh; Aoibhinn an caoinchrann is cúmhra blath… Siuilimid linn tá na mílte saercan breacadh na bpáirceann ó bhun go bárr! 2. Shíos anns an mhóinfheur tá'n cuinín go sughach Feuch air ag preabadh go slíoctha slán… Na shuidhe sa churach tá'n gearfía gleoite, a dhá chluais anáirde 's a chroidhe gan sgath. 3. Cluinim na caoirigh go meireach ag méiligh, 'S caoinghuth na cuaiche go brighmhar buan. Feuch air na huain bheaga bána a ag léimnigh - Sompla an tsonais is eadh an t-uan. Shíos anns an ghleann tá na heunacha gol cheoil; cluinim an londubh's an smólan donn! Shíos anns an ghleann tá achan rud go glórmhar. Éistigidh, a óga, tá an samhradh ann! CRUACHA NA hÉIREANN. 1. Tá'n samhradh ag sileadh a shéada Aniu air fud Oilean na Naomh… Tá'n ghrian ag soillsiu go glégeal, 'S ag líonadh le haoibhneas an tír Ó! Is minic mé smaoitiu air philleadh, Ar ais annsair cháirde mo chléibh… Measg súbhailce sona mo chinidh, Na gcómhní faoi Chruacha na hÉireann. 2. Is fada an lá é ó d'fhágmuid ar mbail's ar muintir a mbrón… Ag dréim le nar malaí a líonadh Thar sáile le hairgead's ór, Ó! Nach cuma ma támuid ag tiunnta, Gan pínn ann ar bpócaí fa réir… Tá'n tsláinte go fóil ann ar gcrámha, Ag pilleadh go Cruacha na hÉireann. 3. Air fud bhailte móra thar sáile, Tá mílte dar mbunadh gan treo… Ag crochaireacht maidín's trathnóna Aig coirneil as áiteacha óil. Ó! Narbh fheárr daofa fanacht sa bhaile, An áit a bhfuil sócal as seun… 'Sa saol a chathadh go sóclach séimh, Go seasgair faoi Chruacha na hÉireann? Curfá. Cruacha glas' na hÉireann, Lonnrú measg choillte craobh… Ó! charaid, nach meura rinne fa dheireadh ag pilleadh thar sáile! Gaoithe grinn dar seoladh, Luasgadh air dhruim na mára! Ó! ní fada go mbéimuid slán, Sa bhaile faoi Chruacha na hÉireann. TEANGA NA hÉIREANN. 1. Tóg suas do chroidhe cráite, Éire, a stór; Triumuigh do shúile, a Éire na ndeor! Bás fháil ní baol do do theanga, a ghradh, Teanga bhinn uasal na hÉireann go brách! Beurla gan binneas sé beurla na nGall; Cosgfar a ghlór garbh's fágfar é thall. Splannc le na shála as Oilean na Naomh! Oilean na gCoillte,… Oilean na gCraobh! 2. Tóg suas do chroidhe, tá na mílte sa ród Feoluim na Gaelge le haoibhneas as bród; Tógail do theanga as cruinniu do cheoil; Béid siad faoi mheas ann, a chuisle go fóil. Tóg suas do shúile as amharc air do chlann; Dearc thart aniu orainn cruinnigh' go teann! Feasta ní bhéimuid nar gculladh mar bhí - Cúram ar dteanga, sé cúram ar gcroidhe. Teanga na hÉireann ní chaillfar go deo! Teanga na hÉireann có sean leis an cheo! Binncheol ar sinnsear as beulra na righ! Sláinte go deo dhuit a chuisle mo chroidhe! HUIS A BÁLÚ. 1. Tá'n ghaoth ag caonadh, a mhuirnín mhilis, Go buartha brónach fríd choillte craobh; Tá'n t-anfa tuar-dhearg ag teacht le faobhar 'S béidh cosgradh croidhe ann anucht, faraor! Ó grádh mo chroide thú, a leinbh aoibhinn, As gabh do chulladh go sóghach séimh; Tá na mílte cráite le líon a leatruim, Ag fuilstin fuachta air dhruim an tsaoil. Ó huis a bálú, a bálúlí. O huis a bálú as m'anam í. Tá'n ghaoth ag caonadh go buartha brónach, Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe! 2. Air Éadan fhíochmhar an mára móire, Tá seoil da siabadh gan treas gan treo; As siomaidh sar-fhear anucht, a stóirín, Nach dtig na bhaile ar ais go deo. Ó culluigh, culluigh, a mhuirnín mhilis, As druid do shúile go suaimhneach séimh; Tá teinte caordhearg anucht ag pléasgadh, 'S béidh buaireadh's brón ann, a rún mo chléibh. *huis a bálú, bálú, bálúbálú, lí, Ó huis a bálú, bálú, bálúlí. Ó huis a bálú, bálú bálú, bálúlí. Ó huis a bálú, a stór mo chroidhe! A gCEART-LÁR COILLEADH. 1. A gceart-lár coilleadh a dtúischeart na hÉireann, Tá cró beag seasgair ag soillsiu sa ghréin, 'Smo chreach gan mise san áit aoibhinn aerach, Ag éisteacht gan mairg le ceolta na n-eun! Bíonn cruinn-chlar neimhe insiud gan ceo, 'Sag sileadh suaircis go deo, deo, deo! Agus cluintear na sruthain ag sinim gach tráth, Agus ollghlór an sgheárdain oíche's lá. 2. Air éadan aoibhneach na tíre fa lathair, Níl bláth da bhfásann nach nuchtann a ghné; An saer-can suairc, an bainne-bó-bleachtain, 'San nóinín geal gleoite mar réiltín sa spéir. Tá'n sgeach ag sgeitheadh go cúmhra caoin, 'San feithlean fáinneach go buidhe, mil-bhuidhe! Agus cluintear na heunacha aoibhne gach tráth Ag sgabadh a mbinn cheolta oíche's lá. 3. Ó siomaidh cor ins an tsaol seo, a charaid, As siomaidh suairceas a chailltear sa treo, As siomaidh cruatan a chastar don duine Nach dtig leis a sheacnadh sa ghleann seo na ndeor. Ach brón as buaireadh, da mheud a ngleo, Tig cuimhne chianmhar na sógh fadó, Nuair a chluintí na heunacha aoibhne gach tráth. Ag canadh a mbinn cheolta oíche's lá. CARRAIC DONN. 1. Air Charraic Donn is fionn an fraoch, 'Sis dorcha'n spéir os cionn Árd na Laogh! As siomaidh sruth ag síneadh síos go huisge uaigneach na hÓnna Buidhe, Tá'n ghaoth ag caonadh le cumhaidh caoin Ameasg na gcoillte síghe, As mis' a bpéin inseo liom-fhein, 'Smo ghradh air shiul uam, och-ón mo chroidhe! 2. Ba ghlas an fraoch air Charraic Donn, 'Sba gheal an ghrian air Árd an Laogh! Na cruinn go léir ag crumadh síos 'Sag pógadh mín-phluic na hÓnna Buidhe. 'Sgo deo ba mheura mo bheatha ann Aig taobh mo Dhomhnaill dílis, 'S gur dhúirt se liom nach sgarfad sinn Níos mo sa tsaol seo, och-ón mo chroidhe! 3. Air Charraic Donn ta'n fraoch ag fás, Tá'n sgeach ag sgeitheadh air Árd na Laogh, 'San ghrían gheal ag soillsiu síos air éadan aoibhneach na hÓnna Buidhe. Ach damhsa ní fhuil ach buaireadh's brón Gan raerc mo Dhomhnaill dílis. Mo leun aniu gur imigh tú, Mo mhuirnín dílis, a stór mo chroidhe! | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3051 |
2,031 | Créacht do Dháil mé im Árthach Galair agus Baisteadh Oisín | — | — | Ó Briain, Máirtín | 1834 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1999) | 239 | 134 | A Phádraig bheannaithe, beir ar thua an bhéil mhóir agus gearr mo chuid feola chomh mín le cré, gearr an seanchroí atá i mo lár, agus ná fág iall díom gan meilt go léir, is mé an seanóir atá i bhfad i dtréas. Dá mba páipéar an talamh glas, dá mba pinn cleiteacha na n-éan, dá mba dúch an fharraige mhór agus Clann Éabha a bheith uile ina gcléirigh, Faighidís saol na n-aingeal, ós díobh nár bhaol an t-éag, dúshlán an iomláin leath phianta Ifrinn a chur i gcéill, dá bhrí sin tá mé ag iarraidh mo bhaiste agus m'aspalóid bheannaithe as ucht Dé. Ansiúd do thosaigh Pádraig ag baisteadh Oisín, agus chuiris an chros trína throigh, agus bhí an áit dearg dá chuid fola go léir. "Ó, a Thiarna, a Oisín, tuige nár inis tú dom gur trí do throigh do chuir mé an chros? Atá tú loite agus ní maith liom é." "Bronnaimse sin do mo Thiarna," do ráidh Oisín, "agus duitse, a Phádraig, do shíl mise gur den bhaisteadh an chros a chur trím féin." "A Oisín," do ráidh Pádraig, "is aoibhinn duit. Sa chéad chás, d'fhulaing tú baisteadh; sa dara cás d'fhulaing tú íobairt." | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2031 |
2,510 | Crioch Deigheanach don duine | O'Sealbhaidh, Emun | — | — | 1818 | 19 | prose | (B.Á.C.: 1818) | 2,060 | 971 | CRIOCH DEIGHEANACH DON DUINE DAN DIADHA “Cuimhnidh air do chrioch dheighionach agas ni feidir dhuit a pheacadh go brath.” “Memorare novissima tua et in aeternum non peccabis”. Eccles. vii.40. A mbaile Atha-cliath Duibhlinne, san bhliadhain d'aois ar Ttighearna 1818 Chum na Sár-óirbhidneach, na fíor-oírbhidneach agas na n-óirbhidneach, na n-Aird-easboig, na n-Easboig agas na Ccliar Eireannach go coitchionn, an Dán Diadhasa arna tiomanta go sarmhodhamhuil leis an leasaighhteoir, EMUN O'SEALBHAIDH. CRÍOCH DEIGHIONACH AN DUINE A dhuine chuimhingh do chrioch deighionach is na caith haoís le baois na breaga; cuman an tsaogháil chlaoin go ttreigfhir, ce gur aoibhin main gur bhaoghalach. Ge ta tu laidir, lan do thréithibh, lan do shlainte, lan daille, agas sgéimhe, na bain cail as blath bheag bhreige, is gur taire i na sgaile gan eifeacht. Na gheilse do reacht mas na mhaitheas an tsaoghail so, as a ghneithibh na dean iomad sgleipe, féach gur don criadh ata tu deanta, sa trath eagfair, gur cre dhiot a dheantar. Ge gur mor do chuid oir agas greithe, do chuid airgid, brais, agas peatuir, do bha, do chapuil is do chaoirigh, do caisleain bo robhreadha le na bhfeachain. Do cuid eachraidhe, bhios meanmnach leimneach, do choistidhe, do cotaidhe rodhaora, do chuid sioda, is culaighe re cheile, do leabacha sasda air cluimhibh eanlaith. Do lucht ealadhain, bhios atathaigh do fheacuin, do lucht eolais adhuine os clisde a gceil du, do chocuiridhe bhios totughadh gac meíle, deanadh an coisreaga air bhord leathan eadain. Do mhuintir bhios cruin air gach taobh dhuit, a deanamh grinn, is aig innsinn sgeal dhuit, air do chlonnsi beidh innsin da reir sin, aig gabhail do thiomchioll arinsce sa pleíde. Do chonairt bhios go conughrach beilbhin, do bhainfeadh cluithe as eilit da gheire, air fad na coille, cois curraidh, no sleibhe, le na mire chum do gaile do dheanamh. Gacha andubhras o thus ansa meidse, ionnta sud dar mocubhas ni'l eifeacht, ce ata agcuram ort, och! ni leat fein iad, cuirfid agcul leat, trath mhuchfar san gcre thu. Do chairde dílis fagfuid go leir thu, annsan ait sin ar ball meid reidh leat, anaras gan tasdacht, gan teagar, on la sin ni bhidh tracht ort na sgealta. Bo truagh thusa anuair ud an geibhionn, anuaimh dhubh, is ualach don chre ort, 'sba fuar do ghuaileadh, 's do gheaga, 's do thruail bhocth an uaigneas ag eagcaoin. Gan or, gan airgiot, earradh, na eadach. gan bha, gan chapuil, bailte, na sreada, gan chuirt, gan chaislean, na gearan gleasta, gan choisde, gan chota, gan bheibhior. Gan lucht ceoil, na lucht eolais dod fheachain, gan sinnsear, gan chloinn, is gan cheile, do chluasa, ler mhaith suarcas agus sgeala, beid an uair ud gan tuaruisg, gan eisdeact. Do fhuilt ghruaige, bhi anuas leat na bpearlaighe, fád ghuailidhib na ndualadhe, gan reiteach, do ghnuis, do mhala, do leaca, bhi glegeal, do shuile glasa gan chama, gan chlaona. San uir an tra rachus tu, cailleadh tu asgeimh ud, 'sbheid agad na nionnad cnumha agus peíste, ni he so amhain, cas an sgelsin, ata pone ann romhuin fós gan reiteach. Fuair tu go leór don ghloíre shaoghalta, d'ól tu an fhion, is ta diol gan deana, ta la le teachth, na meas gur breg e, ma gheillion tu d'ughdaraibh naomhtha. La bhocht bhrónach, gleodhach, a geargoin, ta roimhe gach nduine chum chúntais dheana, tiocfadh Anticriost, anfheil le eicceirt, mhealfadh na milte, do daoinibh an tsaoghail. Tíocfadh plaigh, is gorta, is cogadh, an aoinfheact; is gan neart dhiol acht ag neach da treine; na daoine uaísle, bhi uaibhreach faobhrach, lan do shaidhbhris, reachtmas, agus pleíde. Biad airís go claoidhte an gear-bhruid, mar chailleadar Criost, ar nidh gan eifeacht; beídh ríghthe, imperidhe, isrprionsaigh treana, a dol le gaoith gan bhrigh na eifeacht, Gan furtacht le faghail, na nanreítigh, beidh clocha agas crainn le na linn apleasga; rachaidh cnuic ágas gleannta a gceann a cheíle; gacha bhfuil béo agas fos na heanluigh. A sgreadaigh, sa caoi, is gan díon air aoinred, muchfadh na dorchadas solas na greine; beidh an ghealac faoi smuit agcliuch radharc, na realta tuitim abriseadh, sa réaba, Ag mead na stoirme, is buirbe an lae sin, nochtfa an mhuir grinneall na greine, is beidh iasg annsin gan uisge leimnigh, is casaidh siad aris na ccaoir dhearg. Tiocfaidh aingiol as flaithios le sgeala, galltrumpa anna lamh, sa beal da sheide, da radha leo teacht, gan stad do bhreithe, oc! oc! mo thruaighe! ís cruaidh an chéim sin. Rachaidh an tanam san ccolain gceadhna, siol gach nduine dar geineadh ó Eubha, tiucufaidh siad uile mar thuile da threine, as gach ait faoi clar na spéire. O Shachsain, ó Albain, agas ó Heirinn, ón bhFrainc, ón Spain, agus ón Eigipt, ón Aisia, ón Africa, agas ón Greig leis, ón Scitiá, 's ó rioghacht na Hairmenia. O Hungaria, on Almhain, agas on mBóesia, o Caria, o Arcadia, agas o Creata. cad dobhail liom, da radh iad air áonchoir, och is fearr damh ttrachta an einfheacht. Gach a ttainig ó Adhamh, agas ó Eabha, beíd an lá ud do lathair an aoin-mhic, an chineadh íudaigh ghabh do sgiursaidh gear air, chur puicin air is rinne an umhlaigheacht bhreige. Na breitheamhuin thuig an breítheamhnúis eig-cheart, Pointius Piolad, Caiaphas, is Hearod, an chuid eile don cuideachtain ceadhna, da bhualadh le basa, is gach tarcaisne dobhfeidir. Mar bhi se follus gur ab aca bhi an éigcheart, chithfid siad mac na feile, Iosa Criosd mac De air na cheasadh, chum dioghaltais is dhibheirg do dheanamh. Beidh lucht na mallacht na seasamh an aoinfheact, iona comhdhail air dheaslaimh go haédhrach, is lucht na mallacht fuair rachmus an tsaoghailse, na mbrus gan ghrana air a laimh clé dé. Smuain anoish air gach sgela da ndearfuin gur truadh a charaid sa ndearca go dearfuil, teacht abpearsain gan fiadhnaidh bhréige, An la ud do lathair an taoinmheic. Alucht na mallacht, imthigh feasda re chéile, go ríoghacht na ndeamhan, in ambíonn lasracha gheara, anuair ábhíos nochtadh ni bhfúairis mfolach do dhéadach, San úair abhíos mo dheóraidh nibhfhúaras loísdín ó aóineach. Imeochá an tan re rádh na sgéal sin, as an áit ar ball a sgréachaigh, díarradh gach neach fa seach don mbréanbhruisg, mo mhallocht ar Dhía do chur aríamh sa tsaoghal mé. Beidh agramhuisg thutach múichde a bréineacht, a tteinte dearga, sa lasracha geúra, a dol a ghorta mar chonart a ngéibhionn, díobh is cinte bheith a tteinte tréana. Sud an áit, gan bíadh, gan eádach; sud an ait, gan phairt no chéile ann; sud an ait, atá lán do gach aón olc, an úair rachaidh an aicme bhréun ann. Ansud asdeach faoi ghlasaibh daora, teacht as ar ais, nil neart air aoneach, ach a bheith go síoraidh gan sgith do dheanadh, ní insin don tsluágh fuair lúadh air naomhthacht. Rachaidhsíad súas air anúar cheadhna, a ccuideachta an uáin ó cúairt an tsléibhe, flaithios dogheibidh uádh mar lúach saothar, beídh céolta binne da sinim go gleásda. Naoimh agus Aingil aig canamhuin na cheile, gach maighdion glan a dfan gan chéile, beidh amharc ar leith gan ceilt na héadan, na naoi nuird ata accuirt na féile. Gan claochlodh aig an tríonoid ronaómhtha, aig cur fáilte reompa go learg na naómhspiorad, arus na fáilte agas na féile, árus na nárdaingil ronaomhtha. Mur a mbíonn solas gan dólas, gan traothadh, gan chíos ateacht aníos, no eiliughadh, ní cúalaidh clúas, ní dúal co mfheídir, nar smuainidh chroídhe, gniomh do dhéana. Ní facaidh suil o thus an tsaoghailsi, leith no trían abhfuil aig día re na nadhaigh ann a chathair nil creach no éigceart, ann a chathar bíonn ceart agas deighbheart. Ann a dhúnsa ní bíonn cúlghearadh no ceasa, ann a dúnsa ní bhíonn díultadh air aoineach acht foill ort do mo dhóigh ní bhiad bréagach, as doigh liom nach bhfoghnann an méid so. Lucht poíte, lucht spóirte, is lucht pleíde, lucht uadhbhair, da úaisle a ccuid éadaigh, lucht cuilgearraidh, is cliú bhúain da chéile, ann a dhúnsa nil rúma aig an méid úd. Lucht leísge ní cheilim air aonchor, agas lucht feíle ni fháicid íad féin ann, a righ na ríghthe do dhibir déethe, dothug Maoise ó Ríogh na hEigipt. 'S do chuir an tuile air an drung nar ghéill duit, do thuirling a ccoluin daonda dar saoradh, a mainnséir asail gan leabadh gan eadhach, ach tríall na nainghiol ó fhlaithios dod fheachain. Dobhí trí bliádhna deag agus fithche, mar leíghtir, dobhí dha fhithchiot la air fasach an tsleibhe, gan chodhladh gan biádh; O Dhiá! na treig me, nach tú féin do lúbh do gluine naomhtha. Cuir allus fola le do chlareádan, dfulaing do cheangal go daingion lé teadaibh, do bhreith do láthair Annas an éithigh, dobhí Píolaid aig eisdiocht do sgéala. Súd an ceathrar thug tarcuisne ar do daondacht, is iomdha sin masla, agus urchar treitheach, is iomdha sin sracadh, thug an aicme bhreun ort, is iomdha sin deór, do dhoirt do dhéaghrosg. As iomdha sin seile, do theilgeadar an théadan, cúig mhile buille mar chuirid na náeimh sios, do fúar tusa, agus tuille nach léighthear, adhuine cuimhnigh air a nídh sa a déarfad. Rígh na bhflaithios da cheangall aig Hérod, a chuid fola faoi na chosa tareis théachtadh, gan ruáine da ghrúaig lena chéile, gan ball de slán ach lán do chréuchta. Coroin spíne ar Iósa na ndhéighbheart, a sruth siós le gach spíce géur díobh, o bhathais go bonn da chom gleigiol, aig iomchur go bocht a chos feín leis. Go Calbhária mar ndéarnadh a téirleach, muire glormhar go brónach da fheáchain, sruth deór le na gleodhchaibh naomhtha, 'sa fuilt ordha aca da strócadh ó na chéile, Sa mac trócuireach aig an choíbsin da cheúsadh, a thighearna dfulaing pianta dar saóradh, díoc air bhfiácha nídh nach bhféadamaois fein díoc, os aridhi nach bhfuil sláinte againn id teagmuis. Is tú ar nathair, na dearmuid sinn ar aonchor, is tu ar ndearbhráthair, bí cumhdach linn da réir sin, is tu ar nDía, sariámh da ngéillmuid, mathréigionn tusa sinn, a chuman, ead a dheanainn. Maith air ccoirthe dhuinn, mar mhaith tú do Mhuire Mhagdelenn, is don ghadaígh rinn an taithreachas deighionach, 's don bpuibliocan bhí le tubaisde an tsaoghailse, 's do Pheadair prionnsa na neasbal do séun thú. Aig so crioch air bhrígh mo sgeilse, guidhim anois, agas aris, gach aon agaibh an tAthair, an Mac, agas an Spiorad naomhtha, air seachoint air breith dhamanta la án tsléibhe. Crích. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2510 |
4,076 | Cruach Chonaill | Seosamh Laoide | — | Laoide, Seosamh | 1913 | 20 | prose | Connradh na Gaedhilge | 30,387 | 4,274 | BROLLACH. I n-ainm Dé. Amén. Nocha rightear a leas acht fíor-bheagán tráchta do chur síos ar an leabhar-sa ann so. Do-bhéaram ar dtús fios a fhátha agus a dhéanta. Is é Seaán Mac Énrí liaigh do chuir fá deara é do ghabháil do láimh agus do chur le chéile amhail do-rónadh linn sonn. Ag so tugaid a dhéanta. Feacht n-aill iomorro tarla tionól agus tiomsughadh ar dhruing ré leabhraibh de Chuallacht Chosnamha na Gaedhilge. Cuiris Seaán Mac Énrí liaigh, fá uachtarán ós cionn an tionóil sin, i suim a theirce do bhíodar leabhair i gcanamhain an Fhochla, agus iar n-a chlos dó fá'n tráth sin cnuasach sean-sgéal do bheith i dtaisgidh ag an bhfear teagair, iarrais cead ar lucht an tionóil fá n-a gcur i gcló, ionnus go mbeadh sás an riachtanais sin do chosg feasda ann. D'aontuigh cách, agus do-rónadh leó amhlaidh sin. Dála na canamhna, nocha n-ionann nós di thuaidh agus theas i dTír Chonaill. Is iomdha deismireacht air sin ré a faicsin isan bhfoclóir noch do chuirfeadh míothaitneamh ar an druing lé'r bhfearr gach focal do bheith ar aon nós amháin agus adéaradh nár cheart dá nós ar fhocal. Mo fhreagra air sin gurab treise canamhain iná gach ní agá sgríobhadh dhúinn, agus gurab éigean dúinn géilleadh di má chuireann sí éagsamhlacht chrotha ar an bhfocal gcéadna i gceanntar agus i n-alltar na tíre, má tá gurab i n-aon leabhar amháin do bheadh an dá nós fá chló. Nocha gcanfam ní eile feasda acht a rádh nach taithleachas is déanta dhúinn, acht uaill, fá na foclaibh Sagsbhéarla do dhíothláithriughadh, cibé sgéal i n-a dtarla i bhfeidhm iad. Ní beag sin. Mise FEAR TEAGAIR AN LEABHAIR-SI. D'éis Uí Dhomhnaill Dhúin ós sáimh, Dá dtáinig tús ár dtocráidh, Ní guth truime do thuirsi — Uille ná th'uch th'adhbhuir-si. Eoghan Ruadh Mac an Bháird. I. SGÉAL SHEAGHÁIN. 1. Bhí baintreabhach mhná ann fad ó shoin. Bhí triúr mac aicí, agus bhí am cruaidh ann. Arsa fear aca: “Éirigh a mháthair, agus déan toirtín lóin damh — sílim go racha mé a dh'iarraidh m'fhortúin. Rinne a mháthair toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí 'a thabhairt dó: “C'acú is fheárr leat,” ars' ise, “a leath agus mo bheannacht ná é uilig agus mo mhallacht?” “'S fheárr liom é uilig agus do mhallacht,” ars' eisean; “tá sé beag go leór agam.” Thug sí dó uilig é, agus bhí sí a' mallachtaighe air gur fhág sé a hamharc. 2. Níor shiubhail sé i bhfad annsin gur chas tobair dó a rabh uachtar meala air agus íochtar fola. Shuidh sé a' snathad an aráin leis a' mhil agus thainic madadh beag 'ionns' air. “'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimhlinnt?” ars' an madadh beag. “Cha dtugaim, a choileáin bhig shalaigh!” ars' an fear; “imthigh leat!” Mheasg an madadh a ruball ionnsa' tobar agus chuir sé uachtar fola air agus íochtar meala. 3. Ní rabh aige acht siubhal leis annsin agus a' t-arán ithe tur. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas fear air. “Cá bhfuil tú ag 'ul indiú?” ars' an fear. “Tá mé 'g iarraidh maighistir,” ars' eisean. “Maith mar thárlaidh,” ars' an fear, “maighistir mise tá 'g iarraidh buachalla.” 4. Rinn sé fasdádh nó margadh leis, lá is bliadhain, agus ca bith duine acú a mbéadh fearg air, a' duine eile stiall a bhaint dá dhruim agus dá bholg agus é imtheacht leis. Thug sé a shuipeár bracháin min' choirce agus bainne mhilis dó an oidhche seo, agus chuir sé amach ar maidin lá har n-a bhárach é 'un a' sgiobóil a bhualadh arbha, agus bhuail sé go ham bricfasta agus ní bhfuair sé greim bricfasta. Bhuail sé go ham dínneora; ní bhfuair sé a'n ghreim dínneora. 5. Tháinic a' maighistir amach 'un a' sgiobóil 'ionns air i ndéidh am dínneora. Níor iarr sé air a dhul isteach 'ionns' air a dhínneoir, acht d'fhiafruigh sé dó a' rabh fearg air. “Goidé mar bhéinn acht fearg orm,” ars' eisean, “nach bhfuair a'n ghreim le hithe indiú?” “Seas suas annseo,” ars' an maighistir, “go bhfágha mise mo mhargadh, agus imthigh leat.” Bhain a' maighistir stiall dá dhruim agus stiall dá bholg, agus d'imthigh leis stróicthe a bhaile 'ionns' air a mháthair. 6. Ars' a' darna fear; “Do mhona 's do mhórnán, do chat mara 's do mharbh fáin, is dona a d'éirigh duid. Éirigh, a mháthair, is deán toirtín lóin damh — sílim go racha mé fhéin a dh'iarraidh m'fhortúin.” Rinn sí toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí 'á thabhairt dó, d'fhiafruigh sí dó; “C'acú is fheárr leat, a leath agus mo bheannacht, ná é uilig agus mo mhallacht?” “Is fheárr liom é uilig is do mhallacht — tá sé beag go leór agam.” 7. Thug sí dó uilig é, agus bhí sí a' mallachtaighe air gur fhág sé a hamharc, agus níor shiubhail sé i bhfad gur chas tobar dó a chas do'n fhear eile, a rabh uachtar meala air agus íochtar fola. Shuidh sé a' snathad an aráin leis a' mhil. Thainic madadh beag 'ionns' air. “'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimhlinnt?” ars' an madadh beag. “Cha dtugaim, a choileáin bhig shalaigh!” ars' an fear “Imthigh leat!” Mheasg a' madadh a ruball ionnsa' tobar, agus chuir sé uachtar fola air agus íochtar meala. 8. Ní rabh aige acht siubhal leis agus a' t-arán ithe tur. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas fear dó, a' maighistir a chas do'n fhear eile. “Ca bhfuil tú 'g 'ul indiú?” ars' an fear. “Tá mé 'g iarraidh maighistir.” Maith mar thárlaidh! Maighistir mise atá 'g iarraidh buachalla.” 9. Rinn sé margadh leis, lá is bliadhain, mar rinn sé leis a' chéad fhear. Thug sé a bhaile é, agus thug sé a shuipeár dó, brachán min' choirce is bainne mhilis, mar thug sé do'n chéad fhear. Chuir sé amach é ar maidin 'un a' sgiobóil a bhualadh arbha, agus bhuail sé go ham bricfasta. Ní bhfuair sé a'n ghreim bricfasta. Bhuail sé go ham dínneora. Ní bhfuair sé a'n ghreim dínneora. Agus níor iarr sé air dhul isteach 'ionns' air dhínneoir, acht d'fhiafruigh sé dó a' rabh fearg air. “Goidé mar bhéinn acht fearg orm,” ars' eisean, “nach bhfuair a'n ghreim le hithe indiú?” “Seas suas annseo,” ars' an maighistir, “go bhfágha mise mo mhargadh, agus imthigh leat.” 10. B'éigean dó seasamh suas gur bhain a' maighistir stiall dá dhruim agus stiall dá bholg. D'imthigh sé a bhaile 'ionns' air a mháthair stróctha mar sin, agus ars' an fear is óige: “Do mhona 's do mhórnán do chath mara 's do mharbh fáin, is dona a d'éirigh daoibh. Éirigh, a mháthair, agus deán toirtín lóin damh — sílim go racha mé fhéin a d'iarraidh m'fhortúin.” Rinn a mháthair toirtín lóin dó, agus, nuair a bhí sí 'á thabhairt dó: “C'acú is fheárr leat,” ars' ise, “a leath agus mo bheannacht ná é uilig agus mo mhallacht?” “Is fheárr liom a leath agus do bheannacht,” ars' eisean. 11. Thug sí a leath dó, agus bhí sí a' beannachtaighe air gur fhág sé a hamharc. Níor shiubhail sé i bhfad gur chas a' tobar air a rabh uachtar meala air agus íochtar fola. Shuidh sé a' snathad an aráin leis a’ mhil, agus thainic madadh beag 'ionns' air. “'Dtabharfa tú damh-sa cuid ar leith agus coimhlinnt?” ars' an madadh beag. “Bhéarfaidh; suidh isteach agus deán comhar liom.” “Cha suidhim; caith greim beag amach 'ionns' orm.” “Ní chaithfidh; suidh isteach is deán comhar liom.” 12. Shuidh a' madadh isteach le n-a thaobh, agus d'ith a' bheirt a' t-arán agus a' mhil, 'fhad is mhair sé, agus ars' a' madadh: “Fuaidh beirt dearbhráithreacha duit-se thart, agus ní thabharfad siad dadaidh damh-sa, agus b'olc a fuaidh dóbhtha, agus casfaidh an maighistir céadna duit-se anois agus ghéanfa sé margadh leat, mar rinn sé leis a' bheirt eile, agus gabh thusa anocht 'ionns' air sheanbhean atá 'sa chomharsain, agus deán margadh léithí, an méid a bhuailfeas tú go ham bricfasta, go dtabharfa tú doí é ar do bhricfasta, an méid a bhuailfeas tú go ham dínneora, go dtabharfa tú doí é ar do dhínneoir, agus béidh tú ionchurtha leis.” 13. Níor shiubhail sé i bhfad annsin gur chas an maighistir dó. “Ca bhfuil tú 'g 'ul indiú?” ars' an fear, nuair a chas sé dó. “Tá mé 'g iarraidh maighistir.” “Maith mar thárlaidh! Maighistir mise tá 'g iarraidh buachalla.” Rinn sé a fhasdádh, lá is bliadhain, mar rinn sé an bheirt eile, agus ca bith duine a mbéadh fearg air, stiall a bhaint dá dhruim agus stiall a bhaint dá bholg agus imtheacht leis. Agus fuair sé a shuipeár an oidhche seo mar fuair a' bheirt eile, agus fuaidh sé 'ionns' air a' tseanbhean a bhí 'sa chomharsain. Rinn sé margadh léithí, an méid a bhuailfead sé go ham bricfasta go dtabhairfead sé doí é ar a bhricfasta, agus an méid a bhuailfead sé go ham dínneora, go dtabhairfead sé doí é ar a dhínneoir. 14. Chuir a' maighistir amach ar maidin é 'un a' sgiobóil a bhualadh arbha, agus bhuail sé go ham bricfasta, agus ní bhfuair sé a'n ghreim bricfasta, acht an méid a bhí buailte aige, chruinnigh sé é agus thug sé do'n tseanbhean é ar a bhricfasta, is a' méid a bhuail sé go ham dínneora, thug sé doí é ar a dhínneoir. Thainic a' maighistir amach i ndéidh am' dínneora, agus d'fhiafruigh sé dó: “Ca bhfuil a' méid arbha a bhuail tú indiú?” “An méid a bhuail mé go ham bricfasta, thug mé ar mo bhricfasta é; agus an méid a bhuail mé go ham dínneora, thug mé ar mo dhínneoir é. Bhfuil fearg ort?” ars' eisean leis a' mhaighistir. “Ní'l,” ars' an maighistir, acht d'aithin a' maighistir go mbéad sé ionchurtha leis. 15. Fuaidh a' maighistir 'ionns' air sheandhuine dhall a bhí 'sa chomharsain aige a raibh sórt fiosa aige, ag iarraidh comhairle air goidé an dóigh a bhfuighead sé a chuir ar siubhal. Ars' an seandhuine: “Cuir 'un a' chnuic i mbárach fá choinne molt le marbhadh é, is tá reithe mór ar a' chnoc nach bhfacaidh a'n dhuine riamh nár mharbh sé é, agus muirbhfe sé é.” Ar maidin lá har n-a bhárach, d'iarr a' maighistir air dhul 'un a' chnuic fá choinne molt le marbhadh, agus fuaidh sé 'un a' chnuic, agus nuair a hainic a' reithe é, tharraing a' reithe air, agus bhuail sé tulc agus tuaim air, agus chuir sé ar a chúl giota beag é. “Dar siud is dar seo,” Arsa Seaghán go prab, “Má ghní tú sin ar ais, Ní racha sé leat!” Fuaidh a' reithe ar a chúl ar ais, agus thainic sé 'un tosaigh ar ais, agus bhuail sé Seaghán agus leag sé ar a leathghlúin é. “Dar siud is dar seo,” Arsa Seaghán go prab, “Má ghní tú sin ar ais, Ní racha sé leat!” 16. Fuaidh a' reithe ar a chúl ar ais, agus a' teacht dó 'un tosaigh, fuair Seaghán greim air, agus bhí siad a tulcadh leobhtha annsin, ghach a'n dara leagadh agus éirghe acú, go rabh Neoin agus deireadh an lae ann, Agus uisge a' méadughadh, Agus clocha a' géarughadh, Agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe Ag 'ul fá chomhnuidhe, agus fuair Seaghán buaidh air, agus sgaoil sé a gháirteál de agus chuir sé ar adhairc an reithe é, agus fuaidh sé a mharcaigheacht air, agus thainic sé a bhaile a' feadalaigh 'ionns' air a mhaighistir. “Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ca bhfuil tú 'g 'ul leis a' bheathach sin?” “Ó, 's fheárr é seo le marbhadh ná dhá mholt,” arsa Seaghán. “Ó, a Sheagháin dhílis! leig ar siubhal é. Ní theánfadh a'n dhuine dadaidh leis a' bheathach sin le fórsáil mhór.” 17. Leig Seaghán ar siubhal é, agus fuaidh a' maighistir an oidhche seo 'ionns' air a' tseandhuine dhall, ag iarraidh comhairle goidé an dóigh a bhfuighead sé Seaghán a chur ar siubhal. “Maise,” ars' an seandhuine dall, “cuir a threabhadh é, a leithid seo 'thalamh i mbárach, agus tá péist ionnsa' talamh, a shlugfas é féin agus a' dá chionn capall, agus béidh tú réidh leis. Cuir gasúr beag leis a cheannaireacht, agus abair leis a' ghasúr, nuair a mhoitheocha sé an talamh ar crith, a ráidht go bhfuil a chionn tinn, go gcaithfe sé dhul a bhaile.” 18. Ar maidin lá har n-a bhárach chuir a' maighistir a threabhadh é, agus gasúr beag leis a cheannaireacht. Nuair a mhoithigh an gasúr a' talamh ar crith, dubhairt sé go rabh a chionn tinn, go gcaithfead sé dhul a bhaile. “Imthigh leat,” arsa Seaghán; “ghéanfamuid gnaithe gan tú.” Ní rabh an gasúr i bhfad ar siubhal gur chuir a' phéist a cionn aníos as a' talamh agus gur shlug sí cionn de na capaill as a' tseisrigh. “Dar siud is dar seo”, Arsa Seaghán go prab, “Má ghní tú sin ar ais, Ní racha sé leat!” Chuir sí aníos a cionn ar ais agus shlug sí an cionn eile. “Dar siud is dar seo,” Arsa Seaghán go prab, “Má ghní tú sin ar ais, Ní racha sé leat.” 19. Chuir sí aníos a cionn an tríothadh uair agus rug sí greim coise ar Sheaghán agus tharraing sí síos Seaghán giota, agus tharraing Seaghán ise aníos giota agus fá dheireadh fuair Seaghán a tarraint aníos ar fad agus cuir sé 'sa tseisrigh í agus threabh sé go dtí an oidhche léithí. Thainic sé a bhaile a' marcaigheacht agus a' feadalaigh uirthi tráthnóna 'ionns' air a mhaighistir. “A Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ca bhfuil tú 'g 'ul leis a' bheathach sin?” “Seo beathach maith,” arsa Seaghán. Tá a láidireacht fhéin agus láidireacht do dhá chionn capall-sa inntí anois, agus go mbarramus tú go n-oibeora mise léithí.” “Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “ní thiocfadh le a'n dhuine dadaidh dheánamh léithí sin. Leig ar siubhal í.” 20. Leig Seaghán ar siubhal a' phéist, agus d'imthigh sí ar ais ionns an áit a d'fhág sí. Fuaidh a' maighistir 'ionns' air a tseandhuine dhall an oidhche seo ar ais ag iarraidh comhairle goidé an dóigh a bhfuighead sé a chur ar siubhal. “Maise,” ars' an seandhuine, “cuir 'un na coilleadh é i mbárach fá choinne mála éanach, agus fídeog leis, agus tá leoghan ionnsa' choill nach bhfacaidh a'n dhuine riamh nár mharbh sé agus muirbhfe sé e.” Chuir a' maighistir lá har n-a bhárach 'un na coilleadh é, agus fídeog leis, a chruinniughadh mála éanach, agus, nuair a fuaidh sé isteach thar a, chloidhe 'un na coilleadh, shéid sé an fhídeog. Chruinnigh na héanacha fá dtaobh de gur líon sé a mhála i n-am ghoirid. 21. Nuair a chualaidh an leoghan an fhídeog, tharraing sé air. “'Dtabharfa tú damh-sa an fhídeog,” ars' an leoghan “go ndeana mé fead léithí?” “Cha dtugaim,” arsa Seagháin, “acht gheánfa mé cionn duid.” Thaiseán sé an bealach dó go teach a' mhaighistir, agus é tuagh agus tor agus tál a thabhairt leis, agus go ndeánfad sé fídeog dó. D'imthigh an leoghan leis fá n-a gcoinne, agus, nuair a hainic na bailtí é a' teacht, bhí siad a' reathaigh ar shiubhal ar na cnuic ab' airde — shaoil siad gur mharbh an leoghan Seaghán agus go rabh sé ag éirghe amach dá marbhadh uilig. Stróc a' leoghan na hursanacha as a' dorus, ag 'ul isteach, go bhfuair sé tuagh agus tor agus tál. Thug sé leis 'un na coilleadh iad 'ionns' air Sheaghán. 22. Bhain Seaghán a' crann ba ramha hainic sé, agus rinn sé poll tor ann, agus d'iarr sé ar a' leoghan a theangaidh chur ionnsa' pholl agus séideadh. Chuir a theangaidh ann agus bhí sé 'séideadh agus ní thainic leis fead ar bith a dheánamh. “Maise,” arsa Seaghán, “cuirfe mise dóigh ort a ndeánfa tú fead.” Rinn Seaghán geanntracha síos le teangaidh an leoghain, agus ní thainic leis a' leoghan a theangaidh fhagháil leis. Nuair a hainic sé an dóigh a chuir Seaghán air, thug sé iarraidh ar Sheaghán le n-a mharbhadh agus ní thainic leis maith a dheánamh. 23. An crann a bhí ar a theangaidh, bhí sé ag 'ul i bhfastádh ionns na croinn eile, agus bhí siad mar sin a' troid go rabh Neoin agus deireadh an lae ann, Agus uisge a' méadughadh, Agus clocha a' géarughadh Agus éanacha beaga na coilleadh craobhaighe Ag 'ul fá chomhnuidhe, agus fuair Seaghán buaidh air agus thug sé leis é a bhaile a' marcaigheacht, air gur iomchair a' leoghan é féin agus mála na n-éanach a bhaile 'ionns' air a mhaighistir. “Ó, a Sheagháin dhílis!” ars' an maighistir, “leig ar siubhal an beathach sin; ní choinneochadh duine ar bith é sin fá'n teach.” 24. Leig Seaghán ar shiubhal é. Fuaidh a' maighistir 'ionns' ar a' tseandhuine dhall an oidhche seo ar ais, ag iarraidh comhairle air goidé an dóigh a bhfuighead sé é chur ar siubhal. Ars' an seandhuine dall: “Ní'l 'fhios agam goidé an dóigh a bhfuighe tú a chuir ar siubhal, mur dtuga tú do nighean dó le pósadh agus a gcur ar siubhal an áit nach bhfeiceann tú chóidhche iad.” Nuair a thainic a' maighistir a bhaile, d'fhiafruigh sé do Sheaghán a' bpósfad sé a nighean. “Pósfaidh,” arsa Seaghán, “má phósann tusa mo mhathair-sa tá 'na cómhnuidhe i dteach beag fód léithi fhéin.” 25. Ba doiligh leis a' mhaighistir sin a dheánamh, acht, 'gheall ar fagháil réitigh'e le Seaghán, dubhairt sé go bpósfadh; agus pósadh Seaghán agus nighean a' mhaighistir, agus bhí siad 'na gcómhnuidhe i dteach mhaith, agus b'éigean do'n mhaighistir dhul a chómhnuidhe i dteach na bhfód 'ionns' air mháthair Sheagháin. Bhí siad tomall maith pósta. Annsin arsa Seaghán lá amháin: “Nár chóir dúinn dhul a dh'amharc ar mo mháthair go bhfeicfiomuist goidé mar tá d'athair agus mo mháthair a' cur a saoghail isteach?” Dubhairt sí gur chóir. 26. D'imthigh siad agus bhí siad ag 'ul trasna caorán mór, agus hainic Seaghán a' reithe 'gus a' phéist 'gus a' leoghan a' tarraint air, agus smaoitigh sé go rabh siad a' teacht le n-a mharbhadh. Chuir sé a lámh thar a bhean aniar, agus iad 'na seasamh ionnsa' chaorán, agus theann sé isteach le n-a chroidhe í, agus thug sé póg doí, le sásamh amháin a bheith aige sul má bhfághad sé bás. Sheas a' reithe 'gus a' leoghan 'gus a' phéist a' coimheád air. “Goidé tá sé dheánamh?” arsa cionn acú leis a' chionn eile. “Tá sé a' sgaoileadh gáirteáil de le cur im' adharcaibh,” ars' an reithe, “le dhul a mharcaigheacht orm le mo thabhairt leis a bhaile.” “Ní'l,” ars' an péist, “tá sé ag 'ul do mo chur-sa ionnsa' tseisrigh.” “Ní'l,” ars' an leoghan, “tá sé 'g 'ul a ghearradh crann le mo theangaidh-sa chur ann.” 27. D'imthigh an triúir leobhtha comh tiugh is thainic leobhtha — d'imthigh siad leobhtha ionns na fatha fásgaidh le heagla roimhe Sheaghán. Chuaidh siad-san a' t-áth, is mise an clochán. Báitheadh iad-san is thainic mise. II. FIONN MHAC CUMHAILL AGUS SEACHT GCATHA NA FÉINNE. 1. Bhí mise fad ó shoin, agus má's fada, bhí. Bhí Fionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne 'na gcomhnuidhe thiar i gCuan Bhinn' Éadain. D'éirigh siad amach a'n mhaidin amháin a dheánamh seilg' maidne agus mór-sgaramhaint shléibhe. D'imthigh siad leobhtha faoi chnuic agus sléibhte. Níor bh'fhada gur bhuail seachrán sídhe iad. D'imthigh fear seir agus fear siar. Níor fhan a'n fhear ag Fionn mhac Cumhaill é féin. Níor bh'fhada dó gur ghlan a' ceó go dtainic aníos annseir mór-sheisear buachaillí. Bheannuigh siad do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dóbhtha ionnsa' chanamhaint a bhí 'g dul an uair sin. 2. “An misde damh a fhiafruighe,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “ca bhfuil sibh ag dul, a bhuachaillí?” “Ní misde duid go dearbhtha, a Fhinn,” arsa fear acu; “buachaillí sinne atá ag iarraidh aimsir'.” “Is maith mar tharlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean, “ní rabh buachaillí a dhíoghbháil orm comh mór is tá siad indiú. Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a' chead fhear. “Mise Fead mhac Feide,” ars' eisean; “thiocfadh liom fead a dheánamh chruinneochadh thusa agus seacht gcatha na Féinne ar a'n talamh amháin i dtrí bómaite.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 3. Níor bh'fhada gur ghlan a' ceo aríst 's go dtainic aníos annseir diúlach beag fionn ruadh. Bheannuigh sé do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill dó. “Cuirim thú,” ars' eisean, “faoi na deasa droma draoidheachta, laithe is measa agus is míthreoraighe, do choimheád beatha agus báis a bhaint díod, mur rabh tú fhéin agus seacht gcatha na Féinne thall ag Rígh na Frainnce ionnsa' mheadhon lae i mbárach.” “Goidé thig leat-sa dheánamh?” arsa Fionn mhac Cumhaill leis a' darna fear. “Mise Eolaidhe mhac an Eolaidhe,” ars' eisean. “Goidé thiocfadh leat a dheánamh le do chuid eoluis?” arsa Fionn, ars' eisean. “Dheánfainn eolus,” ars' eisean, “isteach faoi chúirt agus chaisleán Ríogh na Frainnce gan a dhul leathad snáithe síoda ar seachrán go mbeinn thall.” “Is maith thusa” ars' Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 4. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a' tríomhadh fear. “Mise Fios mhac Feasa,” ars' eisean, “dheánfainn fios duit-se agus do sheacht gcathaibh na Féinne, goidé bheadh le teacht oraibh go cionn lá agus bliadhna.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom. 5. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a' ceathramhadh fear. “Mise,” ars' eisean, “Neart mhac Neirt.” “Goidé thiocfadh leat-sa dheánamh le do chuid neirt?” “'Á gcuirtheá an domhan uilig eadar mo dhá láimh, bheinn ró-láidir aige.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 6. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a' cúiceadh fear. “Mise Slis mhac Slise,” ars' eisean; “dheánfainn long mhór dhomhain thaidhbhseach d'iomprochadh thusa agus seacht gcatha na Féinne agus mur seacht n-oiread, 'á mbead siad ann le dhul air.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” 7. “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' eisean leis a' seiseadh fear. “Mise Dreapaire mhac an Dreapaire. Dheánfainn dreapaireacht suas snáithe síoda, 'á mbead sé míle agus fiche ar airde, agus anuas a' taobh eile gan troisliughadh, gan leagadh, gan leonadh.” “Is maith thusa,” arsa Fionn, “agus is ró-mhaith, agus a' bith tuarastal a bheas tú 'iarraidh, béidh tú liom.” “Goidé thig leat-sa dheánamh?” ars' seisean leis a' tseachtmhadh fear. “Mise Gadaidhe mhac an Ghadaidhe. Ghoidfinn an uibh o'n chuirr, agus a' chorr a bheith 'na luighe uirthi.” “Níor ghnódhuigh mé dadaidh riamh ar ghadaidheacht,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “agus ní bhéidh tusa liom,” ars' eisean, “ar chor ar bith.” “Maise, mur rabh seisean leat, ní bhéidhmuid-sinne leat,” ars' an seisear eile. “Bhéarfa mé liom é,” arsa Fionn, “acht ní thiubharfa mé tuarastal ar bith dó.” “Maise, a' dtabharfa tú cuid dó?” arsa Neart mhac Neirt, ars' eisean. “Dar mo chubhaise, bhéarfaidh,” arsa eisean, “má fhághaim féin é. Tá sin ionnraice go leor,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “agus tá an margadh deánta anois.” 8. Ní rabh a'n fhear ann annsin acht Fionn mhac Cumhaill agus a mhór-sheisear buachaillí d'fhasduigh sé. Bhí an chuid eile ar seacrán uilig ionnsa' cheó. “Maise, faicim anois, a Fhead mhic Feide, a' ndeánfá do ghnaithe maith.” Chuir Fead mhac Feide a mhéar i n-a bhéal. Rinn sé fead. Ine gcúig bhómaite bhí seacht gcatha na Féinne 'na seasamh ar a'n talamh amháin. 9. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Caithfe mise dhul anonn 'un na Frainnce, mé féin agus seacht gcatha na Féinne, agus a bheith thall ionns a' mheadhon lae i mbárach, agus ní'l faill agam,” ars' eisean,” a dhul a bhaile lé ainnse do mo bhean ca an áit a bhfuil mé 'g dul, acht seo é Tóin Iarainn gan Tapadh bhíodh a' nigheadh na bpréataí dhúinn thiar i gCuan Bhinn' Éadain — cuirfiomuid a bhaile é le sgéala annseir mo bhean agus annseir mo chlann go bhfuil mé 'g dul 'un na Frainnce.” 10. Chuir siad Eolaidhe mhac an Eolaidhe amuigh ar a dtoiseach. D'imthigh siad leobhtha fríd mhullacha cnuic, fríd aithghearracha sléibhe go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann, gur bhuail siad isteach faoi Bhaile Átha Cliath. Arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe: “Ní thig liom-sa dhul níos fuide — sin an fhairrge, ars' eisean, “agus bháithfidhe mé.” “Ca bhfuil Slis mhac Slise,” arsa Fionn mhac Cumhaill “gheall damh-sa go ndeánfad sé long mhór dhomhain thaidhbhseach a d'iomprochadh mise agus seacht gcatha na Féinne anonn 'un na Frainnce?” “Tá mé annso, arsa Slis mac Slise, ars' eisean. 11. Chuir sé a mhéar isteach i bpóca a bheiste agus tharraing sé amach a sgin phóca. Bhain sé anuas a cháibín dá chionn, chuir sé a lámh isteach ann is thug sé amach as giota 'mhaide. Ghearr sé trí sliseannaí de'n mhaide leis a' sgin phóca. Chuir sé ar a bhais iad. Chuir sé séideog orthu as a bhéal. Chaith sé long mhór domhain thaidhbhseach amach ar an fhairrge. Chuaidh siad isteach uirthí. Croith siad ó n-a bun go dtí n-a barr í go bhfeicead siad a' rabh sí daighean go leór le iad iompar. 'Sí bhí daighean go leór. Chuir siad Eolaidhe mhac an Eolaidhe aig an stiúir. 12. Thóg siad a seoltaí bocoideacha bacoideacha. Níor fhág siad rópa gan síneadh, téad tíre gan tarraint, maide rámha gan bhriseadh. Bhí siad ag éisteacht le lupadáin, le lapadáin, le búirthigh péistí móra, le sgreadach faoileann fionn ag ionnsaighe an aeir go fíorghlinnte amach, gur stiúir siad an long isteach faoi chúirt agus chaisleán Ríogh na Frainnce. Tharraing siad isteach a long agus chuir siad feiste lá is bliadhna uirthí. 13. Thainic Rí na Frainnce anuas agus a hata i n-a dhorn leis. Chuir sé céad míle fáilte agus sláinte roimh' Fhionn mhac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne 'un a thíre-san. “Tá sin maith go leor,” arsa Fionn, “acht goidé thug ort-sa a leithid a sgéala gearr-sgéalach a chur 'innseorm-sa?” 14. “Tá sin maith go leor, a Fhinn mhic Cumhaill,” eisean, “acht caithfe tú éisteacht liom-sa go h-innsidh mé mo sgéal duid. Dhá bhliadhain 's lá indiú rugadh mac óg do mo mhnaoi. Goideadh an páiste an oidhche sin, 's ní bhfuair mé lá sgéala ca dteachaidh sé. Bliadhain 's a lá indiú rugadh mac eile do mo mhnaoi. Goideadh an páiste an oidhche sin. Ní bhfuair mé lá sgolb ná sgéala cá dteachaidh ceachtar acú ó'n lá sin go dtí an lá indiú. Rugadh mac óg do mo mhnaoi tá uair ó shoin, sin a' tríomhadh duine,” ars' eisean; “chuala mé go dtiocfadh leat-sa agus le seacht gcathaibh na Féinne rud ar bith a dheánamh, agus a choimeád a nglacfadh sibh as láimh a dhéanamh, agus chuir mé fá mur gcoinne go gcoimheádfad sibh a' páiste a'n oidhche amháin fhéin damh, agus hea' bith ór ná airgead atá a dhith oraibh, tá sé le fághail agaibh.” 15. “Tá sin maith go leór,” arsa Fionn, ars' eisean, “ghéanfamuid ar ndícheall a' páiste a choimheád.” Chaith siad trian de'n lá le spóirt, trian le ceól, is trian le síor-chodlata go dtainic an oidhche. Cuireadh an páiste isteach i gcliabhán óir agus fágadh i lár na cisteanaighe é. Chuir Fionn mhac Cumhaill seacht gcatha na Féinne thart taobh 'muigh de'n chaisleán ar gárda. Shuidh sé féin istoigh sa chisteanaigh agus a mhórsheisear buachaillí, agus shuidh siad thart fá'n chliabhán. “Is doiligh a ráidht, a bhuachaillí,” ars' eisean, “nach mbéidhmuid i n-innimh' an páiste a choimheád go maidin.” 16. Níor bh'fhada dóbhtha gur seinneadh an fhídeog ba bhinne chuala siad ariamh ionns a' domhan. Thuit a rabh istoigh ionns a' Fhrainnc 'na gcodladh acht Fionn mhac Cumhaill agus a mhór-sheisear buachaillí d'fhastuigh sé. Níor bh'fhada dóibh go dtainic a' lámh mhór fhada bhuidhe 'steach ar a' tsimileoir. Chuir sé isteach i gcrios ceangail a' leinbh é 'gus d'áirdigh sé a' páiste 'mach as a' chliabhán. “Ca bhfuil Neart mhac Neirt?” arsa Fionn mhac Cumhaill, “a gheall dhamh-sa, 'á mbéadh á' domhan mór eadar a dhá láimh, go mbéad sé ró-láidir aige?” “Tá mé annseo,” arsa Neart mhac Neirt. “Faicim,” ars' eisean; “ná leig amach a' páiste.” 17. Thug a' fear sin léim 'na sheasamh agus fuair sé greim ar a' láimh taobh thuas de'n uille. Tug sé tarraint anuas dó agus thug sé go dtí an t-urlár é, a' lámh agus a' páiste. Thug a' fear a bhí amuigh tarraint suas agus thug sé an páiste agus Neart mhac Neirt 'steach go dtí bun a' tsimileoir. Thug Neart mhac Neirt a' darna tarraint anuas agus thug sé an páiste go dtí an t-urlár agus a' lámh. Thug a' fear a bhí amuigh tarraint eile suas. Bhain sé cnagarnach as mullach a' toighe. Shaoil Fionn mhac Cumhaill go rabh an cionn amach de'n teach acú. Ghlac Neart mhac Neirt fearg agus thug sé tarraint anuas agus thug sé an lámh amach ó'n ghualainn as. Thuit sé féin annsin, agus fhuaidh meadhrán i n-a chionn agus leig sé amach a' greim a bhí aige ar a' pháiste. Chuir a' Ruagaire Luath-Lámhach isteach a' láimh eile agus d'áirdigh sé leis a' páiste. 18. “Nach iongantach,” arsa Neart mhac Neirt, “nár choinnigh sibh 'stoigh a' páiste go bhfághainn-se éirghe, agus thairneochainn a' láimh eile as?” “'Á mbéadh fhios agam anois,” arsa Fionn mhac Cumhaill, “cá an áit ionns na seacht ríoghachta a bhfuil a' páiste, rachainn go mbaininn amach é le bárr mo chlaidhimh. Ca bhfuil Fios mhac Feasa,” ars' eisean, “a gheall damh-sa go ndeanfad sé fios damh goidé bhí le theacht orm go cionn lá agus bliadhna?” “Tá mé annseo,” arsa Fios mhac Feasa. “Deán fios damh,” ars' eisean, “ca bhfuil a' páiste.” Rinn sé fios dó. “Tá sé thoir ionns a' Domhan Thoir,” ars' eisean, “aig an Ruagaire Luath-lámhach. Tá sé 'diúl ar a mháthair, a' Lugh Fhada Bhuidhe, agus tá beirt mhac eile an ríogh aige,” ars' eisean; “tá siad ag iompar uisge le dhá mheadar, agus dá chathamh isteach i n-áit na láimhe a tairngeadh as a' Ruagaire Luath-lámhach.” “Is maith mar thárlaidh,” arsa Fionn mhac Cumhaill; “rachamuid seir.” 19. Chuaidh siad síos 'fhad leis a' tsean-luing. Chroith siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeicead siad a' rabh sí daighean go leór 'un fairrge. Thóg siad a seoltaí Bocoideacha bacoideacha I mbárr na gcrann coimhde, Ag ionnsaighe na fairrge Go folpanta falpanta. Níor fhág siad Rópa gan síneadh, Téad tíre gan tarraint, Maide rámha gan ró-bhriseadh; Ag éisteacht Le lupadáin, le lapadáin, Le gotha rónta, Le feadalach easgannaí, Le sgairteach faoileann fionn, Ag ionnsaighe an aeir Na fíor-ghlinnte amach, gur stiúir siad 's gur sheól siad a long 'steach faoi chaisleán a' Ruagaire Luath-lámhaigh ionns a' Domhan Thoir. 20. Chuaidh siad suas 'fhad leis a' chaisleán, agus bhí an caisleán deánta fiche míle ar airde. Ar mhullach a' toighe bhí an dorus. Ní thainic leobhtha fághail 'fhad leis a' dorus annsin; bhí sé ró-árd. “Ca bhfuil Dreapaire mhac an Dreapaire,” arsa Fionn, “gheall damh-sa go ndeanfad sé dreapaireacht suas snáithe síoda bheadh míle agus fiche ar airde?” “Tá mé annseo,” ars' eisean, “acht goidé an mhaith damh-sa dhul suas? Ní bhfuighe mé an páiste ghoid ua'n chailligh.” 21. “Ca bhfuil Gadaidhe mhac a' Ghadaidhe,” arsa Fionn, “a gheall damh-sa go ngoidfead sé an uibh o'n chuirr agus a' chorr a bheith 'na luighe uirthi?” “Tá mé annseo,” ars' an Gadaidhe, ars' eisean. “Gabh suas,” arsa Fionn. “agus goid a' páiste.” “Níor gheall tú dadaidh damh,” ars' eisean, “agus ní theanfa mé dadaidh duid. Dubhairt tú liom,” ars' eisean, “nár ghnódhuigh tú dadaidh ariamh ar ghadaidheacht, agus nach dtabhairtheá tuarastal ar bith damh.” “Ó, a rúin,” arsa Fionn, ars' eisean, “ní am géibhinn am faltanas, acht a' bith tuarastal,” ars' eisean, “gheobhas a' chuid eile, bhéarfa mé a dhá oiread duit-se acht a' páiste ghoid.” 22. Chuir Dreapaire mhac a' Dreapaire an Gadaidhe ar a dhruim is rinn sé dreapaireacht suas a' caisleán go dtí an dorus. Casadh beirt mhac a' ríogh dó thuas ag iompar uisge leis a' dá mheadar a chuir isteach i n-áit na láimhe ionns a' Luath-lámhach. Ars' an Gadaidhe, ars' eisean: “Ní hé sin mur n-athair a' chor ar bith. Siubhlaigidh liom-sa a bhaile agus bhéarfa mé 'innseir mur n-athair fhéin sibh.” 23. Thainic a' Gadaidhe thart ar a sháil, ghoid sé an páiste 'mach o'n chailligh, thug se an páiste eadar a dhá láimh leis, chuir sé an bheirt ghasraidhe ar a dhruim agus chuaidh sé suas ar dhruim a' Dreapaire, a' dreapaireacht anuas a' taobh eile de'n chaisleán, gan truisliughadh, gan liogadh, gan leónadh. Chuaidh siad síos 'fhad leis a' luing. Chuaidh siad isteach uirthí. “Is maith na buachaillí sibh,” arsa Fionn, “noir atá triúr mac Ríogh na Frainnce linn a bhaile 'innseir. Deán fios damh anois,” ars' eisean le Fios mhac Feasa, “a' bhfuil dadaidh le theacht orainn go dtéidhmuid a bhaile.” 24. Rinn sé sin fios dó. “Tá, maise,” ars' eisean; “nuair a mhoitheochaidh a' Ruagaire Luath-lámhach an t-uisge 'stad de dhul isteach i n-áit na láimhe, bhéarfa sé léim 'na sheasamh, racha sé 'fhad leis a' mháthair agus 'tchífe sé go bhfuil a' páiste ar s'ubhal. Béarfa sé greim dhá chois uirthí, buailfe sé a claigionn i n-éadan a' chaisleáin. Cluinfe tú an mac alla bhuailfeas sé dá claigionn i n-éadan a' chaisleáin. Féadann tusa agus mise bheith a' deánamh cnuipí 'san am sin, ná báidhfe sé sinne!” 25. Níor bh'fhada go gcuala siad a' mac alla dá bhualadh. Shíl siad gur thuit na cnuic ar 'ach uile thaoibh díobh isteach sa mhullach orthú. Níor bh'fhada dóbhtha go bhfaca siad fear mór a' teacht a' siubhal na fairrge go folpanta falpanta mhísgiamhach. Nuair a thainic sé fá chúig mhíle de'n luing, is mó bhí sí 'g dul ar gcúl ná bhí sí 'g dul 'un tosaigh leis na tonnaibh bhí sé thógáilt le n-a dhá chois. “Ca bhfuil Neart mhac Neirt,” arsa Fionn, “a gheall damh-sa, 'a mbeadh a' domhan uilig de'n tsaoghal eadar a dhá láimh, go mbead sé ró-láidir aige.” “Tá mé annseo,” ars' eisean. “Faicim,” ars' eisean; “coinnigh ar siubhal a' beathach salach adaidh, sol má mbáidhfe sé sinn.” 26. Chuaidh an fear sin siar agus chéimnigh aniar agus siar bórd na luinge go bhfeicead sé a' rabh sé daighean go leór le léim a' ruide a gheárradh amach 'un na cúig mhíle i n-airicis an fhir mhóir. D'éirigh Neart mhac Neirt amach de bhórd na luinge mar d'éireochadh seabhac ar eiteoig. Thainic sé anuas i mullach a chinn ar a' Ruagaire Luath-lámhach. Thoisigh an dá fhear mhóra ar a chéile mar bheadh dá leomhan ná dhá tharbh cuithigh go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán, toibreacha fíor-uisge fríd lár na gcloch nglas aníos. 'A dtigeadh éinneach ó íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheanamh aeir agus eibheár ar a' dís a thiocfadh. 27. Bheir Neart mhac Neirt air i n-a leath-láimh agus thug sé thart os cionn mullacha a chinn é, agus bhuail sé síos é ar an aibhéis mhór. Rinn sé dá sgoilteán fríd n-a lár de. Chuaidh sé síos le aon tumadh amháin gur bhuail sé a dhá chois ar thóin na fairrge, agus thainic sé aníos de aon léim amháin; agus thainic sé isteach 'un na cúig míle le aon léim amháin isteach ar a' luing. 28. Thainic siad ann sin isteach go cúirt agus caisleán Ríogh na Frainnce. Bhí deireadh acú dá rabh istoigh 'sa Fhrainnc 'musgladh as i n-am a dtainic siad. Nuair a hainic Rí na Frainnce a thriúr mac i n-áit aon dhuine amháin, bhí an-lúthghair air. Chuir sé amach a' bollsaire gur thug sé cuireadh do 'ach uile fhear, bocht agus nocht, dá rabh istoigh 'sa Fhrainnc 'un a' bhaistthe. Mhair a' baisteadh rith bliadhna. Níor stad siad a dh'ithe agus a dh'ól agus a seinnim, agus a' damhsa, a' gearradh léimnighe agus ag iomáin, a' coraidheacht, a' tógáil a chéile ar ghreim iosgaide. Níor mhoithigh siad go rabh an bhliadhain istoigh. 29. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Tá sé lá 'gus bliadhain indiú ó d'fhág mise an baile, agus is mithid damh dhul a bhaile anois 'innseir mo bhean agus 'innseir mo chuid páistí.” Ghléas Rí na Frainnce trí luingis go lastálad sé le ór agus le airgead iad, le cuir a bhaile le Fionn mhac Cumhaill. Dubhairt Fionn nach nglacfad sé ór ná airgead ar bith, acht gur seo mór-sheisear buachaillí d'fhastuigh sé, agus, 'á ndíolfad sé a dtuarastal, go raibh sé maith go leór. 30. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe, “is tusa d'fhastuigh sinne, agus is tú chaithfeas ar dtuarastal a dhíol.” “Dheánfa mise sin,” arsa Fionn, “acht caithfe sibh dhul a bhaile liom.” D'fhág siad slán ag Rígh na Frainnce agus ghluais siad síos 'innseir a' tsean-luing. Chuaidh siad isteach uirthí, chroith siad ó n-a bun go dtí n-a bárr í go bhfeicead siad a' rabh sí daighean go leór le iad a thabhairt go hÉirinn. Chuir siad Eolaidhe mhac an Eolaidhe aig an stiúir. Thóg siad a seoltaí Bocoideacha bacaideacha I mbárr na gcrann coimhde. Ag ionnsaighe na fairrge Go folpanta falpanta. Níor fhág siad Rópa gan síneadh, Téad tíre gan tarraint, Maide rámha gan bhriseadh; Ag éisteacht Le lupadáin, le lapadáin, Le gotha rónta, Le búirfheach péistí móra, Le sgreadach faoileann fionn Ag ionnsaighe an aeir Go fíor-ghlinnte amach, gur stiúir siad agus gur sheol siad a' long isteach faoi Bhaile Átha Cliath. Ghearr siad na téadaí agus leig siad a cionn amach 'un na fairrge móire doí. 31. Chuir siad Éolaidhe mhac an Eolaidhe ar a dtoiseach aríst. D'imthigh siad leobhtha fríd mhullacha cnuic, fríd aithghearracha sléibhe, go rabh Neoin bheag agus deireadh an lae ann, Soillse solus a' lae 'g imtheacht uabhtha, Deallradh dubh dorcha na hoidhche a' tarraint orthú, Éanacha na coilleadh craobhaighe ag dul faoi thortha 'un suain agus síor-chodlata. 32. “A Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe, “seo an áit ar fhastuigh tú sinne” — an talamh céadna ar fhastuigh sé iad, thainic siad 'fhad leis anois — “agus seo an áit a gcaithfe tú ar dtuarastal a dhíol linn.” “Maise, ní rabh mé comh gann riamh i n-airgead is tá mé anois,” arsa Fionn mhac Cumhaill; “siubhlaigidh a bhaile liom go Cuan Bhinn' Éadain go dtabhairfe mé mur dtuarastal daoibh — tá neart airgid 'sa bhaile agam.” “Seadh, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Eolaidhe mhac an Eolaidhe, “acht goidé an lucht fear atá 'teacht aniar annsin?” 33. D'amharc Fionn mhac Cumhaill thart, é féin agus a chuid fear — shaoil siad gur cogadh bhí a' teacht orthú. Nuair a thionntuigh siad thart aríst, ní rabh a'n fhear de'n mhór-sheisear buachaillí le feiceáil acú; bhí siad uilig ar s'ubhal. “M'áigh Ó!” arsa Fionn mhac Cumhaill, “nach tapaidh d'imthigh na buachaillí bréaghtha sin uaim, ná ní bhfuair a'n fhear bocht ariamh buachaillí ba bhréaghachta ná iad ná comh maith leobhtha!” Leis sin, dhruid a' ceó isteach ar ais. Thainic seachrán sídhe orthú. D'imthigh fear seir agus fear siar. Ní rabh a'n fhear aig Fionn mhac Cumhaill ar a' talamh a rabh sé 'na sheasamh acht é féin ine gcúig bhómaite. 34. Níor bh'fhada dó gur ghlan a' ceó go dtainic aníos 'innseir a' chailleach chorpaidhe chasta mhísgiamhach. An fhiacail ab' fhuide aniar i n-a cárr a' deanamh sgeafóg ar abar doí. Fionnfhadh a cinn a' folach a slinneán. Fionnfadh a slinneán a' folach a hiosgadaí. Fionnfadh a hiosgadaí a' sguabadh féar agus uisge léithí. A'n súil amháin i gclár a héadain, bhí comh mór le cliabh portaigh. Lamh chnupach chnapach mhísgiamhach agus í amach as clár a hochta. 35. Bheannuigh sí do Fhionn mhac Cumhaill agus bheannuigh Fionn mhac Cumhaill doíthe ionns a' chanamhaint a bhí 'g dul an uair sin. “A n-imreochthá cluiche, a Fhinn mhic Cumhaill?” ars' ise. “Ní rabh mé riamh nach n-imreochainn,” arsa Fionn, “acht níor thug mé an chulaith imeartha liom, a' fágáilt a' bhaile damh.” “Níor shiubhail mise” ars' an chailleach, “ó throigh go dtí an tsáil gan dhá chulaith imeartha bhreith liom,” ars' ise, “cionn damh fhéin agus cionn duit-se.” 36. Shuidh siad síos agus d'imir siad cluiche. Chuir a' chailleach cluiche air. “Tug do bhreith, a chailligh,” ars' eisean. “Maise, cuirim-sa thusa,” ars' an chailleach, “faoi na deasa droma draoidheachta, a' lá is measa agus is míthreóraighe, do choimheád beatha agus báis a bhaint díod, mur dtéidh tú seir 'un a' Domhain Thoir agus cionn Chnobhchair na gCros a thabhairt aneir 'innseorm sa, gan a'n fhear a bheith leat acht Tóin Iarainn gan Tapadh atá 'nigheadh na bpréataí thiar i gCuan Bhinn' Éadain agaibh. Béidh tú seacht mbliadhna 'g dul seir agus beidh tú seacht mbliadhna a' teacht aneir; sin ceithre bliadhna déag. Is beag a' mhaith thú do do bhean agus do do pháistí, nuair a thiocfas tú ar ais.” 37. Ghlan a' ceo agus chruinnigh seacht gcatha na Féinne aríst ar an talamh amháin. Shiubhail siad leobhtha isteach siar go Cuan Bhinn' Éadain. D'éirigh sé ar maidin agus thug sé leis Tóin Iarainn gan Tapadh, agus ghluais siad 'un a Domhain Thoir. Ní rabh lúthmhaireacht ar bith i dTóin Iarainn gan Tapadh, agus bhí croidhe Fhinn mhic Cumhaill briste a' fanacht leis. 'Tchíonn sé chuige ionns a' cheó diúlach beag ruibeach ruadh. Bhí bogha geárr agus saighead leis. Níor sgaoil sé riamh nach mbuailfead sé, agus níor bhuail sé riamh nach muir'fead sé. Dhírigh sé an bogha siar le Tóin Iarainn gan Tapadh is sgaoil sé leis agus chaith sé isteach i n-eabar ar mhullach a chinn é. Arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean: “Do mhona 's do mhóirne, do theil is marbh-fásg ort! Goidé thug ort a' chuideachta mhaith a bhí agam a mharbhadh?” “Maise, má mharbh mise a' chuideachta bhí agat,” ars' eisean, “racha mé fhéin leat i n-a áit.” “'A olcas a' chosamhlacht eisean,” arsa Fionn, “is measa an chosamhlacht thusa.” Shíl sé nach rabh an fear beag comh maith le Tóin Iarainn gan Tapadh. “C'ainm a bheirfeas mé ort?” arsa Fionn mhac Cumhaill. “Ní'l ainm ar bith orm,” ars' eisean, “acht a' bith ainm a bheirfeas tú orm tiocfa mé leis.” “Bheirfe mé Ceóchán ort, nuair a tháinic tú 'ionnsorm as a' cheó.” 38. D'imthigh an bheirt leobhtha annsin agus Ceóchán dhá uair comh lúthmhar le Fionn. Ní rabh Fionn i n-innimh' coisidheacht a choinneáil leis. Bí croidhe Fhinn briste ag iarraidh coinneáil suas leis; ní raibh sé a' bualadh comh lúthmhar leis. Shuidh a' fear beag síos ar thúrtóig go dtainic Fionn 'fhad leis. “Is feárr duid, a Fhinn mhic Cumhaill,” arsa Ceóchán, “a dhul ar mo dhruim, go n-iomprócha mé thú.” Smaoitigh Fionn nár chuideachta ar bith dó é. Luigh sé síos i n-a mhullach go mbrúighead sé na putógaí as. Cuir an fear beag siar a dhá láimh agus fuair sé greim dhá chois ar Fhionn mhac Cumhaill. D'imthigh sé ar eiteoig leis ar s'ubhal ins an aer. 39. Tráthnóna shuidh sé síos ar thúrtóig. Théid Fionn amach dá dhruim. “Míle altughadh 'Dhia!” arsa Fionn, “go bhfuair mé amach de do dhruim! Tá mo dhá leis marbh crochta síos liom.” “Maise,” arsa Ceóchán, “bheitheá seacht mbliadhna ag dul 'un a' Domhain Thoir. Ní'l tú acht dhá uair go leith ar mo dhruim-sa anois, agus sin thall teach Chnobhchair na gCros. Gabh anonn anois agus bain an cionn de, má tá tú i n-innimh'.” “Tá mé ró-thursach,” arsa Fionn, ars' eisean, “agus fanócha mé go maidin sol má dtéidh mé 'un troda leis.” “Agus ca an áit a bhfanóchamuid anocht,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “nó ní bhéidhmuid beo ar maidin?” “Caithfiomuid teach innteacht fhagháil a rachamuid isteach ann,” arsa Fionn. “Racha mise anonn,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “'ionnsair theach Chnobhchair na gCros dh'fhéacháilt a' dtiubhradh sé teach dúinn go maidin. 40. Chuaidh sé anonn 'un a' dorsa boltáilte, agus bhuail sé buille dá chois ar a' dorus tosaigh agus chuir sé amach fríd a' dorus cúil é. “Cé an rásgal nó an rógaire siud,” arsa Cnobhchar na gCros, “atá 'briseadh mo chuid dorsa?” “Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill, atá ag iarraidh teach damh fhéin is do mo mhaighistir go maidin.” “Tá teach amhas thiar annsin,” arsa Cnobhchar na gCros; “tá céad amhas ann, agus, má's treise leat-sa ná na hamhais, bíodh a' teach uilig agat.” “Cuir amach fear liom thaiseanfhas a' teach damh.” Chuir sé amach buachaill bog bán leis. “Sin thiar a' teach,” ars' a' buachaill, “agus, má théidheann tú dá gcomhair, íosa siad thú!” 41. Bhuail sé bos o'n chluais go dtí an béal ar a' bhuachaill bhog bhán. D'fhág sé a inchinn a' fionnaoladh an bhalla. Chuaidh fé siar 'fhad leis a' dorus 'un na n-amhas. Rinn a' t-amhas thíos gáire. Rinn a' t-amhas thuas gáire. Ní rabh a'n amhas ionns a' teach nach dtearn gáire. Rinn a' t-amhas mór dhá gáire. Rinn Ceóchán trí gháire. “Goidé thug ort-sa trí gháire dheánamh,” ars' a' t-amhas mór, “ná rinn mise dhá gháire?” “Goidé thug ort-sa dhá gháire dheánamh?” arsa Ceóchán. “Tá, mar hainic muid 'oiread de fheoil úr go bpiocfamuist do chnámha.” “Sin a' t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “thug orm-sa trí gháire dheánamh, mar hainic mé 'oiread de bheithigh salacha go ndeánfainn mo lámh oraibh.” 42. Thug Ceóchán léim isteach i n-a measg. Reath a' t-amhas thíos. Chuir sé maide ar a' dorus. Reath a' t-amhus thuas. Chuir sé maide ar a' dorus. Ní rabh a'n amhas ionns a' teach nár chuir maide ar a' dorus. Chuir a' t-amhas mór dhá mhaide ar a' dorus. Chuir Ceóchán trí maide ar a' dorus. “Goidé thug ort-sa,” ars' an t-amhas mór, ars' eisean, “trí maide chur ar a' dorus, nuair chuir mise beirt air?” “Goidé thug ort-sa agus ar 'ach uile amhas maide chur ar a' dorus, agus tusa, a amhais mhóir, beirt a chur air?” “Ar shúil nach n-imeochthá uainn, go dtí go bpiocfamuist do chnámha.” “Sin a' t-ádhbhar céadna,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “thug orm-sa trí maide chur ar a' dorus, ar shúil, dhá n-imeochadh aon chionn agaibh aon chasán, go ndeánfainn mo lámh oraibh.” 43. Fuair Ceóchán greim dhá chnámh lurgan ar an amhas mór, agus bhrúigh an chuid eile leis. Nuair a bhí an cionn deireannach marbh aige, ní rabh aige acht dhá chnámh lurgan an amhais mhóir. Bhí a ndeireadh marbh aige. Chuaidh sé amach agus thug sé isteach Fionn Mac Cumhaill. “'Nois, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “dá mbéadh ar gcuid againn, bhí muid maith go leór. Racha mé soir ar ais, 'innseir Chnobhchar na gCros, 'fhághailt a' bhfuighmuist greim bídh uadh a d'íosamuist.” 44. Bhuail sé buille dá chois ar a' dorus tosaigh agus chuir sé amach fríd a' dorus cúil é. “Cé an rásgal nó an rógaire é siud, tá 'briseadh mo chuid dorsa?” arsa Cnobhchar na gCros. “Ceóchán, buachaill Fhinn mhic Cumhaill as Éirinn, ag iarraidh bídh damh fhéin is do mo mhaighistir.” “Tá coire thiar annsin, agus céad saighdiúr agam-sa dá choimheád. Tá trí chéad mart ann,” ars' eisean. “agus tá trí chéad molt ann, agus tá trí chéad torc ann, agus má's treise leat-sa ná leis a' chéad saighdiúr, bíodh a' coire uilig agat.” “Cuir amach a' fear a thaiseanfhas damh ca an áit a bhfuil sé.” Ní rachadh fear ar bith leis. 45. Chuaidh sé siar an áit a bhfacaidh sé a' cruinniughadh mór fear. Thoisigh na saighdiuirí a sgaoileadh leis. “Mur stadaidh sibh ag cathamh gramhar mónadh agus cac caorach orm-sa, cuirfidh mé fearg oraibh, nuair a rachas mé siar 'fhad libh!” Chuaidh sé siar 'fhad leóbhtha, agus chuaidh sé isteach i n-a measg. Bheir sé ar a' ladar bhí 'tógáilt a' bhrot, chaith sé síos ionns a' choire é, agus thoisigh sé a chathamh an bhrot ar na saighdiúraibh agus é ag goil, go dtí gur bhruith sé leith-chéad acú, agus d'imthigh an leath eile ar reathaigh. Bheir sé ar a' choire eadar a dhá láimh. Níor stad sé gur fhág sé istoigh 'sa chóirneál ag n-a mhaighistir é i dteach na n-amhas. D'ith siad a sáith de'n fheoil agus d'ól siad a sáith de'n bhrot, agus chodluigh siad a sáith go maidin. 46. “'Nois,” ars' eisean le Fionn mhac Cumhaill, arsa Ceóchán, “tá sé comh maith agad dhul anonn agus a' cionn a bhaint de Chnobhchar na gCros.” “Tá eagla orm,” arsa Fionn, “nach mbím i n-innimh' aige.” “Maise, b'fhéidir go mb'fheárr damh-sa dhul ann ó thús agus comhrac a thabhairt dó. Is fusa duid-se a mharbhadh annsin, nuair a bheas mise réidh leis.” Thug Ceóchán leis claidheamh Fhinn mhic Cumhaill. Chuaidh sé anonn agus bhuail sé buille ar a' chuaille comhraic. Níor fhág sé searrach i gcapall, uan i gcaora, pisín i gcat, coileán i madadh, 'á mbéadh a' lochóg bheag agus a' lochóg mhór, nár sgar le n-a chéile leis a' bhúirfhe a bhain sé amach as a' chuaille comhraic. 47. D'éirigh Cnobhchar na gCros mar bheadh gasúr dhá bhliadhain déag ann, agus a chlaidheamh leis. Thoisigh an bheirt ar a chéile go dtí go dtearn siad bogán de'n chreagán, creagán de'n bhogán. 'Á dtigeadh éinneach ó íochtar a' domhain go dtí uachtar a' domhain, gur a dheánamh aeir agus eibhear ar a' dís a thiocfadh. Throid siad annsin go dtí uair a' mheádhoin lae, nuair a bhuail Ceóchán aon bhuille amháin ar Chnobhchar na gCros agus chaith sé an cionn naoi n-eite agus naoi n-iomaire amach de'n cholainn. 48. Thainic sé anall agus a' cionn leis 'innseir Fhionn mhac Cumhaill. Ní thearn Fionn mhac Cumhaill a'n gháire ó d'fhág sé an baile go dtí sin. Fuair sé greim dhá láimh ar Cheóchán agus thug sé póg dó. “Is tú an gaisgidheach ab' fheárr,” ars' eisean, “a hainic me riamh de do mhéid nó de aon mhéid!” “Maise,” arsa Ceóchán, “tá sé comh maith dúinn a bheith 'tarraint ar a' bhaile. Tá sé comh maith duid, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean, “a dhul ar mo dhruim ar ais.” 49. Chuir sé Fionn mhac Cumhaill ar a dhruim ar ais agus a' cionn 'n-a asgaill. Bhéarfad sé ar a' ghaoith Mhárta bheadh roimhe agus ní bhéarfadh a' ghaoth Mhárta bheadh 'na dhéidh air, bhí sé comh lúthmhar sin, gur shuidh sé síos ar árd agus gur leig sé Fionn amach dá dhruim. “Tá mé tuirseach, a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean. “Ní'l amhras ar bith agam ort,” arsa Fionn, ars' eisean, “ná roinn' tú rása maith glan. Goidé an rud é sin thiar istoigh 'san abar?” arsa Fionn mhac Cumhaill, nuair a d'amhairc sé thart. “Tá, sin Tóin Iarainn gan Tapadh,” arsa Ceóchán. 50. Chuaidh Ceóchán siar agus bhuail sé bhárr-chos ar Thóin Iarainn gan Tapadh. D'éirigh Tóin Iarainn gan Tapadh 'na sheasamh. Ars' eisean: “Leóga, a mhaighistir, shaoil mé go rabh mé 'mo chodladh!” “Bhí,” arsa Fionn mhac Cumhaill, ars' eisean, “agus ba mhaith damh-sa go rabh.” “'Nois,” arsa Ceóchán, ars' eisean, “a Fhinn mhic Cumhaill,” ars' eisean; “'nois, a Fhinn mhic Cumhaill, ní mise Ceóchán 'chor ar bith, acht is mise Neart mhac Neirt,” ars' eisean, “a thainic a chuidiughadh leat, nuair a hainic mé thú i gcruadh-chás. Nuair a thiocfas a' chailleach 'innseort-sa chuir faoi na deasa thú, fiosruigh doíthe 'bhfuil do dheasa díod. Nuair a déaraidh sí leat go bhfuil na deasa díod,” ars' eisean, “gheanfa sí gáire go bhfeicfeá an dubhradán dubh bheadh thíos ar thóin a goile. Caith thusa an cionn agus buail isteach i mbéal a goile uirthí é agus muir'fidh tú í.” 51. Thainic a' chailleach is d'fhiosruigh Fionn a' rabh a dheasa de. Dubhairt sise go rabh, is rinn sí an gáire, is chaith Fionn a' cionn is mharbh sé an chailleach is chuir sin deireadh leóbhtha leis a' sgéal. Chuaidh Fionn mhac Cumhaill a bhaile go Cuan Bhinn, Éadain. Chuaidh siad-san a' t-áth agus chuaidh mise an clochán. Báitheadh iad-san agus thainic mise a bhaile, agus tá mé thuas i nDún na nGall indiú i n-éis a' sgéal 'innse. III. MAC BHACAIGH CHILLE MHIC n-ÉANÁIN. 1. Fad ó shoin é, agus is fada é, bhí sin ionn agus bhí sin ionn fear dár bh'ainm Mac Bhacaigh Chill' 'ic nÉanáin. Gasúr óg a bhí ann. Nuair a d'imthigh a athair, dubhairt sé le n-a mháthair go gcaithfead sí cíoch a thabhairt dó go mbead sé ábalta crann a tharraint as a' talamh. Chuir sí amach 'un a' ghárrdhaidh é 'bhaint ubhlaí de'n chrann. Bheir sé ar a' chrann agus d'umhluigh sé anuas is lúb sé. Tharraing sé as a' talamh é. Thug sé isteach 'un a mháthar é. D'iarr sé uirthí fhéin na hubhlaí phiocadh de'n chrann. Dubhairt sí leis go gcaithfead sé chul i gcionn a sheifte dó fhéin, gur sin a dtug a athair a spás dó, go mbead sé ábalta crann a tharraint as a' talamh. 2. D'imthigh sé leis is casadh maighistir air. Rinn a' maighistir é fhastódh 's é ghreamughadh. Thug sé amach 'un a' sgiobóil é. Dubhairt sé leis go gcaithfead sé chul a bhualadh arbhair. Dubhairt seisean go dtiocfadh leis sin a dheánamh, dá mbeadh 'fhios aige an dóigh. Dubhairt a' maighistir go dtaisteanfhad sé an dóigh dó. Thug sé dó súiste agus bhí an súiste ró-bheag aige. Chaith sé bhuadh é, is chuaidh sé amach 'un na coilleadh agus ghearr sé dhá chrann. Chas sé an bheirt le chéile go dtear' sé ceangal do n-a shúiste. Ghearr sé cionn eile annsin ní ba thruime fá choinne lámhchrainn. Ghearr sé annsin cionn eile fá choinne buailtín. 3. Tháinic sé isteach annsin agus a shúiste leis. Nuair a hainic a' maighistir a' teacht é, d'imthigh sé, é fhéin agus a bhuachaill. A' chéad bhuille tharrainn sé, bhain sé an cionn de'n sgioból. Bhuail sé an chruach a bhí 'sa sgioból. Bhí trí cruach agus fich' 'sa ghárrdhadh. Bí siad buailte uilig tráthnóna. Thoisigh an maighistir a' glacadh eagla. Bhí sé 'meas go muir'feadh an gasúr uilig iad, mar bhí sé 'na ghaisgidheach gomh mór sin. Bhí sean-dall ionns an áit. Chuaidh a' maighistir 'fhad leis. Dhubhairt sé leis go mbainfead sé a ghléas beó dó, mur n-innseochad sé dó goidé'n gléas báis a chuirfead sé ar a' ghaisgidheach óg. 4. Dubhairt a' sean-dall leis go rabh molann i n-a leithid seo dh'áit nach dteachaidh a'n fhear ariamh 'un a' mhuilinn i ndéidh na hoidhche nár marbhadh. Dubhairt sé leis dórnán de'n choirce a thabhairt 'un a' mhuilinn agus min fhagháil deánta. Dubhairt a' maighistir leis an fhear óg go gcaithfead sé seo a dheánamh. D'imthigh an stócach agus ghlan sé an coirce, a' mead a bhí ar na ceithre cruaich agus fich', is chuaidh sé 'un na coilleadh gur ghearr sé ceithre chrann. Cheangail sé 'ach a'n bheirt acú dá chéile. Thug sé leis iad agus chuir sé a' mead coirce bhí ar na ceithre cruacha agus fich' isteach ionns a' dá rópa agus thóg sé leis ar a dhruim go dtí go rabh sé ionnsa' mhuileann le cuim na hoidhche. 5. Casadh fear a' mhuilinn air ag imtheacht 'un a' bhaile. Dubhairt sé leis fuireacht ná go dtí go meilfead sé a' dórnán seo dó-san. Dubhairt sé nach bhfuireochadh. Dubhairt seisean leis eochair a' mhuilinn a thabhairt dó fhéin. Thug sé an eochair dó. Chuaidh sé fhéin isteach. Chuir sé teinidh leis an áithe. D'oibir sé leis go dtí an dó a chlog. Thainic ceathrar fear 'steach ar a' dorus agus comhnáir dhubh leobh. D'fhág siad síos ar a' talamh í. D'éirigh fear amach as a' chomh Muileann; acht “muilinn” a bhí aige ar gheinidin i gcomhnuidhe, agus tá “muileann” féin 'sa sgéal. Bhí an stócach 'na shuidhe ag amharc orthú. Smaoitigh sé nach leigfead sé daoibhthe é. Tharrainn sé cloch 'mach as taobh a' bhalla. Thoisigh sé ar a' cheathrar gur chuir sé amach iad. 6. Chuir sé c'ist ar an fhear a d'éirigh amach as a' chomhnáir an rabh ocras air. Dubhairt sé nach rabh sé saor. Chuir sé amach 'na habhna é go dtí go dtug sé isteach uisge. Fhliuch sé céad mine ná go dteár' sé arán. Nuair a bhí an t-arán raoidh, * thoisigh an bheirt a dh'ithe an aráin. Níor shásuigh sé an stócach a' dóigh a rabh an fear eile ag ithe. Tharrainn sé a lámh agus sgab sé a chlaigionn ar thaoibh a' bhalla: “Cé bhéidheadh ag amharc ort-sa ag ithe, a ráglomáin?” ars' eisean. D'ith sé fhéin céad na mine uilig i n-a arán. 7. Chuaidh sé 'un a' bhaile annsin agus a mhin deánta leis. Bhí an maighistir annsin gomh holc agus bhí ariamh nó nachar marbhadh ionnsa' mhuileann é. Chuaidh sé annsin chuig an tsean-dall. Dubhairt sé leis go dtainic a' fear adaidh ar ais: “Ná goidé gheanfas muid leis anois,” ars' eisean, “ná muir'fe sé muid uilig, sol a n-imthighe sé?” 8. Dubhairt a' sean-dall é a thabhairt siar go taoibh a' chnuic, é fhéin agus a' sean-ghearrán bán. “Agus tá cullach mire 'gabhail thart ar thaoibh a chnuic,” ars' eisean. “Cha dteachaidh a'n dhuine ariamh a' biolach nachar mharbhuigh an cullach.” Dubhairt a' maighistir leis a' stócach go gcaithfead sé chul, é fhéin agus a' sean-ghearrán bán, go dtreibhfead sé taobh a' chnuic. 9. Chuaidh sé fhéin 's a' sean-ghearrán siar go taobh a' chnuic. Cha rabh sé i bhfad ionn nuair a thainic a' cullach air agus d’ith sé an sean-ghearrán bán. Bhí eagla ar a' stócach roimhe. Chrom sé agus thóg sé dhá chloich, cionn i n-'ach a'n láimh, tonna agus fich' i n-'ach a'n chionn acú. Dubhairt sé leis a' chullach: “Má thig tú 'fhad liom-sa, béidh daor ort.” 'Sé an deireadh bhí air, gur chuir sé an cullach isteach 'sa tseisrigh, gur threabhuigh sé taobh a' chnuic. Bhí sé réidh tráthnóna. 10. Thainic sé 'un a' bhaile agus a' cullach leis. Cheangail sé istoigh 'sa stábla é ionns an áit a bhfuair sé an sean-ghearrán bán. Chuaidh sé isteach chuig an maighistir. “Tá tú ar ais,” ars' an maighistir. “Goidé mar d'éirigh leat indiu?” ars' an maighistir. “Char éirigh ró-mhaith,” ars' an stócach. “Thainic a' cullach agus d'ith sé an sean-ghearrán bán.” “Goidé roinn' tú annsin?” ars' an maighistir. “Char leig mise ar shiubhal le sin é. Chuir mé isteach ionnsa' tseisrigh é, ná gur threabhuigh mé taobh a' chnuic uilig.” “Cér fhág tú é,” ars' an maighistir, “nuair a bhí tú raoidh?” “D'fhág mé ionnsa' stábla é,” ars' an stócach, “an áit a bhfuair mé an sean-ghearrán bán.” “B'fheidir,” ars' an maighistir, “go bhfuil na beathaigh ithte uilig anois aig an chullach!” “Má tá fhéin,” ars' an stócach, “ní rabh neart ar bith agam-sa air.” 11. Chuaidh siad amach. Bhí an cullach ag ithe a' seachtmhadh cionn de na beathaigh. “Siubhail leat,” ars' an maighistir, “agus fág é 'san áit a bhfuair tú é, agus bhéarfa mé duid d'ultach óir.” 'Fhad agus bhí an stócach ar shiubhal leis a' chullach, bhí'n maighistir aig a' tsean-dall ag iarraidh tilleadh comhairle. Dubhairt a' sean-dall leis go rabh 'ach a'n rud fiachta: “Abair leis a chul go hifrionn,” ars' eisean, “agus d'athair mór a thabhairt as.” 12. D'imthigh an stócach agus a' mead nár ith a' cullach de na beathaigh. Phioc sé an cionn ab' fheárr acú agus d'imthigh leis annsin ná go dtí go rabh sé i n-ifrionn. Chuir sé c'ist a rabh athair mór a' mhaighistir annsin. Thoisigh siad a' gáiridhe-mhagadh air. 'Ar leis fhéin go rabh sin gránna aige, iad a bheith a' gáiridhe 'magadh air. Bheir sé greim dhá chois deiridh ar a' bheathach. Chuaidh sé go dtí an cóirneál ab' fhuide ar shiubhal 'sa teach. Chuir sé amach ar a' dorus uilig roimhe iad. Bhí sé 'á ngreadadh go rabh sé aig teach a' mhaighistir. 13. Bhí an beathach caithte aige go dtí an dá lurgain bhí i n-a dhórnaibh. D'iarr sé ar a' mhaighistir theacht amach agus a athair mór a phiocadh astú seo, gur bh'fheárr an aithne a bhí aige air ná bhí aige-san. D'amhairc a' maighistir amach 'gus nuair a hainic sé goidé an bhaicle 's an sgaifte bhí amuigh, thuit sé annsin. Ní rabh deifre mhór ag éirighe air, acht, nuair a thainic sé chuige fhéin, d'iarr sé ar a' stócach chul agus a bhfágáil ionns an áit a bhfuair sé iad. Dubhairt a' stócach nach rachadh. “Tá sé gomh furusta agat-sa,” ars' eisean, “a chul agus iad d'fhágáil ionn agus bhí sé agam-sa iad a thabhairt as.” Gheall sé ultach óir dó acht iad a chur ar shiubhal. Mar bhí an stócach sanntach ar an airgead, d'imthigh sé agus thiomáin leis iad go dteachaidh sé píosa ar shiubhal. 14. Phill sé ar ais 'un a' bhaile. “Ní'l níos mó oibre agam duid,” dubhairt a' maighistr. “Tabhair damh mo chuid airgid,” ars' a' stócach. Chuaidh a' maighistir agus a' buacaill suas 'un tseamra. Thug siad anuas lán tobáin de dh'ór. “Cé gcuirfe tú seo?” dubhairt a' maighistir.” “Cuir isteach i bpóca mo chóta é,” ars' an stócach. Chuaidh siad suas 'un tseamra ar ais agus thug siad anuas lán eile an tobáin. “Cé gcuirfe tú seo anois?” ars' an maighistir. “'Steach ionnsa' phóca eile,” ars' an stócach. 15. D'fhág siad a' tobán síos ar a' talamh. “'B'é seo a bhfuil mé 'g dul fhagháil?” ars' an stócach. “Sin a bhfuil de dh'airgead,” ars' an maighistir. “Má 'sé,” ars' an stócach, “cha dtig leat níos mo thabhairt bhuaid.” Chuaidh a' stócach 'un a' bhaile chuig n-a mháthair agus lán a' dá thobán de dh'ór leis. Tá siad 'na gcomhnaidhe go maith, agus le bliadhain agus lá ní fhaca mise iad. Chuaidh mise an tráigh agus chuaidh siad-san a' clochán. Báitheadh iad-san. IV. CÁIN MHIC ÉNRÍ. 1. Mac ríogh (nó duine uasal) a bhí le pósadh, agus cuirm na bainse a bhí aige. Bhí duine uasal eile le cuirm a bheith aige fhéin agus chuir sé bhuachaill (.i. ceithearnach) 'un a' toighe go bhfeicead sé an dtiocfadh leis an chéad chuirm a cháineadh. Mac Énrí bhí ar an fhear a rab an chuirim aige agus Mac Gacháin a bhí ar an fhear eile chuir an ceithearnach 'un na bainse. 2. Nuair a bheannuigh an ceithearnach isteach, dubhairt sé: “Anois, tabhraigidh deoch do'n cheithearnach: Mise agus mo chadágh bán, Is mór mo sgáil ag teacht isteach; I dtoigh na cuirme ní fheicim áit — 'Sé measaim gur feárr damh dhul amach!” 3. Hiarradh air suidhe annsin, agus dubhairt sé: “Ibh na corra in mo láimh liom, Tharlaidh mise — is olc an t-am: 'Tchím ghach duine 'sa domhan éinfheacht; Ní fheiceann éinneach mé dá bhfuil ann.” 4. Fuair siad gloine dó annsin, agus dubhairt sé: “Brón ort 's mo mhallacht go bráthach, A chopáin ghránna ghainn! Is mar (an) gcéadna ar an chnapán Nár chuir a leath-lán ann!” 5. Fuair sé gloine mór annsin, agus dubhairt sé: “Is mór do thorann ar clár, 'S is geárr a mhaireas do lón; Ní'l 'fhios agam cá dteachaidh do lán, Mur' in do lár atá do thóin! “Deocha móra chleacht mise, Feadh a shiubhail mé go fóil, 'Measg gasraidhe loma rinneach — Ní fear min-dheoch mé, ar ndóigh!” 6. Bhí adharc aige faoi n-a chlóca agus é ag cur na biotáilte i bhfalach ann, agus ní rabh sé dá hól. Thainiceas air annsin agus é ag cur an uisge beatha 'san adhairc, agus chuairtigh siad é. Rinn siad amach nach rabh sé ábalta an méid biotáilte 'ól is bhí sé 'fhagháil, agus chuartuigh siad arís agus fuair siad an adharc lán biot áilte. Nuair a fuaras an adharc aige annsin, tugadh air iomlán an uisge beatha bhí 'san adhairc 'ól. Nuair a bhí an méid sin ólta aige, b'éigin dó an cúrsa dúbalta 'ól annsin — sin na cúig phonta (de) cháin a dhíol. 7. Thuit sé thart annsin trí lá marbh ar meisge, agus luigh sé ar an urlár ar meisge gan corrughadh ann go dtí go rabh an bhainis thart, agus annsin bhí sealbhán ban agus sealbhán cailíní ag glanadh an toighe, agus streachluigh siad ó thaobh go taobh de'n teach é as a gcasán, agus annsin thainic giománach isteach 'un na cisteanaighe agus d'fhiafruigh sé cé é fhéin ná cár bh'as é. 8. Annsin dubhairt sé: “Ceithearnach Mhic Gacháin ó'n Draoi mé, 'S ní lámh i n-áirde 'un bídh mé, Acht óglách báidhte ine bhfíon mé, Is ní bheidh mé go bhráth mar bhí mé. "Tá mé tuirseach sáruigh'e siabhruigh'e, 'S is ró-bheag m'áird ar mhnáibh na gciabhraidhe Tá mé le trí lá gan áird gan fhiafruighe, 'S mo chúl le lár ag cáin Mhic Énrí. “D'oibir mé a lán le bárr mo mhéara: Chuaidh mé in mo bhás i ndáil na péiste; Mharbh mé Fáthach na Fáithche Léithe, 'S is measa liom náire cháin Mhic Énrí.” V. AN CEAPAIRE MIN-SGÉALAIDHEACHTA. AN TOMHAS. 1. Triúr ar mhuin triúir Agus triúr eile 'na ndéidh; Naonbhar de chlainn aon mháthar amháin Ag iarraidh mná dá máthair fhéin, Sin anois a' tomhas. AN SGÉAL. 2. Bhí fear siubhail aon lá amháin agus fuaidh sé isteach i dteach tráthnóna beag. Ní rabh istoigh acht bean a' toighe, agus d'iarr sé lóistín uirthí. Dubhairt bean a' toighe leis nár ghnáthach le fear a' toighe duine ar bith a choinneáilt go maidin acht a' té 'mbéidheadh a' ceapaire min-sgéalaidheacht' aige. Dubhairt fear a' tsiubhail go rabh sé aige-sean, agus d'iarr sí air annsin suidhe. 3. Nuair a thainic fear a' toighe isteach, d'innis a' bhean dó go rabh an fear seo 'g dul 'fhanacht go maidin, agus dubhairt fear a' toighe, má bhí an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige, é 'fuireacht go maidin, agus dubhairt fear a' tsiubhail go rabh cinntí. 4. Rinn siad annsin a suipeár, agus, nuair a bhí an suipeár thart, d'innis fear a' toighe sgéal, agus d'fhiafruigh sé de'n fhear tsiubhail: “Ca bhfuil mo cheapaire min-sgéalaidheacht'?” Dubhairt fear a' tsiubhail nach rabh 'fhios aige goidé a' rud é. 5. D'éirigh fear a' toighe agus thug sé leis slata draoitheachta agus bhuail sé trí bhuille ar fhear a' tsiubhail agus rinn sé bean dó. Bhí sé annsin 'na bhean go rabh triúr mac aici. Thainic a' fear 'fhad léi (nó leis) annsin, agus d'fhiafruigh dó an rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige, agus dubhairt sé nach rabh. 6. Bhuail fear a' toighe trí bhuille eile de shlata draoitheachta air agus rinn sé sean-chapall bán de. Bhí sé annsin 'na shean-chapall bán go rabh trí searraigh aige. Thainic fear a' toighe 'fhad leis annsin ar ais, agus d'fhiafruigh a' rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige anois. 7. Dubhairt sé nach rabh, agus bhuail fear a' toighe trí bhuille de shlata draoitheachta air, agus rinn sé cú de. Bhí sé 'na chú annsin go rabh trí choileán aige. Thainic a' fear 'fhad leis annsin ar ais agus d'fhiafruigh dó an rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige. Dubhairt sé nach rabh. 8. Bhuail fear a' toighe trí bhuille eile de shlata draoitheachta air ann sin agus rinn sé préachán breac de Bhí dóigh iongantach shásta air annsin. Rinn sé nead a chois a' tsimleoir ar thaobh an fasgaidh, agus annsin a chodluighead sé an oidhche. 9. Oidhche amháin a thainic fear siubhail isteach ionnsa' teach agus d'iarr sé lóistín agus fuair sé é, mar bhí an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige. Nuair a fuair siad a suipeár, d'innis fear a' toighe sgéal, agus dubhairt fear a' tsiubhail: “Míle beannacht le hanam do cháirde!” 10. Chualaidh an préachán breac seo, agus d'aithin sé gurb é a' ceapaire min-sgéalaidheacht'. Nuair a thainic fear a' toighe 'fhad leis annsin, d'fhiafruigh dó a' rabh an ceapaire min-sgéalaidheacht' aige anois. Dubhairt sé: “Míle beannacht le hanam do cháirde!” Bhuail fear a' toighe annsin trí bhuille dá shlata draoitheachta air, agus rinn sé buachaill úr óg de. 11. Agus sin a' t-am a chuaidh sé a dh'iarraidh na mná nuair a fuaidh Triúr ar mhuin triúir, Agus triúr eile 'na ndéidh; Naonbhar de chlainn aon mháthar amháin Ag iarraidh mná dá máthair fhéin. VI. AN FEARDHAMHAN. 1. Fear de na Fiannaibh an Feardhamhan. Bhí sé 'na chomhnaidhe ar an Áigh agus bhí sé faoi gheasaibh, agus rud ar bith a d'iarrfaidhe air gan a dheánamh, sin a' rud a dheánfad sé. 2. Bhí sé ag fágáil baile agus bhí ceithre mhadadh leis, Mulaigh, Loinseachán, Mín a' Ghriobaigh, agus Deárathán. Ag fágáilt baile dhó, hiarradh air gan a chul a chomhair na muice bhí i Malán na Muice i nGleann Mhór na nGleanntach. 3. Nuair a thainic a' Feardhamhan go dtí nead na muice, bhí 'n tsean-mhuc ar shiubhal ó'n nead agus d'fhág sí beirt óga ionns an nead 'na déidh. Tharraing a' Feardhamhan a sgin as a phóca agus ghearr sé an ruball de 'ach a'n chionn acú. 4. Nuair a thainic a' mhuc ionns an nead, d'imthigh sí agus fuair sí an dá chionn óga agus a rubaill díobhtha. Chuaidh sí i ndéidh an Fheardhamhain agus chuaidh sí suas leis cómhgarach do'n nead agus thúsuigh an troid. Chuir sé an madadh Mulaigh innti agus mharbhuigh sí an madadh sin agus tá an t-ainm Mulaigh ar an talamh ó shoin. 5. Shiubhail sé giota maith eile annsin, agus é ag troid léithi ar a dhícheall. Dhreasuigh sé annsin Loinseachán innti. Mharbh sí Loinseachán annsin, agus é fhéin i gcomhnaidhe ag troid ar a dhícheall go dtí go dtainic sé tomall fada, agus dhreasuigh sé annsin Griobach inntí, agus throid sé mar an gcéadna léithí comh maith agus thainic leis. 6. Mharbh sí an madadh sin agus throid leobhtha annsin giota fada go dtí gur chuir sé an madadh deireannach inntí, Deárathán. Bhí na madaidh uilig marbh annsin, agus throid sé fhéin agus a' mhuc annsin le chéile go dtainic siad go dtí an Chró Cham. 7. Chuir a' mhuc annsin ar a dhá ghlúin é cúig ná sé chuarta agus léim sé anuas le spinc comhgarach ag Loch Muc agus marbhadh é. Chuaidh a' mhuc annsin go bruach an locha 'gus d'ól sí deoch agus stiúg sí. 8. Bhí deirbhshiúr an Fheardhamhain, Finngheal, 'na cómhnaidhe i nGleann Léichín, agus chuala sí guth an Fheardhamhain, a dearbhráthar, agus tháini' le cuidiughadh leis go bruach Loch' Finne agus thóg sí trí charraic i n-a naprún agus shiubhail sí trasna an locha. 9. Nuair a bhí sí taobh thall ar a' Chró Cham, shíl sí go rabh guth a dearbhráthar ar a' taobh bfhos. Chuaidh sí trasna an locha trí huaire le tárrtháil a thabhairt ar a dearbhráthair. Casadh gruaig a cinn i ladhraibh a cos agus báitheadh í. 10. Tá na trí clocha bhí léithí i n-a naprún go fóil 'na luighe ionns a' chaineál i Loch Fhinne. 'Sise thug ainm do Loch Finne. 11. Cuireadh an Feardhamhan ar a' Chró Cham. Tá a uaigh annsin go fóil le feiceáil. Tá suas le daichid bliadhain ó shoin, chualaidh na comharsannaí go rabh fáinní óir ann ar a mhéaraibh. Thachail siad suas an uaigh agus hainic siad méara a lamh, acht ní rabh fainne ar bith orthu. Tá a chnámha le feiceáil annsin go fóil. Dhruid siad suas an uaigh aríst. VII. AN TRIÚR GAISGIDHEACH AGUS NA FIANNA. 1. Triúr gaisgidheach a thainic le Fiannaibh Éirinne a mharbhadh uilig. Thainic siad annsin 'fhad le teach Ghoill mhic Mhóirne. Sgá'ruigh na Fianna nuair a hainic siad ag teacht iad. 2. Ghlac na mná dóigh lé na Fianna shábháil: Conán mhac Móirne chur 'n-a luighe ionns a chliabhán agus Goll mhac Móirne chur ag buachailleacht an eallaigh. Thóg bean léithí cloch uachtair na bróine. Rinn sí taos de mhin agus chuir sí ar chloich na bróine uilig é, gur fhág ar chuma bonnóige aráin é. Chuir sí córda ionns a' pholl a bhí ionns a' chloich, agus chuir sí ar mhuineál Chonáin é ionns a' chliabhán, mar bheiread sí áilleacán do pháiste. 3. Thainic na fir mhóra isteach. D'fhiafruigh siad de na mnáibh cá rabh na Fianna. “Tá siad ar shiubhal ag seilg,” arsa na mná. “Goidé an duine annso atá ionns a' chliabhán?” “Páiste beag gasúir.” “Goidé tá ar a mhuineál?” “Bíonn ocras go minic air,” ars' an bhean, “agus sin tuirtín aráin chuir mé ar a mhuineál le hé bheith dá ithe.” 4. D'iarr fear de na fearaibh móra giota de'n tuirtín ar an pháiste. Chuir an páiste an tuirtín uilig in' airicis. Chuir an fear mór i n-a bhéal é, agus, nuair a chagnuigh sé é, bhris sé mórán dá fhiaclaibh agus níor bhain sé dadaidh de. 5. D'iarr an fear mór eile air a mhéar a chur i mbéal an pháiste, go bhfeicead sé goidé an cineál fiacal bhí ag an pháiste d'itheadh an t-arán sin. Chuir sé a mhéar i mbéal an pháiste. Theann an páiste ar an mhéar agus thug sé leis é. 6. Bhí an ghaoth ionns a' dorus ag na mnáibh. Dubhairt na fir mhóra go rabh an ghaoth ionns a' dorus acú. Dubhairt na mná seo, nuair a thiocfadh na Fianna a bhaile, go dtionntóchad siad an teach go gcuirfead siad a chúl ionns a' ghaoith. Bhuail an triúr fear mór amach agus rug siad ar an teach. Cham siad agus bhog siad é, agus sháruigh orthú é thionntódh. 7. Thainic siad isteach 'anns' air na mnáibh agus d'iarr siad a ndínneár. Dubhairt na mná nach rabh na Fianna 'sa bhaile leis an tseilg, acht go rabh tarbh leis na buaibh agus gasúr dá bhuachailleacht. Fuaidh an fear ab fheárr acú fá choinne an tairbh. D'éirigh Goll mhac Móirne a bhí ag buachailleacht an eallaigh agus rug sé greim ar adhairc an tairbh agus rug an fear mór ar an adhairc eile, agus sgoilt siad síos an tairbh go bárr an rubaill go rabh leath ag gach duine acú. 8. Thainic an fear 'un toighe agus leath an tairbh leis i n-a láimh, agus chaith sé síos é 'anns' ar an bheirt eile, agus dubhairt leobhtha:— “Ithigidh seo go gasta. Is mithid dúinn bheith ag imtheacht. An gasúr a bhí ag buachailleacht an eallaigh, choinnigh sé leath an tairbh uaim, agus an páiste bhí ionns a' chliabhán, bhain sé an méar díot-sa. Má thigeann na Fianna a bhaile agus sinn annseo, ní bhéidh aon fhear againn beó bóiminte.” D'imthigh an triúr, 's níor phill níos mó. VIII. BEAN GHLEANNA CÚ CADHAIN. 1. Bhí sin ann, mar is fad' ó shoin a bhí fear 'n-a chomhnaidhe i nGleann Chú Chadhain, agus bhí bean aige. Lá amháin thainic fear éigint an bealach sin. Bhí sé ionns a' sgéal go rabh sé 'na mhangaire, rud a dtugann siad a' peidleáraidhe air, a' díol seod agus áilleacán, Bhí an bhean 'na seasamh ionns a' dorus, agus d'fhiafruigh sí de'n fhear c' fhad a shiubhail sé. 2. Bhí sé 'na strainseáraidhe. D'innis sé doí go dtáinic sé as na flaithis. “Maise,” ars' ise, “fuair tachrán liom bás. B'fhéidir go bhfaca tú é,” ars' ise. “C'ainm a bhí ar do thachrán?” ars' eisean. “Conall Ó Canáin a bhí air ag dul go flaitheas,” ars' ise. “Ó, hainic mise Conall,” ars' eisean. “Tá aithne mhaith agam air.” “Dá mbéidheadh 'fhios agam,” ars' ise, “go bhfuighinn duine ar bith a bhéarfadh go flaitheas 'anns' air iad, cheannóchainn seod agus áilleacán dó.” 3. Dubhairt sé léithi annsin go rabh sé ag dul ar ais go flaitheas agus go dtiocfadh leis an seod agus an t-áilleacán a thabhairt do'n tachrán. Annsin chuaidh sí dh'amharc fríd a' bhosga earraidhe bhí leis, agus cheannuigh sí fáinne do'n tachrán agus bosga ceóil, agus thug sí giní do'n mhangaire ar luach a' méid a cheannuigh sí. Thug sí dó féin ar ais iad, le iad a thabhairt 'anns' air a' tachrán. D'imthigh sé. 4. Nuair a thainic fear a' toighe isteach 'san oidhche, d'innis sí dó an uile shórt annsin, a' margadh rinn sí leis a' mhangaire. “'Tchím,” ars' eisean. “Ní chodlócha mé a'n oidhche 'sa teach ach' anocht, go bhfeicidh mé a' bhfuighe mé bean ar bith comh hamaideach leat!” 5. D'éirigh sé i mbáireach ar maidin. Bhí sé 'g imtheacht. “Béidh mise leat,” ars' ise. “Má tá tú 'g imtheacht.” ars' eisean, “tarraing a' dorus in do dhéidh” — ag iarraidh uirthí an dorus a dhruid. Bhí sé 'fuireacht léithi ar a' bhealach agus, nuair a d'amhairc sé thart, hainic sé í. Bhí sí a' tarraint a' chómhla 'n-a déidh. 6. Chuaidh sé ar ais a' bealach a dtainic sé agus chuir sé ceist uirthí, cá rabh sí 'g dul leis a' chómhla? “Dubhairt tú liom a' dorus a tharraint 'mo dhéidh,” ars' ise. “Char 'ubhairt!” ars' eisean, “ach' a' dorus a dhruid amach!” 7. Shiubhail siad leobhtha annsin. Nuair a bhí sé seal fada de'n lá a' siubhal, thainic sé ar an árd, agus ag dul thart dó, hainic sé a' bhean ar an árd a' criathrughadh mine agus tachrán. “Goidé tá tú a dheánamh annseo, a bhean?” ars' eisean “Bím a' criathrughadh mine istoigh 'sa teach. Thuit péist anuas de'n teach isteach ionns a' mhin. Thug mé amach annseo a' mhin 'fhéacháilt a' bhfuighinn a' phéist ar ais ionns a' mhin.” “'N-e nach bhfuil eagla ort,” ars' eisean, “go dtabhairfidh an ghaoth do chuid mine ar shiubhal?” “Char smaoitigh mé,” ars' ise, “ar a ghaoth, is creidim go bhfuil a' ceart aghad.” D'imthigh sé annsin bhuaíthi, nuair adubhairt sí leis go rabh an ceart aige. 8. Shiubhail sé seal fada annsin ar ais ar a' bhealach. Hainic sé dhá bhean, gasúr, agus bó leobhtha, agus a' triúr ag iarraidh a' bhó a chur suas ar a' bhóitheach. Deir sé: “Goidé tá sibh a dheánamh?” “Tá féar maith thuas ar a' bhóitheach,” ars' iad-san. “Támuid ag iarraidh an bhó a chur suas go n-ithead sí an féar.” “'N-e nach feárr,” ars' eisean, “corrán a thabhairt leat, agus a' féar a bhaint agus thabhairt anuas 'anns' air a' bhó?” “Char smaoitigh muid sin a dheánamh,” ars' iad-san, “agus tá an ceart aghad-sa.” “Seó anois,” ars' eisean le n-a bhean; “pillfe mise a bhaile. Dá mbéidhinn a' siubhal liom, gheobhainn daoiní comh hamaideach leat.” Chuaidh sé a bhaile annsin léithí. 9. Domhnach amháin dubhairt sé léithí go ndeanfad sé réidh go rachad sé 'un aifrinn. D'imthigh sé. Bhí sí leis. Cé'r bith an fad a bhí sé ar a' bhealach, bhí sé le haghaidh a bheith ag an aifrionn Dé Domhnaigh. Bhí sé fhéin agus í fhéin annsin ag an aifrionn. Bhí an saghart a' caint, mar is gnáth, agus bhí sé 'caint go mór dalba, is cosmhail. Ní fhaca sise duine ar bith a' caint ach' a saghart, agus d'amhairc sí thart. 10. “A bhéil gan smid!” ars' ise le n-a fear, “go tuighe nach labhaireann tú le ‘cablaidhe cainteach?’” (.i. an saghart — seo a' saghart, a' dtuigeann tú?). “Racha mise a bhaile,” ars' eisean, “Go Gleann Chú Chadhain, An áit is binn guth gadhar, Agus is luath ceileabhar éan, Agus is mall go dtiocfadh an Domhnach.” Sin a' méid a chuala mise de'n sgéal, a dhuine. IX. FÁILTE UÍ DHOMHNAILL. 1. Nuair a bhí Ó Domhnaill ag deánamh a chaisleáin i nDún na nGall, agus saoraí aige dá thógáilt, chuirthí anuas ar ais é — chuireadh na daoiní beaga síos ar ais é ionns an oidhche. 2. Bhí brón mór air. Ní rabh 'fhios aige goidé dheanfad sé go dtainic bean bheag ruadh chuige, agus thosuigh Ó Domhnaill ag caint léi fá dtaobh de'n bhuaidhreadh a bhí air fá n-a chaisleán. 3. Dubhairt sí leis a bheith aig an áit a léithid seo 'uair an oidhche ar n-a bháireach agus, nuair a thiocfadh, go bhfeicfead sé páirtidh mhór ag teacht anall ar an chlochán, fáilte chur rómpa ar an dóigh amháin agus gan duine acú dheánamh níos airde ná níos ísle. 4. Nuair a thainic an uair, bhí sé annsin agus hainic sé an pháirtidh ag teacht. Thainic siad anall, agus seo mar dubhairt sé leobhtha; “Coisceim cumhang ar clochán corrach, Úir bhuinneáin shléibhe; O Rígh chomairce na beatha, 'Sé mur mbeatha uilig i n-éinfheacht.” 5. O'n oidhche sin amach, an méid nach gcuirfead siad suas ionnsa lá, bhéidheadh oiread eile thuas ar maidin lá ar n-a bháireach. X. LABHRAIDH LUIN. 1. Rí Lághnach a bhí i Labhraidh Luin, agus bhíodh fear uasal ag tabhairt aire dó annsin. Chaitheadh an fear uasal a bheith aige ag baint féasóg de, agus ní rabh cead aige innse goidé hainic sé ar a' rígh. Bhí an rún ag cur bhuaidheartha air comh mór sin go rabh sé ag cailleadh a shláinte. Fuaidh sé 'anns'air a' dochtúir ag iarraidh sláinte, agus sháruigh orthú a léigheas. Fuaidh sé siar annsin 'anns'air dochtúir mór seanduine. D'fhiafruigh an sean-dochtúir seo annsin de'n fhear a bhí tinn a' rabh rud ar bith ag cur bhuaidheartha air nach dtainic leis innse dó. Dubhairt sé go rabh. D'iarr sé air dul isteach fríd a' choill agus a innse do chrann an áit nach mbeadh a'n dhuine ag éisteacht leis. 2. Fuaidh sé isteach ionns a' choill gur innis sé an sgéal a bhí 'cur bhuidheartha air do'n chrann. Fuair a' fear uasal annsin biseach sláinte. Smál a' crann — ní rabh fás ar bith níos mó aige. Fríd am annsin fuaidh fear thart a bhí a' cuartughadh ádhbhair chláirsighe. A' crann a hainic sé críon gheárr sé é, agus is feárr a d'fhóir sé dó. 3. Rinn sé cláirseach annsin de phíosa de'n chrann. Nuair a bhí an chláirseach deánta, fuaidh fear ceoil a bhí ann agus sheinn sé air a' chláirsigh, agus ní rabh a'n cheol ionns a' chláirsigh acht — “Tá cluasa capaill Ar Labhraidh Luin, 'S tá a ruball go talamh Ar Labhraidh Luin.” 4. Bhí sin iongantach agus nuair thainic an sgéal fríd na daoiníbh, an méid a thainic de na daoiníbh chuir siad gléas ar a' rígh, a' cuartughadh a' rabh an sgéal fíor. Fuair siad fíor é, agus briseadh an rí annsin gur baineadh an cumhacht dó. 5. Thug siad rí isteach annsin i n-a áit a rabh Cormac 'ac Airt air, agus Le linn Chormaic mhic Airt Bhí saoghal aoibhinn ait: Naoi gcéad cno ar a' chraoibh Agus naoi gcéad craobh ar a tslait. XI. AN BRACHÁN RÉIDH. Fear a bhí tinn am amháin agus d'iarr sé brachán réidh a dheánamh dó, agus seo mar adubhairt sé: “Deán braon bracháin réidh dam, Deán lom le him é, Agus deán reamhar le siúcra é, Mur n-ólaidh mé anois é, Ólfaidh mé aríst é; 'S mur n-ólaidh mé choidhche é Ólfaidh sibh féin é.” XII. COMHAIRLEACHA AN ÉIN. 1. Fear a bhí ag gabháil a' bhealaigh, rug sé greim ar an éan. Ars' an t-éan leis-sean: “Má leigeann tú cead mo choise damh, bhéarfa mé trí chomhairle duid, agus béarfa mé uibh óir agus uibh airgid dhuid.” “Má ghní tú sin,” ars' an fear, “bhéarfa mé cead do choise dhuid,” agus thug. 2. Shuidh a' t-éan annsin ar chraoibh a' chroinn os a choinne. Bhí seisean ar a neamhthuilleamaigh nuair a bhí sé ar a' chrann agus é 'na shuidhe ar a' sgafóig. * Ars an t-éan leis-sean annsin: “Nuair a chluinneas tú sgéal mór éagsamhail, gan a chreidbheáil, † a' chéad chomhairle bhéarfas mé dhuid. An darna comhairle bheireas mé duid: go mb'fheárr éan in do láimh ná beirt ar a' chraoibh; An tríomhadh comhairle: bíodh rud agat fhéin annsin; ná bí falamh.” XIII. BALOR AGUS MAC CIONNFHAOLAIDH. 1. Bhí gobha thoir annsin i nDruim na Teineadh a dtug siad Gaibhide Gabhanna air. Bhí bó aige a rabh an Glas Gaibhlionna uirthi. Bhí triúr dearbhráithreacha de chloinn mhic Cionnfhaolaidh. Bí Fionn ar an fhear ba shinne acú, Donn ar an dara fear, Dubh ar an tríomhadh fear. 2. Chuaidh siad isteach chuig an ghobha seo le trí claidhmhtheacha 'fhágháil deánta. Dubairt an gobha go gcaithfeadh siad an bhó choimheád — fear ar a sheal — go ndeánfad sé claidheamh. Nuair a bhí claidheamh do'n chéad bheirt deánta, bhí an fear óg ag gabhail amach a choimeád go ndeánfad sé a chlaidheamh féin. Smaoitigh sé nach rabh sé in' fhear comh maith leis an bheirt eile. 3. Phill sé isteach ar ais ag iarraidh a chinn fhéin a dheánamh níos éadruime. A' gabhail amach ar ais dó, bhí an bhó ar shiubhal. D'imthigh sé leis annsin ar eagla go muir'fheadh an gobha é. Casadh sgaifte air ag iomáin ag tóin Bhinne an Fhéidh. Chuaidh siad a mhagadh air. Sgairt fear acú air seasamh go mbéadh an báire curtha agus go rachad sé leis a chuartughadh na bó, oir gur ghoid Balor an bhó, agus go rabh sí istoigh aige i dToraigh. Giall Dubh bhí ar an fhear so. 4. Fuair siad curach thiar i Mín na Láradh, agus dubhairt sé go rabh seacht seicheacha glasa i n-áirde ag Balor le toit agus le súithche le seacht mbliadhna, agus go gcaithfead sé a n-ithe le órlach na coinnle. Dubhairt Giall Dubh leis cead aige sean a ngearradh agus go n-íosad seisean iad. Thoisigh mac Chionnfhaolaidh dhá ngearradh agus cha rabh baoghal ar an órlach dóighte nuair a bhí siad ithte. 5. Dubhairt sé go rabh buaidh eile i gcionn na bó aige, go rabh a nighean (.i. nighean Bhaloir) thoir ar an dún, go gcaithfead sí amach buarach isteach ar a chionn go bhfuighead sé an bhó agus, mur gcuirfeadh, nach bhfuighead. Chaith sí amach an buarach agus chuir isteach ar chionn é. 6. Fuair sé an bhó. Thug siad amach an bhó agus d'fhág siad ag an ghobha í. Annsin chuaidh siad isteach go Toraigh ar ais agus fuair siad mac le nighin Bhaloir Thainic siad amach annsin agus an leanbh leo. Cha rabh dul acú banaltra 'fhagháil dó. Chuaidh siad isteach ar ais agus rinn siad margadh le Balor: thug sé cead daobhtha an leanbh 'fhágáil ag n-a nighin acht coillidh chur i dToraigh dhó. Thoisigh siad a phlanntáil annsin gur chuir siad coillidh bhréagh ann. 7. Nuair a bhí an leanbh mór, thug siad amach ar ais é. Lugh Fadlámhach bhí ar an fhear óg seo. 'Sé bhí le Balor a chur 'un báis. Thainic séideán gaoithe agus steall sé na croinn amach leis an fhairrge. 8. Thainic Balor amach. Bhí súil nimhe aige. Bhí naoi bpilleadh éadaigh uirthi. Nuair bhí sí nochtuighthe go dtí dhá philleadh, chuir Lugh Fadlámhach lorgáid dhearg iarainn isteach fríd an dá philleadh, agus bhain sé an tsúil as. Lean sé Lugh annsin. Nuair bhí sé tuirseach 'na dhéidh, dubhairt sé gurab é a ua féin é, cé 'bith taobh a dtainic sé. D'iarr sé air an cionn a ghearradh dó agus a chur i mullach a chinn féin. Chuir sé i mullach na Cloiche Gairbhe é, agus thainic deor nimhe amach as a' chionn. Sgoilt sé an chreag agus d'éirigh loch ann. XIV. AN GOBÁN tSAOR 'S A MHAC. 1. An Gobán tSaor budh é an fear budh ghasda i nÉirinn é. 'Sé an chéad fhear nÉirinn a rinn seisreach, — dubhshlán duine ar bith i nÉirinn a cuir amach as an sgríb. Annsin, bhí sé ina fhear ghasda. Bhí mac aige agus budh mhian leis an mac 'fhagháil pósta. Annsin, chuir sé an mac 'un aonaigh le dórnán molt. D'iarr sé ar an mac annsin na muilt a dhíol agus iad féin agus a luach bheith leis ar ais 'na' bhaile. 2. Shiubhail an mac, 'ach a'n aonach agus ó aonach go haonach. Ní thiocfadh leis a bhfágháil díolta. Fá dheireadh, bhí sé 'teacht anuas sráid a' bhaile mhóir agus casadh cailín air 'muigh i ndorus tighe. 3. “A bhuachaill,” ars' an ghirseach, “An é nach dtig leat na caoirigh sin a dhíol?” “Ní thig liom,” arsa mac an Ghobáin tSaoir. “God chuige sin?” ars' ise. “Breallán athar a d'iarr orm na caoirigh a dhíol agus a luach a bheith liom 'na' bhaile. “Maiseadh,” ars' an chailín, “gabh isteach annseo agus cuirfe mise leat iad fhéin agus a luach leat 'na' bhaile.” 4. Thug an chailín léithi na caoirigh isteach i dteach. Lom sí na caoirigh agus thomhais sí an olann, agus thug sí dó luach na holna agus chuir sí annsin na caoirigh lom leis 'na' bhaile. Ars' an t-athair, “A mhic, fuair tú na caoirigh dhíol. Cibé háit i bhfuil an cailín, gabh go dtí í agus fágh í le posadh.” 5. Fuaidh an mac go dtí an cailín agus fuair sé í le pósadh, agus annsin thais'eán an Gobán tSaor cófhra dí lán óir. “A nighean,” ars' eisean, “goidé 'ghéanfá leis a' chófhra sin?” “Tá, a athair, bhéidhinn ag cur ann i gcomhnaidhe agus gan dadaidh bhaint as.” “A nighean,” ars' é, “ghéanfaidh sin an gnaithe. Dhá mbeithí ag baint as i gcomhnaidhe, badh ghoirid go mbéidheadh sé reaithte. A nighean, sin an dóigh cheart leis na tsaidhbhreas a choinneáil.” XV. COR I N-AGHAIDH AN CHOIM AGUS CAM I N-AGHAIDH AN CHUIR. 1. Chuir duine uasal bhí i Sasana sgéal a thiocfadh thall anonn go bhfághadh sé a chaisleán deánta nach mbéidheadh a leitheid eile ins na trí ríoghachta. “Maiseadh,” arsa nighean an Ghobáin tSaoir le n-a fear, “buail suas le cailín innteach fá'n chaisleán, ná mur ndeánfaidh, ní thiocfaidh sibh 'na' bhaile beo.” 2. Shín siad leobhtha anonn go Sasana go dtaini' siad go teach an duine uasail. Thoisigh siad a dheánamh an chaisleáin. Bhuail mac an Ghobáin tSaoir suas le cailín bhí fá'n chaisleán. Bhí an caisleán le bheith críochnuigh'e lá ar n-a bháireach. Ars' an cailín leis a' bhuachaill: “A' bhfuil an caisleán críochnuigh'e? Nuair a bhéidheas an caisleán críochnuigh'e, tá 'rún acu mur gcuir 'un báis. Fiafróchaidh an duine uasal do'n Ghobán tSaor a' bhfuil aon chaisleán 'sna trí ríoghachta comh maith leis.” 3. Lá ar n-a bhárach, fiafruighidh an duine uasal de'n Ghobán tSaor: “A' bhfuil aon chaisleán 'sna trí ríoghachta comh maith leis a' chaisleán seo agam-sa?” Fhreagair an Gobán tSaor é. “Ní'l,” ars' an Gobán tSaor, “acht nídh amháin atá 'sa bhaile agam, agus ní bhfuighidh aon dhuine sin acht do mhac-sa agus mo mhac-sa dhul fá n-a dhéin.” 4. Chuir an duine uasal anall mac an Ghobáin tSaoir agus a mhac fhéin. Thainic siad go dtí teach an Ghobáin tSaoir. Arsa nighean an Gobáin tSaoir: “Goidé tá a dhíth air anois?” “Tá, aon nídh atá annseo ins a' chófhra,” arsa mac an Ghobáin tSaoir, “chuir m'athair-se mise agus mac an duine uasail anall fá n-a dhéin.” “C'ainm atá ar an nídh sin?” arsa nighean an Ghobáin tSaoir. “Tá, cor i n-aghaidh an choim agus cam i n-aghaidh an chuir.” “Tá an nídh chéadna soin sa' chófhra,” arsa nighean an Ghobáin tSaoir. 5. D'fhosgail sí an cófhra agus d'iarr sí ar mhac an duine uasail theacht anall agus amharc síos ins a' chófhra, go rabh an nídh chéadna ar thóin a' chófhra agus é thógáil. Chrom sé annsin isteach ins a' chófhra, agus thainic sise ar an taobh thiar * agus chuir sí a lámh leis agus tionntuigh sí é isteach 'sa chófhra. 6. “Béidh tusa annsin,” ars' ise, “go dtig an Gobán tSaor anall chugam-sa as Sasana.” Fuaidh an sgéal anonn go rabh mac an duine uasail 'stigh gaibhte ins a' chófhra go dtigeadh an Gobán tSaor anall 'un a' bhaile. Annsin leigeadh anall an sean Ghobán tSaor agus leigeadh anonn mac an duine uasail 'un a' bhaile. XVI. PAIDÍ Ó 'LUMHÓG. 1. Bhí sé 'na chomhnuidhe i nGleann Domhain. Ní rabh tailmhach aige ach' é fhéin agus a bhean. Bhí samhradh cruaidh ann agus ní rabh luach mine aige, agus b'éigean dó a' bhó amháin a bhí aige thabhairt go dtí aonach Leitir Ceanainn. Bhí trí cheannaidhe bó ó thaobh Ghallóglach ann, agus thainic fear acú 'fhad le Paidí. 2. “Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean. Thóg Paidí a bhata agus dubhairt sé leis an cheannaidhe: “Má bheir tú gabhar ar mo bhoin bhainne, bhéara mé buille de'n bhata duid!” D'imthigh an fear soin. 3. Thainic an darna fear acú. “Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean. “Ní gabhar í, ach' bó bhainne,” arsa Paidí. D'imthigh an fear soin. 4. Thainic an tríomhadh fear. “Cé dhíolas a' gabhar?” ars' eisean. “Maiseadh,” arsa Paidí, “aithnighim gur gabhar í, nuair atá 'ach aon dhuine a' tabhairt gabhair uirthí.” Dhíol Paidí i n-áit gabhair í ar a deich agus ponta. 5. Thainic Paidí 'un a' bhaile, agus fhobair go muir'feadh an bhean é, cion is a' bhó dhíol ar a deich is ponta. Choinnigh Paidí an t-airgead i n-a phóca go dtí an chéad aonach eile bhí i Leitir Ceanainn. Fuaidh sé 'un aonaigh agus thainic na trí cheannaidhe ann. Reath sé isteach go dtí teach uisge bheatha. 6. Labhair sé le bean a' toighe agus thug sé doí deich sgillinne. “Má bheiriom-sa fir isteach le tréat thabhairt dóibh, nuair a sgairtfeas mé agus tusa theacht isteach, bainfe mé díom mo hata, agus craithfe mé an hata, agus abair thusa liom bheith 'g imtheacht, go bhfuil sin díolta.” 7. Fuaidh Paidí isteach go dtí teach itheacháin agus thug sé deich sgillinne do bhean a' toighe: “Má bheiriom-sa isteach triúr fear le n-a ndínneár fhágháil, nuair a bhuailfeas mé an tábla, tiocfa tusa anuas; craithfe mise mo shean-hata; abair thusa liom bheith ag imtheacht, go bhfuil sin díolta.” 8. Fuaidh sé isteach go dtí teach eile — teach ólacháin; thug sé deich sgillinne do bhean a' toighe: “Má bheiriom-sa triúr fear isteach annso tráthnóna le tréat thabhairt dóibh, nuair a sgairtfeas mé anuas ort-sa, craithfe mé mo shean-hata, agus iarr thusa orm bheith 'g imtheacht, go bhfuil sin díolta.” 9. Nuair a fuair sé sin deánta, fuaidh sé amach 'annsoir a' triúr: “A bhuachaillí, 'sé mur mbeatha! Goidé mar shásuigh an gabhar sibh?” “Ó, shásuigh go han-mhaith,” arsa gach aon dhuine acú. “A bhuachaillí, ar ól sibh dadaidh go fóil?” “Níor ól,” arsa na buachaillí. “Bígidh a' teacht isteach go dtuga mise tréat daoibh. Anois, ólaigidh an méad is mian libh ól — tá mise ábalta díol ar a shon.” D'ól siad oiread agus budh mhian leobhtha ól. Rapáil Paidí an tábla (bhuail P. an clar). Thainic bean a' toighe anuas. Chraith Paidí a hata. “Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe. Fuaidh siad amach annsin. Ars ghach aon fhear 'e'n triúr: “Tá hata dheas aig Páidí, oir a dhíolas ar shon ghach aon rud a sgairtfiomuid.” 10. I lár an lae thainic Paidí ar ais. Dubhairt sé leis a' triúr: “A bhuachaillí, ar ith sibh dadaidh go fóil?” “Níor ith,” arsa na buachaillí. “Bígidh a' teacht isteach go bhfágha sibh tréat eile. 'Nois, a bhuachaillí, ithigidh mur sáith. Tá mise 'díol ar a shon.” D'ith siad leobhtha annsin. Nuair a bhí a sáith ithte acú, bhuail Paidí an clár. Thainic bean a' toighe anuas. Chraith Paidí a hata. “Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe. Fuaidh siad amach annsin. Ars ghach aon fhear acú: “Tá hata iongantach aig Paidí, nuair a dhíolas sé ar shon ghach aon rud a sgairtiomuid air.” 11. Tráthnóna thainic sé ar ais: “A bhuachaillí, nach dteacha sibh 'un a' bhaile go fóil? Bígidh a' teacht isteach go bhfághmuid tréat eile. 'Nois, a bhuachaillí, ólaigidh gach aon rud 'ar mian libh ól. Tá mise 'díol ar a shon.” D'ól siad leobhtha annsin. Nuair a bhí a sáith ólta acú, bhuail Paidí an clár. Tháinic bean a' toighe anuas. Chraith Páidí a hata. “Bí ar shiubhal; tá sin díolta,” arsa bean a' toighe. Fuaidh siad amach annsin. 12. Ars ghach aon dhuine acú: “Tá hata greannmhar aig Paidí, nuair atá sé ábalta díol ar shon gach aon rud a sgairtfiomuid air. A Phaidí, is fheárr duid do hata dhíol linne. Tá tusa ag éirghe aosda agus ní'l gnaithe agad leis. Ceannócha muidinne é.” Cheannuigh siad a hata ar chúig phonta. Shín siad leobhtha 'un a' bhaile annsin. 13. Bhí aonach i nGallóglach lá har n-a bhárach. Bhí deifre ar a' triúr 'un aonaigh go bhfeicead siad goidé dheanfadh an hata. Fuaidh siad isteach go teach ólacháin agus bhuail siad an clár, agus thainic ghach aon seort biotáilte chucú 'ar mhian leobhtha ól. Bhuail siad an clár. Thainic bean a' toighe anuas. Thug fear acú an hata amach as a pócha agus chraith sé é. 14. Labhair bean a' tighe: “A bhuachaillí, a' bhfuil sibh ag dul 'a dhíol seo?” “Nach bhfuil sé díolta nuair a chraith sé an hata?” “Ní'l, agus mur ndíola sibh go gasta, bhéarfa mise isteach a' sárdseant.” Thainic a' sárdseant isteach: “A bhuachaillí, goidé atá oraibh nach ndíolann sibh an tréat. Mur ndíola sibh é go gasta, fágfa mé istoigh sibh.” B'éigean dóibh an tréat a dhíol annsin. 15. Dubhairt ghach aon fhear de'n triúr nach ndeánfadh an hata dadaidh dhóibh, gur hata draoidheachta bhí ann. “Rachamuid i mbárach go bhfághmuid ar gcuid airgid agus go bhfágamuid an hata aige.” 16. Bhí baramhail aig Paidí go dtiocfad siad. Fuaidh sé amach agus fuair sé dhá choinín. D'fhág sé cionn acu ine mbocsa a chois na teineadh. Thug sé leis amach an cionn eile agus d'iarr sé ar a bhean a ráidht leis na fir go rabh sé amuigh ar a' chnoc. 17. Dubhairt sé annsin: “Nuair is mian leis na fir mise theacht, cuir thusa amach an coinín, agus, nuair atchífeas mise a' coinín, tiocfa mé isteach agus béidh coinín eile liom.” Nuair a thaini' sé isteach annsin bhí an coinín leis. “A' dtéid a' coinín fá do dhéin ghach aon áit a mbíonn tú?” arsa na fir. “Théid,” ars' eisean. 18. Cheannuigh siad an coinín uadh fá choinne bheith a' deanamh teachtaireachta dóibhthe. Thug siad leobhtha ann soin an coinín a bhaile agus chuir siad nóta chúig bponta 'steach i n-a haincearsúir. D'iarr siad ar a choinín a dhul go bainc Leitir Ceanainn agus briseadh fhágháil ar shon na gcúig bponta. 19. D'imthigh an coinín leis agus fuaidh sé i bhfalach i dtom aitinneach. Lean Paidí an coinín. Bhí 'fhios aige go leigfead siad amach an coinín am innteach. Thainic Paidí ar a' choinín agus bhain sé de na cúig phonta. Nuair ab' fhada leobhtha bhí an coinín amuigh, fuaidh fear acú go bainc Leitir Ceanainn: “A' dtainic coinín ar bith annseo a rabh haincearsúir ar a mhuineál agus cúig phonta ionnsa haincearsúir?” “Ní thainic,” arsa fear a' bhainc, 20. Bhí an t-airgead caillte orthú. “Rachamuid i mbárach go Gleann Domhain 'anns'oir Phaidí go dtuga sé dúinne ar gcuid airgid agus go marbhmuid é.” Bhí 'fhios ag Paidí go dtiocfad siad. Mharbh sé sean chaora bhí aige. Cheap sé an fhuil ionnsa mhiadail. Bheir sé ar adharc na caorach. Gheárr sé giota beag o'n bhárr de'n adhairc. Chuir sé i n-áirde an adharc ar bhárr an bhalla. 21. “'Nois,” ars' eisean le n-a bhean, “nuair a thiocfas na fir, suidh thusa ar a' tsuidhisteoig agus cuir mála na fola faoi do naparún. Nuair a thiocfas na fir isteach, beidh siad ag iarraidh an airgid orm-sa. Déarfa mise leobhtha gurb í an bhean sin is cionntaighe leis a phlé uilig ach' go gcuirfe mé deireadh léithi.” 22. Nuair a thainic siad isteach, d'fhosgail Paidí a sgein agus fuaidh sé suas go dtí an bhean. Thug sé sáthadh de'n sgein do'n bhean ionns an naparún. D'imthigh an fhuil síos a' t-urlár agus thuit a' bhean siar agus leig sí uirthí go rabh sí marbh. Thoisigh na fir a dheanamh buaidheartha fá'n bhean fríd an teach. 23. “Ná síligidh dadaidh de,” arsa Paidí, agus thug sé leis adharc na caorach agus leig sé an cionn caol de'n adhairc ar chluais na mná. Thoisigh sé a shéideadh ar feadh tomaill. D'éirigh an bhean aniar ar ais beó. “A Phaidí,” arsa na fir, “sin adharc uathbhásach atá agad. Ceannóchamuid an adharc uaid.” Cheannuigh siad an adharc. Fuaidh siad 'na' bhaile sásta. 24. Lá har n-a bháireach chruinnigh siad a gcuid daoiní muinteardha 'un dinneair le taisbeánadh dhóibh goidé dheanfadh an adharc. D'ól siad beagán biotáilte. Bhí siad a' caint thart ar ghach aon rud. Arsa fear acu: “Thiocfadh liom-sa cleas a thaiseánadh daoibh.” 25. D'fhosgail sé an sgein. Fuaidh sé suas an áit a rabh bean a' toighe ar a' tsuidhisteoig. Thug sé sáthadh de'n sgein doí ionns a' chuadáil. Thuit a' bhean siar marbh agus thainic a cuid fola. D'éirigh na daoiní bhí istoigh uilig buaidheartha. “Ná síligidh dadaidh de sin,” ars' an fear. “Thig liom-sa í dheanamh beó ar ais.” 26. Thug sé leis an adharc annsin agus chuir sé bárr na hadhairce ar chluais na mná agus thúsuigh sé a shéideadh na hadhairce. Ní rabh gar ann — bhí an bhean marbh. Shéid annsin ghach fhear de'n triúr tomall, 's ní rabh gar ann — bhí an bhean marbh agus ní thainic sí ar ais. Thainic na saighdiuraí dubha annsin agus rinn siad príosúnaigh de'n triúr fear. Bhí Paidí réidh leobhtha. Crochadh an fear a mharbh an bhean agus díbreadh an bheirt eile ar sáile. XVII. DOMHNALL Ó GALLCHOBHAIR. 1. Bhí file i dTír Chonaill a rabh Domhnall Ó Gallchobhair air. Bacach nó fear siubhail a bhí ann agus “Domhnall 'ac a' tseachráin” nó “Domhnall 'ac a' tiomsguigh'e” an leasainm a thug sé air féin. Is iomdha amhrán binn a rinne sé, .i. “Cailín sin Éamoinn,” “Hamaltún Bhácar,” “I nGleann Gheis atá'n toigh,” &rl. 2. Bhí fear mór amhrán 'na chomhnaidhe go dtí ar na mallaibh i nGleann Gheis fá mhíle de Ard-ar-ráith. Éamonn óg Mhac a' Ghoill a bhí air, agus bhí táin mhór air ar fud na háite sin fá'n Ghaedhilg agus fá'n cheol Gaedhealach a bheith aige ar dóigh. Bhí a athair, seanÉamonn Mhac a' Ghoill, agus a athair mór, Pádraic Mhac a' Ghoill, 'na gcomhnaidhe 'san áit chéadna roimhe, agus is ann a bhí a sheacht sinnsir ó aimsir Strangbó riamh anall, 'réir mar chualas. Le linn a athar agus a sheanathar a mhair Dómhnall Ó Gallchobhair. 3. I dtaca le toigh a athar móir, seo mar labhair Éamonn óg fá dtaobh de:— “Sgoil damhsa bhí ann. Bhí cailín a' toighe ag dul amach, .i. teach m'athar mór. Bhí deifre amach uirthí agus thug sí asgallán dó (.i. do Dhomhnall Ó Gallchobhair). D'fhiafruigh sé c'ainm a bhí ar a' bhaile annsin. Dubhairt sí gur Baile an Chaisil a bhí air. D'fhiafruigh c'ainm a bhí ar fhear a' toighe. Dubhairt sí gur Pádraic 'ac a' Ghoill a bhí air. D'fhiafruigh sé c'ainm a bhí ar bhean a' toighe. Dubhairt gur Aibhlín a bhí uirthí. Rinne sé ceathramha annsin:— ‘Baile seo an Chaisil is flaitheamhail na mná is a gclann; Is dá bhfanainn ann ráithe, gheobhainn préataí, arán is im, Brachán is cáthbhruith i dtoigh Phádraic mhóir mhic a Ghoill — 'Sí Aibhlín na páirte a dheánfadh a' ghiollacht 'sa roinn.’” 4. Agus seo ceathramha eile a rinne Domhnall do shean-Éamonn Mhac a' Ghoill, .i. do athair Éamoinn óig. “Is ró-dheas an féirín Éamonn ag cailín deas óg: 'S gur labhair sé indé liom ag éirghe amach ó n-a sheól: ‘Má tá sé 'gad réidh, go héag 's ní chaithfe mé spól, Go bhfighe mé do ghréasán, dá síobfaidhe mo theach le gaoith mhóir.’” XVIII. CAITLÍN NÍ 'gEACHRÁIN AGUS DOMHNALL A' CHINN. 1. Bhí Caitlín Ní 'gEachráin 'na comhnaidhe i dTír Conaill tá dhá chéad bliadhain ó shoin nó fá'n tuairim sin. Bean ghlúine bhí innti, agus sin a' fáth ar labhair an sagart Mac Niallghuis léithí ar a' dóigh seo:— “A Chaitlín Ní 'gEachráin, Ná bí thusa ar seachrán I n-aimsir na dtachrán, Tú féin 's mé féin.” 2. Bhí sí 'na ban-fháidh agus bhíodh leabhar fáistine aici a léighead sí i gcomhnaidhe sol a ndeanad sí targaireacht. Bhí duine eile i dTír Chonaill — fear a rabh Domhnall a' Chinn air — agus bhí seisean i n-a fháidh mar a' gcéadna. Bhí Domhnall a' Chinn muintearach aig Dump a' Chinn atá i n-a chomhnaidhe thoir i mbárr na nGleannta. Seo roinn bheag de'n fháidheadóireacht adubhairt an bheirt seo, 'réir an bhéaloidis atá ag muintir Thíre Conaill go dtí an lá indiú:— Caitlín Ní 'gEachráin adubhairt:— 3. “Go ndeanfaidhe cúirt Theamhrach i Molaidh Mhaoiseog, agus nach dtiocfadh cogadh le n-a linn sin, is go mbead sí seal dá saoghal go te, agus go bhfuighead sí fuaradh, agus go rachadh arm gorm inntí, agus arm dearg 'na ndéidh sin, agus go n-imtheochadh an t-arm 'na dhéidh sin go dtí go mbéidheadh na préacháin dubha ag sileadh saile ionns na fuinneogaíbh sol a dtiocfadh an cogadh; 4. Go dtiocfadh muc dhubh fríd a' Bhearnas 1 agus go rachadh slat dubh fríd Éirinn 2; 1 Go mbéidheadh carrannaí a' teacht fríd a' Bhearnas gan aon ghearrán. 2 Go mbéidheadh slatacha geala ar na bealaighibh móra; slat gheal fá gach aon chnoc. 5. Go mbéidheadh ceastair ar na hamadáin; Agus bútaisí ar na brealláin; 'Súil ar gach slodán (.i. sruthán), Droichead ar na cam-shrutháin; Is bealaighe móra is na haithghiorraíbh; Is go mbéidheadh cáin ar na madaidh; Is gearradh maith Béarla i mbéal na ngasúr, Sol má dtigeadh an cogadh; 6. Gur eadar speal agus corrán a thiocfadh an cogadh, sin .i. ionns an fhóghmhar eadar baint an fhéir agus baint a' choirce; 7. Go mbéidheadh culaith dhearg ar a' tsagart roimhe an cogadh, agus go bhfuagaireochad sé aig an altóir síothcháin thrí mhí isna seacht ríoghachta; 8. Go dtiocfadh an cogadh ar an oidhche sin fhéin, Oidhche Dhomhnaigh; 9. Nach ceart fanacht istoigh an oidhche sin, acht baint amach fá na cnocaibh agus bheith orthú: 10. An chéad oidhche ar Chárn a' Mhaighin; 11. An dara hoidhche ar chnoc na hAchla; 12. 'S a' tríomhadh hoidhche ag Sop Seasg; 13. Nuair a bheas an méid sin istoigh, go dtabhairfidh builbhín tuistiúnach a mbricbhasta do'n méad a bhí beó ó na Ceallaibh Beaga go Caslach a' Mháis. Domhnall a' Chinn adubhairt: 13. “Nár bhaoghal duit an cogadh choidhche go dtéidheadh a' mhuc dhubh le teinidh ó Dhoire 'un na gCeall (sin a' traen) 14. Nuair atchífeá casóg, ní baoghal duit a' cogadh i gceart go bhfeice tú an chasóg dhearg ar an tsagart agus é a' ráidht aifrinn — tá an cogadh agat annsin; 15. Ná fan istoigh an oidhche sin — sin an oidhche a thiocfas a' Títheadh Bhradach; 16. Má fhanann tú istoigh an oidhche sin, bainfear an cionn díot — bí a' deánamh cnuipthí (.i. bí a' baint agad amach na cnuic).” XIX. SEACHTMHAIN AR GCHÚL. 1. Fear a bhí ag fágáil a' bhaile Dia Domhnaigh, agus astar fada roimhe. Labhair a bhean leis agus d'iarr sí air an t-astar a chur ar gcúl go cionn seachtmhaine, oir nár mhaith léithi sgaramhaint leis féin i dtoibne. Seo mar adubhairt sí: 2. “Siubhal Domhnaigh ná deán bhuaim, Agus ná himthigh Dia Luain go moch: Fan go dtí Máirt, Agus leig na trí lá sin thart. 3. Is olc a' Cheadaoin chraobhach Agus ní measa ná'n Déardaoin dálach; Is olc an Aoine le sgaramhaint, Agus fan go dtí 'mbárach!” XX. LÁ THAIDHG NA dTADHGANN. 1. Bhí Ó Baoighill * 'na chomhnuidhe i Luachros agus thainic an fear beag isteach lá amháin. D'fhan sé seacht mbliadhna annsin — d'fan agus níor labhair sé aon fhocal agus ní thearn acht trí gháire ine seacht mbliadhna, agus bhí sé ag deánamh bogha agus saighde ar feadh na seacht mbliadhna. 2. Bhí an cailín aimsire ag teacht anuas as an seomra agus ghearr sí a ladhar. Fuaidh sí a chaoineadh agus fuaidh seisean a gháiridhe. Sin a' tríomhadh gáire a rinne sé. 3. Annsin a tógadh an chreach ua Ó Baoighill agus tógadh ar siubhal a' chreach gan fhiafraighe dá ghaosán. Dubhairt bean Uí Bhaoighill annsin go rabh a fear creachta agus nach dteachaidh seisean a chuidiughadh leis. 4. “Thú ag ithe agus ag ól annseo le seacht mbliadhna,” ars' ise; “'ach uile sheórt is feárr 'ná a chéile. Tá tú ag gáiridhe agus fear a' tighe seo dhá chreachadh! Agus ní theacha tú amach a chuidiughadh le do mhaighistir indiú,” ars' ise. “Imthigh amach annsin,” agus cuidiughadh leobhtha an chreach a thabhairt ar ais. † 5. D'éirigh seisean annsin agus d'imthigh sé amach agus lean sé iad go Bealach a' Ghleanna Mhóir. Thainic sé suas leobhtha annsin i mBaile na gCreach. D'fhiafruigh sé annsin d' Ó Baoighill, de'n mhaighistir:— “Cia acú choisgfeas tú an tóir nó cheapfas tú an chreach?” “Ceapfa mé an chreach,” arsa Ó Baoighill. 6. Thoisigh sé annsin a sgaoileadh leis na fir a rabh an chreach leobhtha. D'imthigh siad leobhtha annsin agus sgab siad soir agus siar, agus d'fhág siad an chreach acú. 7. D'imthigh siad-san a bhaile annsin. D'fhiafruigh Ó Baoighill de caidé ghlacfad sé cion is a' chreach a cheapadh. “Ní ghlacfa mé a'n dadaidh,” ars eisean, “acht cuid d' 'ach aon rud dá bhfuighe tú fhéin.” 8. Ar a dteacht a bhaile dóbhtha bhuail tart mór Ó Baoighill agus shiubhail fé go tiugh an méid a bhí i n-a chorp, agus fuaidh sé isteach i dteach agus d'iarr sé deoch. Fuair sé sgála bainne annsin. D'ól sé uilig é agus ní thug sé dadaidh do'n fhear bheag ar chor ar bith. 9. Fuaidh siad 'na bhaile agus agus ní fhuireochadh an fear beag aige ní b'fhuide. “A' dtiocfa tú ar ais a choidhche aríst?” arsa Ó Baoighill. “Ní thiocfa mé ar ais,” ars' eisean, “go dtí Lá Thaidhg na dTadhgann.” 10. Sin go díreach an méid adubhairt sé agus ní thainic sé ar ais ní ba mhó. Sin a dheireadh ó n-a bhun go dtí n-a bhárr. XXI. AN MHAIGHDEAN MHARA. 1. Fear a bhí ann aon uair amháin. Nuair a bhí sé 'na bhuachaill óg, bhí sé chois na fairrge. Casadh an cailín seo air a dtugthaoi an mhaighdean mhara uirthí, agus thug sé leis í. 2. Bhí brat aicí-se agus fuair a' buachaill óg greim air, agus bhí an cailín leis annsin. 3. Pósadh an lánamhain annsin. Ní'l a' bhliadhain, 'fhad is bhí sí aige, nach gcuirfead sé an brat i n-áit úr 'ach uile bhliadhain. 4. A' fóghmhar seo bhí duine de na páistíbh amuigh ag coimeád air 'á chur i gcruaich an arbhair. D'innis an páiste annsin do'n mháthair an lá a bhí an fear ar shiubhal go bhfaca sé a dheádha ag cur rud an-deas i gcruaich an arbhair. 5. Nuair a chualaidh an mháthair sin, chuaidh sí amach agus leag sí an chruach agus fuair sí an brat, agus d'imthigh sí annsin, agus, nuair a thainic an fear ar ais, ní rabh an bhean le fágháil, agus rinne sé an t-amhrán seo annsin le buaidhreadh:— 6. Shiubhail mé an domhan 's ní fios damh go bhfaca mé A samhailt ná a cosamhlacht i gcásaibh, Acht an mhaighdean mhara bhí ar láimh le bannadh, Agus bhí sí ag síor-ghealladh grádh' damh; A dís-bhéal tanaidhe chuir smúid ar fhearaibh, 'S budh deirge í 'ná'n rós i ngárrdhaidh, 'S nár chumhartha liom d'anál ná na hubhlaí folláin 'S iad a bheith i dtaisgidh le ráithe ann? 7. Is deirge í 'ná'n chorcaighe, a dís-bhéal 's a leaca — 'Sí is deise 'ná a bhfaca mé dhe phéarlaíbh; A' méire 's a londubh ag triall fá n-a coinne, Ar a fheabhas is chluinfead sé a táin mhaith; A ciall is a deise 's a méin mhaith eile, 'S ní bréag ar bith a bhfuil mise 'ráidht libh, 'S nach aoibhinn do'n bhunadh a bhí riamh dhod' oileamhain, Ar fheabhas a' chinneamhaint 's bhí 'ndán duit. 8. Is binne liom í 'ná fidil is fliúit 'S iad a bheith 'seinm i bpárlur, Is binne a guth béil 'ná na horgáin 's ná an méit, 'S ná'n chuach ar ghéig sa ghráinsigh; Tá naoi míle eochair i gcuantaibh th'ochta A sgaoilfeadh glais ag gach géibheann, Osna gan sochar ag méadughadh mo dhochair, Tráth smaoitighim ar fhoclaibh dá béal liom. 9. Is doiligh liom trácht ar aicíd a' ghráidh — Is leannán damh é nach sgaoileann — 'S ní'l a'n dhuine 'san áit dá gcluinfeadh mo chás Nach gcuirfeadh 'gosárd mo chaoineadh; Is doiligh damh a' pháirt sin eághradh go bráth Le hainnir na seád nár síolruigheadh. Dá dtógthá do lámh is mé thabhairt ó'n bhás, Dó mhalairt go bráth * 's ní theánfainn. XXII. MÓR NÍ ODHRÁIN. 1. Lá amháin bhí Ó Domhnaill thall annsin ionns an chaisleán (.i. i gcaisleán Dhúin na nGall), agus chuala sé iomrádh ar aois Mhóir Ní Odhráin. Ní chreidfead sé go rabh Mór Ní Odhráin cúig céad bliadhain a dh'aois go dtí go bhfaca sé í. 2. D'imthigh sé siar go rabh sé ag an teach — Teach Mhóir Ní Odhráin — an teach is fuide siar i nÉirinn. Bhí nighean is mac aicí ionns an aois leanbaidhe 'na luighe ar dhá thaobh na teineadh, duine taobh thall, agus duine i bhfus. 3. D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh a máthair. Dubhairt siad-san go rabh sí ionns an pháirc amuigh ag buachailleacht. Chuaidh sé amach 'un na páirce an áit i rabh sí ag buachailleacht. 4. “An tusa Mór Ní Odhráin?” ars' eisean. “Is mé,” ars' ise. “Agus caidé an rud iad so atá taobh istoigh ionns an teach agat ionns an aois leanbaidhe?” “Nighean agus mac,” ars' ise. “Goidé an sgéal duit-se bheith comh hóg gasta agus iad-san comh sean?” 5. “Tá, níor ith mé aon ghreim ariamh go rabh ocras orm; níor ól mé aon dheoch go mbeadh tart orm; níor shuidh mé riamh ag an teinidh gan a bheith 'g obair — mar' bhfághainn obair agam féin, gheobhainn ag fear innteach eile é. Mar' gcreide tú mé,” ars' ise, “bhí mé fiche bliadhain nuair a thainic mé chun an bhaile seo; ní'l aon bhliadhain ó shoin nár mharbh mé mart; chaith mé cnámha isteach ionns an chófhra gach aon uile bhliadhain ó shoin. Mar gcreide tú mé, gabh isteach agus conntais iad. Gabh isteach agus caith amach iad agus conntais isteach ar ais iad, agus go mbarramus tú go bhfuighe tú fíor go leór é.” 6. Chonntais Ó Domhnaill isteach ar ais ionns an chófhra iad. Bhí na cúig céad cnámh ann agus ní rabh dadaidh le deánamh aige annsin — ní rabh faic — acht a theacht 'un an bhaile. XXIII. MURCHADH BEAG AGUS MURCHADH MÓR. 1. Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach a bhuaint sughcraobh aon lá amháin. An méid a bhuain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Bheag le taisgidh. Nuair a bhí an deireadh bainte ag Murchadh Mór, thainic sé dh'ionnsuidhe ar Mhurchadh Bheag fá dhéin an mhéid a bhuain sé. “Ó,” arsa Murchadh Beag, “an méid a fuair mise gur ith mé.” “Maiseadh, má d'ith,” arsa Murchadh Mór, “buailfe mise luach an iomláin ort anois.” 2. Siud dh'ionnsuidhe ar an tslait é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tslat. “Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an tslat, “go bhfágha tú tuagh bhuainfeas mé.” 3. Siud dh'ionnsuidhe ar an tuaigh é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an tuagh. “Tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an tuagh, “go bhfágha tú cloch a líomhfas mé.” 4. Siud dh'ionnsuidhe ar a chloich é.” “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an chloch. “Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an chloch, “go bhfágha tú uisge fhliuchfas mé.” 5. Siud dh'ionnsuidhe ar an uisge é. “Ca bhfuil tú ag dul?” ars an t-uisge. “Uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní racha mise leat,” ars' an t-uisge, “go bhfágha tú fiadh shnámhfas mé.” 6. Siud dh'ionnsuidhe ar an fhiadh é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an fiadh. “Fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an fiadh, “go bhfágha tú gadhar a ruaigfeas mé.” 7. Siud dh'ionnsuidhe ar an ghadhar é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an gadhar. “Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an gadhar, “go bhfágha tú im a chuimeolfas mé do mo chosaibh.” 8. Siud dh'ionnsuidhe ar an im é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an t-im. “Im dho chosaibh gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an t-im, “go bhfágha tú lochóg a sgríobfas mé.” 9. Siud dh'ionnsuidhe ar an lochóig é. “Ca bhfuil tú ag dul?” ars' an lochóg, “Lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an lochóg, “go bhfágha tú cat a ruaigfeas mé.” 10. Siud dh'ionnsuidhe ar an chat é. “Cá bhfuil tú ag dul?” ars' an cat. “Cat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtéidhim-se leat,” ars' an cat, “go bhfágha tú braon bainne ua na buaibh breaca.” 11. Siud dh'ionnsuidhe ar na buaibh é. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na ba. “Ba a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní thabhairfidh sinne aon dheor 'bhainne dhuit,” arsa na ba, “go bhfágha tú sopóg arbhair ua na buailteoiríbh sin thall.” 12. Siud dh'ionnsuidhe ar na buailteoiribh é. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na buailteoirí. “Buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Ní thabhairfidh sinne sopóg arbhair duit,” ars' an buailteoir, “go bhfágha tú bunnóg aráin ua mhnáibh an aráin sin thall.” 13. Siud ar siubhal dh'ionnsuidhe ar mhnáibh an aráin é. “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mná an aráin. “Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do bhuailteoir, buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne dho chat, cat a ruaigfeadh lochóg, lochóg a sgríobfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh shnámhfadh uisge, uisge fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d'ith sé mo chuid sughcraobh aréir.” “Cha dtugann sinne bunnóg aráin duit,” arsa na mná, “go dtuga tú isteach trí chriathar uisge.” 14. Siud amach leis an chriathar é, is ní'l aon dheor dhá dtógfad sé nach dtuitfeadh ar ais. Thainic an fheannóg charrach thart. “Cuir láib leis,” ars' an fheannóg, “cuir clé leis, is bhéarfa tú isteach an t-uisge.” 15. Chuir seisean an láib agus an chlé leis an chriathar agus thug sé isteach na trí chriathar uisge annsin. Thug mná an aráin an bhunnóg aráin dó annsin. Thug sé an bhunnóg aráin do'n bhuailteoir. Thug an buailteoir an tsopóg arbhair dó. Thug seisean an tsopóg arbhair do'n bhoin. Thug an bhó an braon bainne do'n chat. Ruaig an cat an lochóg. Sgríob an lochóg an t-im. Chumail sé an t-im do chosaibh an ghadhair. Ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisge. Fhliuch an t-uisge an chloch. Líomh an chloch an tuagh. Bhuain an tuagh an tslat. Nuair a thainic Murchadh Mór is an tslat leis, bhí Murchadh Beag ar shiubhal. Ní rabh sé le fágháil ag Murchadh Mór, ag teacht dó leis an tslait, ná ní fhaca sé aon amharc air níos mó. Bhí sé ar shiubhal 'un a' bhaile. 16. Chuaidh siad-san an t-áth agus mise an clochán. Báitheadh iad-san is thainic mise. XXIV. COLUM CILLE AGUS AN DUINE BOCHT. 1. Bhí baile talaimh ag Colum Cille. Thainic earrach an-thirim, is bhí mórán fear aige ag cur uisge ar an arbhar a bhí dá chur aige, ar eagla go dtriomóchad sé barraidheacht. 2. Bhí an cailín an-ghnaitheach ag deánamh aráin le n-a mbricfasta thabhairt do na fearaibh. Thainic duine bocht isteach agus d'iarr sé déirce. Thug sise cnap de'n taosg dó agus d'iarr sí air féin arán a dheánamh de. Chaith sé i lár na teineadh é — teine mhór a bhí ann — agus chuaidh sé amach ar an dorus. 3. Nuair a thionntuigh an cailín thart, hainic sí tom geabhair ag fás i lár na teineadh ar an taosg. Leis sin thainic Colum Cille isteach agus d'fhiafruig sé de'n chailín cá dteachaidh an duine bocht. Dubhairt sise gur thionntuigh sé cóirneál an tighe. Chuaidh Colum Cille 'na dhiaidh agus thionntuigh an duine bocht thart. Dubhairt sé le Colum Cille: “Nach dtug mé do sháith dhuit? 4. “Thug,” arsa Colum Cille, “acht ní thug tú croidhe damh le n-a caitheamh.” “Seadh,” ars' an duine bocht, “a fhad is bheas grian ar an aer ní rachaidh fial go hifrionn.” XXV. AN PLÉIS AM. 1. Fear a bhí ann fad ó shoin a rabh Mághnus air. Chaitheadh a bhean a thabhairt air caisleán a dheánamh doí. Nuair a bhí an caisleán deánta, ní rabh an ghnaithe ar dóigh go ndeánfad sé pléis am doí. Annsin, ní rabh a fhios aige goidé an dóigh a ndeánfad sé pléis am. 2. Chuaidh sé amach fá na cloicheacha agus casadh Bilí an Dealáin air. Thug Bhullaí dó bata buidhe. Arsa Bhullaí: “Abair leis an bhata bhuidhe a chomhairle fhéin a dheánamh.” 3. Chuaidh Mághnus amach annsin agus rug sé greim rubaill ar an tarbh, agus ars' eisean: “A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin.” Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus stróic ar Mhághnus thart fá n-a chaisleán. 4. Reath bean Mhághnuis amach annsin a shábháil Mhághnuis. Rug sí greim ar Mhághnus agus ghreamuigh sí do Mhághnus. “A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,” arsa Mághnus. 5. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis thart fá n-a chaisleán. 6. Bhí táilliúr istoigh. Sgairt bean Mhághnuis amach ar an táilliúr go sábháilfead sé í. Fuair an táilliúr greim ar bhean Mhághnuis, agus bhí sé greamuiste do bhean Mhághnuis. Arsa Mághnus: “A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin.” 7. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh, stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis, is stróic ar an táilliúr. Bhí an bata buidhe ag bualadh thart fá'n chaisleán ó'n darna stróic. 8. Bhí buachaill eile ag glanadh na sráide. “Guidhim thú,” arsa bean Mhághnuis, “tabhair lámh chuidighthe damh.” 9. Thóg an buachaill an tsluasad agus tharraing sé uirthi. Bhí an tsluasad lán clábair, agus bhí sé ag brath ar a fágháil réidhtighthe, agus leag sé an tsluasad uirthi, agus ghreamuigh an tsluasad doí, agus ghreamuigh dhá láimh an bhuachalla do'n tsluasaid. “A bhata bhuidhe,” arsa Mághnus, “deán do chomhairle fhéin.” 10. Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh, stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis, stróic ar an táilliúr, agus stróic ar fhear na sluaisde gur chuir sé an t-iomlán thart timcheall fá'n chaisleán go dtí go rabh bean Mhághnuis tuirseach de'n phléis am, gur iarr sí ar Mhághnus stad de'n phléis am, agus sgairt Mághnus annsin ar Bhullaí an Dealáin agus bheir Bhullaí an Dealáin ar an bhata bhuidhe, agus thug sé stróic thart fá dtaobh díobh, agus bhí an t-iomlán réidhtighthe. XXVI. GOLL AGUS AN CRANN TOCHAIRDTHE. 1. Bhí Fionn mhac Cumhaill agus a chuid fear ag imtheacht a sheilg fríd na sléibhte agus d'fhan Goll ar deireadh le heagla roimhe na muca fiadhain'. Bhí 'fhios aige go dtuitfead sé le muc fhiadhain dhá fhad da rithfead sé. 2. D'fhan sé iongantach fada an lá seo i ndéidh a' chuid eile do na fir, agus thainic triúr do chailleacha pisreoga orru, agus crann tochardtaí acú ag tochairt iarnaí i n-aghaidh na sreithe agus shuidh siad síos ar na cairrgeacha a' deanamh iongantais do'n obair a bhí ar na cailleachaibh, agus níor mhoithigh siad ná go rabh siad uili-go-léir ceangailtí greamuistí ar na carrgeacha, agus annsin hainic siad Goll ag teacht agus bhí an crann tochairdte ghíoctha acú agus smaoitigh siad nár bh'fhiú dóbhtha a chrann tochairdtí a chur suas ar ais mar mhaithe le fear amháin, agus go dtiubhrad siad troid dó. 3. Thoisigh an triúr ar Gholl annsin le n-a gcuid cloidhmhtheacha agus smaoitigh sé annsin gur dhona an rud dó mar mhaithe le triúr cailleacha go bhfuighead siad buaidh air. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus tharrainn sé a chloidheamh agus ghearr sé beirt acú trasna. 4. Chaith a' bhean eile í fhéin ar a glúin agus d'iarr sí air gan a marbhadh, agus go sgaoilfead sí an chuid eile. Thoisigh sí dá sgaoileadh annsin, agus nuair a bhí siad uilig sgaoilte acht beirt — acht Conán Maol agus fear amháin eile — nuair a fuair Conán sgaoilte tharrainn sé an cloidheamh dá thaobh, agus bhain sé an cionn doí. 5. Bhí fear amháin annsin gan sgaoileadh acú, agus rug siad thall agus i bhfos air. Tharrainn siad leobhtha é agus d'fhág siad iomlán dá chuid croicinn agus feol i bhfastódh ar na cairrgeacha. XXVII. CÚCHULAINN AGUS CONNLA (CONLAOCH). 1. Bádhbha Ní Chailitín agus a nighean a' bheirt budh mheasa bhí ar a' domhan, agus ní phósfad sí fear ar bith acht a' fear a bhéarfadh coisceim thaire an ált agus thuitead siad síos agus mhuirbhfidhe iad. 2. Chualaidh Cúchulainn iomrádh uirthí annsin, agus chuaidh sé a dh'amharc uirthí, agus thug seisean coisceim trasna ar an ált — thiocfadh leis dhul ar eiteoig ionns an aodhar le pisreogaíbh. 3. Annsin, b'éigin doí é phósadh, agus pósadh iad, agus ní rabh sé aicí acht a trí nó ceathair a laethe (de laethibh) ná go dtug sí iarraidh é chur 'un báis, agus ní fhuireochad sé aicí ní b'fhuide, agus annsin, nuair a bhí sé ag imtheacht, d'fhág sé fáinne aicí agus chuir sé a dh'fhiachaibh uirthí, 'á mbeith mac aicí, nuair a bheidheadh a mhéar i n-innmhe an fáinne a líonadh, é chur a bhaile 'anns’air, agus, annsin, chuir sí fá gheas an mac nach dtiocfadh leis a innse cé é fhéin, ag dúil go muirbhfead sé an t-athair agus go bhfuighead sí an mac le pósadh. 4. Nuair a thainic sé annsin an áit i rabh Fionn mhac Cumhaill agus a chuid fear, níor aithin duine ar bith é ó bhí sé 'na strainsearaidhe. Ní rabh fear ar bith ag Fionn mhac Cumhaill a bhí ábalta féachadh leis, bhí sé i n-a fhear comh milltineach sin. D'órduigh Finn mhac Cumhaill teachtaire glic a chur fá dhéin na Con. 5. D'aithin sé gurab é a athair a bhí ag teacht nuair a chuala sé iomrádh ar a' Choin. Thainic a' t-athair annsin agus thoisigh sé fhéin agus a mhac ag troid le dhá chloidhmhe Chaithead sé a chloidheamh ar gach taobh dá athair agus níor fhéach sé riamh baint leis, agus annsin, nuair nach dtainic leis an athair talamh ar bith a dheanamh de, stop sé annsin, agus sgaoil sé an Ga Builg (.i. ga nimhe) leis a' mhac as ladhar a choise. Cúchulainn 'sé sgaoileadh an Ga Builg as ladhar a choise. 6. Nuair a bhí sé ag tuitim dubhairt sé le n-a athair: “Leig damh tuitim ar m'aghaidh; Aidmhighim * gur tú m'athair, Le heagla go gcuirfeadh fir Éireann in mo dháil Go mbéidhinn ag teitheamh as teangmháil. Is mise Connla caoin-mhac na Con, Oidhre dílis Chuan Dealbh; Is mé an rún a d'fhágadar i mbruinn, An fhíorsgoith is tú d'fheoghluim. A Chúchulainn chliste, a bheárn bhriste gach gábha, Seo an méar a bhfuil an fáinne. 7. “Is truagh sin, a Chonnla chaoin (ars' an t-athair), Ádhbhar a' ríogh bhí gan locht; Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh, Sol mar dhearg mé ar do chaoin-chorp. Dhá mbéidhinn-se agus mo Chonnla caoin, Taobh ar thaobh ag imirt chleas, Fir Éireann ó thuinn go tuinn, Gur liom-sa agus le Connla badh treis. A' talamh ar mharbh' mé ann mo mhac, Nár fhásaidh air féar ná gort; Nár bheirthí ann bó, laogh ná lacht, Bean, nighean ná mac. A' lámh a mharbh (mo mhac), Nár chaithidh sí cloch ná caol-bhrat, Agus an t-athair a mharbh a mhac, Go bhfághaidh a chrádh agus a ghéar-loit. M'óch, is mór mo mhire, Agus mé 'tarraint suas go Mogh Gine, Cionn mo mhic in mo láimh, Agus a airm agus éideadh ionns a' láimh eile.” XXVIII. LAOIDH NA CEARDCHA. I. Lá dhúinn ar Luachair leabhair, Do cheathrar cródha de'n bhuidhin, Mé féin is Osgar is Daolghus; Bhí Fionn féin ann, 's b'é mac Cumhaill. II. Go bhfacamar chugainn ins an ród An t-óglach mór 's é ar éan-chois, 'Na chochall dubh cíordubh croicinn, 'Na ionar lachtna mar éideadh. III. Ba ghruamach cosmhaileas an óglaigh; Ba ghránna sin 's ba duaichnidh, Le n-a chlogad ceann-mhór céatach, Le n-a mhaoil éidigh d'fhás gruaidh-dhearg. IV. Aon chos amháin a bhí as a thóin Is é ag tomhas na móna chugainn; Aon súil amháin i gclár a éadain Is é ag féachaint ar mhac Cumhaill. V. Lon: Go mbeannuighe an Rí is na déithe Do do dhéidh-se, a Fhinn mhic Cumhaill. Fionn: Go mbeannuighthear duit-se mar an gcéadna, A shúil fhéata nach n-aithnighim. VI. Dó labhair ris Fionn Mac Cumhaill, Mar dhuine bhéadh ag dul seachad, Cáit, a ghobha, a bhfuil do thuineadh, A fhir úd na gcochall croicinn? VII. Lon: Lon mac Líomhtha m'ainm baistthe; Bheirim buaidh freastail gach ceardcha. Is mé lúth ghoibhne an domhain Ag Rígh Lochlann ins an mBeirbhe. VIII. Cádhbha mhór Ní Mhorcáin — Ba mhaith an mháthair chloinn' í — Rug sí mé i n-éinfheacht, Mé féin is mo leitheid eile. IX. Fionn: Truagh nach dtainic ceo nimhe Is ceo acaise ar an talamh, A mhuirbhfeadh í, arsa Mac Cumhaill, Sol a rugadh riamh do shamhail. X. Lon: Cuirim-se sibh-se fá gheasaibh, Ó's lucht sibh atá ag freastal arma, Mur' rabh sibh agam i mbuidhin ochtair Ag naoi ndorsaibh mo cheardcha. XI. Fionn: Cá an ball a bhfuil do cheardcha, Nó an fearrde sinne a faicsin? Lon: Atchífir í, má's éigean, Acht má fhéadaim-se, cha n-fhaicir. XII. Sin nuair chuadar 'na siubhal Thar Chúigeadh Mumhan ó Luimnigh, Is thar Ghleannán buidhe Beithe Go ndeacha siad 'na gceithre buidhnibh. XIII. Ba bhuidhean díobh sin an gobha; Ba bhuidhean eile dhíobh Daolghus; Bhí Fionn 'nar ndéidh an uair-sin Is beagán d'uaislibh na Féinne. XIV. Cha dtugadh an gobha acht aon-chéim Thar gach gleannán cíordubh fásaig Is ní fheiceamais acht ar éigin Cearb dá éideadh thar a mhásaibh. XV. Leigimid uilig i n-ar reathaibh, Go crích Lochlann le rása, Is ag árdughadh dúinn ag Ceis Chorainn, Léim Daolghus air 'sna sálaibh. XVI. Cé sheas orm ins na sálaibh? Ars' an gobha gránna éidigh. Mise sheas ins an tsáil ort; Beir as duit, arsa Daolghus. XVII. Ag díriughadh ar Urlár an Choire. Ag téarnamh ar Bhealach na bhFaobhar. Fosgail, fosgail, ars' an gobha, Ná druid romham, arsa Daolghus. XVIII. Lon: Chá bheitheá i ndorus mo cheardcha I n-áit teann, 's mé im' aonar. Daolghus: Dar an láimh sin ort, a ádhbhair goibhne, Ní racha tú i gceardcha id' aonar. XIX. Lon: Tugamaid luach a n-astair D'fhearaibh calma na Fódla; Déantar dóibh arm fíochrach — Sleagh dhíreach na naoi n-órdlach. XX. Fuaras annsin builg dá séideadh; Fuaras ar éigin ceardcha; Fuaras ceathrar goibhne ríogh Bheirbhe De dhaoinibh doirbhe mí-dhealbhcha. XXI. Bhí seacht lámha ar gach gobha; Seacht dteanchaire bhí leabhair éadtrom; 'S na seacht n-uird a bhí ag bualadh; 'S ba luaithe do fhreagradh Daolghus. XXII. Daolghus, fear faire na ceardcha, Sgéala dearbhtha gur throid iad, Gur ba deirge 'ná gual na darach A shnuadh de thoradh na hoibre. XXIII. Do labhair fear de na goibhnibh Go gríomach is go gruamach: Cé an caol-fhear cruaidh gan time Do shínfeadh amach tinne cruadhach? XXIV. Do labhair Fionn a bhí 'na sheasamh, Fear ba mhaith freagairt san uair-sin: Cha bhíonn an cheist sin gan sgaoileadh — Bhí Daolghus air gus an uair-seo. XXV. Do labhair Conn mac Baoisgne, Fear sgaoilte gach ceiste saoghail: Cé feárr ainm dá mbéidh air feasta Ná Caoilte gasta bheith ar Dhaolghus? XXVI. Annsin do labhair Fionn Ua Baoisgne Fear sgaoilte gach cáis, dá chruaidhe: Go mairidh tú t'ainm, a Chaoilte: Cha bhíonn Daolghus ort ó'n uair-seo. XXVII. Mura séididh siad na builg, Arsa Conán 's é ag an dorus, 'S an t-iarann a chongbháil ar dóigh duit, Téidh de'n órd ortha sa chloigeann. XXVIII. Fuaras annsin 'na síneadh Na cloidhimhte líomhtha daithte, 'S an cóimhlíonadh a bhí ar a dhéanamh D'armaibh déanta na faithche. XXIX Fuair sinn annsin ar n-ocht gcloidhimhte, D'armaibh bhí díreach daithte. Trí cloidhimhte eile 'na bhfochair, Fead agus Faoidh agus Fasoal. XXX. B'í an Drithleannach lann Osgair, 'S b'í an Chruaidh Chosgrach lann Chaoilte; Mac an Luin ag mac Cumhaill Nár fhág fuidheall d'fheoil daoine. XXXI. 'S agam féin bhí Ceard na nGalann, Dob' árd faram i n-am na ngarbh-chath, 'S an Líomhánach a bhí ag Diarmuid — Is iomdha lá riamh a dearbhadh. XXXII. B'aerach sinn an dara máireach I gceardcha Luin mhic Líomhtha, Go mbudh mhaith ár n-ocht gcloidhimhte 'S ár n-ocht sleagha righne fíor-ghlan', XXXIII. Gur ghabh sinne fá shiubhal A ghabháil sgéala de rígh Lochlann; Sin nuair labhair an rí uasal, Le neart suairce mar budh chubhaidh: XXXIV. Cha dtugamaid ar bhur n-eagal Sgéala de sheisear d'ár gcathaibh; Gur thógamar na sleagha, 'S gurab ar aghaidh na mbratach. XXXV. Bhí siad-san 'n-a seacht gcathaibh, 'S char smaointigh flaith ar teicheadh, Acht ar lár na faithche finne Cha rabh sinne ann acht seisear. XXXVI. Ba dís díobh sin mise 's Caoilte; Ba triúr díobh Faolán fealltach; Ba cheathrar díobh Fionn ar thoiseach, 'S ba chúigear díobh an tOsgar calma XXXVII. Ba sheisear Goll mac Mórna Nár fhulaing táir rem' chuimhne — Sguirfidh mé anois dá n-áireamh Ó chuaidh an Fhiann go sodradh. XXXVIII. Ba mhaith mé lá na Teamhrach, I gceardcha Luin mhic Líomhtha; Anocht is anbhfann mo cháil I n-éis a bheith 'g áireamh na buidhne, XXXIX. Ó nach maireann deagh-mhac Cumhaill, Cos shiubhail na mór-chéim doireach, Bheith ar lán an duirn de'n arán, Ag tarraing na gcalán uisge. XXIX. AN FILE AGUS AN SAGART. 1. Bhí fear ann i bhfad ó shoin agus rinn sé ceól agus cé'r bith rud a chuir sé ionnsa cheól, níor thaitin sé le sagart na paráisde, agus bhí sé lé é choinnealbháthadh Domhnach amháin. 2. Bhí an fear ag teacht 'un aifrinn, agus, nuair a thainic sé 'un doruis toighe an phobail, 1 bhí an sagart 'na sheasamh annsin agus ní leigfead sé isteach é. 1 Faoi ghramadaigh ina áit seo: “'uin a' dorus teach a' phobail.” 3. Antoine a bhí ar a' tsagart. Thionntuigh an fear thart, agus rinn sé an cheathramha seo dó: 4. Cé gur milis do bhriathra, is ciachardha druidte do dhórn — Má's go flaitheas théid fial, an n-iarrfá thusa bheith leó? 1 Na heasbail a fuair pian níor iarr siad caraid ná stór; 'S má fhághann Antoine Dia, is gan chiall 2 a bhí Peadar is Pól. 5. Thug an sagart annsin isteach é ar eagla go ndéanfadh sé níos mó. XXX. LAOIDH NA SEALG'. I. Lá dá rabh Fianna Finn I nAlmhain úir na bhfleadh séimh Ag imirt íte agus ag ól, Ag cluinstin ceóil 's ag pronnadh séad. II. Dhar éirigh Fionn na bhflaith Amach ar an fhaithch' as Almhuin úir, Ná go bhfaca sé chuige ionnsa ród An eilid óg ar léim lúth. 1 “Má théidheann féile go flaitheas, badh chóir nach n-iarrthá thusa bheith leó,” mar canadh é. 2 “Gan chéill” do canadh annso, mar deirtear go coitchionn i gCúigeadh Uladh. III. Do ghoir sé ar Sgeoluinn 's ar Bhran, 'S do leig sé fead orra ar aon; A gainfhios do chách dá rabh ionns an ól Gur lean sé 'sa tóir an eilid mhaol IV. Ar árdughadh dó ionnsa tsliabh Agus Fionn i ndiaidh a dhá chon, Níor b'fhios dó soir ná siar Cá dteachaidh an fiadh 'sa chnoc. V. Seal dó mar sin ionnsa chnoc Agus é faoi thocht i bpéin, Ná go gcuala sé ag gol go beacht An bhean ar bhruach Locha Léin. VI. Do bhí a gruaidhe mar na rósaíbh; Bhí a beoil ar dhath na gcaor; Bhí a cnis mar a' bhláth, 'S a leaca bhán ar dhath an aoil. VII. Ar dhath an óir a bhí a folt 'S mar réalt oighre a rosg a bhí — A Phádraic, dá bhfeictheá a dreach, Bhéarthá do shearc do'n mhnaoi. VIII. Dhruid Fionn ag iarraidh sgéala Ar mhnaoi shéimh na gcuach chinn óir, Agus d'fhiafruigh sé dá gnúis ghloin, A' bhfaca tú mo dhá choin 'sa tóir? IX. An Bhean: Ann do sheilg ní rabh mo spéis, Agus ní fhaca mé do dhá choin; A rígh na Féinne gan táir, Is measa liom fath mo ghoil. X. Fionn: An é do chéile fuair bás, D'inghean bhláithghil ná do mhac, Ná goidé an fáth a bhfuil tú 'caoi, A ainnir chaoin is binne dreach? XI. Cha n-é mo chéile fuair bás, Mo inghean bhláithghil ná mo mhac; Is measa liom an fáth fá' bhfuil mé 'caoi, A rígh na bhFiann, cé 'tchím tocht. XII. A' fáinne óir a bhí fá mo ghlaic, Ar a ráidhte inghean na mbas réidh, Tuitim do mo láimh ionnsa streabh — Sin agad-sa an fáth fá' bhfuilim i bpéin XIII. Geasa adha nár fhuiling laoch Cuirfe mé ort, a rígh na bhFiann, Mur' dtuga tú m'fháinne caoin ar ais A thuit le hais na streabha ndian. XIV. Níor fhuiling Fionn cur na ngeas Ná go dtug sé nochtadh dá chnios ghléighil, Ná go dteacha sé ar bhruach an locha a shnámh I bfortháil mná na bhfolt réidh. XV. Chuartuigh sé an loch faoi chúig, 'S níor fhág sé inntí clúid na cearn, Do'n fháinne caoin, go bhfuair sé, A sgar le rígh-bhean na ngruadh dhearg. XVI. Ar fhágháil an fháinne dó, Níor sroigheadh leis a theacht go bruach, Ná go dtearnadh sean-fhear críon liath Do rígh na bhFiann, mo sgéal truagh. XVII. Annsin a d'éirigh Chaoilte imeasg cáich, Is d'fhiafruigh sé do ghuth árd do gach fear, Cá dteachaidh mac Cumhaill fhéil, Rí Féinne na gcolg sean? XVIII. Annsin a labhair Conán Maol, Ní chualaidh riamh sgéal níos aoibhne; Má tá Fionn ar iarraidh, Go rabh i mbliadhna, a Chaoilte! XIX. Má tá Fionn ar iarraidh uaid, A Chaoilte chruaidh na gcos caol, Tógaim chugam as láimh As cionn cáich a bheith 'mo rígh. XX. Annsin a bhámair-ne go dubhach fann, Fá chionn ár slóigh a bheith dár ndídeac; Maoidhtear linne gion gáire, Cé ba dúinne b'ádhbhar caointe. XXI. Do ghluais muid uilig as Almhuin amach, Do bhuidhin chalma na gcath cruadh, Ar lorg a dhá chon agus Fionn, Triúr linne a bhéarfadh an bhuaidh. XXII. Siolladh beag dhá dtugamair-ne uainn I ndiaidh gach ruaig dhá dtug an Fhiann Go bhfaca muid faoi bhrón A' seanfhear mór agus é liath. XXIII. Dhruid muid uilig i n-a dháil, Agus a chuirfeadh gráin ar gach fear, Na cnámha loma bhí críon Ar ceileadh a ngnaoi 's a ngean. XXIV. D'fhiafruigh Caoilte de'n fhear chaoin, A' bhfaca tú an laoch ionnsa ngoil, Iad roime ar a' tseol, Eilid óg agus dá choin? XXV. Annsin a dhruid Conán aniar, Agus nocht a cholg go drian; Mhalluigh sé Fionn go beacht Agus mhalluigh sé faoi thocht an Fhiann. XXVI. Conán: Dá mbéadh 'fhios agam gur tú Fhionn, Bhainfinn a' cionn sin ort díot, Nuair is tú nár leig seach fá thriath, Mo gholaidh riamh ná mo ghníomh. XXVII. Osgar: Mur'b é an riocht i bhfuil Fionn, Agus gur cubharthaí liom é bheith mar tá, A Chonáin mhaoil gan chéill, Bhrisfinn do bhéal go cnámh. XXVIII. Conán; Maise, dealuigh do ghlórthaí banda, Ná ní caint a dhearbhuigheas acht gníomh; Gabham amach as measg cáich, Go bhféachamaid ar lámh 's ar bhfíoch. XXIX. Annsin a thug Osgar a' sítheadh priob, Agus rith Conán imeasg cáich, Agus d'iarr sé cuidiughadh ar an Fhéinn Fuasgladh dó fhéin ó'n bhás. XXX. Chruinnigh muid uilig i n-a dháil A chosgadh Osgair na n-arm n-áigh Eadar mo mhac agus Conán Maol Gur ceangladh síoth agus dáil. XXXI. Annsin a d'fhiafruigh Caoilte an darna feacht Do mhac Cumhaill ba chruaidh colg, Cia acú do bhriathraibh Dé-bhith, A mhill do ghné ná do chruth? XXXII. Inghean Chuillinn, a' trághaid dhreach, Geasa 'mo chionn a chuir sí, A dhul faoi bhruach a' locha a shnámh A dh'iarraidh an fháinne a sgar dí. XXXIII. Conán: Nár thigeamar-ne slán ó'n chnoc, Ar a ráidhte Conán, gur mhaith mé, Go n-íocaidh Cuilleann gan mhoill Mur gcuiridh Fionn i n-a chruit fhéin. XXXIV. Do chruinnigh muid anois agus aniar, Agus do chuire muid sonn sgiath faoi go deas, Go Sliabh gCuillinn ó thuaidh Go dtug muid Fionn ar ghualannacha fear. XXXV. Ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá Ag tochailt na sidhe gan tlás Ná gur éirigh chugainne go beacht Cuilleann amach as an uaigh. XXXVI. A' corn fleasgach agus é lán, Is é bhí i Láimh Chuillinn chóir, Agus do Fhionn fhéin (a thug sí deoch) Gur shoirbhigh sé an t-osgar óir. XXXVII. Ar ól deoch dó as a' chórn, Agus é 'na shuidhe ar fód go fann, D'éirigh sé 'na riocht fhéin 's 'na ghné Rí na bhFiann agus na n-each seang. Is minic do thriall chum cláir; Is gann le cáirdibh a' lón; Diabhal 'fhios agam-sa gá bhfuil do bhéal, Acht gur'b in do lár atá dó thón. Is mór do chuirm (nó d'ainm) as cionn cláir, 'S is 'measg cháigh is geárr do lón: Ní'l 'fhios agam gá dteachaidh do lán, Mur' in do lár atá do thón. XVII. DOMHNALL Ó GALLCHOBHAIR. XIX. SEACHTMHAIN AR GCÚL. XXI. AN MHAIGHDEAN MHARA. XXIV. Colum Cille agus an duine bocht. 'Sé dubhairt Colum Cille liom go hifrionn go bráth nach dtéid fial. XXV. AN PLÉIS AM. XXVI. GOLL AGUS AN CRANN TOCHAIRDTHE. XXVII. CÚCHULAINN AGUS CONNLA (CONLAOCH). XXVIII. LAOIDH NA CEARDCHA. XXX. LAOIDH NA SEALG. P. 114, XXIII.: Nár thigeamar-ne is a dialectic error, due to the local confusion of -mar and -maid: it should be nár thigeamaid-ne. FUIREANN AN LEABHAIR SEO. LUCHT FAGHÁLA NA SGÉAL. An tEagarthóir: Iad ar fad acht munab é sgéal a XIII. amháin. Séamus Ó Searcaigh: Sgéal a XIII. DÚTHAIGH AGUS LUCHT INNISTE NA SGÉAL. Proinnsias Tomás, as Eadarghabhail, i n-aice Locha hIasg, i gcomhursanacht Dhúin na nGall: I. Séamus Ó Braonáin, as comhursanacht pharáiste Árda-ar-ráith: Sgéal a II. Aodh Ó Dubhagáin, as an Bhealltaine, i n-aice Ghort an Choirce, i gCloich Chionnfhaolaidh: Sgéal a III. Éamonn óg Mhac an Ghoill, as Gleann Gheis, i n-aice Árda-ar-ráith: An chuid is mó de sgéal a IV., sgéal a XVII., agus bunudhas sgéil a XVIII. Pádraig Ó Sléibhín, as Eadarghabhail, i n-aice locha hIasg, i gcomhursanacht Dhúin na nGall: Cuid de sgéal a IV., sgéalta a XIX., a XXVI., a XXVII., cuid de sgéal a XXVIII. agus a XXX. Máire Ní Dhuinnín, as paráiste na Gleanntach: Sgéalta a V. agus a XXIX. Seaghán Ó Cinnéidigh, as na Gleanntaighibh: Sgéal a VI. Seaghán Mag Éantaigh, as Ailt, i gceanntar Árda-ar-raith: Sgéalta a VII. agus a IX. Máthair Mhic Pháidín, maighistir an phosta i nGort an Choirce, i gCloich Chóinnfhaolaidh: Sgéal a VIII. Éamonn Ó Sleibhín, as Eadarghabhail, i n-aice Locha hIasg: Sgéalta a X. agus a XII. Pádraig Ó Gallchobhair dlightheoir i nDún na nGall agus crann seasta na Cúise sa bhaile sin: Sgéal a XI. Sgéalaidhe éigin d'innis i nGort an Choirce, i gCloich Chionnfhaolaidh, i dtuaisceart Thíre Conaill: Sgéal a XIII. Pádraig Ó Beirn, i Mín na Gualainne, i nGleann Fhinne: Sgéalta a XIV., a XV., a XVI., agus a XXV. Brighid Ní Bhaoighill, as paráisde na nGleanntach: Sgéalta a XX., a XXII., agus a XXIII. Eoin Mhac an Luain as Cró Mhín na Neanntán ar an tsliabh atá idir Dhún na nGall agus na Gleanntaighe: Sgéal a XXI. Anna Nic Pháidin, as Sealbhaigh, i n-aice na Carrge i dTír Chonall: Sgéal a XX. (cuidhín de). Mac Uí Ghallchobhair, i dTamhnaigh an tSalainn (bhíodh sé 'na mhaighistir sgoile): Sgéal a XXIV. Fuarthas sgéal a XVIII. ó mhórán daoine, a bhunudhas ó Éamonn óg Mhac an Ghoill; a dheireadh ó Chormac Ó Cinnéidigh, píobaire. TUILLEADH TAGARTHA. IV. CÁIN MHIC ÉNRÍ. L. 45, 2: Mo chadágh bán: Mo chóta bán (P. Ó Sléibhín). Sgáil: sgáile (É. óg Mhac an Ghoill). I dteach na cuirme ní fhághaim fáilte (P. Ó Sléibhin). L. 46, 4: Mo mhallacht go bráth ar a' tsoitheach ghránna ghainn (P. Ó Sléibhin). Seo mar a bhí an rann sin ag Éamonn óg Mhac an Ghoill: Brón ort, a chopáin ghránna ghainn, 'S nár budh lugha leis a' bhloc láimhe Nár chuir a lán eile hann. L. 46, 5: do thorann: do tharmán (= thormán) (P. Ó Sléibhín). Atá: a bhí (É. óg Mhac an Ghoill). L. 46, 6: Thainiceas air annsin, &rl.: Chonnacas (hainiceas) adharc air (an adharc aige) annsin agus tugadh air an t-uisge beatha 'ól as an adharc (É. óg Mhac an Ghoill). L. 47, 8: Chaith mé trí lá faoi Chlár gan fhiafraighe (É. óg Mhac an Ghoill). Mo chúl le lár le cáin Mhic Énrí (an fear céadna). Seo mar thárla na rannta ag an mbeirt: Rann I: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín; Rann II: É. óg Mhac an Ghoill; Rann III: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín; Rann IV: É. óg Mhac an Ghoill, P. Ó Sléibhín; Rann V: É. óg Mhac an Ghoill; Rann VI: P. Ó Sléibhín; Rann VII: P. Ó Sléibhín; Rann VIII: É. óg Mhac an Ghoill; | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4076 |
4,100 | Cú na gCleas agus Scéalta Eile | Nic Néill, Íde / Ó Searcaigh, Séamus a chruinnigh | — | Nic Néill, Íde (Bail.) / Ó Searcaigh, Sé | 1915 | 20 | prose | Dundalgan Press | 22,804 | 2,916 | SEÁN AMAIDHEACH Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ina chomhnuidhe ag a mháthair. Ní rabh cleachtadh aige a dhath oibre a dheanamh. Bhí a mháthair iongantach bocht agus cha rabh a dhath aici le hithe. Dubhairt sé le n-a mháthair maidin amháin go rabh sé ag gabháil a dh'obair agus go mbéadh siad siadhbhir go fóil. "Seán a bhí ar an ghasúr seo. Chuaidh sé a dh'obair an lá sin. Ins an tráthnóna fuair sé pighinn; thug sé leis ina láimh í agus chaill sé í. "D'innis sé do n-a mháthair goidé d'éirigh dó; agus dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an phighinn a chur ina phóca. Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin feasta. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé pigín bainne; agus chuir sé an pigín ina phóca agus dhóirt sé é. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an pigín a thabhairt leis ar a chionn agus greim a choinneáil air le n-a dhá láimh. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé sin an dara lá. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé cat; agus chuir sé suas ar a chionn é. Sgríob agus stróc an cat é agus bhí an fhuil ag rith ina shúilibh. 'Seo an rud a d'iarr mo mhathair orm a dheanamh," ar seisean. "Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, bhí sé uilig stróctha ag an chat. Dubhairt a mháthair gur cheart dó córda a chur ar an chat agus é a tharraingt ina dhiaidh. Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin an dara huair. "An dara lá bhí sé ag obair ag búisteoir; agus thug an búisteoir giota mór feola dó. Chuir sé córda ar an fheoil, agus tharraing ina dhiaidh í. "Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, d'innis sé do n-a mháthair go rabh feoil leis chuici. Bhí lúthgháir mhór ar a mháthair nuair a chuala sí go rabh feoil leis, mar b'fhada roimhe ó d'ith sí a dhath feola. Acht bhí an fheoil comh salach sin gurbh' éigean dí a caitheamh ar shiubhal. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an fheoil a chur ar a dhruim. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé sin an dara huair. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé asal agus chuir sé ar a dhruim í. "Seo an rud a d'iarr mo mháthair orm a dheanamh," ar seisean. "Bhí sé ag gabháil thart ag pálás an Ríogh. Bhí nighean ag an Rígh agus bhí sí bodhar ó rugadh í. Bhí sí le biseach a fhagháil nuair a bhainfeadh duine ar bith gáire aisti. Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneoig nuair a chonnaic sí Seán agus an asal ar a dhruim leis. Thoisigh sí a gháiridhe. Fuair sí biseach nuair a fuair sí a gáire. "Bhí lúthgháir mhór ar an Rígh nuair a fuair a nighean biseach. Sgairt sé ar Sheán agus thug sé ór agus airgead dó. Agus pósadh Seán ar nighin an Ríogh; agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach." SCÉAL CHLAUID Bhí Claud ar fastódh ag maighistir ar fead sheacht mbliadhan. Maidin amháin dubhairt sé le n-a mhaighistir: "A mhaighistir, tá mé ag gabháil 'un a' bhaile agus badh mhaith liom dá dtabhairfeá mo chuid airgid damh. Caithfidh mé ghabháil 'un a' bhaile go bhfeice mé mo mháthair; agus tabhair damh mo chuid airgid uilig, agus fágfaidh mé slán agat, má 'sé do thoil é." "Chuaidh an maighistir isteach san tseomra agus thug sé amach mála mór de phighneachaibh is de leithphighneachaibh agus thug sé do Chlaud é. "D'fhág Claud slán ag a mhaighistir agus d'imthigh leis ag tarraingt ar thoigh a mháthara. Bhí giota fada aige le ghabháil, agus bhí an mála iongantach trom. Nuair a chuaidh sé giota, casadh fear air ag marcaidheacht ar bheathadhach. "Ó, 'arsa sé, "is maith duit-se, tá dóigh bhreagh ort ar dhruim beathadhaigh, chan ionann sin agus mise a chaithfeas an mála mór airgid seo a iomchar 'un a' bhaile chuig mo mháthair. Is deas an rud beathadhach le taoibh mála mor airgid." "ÓÍ," ars'n fear, 'tabhair damh-sa an t-airgead agus bheirfidh mé an beathadhach duit.' "'Anois,' arsa Claud, "tá an mála seo trom agus béidh tú sáruighthe leis, agus má bhíonn, bheirfidh mé ar ais duit do bheathadhach - chan orm-sa bhéas an locht." 'Glacfaidh mé an mála cibé ar bith," arsa'n fear. "Thug sé an mála dó; agus chuaidh Claud a mharcaidheacht ar an bheathadhach. 'An bhfuil sé suaimhneach?' arsa Claud. 'Tá sé comh suaimhneach leis an mheadhon-oidhche agus ritheann sí mar bhéadh gearr-fhiadh ann,' arsa'n fear. "D'fhág siad slán ag a chéile agus d'imthigh siad leobhtha. "Bhí Claud ag cur an bheathadhaigh ina rith ar feadh tamaill bhig, acht fa dheireadh thainic fearg air leis agus bhauil sé a dhá sháil isteach 'sna cosaibh air. Le sin thóg an beathadhach a chuid cos i n-áirde agus chaith sé Claud isteach ar chúl an chlaidhe. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh tamaill agus cha dtiocfadh leis bogadh. "'Ó,' arsa Claud, 'chan fheiceann aonduine mise ar a dhruim go bráth aríst. Dá mbadh duine ar bith eile bhéadh ann thuitfeadh sé marbh, acht bhí an t-ádh orm-sa riamh.' D'éirigh se suas fa dheireadh agus chuaidh i ndiaidh an bheathadhaigh. "Bhí fear ag teacht ar an bhealach mhór le bó agus bheir sé greim ar an bheathadhach. Agus nuair a thainic Claud a fhad leis, thoisigh sé a dh'innse dó goidé mar fuair sé an beathadhach agus mar thug sé a chuid airgid uilig air. 'Nár mhaith damh,' ar seisean, 'dá mbéadh bó agam i n-ait an bheathadhaigh seo. Chaith sé dá dhruim mé agus cha dtéighim air go bráth aríst. Nár dheas an rud bó. Thiocfadh leat a tiomáint romhat agus, nuair a bhéadh tart ort, thiocfadh leat braon bainne a bhaint dí agus é a ól.' 'Bheirfidh mise an bhó duit ar an bheathadhach,' arsa'n fear. 'Dar ndóigh,' arsa Claud, 'is fearr an bhó 'ná an beathadhach; agus béidh tusa ró-mhaith damh-sa má bheir tú damh an bhó ar an beathadhach.' 'Bheirfidh,' arsa'n fear; 'agus gheanfaidh mé gur duit-se agus glacfaidh mé an droch-bheathadhach. 'Maith go leor,' arsa Claud, 'tabhair leat an beathadhach; is cuma liom-sa fa dtaobh de.' "Thug sé an beathadhach don fhear, agus thug siad dhá chúl a gcinn dá chéile. "Thug Claud leis an bhó ar ghiota rópa. Bhí sí ag siubhal ina dhiaidh go rabh an tráthnóna ann agus Claud iongantach sáruighthe. Fa dheireadh bhuail tart mór é. "Smaointigh sé gur ghreannmhar é sin, agus tart air, agus bó leis a rabh go leor bainne aici. Le sin cheangail sé an bhó de chrann a bhí ina aice. Chrom sé síos ar a dhá ghlúin. Chuir sé a bhéal isteach faoi an bhó agus chuaidh sé a blighe. Le sin thóg an bhó a cos agus bhuail sí a sean-chic air agus leag ar an bhealach mhór é. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh tamaill. Sa deireadh d'éirigh sé suas agus thug leis an bhó giota eile. "Casadh fear air a raibh muc leis, agus thoisigh sé gur innis sé an sgéal dó ó n-a thús go dtí n-a dheireadh; agus dubhairt sé leis an fhear gur dheas an rud muc i n-áit bó. 'Tá dúil mhór agam i muicfheoil,' ar seisean, 'agus thiocfadh liom fhéin is le mo mháthair féasta breagh a dheanamh uirthi.' Dubhairt an fear leis gur sean bhó ón díle a bhí leis agus gurbh' fhearr dó an mhuc. 'Ó,' arsa Claud, 'bhí na daoine eile go maith damh, acht tá tusa níos fearr 'ná an t-iomlán aca.' Thug sé dó an mhuc ar an bhó. Chuaidh sé a mharcaidheacht ar an mhuic agus leag an mhuc é. "Charbh' fhada chuaidh sé gur casadh fear air agus gé leis. D'innis sé don fhear gur leag an mhuc é. Arsa fear na gé: 'Is fearr duit an mhuc a thabhairt damh-sa ar an ghé seo.' 'Ó,' arsa Claud' 'bhí na daoine eile go maith damh, acht tusa is fearr aca. 'Ar ndóigh is fearr an ghé 'ná an mhuc. Béidh lúthgháir ar mo mháthair nuair a gheobhas sí giota den ghé seo le hithe. Seo dhuit an mhuc agus tabhair damh-sa an ghé.' 'Maith go leor,' arsa'n fear, 'glacfaidh mé an mhuc uait.' "Thug Claud leis an ghé. Agus charbh' fhada chuaidh sé gur casadh fear air a rabh dhá chloich mhóra leis agus é ag cur faobhair ar rásúir leo. "Thainic Claud a fhad leis. Chuir an fear ceist air cá bhfuair sé an ghé dheas a bhí leis. D'innis Claud dó ó thús go deireadh mar tharla dó. 'Ó,' arsa'n fear, 'ná bí ag tiomáint na gé sin; níl maith ar bith innti. Is fearr í a thabhairt damh-sa agus bheirfidh mé an dá chloich mhóra seo dhuit uirthi. Rinne mise mo shaidhbhreas ar an dá chloich mhóra seo ag cur faobhair ar na rásúir seo. Is minic a ghnínn céad punta sa lá. Is fearr duit-se iad a thabhairt leat, agus b'fhéidir go ndeanfá do shaidhbhreas fosta.' "Thug Claud leis an dá chloich mhóra agus d'iomchar sé iad giota fada. "Tráthnóna nuair bhí sé ag éirghe mall, bhí ocras agus tart air. Thainic sé a fhad le sruthán. Chrom sé síos a dh'ól dighe. Thuit an dá chloich mhóra isteach sa tsruthán. "D'éirigh sé suas, i ndiaidh bheith tamall ag amharc ar na clochaibh sa tsruthán, agus d'imthigh leis ag tarrraingt ar a mháthair. Bhí sé mall nuair a thainic sé a fhad le n-a mháthair agus bhí ocras mór air. "Nuair a thainic sé isteach, bhí lúthgháir mhór ar a mháthair roimhe. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus dubhairt sí leis murab é go dtainic sé go gcuirfidhe amach as an teach lá ar n-a bhárach í, mar gheall ar nach rabh airgead aici leis an chíos a dhíol. 'Agus,' ar sise, 'bhí siad ag gabháil 'mo chur amach indé acht dubhairt mise leobhtha go rabh mo mhac ag teacht i mbárach agus go mbéadh airgead go leor leis a dhíolfadh an cíos. 'Agus, a Chlauid, a mhic,' ar sise, is maith liom go dtainic tú.' 'Acht, a mháthair," arsa Claud, 'éist liom tamall beag agus innseochaidh mé duit an t-ádh a bhí orm.' "Thoisigh sé a dh'innse don mháthair goidé mar thug sé an t-airgead ar an chapall agus an capall ar an bhó agus an bhó ar an mhuic agus an mhuc ar an ghé agus an ghé ar and dá chloich mhóra. "Nuair a chuala an mháthair nach rabh airgead ar bith leis, chuir sí suas a naprún ar a cuid súl agus thoisigh sí a chaoineadh agus sgairt sí amach: 'A Chlauid amaidigh, a Chlauid amaidigh, cuirfear amach sinn, a rún, ar maidin i mbárach?'" AN BUIDEÁL DRAOIDHEACHTA "San am a rabh na daoine maithe nó na daoine beaga gnaitheach i nÉirinn bhí sgológ ina chomhnuidhe i nAlbain. Micheál a bhí air. Bhí trí acra talaimh aige. Bhí a bhean agus a chuid páistí le coinneáil suas aige. Mollaí a bhí ar an mhnaoi; agus bhí triúr páistí ann. Bhíodh Micheál ag obair ar an talamh, agus bhíodh Mollaí ag iomchar ime agus uibheacha 'un an mhargaidh. "Bhí siad bocht is cha rabh airgead aca bliadhain amháin leis an chíos a dhíol. "'Goidé gheanfamuid, a Mhollaí? arsa Micheál.' 'Goidé gheanfamuid, a mhuirnín,' arsa sise, 'acht an bhó sin a thabhairt leat go haonach Chorcaighe agus í a dhíol. Dia Luain an t-aonach agus caithfidh tú imtheacht i mbárach n-ainm an Ríogh.' "Bhí go maith go dtainic a dó dhéag a chlog lá ar n-a bhárach nuair a thug Micheál leis an bhó go haonach Chorcaighe. B'éigean dó ghabháil fríd na sléibhtibh agus fríd na cnuic. "Smaointigh sé gur áit uaigneach é. Chuala sé glór ina dhiaidh. D'amharc sé thart agus chonnaic sé fear beag. 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil,' arsa'n fear beag. "Maidin mhaith dhuit fhéin,' arsa Micheál. Fear beag greannmhar a bhí ann. Bhí gruag bhán air agus súile dearga. Bhí eagla ar Mhicheál roimhe. "'Cá bhfuil tú ag gabháil leis an bhó?' arsa'n fear beag. 'Go haonach Chorcaighe,' arsa Micheál. 'An bhfuil tú ag gabháil dhá díol?' arsa'n fear beag. 'Goidé eile bhéinn ag gahbáil a dheanamh léithe acht ag gabháil dhá díol!' arsa Micheál. "An ndíolfaidh tú liom-sa í?' arsa'n fear beag. "D'amharc Micheál air. Bhí iongantas air. D'amharc sé air agus leoga cha dtiocfadh leis stad de gháiridhe. 'Féadann tú gáire a dheanamh,' arsa'n fear beag 'acht innseochaidh mé duit gur fearr dhuit an buideál a ghlacadh agus an bhó a thabhairt damh-sa,' arsa'n fear beag. 'An bhfuil tú ag deanamh,' arsa Micheál, 'go nglacfainn do bhuideál ar mo bhó, agus buideál folamh fosta!' 'Innsim dhuit,' arsa'n fear beag, 'gur fearr an buideál 'ná an bhó. B'fhéidir go bhfuigheadh do bhó bás sul a mbéitheá ag aonach Chorcaighe, nó b'fhéidir go dtiocfadh gaduidhe ort is go ngoidfeadh sé do chuir airgid,' arsa'n fear beag. 'Go sabhála an Rí mé ar a leithéid theacht orm!' arsa Micheál. "Leis an sgéal fhada a dheanamh goirid, ghlac Micheál an buideál; agus d'iarr an fear beag air nuair a thoicfadh sé 'un a' bhaile dá mbéadh corruighe ar Mhollaí leis gur chuma dó, é fhéin a choinneáil go suaimhneach agus innse dí comh maith is thiocfadh leis fa'n bhuideál; 'agus abair léithe an seomra a sguabadh agus tábla a chur amach i lár an toighe agus éadach geal a chur air agus an buideál a fhágáil ar an tábla agus a rádh leis an bhuideál: "A bhuideáil, dean do ghnaithe."' 'An é sin a bhfuil agam le rádh?' arsa Micheál. 'Sin uilig é,' arsa'n fear beag. 'Slán agat, a Mhicheáil. Tá tú 'do fhear shaidhbhir anois.' 'Slán agat féin,' arsa Micheál. "D'imthigh Micheál leis. Thainic sé trasna na sléibhte agus tharraing sé ar an bhaile. Chonnaic sé Mollaí amuigh agus chuir sí a sean-sgairt aisti: 'A Mhicheáil goidé an dóigh a bhfuil tú ar ais comh gasta - cinnte cha rabh tú ar an aonach agus sa bhaile aríst? Ghoidé d'éirigh duit? Cá bhfuil an bhó? Cá mhéad a fuair tú uirthi? Cé cheannuigh í? Cé rinne an margadh? An bhfuil sgéal nua agat? Innis damh 'ach a'n rud fa dtaobh de?' 'Gabh 'un toighe, a Mhollaí, agus inniseochaidh mé duit comh maith is thig liom. Ní thig liom innse duit cá bhfuil an bhó. Chan fhuil a fhios agam fhéin.' 'Ar dhíol tú í?' arsa Mollaí. 'Cá bhfuil an t-airgead, agus goidé an seort buideáil é sin atchím i do phóca?' 'Seo,' arsa Micheál ag tarraingt amach an bhuideáil, 'seo an rud a fuair mé ar an bhó.' "D'amharc Mollaí air agus bhí fearg mhór uirthi leis. Thoisigh sé a dh'innse do Mhollaí chomh maith is thiocfadh leis. "D'éirigh Mollaí fa dheireadh agus chuaidh suas 'un an tseomra. Chuir sí tábla amach i lár an toighe. Chuir sí éadach geal air agus chuir sí an buideál ar an tabhla agus sgairt sí amach: "A bhuideáil, dean do ghnaithe. 'Agus thainic dhá ógánach amach as an bhuideál agus thoisigh siad a chumhdach an tábla le plátaibh óir agus airgid gur fhág siad an tábla uilig cumhdaighthe le gach uile rud deas. "Bhí lúthgháir mhór ar Mhollaí nuair a chonnaic sí an rud a bhí ach ar son an bhuideáil. 'A Mhicheáil,' ar sise, 'suidhmid síos agus ithimid ar sáith. Badh cheart duit ocras a bheith ort i ndiaidh a leithéid de lá oibre.' "Shuid siad síos agus d'ith siad a sáith. "'Tá iongantas orm,' arsa Mollaí, an gcuirfidh an dá ógánach seo ar siubhal na plátaí seo.' Acht char chorruigh siad iad. Chuir Mollaí i dtaisgidh iad, agus thug Micheál leis iad lá ar n-a bhárach go dtí an baile mór agus dhíol sé iad. Fuair sé mórán airgid ortha. Cheannuigh sé beathadhach agus carr agus eallach. "Bhí iongantas ar gach uile dhuine goidé mar fuair Micheál an t-airgead. Chuala an tighearna talaimh fhéin fa dtaobh de, agus chuir sé ceist ar Mhicheál goidé mar fuair sé an t-airgead. D'innis Micheál dó fan bhuideál, agus dubhairt an tighearna leis dá dtabhairfeadh sé an buideál dó-san go dtabhairfeadh sé a chuid talaimh saor dó a choidhche. "Thug Micheál an buideál dó go hamaideach; agus thoisigh a chuid saidhbhris ag imtheacht go dtainic an lá nach rabh aige acht bó amháin. 'Tabhair leat an bhó seo go haonach Chorcaighe,' arsa Mollaí, 'agus b'fhéidir go gcasfaidhe an fear beag ort agus go bhfuightheá buideál eile.' "D'imthigh Micheál leis trasna na sléibhte an casán a dteachaidh sé an chéad uair a bhfuair sé an buideál. Bhí súil aige go gcasfaidhe an fear beag air. Nuair a chuaidh sé giota, chuala sé an fear beag ag sgairtigh leis: 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil. Bhí a fhios agam go mbéitheá 'd'fhear shaidhbhir.' 'Bhí a fhios agam fhéin sin,' arsa Micheál. 'An bhfuil buideál eile agat? Má tá, seo dhuit an bhó agus tabhair damh é.' "Thug an fear beag an buideál dó, agus d'imthigh Micheál leis. 'Tá a fhios agat fhéin goidé gheanfas tú leis?' arsa'n fear beag ag sgairtigh 'na dhiaidh. 'Tá a fhios agam, leoga,' arsa Micheál. 'Slán agat go deo, a Mhicheáil,' arsa'n fear beag annsin. "Thainic Micheál 'un a' bhaile; agus nuair a bhí sé fa ghiota den teach, connaic sé Mollaí amuigh agus chuir sí a sean sgairt aisti: 'A Mhicheáil, an bhfuair tú an buideál?' 'Fuair,' arsa Micheál. "Rith sí isteach agus bhí gach uile rud réidh aici nuair a thainic Micheál. Chuir sí an buideál ar an tábla agus sgairt sí amach: A bhuideáil, dean do ghnaithe.' "Thainic dhá ógánach amach as an bhuideál, agus bataí móra leobhtha, agus thoisigh siad ar Mhollaí gur bhuail siad a sáith uirthi. Thoisigh siad ar Mhicheál annsin agus ar na páistibh go dtearn siad leath-mharbhadh ortha. Chuaidh siad isteach san bhuideál annsin agus na bataí móra leobhtha. "D'éirigh Micheál agus chuir sé an buideál faoi n-a chóta agus chuaidh sé a fhad leis an tighearna talaimh. "Thainic an tighearna amach agus chuir sé ceist ar Mhicheál goidé bhí a dhíoghbháil air. 'Níl a dhath a dhíoghbháil orm,' arsa Micheál, 'acht buideál eile atá liom.' 'Ó,' arsa'n tighearna, 'an bhfuil sé comh maith leis an chéad bhuideál?' 'Tá,' arsa Micheál, 'agus i bhfad níos fearr; agus má tá dúil agat, teisbeánóchaidh mé sin duit roimhe do chuiD uaisle.' 'Maith thú!' arsa'n tighearna. 'Tá daoine uaisle istoigh ins an tseomra seo agus badh mhaith liom teisbeánadh dóbhtha an mhaith atá ins an bhuideál seo. Tar liom-sa isteach agus 'tchífimid an mhaith atá ins an bhuideál seo 'tá leat.' "Chuaidh Micheál isteach san tseomra, agus d'fhág sé an buideál ar an tábla agus sgairt sé amach: 'A bhuideáil, dean do ghnaithe.' "Thainic dhá ógánach bheaga amach, agus bataí leobhtha, agus thoisigh siad ar an tighearna talaimh agus ar na daoinibh uaisle leis na bataibh gur bhuail siad a sáith ortha. "'Stop iad seo,' arsa'n tighearna. 'Cha stopaim-sa a choidhche iad,' arsa Micheál, 'go bhfuighe mé an buideál atchím ins an bhoCSa sin.' Tabhair amach chuige é,' arsa'n tighearna, 'sul a rabhmuid uilig marbh aca.' "Thug na searbhfhoghantuidhthe an buideál do Mhicheál agus d'imthigh sé leis. "Thoisigh sé dh'éirghe saidhbhir aríst: agus choinnigh sé an buideál go cúramach go dtí fa dheireadh go bhfuair Mollaí bás leis an aois agus bhí searbhfhoghantgidhthe aca ag cur gach roda ina áit fhéin. Bheir siad greim ar an dá bhuideál agus bhuail siad ceann aca i n-éadan an chinn eile agus bhris siad iad." AN BHEAN GHLAS "Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór thalaimh aige agus bhí an fhairrge ag teacht uirthi. Rinne an fear ba shine de na mic badhbhdhún leis an fhairrge a choinneáil amuigh. Lá ar n-a bhárach an leithead a bhí deanta aige bhí sé leagtha 'un talaimh. "Dubhairt an dara fear go ndeanfadh seisean é. Rinne sé é ar ais. Lá ar n-a bhárach bhí sé leagtha go talamh aríst. "Dubhairt an fear a b'óige go ndeanfadh seasean anois é; agus sul a dtearn sé é rinne sé teach beag thíos ag a thaoibh. Shuidh sé go maidin 'gha choimheád agus deic cárdaí aige. Shuidh sé ag imirt leis fhéin. "Cá rabh i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag teacht isteach agus an bhean deas ina suidhe ar a deireadh. "Thainic sí isteach chuige. D'fhiafruigh sé dí an n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh. "D'imir siad cupla cluiche gan geallta. Dubhairt sí leis go n-imreochadh siad anois cluiche le gealltaibh. An té a bhainfeadh an cluiche go gcaithfeadh an duine eile a chuartú roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé an ceann. "D'imir siad an cluiche agus bhain an Bhean Ghlas é. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í a chuartú roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé a cheann; agus d'imthigh sí ar ais 'un an bháid chaoil dhuibh. "Nuair a bhí lá agus bliadhain ag tarraingt air, d'iarr sé ar a mháthair lón beag aráin a dheanamh dó; agus rinne. "D'imthigh sé leis a chuartú na Mná Glaise. Nuair a bhí neoin agus deireadh lae ann, chonnaic sé solas beag i bhfad uadh agus i neas dó; agus tharraing sé air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe nach rabh áit aige dó. Acht fa dheireadh choinnigh sé é. "D'innis an buachaill d' fhear an toighe goidé thug ar shiubhal é; agus dubhairt seisean leis go rabh dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d'áit agus bheith aige oidhche ar n-a bhárach. "Nuair d'éirigh fear an toighe ar maidin, bhí an buachaill ina shuidhe comh luath leis. Shéid sé fídeog. Cha rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe aige i gcionn bomaite acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "Shiubhail sé leis an lá sin; agus nuair a bhí neoin agus deireadh an lae ann, chonnaic sé solas i bhfad uadh agus i neas dó; agus tharraing sé ar an teach bheag. Bhí bun cleite amach ann agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe nach rabh aon áit dó. Dubhairt an buachaill leis go raibh sé ag a dhearbhráthair aréir. Annsin bhí míle fáilte aige roimhe "D'éirigh an fear ar maidin, agus bhí an buachaill ina shuidhe comh luath leis. Chuaidh sé amach agus shéid an fhídeog. Cá rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "D'innis fear an toighe dó go rabh dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d'áit agus bheith aige oidhche ar n-a bhárach; agus, mura bhfuigheadh an Bhean Ghlas, gan amharc ina diaidh lá bán ná oidhche a fhad is bhéadh sé beo. "Shiubhail sé an lá sin go rabh neoin agus deireadh an lae ann. Chonnaic sé an solas i bhfad uadh agus i neas dó. Tharraing sé air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Cuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe leis nach rabh áit aige dó. D'innis an buachaill dó go rabh sé ag a dhearbhráthair eile arthú aréir. Bhí míle fáilte aige roimhe annsin. D'innis sé dó goidé bhí sé a chuartú. "D'éirigh fear an toighe ar maidin, agus bhí an buachaill ina shuide comh luath leis. Nuair a chuaidh sé amach, shéid sé an fhídeog. Chá rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "Nuair a bhí sé ag imtheacht, chuir fear an toighe sluasaid agus madadh beag leis. D'iarr sé air siubhal i ndiaidh an mhadaidh agus an áit a seasóchadh an madadh tochailt. "Sheasuigh an madadh ar mhéile gainimh. Thochail sé ann; agus phill an madadh 'un a' bhaile. "Chuaidh sé síos an bealach mór ba deise a chonnaic sé ariamh. Shiubhail sé leis air go dteachaidh sé go dtí an teach mór. Bhí an Bhean Ghlas ann agus í ag cur lásaí síoda le fuinneogaibh. Thainic sí anuas agus chuir sí céad míle fáilte roimhe. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sí é a fholach anocht ar eagla go muirbhfeadh an fathach mór é. Chuir sí ina sheasamh é i gcúl an dorais. "Nuair a thainic an fathach mór isteach, dubhairt sé: 'Mothuighim boladh Éireannaigh bhréagaigh annseo anocht.' Dubhairt sise go rabh buachaill ann d'fhostuigh sí nuair a bhí sí i nÉirinn mar bhí barraidheacht aici le deanamh. Dubhairt seisean léithe gurab í an bhean is amaidighe a chonnaic sé ariamh í. "Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta. Dubhairt sé leis an bhuachaill go rabh bóitheach amuigh annsin nár cartuigheadh a'n phreab le seacht mbliadhnaibh as, agus mura mbéadh sé glan aige teacht 'un a' bhaile dó-san go gcaillfeadh sé a cheann. "D'imthigh an fathach a sheilg. "Chuaidh an buachaill amach; agus nuair a chaitheadh sé aon phreab amach thiocfadh dhá phreib isteach. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach leis an dinneár, dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. D'iarr sise air theacht chuig a dhinneár; agus thainic sé fa dheireadh. "A fhad is bhí seisean ag deanamh a dhinneára tharraing sí sluasaid bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Thoisigh sí a chartú an bhóithigh; agus nuair a bhí a dhinneár deanta aige, bhí an bóitheach cartuighthe aici. D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a d'fhiafróchadh sé de an dtearn sé an gnaithe sin, a rádh go dtearn. "Rinne seisean mar hiarradh air. 'Maise is tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh,' arsa'n fathach. "Lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta; agus dubhairt sé leis go rabh coillidh thiar annsin nár gearradh aon chrann istoigh innti le seacht mbliadhnaibh, agus mura mbéadh an choillidh leagtha 'un talaimh aige teacht 'un a' bhaile dó-san go gcaillfeadh sé an ceann. Agus d'imthigh an fathach. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár, cha rabh leagtha aige acht an dá chrann ba lugha sa choillidh. "D'iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill theacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. Acht fa dheireadh thainic sé. "Tharraing sise annsin tuagh bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Bhuail sí buille thall agus buille i bhfos. Nuair a bhí a dhinneár deanta aige, bhí an coillidh leagtha aici. "D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a d'fhiafróchadh an fathach an dtearn sé an gnaithe sin, a rádh leis go dtearn. "Rinne seisean sin; agus dubhairt an fathach: 'Is tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh.' "D'éirigh an fathach lá ar n-a bhárach agus d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe comh luath leis; agus dubhairt sé leis go rabh sgioból aige nach dteachaidh a'n tuighe air le seacht mbliadhnaibh, agus go gcaithfeadh sé tuighe bheith aige air teacht 'un a' bhaile dó-san le cleiteachaibh ach a'n éin san aer agus gan dhá chleite bhaint as éan amháin. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár, cha rabh marbh aige acht an broinndearg agus an dreolán. "D'iarr sí air theacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. Sa deireadh thainic sé chuig a dhinneár. "Shéid an Bhean Ghlas fídeog; agus nuair a bhí an dinneár deanta aige, bhí an tuighe ar an sgioból le cleite as 'ach a'n éan ar an aer. "Bhí an tráthnóna fliuch ina dhiaidh sin; agus bhí sé ag spairteoracht thart roimhe an fhathach mhór. D'fhiafruigh an fathach, nuair a thainic sé, an dtearn sé an gnaithe sin; agus dubhairt seisean go dtearn. Dubhairt an fathach leis annsin: "Is tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh." "Chuaidh an fathach isteach 'un toighe annsin agus d'fhiafruigh sé den Mhnaoi Ghlais cad chuige an rabh an bhraitlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sí leis gur shíl sí gurab é sin an áit a rabh a chroidhe ann agus go bhfliuchfaidhe a chroidhe. "Dubhairt sé léithe narbh' é sin an áit a rabh a chroidhe ann, acht san chrann a bhí ag fás os coinne an doruis. Go rabh reithe istoigh i gcroidhe an chrainn agus lacha istoigh i gcroidhe an reithe agus uibh istoigh i gcroidhe na lachan agus croidhe an fhathaigh istoigh san uibh. Cha rabh an fathach le marbhadh go muirbhfidhe a chroidhe. "Nuair a fuair siad an fathach ar shiubhal, ghearr siad an crann agus mharbh siad an reithe. Nuair a d'fhosgail siad é, d'imthigh an lacha ar eiteoig agus sgaoil siad léithe. "Bhain siad an uibh as an lachain agus d'imthigh siad. Thug siad leobhtha an méid saidhbhris a thainic leobhtha. Thug siad leobhtha coileach óir agus cearc airgid agus trí graíníní cruithneachta agus d'imthigh siad leo san bhád chaol dhubh. "Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal, d'iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill amharc ina dhiaidh. D'amharc; agus chonnaic sé cnapán ceo ag teacht. "Fa chionn tamaill d'iarr sí air amharc ina dhiaidh aríst. Chonnaic sé cnapán teineadh ag teacht. Thug sí an uibh don bhuachaill. D'iarr sí air a cnagadh faoi chích dheis an fhathaigh. Chnag; agus thuit an fathach san fhairrge. "Thainic an Bhean Ghlas agus an buachaill isteach san áit a dtearn seisean an badhbhdhún ann. "D'fhág sí slán aige annsin agus d'iarr sí air, nuair a thoicfadh sé 'un toighe, gan póg a thabhairt d'aonduine; dá dtabhairfeadh nach smaointeachadh sé uirthi-se lá bán ná oidhche a fhad is bhéadh sé beo. "Bhí míle fáilte roimhe sa bhaile. Cha dtug sé póg d'aonduine. Ach nuair a bhí sé ina shuidhe ar a shuaimhneas a chois na teineadh, goidé rinne cú a bhí fríd an teach acht léim a thabhairt suas air agus póg a thabhairt dó. Rinne sé dearmad ar an Mhnaoi Ghlais; agus roimhe i bhfad bhí sé ag gabháil dhá phósadh ar chailín ar an bhaile. "Bhí tobar i n-aice an toighe agus bhí crann ag taoibh an tobair. Thainic an Bhean Ghlas agus chuaidh sí suas ar an chrann. Nuair a chuaidh deirbhshiúr na brighdeoige amach fa choinne uisge, d'amharc sí ins an tobar. Chonnaic sí sgáile na mná uaisle galánta agus shíl sí gurab é a sgáile féin é. Bhris sí na stópaí ionnus nach gcuirfidhe amach aríst í fa choinne uisge. "Chuir siad deirbhshiúr eile amach agus rinne sí an rud céadna. "Chuaidh Cailleach na gCearc amach annsin, agus smaointigh sise nach rabh sí comh dóigheamhail leis an sgáile a bhí sa tobar. D'amharc sí suas ins an chrann agus chonnaic sí an bhean ghalánta ina suidhe ann. Thainic sí anuas a chaint léithe. D'fhiafruigh sí dí an dtabhairfeadh sí an coileach óir agus an chearc airgid isteach chuig an tábla a rabh an lánamhain óg ina suidhe aige. Dubhairt sí go dtabhairfeadh. D'iarr sí uirthi gráinín amháin den cruithneachta a chaitheamh chuca agus, nuair d'íosadh siad é, ceann eile a chaitheamh chuca. "Chaith sí amach an gráinín cruithneachta, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha dtearn tú sin,' arsa'n chearc, 'an lá cuireadh amach thú a chartú an bhoithigh. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, bhí dhá oiread istoigh is bhí amuigh.' "Chaith Cailleach na gCearc gráinín eile chuca, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsan' chearc, 'an lá cuireadh amach thú a ghearradh na coilleadh. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh gearrtha agat acht an crann ba lugha sa choillidh.' "Chaith an Chailleach gráinín eile chuca, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsa'n chearc, 'an lá cuireadh amach thú a chur tuighe ar an sgioból. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh marbh agat acht an broinndearg agus an dreolán.' "Smaointigh sé annsin ar an Mhnaoi Ghlais. Chuaidh sé amach agus thug isteach eadar a dhá láimh í. Pósadh é fhéin agus an Bhean Ghlas; agus choinnigh iad an cailín a rabh sé ina cuideachta choidhche. Rinne siad banais a mhair lá agus bliadhain, agus charbh' fhearr an chéad lá 'ná an lá deireannach." AN LUCHÓG AGUS AN FHUISEOG "I bhfad ó shoin bhí luchóg istoigh i gcruaich choirce. Lá amháin san earrach bhí sí ag sgiobadh amach an choirce. "Bhí fuiseog ag gabháil thart ar eiteoig. Cha rabh a dhath le fagháil aici le hithe. D'iarr sí ar an luchóig coirce a sgiobadh amach dí a fhad is mhairfeadh an samhradh, agus nuair a thoicfadh an t-earrach go bhfuigheadh sise a cuid don luchóig. "Nuair a thainic an samhradh, bhí a sáith ag an fhuiseoig agus d'iarr an luchóg beagán uirthi. "Rinne an fhuiseog fead agus dubhairt sí nach rabh áird aici ar an luchóig. Dubhairt an luchóg go gcuirfeadh sí cogadh uirthi. Dubhairt an fhuiseog go rabh sin maith go leor. "Chruinnigh an luchóg na hainmhidhthe cheithre gcos, agus chruinnigh an fhuiseog na héanacha a bhí ar an aer. Bhí siad le cogadh a dheanamh os coinne doras Ríogh Éireann. "Bhí an luchóg trom go leor ag an fhuiseoig go dtainic an tráthnóna. Ba annsin a shéid Rí na hÉireann a fhídeog trí huaire ar an iolar mhór; agus thainic an t-iolar. "'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé an fhídeog an chéad uair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé sa Domhan Thoir,' arsa'n t-iolar. 'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé í an dara huair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé ag tarraingt ort go láidir; agus an tríomhadh huair bhí mé fa ghiota díot.' D'éirigh an t-iolar mór annsin ar eiteoig agus thainic sé anuas ar an ealafant is mó ag an luchóig agus mharbh sé é. "Dubhairt Rí na hÉireann annsin go rabh an cogadh bainte ag an fhuiseoig. "Choinnigh Rí na hÉireann an t-iolar rith thrí seachtmhainí. Mharbh sé bológ 'ach a'n lá dó. Agus i gcoinn na dtrí seachtmhainí dubhairt an t-iolar go rabh sé i n-am aige ghabháil 'un a' bhaile. D'fhiafruigh sé den Rígh an rachadh sé leis. Dubhairt an Rí go rachadh. 'Thabhair ubhla agus áirne leat ar eagla go dtiocfadh tart nó ocras orainn.' "Chuaidh an Rí ar chúl eiteoige an iolair. Nuair a bhí said amuigh i lár na fairrge, dubhairt an t-iolar go rabh sé ag éirghe tuirseach. 'Caith amach an t-ubhla,' arsa'n t-iolar. Chaith sé amach an t-ubhla, agus d'éirigh coillidh ubhlaí. Bhain siad oiread is bhain tart agus ocras díobhtha. Chuaidh sé ar chúl eiteoige an iolair aríst annsin. "Nuair a chuaidh siad píosa fada eile, d'éirigh an t-iolar tuirseach aríst. 'Caith amach an t-áirne annsin.' D'éirigh coillidh áirní. Bhain siad oiread is bhain tart agus ocras díobhtha. "Chuaidh an Rí ar ais ar chúl eiteoige an iolair, agus thug sé leis an Rí go dteachaidh siad a fhad le tír an iolair. 'Téigh suas ins an teach sin thuas,' arsa'n t-iolar 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh agus cupa bán ann.' "Chuaidh sé suas agus d'fhiafruigh sé an rabh cupa dubh agu cupa bán ann. Ní rabh duine ar bith istoigh acht sean-bhean; agus dubhairt sí leis nach rabh cupa dubh ná cupá bán ann. "Chuaidh sé síos chuig an iolar agus d'innis dó goidé dubhairt an tsean-bhean. 'Téigh suas ins an dara teach,' adeir sé, 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh agus cupa bán ann.' "Agus chuaidh an Rí suas a fhad leis an dara teach. Dubhairt bean an toighe nach rabh. 'Acht 'tchím,' adeir sí, 'go dtainic an t-iolar mór 'un a' bhaile.' "'Téigh suas,' arsa'n t-iolar, 'ins an tríomhadh teach; agus mura bhfuighe tú iad annsin, rachaidh mé fhéin ins an ceathramhadh teach.' "Agus chuaidh an Rí chuig an tríomhadh teach; agus fuair mé an cupa dubh agus an cupa bán ins an teach sin. Nuair a thug sé don iolar iad, bhain an t-iolar an clár den chupa dubh, agus d'éirigh cúirt agus caisleán ann. Bhain sé an clár den chupa bhán, agus thainic tábla bídh agus dighe ann. "Bhí an Rí tamall maith aige agus d'éirigh sé tuirseach agus badh mhaith leis ghabháil 'un a' bhaile. 'Tabhair leat an cupa bán agus an cupa dubh,' arsa'n t-iolar. 'Nuair a bhéas do chos ar an tráigh agus ar an tuinn, bain an clár den chupa dhubh agus tiocfaidh long seoltórachta chugat.' "Bhain sé an clár den chupa dhubh sul ar chuir sé cos ar tuinn, agus thainic caisleán i n-áit na luinge. Cha rabh a fhios aige goidé gheanfadh sé annsin. "Thainic fear ruadh isteach chuige ins an chaisleán. 'Bheirfidh mé bealach duit ghabháil go hÉirinn má thugann tú damh an mac is sine agat nuair a bhéas sé dhá bhliadhain déag d'aois.' Dubhairt an Rí go dtabhairfeadh. "Agus thug an fear ruadh long seoltórachta dó le n-a thabhairt go hÉirinn; agus chuaidh an Rí 'un a' bhaile. 'Nuair a bhí an mac a ba sine dhá bhliadhain déag d'aois, thainic an fear ruadh fa n a choinne. Cha rabh a athair sásta é a leigean ar shiubhal; acht dubhairt sé leis go leigfeadh sé an gasúr dá bhfágadh sé é mar bhí sé ar dtús. "Thug sé dó an gasúr agus chuaidh sé leis giota den chasán. D'imthigh an fear ruadh agus an gasúr as amharc. "Nuair a thainic an fear ruadh 'un a' bhaile, dubhairt sé leis an ghasúr go gcaithfeadh sé stábla a ghlanadh amach nár cartuigheadh le seacht mbliadhnaibh, agus snáthad a chaill a mháthair mhór seacht mbliadhna ó shoin ins an stábla a fhagháil dó. "Chuaidh an gasúr amach a chartú an stábla. 'Ach a'n phreab a chaitheadh sé amach thiocfadh ceann eile isteach ina háit. "Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta; agus d'fhiafruigh sí de goidé mar bhí sé ag gabháil ar aghaidh. D'innis sé dí. Thug sí sluasaid amach as faoi a naprún. Chaith sí amach preab amháin. Chuaidh preab i ndiaidh preibe gur glanadh an stábla uilig; agus dubhairt an nighean: 'Nuair a fhiafróchas an fear ruadh duit an dtearn tú sin, abair go dtearn; agus má iarrann sé ort snáithe a chur sa tsnáthaid, dean é.' Agus rinne sé sin. "''Tchím,' arsa'n fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil i mbárach agus baraille gan tóin a líonadh de sháile le gabhal.' "Bhí sé ag líonadh an bharille go dteachaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta. D'fhiafruigh sí de goidé a bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. "Thóg sí deor ar bharr an ghabhail agus líon sí an baraille; agus dubhairt sí nuair a d'fhiafróchadh an fear ruadh de an dtearn sé sin, a rádh go dtearn; agus dá n-iarradh sé air an baraille a thabhairt ar ais dó, a rádh go ndeanfadh. Agus rinne seisean sin. "''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil amach i mbárach agus caisleán a thógáil is fearr bhéas le fagháil. Cleite 'ach a'n éin bheith ina dhíon air; gan bun cleite a bheith amach ná barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin.' "Thug sé leis casúr agus liaghán. Chuir sé ceithre clocha coirneáil. Cha rabh sé ábalta caisleán a thógáil. "Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta. D'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. "Thug sí casúr agus liaghán amach as faoi a naprún, agus d'éirigh an caisleán. "Thainic an fear ruadh amach tráthnóna agus dubhairt sé: 'An dtearn tú sin?' 'Rinne,' arsa mac an Ríogh, 'agus dá n-iarrthá orm teine a chur ann, gheanfainn sin duit.' "''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil amach i mbárach agus nead préacháin a leagan atá cúig mhíle amuigh san fhairrge agus sluasaid a thabhairt leat agus bealach a dheanamh amach go dtí an crann.' "Thug sé leis sluasaid ar maidin. Thoisigh sé ar an bhealach. Bhí an fhairrge ag líonadh siar a fhad is bhí sé ag deanamh an chasáin. "Thainic nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreic feasta; agus d'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. Bhuail sí sluasaid ar an tuinn, agus thainic bealach amach go dtí an crann. "Chá dtiocfadh leis ghabháil suas ins an chrann. Ghearr sise na méara dí agus rinne staighre i n-áirde go barr an chrainn. "Thug sé leis nead an phréacháin. Rinne sé dearmad d'alt an mhéir bhig ag teacht anuas dó. Dubhairt sise go bhfeicfeadh a hathair go rabh alt an mhéir bhig caillte aici. Rinne sí miotóg agus chuir sí ar a láimh í. "'Anois,' arsa'n fear ruadh, "tá mo nighean bainte agat.' 'Is minic a tharla rud níos measa 'ná sin,' arsa mac Ríogh na hÉireann.' "Go gearr ina dhiaidh sin rinne siad réidh le himtheacht go hÉirinn. B'fhearr leis an fhear ruadh iad a mharbhadh ina luighe. "Rinne an bhean óg trí toirtíní. D'fhág sí caint le slait dhraoidheachta ag 'ach a'n toirtín aca. "Ag imtheacht dóbhtha thug siad leobhtha snáthad mhór agus buideál uisge agus trí choileán con. "Nuair a mhusgail an fear ruadh, d'fhiafruigh sé an rabh siad ina luighe. Dubhairt an toirtín a bhí ar an dreisiúr go rabh siad ag nighe a gcos ag taoibh na teineadh. "Tamall beag eile ina dhiaidh sin labhair sí ar ais leobhtha. Dubhairt an toirtín a bhí ag an teinidh go rabh siad ag coigilt na teineadh. "I gcionn tamaill bhig eile labhair sé ar ais leobhtha; agus dubhairt an toirtín a bhí ag an doras go rabh siad ag cur an bholta ar an doras. "Nuair a mhusgail sé arais, ní rabh duine ar bith le freagra a thabhairt air. "Chuir sé an cú ina dhiaidh. Nuair a mhothuigh siad an cú, chaith siad ceann de na coileáin chuici. Nuair a fuair an cú coileán i ndiaidh coileáin go rabh na trí coileáin aici, phill sí 'un a' bhaile agus cha rachadh sí amach ní ba mhó: bhí sí tuirseach. "D'imthigh an fear ruadh agus a bhean ina ndiaidh. Nuair a bhí siad fa ghiota díobhtha, thoisigh an talamh a chrith fútha. Chaith siad uatha an tsnáthad agus d'éirigh coillidh chnó. "Phill an fear ruadh agus a bhean 'un a' bhaile fa choinne tuaighe leis an choillidh a ghearradh. Agus nuair a thainic siad a fhad leobhtha aríst, chaith siad an buideál ina ndiaidh, agus d'éirigh abhainn uisge rompa agus báitheadh an fear ruadh agus a bhean. "Thainic mac Ríogh na hÉireann 'un a' bhaile agus nighean an fhir ruaidh leis. Nuair a bhí siad fa ghiota de theach an Ríogh, dubhairt an bhean óg nach rachadh sise isteach. 'Acht,' arsa sise, 'ná leig do dhuine ar bith póg a thabhairt duit ná cha bhíonn cumhacht agat orm níos mó.' "Nuair a chuaidh sé isteach, cha leigfeadh sé d'aonduine póg a thabhairt dó. Acht d'éirigh madadh beag agus chuir sé suas a theanga ar a bhéal agus char smaointigh sé níos mó uirthi-se. "Annsin d'iarr sé ar mhnaoi a bhí fa ghiota dó a phósadh. "Bhí féasta mór aca sul a bpósfaidhe iad; agus bhí inghean an fhir ruaidh ag an fhéasta. Agus adair sí: 'Badh mhaith liom sgéal a innse. Chan maith liom duine ar bith labhairt a fhad is bhéas mé ag innse an sgéil. An duine labhairfeas caithfidh sé duisín buideál fíona a thabhairt damh-sa.' "Thug sí léithe slat dhraoidheachta. Rinne sí coileach agus cearc. Chaith sí gráinín coirce chuca. Phioc an coileach é. "'Mo bhrón ort, a choiligh an bhuilg mhóir!' arsa'n chearc. 'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá cuireadh amach thú a ghlanadh an stábla agus a bhfuair mé snáthad na mathara móire duit?' "Chaith sí gráinín eile chuca. D'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an baraille de sháile le gabhal?' "Chaith sí grainín eile chuca. D'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an caisleán duit?' "'Is deas é sgéal na mná óige,' arsa'n Rí óg; agus b'éigean dó duisín buideál fíona a thabhairt dí. "Chaith sí gráinín eile chuca; agus d'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat go dtearn má an bealach amach cúig mhíle san fhairrge agus gur bhain mé na méara díom fhéin. D'fhág tú alt mo mhéir bhig 'do dhiaidh;' agus shín sí amach an chrúb. "Dubhairt sí annsin go rabh an sgéal críochnuighthe aici. "Dubhairt an Rí óg go n-inniseochadh seisean sgéal anois. "'Bhí bocsa agam-sa,' ar seisean. Bhí eochair leis an bhocsa a fhosgladh. Chaill mé an eochair. Cheannuigh mé eochair úr. Charbh' fhóirstineach an eochair í. Fuair mé an tsean-eochair ar ais. Cé aca is fearr damh an tsean-eachair a choinneáil 'ná an eochair úr?' 'Is fearr an tsean-eochair,' arsa fear an toighe. 'Sin an rud a chonnaiceas damh fhéin. Ar an adhbhar sin bíodh do nighean fhéin agat-sa agus mo bhean fhéin agam-sa.' "Pósadh é fhéin agus nighean an fhir ruaidh. Chaith siad banais a mhair lá agus bliadhain, agus b'fhearr an lá deireannach 'ná an chéad lá." AN BHAINRÍOGHAN AGUS NA GÉACHA. Bhí rí agus bainríoghan ann aon uair amháin agus bhí gach uile rud aca ar mhian le duine ar bhith a fheiceáil. Bhí meas agus urraim fa n-a gcoinne sa chearn den domhan ina rabh siad. Bhí dha mhac déag aca a bhí iongantach deas. "Acht faraor! bhí rud amháin ag cur bhuadhartha ar an bhainríoghan, 'sé sin nach rabh nighean aici. Bhí sé ag cur bhuadhartha mhóir uirthi agus bheadh sí ag smaointiú air gach uile lá. "Aon lá amháin geimhridh bhí sioc ins an aer agus sneachta ar an talamh. Bhí an bhainríoghan ag amharc amach ar an fhuinneoig agus 'tchí sí préachan ina luighe ar an tsneachta agus a chuid fola thart fa dtaobh de. D'amharc an bhainríoghan agus shíl sí nach bhfaca sí amharc ariamh ba deise 'ná é. Smaointigh sí dá mbéadh nighean aici a mbéadh na trí dathanna uirthi - a cuid gruaige a bheith comh dubh le cleiteachaibh an phréacháin, a pluca a bheith comh dearg le n-a chuid fola, agus a croiceann comh geal leis an tsneachta. 'Bheirfinn mo chuid mac uirthi,' ar sise. 'Is olc an smaointiú é sin,' arsa'n glór i neas dí. "D'amharc sí amach agus 'tchí sí sean-bhean draoidheachta thíos fúithe. 'Gheobhaidh tú do thoil, a bhainríoghan,' ar sise. 'Bliadhain ó indiu béidh nighean óg agat a mbéidh na trí dathanna seo uirthi, acht an lá thiocfas sí 'un an tsaoghail caillfidh tú do dhá mac déag.' "Bhí brón mór ar an bhainríoghan bheith ag gabháil a chailleadh a cuid mac, acht bhí luthgháir mhór uirthi fa'n nighin óig a bhí le bheith aici; agus smaointigh sí ina hintinn fhéin go dtiocfadh léithe a cuid mac a shábháil. "D'iarr sí cead ar an Rígh na mic a chur isteach i gcaisleáin an dúin. Chuir an Rí ceist uirthi goidé rinne na mic contráilte nuair a bhí sí ag brath ar a leithéid de phionnús a chur ortha. Dubhairt an bhainríoghan nach dtearn siad a dhath contráilte, acht go rabh siad ag gabháil faidhain agus gur mhaith léithe iad a chur isteach ins an chaisleán seo go socróchadh siad agus nach mbéadh pionnús ar bith ortha. Go dtabhairfeadh sise a gcuid chuca le n-a láimh fhéin agus go mbéadh maighistir aca le hiad a theagasg. "Thug an Rí an cead dí. Cuireadh isteach iad ins an chaisleán seo. Ní rabh air acht aon fhuinneog amháin, agus bhí an fhuinneog sin i n-áirde ins na sglátaibh. "Bhí siad annsin go cionn bliadhna go rugadh nighean na bainríoghna. Bhí gach uile dhuine ag cruinniú chuig an fhéasta. Chonnaic duine éigin géacha fiadhna ag imtheacht as an chaisleán; agus cé a bhí ionnta acht mic an Ríogh. "D'imthigh siad leobhtha trasna na sléibhte agus ní fhacas iad ní ba mhó. Bhíodh siad fiadhain ina dhiaidh sin ar feadh an lae, agus thiocfadh leobhtha gabháil ina gcosamhlacht fhéin ins an oidhche. Bhí teach beag aca a bhfanadh siad ann san oidhche, agus chaithfeadh siad ghabháil amach ins na sléibhtibh ins an lá. "D'éirigh nighean an Ríogh suas agus bhí spéis mhór ag an bhainríoghan innti. Acht nuair a bhí sí dhá bliadhain déag d'aois, d'fhiafruigh sí dá máthair an rabh dearbhráthair nó deirbhshiúr ar bith aici ariamh. Dubhairt an mháthair go rabh dhá dhearbhráthair déag aici, acht an lá thainic sise ar an tsaoghal gur imthigh siad agus nach bhfacas iad ní ba mhó. "Bhí brón mór ar an ghirrsigh nuair a chuala sí an sgéal aisteach seo; agus dubhairt sí go rachadh sise go bhfeicfeadh sí a cuid dearbhráithreacha. Ní rabh a máthair sásta ar í a leigean; acht leig sí í sa deireadh. "Thug sí léithe bunnóg agus d'imthigh léithe trasna na gcnoc. Shuidh sí síos sa deireadh go dtearn sí a sgíthiste. D'imthigh sí léithe annsin agus charbh 'fhada go dtainic sí a fhad le teach beag a bhí ag taoibh an bhóthair. "Chuaidh sí isteach ann, acht cha rabh duine ar bith ann. Thainic sí amach aríst agus 'tchí sí dhá ghasúr déag ag teacht aníos an garrdhadh. Bhí eagla uirthi ar dtús, nuair a chonnaic sí iad ag teacht ach smaointigh sí gurab iad a cuid dearbhráithreacha fhéin a bhí ann. D'fhan sí ag an doras go dtainic siad aníos. "Agus nuair a thainic siad, bhí siad ag brath ar í a chur 'un báis, ná mhionnuigh siad go gcuirfeadh siad an chéad chailín atchífeadh siad 'un báis. 'Ó, ná marbhaidh mise,' arsa'n cailín. Is mé mar ndeirbhshiúr agus tá mé ag teacht dh'amharc oraibh.' Bhí na gasraidh i gcruadh-chás. Ní rabh a fhios aca goidé a gheanfadh siad. Ní rabh dúil aca an mionna a bhriseadh agus ní rabh dúil aca an deirbhshiúr a chur 'un báis. "'Is fearr mionna a bhriseadh 'ná droch-ghníomh a dheanamh,' arsa glór ag a dtaoibh. "D'amharc siad thart agus 'tchí siad an bhean draoidheachta ina seasamh i neas dóbhtha. D'aithnigh siad í; agus chuir siad ceist uirthi an dtiocfadh leo fagháil réidhtighthe as an draoidheacht a bhí ortha. Dubhairt sise leobhtha go dtiocfadh, agus gurab í a ndeirbhshiúr fhéin a bheirfeadh as an draoidheacht iad, acht go mbéadh sí dhá bhliadhain déag 'gha dtabhairt amach as. Agus nach dtiocfadh léithe labhairt ná gáire a dheanamh ar feadh an ama. Agus go gcaithfeadh sí olann a chruinniú ins na cnuic a gheanfadh léinte dóbhtha; agus go gcaithfeadh sí a cruinniú ins an lá agus a cárdáil ins an oidhche agus a sníomh ins an mheadhon lae. "D'éirigh na gasraidh ar maidin agus d'imthigh leobhtha trasna na gcnoc; agus d'imthigh an cailín a chuartú na holna. Chruinnigh sí lán basgáide dí agus thug léithe 'un a bhaile é. "D'éirigh sí lá ar n-a bhárach mar a gcéadna agus chruinnigh sí basgáide eile. Annsin chárdáil sí é ins an oidhche; agus d'oibrigh sí comh cruaidh sin go rabh sé léinte deanta aici ar maidin. "Bhí mac ríogh an Domhain Thoir amuigh ag seilg aon lá amháin agus bhuail sé thart fa'n áit a rabh sí ina suidhe. Labhair sé léithe agus ní thug sí freagra air; acht rinne sí comhartha dó suidhe síos. Bhí spéis mhór aige innti, agus badh mhaith leis í a phósadh; acht níor mhaith léithe-se a cuid dearbhráthair a fhágáil go dtabhairfeadh sí as an draoidheacht iad. Thainic bean na draoidheachta chuici aríst agus d'iarr sí uirthi mac an ríogh a phósadh agus go dtiocfadh léithe na léinte a dheanamh i gcaisleán an ríogh. "Chruinnigh sí dhá bhasgáid olna agus d'imthigh si leis an rígh óg; agus i gcoinn tamaill rugadh mac óg dí agus bhí spéis mhór aici ann; acht ba droch-bhean máthair an ríogh agus badh mhaith léithe deireadh a chur leis an mháthair agus leis an leanbh. "Aon lá amháin te samhraidh bhí an bhainríoghan óg ina suidhe insan fhuinneoig agus an leanbh ar a glúin aici. Thainic máthair an ríogh isteach agus dubhairt leis an bhainríoghan óig go rabh cuma thuirseach uirthi agus go dtabhairfeadh sí deoch isteach chuici, ag deanamh freastála dí. "Rinne sí réidh an deoch annsin; agus comh luath is d'ól an bhainríoghan óg é thuit sí ina codladh. Thug an tsean-bhainríoghan léithe an leanbh annsin agus chaith sí amach ar an fhuinneoig é. "Thainic beathadhach allta thart agus thug leis an leanbh ina bhéal agus d'imthigh leis. "Annsin ghearr máthair an ríogh a méar fhéin agus chumail sí an fhuil ar láimh agus ar bhéal na bhainríoghna óige. Sgairt sí ar an rígh annsin agus d'fhiafruigh de goidé an seort mná í seo a fuair sé d'íosadh a clann fhéin. "Dubhairt an rí annsin gurbh' fhearr í a chur ar shiubhal; acht dubhairt a mháthair leis gurbh fhearr í a chrochadh. "Fuair siad daoine annsin le n-a crochadh; agus dhruid an rí é fhéin ina sheomra ar dhóigh nach mbéadh sé ag amharc uirthi ag gabháil 'un báis. "Chuir siad ar an ardán í annsin, agus bhí sí ag fuagháil comh gasta is thiocfadh léithe; agus nuair a bhí an slabhradh ag gabháil fa n-a muineál, thainic na géacha fiadhna thart agus deifre mhór ortha. Thainic bean na draoidheachta thart fosta agus an leanbh léithe ina dhá láimh agus shín sí dá mháthair é. D'iarr sí uirthi annsin léine a chaitheamh ar gach uile dhuine de na dearbhráithreachaibh. Rinne sí seo; agus thionntuigh siad uilig isteach ina gcosamhlacht fhéin. "D'innis bean na draoidheachta an sgéal ó thús go deireadh, mar chaith máthair an ríogh amach as an fhuinneoig an leanbh, agus gurab ise an beathadhach allta a thóg 'un siubhail an leanbh. "Chuaidh teachtaire chuig an rígh agus d'innis an sgéal dó. Bhí siad ag brath ar mháthair an ríogh a chur 'un báis, acht ní leigfeadh an bhainríoghan óg sin a dheanamh. "Ach cuireadh ar shiubhal as an tír í; agus chuaidh an rí agus an bhainríoghan 'un a' bhaile agus luthgháir mhór ortha. Chuaidh a cuid dearbhráithreacha 'un a' bhaile fosta; agus sin a gcuala mise fa dtaobh díobhtha ón lá sin go dtí an lá indiu." II EACHTRA CHLANN RÍOGH NA hIORUAIDHE. Bhí sin ann má's fad ó bhí. Dá mbínn-se anois mar bhí mé an uair sin, bhéadh sgéal úr agam nó sean-sgéal, nó bhéinn gan aon sgéal. Dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, agus dá mbéinn balbh ní innseochainn é. Agus má's olc atá sé agam-sa anocht is mile measa bhéas sé agat-sa san oidhche i mbárach; agus is maith an chuid den sgéal an mhéid sin fhéin. "Bhí rí aon uair amháin san Ioruaidh agus bhí triúr mac aige. Ba é an t-ainm bhí ortha Cod, Cead, agus Míchead. "D'éirigh siad lá amháin amach 'san Ioruaidh a sheilg agus thainig teas mór ortha. Bhí siad a chois na fairrge agus b'éigean dóbhtha éirghe suas ar an chnoc bhí os a gcionn le teas. Thoisigh siad a chaint ar Éirinn. Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go hÉirinn leis an tír sin a bhaint amach agus a roinnt ina trí rannaibh. I lár na cainte 'tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt ón fhairrge isteach ina trí crainn tárnochta. "'Anois,' arsa Cod le n-a dhearbhráithreachaibh, 'gabhaidh ibhse 'un a' bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar maidin lá ar n-a bhárach ar ais; agus fuireochaidh mise annseo go bhfeice mé goidé an soitheach í sin.' "Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag tarraingt air í; agus 'sé r'd a bhí ann curach agus bean uasal óg 'na seasamh i lár an churaigh. Bhí slat gheal ina láimh aice agus dhá ubhal déag aice agus í 'gha gcaitheamh i n-áirde agus gan í ag leigint aon cheann amháin 'un talaimh aca. "Thainic sí isteach go dtainic go dtí an cladach agus tharraing an curach suas ar an chloich 'na diaidh. Shiubhail sí léithe go rabh sí thuas ag Cod. D'fhiafruigh sí de c'ainm a bhí air. Dubhairt seisean gur Cod mac Ríogh na hIoruaidhe. "'Maise, má's tú Cod mac Ríogh na hIoruaidhe, is tú árd-ghaisgidheach an domhain. Is mise nighean Ríogh na Gile. Anois cuirim-sa fa gheasaibh thú agus fa chrosaibh agus fa dhíombantas na bliadhna thú bheith ar siubhal a choidhche go bhfagha tú bean a dheanamh damh-sa.' "Thug sé síothadh anonn ag brath greim a fhagháil uirthi, agus d'imthigh sí uadh. D'fhiafruigh sé dí goidé an rud í. Dubhairt sí leis: 'Bím seal 'm'eala caol cuain, Seal 'mo dhobhrán i n-easaibh, Seal 'm'each na saor-insí, Seal 'mo ghas raithnighe, Seal 'mo chnapán ceo, Seal 'mo shean-chailligh, Agus ní de na mnáibh is measa mé.' "Thug sí léim ar shiubhal agus chuaidh sí sa churach ar ais. D'imthigh sí léithe amach 'un na fairrge agus an tslat gheal ina láimh aice agus í ag caitheamh dhá ubhal déag roimhpe go dteachaidh sí amach as amharc san fhairrge. Phill sé 'un a' bhaile annsin agus thainic sé isteach go teach a athara. Shuidh sé síos i gcathaoir mhóir dhá láimh a bhí ann agus rinne sé osnadh. Níor fhan a'n chnaipe ar a corp nár réab, agus níor fhan a'n rungsa sa chathaoir nár phléasc fa dtaobh de. Thuit sé síos fríd an chathaoir. Chuala a athair an tuaim a rinne sé. D'éirigh sé aníos a fhad leis. "'Is cosamhail d"osnadh le hosnadh mac ríogh fa gheasaibh." 'Sílim gur sin é a athair.' 'Goidé thainic ort?' arsa'n t-athair. D'innis sé dó goidé mar thainic an bhean a fhad leis agus mar chuir sí faoi gheasaibh é agus mar d'imthigh sí 'un na fairrge ar ais. 'Ó,' arsa'n t-athair, 'ná bíodh buaidhreadh ar bith ort. Cuirfimid an cabhlach amach i mbárach, agus má tá sí le fagháil, gheobhthar í.' "'Maise, a athair,' ar seisean, 'nuair a chluinfeas na righthe ar gach taoibh díot gur chuir tú amach do chabhlach 'un na fairrge, níl a fhios aca cé'n ríoghacht a bhfuil tú ag gabháil a throid léithe: rachaidh mé fhéin agus mo bheirt dhearbhráithreacha amach le n-ar soitheach fhéin agus rachamuid ar a lorg an bealach a dteachaidh sí.' "Ar maidin lá ar n-a bhárach rinne siad réidh. Ghléas siad suas a soitheach fhéin. Chuir siad lón seacht mbliadhan isteach innti. Thug siad a tús do mhuir agus a deireadh do thír. Thóg siad a cuid seolta Go bocaideach go bacaideach, Go bárr na gcrann coimheádach, Go rabh siad ag éisteacht Le lupadáin is le lapadáin, Le seitreach rónta, Le géimneach peistí mór, Le glór na bhfaoileán bhfionn, go dteachidh siad amach glan as amharc ar an chasán a dteachaidh sise roimhe sin - go dteachaidh siad amach as amharc talaimh agus áite. "Bhí seolteoracht shé seachtmhainí agus thrí lá deanta aca, agus Cod ag stiúradh ar an rotha, nuair d'iarr sé ar Chead ghabháil suas go barr an chrainn agus amharc a bhfeicfeadh sé a dhath ar thaoibh ar bith de. "Dubhairt sé nach rabh a dhath ar bith le feiceáil aige acht an t-aer os cionn mhullach a chinn agus an fhairrge ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin faoi n-a shúil. 'Thainic : sé anuas agus d'iarr Cod ar Mhí-chead ghabháil suas annsin; agus dubhairt seisean nach rabh a dhath le feiceáil aige acht an t-aer bhí os cionn mhullach a chinn agus an fhairrge ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin faoi n-a shúil fhéin. "'Gabhaidh annseo go dté mé fhéin suas.' "Chuaidh sé fhéin suas ina an chrann agus chonnaic sé an soitheach ag tarraingt air as an áird anois. 'Ó', ar seisean, 'leigidh 'un na gaoithe ar an bhomaite - tá triúr chlann rí Buile agus triúr cheann rí File agus an Macán Mór, mac ríogh na Sorcha, a dhruim leis an chrann tosaigh agus dhá chois ag stiúradh an tsoithigh 'na dhiaidh, ag tarraingt orainn. Má's inar n-aghaidh tá sé ag teacht, is mór is measa dúinn é, agus má's inar leith tá sé ag teacht, is mór is fearr dúinn é.' "Thug siad iarraidh caitheamh 'un na gaoithe, acht bhí an Macán Mór ar an ghaoith rompa. Luigh sé anuas ar an mhullach ortha. D'éirigh sé ina seasamh annsin agus fuair sé greim ar an tsoitheach bhí aca agus d'fhág sé i gcrannóig a shoithigh fhéin í. "'Gabh síos," arsa Cod le Cead, 'níl sé seo acht gheall ar ar mbás a thabhairt den ocras annseo agus den anás, agus amharc an bhfuightheá réidhteach ar bith a dheanamh.' "Chuaidh sé síos agus bhuail sé 'na crann a rabh an soitheach ina luighe air agus níl ann acht gur fhág sé lorg a chlaidhimh insan chrann. 'Gabh síos,' ar seisean le Mí-chead, ' agus amharc a ndeanfá thusa níos fhearr.' Ní thearn sé ordlach ar bith níos fhearr é 'ná rinne an chéad fhear. Chuaidh sé fhéin anuas ansin agus tharraing air a chlaidheamh. Bhuail sé an crann agus chaith sé a shoitheach naoi n-eitrin agus naoi n-iomaire amach ar an fhairrge. "Bhí sé 'un na gaoithe annsin ar an Mhacán Mhór. "Chuaidh sé de léim isteach ar an tsoitheach chuige agus fuair siad dhá ghreim go díbhirceach ar a chéile. Fuair Cod a chur faoi ar bord. Chuir sé a ghlún ina mhullach. "Nocht an spéir dubh os a chionn . . . Luigh sí anuas air. Bhí fathach mór ann. Thóg sé an Macán Mór i n-airde ins an spéir leis uadh. "Annsin chuaidh sé fhéin agus a bheirt dhearbhráithreacha ar a soitheach fhéin ar ais. "'Anois,' arsa Cod, 'dá nglacmuis comhairle ar n-athara bhéadh an cabhlach linn agus ní dheanfadh an Macán Mór dochar dhúinn, agus nuair nár ghlacamar a chomhairle caithfeamuid ghabháil ar ais agus a chomhairle a ghlacadh. "D'imthigh siad leobhtha ag tarraingt 'un na hIoruaidhe ar ais; agus chonnaic siad caisleán óir deanta i lár na fairrge rompa agus é 'na shuidhe ar thrí colamhnaibh airgid. "'Amharc romhat go bhfeicfimid an bhfuil doimhneacht romhainn isteach go dtí an caisleán.' "Chuaidh isteach go dtí é agus shín an soitheach le taoibh an chaisleáin. "Chuaidh siad amach annsin agus isteach sa chaisleán, agus bhí tábla annsin 'na luighe sa chaisleán - tábla bídh agus dighe. "Shuidh siad annsin agus rinne a gcuid an triúr. "Bhí leabaidh cóirighthe i dtaoibh an toighe. "'Éirighe,' adeir Cod le n-a dhearbhráithreachaibh, 'éirigh agus gabhaidh a luighe.' 'Cha dtéighmidh," arsa na dearbhráithreacha, 'is nach bhfuil a fhios agat nach ar thóin na fairrge bhéamuis ar maidin.' 'Maise,' arsa seisean, 'dá mbíodh a fhios agam-sa go mbéinn a fhad eile faoi thóin na fairrge is tá tóin na fairrge uainn rachaidh mé fhéin a luighe, ná tá mé tuirseach i ndiaidh na troda.' "Chuaidh sé a luighe; agus san am a rabh sé 'na luighe sgiordas an cat beag ribeach ruadh aníos as an phárlúr. Níor smaointigh sé ariamh ar an chat agus chodluigh leis go maidin. Agus ar éirghe ar maidin dó, theann ortha agus chuaidh ar an tsoitheach ar ais agus níor stad go raibh ag a n-athair san Ioruaidh ar ais. D'innis siad don athair goidé d'éirigh dóbhtha. "'Ar maidin i mbárach,' ar seisean, 'cuirfimid an cabhlach amach uilig.' "Ghléas ortha lá ar n-a bhárach agus chuir amach trí fichid soitheach agus chuaidh siad amach ar an chúrsa chéadna a dteachaidh siad an lá roimhe sin go rabh siad amuigh fa'n tuairim chéadna a raibh siad ar an lá roimhe sin. Chonnaic siad cabhlach soitheach ag tarraingt ortha as an áird anoir. "Sgairt Cod le n-a chuid fear ghabháil 'un na gaoithe uilig, go rabh an Macán Mór ag tarraingt indiu ar ais ortha. Bhí siad réidh fa choinne cogaidh. "Arsa Cod: 'Seo an fear mór ag tarraingt orainn. Má's inar n-aghaidh tá sé ag teacht, is mór is measa dúinne é, agus má's inar leith atá sé ag teacht, is mór is fearr dúinn é.' "Sgairteas an Macán Mór leis: 'Ní fhaca mé aon fhear ariamh a bhfuil oiread dúile i gcogadh aige leat. Fa choinne cuidiú leat a thainic mise indiu agus ní fa choinne cogaidh, mar chuala mé go rabh tú i ngéibheann.' 'Má's eadh tá fáilte agat,' arsa Cod leis. 'Seo thall oileán agus tá saidhbhreas an domhain uilig ar an oileán. Cuir thusa anois dhá fhichead soitheach aca sin agus cuirfidh mise isteach ceithre fichid soitheach agus bheirfidh siad leobhtha an saidhbhreas uilig amach chugainn.' "Chuaidh na sé fichid soitheach isteach; agus comh tiugh agus fuair an Macán Mór istoigh an dá fhichead soitheach bhí beirt os cionne an duine aca agus mharbh siad uilig iad. "'Anois,' arsa Cod, 'ní rabh mise i n-áit ariamh nach bhfuighinn sgéala goidé bhí mo chuid fear a dheanamh go dtí indiu. Níl mé ag fagháil feasa ar bith indiu,' adeir sé. "'Tá sé doiligh,' arsa'n Macá Mór, 'an saidhbhreas a chruinniú; agus cuir isteach na fiche soitheach sin agat agus cuirfidh mise isteach dhá fhichead. Tá sé doiligh an saidhbhreas a chruinniú.' "Chuir siad isteach ar ais iad; agus nuair fuair páirtidh an Mhacáin Mhóir istoigh iad, níor fhág siad a'nduine beo aca gan marbhadh. "D'imthigh Cod fhéin annsin ag tarraingt ar an oileán; agus bhí an Macán Mór istoigh roimhe. Bhí iomlán fear an Mhacáin Mhóir eadar é agus an talamh agus é fhéin thiar ar chúl na bhfear uilig. "Fuair Cod iomlán a chuid fear uile-go-léir marbh agus gan a'nduine beo aige acht é féin agus a bheirt dhearbhráithreacha. "'Goidé mar gcomhairle anois?' adeir sé leis na dearbhráithreachaibh. 'Tá,' ar siad-san, 'a fhad is rachamuid cead againn ghabháil.' 'Cé aca is fearr libh ghabháil leis an Mhacán Mhór 'ná ghabháil leis an tsluagh uilig?' arsa Cod. 'Is agat fhéin atá a fhios goidé an bhrigh atá i mbuille an Mhacáin Mhóir, agus gabh thusa leis an Mhacán Mhór agus rachamuid-ne leis an tsluagh uilig.' 'Gabhaidh annseo fear agaibh ar gach aon ghualainn de mo chuid,' arsa Cod. "D'imthigh siad mar bhéadh trí speala ag baint ann fríd na fir. Ghearr siad rompa go dteachaidh siad a fhad leis an Mhacán Mhór a bhí amuigh ar an taoibh eile. "Thoisigh Cod annsin agus an Macán Mór ar a chéile; agus thoisigh an bheirt eile ar iomlán na bhfear ar an taoibh eile. "Bhí sé fhéin agus an Macán Mór ag gabháil dá chéile go dtí go bhfuair sé a chur 'un talaimh agus a ghlún a chur ar a mhullach. "Annsin nocht an spéir os a chionn dubh, agus thainic an fathach mór anuas agus thóg sé i n-áirde an Macán Mór. "Ar a éirghe i n-áirde ó thalamh dó, thuit ubhal dearg amach as a phóca. Fuair Cod greim ar an ubhal agus chaith sé suas air é agus thuit sé marbh ar an talamh. "Bhí an Macán Mór ina luighe marbh annsin aige. D'amharc sé thart fa dtaobh de go bhfeicfeadh sé goidé bhí a bheirt dhearbhráithreacha a dheanamh, agus ní fhuair aon duine beo ina sheasamh ar an talamh nach rabh marbh uilig. "Rinne sé both; agus bhí sé tuirseach marbh nuair a bhí sé deanta aige. Tharraing sé na cuirp isteach i mullach a chéile agus luigh sé fhéin istoigh ina lár. Chonnaic sé an fheannóg charrach ag tarraingt air. "'Goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar sise, 'seo brat atá liom chugat, agus tochail uaigh agus cuir do bheirt dhearbhráithreacha san uaigh. Annsin spréidh an brat os a gcionn; agus dá mbéadh siad annsin go cionn chúig mbliadhan béidh siad chomh húr is tá siad indiu.' "Rinne sé sin leobhtha - chuir iad agus chuir an brat ortha. "Chuaidh sé isteach insan bhoith ar ais. Nuair a bhí sé istoigh ar ais ina luighe, chonnaic sé an cruitíneach ag teacht chuige. "'Do dhona is do dhothairne ort, a chuitínigh bhig mhíofuir, goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar seisean, 'mise cruitíneach d'athara, agus chuir sé annseo mé go bhfeicfinn goidé a bhí ag éirghe daoibh.' 'Maise,' ar seisean, 'thig leat a innse do m' athair go bhfuil mo bheirt dhearbhráithreacha marbh annseo agus nach bhfuil agam acht mé fhéin.' 'Cha dtig liom-sa ghabháil 'un a' bhaile,' arsa'n cruitíneach, 'agus sgéal bacach in mo bhéal liom go dtí go bhfeice mé fhéin marbh iad.' "Chuaidh sé amach agus d'fhosgail sé an uaigh ar ais don chruitíneach agus thóg sé an brat díobhtha. "Nuair a chonnaic an cruitíneach marbh an bheirt, thuit sé fhéin síos marbh 'na mullach. "'A chruitínigh bhig nádúrdha, cuirfidh mise do chuid den bhrat ort comh maith le duine.' "Chuir; agus dhruid suas an uaigh aríst. Chuaidh isteach annsin agus shuidh insan áit chéadna istoigh san bhoith. "Nuair a bhí sé istoigh, chonnaic sé an chailleach ag tarraingt air. Bhí dhá chlár-fhiacail a bhí aice ag deanamh croisíní dí agus an ghruag a bhí ar a cionn ag forsú an talaimh 'na diaidh. "'Do dhona agus do dhothairne ort a shean-chailleach mhíofur ba ghráice is ba mheirgighe chonnaic mé ariamh, goidé an trioblóid nó an buaidhreadh atá tú ag brath ar thabhairt damh-sa agus mé dona go leor?" 'Troid nó airgead.' 'Do dhona agus do dhothairne ort, a chailleach, má théighim a throid leat, deirfidh tú gur cruas póca atá orm; agus má bheirim airgead duit, deirfidh tú gur eagla atá orm romhat; agus do dhona agus do dhothairne ort, tóg fhéin do rogha, a chailleach. 'Níl ceachtar aca de dhíoghbháil orm, acht chuala mé go rabh tú san anás annseo, agus thainic mise le fuasgladh agus dídean na hoidhche anocht a thabhairt duit. "Thug sí léithe é isteach i n-uamhaigh dhorcha; agus nocht an caisleán istoigh insan cheann eile de'n uamhaigh ba bhreaghtha thiocfadh leis a fheiceáil. "'A chailleach, goidé bheir istoigh annseo thú?' 'Tá,' adeir sise, "le heagla roimhe an Mhacán Mhór.' 'Maise,' adeir sé, 'tá an Macán Mór marbh. Mharbh mise é, agus má théid tú liom taisbeánfaidh mé duit an áit a bhfuil sé marbh.' 'Maise, dá rachamuis go dtí an áit a bhfuil sé, ní leigfeadh an fuath damh amharc air marbh.' 'Fuair sé a shuipeár annsin. "'Anois,' arsa'n chailleach, 'cé aca a b'fhearr leat cuideachta nó bheith mar atá tú go maidin?' 'Is fearr liom cuideachta,' arsa Cod. "Thug an chailleach léithe slabhradh agus bhuail sí i gclúdaigh na mónadh é. Rinne sí dhá cailligh dhéag ba ghráice is ba mheirgighe chonnaic sé ariamh. 'Tóg uaim iad sin go tapaidh ná bainfidh mé an ceann díobhtha,' arsa Cod. 'Ná bain an ceann díobhtha agus bheirfidh mise tuilleadh cuideachta duit.' "Bhuail sí an slabhradh i gclúdaigh na mónadh aríst; agus rinne sé dhá chailín déag de chailínibh dóigheamhla ba deise a chonnaic Cod ó d'fhág sé an baile. "'Coinnigh iad sin a fhad is mian leat agus bheirfidh mé do rogha aca duit,' arsa an chailleach. Rinne sé a rogha; agus goidé tharla air acht nighean Ríogh na Gile. "Chuaidh sé a luighe; agus nuair d'éirigh sé ar maidin, chuaidh sé a fhad leis an chailligh aríst: 'Nár chóir, a chailleach, tusa a bhfuil oiread agat is tá, go mbéadh íoc-shláinte agus a gheanfadh daoine a bhéadh marbh beo.' 'Maise, bhí sin agam,' adeir sí, 'acht goideadh uaim í.' 'Cé ghoid í?' arsa Cod. 'Ghoid Rí na Coilleadh uaim í.' 'Cá bhfuil Rí na Coilleadh 'na chomhnuidhe?' ar seisean. 'Gabh go béal na huamhacha agus lean do lorg a chapaill agus bheirfidh sé go dtí an dorus chuige thú.' "D'imthigh leis ar lorg an chapaill; agus thainic sé go dtí an dorus agus d'amharc isteach ar pholl na heochrach agus chonnaic sé 'na shuidhe a chois na teineadh é. "Dar leis fhéin: 'Má iarraim fosgladh, béidh tú 'do sheasamh agus níl a fhios agam goidé an t-arm a bhéas leat'; agus chuir sé a ghualainn leis an doras agus chaith sé an chomhla an taobh eile den teach. "D'éirigh an fear a bhí istoigh ina sheasamh agus fuair an bheirt dhá ghreim ar a chéile. Chuir Cod 'un talaimh é agus chuir sé a ghlún ina mhullach. "'Árú"! arsa'n fear a bhí ina luighe, "is tú an fear ba tíoránta chonnaic mé ariamh. Char fhiafruigh tú dhíom goidé a bhí a dhíoghbháil ort acht ghabháil a throid ar an chéad iarraidh liom.' 'Tá mé ag iarraidh na híocshláinte ghoid tú ón chailligh,' arsa Cod. 'Níl sin agam nuair a goideadh uaim fhéin í,' arsa seisean. 'Ce ghoid í?' 'Rí an tSléibhe,' arsa'n fear eile. 'Cá bhfuil an áit a bhfuil Rí an tSléibhe 'na chomhnuidhe?' arsa Cod. 'Tá,' ar seisean, 'sin amuigh lorg a chapaill ag an dorus, agus má leanann tú lorg an chapaill, bheirfidh sí go dtí an dorus chuige thú.' "D'imthigh sé leis ag tarraingt air; agus thainic sé go dtí an dorus chuige. Bhí sé 'na shuidhe ag a shuipeár ag ithe an chuid a b'fhearr den fheoil agus ag caitheamh an chuid a ba mheasa thar a ghualainn. Bhí cailín óg 'na suidhe ar an taoibh eile den teinidh. Bhí lorgaid insan teinidh aige-sean agus seacht n-ubhal nimhe uirthi. "Chuir Cod a ghualainn leis an doras agus chaith sé an chomhla trasna an taobh eile. "D'éirigh an fear a bhí istoigh 'na sheasamh agus bhí an lorgaid as an teinidh leis. Thoisigh Cod air agus chaith sé ubhal den lorgaid le n-a chlaidheamh agus níor stad sé gur chaith sé hubhla dí. Bhí sé ina sheasamh leis an bhac aige agus chuir fé a chlaidheamh roimhe trasna fríd a chorp. Thuit sé anuas sa mhullach air; agus an t-ubhal a bhí ar bharr na lorgaide bhuail sé isteach i meall na coise é agus thuit sé marbh i lár an toighe. "Dar leis an chailín óg bhí 'na suidhe ar an taoibh eile den teach: 'is mór an truaighe do bhás;' agus d'éirigh sí agus thug léithe an tubán a rabh an íoc-shláinte ann agus thom sí bratóg a bhí aici thart i bhfeireadh an tubáin agus chumail sí thart i meall choise Choid é. D'éirigh sé slán folláin aríst ina sheasamh. Shuidh sé síos agus d'fhiafruigh sé dí goidé thug ise annsin. "'Tá,' arsa sise, 'pósadh mise agus m'fhear ar a chéile a'n bhliadhain amháin; agus oidhche na bainse thainic an fear seo isteach, agus an fear a rabh an greim ina bhéal aige níor leig an eagla dó a shlugadh agus an fear a rabh an greim ina dhórn níor leig an eagla dó a chur ina bhéal; agus thóg sé seo mise amach ó ghualainn m'fhir fhéin agus thug sé leis annseo mé. Annsin chuir mise geasa air gan sgéal mná bheith aige orm go cionn lá-agusbliadhain; agus tá an bhliadhain chóir istoigh anois, agus is maith liom marbh é. "'Anois,' arsa Cod, 'goidé d'éirigh den íoc-shláinte bhí aige?' 'Ó, aréir a bhí an cath mór annseo fa dtaobh dí,' arsa sise. 'Tugadh uadh uilig í acht an mhéid a bhí i bhfeireadh an tubáin a léigheas thusa.' 'An bhfuil a fhios agat cé thug leis í?' 'Níl a fhios agam acht gur ubhairt sé gurab é Rí na Foraoise a bhí ag tarraingt air.' 'Agus chan fhuil a fhios agat cá bhfuil Rí na Foraoise?' 'Níl a fhios agam,' arsa sise. 'Rachaidh mé ar a lorg ar sgor ar bith; agus fan thusa annsin go bpille mise ar ais.' "Shiubhail sé leis; agus bhí páirc mhór mhiodúin taobh thiar den teach. Fuair sé seisear fear ina luighe ann agus iad ag saothrú an bháis. Bhí péire buatais ar fhear aca; agus bhí a chuid buatais fhéin chóir caithte ag Cod ó d'fhág sé an baile. Dar leis fhéin: 'D'fhóirfeadh siad seo damh.' "Chuir sé a lámh síos agus fuair sé greim ar bhuatais 'gha baint de. Tharraing sé sin a chos agus thug sé cic dó agus chaith sé ar chúl a chinn amach uadh é. "Dá mbítheá agam-sa fa'n am seo indé ní bhéitheá ábalta ar an bhuatais a bheith leat uaim. Níl sé sa domhan indiu fa'n am seo indé aon fhear a bhainfeadh an bhuatais de mo chois acht aon fhear amháin.' 'Cé an fear é sin?' arsa Cod. 'Tá, Cod mac Ríogh na hIoruaidhe.' 'Maise,' arsa Cod, 'sin an fear atá agat.' Má's tusa Cod mac Ríogh na hIoruaidhe is tú árd-ghaisgidheach an domhain; agus goidé a bhfuil tú 'na dhiaidh?" 'Tá, an íoc-shláinte atá ag Rígh na Foraoise.' 'Maise, tá dúil agam nac bhfágann tú mise in mo shuan annseo má fhaghann tú an íoc-shláinte. Tabhair leat na buataisí.' "'C'ainm thusa?' arsa Cod leis. 'Mise Cliabhán Ghúingheal mac Ríogh na Gile.' 'Anois,' adeir sé, 'níl agat acht seasamh os cionn na mbuatais agus ní heagal duit nach siubhailfidh siad fhéin.' "Chuir sé air na buataisí agus d'imthigh leis. Bheireadh sé cnoc de léim agus malaigh de thúslóig go dtí go dtainnic sé an bharr cnuic agus é tuirseach. Shuidh sé síos a dheanamh a sgíthiste. Bhí log thíos faoi an chnoc; agus chonnaic sé an colmán geal ag éirghe aníos as lár locha a bhí ann agus ag imtheacht leis i n-áirde ins an spéir; agus ní fada go bhfaca sé ceann eile ar an tsiubhal chéadna. Dar leis fhéin: 'Caithfidh rud éighinteacht bheith ar thóin an locha.' "D'éirigh sé de léim ina sheasamh agus chuaidh de léim síos san áit a bhfaca sé an colmán ag teacht aníos; agus fuair sé caisleán thíos ar thóin an locha bhí deanta d'umha agus bean óg ina seasamh ag an teinidh agus sgian ina láimh agus maide adhmaid agus í ag gearradh slisneacha de. "D'fhiafruigh sé dí goidé thug annsin í; agus dubhairt 'si leis go rabh sí ag suirghe le beirt chlann ríghte. 'Agus,' ar sise, 'pósadh ar fhear aca mé; agus athair an bhuachalla eile d'imthigh agus chuir sé faoi gheasaibh é agus rinne sé colmán de agus d'fhág sé 'na shuidhe ar bharr gheabhta m'athara é. Agus,' ar sise, 'ní rabh mise a fhágháil oidhche ná lá acht 'mo shuidhe ag bun an gheabhta ag coimheád air. Annsin d'imthigh m'athair agus rinne se an caisleán seo damh agus d'fhág sé annseo mé ag gearradh slisneacha agus ag deanamh colmán díobhtha.' "C'ainm atá ar d'athair?" "Rí na Foraoise," ar sise. 'Anois,' adeir sé, 'bheirfidh mise m'fhocal ríoghamhail duit, má chuidigheann tú liomsa an íoc-shláinte atá ag d'athair a fhagháil, go gcuideochaidh mise leat na geasracha atá ar d'fhear a sgaoileadh.' 'Siubhail leat,' ar sise. "D'imthig an bheirt le chéile agus níor stad siad go rabh siad ag teach a hathara, Rí na Foraoise. "'Gabh isteach anois agus iarr buaidh na Foraoise. "Shin an Rí tuagh dó as a láimh. "'Gabh amach anois,' adeir sé, 'agus bain slis den chrann sin amuigh.' "Chuaidh sé amach; agus an chéad shlis a bhain sé anuas thuit sé ar an talamh agus d'fhás crann i n-áirde aisti bhí comh ramhar leis an crann bhí sé a bhuaileadh. Bhuail sé slis eile anuas agus d'fhás crann eile an dóigh chéadna go rabhthar 'gha cheangal istoigh fa dtaobh den chrann. "Thainic sise isteach annsin a fhad leis agus sháith sí a naprún faoi an tslis agus thug sí dó i gcúl a dhuirn í. 'Gabh isteach anois,' ar sí, 'agus tá buaidh na foraoise leat.' "Chuaidh sé isteach agus shín sé dó as a láimh í. "'Tchím,' adeir sé, 'tá buaidh na foraoise anois agat. Goidé tá a dhíoghbháil anois ort?' 'Tá, an íoc-shláinte a ghoid tú ó Rígh na Coilleadh.' 'Maise, níl sin agam anois. Aréir ghoid cat na Saor-insí uaim í.' "Chuaidh sé amach agus d'innis sé don mhnaoi a bhí amuigh goidé hubhradh leis. "'Anois,' ar sise, 'tá cat na Saor-insí thall ag an chailligh san áit a d'fhág tú agus tá do bheirt dhearbhráithreacha deanta beo aici agus an cruitíneach; agus imthigh thusa anois comh tiugh is tigh leat agus gabh anonn a fhad leobhtha.' "D'imthigh sé leis agus níor stad go rabh sé ag an chailligh; agus bhí a bheirt dhearbhráithreacha 'na suidhe a chois na teineadh agus ise ar an mhnaoi ba dóigheamhla bhí sa domhan san am sin 'na suidhe fosta ann. "D'fhág sé annsin ise. Bhí iomlán na híoc-shláinte aici; agus d'fhan sé ann go maidin. "Ar maidin lá ar n-a bhárach bhog leis an casán céadna agus an íoc-shláinte leis go dtainic sé go dti Cliabhán Glúingheal mhac Ríog na Gile bhí ina luighe marbh. Chumail sé an íoc-shláinte dó, agus d'éirigh sé 'na sheasamh slán folláin. "'Anois,' adeir sé le Cod, 'goide tá ag cur bhuadhartha ort?' "D'innis Cod dó go gcaithfeadh sé ghabháil agus na geasa a gheall sé a sgaoileadh. "'Béidh mise leat.' "'Shiubhail an bheirt leobhtha agus níor stad siad go rabh siad ag teach an ríogh a chuir geasa ar fhear nighean Ríogh na Foraoise. Chuaidh an bheirt isteach go cródha fríd arn a bhí fa'n teach aige agus char leig an eagla d'aonduine lámh a thógáil ina n-éadan. Chuaidh siad ar an dara lámh isteach go rabh siad istoigh ag an rígh ina phárlur, agus bhris siad rompa. Chuir siad an claidheamh ar a mhuineál agus d'iarr siad air na geasa sin a chuir sé a sgaoileadh. "Dubhairt sé leo gur sin rud a bhí doiligh a dheanamh: go rabh tobar sa domhán thoir agus cailleach 'na seasamh i lár an tobair agus go rabh trí ghráinín eorna ar thóin an tobair; agus go dtaomfaidhe iomlán an uisge aníos fríd an chailligh agus go dtriomóchaidhe an tobar; annsin go dtógfaidhe na trí ghráinín eorna bhí ar thóin an tobair agus go dtabhairfidhe le hithe don cholmán iad; agus annsin bhí na geasa sgaoilte. "'Anois,' arsa Cliabhán Glúin, gheal mhac Ríogh na Gile, 'tabhair damh-sa na buataisí agus ní bhéidh sé i bhfad go rabh mise ar ais.' "D'imthigh sé leis agus bhain sé an ceann den chailligh agus thaom an t-uisge aníos fríthe agus fuair na trí ghráinín eorna ar thóin an tobair agus thainic leis go géar gasta go rabh sé ag teach Ríogh na Foraoise. Thug sé do Chod iad ar a bhois; agus chuaidh Cod go dtí an geabhta agus shín ar a bhois don cholmán iad; agus comh tiugh agus d'ith an colmán iad bhí na geasa sgaoilte. "Bhí sé annsin mar bhí sé an chéad lá ariamh. Bhí sise 'na suidhe ag bun an gheabhta agus d'éirigh an fear anuas chuici. "Bhí grádh mór aici ar a fear agus bhí oiread eile aici ar Chod as an ghaisgeamhlacht a rinne sé. "D'imthigh Cod leis annsin - é fhéin agus mac Ríogh na Gile - agus níor stad siad go rabh siad sa teach seo ar fhág siad an bhean óg 'na ndiaidh ann ag Rígh an tSléibhe. "'Cé aca is fearr leat ghabháil anois go dtí an ríoghacht a d'fhág tú nó fuireacht agam-sa?' 'Cha dtéighim a choidhche go dtí an ríoghacht sin a d'fhág mé.' 'Bí ag teacht,' ar seisean. "D'imthigh siad leobhtha agus níor stad go rabh siad ag an chailligh ar an oileán. Thug leis a bheirt dhearbhráithreacha agus cat na Saor-insí agus cliabhán Glúingheal mhac Ríogh na Gile agus chuaidh siad go dtí an soitheach. Níor stad go rabh siad san Ioruaidh ar ais. "Pósadh é fhéin agus cat na Saor-insí ar a chéile. Phós sé Cliabhán Glúingheal mhac Ríogh na Gile agus an cailín seo thug sé leis as an teach. "Bhí banais aca a mhair lá agus bliadhain, agus bhí an lá deireannach comh maith leis an chéad lá." CHÚCHULAINN. "Bhí sin ann agus má's fada ó bhí, dá mbéinn-se ann an uair sin ní bhéinn ann anois, dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, dá mbéinn balbh ní chanfainn é, acht mar nach rabhas ariamh gan sgéal úr nó sean-sgéal, mura gcluininn aon sgéal chumfainn fhéin sgéal; agus nár mhaith an chuid den sgéal sin! "Teacht dheirg an dá néal maidin shamhraidh a bhí ann insan aimsir chian-aosta. Níor luaithe chonnaic Conall Cearnach ball bán ar an lá 'ná sgairt ar a cheithre fearaibh déaga bheith léim 'na suidhe i bhfaiteadh na súl. Chroith siad-san iad fhéin suas as an tsuan ina rabh siad agus siud iad ag deanamh réidh fa choinne lá sealga. Nuair a bhí siad gléasta le haghaidh a n-astair, agus greim bídh caithte aici, bhí an lá go díreach glan. Maidin dheas ghruamdha a bhí ann. Bhí sé comh ciúin is nach mbogfadh ribe ar do chionn. Amach leis an tsluagh. Rinne Conall fead ghlaice ar an chonairt agus shín leo. "Shiubhail leo - seal ag sodar agus seal ag géarchoisidheacht - go dtainic siad go maol-chnoc beag glas. Sheasuigh siad annseo ar feadh tamaill bhig agus bhreathnuigh siad ins na ceithre háirdibh fichead. Ní rabh beo ná ceo le feiceáil aca ar a n-amharc nó ar a n-éisteacht. Fa dheireadh tugaidh Conall ruball a shúile síos gleann a bhí ina luighe rompa agus 'tchí sé eadar é agus léas an eilit mhaol ar chosaibh i n-áirde, agus an gadhar caol sleamhain cluas-leathan donn ag tafann go géar ar a lorg. "Le sin d'imthigh siad - fir, agus conairt - sa tóir. Is cuma céaca, le sgéal fada a dheanamh goirid agus ceann goirid a dheanamh maith, lean siad an eilit fríd choilltibh is ghleanntáin go dteachaidh grian i bhfairrge tráthnóna, agus d'imthigh sí ortha dá n-aindeoin. "Nuair a bhí an rása tugtha shuidh siad síos agus a fhonn ortha, mar bhí siad tuirseach ocrach i ndiaidh an lae. Bhí sé ró-mhall le smaointiú ar an bhaile a bhaint amach ar shiubhal na hoidhche; agus rinne siad amach eatortha fhéin ghabháil go dtí an chéad teach a chasfaidhe ortha agus fosgadh na hoidhche a iarraidh. "Seal gearr dóbhtha ag tarraingt a gcos ina ndiaidh go bhfaca siad solus i bhfad uatha. Shiubhail leo go dtainnic go dtí an teach a rabh an solus ann. Chuaidh Conall suas agus d'iarr fosgladh. Thainic fear an toighe go dtí an doras agus chuir amach a cheann. 'A fheara breaghtha,' ar seisean, 'nach an-tráthach atá sibh ar mar gcois, nó an misde damh a fhiafruighe goidé an seachrán a sheol 'un mo thoighe sibh?' 'Maise, leoga ní miste,' arsa Conall, ag toiseacht agus aga innse dó goidé an taisme bhain díobhtha. 'Agus,' adeir sé, 'má thig leat a dheanamh ar dhóigh ar bith, ná heitigh sinn fá dhídean an toighe go dtara solus an lae. 'Maise,' arsa fear an toighe fríd a fhiaclaibh, 'ní mór mo ghléas le fosgadh a thabhairt daoibh anocht. Is truagh gurab í an oidhche chorr chointíneach a thainic sibh trasna orm. Tá bean an toighe ag éileamh nach n-aithnigheann sí í fhéin go maith anocht, agus ar an ádhbhar sin ní fhóireann sé truisgneach ar bith a chur ar bun fa'n áit. 'Na dhiaidh sin, is i ndiaidh gach ní, is deacair ordú daoibh an tslighe a bheith agaibh an uair atá ann; ach gheanfad mar seo an sgéal; tá sgioból thíos annsin agus neart cocháin ann. Thig libh teine a bhuaileadh suas; agus má's fearr libh sin 'ná ghabháil i gcionn an bhealaigh 'un a' bhaile, tá sé le fagháil agaibh agus fáilte.' 'A sheacht n-anam do chliseog, a chuirp an duine uasail!' arsa Conall. "Nach sinn atá seasta acht coirneál ar bith a fhagháil le n-ar gcionn a leagan air agus ar sgíthiste a dheanamh go maidin.' "Chuaidh Conall agus na fir eile a bhí leis isteach san sgioból, chroch a gcuid claidhmhtheach thart ar na ballaibh, bhuail suas teine i lár an urláir, chóirigh sráideoga cocháin thart ina dtimcheall, shín iad féin síos, agus thoisigh an sgéalaidheacht. "Chuaidh gach seort ar aghaidh mar d'iarrfadh a mbéal a bheith nó go dtí i dtráthaibh an mheadhon-oidhche. Go díreach, nuair a bhí a leath 'gha socrú fhéin thart 'un suain, níor fhan aon chlaidheamh amháin ar an bhalla nár léim amach as a truaill go dtearn siad carnán i lár an toighe. "Croith 'ach a'n fhear é fhéin suas. Thochais cuid a súile ag sílstin gur ag brionglóidigh a bhí siad. Acht d'iarr Conall i mbomaite duine imtheacht agus tuairisg a thabhairt ionns'ortha goidé mar bhí bean an toighe. Amach leis an teachtaire, agus níorbh' fhada go dtainnic isteach ar ais le sgeala go rabh biseach ar an mhnaoi, go rugadh mac dí taobh istoig de cheathramha na huaire. "Ar a chluinstin seo do Chonall Chearnach, amach leis agus bhreathnuigh réalt a bhí, ó am go ham, ag cur a cinn amach fríd an cheo. Nuair a thainic sé isteach, fiafruigheadh de cé rabh sé. 'Tá,' ar seisean, 'bhíos amuigh ag breathnú uaim ins na spéarthaibh. Chonnaic mé réalt eadar dall is dorchadas, agus má chonnaic fhéin is gruamdha a dreach.' 'Goidé a thuig tú aisti?' arsa'n chuid eile. 'Is ró-mhór m'eagla go ndóirtfear fuil go fras ar féar le linn an ógánaigh a thainic 'un tsaoghail anocht. Fásfaidh sé aníos ina laoch neartmhar thréan; agus nuair nach mbíonn ann acht mulachán gasúra béidh mórán de ghaisgidheachaibh Éireann ar fearr leo ghabháil le n-a thaoibh 'ná ghabháil ina dheabhaidh. Cinnte ní bhéidh sé saoghalach, acht rachaidh a gháir níos fuide 'ná rachas a chos. Is iomdha briseadh fuilteach a mbéidh lámh aige ann; agus níl feidhm a rádh an té a mbéidh sé ina leith gur fearrde dó é, agus an té a mbéidh sé ina aghaidh gur misde dó é.' "Nuair a chríochnuigh an chaint seo, chuir na fir a gcomhairleacha i gcionn a chéile agus rinne amach nach mbéadh dóigh ar bith leis an mhac óg seo bheith ina leith 'ná é a thabhairt leo agus a thógáil. Annsin dar leo fhéin: 'Béidh sé inar dtaoibh nuair a thiocfas ann dó sleagh agus claidheamh a láimhdeachas.' "Ní rabh de sin acht sin an oidhche sin go dtainic an mhaidin. Ar maidin chuaidh Conall a fhad le lánamhain an toighe agus d'iarr an leanbh ortha. 'Bhéarfad-sa,' ar seisean, 'tógáil mo chloinne fhéin dó; agus is maith liom agam é mar tá mé cinnte gur ádhbhar maith fir atá ann.' Bhí Conall Cearnach i n-árd-chéimidheacht san tír an tráth seo agus mórán sílte dó ag uasal agus ag íseal. Mar sin de fuair sé an leanbh, thug sé leis é 'un a' bhaile, agus d'fhág ar oileamhain é ag banaltra. "Ní rabh an leanbh i bhfad - dálta 'ach a'n leinbh - os cionn bliadhna nó mar sin - go dteachaidh sé a choisidheacht. Bhí Conall an-chúramach fa dtaobh de. Nuair a bhíodh sé ag siubhal amuigh sa lá, bhíodh an leanbh leis ar a ghualainm nó ar ghreim láimhe. Ní rabh athair ariamh comh ceanamhail ar a mhac is bhí Conall Cearnach ar a dhálta. Ba é an t-ainm tugadh air ag na daoinibh 'leanbán Chonaill'; agus níor leas-ainm é, ná is annamh áit a mbéadh Conall nach mbéadh an tachrán ina chosamar. "D'éirigh an 'leanbán' aníos ins bhuachaill nó go rabh sé seacht mbliadhna d'aois; agus cheana féin ní rabh moill aithne go ndeanfadh sé fear maith nuair a thiocfadh tuilleadh dá bhliadhantaibh. "San am sin bhí nighean de Chulann gabha dá pósadh; agus fuair maithe agus mór-uaisle na Craobhruaidhe go huile cuireadh 'un ba bainse. Acht goidé rinneadh acht dearmad a dheanamh de 'leanbán Chonaill' nuair a bhí na curthacha dá dtabhairt. Níor samhluigheadh go mbéadh spéis nó suim ag an ghasúr óg seo bheith imeasg sean-laoch, nó go mbéadh toil ar bith aige go fóill dá gcuid comhráidh. "'A athair,' arsa'n gasúr - ná ní thugadh sé áthrach d'ainm ar Chonall an t-am seo - 'rachad-sa leat anocht 'un na bainse.' 'A thaisgidh,' arsa Conall, 'cá mbéitheá ag gabháil? Bhéitheá tuirseach ag éisteacht leo sul a mbéadh leath na hoidhche caithte.' 'Ní bhéinn,' arsa'n gasúr. 'Badh mhaith liom na laochraidh a chluinstin ag aithris a gcuid tréathra gan trácht ar Chulann a fheiceáil i gcionn uird ar inneoin.' 'A leinbh mo chroidhe,' arsa Conall, nuair a chonnaic sé nach rabh dul taobh anonn de aige, 'a leinbh mo chroidhe, ní fhuair tú cuireadh annseo agus ní thig leat ghabháil. Deirfidhe nach rabh ionnat acht stucaire dá smaointeochá ghabháil 'un cuirme gan cuireadh. Fan mar atá tú anocht agus béidh tú lán comh fada ar aghaidh, ná deirtear gur deireadh gach cuirme a cáineadh.' "Ní rabh focal le rádh ag an ghasúr; agus b'éigean dó fanacht mar bhí tamall beag eile. "Le coim na hoidhche d'imthigh Conall agus na huaisle eile, ghléas a gcóiste, agus ní thearn stad mara ná mór-chomhnuidhe nó go dtainic go toigh an ghabha. Chuir an gabha fáilte charthannach rompa, agus leag isteach fútha bord bídh agus dighe. 'Sul a mblaisfimid biadh nó deoch,' ar seisean, 'an bhfuil sibh uilig istoigh?' Dubhairt Conall Cearnach go rabh, go dtainic iomlán isteach i gcuideachta a chéile. 'Ó tharla istoigh sibh,' arsa'n gabha. 'bhéarfad a ceann don choin, agus a'n uair amháin a gheobhas sise í fhéin sgaoilte taobh amuigh den dún is truagh liom-sa an té a thiocfas ina casán go maidin.' "Le sin sgaoileadh an cú agus amach léithe. Shuidh an bhuidhean thart. D'ith agus d'ól siad agus bhí ar a sáimhín suilt ag ceol, ag damhsa, agus ag gach seort eile spóirt agus grinn dá rabh i bhfeidhm san am. "Tá tamall ó shoin d'fhágamar 'leanbán Chonaill' leis fhéin agus é mí-shásta trom-chroidhtheach, oir ba é seo an chéad uair a chuaidh Conall 'un cuirme gan é. Acht dar leis fhéin nach mbéadh sé fágtha an oidhche seo acht oiread. Ní thearn sé acht smaointiú gur chóir dó lorg an chóiste a leanstan go toigh Chulainn gur éirigh sé 'na sheasamh, gur bheir greim ar a chamán agus ar a chnaig, agus gur imthigh 'sna feathaibh fásaigh ag tarraingt 'un na bainse. "Níorbh' fhada a bhí sé fa shiubhal ghéar go bhfuair sé é fhéin comhgarach do dhún Chulainn. Le sin 'tchí an cú é, agus tugaidh sí léim ag fealltach air. Acht níor chríonna an cat 'ná 'n coimheádaidhe: bhuail an gasúr an chnag le buille dá chamán, chuir isteach i mbéal na con í agus amach thíos fríd a sgornaigh. Chuir an cú trí ghlaim aisti fhéin agus thuit sí marbh i n-áit na mbonn. "Mhoithigh an mhuintear a bhí istoigh an tamhach táisg amuigh agus dar leo fhéin go rabh racán éighinteacht ar cois. Amach leo go bhfeiceadh siad goidé an seort maicín a bhí ar siubhal, agus goidé an chéad rud atchí siad acht 'leanbán Chonaill' aníos chuca go neamhbhuadhartha i gcosamhlacht, agus an cú ina luighe i ndiaidh an smeach deireannach a tharraingt. "Thainic lúthgháir ar Chonnall, acht thainic a mhilleadh sin ar Chulann. "Óchón!" ar seisean leis an ghasúr, 'is tú an t-aon a rinne mo chabhóg agus d'fhág mé 'mo thruaill bhocht sgaithte gan mo mhadadh a sheilgfeadh uaim mo námhaid.' 'Char mhór liom damh é,' arsa'n gasúr, 'acht mo cheann fhéin a leigean i nguais ar mhaithe le do choileán beag suarach madaidh.' ''Ar ndóigh,' arsa Culann, 'dá mbéadh a fhios agam, nó dá mbéadh a fhios ag éinneach a d'innseochadh damh é, go rabh tú le theacht ní sgaoilfinn an cú go dtiocfá.' "'Maise," arsa Conall Cearnach, 'ní rabh a fhios ag aonduine go rabh sé ag teacht. Bhagair mise air fanacht sa bhaile cionnus nach bhfuair sé cuireadh; agus is ró-bheag a shaoil mé ná bhéadh oiread de chomhairle air is sin a dheanamh.' "'Mo bhrón go deo deo! agus mo mhíle brón! agus mo chreach agus mo chrádh nár leig tú leat é!' arsa Culann. 'Dá leigfeá, ní rabh mo chú marbh anocht. Faraor géar! is mé atá san ionad nach baoghal damh sogh ó chaill mé mo mhadadh beag díleas.' "'An bhfuil dochar ceist a chur cé roimhe a bhfuil eagla ort?' arsa'n gasúr. 'Ó faraor! goidé an mhaith bheith ag caint air,' arsa Culann. 'Tá trí fathaigh 'na gcomhnuidhe ar an oileán bheag ghlas atá ar an loch ud thall. Is minic a thug siad iarraidh ár agus creach a dheanamh orm fhéin agus a mbaineann damh; agus leoga b'fhada mo cheann agus mo cholann sgartha ó chéile murab é an cú. Acht faraor! tá an bealach fa réir aca anois; agus nuair atá, is gearr uaim-sa rud nach dtearnas margadh air.' "Bhí an gasúr ag éisteachT leis an ghabha ag mairgnigh rith an ama. Ba ghearr gur crothnuigheadh ar shiubhal é. D'imthigh sé leis go bruach an locha, chuaidh de léim ar an tsnámh eadar corp is cleiteachaibh, agus níor stad nó gur shroich sé an t-oileán. D'fháisg sé a chuid éadaigh comh maith agus thiocfadh leis, agus siud suas é go dtí an bhothóg ina rabh an fathaigh 'na gcomhnuidhe. Ar a ghabháil isteach dó, bhí an triúr 'na luighe na gcodladh san teallach agus a gcuid sleaghach dá ndeargadh aca sa teinidh ag brath comhrac a chur ar lucht na bainse nuair a bhí glincín sa ghrágán aca. "Suas leis an ghasúr comh fáithlighe is dá mbéadh sé ag gabháil a ghabhadh éin ar neid. Beiridh sé ar phéire de na sleaghachaibh - ceann in gach láimh - dearg te amach as an teinidh agus cuiridh sé beirt de na fathaigh eadar bás is beatha. An uaillfeartach a thóg siad nuair a chuaidh na sleaghacha ionnta mhusgail sí an tríomhadh fathach. D'éirigh sé sin de léim 'na sheasamh, tharraing leis an tsleagh a bhí fágtha sa teinidh, agus thug iarraidh ar an ghasúr. An áit ba tuigh ba tana, shéid an ghriosáil eadar an dís. D'éirigh an truisneach agus thoisigh an cnagadh agus an polladh; throid siad ó choirneál go coirneál an toighe agus an bheirt eile ag fagháil bháis sa luaith. Fa dheireadh chuir an gasúr sucadh dá shleigh i súil an fhir mhóir agus thug anuas 'na bhráighe go talamh é. B'fhurus an cath a chríochnú 'na dhiaidh sin. Bhain an gasúr na cinn díobhtha a dtriúr, rinne gallach díobhtha, chaith ar a ghualainn iad, chuaidh ar an tsnámh ar ais agus tharraing ar an cheardcha. "Rith an am seo bhí lucht na bainse faoi ghruaim. Is cuma cé rachadh a chaint bhí a bhuaidhreadh fhéin le hinnse ag fear an toighe, agus d'fhág sin iad faoi smúid. Bhí siad 'na suidhe thart, agus an mhór-chuid aca agus a gceann ina gcamus aca, nuair a sgiordas an gasúr isteach agus fágann sé na trí cloigne síos i lár an urláir. 'Sin,' ar seisean, ag tabhairt aghaidhe ar an ghabha, 'cúis d'eagla. Má mharbh mise de chú, béad fhéin 'mo choin agat ina hionad; agus goidé níos mó a thig liom a dheanamh, nuair nach bhfuil léigheas ar a dteachaidh thart.' "Thainic iongantas agus uathbhás ar a rabh istoigh nuair a chonnaic siad an sracadh a bhí sa ghasúr. Thug siad é isteach ar fud na cúirte agus dubhairt d'aon-ghuth nach mbéadh a ainm fhéin air ní b'fhuide nuair a bhí sé i n-innibh an gabha a chosnú mar gheanfadh an cú, - agus ní b'fhearr 'ná í - go dtabhairfidhe mar ainm air go lá a bháis Cú Chulainn. Sin mar fuair sé an t-ainm a tugadh air ní ba mhó go dteachaidh sé i gcré. "D'éirigh sé aníos ina Chúchulainn éifeachtach, agus fuair sé gach seort oideachais dá mb'fhéidir a thabhairt dó i nÉirinn. Nuair a bhí sé seacht mbliadhna déag, ní rabh laoch ar bith san tír narbh' fhearr leis an bealach a fhágáil aige 'ná dul ina chomhrac. Ní rabh a mhacasamhail eile le fagháil thoir nó thiar, thall nó i bhfos, bhí sé comh leigthe gasta géar-chúiseach sin. "Lá amháin chuala sé na seanchaidhthe ag trácht ar mhnaoi a bhí ina comhnuidhe insan Domhan Thoir. Scathaigh Mhór b'ainm den bhan-laoch seo, agus bhí eolas aici ar a lán beartaidheachta agus cleas nach rabh ciall díobhtha i nÉirinn. Chuala Cúchulainn go rabh dornán gaisgidheach faoi n-a stiúradh ag foghluim cleasaidheachta. Sa bhomaite rinne sé suas a intinn go rachadh sé fhéin agus go bhfoghluimeochadh sé oiread is nach mbéadh fear a chomhraic i nÉirinn nuair a thiocfadh sé ar ais. D'fhéach a cháirde leis an rún a chaitheamh as a chionn, ach ní rabh maith ann. Ní bhéadh sé le sgaoileadh ná le ceangal mura dtéigheadh sé; agus leigeadh cead a chinn dó. "Ar maidin an lá ar n-a bhárach ag sgaradh oidhche agus lae ó chéile bhí sé ar a bhonnaibh. Chóirigh sé é fhéin suas, a chlogad cruaidhe fa n-a cionn agus a sgiath órdha crochta le n-a thaoibh, a chlaidheamh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus a phéire sleaghach sa láimh eile. Bhí sé comh gasta is go mbeirfeadh sé ar an ghaoith Mhárta a bhí roimhe agus nach mbeirfeadh an ghaoth Mhárta a bhí 'na dhiaidh air. Nuair a d'fhéach feara Uladh air gléasta mar a bhí sé, dubhairt siad gur mhairg nach rabh sé ag fanacht sa bhaile, ná nach rabh sé ar dhruim an domhain chláir fear a chomhraic i n-aon chás. 'D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht ag a bhunadh agus shín leis ag tarraingt ar an Domhan Thoir. B'achrannach agus b'aimhréidhteach an bealach a bhí roimhe, ach fríd sin fhéin bhog sé leis. Chuala sé gurab iomdha fear neartmhar a cailleadh ar an bhealach chéadna - fir a shaoil nach mbéadh moill ortha an t-iomaire a bhí rompa a threabhadh. Acht níor chuir seo lá beag-uchtaighe ar Chúchulainn. D'imthigh sé leis fríd ghleanntaibh agus chnocaibh fiadhana - seal go hiosgadaibh, seal go hasgallaibh, i bhfraoch agus i bhfásaigh nó go rabh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, éanacha beaga na coilleadh craobhaighe ag gabháil fa fhosgadh is dhídean, an capall beag bán ag gabháil faoi eiteoig na copóige, agus an chopóg 'gha dhiúltú fa dhídean na hoidhche. "Ag siubhal anonn is anall a bhí Cúchulainn ag féacháil an rachadh aige ar choirneál fhóirstineach a fhagháil leis an oidhche a leigean thairis ann nuair atchí sé chuige an cailín a b'áilne dá bhfacas ariamh. Bhí ór-fholt snaighte go féar léithe, bhí a pluca mar rós insan tsamhradh, agus a croiceann ní ba ghile 'ná sneachta na haon-oidhche. Ba ghile 'ná réalt na maidne a dhá súil; agus amach as a guailneachaibh bhí ag fás péire géag téachta geal dathamhail narbh' éadtrom, nár ramhar, is nár chaol. D'amharc Cúchulainn uirthi, agus nuair a d'amharc, chonnaiceas dó nach bhfaca sé a leithéid ar amharc a dhá shúil ó rinne slat cóta dó. Ar theacht don dís fa fhad comhráidh le chéile, bheannuigh an cailín dó-san insan chanamhaint a bhí ann san am. 'Nach an-tráthach a shiubhaileas tú agus nach easgáirdeach an áit a gcóirigheann tú do leabaidh,' ar sise go ciúin múinte macánta. 'Maise, a mhaighdeán spéireamhail,' arsa Cúchulainn, 'gha freagairt, "is tú nár chan acht an fhírinne, acht níl an dara suidhe sa bhuailidh ann: is fearr suidhe ar an sgáth 'ná ar an bhlár fholamh. 'An bhfuil sé iomarcach agam ceist a chur ort goidé an chineamhaint a sheol an bealach seo thú fa'n am seo de lá?' arsa'n cailín. 'Níl lá dochair duit do rogha ceist a chur orm,' arsa Cúchulainn. 'Tá mé ar lorg an oileáin a bhfuil Scathaigh Mhór ina comhnuidhe ann,' ar seisean, ag toiseacht agus ag aithris dí cá rabh a thriall. 'Níl tú ró-fhada ar bith uaithe,' ar sise. 'Siud thiar an t-oileán agus é seacht míle i bhfairrge. Acht dá nglacfá mo chomhairle-sa, d'fhanóchá fad do sgiatháin uaithe. Is iomdha laoch calma mór-uchtamhail a chuaidh an bealach sin agus nach dtainic ar ais le n-a sgéala fhéin ná le sgéala fir eile.' 'Is cuma cé chuaidh nó nach dteachaidh rachaidh an mac seo an iarraidh seo bíodh sé síos nó suas leis an turus. Ach goidé mar gheobhas mé isteach 'un an oileán?' 'Fan amach as,' arsa'n cailín, 'agus béidh tú buidheach díot fhéin. Tá mé aga innse duit go dtabhairfidh tú do mhallacht lá is fuide anonn 'ná indiu don chuairt chéadna. Is mór an truaighe nach bhfuil ciall agat agus comhairle ort, ná is breagh an fear thú. Agus cé nach bhfaca mise thú ariamh gur casadh orm thú annseo anocht, thug mé toil duit comh mór is go mbéinn buadhartha dá dtigeadh géibheann ar bith ort - bhéinn go dearbhtha - cé nach dtig liom a innse duit cad chuige. Agus, a ógánaigh, focal nó dhó eile is tá deireadh ráite agam leat, b'fhéidir go deo: sé sin go dtug mé searc agus síor-ghrádh dhuit nuair a chonnaic mé thú. Is mise nighean Scathaighe a gcuala tú trácht uirthi. Cuireann mo mháthair cuid mhór de na fearaibh a thig 'un an oileáin 'un báis. Ar an ádhbhar sin mholfainn-se duit-se gan dánacht ar a dúithche acht éalódh liom-sa is bheith beo go séanmhar i nÉirinn ghlais.' 'A stáid-bhean áluinn,' arsa Cúchulainn, 'tá mé buidheach dhíot, is mar deir tú é, agus níl dadáidh agam le rádh i n-éadan thú a ghlacadh mar chéile. Acht fanóchaidh tú go dté mise isteach 'un an oileáin agus go sáirighe sé ar a bhfuil istoigh mo chur 'un na cille. Mura dtig liom sin a dheanamh, is mór an truaigh do leithéid de chailín a chur amudha liom.' ''Tchím," arsa'n cailín, 'níl tú ag brath ar d'intinn a athrú. Agus ó tharla nach bhfuil dul thairis agat, seolfad-sa ar an bhealach thú. Tá droicheadh ón oileán amach go tír mór. Tá an droichead comh caol is go mbéadh obair ag duine siubhal air. Mar sin fhéin b'fhéidir ghabháil isteach, acht thall i lár an droichid tá alt ar nach féidir le fear ar bith ghabháil trasna de léim. Is iomdha fear ariamh a fágadh thíos le léim Dhroichead na n-Alt. Acht tá geasa agam a bheirfeas isteach sábháilte sinn araon ó tharla go gcaithfidh tú bualadh ar aghaidh.' 'Ní rachad-sa isteach faoi gheasaibh ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Murar féidir liom ghabháil mar badh chóir de ghaisgidheach, níl mé ag gabháil ar nós Chailleach na gCearc.' ''Ar ndóigh,' arsa'n cailín, 'ní bhéidh a fhios ag neach dá maireann acht thú fhéin is mise goidé mar fuair tú isteach.' 'Béidh a fhios ag an tsaoghal,' arsa Cúchulainn, 'má théighim isteach, go dteachaidh mé mar ba dúthcha de ghaisgidheach a dheanamh.' 'Tchím,' arsa'n cailín, 'caithfidh tú do dóigh fhéin bheith agat. Agus anois tá tú ar shiubal. Bain an droichead amach comh luath géar is thig leat. Agus má théid agat an droichead a shiubhal agus an léim a ghearradh, tá an báire leat. Béid mise istoigh níos luaithe 'ná thusa dá fheabhas a ndeanfaidh tú obair.' "D'fhág an dís slán ag a chéile;a gus d'imthigh Cúchulainn go dtí an drocheadh, chuaidh de léim air, agus shiubhail leis go rabh sé ag an alt. Nuair a bhreathnuigh sé goidé an seort áite a bhí ann, chuaidh sé cupla céim ar gcúl, thug rúideog, d'éirigh i n-áirde san aer, agus thainic anuas ar a dhá cois ar an taobh eile gan truisliú, gan leagadh, gan leonadh. "Ní rabh moill ghabháil 'un an oileáin annsin. Ar a shiubhal aníos an t-oileán dó, ba ró-dheas an radharc a nocht chuige. Bhí céad sruthán, má bhí ceann amháin, ina rith anuas taobhanna na gcnoc agus ag deanamh locha i lár an oileáin. Bhí coillte deasa cumhdaighthe le bláthaibh agus le duilleabhar thart ina dtimcheall. Crónán ciúin na sruthán, ceol binn na n-éan, aoibhneas agus pléisiúr isé bhí le cluinstin agus le feiceáil na mílte ar gach taoibh. "Tógaidh Cúchulainn a shúil sa deireadh agus 'tchí sé caisleán áluinn fa ghiota dó. Ba é seo an teach comhnuighthe a bhí ag Scathaigh Mhóir. Suas leis, agus cé bhí istoigh acht an cailín óg a casadh dó ar tír mór. Chuir sí fáilte agus céad roimhe agus áthas an tsaoghail uirthi go bhfuair sé slán sábháilte thar Dhroichead na n-Alt. Ar sise le Cúchulainn: 'Chualas thú 'gha rádh gur a fhoghluim cleasaidheachta thainic tú annseo. Tá cleas ag mo mháthair is dá mbéadh sé agat níorbh' fhéidir do bhuaidh a fhagháil. Tá sí anois thiar ar barr na beinne ud thiar agus í istoigh i gcliabhán ag oibriú draoidheachta agus pisreog ort. Tá an cliabhán ceangailte le sreangachaibh de bharr na beinne. Gabh thusa, fagh greim ar na sgeangachaibh, agus bagair a leigean go tóin muna dtuga sí duit an Ga Builge agus eolas 'un a láimhdeachais.' "D'imthigh. Níorbh' fhada a chuaidh sé go bhfaca sé an chailleach sa chliabhán mar hinnseadh dó. Fuair sé greim ar na sreangachaibh agus dubhairt leis an chailligh rogha a dheanamh, a beo agus cleas an Gha Builge. Ní rabh a fhios ag an chailligh cá rabh sí 'na suidhe nó 'na seasamh, thainiceas uirthi comh tobann sin. Bhí eagla ?? bháis mór, agus thoiligh sí an rud a d'iarr Cúchulainn a thabhairt dó. Thug. "D'fhan sé annsin ar an oileán, é fhéin agus cupla ridire, ag cleachtadh tuilleadh cleasaidheachta. Ní rabh lá ar bith nach mbíodh tamall comhráidh aige leis an mhnaoi óig. Ba é an mín is réidhteach a bhí ann gur pósadh an dís agus go rabh ach banais shuailceach ghreannmhar a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche, agus a mb'fhearr an lá deireannach 'ná an chéad lá. "Bliadhain a bhí siad pósta go rabh mac aca; agus tugadh Connla mar ainm air - le dáimh le Conall Cearnach. Chuaidh gach seort seolta go leor ar feadh tamaill, acht bhí an nimh san fheoil ag an chailligh ar fad do Chúchulainn as siocair gur bhain sé dí an Ga Builge. Bhí sí ag clamhairt air ariamh gurbh' éigean dó slán a fhágáil ag a chéile agus ag a leanbh agus teacht ar ais 'un a' bhaile go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag fágáil an oileáin, bhain sé fáinne anuas dá mhéar; agus ar seisean le n-a mhnaoi: 'Nuair a bhéas méar an leinbh i n-innibh an fáinne a líonadh, cuir 'mo dhiaidh-sa go nÉirinn é. Béidh sé ina fhear annsin agus b'fhéidir gur mhaith a chuidiú i gcuradh-chás.' Annsin d'imthigh Cúchulainn agus thainic caol díreach 'un a' bhaile. "D'éirigh Connla mór de réir mar bhí na bliadhanta dá gcaitheamh. Nuair a bhí sé i n-aois a hocht déag, chuir a mháthair an fáinne ar a mhéar agus líon an méar é. Annsin thug sí ordú dó ghabháil go hÉirinn; acht sul ar imthigh sé thainic a mháthair mhór, Scathaigh, thart agus dubhairt: 'Cuirim-sa de gheasaibh agus de mhór-ualach ort, nuair a rachas tú go hÉirinn, gan stad mara ná mór-chomhnuidhe a dheanamh go gcuire tú comhrac ar Chúchulainn, agus gan d'ainm a innse d'éinneach fad is nach mbíonn sleagh sáithte fríd do chorp.' "Bhí a fhios aici go maith, nuair a rachadh Connla agus chuirfeadh sé troid ar Chúchulainn, go muirbhfeadh an Cú é, díoghbháil gan aithne bheith aige ar a mhac; agus thug sí cead dó innsint cé é fhéin nuair a bhéadh sé ag fagháil bháis ar dhóigh go gcuirfeadh sé brón ar an athair. Mar a gcéadna ba mhaith léithe a hua marbh mar thug sí fuath dó as siocair go rabh cuid fola Chúchulainn ann. "Bhí go maith is ní rabh go holc, ghléas Connla é fhéin agus thainic go hÉirinn. Tráthnóna beag ribeach fuar a bhí ann nuair a thainic sé a fhad le Conall Cearnach ar an tsliabh agus cheangail sé síos don talamh é. 'Cibé thú fhéin, a ógánaigh, sgaoil as an chuibhreach seo mé,' arsa Conall Cearnach. 'Fóil! Fóil!' arsa Connla, 'béidh tú annsin go dtige Cú na gCleas agus go sgaoile sé thú.' "Sa bhomaite d'ordaigh Conall dá ghiolla imtheacht chuig Cúchulainn agus a rádh leis goidé mar bhí. Chuaidh an giolla ionns'ar Chúchulainn. D'fhiafruigh Cúchulainn de goidé an sgéala a bhí leis. 'Tá,' arsa'n giolla, 'gaisgidheach lúthmhar óg a thainic 'un an tsléibhe tá tamall beag ó shoin agus cheangail sé Conall Cearnach agus d'fhag ina luighe annsin é. Nuair a d'iarr Conall a sgaoileadh, 'sé an freagra thug an t-óglach air go mbéadh sé annsin go dtigeadh Cú na nCleas le n-a sgaoileadh.' 'Maise,' arsa Cúchulainn, 'is doiligh liom Conall a fheiceáil i gcruadhchás, agus is doiligh damh ghabháil i ndeabhaidh lainne leis an fhear a cheangail é.' "Ina dhiaidh sin d'éirigh sé, chuir é fhéin i n-ordú troda agus níor stad go dtainic go dtí an áit a rabh Conall ina luighe ceangailte. Chonnaic Connall ag teacht é. 'Is tú Cúchulainn,' arsa Conall. 'Is mé,' arsa'n fear eile. 'Beir mo bheannacht,' arsa Conall, 'oir ba é do chongnamh ariamh nach rabh ar deireadh nuair a bhí sé ag tastáil. Sgaoil mé anois agus leig mé sa tslighe amach.' "Rith an ama sin bhí Connla fa ghiota díobhtha agus gan é ag leigean dadaidh air fhéin. Sgaoileadh Conall; agus annsin chaithfeadh Cúchulainn, de réir riaghlacha na haimsire, comhrac a chur ar an allmhurach a fuair a chroidhe theacht go hÉirinn agus snaidhmeanna cruaidhe an bháis a chur ar Chonall Chearnach. "'Cad iad na hairm a bhéas agann?' arsa Cúchulainn. 'Dean fhéin rogha,' arsa Connla. 'Maith go leor,' arsa Cúchulainn. 'Caithfimid na sleaghacha gearra ar a chéile.' "D'aontuigh Connla leis an chineál seo troda - 'sé sin, seasamh amach dhá chéim dhéaga ó chéile. Ar chionn den tsleigh sin bhí urla agus ar an chionn eile barr géar. "Thoisigh an troid. Bhí a fhios ag Connla go rabh aige a athair, acht is beag a smaointigh Cúchulainn go rabh sé i gcionn airm ar a mhac. Rith an ama bhí Connla ag caitheamh na sleaghach ar lorg a n-urla fa choinne gan an t-athair a loit agus ag sílstin go dtuigfeadh Cúchulainn go rabh duine ag troid leis nach rabh i bhfáthach le n-a mharbhadh. Acht shíl Cúchulainn go mba é an rud nach rabh an fear a bhí ina aghaidh i n-innibh aimsiú mar ba chóir; agus throid leo. Fa dheireadh chaith Cúchulainn a shleagh go díbhirceach agus d'fhág foluighthe i mbrollach a mhic í. Labhair Connla agus dubhairt: 'Leig damh tuitim ar m'aghaidh Ná deir daoine liom gur tú m'athair Ar fhaitchíos go ndéirfeadh feara Fáil Go mbéinn ag teicheadh as tiongmháil. Is mise Connla, caoin-mhac na Con Nach mairg do lámh d'fhág mé ar lár A Chúchuláinn chliste ba deise méin, Seo dhuit mo mhéar fa bhfuil an fáinne.' Amharcaidh Cúchulainn agus 'tchí sé an fáinne ar mhéar Chonnla. Bhí sé cinnte annsin gurab í a chuid fola fhéin bhí ag múchadh an fhraoich fa dtaobh de. Thoisigh sé a mhairgnigh mar leanas: 'Is truagh sin, a Chonnla chaoin, Ádhbhar an ríogh a bhí gan locht; Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh Sul ar dhearg mé ar do chaoin-chorp. Bheirim-se mo mhallacht do mhnáibh an domhain, Agus go mór-mhór d'oide do mhúinte; Is ar mhéad is a bhí de lochtaighil innti D'fhág do shlinnte dearg. Dá mbínn-se agus mo Chonnla caoin Ag imirt ar gcleas d'aon-taoibh, Ar fhearaibh Éireann ó thuinn go tuinn, Dar liom gur linn badh threise. An t-athair sin a mhárbh a mhac, Go bhfaghá sé crádhú agus géar-loit; Ná rabh sé a'n lá go héag Gan a chreach cléibh bheith fá n-a mhotháin. Óch, óch! anocht is mór mo mhire Is mé ag tarraingt suas go Mogh Gine; Ceann mo mhic in mo láimh chlí, A arm agus a éideadh sa láimh eile.' "Bhí Cúchulainn faoi smúid ó seo ní ba mhó. Ní rabh maith bheith leis: ní tiocfadh tabhairt air bheith comh croidheamhail ná comh haigeantach is bhí sé roimhe sin. Ina dhiaidh sin thug sé a cheann ariamh as gach gleo nó go dtí lá amháin a bhí sé fhéin agus fear darbh' ainm Laoghaire ag marcaidheacht ar chapall. Bhí Laoghaire ina shuide ar a chúlaibh ag Cúchulainn agus an capall ag siubhal go suaimhneach nuair atchí siad chuca triúr clainne Chailitine agus a gcuid sleaghach dearg réidh leo. Ar theacht dóbhtha fa fhad urchair, chaith fear aca a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht dóigheadh a lámh léithe. Chaith an dara fear a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht anois bhí an dá láimh dóighte aige. Ar seisean le Laoghaire: 'Tá mo lámha-sa dóighte agus mura gceapa tusa sleagh an treas fir gheanfaidh sí olc.' Ní rabh ann acht go rabh na focla as a bhéal nuair a thainic an tsleagh, bhuail sí Cúchulainn sa bhrollach, chuaidh trasna fríd, agus chuaidh a bárr go héadtrom i bhfastódh i Laoghaire taobh thiar dó. "Tá mé marbh," arsa Laoghaire. 'Is maith mar tá an té ar thomhais an tsleagh a bealach fríd a chorp sul a dtainic sí 'do chóir,' arsa Cúchulainn. "Le sin thainic mearbhlán ina chionn agus thuit sé ina chnap go talamh. 'Bheir leat mé,' ar seisean le Laoghaire, 'síos go dtí an loch sin thíos go nighe tú an fhuil díom sul a ngléastar mé fa choinne na huaighe.' Goidé bhí sa loch acht dobhar-chú agus chuir sé boladh na fola agus tarraing uirthi. Bhí amharc na súl caillte ag Cúchulainn an tráth seo. "'Tchím dobhar-chú ag tarraingt orainn,' arsa Laoghaire. 'Is fearr dúinn an bealach a fhágháil.' 'Céim ar gcúl roimhe mo námhaid ní theachaidh mé ariamh go fóill agus ní fiú damh toiseacht anois, marbh atá mé ar sgor ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Leag mo lámh ar chloich,' ar seisean le Laoghaire. Leag. 'Innis damh, ar seisean, 'nuair a bhéas sé fa dhá léim damh.' D'innis. Chaith Cúchulainn an chloch agus mharbh an dobhar-chú léithe. 'Goidé mar chuaidh an t-urchar sin?' ar seisean le Laoghaire. 'Goidé mar chuaidh gach urchar ariamh dár chaith tú?' arsa Laoghaire. 'Go díreach,' arsa Cúchulainn. 'Cú mó chéad éacht agus cú m'éacht deireannach.' Luigh sé síos annsin agus fuair bás. "Chuaidh an sgéala amach go rabh Cúchulainn marbh. Chruinnigh a bhunadh agus thóg siad uallán caointe nár cluineadh ariamh a leithéid i nÉirinn. Annsin tógadh an corp ar ghuailneachaibh fear. Tugadh 'un na huaighe é agus cuireadh é. "Dálta gach duine a innseas sgéal maith air fhéin, bhí mise ar an tórradh. Ag teacht 'un a' bhaile tráthnóna dúinn bhí sé ag tuitim síos le tráigh. An sgaifte bhí in mo chuideachta ní chuirfeadh seacht gcatha na Féine agus bíodh siad ann - as a gcionn nach rabh sé tana go leor le fagháil trasna ar an fhearsaid. Chuaidh siad-san an t-áth, chuaidh mise an clochán, báitheadh iad-san agus thainic mise." | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4100 |
2,732 | Cuireadh Mhaoil Uí Mhananáin | — | — | An Craoibhín | 1831 | 19 | prose | (B.Á.C.: Ollsgoil na hÉireann, 1930) | 7,907 | 1,976 | LÁ oireachtais agus mórdháil sluágh do ceapadh agus do comóradh le Fionn mac Cumhaill agus le uaisle na Féine ar an mórchnoc dá ngoirthear an tan so Collán a dTuathmhumhain. Ar dtionól agus ar chruinniú dona sluaighte ar aon bhall agus ar amharc na mara agus na tíre iona mórdtimcheall dóibh, go bhfeacadar chúcha a bhfánghleanntaibh an tsléibhe anoir neas óglaoch beag cnámhach mór-cheannach, gan folt gan féasóg air, agus go mba samhail le bád broinn-fhairsing rámhad gach bróg don dá bhróig shalacha shál-bhriste bhí ar a chrúbaibh coirtrithe lorg-dhóite, agus gach mall-choiscéim dá dtugach na iomlot siubhail go spréachach mór bharaille grealluidhe agus uisge air féin agus ar a mhásaibh creatbhuidhe ionas go mba mhór an fhéidhm dó dá siubhalach míle fearain san ló. Is amhla bhí agus urra chaite lom-snáitheach uime agus lorg-fhearsad shleamhain iarainn iona láimh dheas aige, agus ceann cána cam clochbhuadhach ar théad mar cómhartha giolla turais nú coisidhe. Déinis go réimdhíreach tríd an sluagh go dtáinig a láthair an Ríogh féine agus beannuigheas d'Fionn go foisteanach binnbhriathrach, agus freagras Fionn an beannacha mar an ccéadna, agus fiafruigeas sgéal don fhear bheag, agus cé an flaith dá bhfóghanach. "Dom féin do gním feidhm" ar an fear beag, "agus tá mo lios agus mo dhún comhnuighthe féin san tír seo a bhfogus duit, agus gan cíos agadsa orm." "Créad is ainm duit a fhir bhig "ar Fionn. "Maol Ua Mananáin is ainm domhsa," ar sé; "agus mo dhún mór láimh leat, agus le cuire comhaltais agus dinéir na hoidhche anocht thángas chughadsa, agus chun na Féine uile anis don dul so," ar sé. "Maiseadh, ' ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, is ceart gur mór an tórrúadhach agus an fear saothair tusa, agus bheith ar ccumas duit dinéir ná fós súipéar do thabhairt don oiread so daoine a naonfheacht, óir is mór an muirear aon oidhche an Fhian." "Is fírinneach sin a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "ná bíonn do thórrúacas ná do churaigheacht agamsa acht naoi n-iomaire cruineachta gach bliadhain." "Maiseadh," ar Fionn, "a Mhaoil Uí Mhananáin, tá sin ró bheag chun súipéir na Féine anocht." "Ní bhfuil a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "óir bíonn nao mór-chruachaibh cruineachta ar gach iomaire díob síud, agus sibhse uile seacht ccatha na Féine agus fós 30 catha na hAithfhéinne, do bhéarfa an chruach is táire díobh súd arán míosa dóibh." "Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin, ar Fionn. " Ní maith a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir cómh luath agus a bhíos an chruach agus ceire fichid úd bainte ceangailte cruachda, tig muir aon oidhche orra, agus tógas uaim, béal na fairge móire, gach déas agus gach gráinne díobh." "Ó! tá an donas go léir ann san ort, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "Is fírinneach nách fuil a Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "óir is bláthmhar díonmhar ceangailte d'fhágann sí agam ag baile san iothlainn gach déas agus gach gráinne dí ar maidin." "Is maith sin a Mhaoil Uí Mhananáin" ar Fionn. "Ní maith a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir atá trí ba maola odhra agamsa agus cómhluath agus gheibh siad iad siúd ag baile tugaid ionsuidhe oidhche agus bíonn gach déas agus gach gráinne dí pollta ite aco ar maidin." "Tá an donas ar fad annsin ort a Mhaoil Uí Mhananáin" ar Fionn. "Ní bhfuil a Fhinn" ar Maol Ua Mananáin, "óir mnáibh Éireann uile agus a mbeith ar aon bhall agus árthaigh Éireann uile aco do líonfaidh iad gach maidean agus gach neóin le lacht na dtrí mbó úd." "Is maith sin, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "A ccead duit a Fhinn, ní maith; óir atá trí tuirc agamsa, agus cómhluath agus bhíos an lacht úd uile crúite, ólaid agus dortaid gach braon agus gach deór de, d' aimhdheoin caogad fear bhíos dá ccosaint gach tráith." "Ó is iongnadh mór liom nó tá an donas go fírinneach annsin ort, a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn. "Ní bhfuil a Fhinn, ar Maol Ua Mananáin, "óir an torc is táire díobh siud atá mór throigh soille a cclár éadain, ball is luime a muic ná mart ar bith, agus sibhse seacht gcatha na Féine, agus fós deich ccatha fithchiod na hAithfhéine, gheobhach sibh uile bhúr sáith feóla dí, agus níor lughaide a léim, a rith, a cabhail ná a cuid feóla, ar na mháireach é, agus dogheabhthá le marbhughadh mar sin gach lá í." Ansan labhras Conán agus as eadh adubhairt "Croidhe cruaidh ar an bhFéin níor dhóig go mbeadh do shonas orra a samhail sin de mhuic do bheith aco, agus an mhéid do theastóchadh sí uatha." "Ná bíodh cás ort a ghaiscidhigh," ar Maol Ua Mananáin. "dogheobhair féin agus an Fhian bhur sáith dí siúd anocht: agus is ceart go bhfaghthar fear san bhFéin do shiubhalfaidh liomsa agus choiméadfaidh mé go traithneónach anocht." "Maiseadh a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Fionn, "is dóigh liomsa gur dithcheall duitse na bróga sin ort d'iompchar go traithneóna agus gan dul a ccomórtas ratha le aon duine don Fhéin." "Ná tabhair drochthuairim dom a Fhionn, ach cuir fear maith liom agus b'fhéidir nár bheag leis fheabhas do shiubhalfainn." "Cé choiméadfas Maol Ua Meananáin?" ar Fionn. "Coiméadfaidh mise é," ar Diarmuid Ua Duibhne, "gídh gur leisg liom aon duine dom fhaicsint a ccómhshiubhal le na shamhail." "Ná bíodh cás ort a Dhiarmuid," ar Maol Ua Mananáin, óir ní móide gur fada bheidh mise a naonacht leat agus bhéara an tráthneóna sgéala dhúinn ar an iomlán," ar sé. Airsin gluaiseas Maol Ua Mananáin uatha agus leanas Diarmuid é go haimhleisg, agus ba ghearr nár léir dó cár ghaibh uaidh; óir ba shamhail le ruathar garbh gaoithe lá tirim Márta a' gabháil do mhaoilinn carraigreach an ruathar tréan ratha bhí fá Mhaol Ua Mananáin an tráith sin, agus gan cumas ag Diarmuid ar dhul 'na ghaor acht mar a bheadh ar dhul ag marcuidheacht ar an ngeallaigh. Tugann Maol Ua Mananáin aghaidh ar Calaith na hAille Ruadh síos, agus do léim go húr-éadrom tar Sionainn anonn, go Gleann Rána ar a ngoirthear an tan go Gleann an Ridire, agus go réimdhíreach don Mhongartaigh mhongbhuidhe taobh le loch áluinn Léin, agus as sin go Cuan Fionntráigh, as sin go Carraig Dhúin na mbarc a Laighnibh. Ann sin níorbh fheas do Dhiarmuid cár ghaibh Maol Ua Mananáin uaidh; agus féachas na ceithre hárdaibh iona thimcheall agus níorbh fheas dó god é an t-árd d'Éirinn a ngeobhadh ar lorg Mhaoil Uí Mhananáin, agus é féin cortha suaite sáruithe, lán d'ocras agus de náire. Agus do cheap sé síne ar an mbán glas agus a reast do bheith déanta aige, agus triall air ais chun na Féine cómh maith agus d'fhéadfadh. Níor chian dó mar sin agus codladh trom ag teacht air, an tan bhíodhgas as a néall, agus ar fhéachaint iona thimcheall do, chonairc Maol Ua Mananáin fá bhun na carraige agus a bhróga móra len' ais agus a chuid éadaighe uile in a fhiadhnuise, agus é dá n-aisce go luathléir. Éirgheas Diarmuid agus déineas ar Mhaol Ua Mananáin, agus innseas dó gur mhithidh dóibh triall abhaile feasda agus caoi bídh do chur ar an bhFéin. "A Dhiarmuid, ' ar Maol Ua Mananáin, "is suarach mó chás ionatsa agus san bhFéinn" ar sé, "Créad é an t-éileamh atá agad orm?" ar sé. "Is dual," ar Diarmuid "gur ceart do gach n-aon a gheallamhaint do chóimhlíonadh agus sin fáth mo éileamh ort." "Do gheall tusa ar maidin mise do choiméad go nuig an oidhche 'nocht agus níor chómhlíonais é, agus gé beag an meas do bhí agad orm ar maidin, is lugha ná san mo mheas ortsa anis," ar Maol Ua Mananáin, ag buala a bhróga agus éadach air, ar phrap na súl, agus a' rith a ccómhluas na gaoithe síos uaidh chum Cúige Uladh badh thuaidh, agus níor stad don tréan-ruathar soin go ráinig go Dún na nGall, agus gan ar ccumas do Dhiarmuid teacht 'na chómhair acht oiread agus do rachadh a mbronnaibh na spéire. Ó Dhun na nGall tugan Maol Ua Mananáin aghaidh aníos trí Chúige Chonnacht go réim-dhíreach go ráinig go Glaise a mBoirinn, agus Diarmuid a nionad radhairc dó go troigh-mhall speairtchosach. As sin tháinig a measg caraigibh na Bóirne. Níorbh fheas do Dhiarmuid créad an t-ard ar ghaibh Maol Ua Mananáin uaidh ná cá ngeobhadh ar a lorg, agus measas tarraingt ar lorg na Féine. Le sin déineas go réimdhíreach ar Challán mar ar fhág an Fhian ar maidin, agus éirgheas de thóruigheacht Mhaoil Uí Mhananáin, óir bhí sé suaithte sáruithe salach san am céadna, gan a sgéal féin ná sgéal duine eile aige. Agus ar dteacht ar mhaoilinn Chollán dó, ní bhfuair tuaraisg na Féinne ann, agus néalaibh dorcha na hoidhche ag teacht. Déineas ó dheas go díreach ó Chollán le fánadh go ráinig don cheann thoir do Dhúbhlach agus do Shámhlaig agus níor chian uaidh ar thaobh an tsléibhe caol-teach Olltach, agus triallas go réimdhíreach agus táinig isteach ann súil go bhfaigheach sgéala ann ó'n bhFéinn nó tuairisg cá rabhadar. Agus créad fuair ann acht Maol Ua Mananáin sínte ar a dhrom ar an úrlár a' gabháil crónáin go bog binn agus glas-luachair croite ar fuaid an tighe aige. Suidheas Diarmuid ar an ndoras le heagla go rithfeadh Maol Ua Mananáin uaidh ní bhus mó, agus cuireas lámh ar dhornchlann a chlaidhimh, agus fiafruigheas do Mhaol Ua Mananáin an é sin a thig. "Is ceann dom thighthibh é," ar Maol Ua Mananáin. "Maise! a Mhaoil Uí Mhananáin," ar Diarmuid, "ní bhfáigh' an fhian ná an ficheamhadh cuid díobh sligh san tigh seo anocht." "An chuid nach bhfaighadh sligh astig díobh faghaidís amuigh ar an ccnoc é fá chomhdach na spéire. Seinnse do stoc gairme a Dhiarmuid," ar sé, "agus cluinfidh siad tú, óir ní cian uait iad. Annsan siar ag pioca duillisg, am dhóith, atáid ó mhaidian." Do sheinn Diarmuid, agus chualaig an Fhian é, agus gluaisid d'aon bhuidhean go rángadar go bothán Mhaoil Uí Mhananáin; agus cuireas Maol UaMananáin fáilte roimh Fhionn, agus freagras Fionn dó, agus fiafruigheas dé an é sin a thigh, agus innseas Maol Ua Mananáin dó gurb é: "Maise," ar Fionn, "tá an teach so ró chumhang dhuit féin má tá aon mhuirear ort." Ar Maol Ua Mananáin "a Fhinn tá naoi gcúiple san tigh seo, agus goirse asteach naoi naonbhair a naghaidh gach cúpla díobh, agus do réir mar bheidh sligh aco soin imóim leis an ccuid eile. Do déanamh amhla soin; agus ar mbeith astigh don uimhir sin ba mhó slighe an tigh go mór ná roimhe sin. Annsan adubhairt Maol Ua Mananáin iad do sgaoile le chéile asteach, agus an tan bhíodar le chéile astig do gheabhach oiread eile sligh san tigh chéadna. Suidheas gach n-aon díobh síos timcheall an tigh do réir a chéime agus fanaid ar an slighe sin aga fhada go dtáinig an fuacht ar Chonán is mó dá mb'éidir le neach d'fhulaing, agus adubhairt leis an bhfear ba neasa dó go n-éagfadh le fuacht muna bhfaghach ní éigin do dhéanfadh teas dó; agus d'féach chum an taoibh thuas don tigh agus chonairc Maol Óg Ua Mananáin 'na shuidhe ar shuidhiste ceathairchúinneach portaigh mór do bhain Brian breallach dó thuas a pportaicc an Charain Chraobhaigh le sleághan maolbheannach, agus a thrí nó cheathar de smeachaidígh dubha aige idir a dhá chois cnámh-dhóighte go bolg agus lom-bhléan creatbhuidhe. Is amhla do bhí an Maol Óg sin agus a cheannstollach stuacach carrach air, ba samhail le mór-thor dlúith cómhchruinn aitinne, agus gach uair do chuireadh a cham-chrúca lom-mhéarach fad-ingneach suas agus chuireadh tora na sgríbe sin ar na smeachaidibh ba chlos ar fuaid an tighe an siosán agus an pléasgarnach bhíodh aige. "Druid as san," ar Conán, "go bhfeicad a' bhfaighinn mé féin do théidheamh leis na smeachaidibh sin." "Ní dhruidfead," ar Maol Óg, "óir is fírinneach gur scrathánach meathta mílaochais tú, agus bheith a' brath ormsa agus ar mo dhá smeachaide." Buaileann Conán a chos faoi, chum a chaite as an slighe. Air sin tógas Maol Óg suas a chaol-spág agus buaileas Conán ar a thóin, agus féachas Conán iona thimcheall, d'eagla go raibh an Fhian ag féachaint air. Do b'éigean dó fuireach annsoin. Agus buaileas an fuacht céadna fear eile don Fhéin, dárbh ainm Faolán Fial mac an Fheamhuir, agus adubhairt iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán teas isna smeachaidibh ní fhanfadh sé ann chómh fada so." Triallas Faolán agus fiafruigheas do Chonán an raibh aon teas san teine sin. "Mo chroidhe nár cráitear" ar Conán, "má chonnarcais bruith Fian riamh ná oighean bhéil-teine a dTeamhair is mó teas ná an teine seo." "Cá suidhfe mise?" ar Faolán. "Caith as soin an phéist sin," ar Conán, "agus suidh ann' áit." Tógas Faolán a chos chum Maol Óg do chur as an slighe. Airsin tógas Maol Óg a chaol-spág cnámh-dhóite go bolg agus buaileas Faolán treasna an dá lorgain agus briseas go mion-bhrúite mar chosa Chonáin iad. Tuiteas Faolán taobh ar thaobh le Conán a bhfochair Mhaoil Óig Uí Mhananáin. Buaileas an fuacht taoiseach eile don Fhéin dárbh ainm Caoilte luath-chosach Mac Rónáin, agus adubhairt iona mheanmain "muna bhfaigheadh Conán agus Faolán teas ósna smeachaidibh úd ná fanfadís ann an fhaid seo;" agus gluaiseas, agus fiafruigheas do Chonán an raibh aon teas an sa marbh-theine sin. Adubhairt Conán ná feacaig riamh ní ba solásaigh, "agus," ar sé, "caitha soin an rud soin, agus suidh a n áit." Tógas Caoilte a chos chum Maoil Óig do chaitheamh as a shligh; agus tógas Maol Óg a chaol-spág agus buaileas Caoilte go mear treasna an dá lorgan agus briseas mar an gcéadna iad. Tuiteas Caoilte taobh leis an mbeirt eile agus fanaid annsin le chéile. Eirgheas Maol Ua Mananáin agus aseadh adubhairt: "a Fhinn mhic Chumhaill," ar sé, "is mór na scrathánaigh na fir seo agat agus a bheith a gcomórtas le Maol charrac so agamsa." Annson téidheann suas go nuig na fir cos-bhriste agus adubhairt "éirghidh suas a sgraithairnighe," arsé, "agus dochar ar an té dubhairt riamh go mba fir mhaithe an Fhian, más mar sin atá an chuid eile agaibh." Airsin preabas Conán, Faolán agus Caoilte iona seasamh cómh slán-chosach agus bhíodar riamh. Téidhid suas agus suidhid a measg chách. Ansin labhrais Conán agus adubhairt: a " Mhaoil Uí Mhananáin is bás don ocras atá fonn ort a thabhairt don Fhéin anocht, agus ba dhuineamhla dhuit léigion dóibh ar a bhfádhmur féin ó mhaidin 'ná a dtabhairt don tigh seo dá bhfonomhaid." "A Chonáin" ar Maol Ua Mananáin," tá na trí tuirc do luadh mise libh annsoin amuigh iona bhfail, agus tugadh fear agaibhse asteach bhur rogha díobh, agus cuirigh a gcóir díbh féin é, óir níl feadhmantóir tighe ná lucht friotháil agamsa anocht, acht mar is léir duit, Maol Óg Ua Mananáin." Imthigheas Conán amach agus fuair na tuirc iona bhfail, agus ba ádhbhal-mhór leis an reamhracht do bhí ionnta, agus déineas togha den torc ba sia isteach, agus an tan mhothaigh an torc Conán ag breith ar a chois preabas agus buaileas Conán faoi thóin an chro, agus rithid na trí tuirc amach, agus ritheas Conán iona ndiaidh. Rithid fo choillte na cathrach móire, as soin go Coill Dhoire na Liceadh, ó Choill Dhoire na Liceadh go Cluain Áiris, agus cailleas Conán a gcoill Cluain Áiris iad. Filleann tar ais go troigh-mhall cos-trom suaite sáruithe salach go nuig an bhFéinn go hárus Mhaoil Uí Mhananáin, agus suidheas a measg chách go ceann-chrom malaidh-náireach. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin de Chonán "gá bhfuil an torc." Freagras Conán agus adubhairt: "bé áit a bhfuil na tuirc ní fheacfa tusa go lá iad ná go moch a máireach," agus innseas d'Fhionn agus don Fhéin gach conair dár ghaibh iona ndiaidh. "A Fhinn Mhic Chumhaill," ar Maol Ua Mananáin, "is bréagach an sluagh an Fhian, más mar Chonán atáid uile." "Maiseadh," ar Fionn, "gebé anntlás eile bhí an Conán ní fheacamair a bheag ná a mhór dá bhréagaibh riamh roimhe seo." "Maiseadh!" ar Maol Ua Mananáin dá mbudh é do thoil dul amach do-gheabhthá na trí tuirc iona ccodladh iona ccró, agus, "ar Maol Ua Mananáin, "cé eile do-bhéarfas an torc asteac?" Imthigheas Diarmuid agus téidheas amach chum go mbeith fhios aige an bréag do rinn Conán, agus do-gheibh na trí tuirc iona ccodladh iona ccró, agus adubhairt iona mheanmuin gurab í sin an chéad bhréag do chualaidh ó Chonán riamh. Féachas na trí tuirc agus déineas rogha don torc ba sia asteach. Beireas ar chois uirthe. An uair mhothuigh an torc Diarmuid a' breith ar chois air preabas agus buaileas Diarmuid fá thóin an chro, agus rithid amach, agus sul ráinig an torc tar doras fuair Diarmuid greim ar earball air agus coinnigheas an greim sin uirthi síos go Coill Chúil na Slighe; ar soin go Cathair dá Choin. Ansoin tugaid na tuirc a n-aghaidh ar an Sionainn agus Diarmuid mar aon leo. Gidheadh cailleann Diarmuid a ghreim ansa tsnámh agus leanann na tuirc go Coill Biadhaille agus cailleas annsoin iad. Filleas Diarmuid ar ais go suaidhte sáruighthe salach, agus suidheas a measg na Féinne go ceann-chrom malaidh-náireach. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin dé cá bhfuil an torc. Adubhairt Diarmuid nárbh fheas do acht gur chaill féin a ccómhluadar a cCoill Biadhaille agus gur bhaoghal don Fhéin a bheith gan súipéar má's ag braith ar na tuirc úd do bhíodar. "A uasail Fhinn," ar Maol Ua Mananáin "dá mb'é do thoil dul amach dogheabhthá na trí tuirc úd iona ccodladh iona ccró." "Maiseadh ní hé" ar Fionn, "óir ní raibh de bhréaga a nDiarmuid riamh ach a ndéanadh sé de bhladar le mnáibh, agus," ar Fionn, "ní rachadsa ag déanamh amhrais air." "Cé eile bhéarfas an torc asteach?" ar Maol Ua Mananáin. "Rachadsa dá iarradh" ar Caoilte "bíodh gur leisg liom é, d éis na díse deaghlaoch chuaidh ann reomham." Triallas Caoilte chum an chró agus gheibh na trí tuirc iona ccodla ann, agus ba iongnadh mhór leis Conán ná Diarmuid ag déanamh bréige dá dtaoibh. Láimhsigheas na tuirc agus beireas go feidhm-láidir ar iosgaid ar an dtorc do bhí a dtóin an chró. An uair mhothaigh an torc an duine, preabas agus ritheas amach mar aon leis an dá thorc eile, agus buailtear Caoilte fá'n mballa. Mar sin féin le mór-thapacht agus le lúthmhaireacht Chaoilte do bhí greim earbaill aige sul a chuaidh péirse uaidh. Rithid na tuirc a ccómhluas na gaoithe chum Móinmhóir, siar as soin go Cathair na hAonmhná, ar ais chum Trágh na Croise, agus treasna as soin go Cathair Chiarraighe, agus do choinnigh Caoilte an sleamhain-ghreim ar an earball an fhaid sin. Tugas na tuirc a n-aghaidh ar Ghleann na nGealt, go Sliabh Luachradh, as soin go Fionn-Trágh, as soin go Gleann an Smól a cConntae ghlan áluinn Chorcaighe, agus a gabháil taoibh an ghleanna do Chaoilte sleamhnuigheas a chos uaidh agus cailleas a ghreim agus radharc na dtorc mar aon leis. Triallas Caoilte tar ais go suaithte salach sáruighte agus tigeas asteach go cúthail ceann-chrom agus suidheas go gruaidh-náireach a measg na Féine. Fiafruigheas Maol Ua Mananáin de cá bhfuil na tuirc. Adubhairt Caoilte nach raibh maith san t-seanchas acht gur fhág sé féin a nGleann an Smóil a gConntae Chorcaighe iad. "A uasail Fhinn," ar Maol Ua Mananáin, "táid siad amuigh iona bhfail iona ccodla agus cé eile do bhéarfas an torc isteach" . "Ní rachaidh aon don Fhéin a' tabhairt aon torc isteach go lá, ' ar Fionn, "óir dá dtugadh lúth neart agus ruith isteach é is fada ó bheadh sé astigh." "Maise! a Mhaoil Óig Uí Mhananáin" Maol Críonna "más náire don Fhéin é, tabhairse isteach an torc." "Ba chóra dona scrathánaibh féin a thabhairt leo, ós siad nár chléith chum í ithe." Ar an uair sin imthigheas amach agus ar phreaba na súl do bhí astigh agus an torc aige ar ghreim chluaise agus earbaill, agus fágbhas ar cheart-lár an úrláir é, agus suidheas as cionn a dhá smeachaide. Eirgheas Maol Ua Mananáin agus órd gabhan aige agus fiafruigheas "cé bhuailfeas an torc ó fuaireamar istigh é." "Cuirfimíd a n-iúl dí ar bhain sé de rith asainn anocht," ar Conán. Annsan beireas ar an órd agus tigeas as cómhair an tuirc agus buaileas go feidm-láidir an torc a cceart-lár an éadain. An uair mhothaigh an torc gaoth an bhuille ag teacht air, tógbhas a cheann a ccuinne an bhuille, agus cuireas grontha as, agus buaileas Conán go hanásda faoi thóin an tighe, agus leointear ceithre asna iona thaobh, agus níor mhothuig ruibe a malain an tuirc le na bhuille. Caitheas Conán an t-órd uaidh agus suidheas go ceann-náireach tineasnach, a measg na Féine. "Cé eile do bhuailfeas an torc?" ar Maol Ua Mananáin. Eirgheas Diarmuid agus beireas ar an órd agus tig as comair an tuirc agus buaileas tréan-bhuille a cclár an éadain air. Tógbhas an torc a cheann agus buaileas Diarmuid faoi thóin an tighe mar do rinne le Conán, acht nár ghortuigh aon asna ann. Caitheas Diarmuid an t-órd uaidh agus suidheas a measg chách, mar Chonán. "Éirigh a Goill Mic Mhóirne agus buail an torc, ' ar Fionn. "Dá leagadh neart é," ar Goll, "do buaileadh reomham é." Éirgheas Goll agus beireas ar an órd agus buaileas tréan-bhuille ar éadan an tuirc agus cuirtear é féin go nuig a dhá ghlúin san úrlár chruaidh le feidhm an bhuille. "Beir buadh a ghaiscidhigh," ar Maol Ua Mananáin, "is maith an buille do bhuailis." Tarraingeas Goll é féin as an úrlár go luthmhar láidir deaghthapa, agus, mar sin féin, ní bhuailfeadh an torc ní bhus mó. "A Mhaoil Óig Uí Mhananáin" ar Maol Críonna, "éirigh agus buail an torc." "Budh ar a luighead dona scraistigh féin a chur a ccóir dóibh féin ó fuaireadar istigh é." Éirgheas Maol Óg Ua Mananáin agus beireas ar a shean-mháilléidín agus buaileas an torc san ruibe agus leagas go lár agus go lán-talamh é, agus beireas ar a sgéin agus tair ingeas a chuid fola go luath éasga. Beireas ar choinlín choirce agus loisgeas ó bharra a earbaill é go bárr a shrón. Scriosas agus glanas é agus gearras 'na trí roinnt cómhthroma an trí h-íanaibh le na sháith uisge ghlan iona thimcheall, agus fágann annsan é, agus suidheas as cionn a dhá smeachaide. "Crádh do chroicinn chughad!" Conán "ó's tú do bhuaidh orainn uile. Créad fáth nár chuiris sórt éigin teine faoi siúd?" Annsan labhras Maol Ó Mananáin agus adubhairt: "a ghaiscidhigh ní teine ná teas saoghalta do bheirbhigheas an fheoil úd, acht trí sgéalta fírinneacha." "Maiseadh!" ar Conán, "is fuiris don Fhéin céad sgéal fírinneach d'innsint ar an anródh, agus is cóir go bhfuil a cceart aco anocht féin de!" Air sin osglann dóirsín dreóil cnapach cumhang slat agus gad, do bhí ar an dtaoibh astig de smeachaidibh Mhaoil Óig Uí Mhananáin, agus tig chúcha amach an fhinnebhean do b'áilne dá bhfeacaig súil duine riamh, ionnas gur shoillsigh an tigh uile ar dteacht amach dí le fír-ghile a cnis agus a héadain, agus níor chómhachtach ughdar san mbith ar thrian a scéimhe do chur a n-eagar ná d'fhaisnéis. Féachas go modhmhail maorga ar an bhFéin uile, agus beannuigheas d'Fhionn Mac Cumhaill, agus fáiltigheas roimhe agus roimh uaisle na Féine mar an ccéadna, ionnas gur thuig gach fear don Fhéin gur fháiltigh roimhe féin fo leith. Ar leagadh na súl, suidheann an righ-bhean fhíoráluinn síos, agus adubhairt: "A Fhinn Mhic Chumhaill," ar sí," is méin liom féin trian na feóla so bhruith ar do los, an uair 'néosad duit gé mé féin agus cionnas do thángas go hÉirinn. Bí a fhios agad a Uasail Fhinn gur óigbhean mise inghean do Raemon tréanbhuilleach, rígh Inse Thuile, oileán fairsing toirteamhail atá cúig stáide fichead ar faid ó'n dtaobh thuaidh den Chrios Ghrianda, siar ó dheas ó'n mBreatain Mhóir. Is críoch fhairsing fholláin thoramhail í, ná goilleann teas, fearthain ná fuacht ar neach innte do chuireach ó theas na gréine fo dhuille na gcrann é, ná chum na teine leis an bhfuacht é. Mar an gcéadna ní ghoilleann teas ná fuacht ar aon nídh innte. Atá dá fhichid stáid iona thímpchioll agus is aoibhinn féar agus duilleabhar bláth innte. Is fada saoghal duine agus is aoibhinn a bheatha innte. Ba rí ceart-bhreathach cómhachtach Réamon tréan-bhuilleach agus ba mhór a choidreamh le righthibh agus le cómhachtaibh eile gach críche ba neasa dó, agus ba mhór a dtráchtáil leis, agus le na mhuinntir; agus ba mhinic a dtúirlint chum a chúirte idir óg agus aosta. A measg gach n-aon dá dtigeadh ann tháinig an tréan-óg-fhear dár ba chómhainm Dollar Éachtach Mac Ríogh na Sorcha Móire. Is gairid gur chuir sé féin agus mo dhearbhráthair féin dárbh ainm Borb na dTreas coidreamh ar a chéile, agus a gcúrsa an dá mhí do chaith Mac Ríogh Sorcha a ccúirt Ríogh Inse Tuile thug fá ndeara mé féin agus gan mé acht a n-aois mo dá bhliadhain déag an tan soin, agus iarras ar m'athair mé le pósa. Mar ba thír ró-chómhachtach an Sorcha níor mheas m'athair diultadh obann ná anásda do thabhairt do Mhac Ríogh na Sorcha, agus adubhairt go rabhas féin ró-óg fós, agus ná tabhrach d'fhear ar bith mé acht le mo thoil féin. Le sin labhras Dollar Éachtach le mo dhearbhráthair féin Borb-na-dtreas, agus fiafruigheas de créad do dhéanfadh; agus do innis dó nár bheo dho muna bhfaghadh Eithne ór-fholtach le pósa, <óir bíodh a fhios agad a Fhinn" ar sí "gurab é sin m'ainm>. Air sin tig an dias go nuig mé féin, agus innseas Borb dom an mhór-shearc do bhí ag Mac Ríogh na Sorcha dom, agus nár mhór do mé d'fhághail mar mhnaoi. "Maise! a Bhuirb táim ró-óg fós chum pósa agus tairis sin ní bhfáighinn ó m'aigne Dollar do phósa, agus ní thuigim go dtiubhradh m'athair. dó mé tar mo thoil. Tá fhios aige go mbíonn pósadh róthoirmeasgach." Air sin innseas do Dhollar an freagra fuair, agus ba feargach buartha do bhí Mac Ríogh Sorcha de sin; agus adubhairt: "is dóigh liom a Bhuirb go dtiocfaidh olc mór don diúltadh soin Eithne dómhsa, óir ní beo mise muna mbeidh sí agam 'na mnaoi, d'ais nú d'éigin." Le sin cuireas na seirbhísig eich agus a charbaid le chéile go héasga agus gluaiseas abhaile don t-Sorcha, agus innseas d'uaisle na Sorcha agus d'á athair go bhfuair mí-chás agus diúltadh a ccúirt Ríogh Inse Tuile, agus ná tabhrach inghean dó le pósa, agus nár bheo é féin gan í. Air sin cuireas athair teachta go hInis Tuile le sgéala chum m'athar muna dtugadh mé féin mar mhnaoi do Dhollar Éachtach go ccuirfeach sé Inis Tuile ar fad fá ghoin gá agus claidhimh. Ba feargach mo athair den bhagairt dóllánta soin Ríogh na Sorcha, agus adubhairt ná tabhrach, agus a dhíthcheall do dhéanamh. Gluaiseas na teachtaibh abhaile leis a bhfreagradh sin Ríogh Inse Tuile. Tinóltar sluagh na Tíre le Rígh na Sorcha ar aonbhall, gur dhein suas deich míle agus dá-fhichid fear fromhtha fíor-chalma, agus lena sáith airm chum a dtabhairt go hInnse Tuile. Glacaid uile a loingias agus ní hairistear sgéala ortha gur ghabhadar cuan agus caladh-phort a ccuan na mBeomann a nInnis Tuile. Léigid ar chreachadh agus ar losgadh na tíre iona dtimpcheall. Ar rochtain sgéala chum m'athar triallas d'ionnsuidhe mo dhearbhráthair agus a lucht comhairle agus nochtas éirim an sgéal dóibh. Tionóltar sluagha Innse Tuile ar aon bhall, agus fuair é féin iomlán le Mac Ríogh na Sorcha, agus do ghoir chuige Borb-nadtreas, a mhac féin, agus do thug cómhachta do bheith iona thaoiseach orra, agus adubhairt: "Anois ó's éigean duit troid, cómhric go cródhach ar son do thíre agus t'onóra agus onóra do chúirte, óir má geabhaid na Sorchaigh an treise a nInnse Tuile is truagh an tír." Gluaiseas Borb agus sluagh Innse Tuile a ccómhdháil leis, a ccoinne sluagh na Sorcha, agus thugadar tréan-thuargaint agus trom-ghleó dá chéile ionnas gur thuit dá mhíle déag do mhuinntir na Sorcha ann, agus ocht míle do mhuinntir Innse Tuile. An uair do chonnairc an dá thaoiseach díth na sluagh ar gach taobh connairceas dóibh chum cosg do chur ar ní ba mhó fola daonda do dhorta. Do cheap an dá thaoiseach a dtreas d'fhéachaint le chéile, agus dá mbadh é Mac Ríogh na Sorcha do claoidhfidhe ann, muinntir na Sorcha do imtheacht abhaile gan ní ba mhó buaidhreamh do dhéanamh do Rígh Inse Tuile ná dá mhuinntir. Air sin cómhracas an dias tréan-fhear sin le chéile ar feadh cúig lá agus teóra oidhche, gur thuit Dollar Éachtach le mór-bhéimeanna Bhuirb-na-dtreas a cceann an chúigeadh lá, agus níor mhair féin dá éis acht trí huaire an chluig. Do bhí an ríoghacht uile fá scamall dóláis agus dobróin trí éag Bhuirb-na-dtreas, agus bí a fhios agat a Fhinn," ar an Ríghbhean, "go mba thruagh mise féin an uair do chonairc mé mo dhearbhráthair marbh agus an t-ár do bhí ar gach taobh dom' mhuinntir féin, agus d'ár namhaid. Do chailleas mo chiall agus iomlán mo chéadfadh, agus thuiteas a dtámh-néallaibh agus a bhfanntaisibh, agus níor mheas neach go dtiocfainn asda go bráth. Do ghaibh galar agus anbhuain éaga mé, agus ba chruaidh do bhí sé ar leaghaibh agus ar dochtúirígh Innse Tuile agus na ccríoch ba chómhneasa dóibh, a cceann sé mí, a luadh go mairfinn. Gidheadh thánag chugham féin a cceann na rae sin ionnas go dtéidhin gach lá a caoi dreise ar leacht nó ar thuama mo dhearbhráthar. Lá n-aon dá ndeachas ann mar aon le mo bhantracht d'éirigh gaoth árd agus fothram éagsamhail ionnas nárbh fhéidir le aon neach san mbith a mheas ná gurab é deire an domhain nó an tsaoghail do bhí a fogas dúinn, tré ró-mhéid gach sceimhle agus anafa dá dtáinig an tráth sin. Acht fá dheoigh tuirlingeas cóiste órdha agus sé alanaibh clúimh-gheala dá tharraint, anuas am fhíanaise, agus aon óglaoch amháin ann. Beireas orm féin agus fuaduigheas asteach san ccóiste mé ar leaga na súl. Air sin árduighid annsa spéir leó mé sul do ráinig liomsa mo mhnáibh coimhdeachta do ghairm, agus ní bhfuil fáth innste sgéil orm go riachtain go hErinn dúinn, a n-dún agus a ndeagh-bhaile m'fhir pósda atá annsoin láithreach. Ar dteacht ann dúinn do mheas Maol Ua Mananáin a chur d'fhiachaibh orm féin a phósa gan cháirde ar bith. Gidheadh do bhaineas cáirde dhe go ceann lae agus bliadhna gan a phósa a tnúith am éigin don aimsir sin sgéala nó tuairisg d'fagháil ó'm thír ó'm athair agus ó'm mhuintir féin. Níorbh fhéidir le cúirt ríogh ná impire san domhan fhuisíde meas ná urraim do thabhairt dom ná fuaireas a ndún Mhaoil Uí Mhananáin an bhliadhain sin agus ó shoin a leith. d'aontuigheas an uair chuaidh díom aon chunntas d'fagháil ó mo mhuintir féin é phósa. Air sin póstar sinn, agus is maith ceanamhail urramach grádhach an fear é. Lá n-aon a cceann bliadhna d'éis pósta dúinn d'imthigh Maol Ua Mananáin uaim le ocáid éigin don Easpáin agus d'fhan uaim triochad lá gan tuairisg san mbith d'fhagháil uaidh. A cceann na haimsire sin tháinig chugham, agus gaisgidheach ró-álainn mar aon leis, agus go bhfaghach mion-éanlaibh Éireann uile folach agus clúid iona chréachtaibh, óir ní raibh leithead baise dá cholainn gan lot agus créacht, agus cuid aco a bagairt ar bheith marbhthach. Labhras Maol Ua Mananáin agus iarras orm an gaisgidheach soin do ghlaca chugham dá léigheas; óir bí a fhios agad a Uasail Fhinn gur bean leigheis mé. Do innis mé dho go raibh luit an óigfhir ró-dhainnséarach agus go rabhas eaglach nárbh fhéidir a léigheas. Gidheadh ar chómhairle m'fhir pósda do ghlacas chugham fá léigheas é, agus do bhí lá agus bliadhain a n- othar agam go mba slán gan éalaing do a gceann na rae sin. Tháinig chugham féin agus d'fhéach orm agus adubhairt: 'A Eithne ór-fholtac tá mé féin le lá agus bliadhain ar t'úrlár agus fá d'láimh, gur dhéinis slán gan éalaing mé, agus gan fios agad gé mé féin; anois ó táim ag imtheacht uait is méin liom innsint duit gé mé féin agus ag seo seoid ceanamhail d'fhágbhaim agad do chuirfidh ad chuimhne gur shaorais ó'n éag mé. Bíodh a fhios agad a rígh-bhean gur mac mise do Rígh na Spáine, agus gurab é m'ainm Buineán Borra, agus gur goineadh agus gur créachtadh mé le Caol-chrua-bhuilleach Mac Ríogh na hIndia do casag liom san mBreatain Mhóir, agus thugamar comhthrom créacht dá chéile gan fios tláis ná téime ar cheachtair againn. Agus ar fhaicsint an chruith iona rabhas ann don fhear so agadsa thug leis chughad mé. Ag seo sgóraid nó éadach cláir duit, ar sé, ' agus gach uair do leathfar leat amach é dá mbeadh fir Éireann uile agad le cur ar aon bhall chum bídh do-gheobhaid uile a sáith do gach sórt bídh is mian lena dtoil do chaitheamh air; agus fillfe agus eirfhaig an dá chumhainge póca.' Air sin d'imthigh uaim." "Monuar!" ar Conán, "gan a shamhail d'éadach cláir ag an bhFéin, agus is minic do theasdóchadh sé uatha." "Leathfar duit é siúd gan moill, a ghaiscidhigh," ar an rígh-bhean. "Do thárla mé féin trom" ar sí, "an tan do bhí Mac Ríogh na hEaspáine fá léigheas agam, agus an uair chuireas díom an toircheas soin d'iompuig m'fhear orm féin , agus do thóg uaim é, a dtuairim go mba le Mac Ríogh na hEaspáine é; agus le deimhin mo sgéil agus gur choiméad mise m'ionnracas ó aon fhear acht m'fhear féin, agus gur lem' fhear féin an ghein siúd, féachtar an fheoil agus tá a trian beirbhthe." Éirgheas Maol Ua Mananáin go héasga agus goireas Fionn Mac Cumhaill leis agus fuaireadar trian an tuirc beirbhthe. Ba lúthgháir mhór le Maol Ua Mananáin sin, agus ba mhór meas Fhinn ar gheanmnaidheacht na ríogh-mhná. "A Ghoill Mhic Mhóirne," ar sí, "is mór tuairisg do ghoil agus do ghaisce a mbéalaibh suadh agus seanchaidhe na ccríoch ionár dtimpcheall agus bruithfead féin trian eile don fheóil as do los." Gabhas air sin Goll buidheachas le inghin an ríogh. "Bí a fhios agaibh a uaisle" "a cceann bliadhna eile d'éis Mac Ríogh na Sorcha d'imtheacht go dtug an fear so Maol Ua Mananáin chugham gaiscidheach grianmhar gníomh-éachtach eile agus go mba shamhail le spóla do scorálfach cócaire chum a phroinne gach leathad sgiatháin féileacáin dá cholainn gheal-sgáileach le cneadh dubha dúire dó-leighiste, agus go leór d'ádhbhar gnáis agus gránacht do neach san mbith amharc súl d'fhagháil air. Labhras Maol liom agus adubhairt: "A shearc tar mhnáibh an domhain" "féach ar chruith an óigfhir seo agus glac chugad fá léigheas é, óir is mór mo ghrádhsa do agus a chomann orm." "A Mhaoil Uí Mhananáin tá fhios agad féin nach ceart dómhsa othar san mbith do ghlaca fá m'láimh." "Mar sin féin ar mo ghrádhsa glac chugad é," ar Maol. Air sin do ghabhas chugam fá m'láimh é, agus a cceann bliadhna do bhí léighiste slánchréachtach agam. Táinig chugham agus adubhairt: "A inghin Innse Tuile is tú thóg ó éag mé, agus bí a fhios agad a rígh-bhean", ar sé, "gur mise Lugh leabhairghéagach mac Ríogh agus Impire na Gearmáine agus gur a n-Albain do créachtadh mé mar do chonnaircis mé le Sgiathán Sgiath-shollais mac Ríogh Lochlainn. Ag seo" "corn duit agus gach am dá ccuirfidh neach nó duine san mbith chum a bhéil é beidh líonta dá méid deoch is méin leis d'ól, ionnas fir an domhain go n-ólfach a sáith do gach sórt ba mhéin leo d'ól", is ansan d imthigh uaim. Do ráinig torcheas chugham an bhliadhain sin do bhí Mac an Impire fá léigheas agam agus do chuir Maol Ua Mananáin a ccéill do féin go mba le Mac an Impire é, agus an uair chuireas díom é tógas an ghein uaim ionnas nach feas dom cár ghaibh leis, acht mar an ccéad ghein ó shoin a leith. De bhrígh a Uasail Fhinn, ar sí, gur bean gan truaill mé féachtar an fheoil, agus tá dá dtrian beirbhthe. Féachag, agus do bhí a dá dtrian beirbhthe mar adubhairt an righ-bhean. Ba mhór lúathgháir Mhaoil Uí Mananáin de sin. "A Dhiarmuid ghlé-mhianaigh Uí Dhuibhne", ar sí, "is méin liom an trian eile don fheoil do bheiriughadh as do los. A cceann bliadhna dá éis sin thug Maol Ua Mananáin óig-fhear eile chugham féin, ní ba mhó luit ná aon don bheirt eile, agus adubhairt: 'a chéile ghil agus iomlán mo shaoghail agus mo bheatha ná smuain ar aon nídh dár imthigh ort, agus glac ar mo ghrádhsa an laoch so, agus bhéarfadsa sásamh lúathgháireach duit fós, a ngach nídh dá bhfuil ag déanamh buairimh duit.' Air sin do ghlacas chugam é gan focal freagra do thabhairt ar Mhaol Ua Mananáin. Do bhí bliadhain a n- othar agam agus a cceann na haimsire sin do ghaibh buidheachas liom agus do innis dom gur Mac do Sholamh Mac Lachtna Rí Lochlann é, 'agus a rígh-bhean' ar sé ' bí a fhios agad gur Sgiathán Sgiath-sholais is ainm dom féin' ar sé, 'agus ag seo brat leapan duit do chlúdóchadh fir Éireann uile fútha agus tórsda ar an machaire is luime san aimsir is fuaire da dtáinig riamh, nó fós dá dtiocfaidh choidhche. Air sin d'imthigh uaim. Agus do theangmhas féin trom an bliadhain chéadna agus ar chur an toirchis sin díom do thóg uaim é mar an ccuid eile ionnas nach bhfeaca a bheag ná mhór dá dtuairisg ó shoin a leith. Agus do bhrígh gur fíor mo chaint agus go bhfuilim geanmnuidhe fós ar gach fear ar dhruim an domhain acht m'fhear fhéin féachtar an fheoil agus tá sí go léir beirbhthe." Éirgheas Maol Ua Mananáin go haosga agus do bhí an fheoil uile réidh. Leagtar buird agus cuireas Conán a sgian a mbarra faobhair agus gearas Maol Ua Mananáin éadan an tuirc agus do bhí mór-throigh soille a cclár an éadain. Druideas Conán asteach chum an bhuird agus goireas an Fhian uile leis agus adubhairt le Maol Ua Mananáin gur mhithid sin, agus nár chaith an Fian súipéar riamh is fearr do cheannaigh féin ná é. Air sin adubhairt Maol Ua Mananáin nárbh fhiú deoch fíor-uisge í. Séideas puith dá anáil fúithe agus preabas an torc amach cómhmaith agus do bhí sí riamh, ionnas ná béarfach an fear dob' fhearr a bhFianuidheacht air. Féachas Conán go cráite ar Maol Ua Mananáin agus adubhairt: "Is annsprid éigin mhalluighthe do chuir ionár sligh indiu tú, agus ba ar a luighead do Fhaolán do Chaoilte agus dómhsa ár sáith dí d'fhágháil tar éis fheabhas agus do cheannuigheamar í, agus tú dá reic linne a dtúis nár lughaide a cabhail ná a cuid feola a rith ná a léim ar na bháireach é," . "Síothcháin a ghaiscidhigh," ar an rígh-bhean, "dogheobhair do mhór-sháith gan mhoill." "Maiseadh am' dhóigh" Conán "is fearr t'fhocal leis ná focal an fhir so thug cuire dinnéir dúinn, agus tar éis gach nídh dár imthigh, chonnarcais féin agus cách créad do rinn sé linn!" Air sin leathas an rígh-bhean an scóraid roimh-ráidhte agus bhí sásamh gach n-aon ar phlátaibh as a ccómhair, do gach sórd bidh dá fheabhas agus dá bhlastacht dá mbéidir do chuimhneamh air. Suidheas an Fhian uile, gach n-aon do réir a chéime, agus suigheas an rígh-bhean mar aon leó, agus Maol Ua Mananáin mar an gcéadna re mórfháilte roimh an bhFéin uile. Ibhid deoch ar a chéile d'éis a mbeith go hiomlán sásda den bhiadh, agus ba sásda iad uile dá ól. Leathas an rígh-bhean an brat do fuair ó Mhac Ríogh Lochlonn agus luigheas an Fhian uile le chéile faoi, agus ba theith tirim sásta gach n-aon aca acht Fionn amháin agus Diarmuid. Do thug tuile seirce agus trom-ghrádh do inghin Riogh Inse Thuile, bean Mhaoil Uí Mhananáin, ionnas nárbh fhéidir leo néall do chodla. Airsin éirgheas Fionn agus téidheas chum an doirsín slat mar a bhfeacaidh Maol Ua Mananáin agus an rígh-bhean a' dul. Agus ar dteacht chum an dorais do, do fuair ró-dhaingean é ionnas nár fhéad a fhosgailt. Air sin tarraingeas chuige a sgian sgoith-ghéar agus cromas ar an doras do ghearra. Éirgheas Diarmuid mar an gcéadna agus tig chum an dorais, acht níor mhothuigh Fionn ann roimhe, ná Fionn eisean. Tarraingeas Diarmuid amach a sgian agus cromas ar an ndoras do ghearra, agus do bhí an dís ag cómh-ghearradh an dorais gan fhios ag aon díobh an fear éile bheith ann, gur éirigh an lá go lán-shoillseach ortha ar na mháireach, agus gá mbeidís acht ar fhaithche na Teamhrach agus an crann pléisiúir fá n-a shuidhidís go minic ó theas na gréine bun-ghearrtha nach mór ag Fionn agus ag Diarmuid d'éis na hoidhche, agus an Fhian uile ar an bhfaithche guirm féar-ghlais, sínte gan luid iompa, a ccuid éadaigh fá na cceannaibh 'na dtoirchim suain. D'fhéach Fionn agus Diarmuid ar a chéile agus fia ruighid dá chéile créad thug an dara fear ann. "A Fhinn," ar Diarmuid, "mo mheas is d'aon aigne bhíomar ar dtúis na hoibre seo." "As eadh gan amhras", ar Fionn, "agus is náir dúinn an chruith iona bhfuil an bile pléisiúir seo againn d'éis na hoidhche. Cuiream 'na suidhe an Fhian," "ar Fionn, agus tréigeam an faithche sul d'éirighidh aon do-chídhfeadh sinn." Déanadh amhla sin. "A Dhiarmuid isé siúd Donn na Doidhche bhí iona Mhaol Ua Mananáin againn ó mhaidin indé, agus d'imir an bheart so orainn d'fhéachaint méin a mhná," ar Fionn. "Nár éirig a phósa leis!" ar Diarmuid, "is maith do cheannuigh mise ó mhaidin indé é, agus ba chóir dúinn Cnoc-an-tsodair do chaitheamh leis an muir." "Ní bhainfeam leis," ar Fionn, "óir is maith an charaid é féin. Deire le na bhfuaireas Miachael Ua hAnnracháin an tan so fá haois an Tighearna 1831 | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2732 |
2,454 | Cúirt an Mheon-Oíche | Merriman, Brian | — | Ó Murchú, Liam P. | 1780 | 18 | poetry | (B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1982) | 8,249 | 2,993 | CÚIRT AN MHEONOÍCHE LE BRIAN MERRÍMAN. BA GNÁTH me ag siúl le ciumhais na habhann Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom, In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe Gan mhairg gan mhoill ar shoilse an lae. Do ghealadh mo chroí an uair chínn Loch Gréine, An talamh 's an tír is íor na spéire, Taitneamhacht aoibhinn suíomh na sléibhte Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile. Do ghealfadh an croí bheadh críon le cianta Caite gan bhrí nó líonta 'o phianta, An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas d'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte Ar lachain 'na scuainte ar chuan gan ceo Is an eala ar a bhfuaid 's í ag gluaiseacht leo, Na héisc le meidhir ag eirghe in airde, Péirse im radhairc go taibhseach tarrbhreac, Dath an locha agus gorm na dtonn Ag teacht go tolgach torannach trom. Bhíodh éanla i gcrainn go meidhreach mómhar Is léimreach eilte i gcoillte im chóngar, Géimreach adharc is radharc ar shlóite, Tréanrith gadhar is Reynard rompu. AR MAIDIN inné bhí an spéir gan ceo, Bhí Cancer ón ngréin 'na caorthaibh teo Is í gofa chum saothair tar éis na hoíche Is obair an lae sin réimpi sínte. Bhí duilleabhar craobh ar ghéaga im thimpeall, Fiorthann is féar 'na shlaodach taoibh liom, Glasra fáis is bláth is luibheanna Scaipfeadh le fán dá chráiteacht smaointe. Bhí me cortha is an codladh dhom thraochadh Is shín me thoram ar cothrom sa bhféar glas In aice na gcrann i dteannta trinse, Taca lem cheann 's mo hanlaibh sínte. Ar cheangal mo shúl go dlúth le chéile, Greamaithe dúnta i ndúghlas néalta Is m'aghaidh agam foilithe ó chuile go sásta I dtaibhreamh d'fhuiling me an cuilithe cráite Chorraigh do lom do pholl go hae me Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim. BA GAIRID mo shuan nuair chualas, shíl me, An talamh máguaird ar luascadh im thimpeall, Anfa aduaidh is fuadach fíochmhar Is calaithe an chuain ag tuargaint tinte. Siolla dhom shúil dár shamhlaíos uaim Do chonairc me chúm le ciumhais an chuain An mhásach bholgach tholgach thaibhseach Chnámhach cholgach dhoirrgeach ghaibhdeach. A haeirde cheart má mheas me díreach, Sé nó seacht do shlata is fuílleach, Péirse beacht dá brat ag sraoilleadh Léi sa tslab le drab is ríobal. Ba mhuar ba mhiar ba fiain le féachaint Suas 'na héadan créachtach créimeach, B'anfa ceantair, scanradh saolta, A draid is a drandal mantach méirsceach. A Rí gach má! ba láidir líofa A bíoma láimhe is lánstaf inti Is comhartha práis 'na barr ar spíce Is comhachta báille in airde air scríofa. ACHT DÚIRT go doirrgeach d'fhoclaibh dána "Múscail, corraigh, a chodlataigh ghránna, Is dubhach do shlí bheith sínte id shliasta Is cúirt 'na suí is na mílte ag triall ann. Ní cúirt gan acht gan reacht gan riail, Ná cúirt na gcreach mar chleacht tú riamh An chúirt seo ghluais ó shluaite séimhe, Ach cúirt na dtrua, na mbua is na mbéithe. Is muar le maíomh ar shíolrach Éibhir Uaisle sí mar shuíodar d'aonghuth Dhá lá is oíche ar bhinn an tsléibhe I bpálás buíonmhar, Bruíon Mhaigh Gréine. Is daingean do ghoill sé ar shoilse an Rí Is ar mhaithibh a theaghlaigh thaibhsigh shí Is ar uimhir na buíne bhí ina ndáil Mar d'imigh gach díth ar chríochaibh Fáil. Gan sealbh gan saoirse ag síolrach seanda, Ceannas i ndlí ná cíos ná ceannphoirt, Scriosadh an tír is níl 'na ndiaidh In ionad na luibheanna acht flíoch is fiaile, An uaisle b'fhearr chum fáin mar leaghadar Is uachtar lámh ag fáslaigh shaibhre Ag fealladh le fonn is foghail gan féachaint d'fheannadh na lobhar 's an lom dá léirscrios. Is dochrach dubhach, mar dhiú gach daoirse, Doilbheadh dúr an dúcheilt dlíthe, An fann gan feidhm ná faighidh ó éinne Acht clampar doimhin is loighe chum léirscris, Falsacht fear dlí is fachnaoide airdnirt, Cam is calaois, faillí is fábhar, Scamall an dlí agus fíordhath fannchirt, Dalladh le bríb, le fís, le falsacht. FARA gach fíor is fuíoll níor fágadh, Dearbhadh díble ar bhíobla an lá sin Cúis dar ndóigh ná geobhairse saor thríd, Cnú na hóige á feo le faolraois Is easnamh daoine suíte ar Éire. Do mheath led chuimhne an síolrach daonna, Is folamh 's is tráite fágadh tíortha, An cogadh is an bás gan spás dá ndíogadh, Uabhar na rithe is ar imigh tar sáile An uair ná deineann sibh tuilleadh ina n-áit díobh. Is nár bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach Is mná ina muirear ar muir is ar tíorthaibh, Consaigh chorpartha is borrcaigh óga Is bunsaigh bhrothallach fola agus feola, Lóistigh liosta agus ligthigh shásta Is mórgaigh shioscaithe d'imigh i bhásta. Is trua gan toircheas tollairí 'on tsórt so, Is trua gan tormach brollaigh is bóta iad, Is minic iad ullamh an focal dá bhfaighidís Ag tuitim dá mogall is molaimse a bhfoighne. IS É CINNEADH le saoithe i gcríoch na comhairle, In ionad na daoirse d'inseadh dóibhsin, Duine don bhuíon so líonta i gcomhachta Ar thuitim 'on dílse shuíomh go Fódla. Tairgeann Aoibheall, croí gan claoinbheart, Cara na Muimhneach, síbhean Léithchraig, Scaradh le saoithibh sí na slua so, Scaitheamh ag scaoileadh daoirse i dTuamhain seo. Do gheall an mhíonla chaointais chóir seo Falsacht dlí do chloí go comhachtach, Seasamh i dteannta fann is fánlaig Is caithfidh an teann bheith ceansa tláith libh. Caithfidh an neart gan cheart so stríocadh Is caithfidh an ceart 'na cheart bheith suíte. Geallaimse anois nách clis ná comhachta, Caradas Miss ná Pimp ná comhalta Shiúlfas tríd an dlí seo 'o ghnáth Sa gcúirt 'na suífe an síolrach neámhdha. Tá an chúirt seo seasmhach feasta sa bhFiacail, Siúilse is freagair í, caithfidh tú triall ann, Siúil gan tafann go tapa ar do phriacail Siúil nó stracfad san lathaigh im dhiaidh thu". DO BHUAIL sí crúca im chúl 's im chába Is ghluais chum siúil go lúbach láidir, Sciob sí síos me tríd na gleannta Cnoic Mhánmhuí is go binn an teampaill. Is deimhin go bhfeaca me ar lasadh le tóirsibh An teaghlach taitneamhach maiseamhach mórtach, Soilseach seasmhach lannamhail lómrach, Taibhseach tathagach daingean dea-dhoirseach. Chonairc me an tsíbhean mhíonla bhéasach Chumais 'na suí ar bhinse an tsaoirchirt, Chonairc me garda láidir luaineach Iomadach arracht tairngthe suas léi, Chonairc me láithreach láinteach líonta Ó mhullach go lár do mhná is do dhaoine, Chonairc me spéirbhean mhaorga mhallroisc Mhilis bhog bhéaltais mhéarlag mhealltach, Thaitneamhach shásta tháclach fionn 'Na seasamh in airde ar chlár na mionn. Bhí a gruag léi scaoilte síos go slaodach Is buaireamh suíte fíor 'na féachaint, Fuinneamh 'na radharc is faghairt 'na súile Is fiuchadh le draighean oilc aighnis fúthu, A caint dá cosc le loscadh cléibh Gan gíog 'na tost acht tocht dá traochadh. B'fhurast a rá gur bás ba rogha léi Is tuile gan tlás ag tál go trom léi, lna seasamh ar lár an chláir 'na saighead Is í ag greadadh na lámh 's ag fáscadh a ladhar. Insan uair a ghoil sí folcaí fíochmhar Is d'fhuascail osnaí gothaí a cainte d'imigh a smúit is d'iompaigh snó uirthi, Thriomaigh sí a gnúis is dúirt mar neosad: "MÍLE fáilte is gardas cléibh romhad 'Aoibheall, 'fháidhbhean ársa ón Léithchraig, A shoilse an lae 's a ré gan choimse, A shaibhreas saolta i ngéibheann daoirse, A cheannasach bhuach ó shluaite an aoibhnis, B'easnamh cruaidh thu i dTuamhain 's i dTír Luirc. Cúis mo cháis is fáth mo chaointe, Cúis do chráigh me is d'fhág me cloíte, Bhain dom threoir me is sheoil gan chiall me, Chaith mar cheo me dóite pianta Na sluaite imíos gan chríoch gan chaomhnadh Ar fuaid an tsaoil seo d'fhíorscoth béithe Ina gcailleacha dubha gan cumhdach céile Caite gan clú gan cionta claoinbhirt. Is aithnid dom féin sa méid seo 'om shiúlta Bean agus céad nár mhéin leo a dhiúltadh, Is mise ina measc, mo chreach mar táimse, d'imigh 'na spaid gan fear gan pháiste. Mo dhochar, mo dhó, mo bhrón mar bhíom Gan sochar gan seoid gan só gan síth Go doilbhir duaiseach duamhar díoch Gan codladh gan suan gan suairceas oíche, Acht maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte Ar leabain leamh fhuar dár suaitheadh ag smaointe. A Cháidh na Carraige breathain go bíogthach Mná na Banba in anacra suíte, Ar nós má leanaid na fearaibh dá bhfuadar Ó, mo lagar, acht caithfeamna a bhfuadach. Is é am 'nar mhéin leo céile a phósadh An t-am nár mhéin le éinne góil leo, An t-am nárbh fhiú bheith fúthu sínte, Seandaigh thamhanda shúite chloíte. Dá dtuiteadh amach le teas na hóige Duine fán seacht ar theacht féasóige Cheangal le mnaoi, ní míntais thoghfaidh, Thaitneamhach shuíte 'o shíol ná d'fhoghlaim, Clódheas chaoin ná míonla mhánla A mb'eol di suí nó tíocht do láthair, Acht doineantach odhar nó donn doilíosach Chruinnigh le doghrainn cabhair nách cuí dho. Is é chráigh mo chroí is do scaoil gan chéill me Is d'fhág mo smaointe is m'intinn traochta, Tráite tinn mar taoim go tréithlag, Cásmhar cloíte ag caoi is ag géarghol An uair chím preabaire calma croíúil, Fuadrach fearamhail baramhail bríomhar, Stuama feasamhach seasmhach saoithiúil, Gruadheas greannmhar geanamhail gnaíúil, Nó buachaill bastalach beachanta bróigdheas, Cruacheart ceannasach ceapaithe córach Buaite ceannaithe ceangailte pósta Ag fuaid, ag cailligh, ag aimid, nó ag óinmhid, Nó ag suairle salach do chaile gan tionscal, Stuacach stailiceach aithiseach stúncach, Suaiteach sodalach foclach fáidhiúil, Cuardach codlatach goirgeach gráiniúil. Mo chreach is mo lot, tá molt míbhéasach, Caile na gcos is folt gan réiteach, Dá ceangal anocht 's é loisc go léir me Is ca bhfuil mo locht ná toifí réimpi? Créad an t-abhar ná tabhairfí grá dhom Is mé comh leabhair comh modhamhail, comh breá so? Is deas mo bhéal, mo dhéad 's mo gháire, Is geal mo ghné is tá m'éadan tláith tais, Is glas mo shúil, tá m'urla scáinneach, Bachallach búclach cúplach fáinneach, Mo leaca is mo ghnúis gan smúid gan smáchal, Tarraingte cumtha lonrach scáfar, Mo phíob, mo bhráid, mo lámha 's mo mhéaraibh Ag síorbhreith barr na háille ó chéile. Féach mo chom, nách leabhair mo chnámha, Níl me lom ná crom ná stágach, Seo toll is cosa agus colann nách nár liom Is an togha go socair fá cover ná tráchtaim. Ní suairle caile ná sreangaire mná me Acht stuaire cailce tá taitneamhach breá deas. Ní sraoill ná sluid ná luid gan fáscadh Ná smíste duirc gan sult gan sásamh, Lóiste lofa ná toice gan éifeacht Acht óigbhean scofa comh tofa is is féidir. DÁ MBEINNSE silte mar thuilleadh dhom chomharsain, Leadhbach liosta gan tuiscint gan eolas, Gan radhairc gan gliocas in imirt mo chóra, Mo threighid! cár mhiste me rith in éadóchas? Ní feacathas fós me i gcóngar daoine Ag faire ná ag tórramh óig ná chríonna, Ar mhachaire an bháire, an ráis ná an rince, I bhfarradh na dtáinte, ar bhántaibh líonta Acht gofa go sámh gan cháim ar domhan I gculaithe shásta ó bharr go bonn. Beidh a cheart im chúl do phúdar fillte, Starch is stiúir i gcúl mo chaidhpe, Húda geal gan ceal ribíní, Gúna breac 's a cheart rufaí leis. Is annamh go brách gan fásáil aerach Thaitneamhach bhreá lem cheárdán craorag Is an-iomdha luibheanna, craobhacha is éanla Im aprún síogach ríogach Cambrick, Sála cumtha cúnga córach Arda sleamhaine ar Screw fám bhróga, Búclaí is fáinní is lámhainní síoda Is fonsaí, práslaí is lásaí daora. Seachain ná síl gur scinnteach scáfar, Aimid gan ghaois ná naíondach náireach Eaglach uaigneach uallach fhiain me, Gealach gan ghuais gan stuaim gan téagar. I bhfalach ní raghainnse ó radhairc na gcéadta, Is ceannasach taibhseach m'aghaidh agus m'éadan, Is dearfa bhím dom shíorthaispeánadh Ar mhachaire mhín gach fíoriomána, Ag rince, báire, rás is radaireacht, Tinte cnámh is ráfla is ragairne, Aonach, margadh is Aifreann Domhnaigh Ag éileamh breathnaithe, ag amharc 's ag toghadh fir. Chaitheas mo chiall le fiach gan éifeacht, Dhalladar riamh me is d'iadar m'ae ionam Tar éis mo chumainn, mo thurraing, 's mo ghrá dhóibh, Tar éis ar fhuiling me d'iomada cránais, Tar éis ar chailleas le caitheamh na scálaí, Béithibh balbha is cailleacha cártaí. NÍL CLEAS dá mb'fhéidir léamh ná trácht air Le teacht ré ná tar éis bheith lán di, Um Inid ná um Shamhain ná ar shiúl na bliana Ná tuigim gur leamhas bheith ag súil le ciall as. Níor áil liom codladh go socair aon uair dhíobh Gan lán mo stoca do thorthaibh fám chluasa, Is deimhin nárbh obair liom troscadh le cráifeacht Is greim ná blogam ní shlogainn trí trátha, In aghaidh na srotha do thomainn mo léine Ag súil trém chodladh le cogar óm chéile, Is minic do chuaigh me ag scuabadh ón stáca, M'inginí is gruag fán luaithghrís d'fhágainn, Chuirinn an tsúist fá chúil na gaibhle, Chuirinn an ramhann go ciúin fán adhairt chúm, Chuirinn mo chuigíol i gcillín na hátha, Chuirinn mo cheirtlín i dtine aoil Ránaill, Chuirinn an ros ar chorp na sráide, Chuirinn sa tsop fúm tor gabáiste. Níl cleas acu siúd dá ndúras láithreach Ná hagrainn cúnamh an Deamhain go láidir. Is é fáth mo scéil go léir 's a bhrí Mar táim gan céile tar éis mo dhíchill, Fáth mo sheanchais fhada, mo phianchreach! Táim in achrann daingean na mblianta Ag tarraingt go tréan ar laethaibh liatha, Is eagal liom éag gan éinne 'om iarraidh. A Phéarla ó Pharthais screadaim is glaoim ort, Éiric m'anma ort, aicim thu is éim ort, Seachain ná scaoil me im shraoill gan aird Ná im chailligh gan chríoch gan bhrí gan bhláth, Gan charaid gan chloinn gan choim gan chairde Ar theallachaibh draighin gan feidhm gan fáilte. Dara fuil impe, tinte is toirneach! Dalladh me suíte, maíte im óinmhid, Sealbh gach só aige rógha gach diú Is ag ainimh na Fódla as comhair mo shúl. Tá sumach ag Saidhbh go saibhir sómach, Murainn i meidhir 's a haghaidh ar a nóchar, Mór is Mairsile i macnas múchta Is mórchuid magaidh orthu ag fachnaid fúmsa, Is giodamach sámh í Sláine is Síle, Sisile is Áine is ál 'na dtimpeall, Tuilleadh mar táid do mhná na tíre Is mise mar táim gan tál gan tsíolrach. Is fada gan feidhm is foighne dhomhsa é, Lagar 'om leaghadh is mo leigheas im chomhachta Maille le luibheanna díbhle dreoite Is arthanna draíochta chloífeas fós dom Buachaill deas nó gas ghalánta Is bhuafas ceart a shearc 's a ghrá dhom. Do chonarc go leor don tsórt dá dhéanamh Is chuirfinn i gcóir na cóngair chéanna. Is daingean an cúnamh ag dúbailt daoine Greamanna dh'úlla is púdar luibheanna, Magairlín meidhreach, meill na mbualtaibh, Taithigín taibhseach, toill na tuairte, Mealla na minseach, claíomh na mbunsach, An cumainín buí is an draíocht chum drúise, Duilleabhar dóite ar nós gur rún é Is tuilleadh dhon tsórt nách cóir a mhúnadh. B'iongantas muar i dTuamhain le chéile An bhruinneall so thuas ag buachant céile, Is d'inis sí dhomhsa, ar ndóigh tré rún, Um Inid is í pósta ó bhord na Samhan Nár ibh is nár ól an fóntach fionn Acht cuile na móna dóite ar lionn. Is fada me ag foighneamh, faighimse fuascailt, Seachain ar mhoill me, saighead chum luais é, Mura bhfuil leigheas dom threighid id chuairdse Cuirfidh me faghairt i bhfeidhm más cruaidh dom". PREABANN anuas go fuadrach fíochmhar Seanduine suarach is fuadach nimhe fé, A bhaill ar luascadh is luais anáile air, Draighean is duais ar fuaid a chnámha, Ba dearóil an radhairc go deimhin don chúirt é, Ar bord 'na thaibhse im eisteacht dúirt sé: "DOCHAR is díobháil is síorchrá cléibh ort, A thoice le místáid 'o shíol gá is déirce. Is dóch nách iongantas laigeacht na gréine Is fós gach tubaist dár imigh ar Éire, Mar mheath gach ceart gan reacht gan dlí againn, Ár mba bhí bleacht gan lacht gan laoigh acu, Is dá dtagadh níos mó do mhóirscrios tíortha Is gach faisean dá nócht ar Mhóir 's ar Shíle. A thoice gan chríoch nách cuimhin le táinte Olcas na síolrach daoine ó dtáingis, Gan focal le maíomh id shinsear gránna Acht lopaigh gan bhrí, lucht míre is mála. Is aithne dhúinne an snamhaire is athair dhuit, Gan charaid gan chlú gan chúl gan airgead 'Na leibide liath gan chiall gan mhúnadh, Gan mheidir gan mhias gan bhia gan anlann, Gan faice ar a dhrom 's a chabhail gan cóta Acht gad ar a chom 's a bhonn gan bróga. Creididh, a dhaoine, dhá ndíoltaí ar aonach Eisean 's a bhuíon, tar éis íoc gach éilimh, Dar colann na naoimh ba dícheall muar dho Pota maith dí lena fhuílleach d'fhuascailt. Nách muar an tóbhacht 's an gleo i measc daoine Truaire 'od shórt gan bhó gan chaora, Búclaí id bhróga is clóicín síoda ort Is ciarsúir póca ag góil na gaoithe ort, Dallair an saol go léir led thaibhse, Is aithnid dom féin tu ar dtaobh le caidhpe. Is deacair dhom labhairt, do lom is léir dhom, Is fada do dhrom gan cabhair ón léine, Is togha drochdhuine do thuigfeadh 'na gá thu Is feabhas do rufa led mhuinthirle cáimric. Tá canbhás saor chum sraod go bhásta Is cá bhfios don saol nach Stays é 'ot fháscadh, Feiceann an tír ort frinse is fáinne Is ceileann do laimhinne grís is gága. Acht aithris ar bord nó inneosad féin é, An fada nár ól tú deoir led bhéile? A chonartaigh bhoicht na gcos gan ionladh, Dochar id chorp le Bucks gan anlann. Is furas dar liom dod chúl bheith taibhseach, Chonarc lem shúile an chúil 'na loigheann tú: Garbh ná mín ní síntear fúd ann, Barrach ná líon dár sníomhadh le tuirne, Acht mata 'na smuirt gan chuilt gan chlúdadh, Dealamh gan luid gan phluid gan tsúsa, I gcomhar bhotháin gan áit chum suí ann, Sú sileáin is fáscadh aníos ann, Fiaile ag teacht go fras gan choimse Is rian na gcearc air trasna scríofa, Lag ina dhrom is na gabhla ag lúbadh Is clagarnach dhonn go trom ag tuirlingt. A Chumainn na bhFáidh nách ard do labhair sí, Gustalach gálbhach gártha ghabhann sí I ndathaibh i gcóir 's i gclóca síoda, Faire go deo arú! fóill cár fríodh é? Aithris cá bhfaigheann tú an radharc so mhaíonn tú Is aithris cár thuill tú an leadhb gan bhrí seo? Is deacair a shuíomh gur fríodh go cóir iad, Is gairid ó bhís gan síol an orlaigh. Aithris cá bhfuair tú luach do húda Is aithris cá bhfuair tú luach do ghúna, Acht leagaimíd uainn mar ghluais an cóta Is aithris cá bhfuair tú luach na mbróga? 'AOIBHEALL cheannasach charthanach chomhachtach Guím thu, gairim thu, freagair is fóir me. Is fíor gur feasach me farairí Fódla Suíte greamaithe ag sladairí 'on tsórt seo. Lámh mo charad! Is aithne dhom comharsa, Láimh le baile agam, gairid do chóngar, Buachaill soineanta, srimile sóntach Is buaileadh duine acu chuige mar nóchar. Is searbh lem chroí an uair chím im radhairc í, A gradam, a críoch, a poimp 's a taibhse, Sealbhach bó aici is eorna ag fás di Is airgead póca is ór idir lámha aici. Chonairc me inné í ar thaobh na sráide, Is cumasach tréan an léire mná í, Malfaire másach mágach magúil, Marbh le cámas, lán do ladús. Marach gur claon liom éad do mhúscailt, Scannal do scéamh ná scéalta scrúdadh, B'fhurast dom insint cruinn mar chuala An cuma 'na mbíodh sí sraoillte suaite Stracaithe ar lár is gáir 'na timpeall, Caite ar an sráid nó i stábla sínte. Mairfidh a tásc is tráchtfar choíche Ar mharbhna, ar cháil, ar gháir a gníomhartha In Íbh Breacáin an aráin 's an fhíona, I dTíortha 'Calláin na mbánta míne, Ag ísle is ársa Mháinse is Inse, Chill Bhreacáin, an Chláir is Chuinche, Ag consaigh ainmhí Thradaí an phónra Is fionsaigh fhalchaí Chreatlaí an chorda. Faire ba claon í tar éis a ndúirt me, Ghlacfainn gur saor í féna cionta, Acht bheirim don phláigh í lá mar chínn í Leagaithe láimh le Gáras sínte, Caite ar an ród gan orlach fúithi Ag gramaisc na móna ar bhóithre Dhúire. M'iongantas ann os cheann mo chéille Is crithim go fann le scanradh an scéil seo, Ise bheith seang nuair theann gach éinne í Is druidim le clann nuair shantaigh féin é. Is mór na grásta é ag rá na mbriathra, Nóimint spáis níor ghá le hiarraidh, Ó léadh ar bord di os comhair na coinnle An tEgo Vos so d'ordaigh Íosa, Gur shéid sí lacht go bleacht 'na cíochaibh Acht naoi mí beacht is seachtmhain chinnte. BREATHAIN gur baol don té tá scaoilte Ceangal go héag fá thaobh don chuing seo, I sealbh gach saoth is éad dá shuaitheadh, In aisce, mo léan, mo léann ní bhfuair me. Is feasach don taobh seo 'on tsaol mar bhí me Sealad dom réim 's dom laethaibh roimhe seo, Leitheadach láidir lán do shaibhreas, Eisteas le fáil is fáilte im theaghlach, Caraid i gcúirt is cúnamh dlí agam Ceannas is clú agus comhar na saoithe, Tathag im chaint is suim is éifeacht, Talamh is maoin ag suíomh mo chéille, M'aigne síoch is m'intinn sásta, Chailleas le mnaoi mo bhrí is mo shláinte. Ba taitneamhach leabhair an crobhaire mná í, Bhi seasamh is com is cabhail is cnámha aici, Casadh 'na cúl go búclach trilseach, Lasadh 'na gnúis go lonrach soilseach, Cuma na hóighe uirthi is só ina gáire Is cuireadh ina cló chum póige is fáilte. Acht chreathas le fonn gan chonn gan chairde Ó bhaitheas go bonn go tabhartha i ngrá dhi. Is dearbh gan dabhta ar domhan gur díoltas Danartha donn, dom thabhairt ar m'aimhleas, d'fhearthain go trom, ar bhonn mo ghníomhartha, Ó fhlaitheas le fonn, do lom 'na líon me. Do snamanadh suíte snaidhm na cléire Is ceangladh sinn i gcuing re chéile, Ghlanas gan chinnteacht suim gach éilimh Bhaineas le baois gan ghaois an lae sin. Cothrom go leor, níor chóir me cháineadh, Stopas an gleo bhí ag cóip na sráide, Bacaigh go léir, bhí an cléireach sásta, An sagart ró-bhaoch is b'fhéidir fáth leis. Lasamair toirse is comharsain cruinn ann Is leagadh ar bordaibh mórchuid bídh chúinn, Clagarnach cheoil is ól gan choimse Is chaitheadar cóisir mhórtach mhaíteach. MO DHÍTH gan easpa nár tachtadh le bia me An oíche baisteadh nó as sin gur iarr me Síneadh ar leabain le ainnir do liath me Is scaoil le gealaigh gan charaid gan chiall me. Is é tásc do gheobhainn ag óg 's ag aosta Gur breallán spóirt ag ól 's ag glaoch í I mbotháin ósta is boird dá bpléascadh, Ar lár 'na lóiste ag pósta is aonta. B'fhada dhá mheilt a teist 's a tuairisc, B'fhada gur chreid me a bheag ná a mhuar dhe, B'eaglach le gach beirt dá gcuala é Go rachainn im pheilt im gheilt gan tuairisc. Fós ní ghéillfinn, caoch mar bhí me, Do ghlór gan éifeacht éinne mhaígh é, Acht magadh nó greim gan feidhm gan chéill Gur aithris a broinn dom deimhin gach scéil. Níor chúrsaí leamhais ná durdam bréige é, Dúirt bean liom go ndúradh léithi é, Acht labhair an bheart i gceart 's in éifeacht Bhronn sí mac i bhfad roimh ré orm. MO SCANRADH scéil, gan féith 'om chroí air, Clann dá dtéamh dhom tar éis na hoíche, Collóid anfach ainigí scólta, Bunóc ceangailte is bean an tí breoite, Posóid leagaithe ar smeachaidí teo acu, Cuinneog bhainne dhá greadadh le fórsa Is mullach ar láinmhiais, báinbhia is siúicre, Ag Murainn Ní Cháimliath, báinlia an chrúca. Bhí coiste cruinnithe ag tuilleadh dom chomharsain Chois na tine is ag siosarnach dhomhsa Scaoilid cogar i bhfogas dom eisteacht "Míle moladh le Solas na Soilse, Bíodh nách baileach a d'aibigh an chré seo Chímse an t-athair 'na sheasamh 'na chéadfa, An bhfeiceann tú, a Shaidhbh 'rú, loigheamh a ghéaga A dheilbh gan droinn, a bhaill 's a mhéaraibh, Cumas na lámh ba dána doirne, Cuma na gcnámh is fás na feola?" Cheapadar cruinn gur shíolraigh an dúchas Maise mo ghnaoi agus íor mo ghnúise, Feilleadh mo shrón is glónradh m'éadain, Deiseacht mo chló, mo shnó agus m'féachaint, Leagadh mo shúl is fiú mo gháire Is as sin do shiúil ó chúl go sála é. AMHARC ná radhairc ní bhfaighinnse 'on chréice, "Is baileach gan leigheas do mhillfeadh gaoth é", Ag cuideachta an teaghlaigh i bhfeighil mo chaochta, "Siolla dhá laghad di leaghfaidh an créatúir". Do labhras garg is d'agras Íosa, Is stollta garbh do bhagras gríosach, d'fhógras fearg le ainbhios cainte Is dóch gur chreathadar cailleacha an tí romham. Ar leisce an achrainn leagadar chúm é, "Beir go haireach air, seachain ná brúigh é, Is furas é shuaitheadh, luaisc go réidh é, Turraing do fuair sí ruaig roimh ré é, Seachain ná fáisc é, fág 'na loighe é, Is gairid an bás do is gearr do raghaidh sé, Dá maireadh go lá idir lámha ina chló, Is an sagart ar fáil, níorbh fhearr a bheith beo". Do bhaineas an tsnaidhm dá chuibhreach cumhdaigh, Bhreathain me cruinn é sínte ar ghlún liom, Amuaireach, d'airigh me tathagach tamhanda é, Fuair me feargach fearsadach lúfach, Láidir leathan mo leanbh 'na ghuaille, Sála daingeana is an-chuid gruaige air, Cluasa cruinnithe is ingní fásta, Chruadar a uilleanna, a chroibh is a chnámha, d'aibigh a shúile is fiú a pholláirí Is d'airigh me a ghlúine lúfach láidir, Coileán cumasach cuisleannach córach, Folláin fulangach fuinneamhach feolmhar. SCREADAIM go hard le gáir na tíre Is leagaim dod láthair cás na ndaoine, Breathain go caoin is bí truamhéileach Beannaibh a gcinn is suim a gcéille. Athraigh an dlí seo, cuing na cléire, Is ainic an bhuíon nár fríodh sa ngéibheann. Má lagaigh an síolrach díonmhar daonna I dtalamh dath-aoibhinn fhíorghlas Éireann, Is furas an tír d'athlíonadh 'o laochaibh d'uireasa a nguí gan bhrí gan éifeacht. Ca bhfuil an gá le gáir na bainse, Cartadh biotáille is pá lucht sainte, Sumaigh ar bord go fóiseach taibhseach, Glugar is gleo acu is ól dá shaighdeadh Ó d'aibigh an t-abhar do bhronn Mac Dé Gan sagart ar domhan dá dtabhairt dá chéile? Is leathanmhar láidir lánmhear léadmhar Fairsing le fáil an t-álbach saor seo. Is minic do chímse bríomhar borrtha Cumasach líonta i gcroí 's i gcóir iad, Créim ní fheicim ná doille ná caoiche I léim ar leithre dár hoileadh ó mhnaoi ar bith, Is mó is is mire is is teinne is is tréine I gcló is i gclisteacht ná dlisteanaigh éinne. Is furas a luaimse d'fhuascailt suíte Is duine acu an uair seo ar fuaid an tí seo. An bhfeiceann tú thall go ceansa ciúin é? Deisigh anall i dteannta an bhuird é, Breathain go cruinn é, bíodh gurab óg é, Is dearfa suíte an píosa feola é, Is preabaire i dtoirt i gcorp 's i gcnáimh é Ca bhfuil a locht i gcois ná i láimh dhe? Ní seirgtheach fann ná seandach feosach, Leibide cam ná gandal geoiseach, Meall gan chumadh ná sumach gan síneadh é Acht lansa cumasach buinneamhach bríomhar. Ní deacair a mheas nách spreas gan bhrí Bheadh ceangailte ar nasc, ar teasc ag mnaoi, Gan chnáimh gan chumas gan chuma gan chom Gan ghrá gan chumann gan fuinneamh gan fonn Do scaipfeadh i mbroinn aon mhaighre mná Le catachas draighean an groighire breá, Mar chuireann sé i bhfeidhm gan mhoill gan bhréig Le cumas a bhaill 's le loigheamh a ghéag Gur crobhaire é crothadh go cothrom gan cháim Le fonn na fola is le fothrom na sláinte. LEIS sin ná iarrsa a Riagain réaltach Meilleadh mar iad le riail gan éifeacht, Scaoil a chodladh gan chochall gan chuibhreach Síol an bhodaigh 's an mhogallfhuil mhaíteach, Scaoil fá chéile do réir nádúra An síolbhach séad 's an braon lábúrtha, Fógair féilteach tré gach tíortha d'óg is d'aosta saorthoil síolraigh. Cuirfidh an dlí seo gaois i nGaelaibh Is tiocfaidh an brí mar bhí ina laochaibh, Ceapfaidh sé com is drom is doirne Ag fearaibh an domhain mar Gholl Mac Morna, Gealfaidh an spéir, beidh éisc i líonta Is talamh an tsléibhe go léir fá luibheanna, Fir agus mná go brách dá bhíthin Ag seinm do cháil le gardas aoibhnis". TAR ÉIS bheith tamall don ainnir ag eisteacht Léim 'na seasamh go tapa gan foighne, Labhair sí leis agus leise 'na súile Is rabhartaí feirge feille aici fúthu. "DAR CORÓIN na Carraige marach le géilleadh Dhod chló dhod ainnise is d'easnamh do chéille Is d'am na hurraime 'on chuideachta shéimh seo An ceann lem ingin do sciobfainn dod chaolscrog, Do leagfainn anuas do thuairt fán mbord tu Is b'fhada le lua gach cuaird dá ngeobhainn ort, Stróicfinn sreangaibh do bheatha le fonn ceart Is sheolfainn t'anam go Acheron tonntach. Ní fiú liom freagra freastail do thabhairt ort, A shnamhaire fleascaigh nách aithis do labhartha, Acht neosad feastain do mhaithibh na cúirte An nós ar cailleadh an ainnir nárbh fhiú thu. Do bhí sí lag gan ba gan puntaibh, Bhí sí i bhfad gan teas gan clúdadh, Cortha dá saol ar strae dhá seoladh Ó phosta go piléar gan gaol gan cóngas, Gan scíth gan spás do lá ná dh'oíche Ag stríocadh an aráin ó mhná nár chuí léi. Do gheall an fear seo dreas socúil di, Gheall an spreas di teas is clúide, Cothrom glan is ba le crú dhi Is codladh fada ar leabain chlúimh di, Teallaí teo agus móin a daoithin Is ballaí fód gan lóithne gaoithe, Fothain is díon ón sín is ón spéir di Is olann is líon le sníomh chum éadaigh. Do b'fheasach dhon tsaol 's don phéist seo láithreach Nách taitneamh ná téamh aon phioc grá dho Cheangail an péarla maorga mná so, Acht easnamh go léir, ba déirc léi an tsástacht. Ba dubhach an fuadar suairceas oíche, Smúit is ualach, duais is líonadh, Lúithní lua agus guaille caola Is glúine crua comh fuar le oighre, Cosa feoite dóite ón ngríosaigh Is colann bhreoite dhreoite chríonna. An bhfuil stuaire beo ná feofadh liath Ag cuail dá shórt bheith pósta riamh Nár chuartaigh fós fá dhó le bliain Cé buachaill óg í, feoil nó iasc, 'S an feoiteach fuar seo suas léi sínte Dreoite duairc, gan bhua gan bhíogadh? Óch, cár mhuar dhi bualadh bríomhar Ar nós an diabhail de uair gach oíche. Ní dóch go dtuigir gurb ise ba chiontach Ná fós go gclisfeadh ar laige le tamhandacht, An maighre mascalach carthanach ciúintais, Is deimhin go bhfeaca sí a mhalairt do mhúnadh. Ní labharfadh focal dá mb'obair an oíche Is thabharfadh cothrom do stollaire bríomhar, Go brách ar siúl níor dhiúltaigh riamh é Ar chnáimh a cúil 's a súilibh iata. Ní thabharfadh preab le stailc mhíchuíosach, Fobha mar chat nó sraic nó scríob air, Acht í go léir 'na slaod comh sínte Taobh ar thaobh 's a géag 'na thimpeall, Ó scéal go scéal ag bréagadh a smaointe Béal ar bhéal 's ag méaracht síos air. Is minic do chuir sí a cos dtaobh anonn de Is chuimil a brush ó chrios go glún de, Sciobadh an phluid 's an chuilt dá ghúnga Ag spriongar 's ag sult le moirt gan subhachas. Níor chabhair di cigilt ná cuimilt ná fáscadh, Fobha dá hingin, dá huilinn ná a sála, Is nár dom aithris mar chaitheadh sí an oíche Ag fáscadh an chnaiste 's ag searradh 's ag síneadh, Ag feacadh na ngéag 's an t-éadach fúithi, A ballaibh go léir 's a déid ar lúthchrith, Go loinnir an lae gan néall do dhubhadh uirthi Ag imirt ó thaobh go taobh 's ag únfairt. NÁCH FURAS don lobhar so labhairt ar mhná Is gan fuinneamh 'na chom ná cabhair na chnámha. Má d'imigh an mhodhamhail bhí trom 'na ghá Is gur deineadh an fhoghail seo, gabhaimse a páirt. An bhfuil sionnach ar sliabh ná iasc i dtráigh Ná fiolar le fiach ná fiaigh le fán Comh fada gan chiall le bliain ná lá Do chaitheamh gan bia 's a bhfiach le fáil? An aithnid díbh féin sa tsaol so cáil An t-ainmhí claon ná an féithid fáin Do phiocfadh an chré ná an fraoch ná an fál Is fiorthann go slaodach is féar le fáil? Aithris gan mhoill, a chladhaire chráite, Freagair me, faighimse feidhm id ráite. Ca bhfuil do dhíth ag suí chum béile Ar caitheadh le mí aici i dtíos na féile? An laigede an chúil nó an lúide an láithreach Fiche milliún má shiúil le ráithe ann? Mairg id cheann, a sheandaigh thamhanda, An eagal leat ganntan am do dhúla? An dóch, a ghliogaire buile, gur baol leat Ól na Sionainne tirim nó a taoscadh, Trá na farraige is tarraingt an tsáile Is clár na mara do scaipeadh le scála? Breathain in am ar leamhas do smaointe Is ceangail do cheann le banda thimpeall, Seachain i dtráth, ná fág do chiall Le eagla mná bheith fáilteach fial; Dá gcaitheadh sí an lá le cách dá riar Bheadh tuilleadh is do sháithse ar fáil 'na ndiaidh. Mo chumha, mo chrá, ba bhreá sin éad Ar lúbaire láidir lánmhear léadmhar, Shantach sháiteach shásta sheasmhach, Ramsach ráflach rábach rabairneach, Lascaire luaimneach, cuartóir coimseach, Balcaire buan nó buailteoir bríomhar, Acht seanduine seanda cranda créimeach, Feamaire fann is feam gan féile. IS MITHlD dom chroí bheith líonta 'o léithe Is m'iongantas trí gach smaointe baotha, Cad do bheir scaoilte ó chuibhreach céile In eaglais sinsir suim na cléire? Mo chrá gan leigheas, mo threighid 'om fháscadh, Is láidir m'fhoighne is laghad mo ráige, Is méad a mbíom ar díth gan éinne Is mian ár gcroí fá shnaidhm na héide. Nách bocht an radhairc do mhaighdin ghrámhar Toirt is taibhse a mbaill, 's a mbreátha, Bloscadh a n-aghaidh agus soilse a ngáire, Corp is coim is toill ar táimhchrith, Úireacht, áilleacht, bláth is óige, Ramhadas cnámh is meáchant feola, Martas trom is drom gan suaitheadh, Neart gan dabhta is fonn gan fuaradh. Bíonn sealbh gach só acu ar bhord na saoithe, Earra agus ór chum óil is aoibhnis, Clúimh chum loighe acu is saill chum bídh acu, Plúr is milseacht, meidhir is fíonta, Is gnáthach cumasach iomadach óg iad Is tá 'fhios againne gur fuil is gur feoil iad. Cumha ní ghlacfainn le cafairí coillte, Snamhairí galair ná searraigh gan soilse, Acht marlaí bodacha, tollairí tréana I dtámhaíl chodlata is obair gan déanamh. CREIDIM gan bhréig gur mhéin le roinnt díobh Feilleadh le féile, daor ní bheinnse, Cothrom ní cóir an t-ord le chéile Chrochadh le corda, ghóil ná dhaoradh, Bás na droinge go deimhin ní ghráfainn, Lán na loinge chum duine ní bháfainn. Cuid acu bíodh gur ríocaigh riamh iad Is cuid acu bhíos gan ríomh gan riail leo, Cinntigh chrua gan trua gan tréithe, Fíochmhar fuar is fuath dho bhéithe. Tuilleadh acu tá níos fearr ná a chéile Tuilte le grá is le grásta féile; Is minic a buaitear buaibh is gréithe Cuigeann is cruach do chuaird na cléire, Is minic lem chuimhne maíodh a dtréithe Is iomad a ngníomhartha fíorghlic féithe, Is minic do chuala ar fuaid na tíre Siosarnach luath dá lua go líonmhar Is chonairc me taibhseach roinnt dá ramsa Is uimhir dhá gcloinn ar shloinnte falsa. Baineann sé fáscadh as lár mo chléibhse A gcaitear dá sláinte ar mhná treasaosta; Is turraing sa tír chum díth na mbéithe Ar cuireadh gan bhrí dhon tsíolrach naofa, Is dealamh an diachair dianghoirt d'Éire Ar chailleamair riamh le riail gan éifeacht. Fágaim fúdsa, a chnú na céille, Fáth na cúise is cumha na cléire, Is meallta millte loighid dom dhóighse, Is dall gan radharc me soilsigh m'eolas. Aithris ós cuimhin leat caint na bhfáidhe Is abstail an Rí ba bhíogthach ráite, Ca bhfuil na comhachta d'ordaigh an dúla Is calcadh na feola i gcoróin na cumha seo? Pól dar liom ní dúirt le éinne An pósadh dhiúltadh acht drúis do shéanadh, Scaradh led ghaol, dá mhéid do ghnaoi, Agus ceangal led shaol is claobh led mhnaoi. Is obair gan bhrí do mhnaoi, mar táimse, Focail an dlí seo shuíomh dhod láthair, Is cuimhin leat féin, a phéarla, an Taibhse, Suíomh gach scéil is léir dhuit soilseach, Binnghuth buan is bua na mbréithre Is caint an Uain ná luafar bréagach, Dia nárbh áil leis máthair aonta Is riail gach fáidhe i bhfábhar béithe. GUÍM go hard tu, 'fáidhbhean tsíthe, A shíolrach neámhdha 'o bharr na ríthe, A shoilse glóire, a choróin na sluaite, Eist lem ghlórsa, fóir is fuar dhúinn. Meáigh an t'intinn díth na mbéithe Is práinn na mílte brídeach aonta Is toicibh mar táid ar bhráid a chéile Ag borradh is ag fás mar ál na ngéanna. An t-ál is lú atá ag siúl na sráide, Garlaigh dhubha tá giúnnach gránna, An aga dá laghad má gheibhid a ndóthain Glasra, meidhg is bleaghdair, borrfaid d'urchar nimhe le haois gan éifeacht, Tiocfaidh na cíocha, scinnfid, scéithfid. Scalladh mo chléibh, is baoth mo smaointe Ag tagairt ar chéile i gcaorthaibh tinte, Is deacair dhom súil le subhachas d'fháil Is gan fear in aghaidh triúir sa Mumhain dá mná. Ó tharla an ceantar gann seo gámhar, Fáintibh fann 's an t-am seo práinneach, Fódla folamh is fothrom ag fiaile Is óige an phobail ag cromadh is ag liathadh, Aonta fada go dealamh ná foighnigh Dh'éinne ar thalamh is fear éigin faighimse, Ceangail i dtráth go tláith fán úim iad Is as sin go brách acht fágthar fúinne iad". D'EIRGHE an mhánla ar bharr an bhinse, Shoilsigh an lá is an áit ina timpeall, B'álainn óg a cló is a caoindreach, B'ard a glór, ba bheo is ba bhíogthach, d'fháisc a doirne is d'ordaigh deimhneach Báille ar bord ag fógairt Silence, Dúirt a béal bhí ag séideadh soilse, An chúirt go léir go faon ag eisteacht: "GHEIBHIMSE díreach brí chum buaite Is feidhm id chaintse, a bhrídeach bhuartha, Chím 's is dóch gur dóite an radharc liom Síolrach Órla, Mhóire is Mheidhbhe, An seifteoir caol 's an créatúir cladhartha An ceisteoir claon 's an déirceoir daigheartha, Sú na táire is tál na coimse Ag súil le sárfhuil sámh na saoithe. Achtaimíd mar dhlí do bhéithe An seacht fó thrí gan cuibhreach céile Tharraingt ar cheann go teann gan trua Is a cheangal don chrann seo i dteannta an tuama. Bainigí lom de a chabhail 's a chóta Is feannaigí a dhrom 's a chom le corda. 'On chuid acu tharla báite i mblianta Is cheileann go táir an tairne tiarpa, Chuireas amú gan subhachas d'éinne Buile na hútha is lúth a ngéaga, Mheilleas a gcáil is fáil ar mhnaoi acu Ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe, Fágaim fúibhse tionscailt páise, A mhná na dúla, dubhadh le dálgas, Ceapaigí fíornimh tinte is tairnibh, Caithigí smaointe is intleacht mná leis, Cuiridh bhur gcomhairle i gcomhar le chéile Is tugaimse comhachta an fórsa dhéanamh, Bheirim gan spás díbh páis na gciantach Is beag liom bás gan barrghoin pian dóibh. NÍ CHUIRIMSE i bhfáth 'o bharr mo chainte An foirfeach fálta cáslag cloíte, An gabhal gan gotha ná an gola gan geall suilt, Toll gan toradh ná an tormach falsa, Acht léigthear an óige i gcóir chum síolraigh Is déanadh an sórt seo clóca is díon dóibh. Is minic do chímse righinsigh bhaotha Ag tuitim le tíos is bímse baoch dhíobh, Gofa le mná do lá agus d'oíche Ag cosnamh a gcáil 's ar scáth a ngníomhartha, Ag seasamh 'na bhfeighil 's a bhfeidhm go fálta, A n-ainm ar chloinn is bheinnse sásta. CHUALA siolla is do cuireadh i bhásta é, Is fuath liom baineannach iomadach ráiteach, Labhair go réidh is glaoigh go híseal, Bas ar do bhéal is baol bheith cainteach. Seachain go fóill na comhachtaigh íogmhar Is caithfid siad pósadh fós pé chífeas, Tiocfaidh an lá le lánchead comhairle Is cuirfidh an Pápa lámh na gcomhacht air, Suífidh an chuideachta ar thubaist na dtíortha Is scaoilfear chugaibh fá urchall cuibhrigh Fiantas fola agus fothrom na feola Is mian bhur dtoile, na tollairí teo so. Aon duine eile dár hoileadh ó mhnaoi ar bith, Léigh a ndeirim is feicim do bhíogadh, Ar shlí mo chumais ná fuiling i gcaoi ar bith Sraoill gan urraim ná Murainn i mbríste, Acht leanaig sa tóir na feoitigh liatha Is glanaigí Fódla ón sórt so fiaile. CAITHFEADSA gluaiseacht uaibh chum siúil, Is fada mo chuairdse ar fuaid na Mumhan, An turas tá romham ní fhónann moill do Is iomad dom ghnó anso fós gan eisteacht. Casfaidh me arís 's is fíor nách fáilteach, d'fhearaibh nách binn mo thíocht don áit seo. An chuid acu atá go táir 'na smaointe, Foireann nách foláir leo a gcáil bheith sínte, Mhaíos le fothrom a gcothrom ar bhéithe, chífe an pobal a gcogar 's a sméideadh. Is taitneamhach leo is is dóil gur laochas Scannal na hóige pósta is aonta, Mian a dtoile ní sporann a gcionta, Bréantas fola ná borradh na drúise, Taitneamh don ghníomh ná fíoch na féithe Acht magadh na mílte ag maíomh na n-éachta. Ní saint dá só bheir leo na céadta Acht caint is gleo agus mórtas laochais, Mustar is ábhacht is ráig gan riail Is a gcumas go tláith gan tál gan triall, Go tuisealach tarrlag támh 'na n-iall Is cuthach le gá ar a mná ina ndiaidh. Glacfad go réidh an méid seo láithreach, Caithfidh me géilleadh 'o mhéid mo phráinneach, Cuirfidh me an bhuíon so i gcuing 's in úim Nuair thiocfaidh me arís sa mí seo chúinn". DO BHREATHAIN me cruinn an ríbhean réaltach, Lagaigh mo chroí le linn bheith réidh dhi, d'airigh me dásacht ghránmhar éigin Is pairithis bháis im chnámha is im chéadfa, Chonairc me an tír 's an tíos ar luascadh Is fuinneamh a cainte ag rince im chluasa. Tagann an bíoma bíogthach báille Is leathain mo líthe ar shíneadh a láimhe, Tharraing ar chluais go stuacach storrtha Stracaithe suas léi ar uachtar boird me. Preabann an báb so chráigh an t-aonta, Greadann a lámha is is ard do léim sí, Is aibigh adúirt, "a chrústa chríonna, Is fada me ag súil led chúlsa chíoradh. Is minic do slaíodh thu, a chroí gan daonnacht, Is mithid duit stríocadh 'o dhlí na mbéithe. Cosaint cá bhfaighidh tú in aghaidh na cúise? Focal níor thuill tú a leadhb gan lúthchlis. Ca bhfuil do shaothar saor le suíochant? Ca bhfuil na béithe baoch dod ghníomhartha? Breathainse a bhaill seo, a mhaighdean mhaorga, Ainimh ní bhfaighimse mhill ar bhéithe é, Breathain go cruinn a ghnaoi is a ghéaga Ó bhaitheas a chinn go boinn a chaolchos. Bíodh gurb ainmheach an-mhíchumtha é Chímse ceangailte a bharra gan diúltadh, Gile ní ghráfainn, b'fhearr liom buí é, Is cuma na gcnámh ní cháinfinn choíche. Duine a mbeadh dronn 'na dhrom is fána Is minic sin togha fir cromshlinneánach, Is minic sin gambach lansa gníomhach Is ioscada cam ag strampa bríomhar. Is fáthaibh foilitheach uireaspach éigin d'fhág an doirfeach foirfe in aonta Is méid a cheana idir mhaithibh na tíre, A réim le sealad i gcaradas daoine Ag seinm ar cheolta, spórt is aoibhneas, Imirt is ól ar bhord na saoithe I gcomhar na foirinne fuineadh as féile An snamhaire! b'fhurus dom urraimse ghéilleadh. Is taibhseach taitneamhach tairbheach tréitheach Meidhreach meanmnach a ainm 's is aerach. Ainmhí 'od shórt níor ordaigh an Tiarna Geanmnaí fós i gcóngar liaithe, Creathaim go bonn le fonn do dhaortha Is gairid an chabhair do labhartha baotha, Is coir mós díreach, suíte an t-éadan, Deich fó thrí gan cuibhreach céile. EISTIG liomsa, a chlú na foighne, Faighimse cúnamh i gcúis na maidhme, An crá is an dúla mhúch gan bhrí me, A mhná na muirne, is rún liom íoc air. Cúnamh adeirim libh, beirig air, tóg é, 'Úna, goirim thu is faigh dhom an corda, Ca bhfuil tú, 'Áine, ná bí ar iarraidh, Ceangailse, a Mháire, a lámha ar dtaobh thiar dhe, A Mhurainn, a Mheidhbh, a Shaidhbh 's a Shíle, Cuirigí i bhfeidhm le daighearthaibh díocais Barr gach scóla d'ordaigh an tsíbhean, Báidh sa bhfeoil gach corda snaidhmeach, Tomhais go fial na pianta is crua Le tóin 's le tiarpa Bhriain gan trua ar bith, Tóg na lámha is ardaigh an sciúirse, Is sómpla sámh é, a mhná na muirne, Gearraigí doimhin, níor thuill sé fábhar, Bainigí an leadhb ó rinn go sáil de, Cloistear a chlinn i gcríochaibh Éibhir Is critheadh a gcroí insna críontaigh aonta. IS CIALLMHAR ceart an t-acht é, sílim, Bliain an aicht seo is ceart é scríobh dhúinn, Réitigh, ceil nó goid, do sceimhle, Céad is deich fó leith as míle, Dúbail ceart an freastal fuílligh, Is thuirling mac an tseachtmhain roimhe sin". Glacann sí an peann 's mo cheann so suaite Ar eagla m'fheannta is scanradh an bhuailte, An aga do bhí sí ag scríobh an dáta Is maithibh an tí aici suíte ar gardain, Scaras lem néall, do réidheas mo shúile Is phreabas, do léim, ón bpéin im dhúiseacht. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2454 |
3,523 | Cúirt na Dála agus Sgéal Eile | Ó Cuív, Shán | — | — | 1918 | 20 | prose | Brún agus Ó Nualláin, Teor. | 2,890 | 824 | CÚIRT NA DÁLA AGUS SGÉAL EILE Brún agus Ó Nóláin, Teor, do chlóvuel. … CÚIRT NA DÁLA CÚIRT NA DÁLA I. I mbaile bheag áirithe i gCúige Mumhan do bhí fear 'na chomhnaighe i dtig mhór annspianta go raibh fuinneóga ar gach taobh de. Fear meadhon aosta ab eadh é, ach níor phós sé riamh agus ní raibh bean ná clann aige. Ba leis cuid mhaith des na tighthe sa bhaile bheag agus bhí teacht isteach maith go leor aige. Ach ar chuma éigin do cheap sé an' aigne féin go mbéidir go bhfaghadh sé bás don ghortadh, agus gach sgilling a gheibheadh sé do chuireadh sé i dtaisge í. Is ar éigin itheadh sé a dhóthain in aon chor. Fear árd caol lom ab eadh é agus deallramh ocrach air. Ach bhíodh sé ar a shástacht nuair a shuidheadh sé chun búird agus a thosnuigheadh sé ar a chuid airgid a chomhaireamh. Ceol breagh dho ab eadh gliogaireacht na bpíosaí óir agus airgid. An Sprionnlóir an ainm a bhí ag na comharsanaibh air. Ní raibh éinne 'na chomhnaighe sa tig annspianta ach é féin. Do thagadh bean isteach anois is arís chun an tighe a ghlanadh, ach is é féin a dheineadh pé cocaireacht agus obair eile a bhíodh le déanamh ann. Is é féin a cheannaigheadh gráinne té agus bríc aráin sa tsiopa sa tsráidín, agus ba dheacair é shásamh. Dá dtéigheadh sé isteach i siopa chun rud éigin a cheannach, bheadh sé ag cnáimhseáil agus ghá rádh go raibh an rud ró dhaor nó ná raibh an mheadhachaint cheart ann, i dtreo go mbíodh lucht na siopaí bodhar aige agus nár lughar leo an diabhal ag teacht isteach chúcha ná é. … Fuair sé gadhar ó dhuine éigin tráth agus bhí áthas air. — Beidh compánach agam anois, ar seisean, agus ní bheidh orm é dhíol. Ní bheidh uaidh ach an blúire iosfaidh sé. Ach sar a raibh coicthigheas caitte do bhí port eile ar siubhal aige. Thug sé fé ndeara go raibh goile maith ag an ngadhar agus nár bhfuláir cosc éigin a chur leis. Ar feadh coicthighis eile 'na dhiaidh san ní raibh leath a dhóthana len ithe ag an ngadhar mbocht. An coicthigheas 'na dhiaidh san arís ní raibh leath an méid sin féin aige, agus ba ghearr go bhfuair sé bas don ghortadh. — Is mór an trua, arsan Sprionnlóir nuair a bhí an gadhar bocht fén bhfód, gur chuimhnigh an gadhar craosach san ar bheith ar céalacain. II. Do bhí Baintreabhach 'na comhnaighe sa tsráidín agus mór-sheisear leanbhaí aice. Tionóntaí don Sprionnlóir ab eadh í, agus nuair a théigheadh sí ag trial air leis an gcíos gach ráithe ba ghnáth léi sicín nó lacha nó rud éigin eile a bhreith léi mar bhrontanas. Nuair a chuaidh sí ag trial air tamall tar éis bhás an ghadhair agus an cíos aice do thug sí léi lacha bhreagh ramhar agus thug sí don Sprionnlóir í. Do chuir sé a lámh ar an lachain. — Níl sí ró ramhar, ar seisean, go searbh, ghá leogaint air ná raibh aon mhaith innte. Fuair an Bhaintreabhach admháil uaidh ar an gcíos, agus d'imthigh sí. Nuair a bhí sí imthithe dubhairt an Sprionnlóir leis féin go mbeadh dínnéar breagh aige an lá san. Do mhairbh sé an lacha, agus do bhain sé na cleití agus an clúmh di, … agus do ghlan sé í agus do chuir sé i n-oidhean í chun í rósta. Níor bhfada go raibh baluith breagh na lachan ar fuaid an tighe agus lasmuigh den tigh. Bhí an Sprionnlóir chomh bruideamhail sin nár thug sé fé ndeara gearrachaile ag an bhfuinneoig agus a srón buailte leis an ngloine agus í ag slugadh baluith na lachan isteach trín a sróin agus trín a béal. Inghean na Baintreabhaighe a bhí ann, an inghean ba shine. Féachaint dá dtug an Sprionnlóir amach do chonaic sé an ghearrachaile agus do labhair sé léi go feargach. — Imthigh as san nó basgfar thu, ar seisean agus é ar buile le feirg. D'imthigh an ghearrachaile agus scannradh uirthe, ach do tháinigh sí thar n-ais arís go dtí taobh eile den tigh agus d'fhéach isteach an fhuinneóg ar an dtaobh san. Do bhí an lacha ar an mbórd agus an Sprionnlóir ghá ithe ar a shástacht, ach bí an baluith ann fós agus d'fhan an cailín ag an bhfuinneóig ag féachaint isteach ar an nduine istigh agus ag cuimhneamh ar lachain a máthar féin a bhí imthithe uaithe. D'eirig an fear lom ó'n mbórd agus sar a raibh fhios ag an gcailín cá raibh a thrial bhí sé 'na sheasamh lena taobh agus greim daingean aige ar ghualainn uirthe. — A ghaduidhe bhig, ar seisean, caithfir-se díol as so, nó díolfaidh do mháthair as. III. Do rug sé leis í go tigh na baintreabhaighe agus í ag gol go truaighmhéileach. Tháinig an Bhaintreabhach amach agus dubhairt an Sprionnlóir léi gur ghoid a hinghean cuid den lachain uaidh. … — A inghean mo chroidhe 'stigh, arsan mháthair, cad chuighe gur dheinis é sin? — Níor ghoideas aon rud, arsan cailín bocht. — Do ghoidis, arsan Sprionnlóir. — Níor ghoideas, arsan cailín. Ní rabhas ach ag féachaint isteach tríd an bhfuinneoig. — Do ghoidis an baluith, arsan Sprionnlóir, agus d'innis sé don mháthair conas mar a chonaic sé an cailín ag an bhfuinneoig. D'iompuigh an Bhaintreabhach air agus hug sí aghaidh na muc is na madraí air, agus nuair airigh na comharsain an gleo ar siubhal do bhailigheadar i dteannta chéile agus bhíodar ag cabhrú leis an mbaintreabhaigh. — Seo chughainn an Breitheamh, arsa duine aca, nuair a bhuail Breitheamh na Dála sa cheanntar san an treo. Cuirimís an sgéal os a chomhair. Do hinnseadh don Bhreitheamh cnámha an sgéil. Beidh cúirt agam Déardaoin seo chughainn arsan Breitheamh, cuirtear an chúis os mo chomhair an lá san agus tabharfad breith uirthe. B'é b'fhada leis na daoine go raibh an Déardaoin ann go bhfeicidís cad a dhéanfadh an Breitheamh nó conas eirigheóchadh leis an Sprionnlóir. Nuair a tháinig an lá bhí tig na cúirte lán go doras. Bhí an Sprionnlóir ann agus an Bhaintreabhach agus a hinghean agus na comharsain go léir, agus Óglaigh ag stiúradh na hoibre. Ar a haon déag a chlog tháinig an Breitheamh amach ar an árdán. Do ghlaoidh an Cléireach ar an Sprionnlóir. Do chuaidh seisean i n-áirde ar chlár na mionn. Do chuir sé an ghadaidheacht i leith an chailín, agus d'innis sé a sgéal ó thúis deire gan sgáth gan eagla. … Do ghlac scannradh an Bhaintreabhach bhocht agus nuair a glaoghadh uirthe níor fhéad sí labhairt. — Bhfuil aon fhreagradh agat? arsan Breitheamh, ach ní bhfuair sé focal uaithe. — Tabhair coróinn dom, ar seisean. Do chuir an Bhaintreabhach a lámh isteach 'na brollach agus do tharaigh sí amach ciarsúir spotuithe. Do scaoil sí snaidhm a bhí ar chúinne an chiarsúra agus do thóg sí amach an taon phíosa coróinneach amháin a bhí ar an saoghal aice, agus go bhfuair sí a lán dá dhuagh ghá chur le chéile. Do thug sí don Bhreitheamh é agus ba dhóigh leat gur bhraon d'fhuil a croidhe a bhí ag imtheacht uaithe. Do thóg an Breitheamh an choróinn uaithe agus do chaith sé ar an mbinnse í, agus do léim croidhe an Sprionnlóra le háthas nuair a airigh sé glór an airgid. — Seadh, arsan Breitheamh, leis an Sprionnlóir, do chuiris an ghadaidheacht i leith an chailín sin. Dá ngoideadh sí cuid ded lachain, do thabharfainn an choróinn sin duit. Níor thóg sí uait ach baluith na lachan, agus ní bhfuighir de chúiteamh ach glór na coróinneach san, agus do thug sé an choróinn thar n-ais don Bhaintreabhaigh. Do shleamhnaigh an Sprionnlóir amach as an gcúirt agus náire air agus na comharsain ag gáirighe agus ag magadh fé. … AN FEAR A BHEARRADH É FÉIN I. Fear a bhí 'na chomhnaighe i mBaile Átha Cliath, fear deas ceannsa dathamhail. Ní fheadar-sa féin cé'r díobh é, nú cár bh'as do, ach is minic a chidhinn é agus me im chomhnaighe sa chathair fadó. Do bhí post breagh bog aige fé'n Rialtas Gallda agus bhíodh sé ag obair sa chaisleán úd ar a dtugtí nead na ceilge. Ní fheaca riamh é gan cluithéaduig deas air do réir an fhaisinn, agus bróga deasa agus stocaí agus cluig ortha. Bhíodh sé piocaithe bearrtha i gcomhnaighe. Tráthnóna dá rabhas i gcafé áirithe ag ól cupán té ar mo shuaimhneas cé thiocfadh isteach ach é féin agus cailín deas lena chois. Ar ádhbharaighe an tsaoghal do shuidh sé chun búird tamal beag anonn uaim i dtreo go raibh lán mo dhá shúl de radharc agam air. Do thugas fé ndeara an tráthnóna san a chúramaighe a bhí sé i dtaobh a fhéachainte féin. An folt dubh ar a cheann bhí sé scuabtha siar ó n-a éadan go dtí n-a chúl, agus ní raibh fás dhá lá ar a smig marab ionnan agus mise. Déarfainn go mbearradh sé é féin ar maidin agus um thráthnóna, bhí sé chomh glan san. Tamal 'na dhiaidh san do cuireadh go baile beag i n-iarthar na hEireann ar ghnó an Rialtais é. Do bhí doircheacht na hoidhche ann nuair a shrois sé an baile beag. B'é an chéad uair riamh aige i n-áit mar sin é. Do chuir sé fé i dtig ósta bheag ag ceann na sráide bige, agus nuair a bhí an suipéar itte aige do chuaidh sé a choladh mar bhí sé tuirseach go maith tar éis an lae. … Nuair eirigh sé ar maidin lar na mháireach do ghlaoidh sé ar an gcailín aimsire agus dubhairt léi uisce te a thabhairt chuige chun go mbearrfadh sé é féin. An fhaid a bhí an cailín ar lorg an uisce bhí seisean ag cuardach a mhála, ach ní raibh tásc ná tuairisc an rásúir ann. Is amhlaidh fhág sé 'na dhiaidh i gan fhios do féin é. — Is cuma é, ar seisean, raghad amach go tig an bharbóra agus gheofhad bearradh maith ansan. D'imthig sé amach agus do bheannaigh sé don chéad duine a bhuail uime. — An bhféadfá innsint dom, ar seisean, cá bhfuil tig an bharbóra? — Tig an bharbóra! arsan duine eile, agus iongna air. — Seadh, ar seisean, tig an bharbóra, an tig mar a mbaintear an fheasóg de dhuine. — Ach, arsan fear eile, níl a leithéid sa bhaile seo in aonchor, bearrann gach éinne é féin anso, agus d'iompaigh sé ar a sháil agus d'imthig sé. II. Do bhí an duine uasal ó Bhaile Átha Cliath i gcruadh chás. Bhí fás maith gruaige air a chorrán agus ní bheadh sos ná suaimhneas aige go dtí go mbainfidhe dhe é. Do lean sé dhe ag siubhal na sráide féachaint an mbuailfadh éinne uime a inneosadh dó cá bhfaghadh sé fear a bhearrfadh é. Do chonaic sé fear óg ag teacht fé 'n-a dhéin. Nuair a dhruideadar le chéile do stad sé é. — B'fhéidir go bhféadfá innsint dom, ar seisean leis, cá bhfaghainn duine a bhearrfadh me. — Ní sa chathair ataoi anois, ersan fear óg leis an stróinséar níl aon tsiopa bharbóra sa bhaile bheag so. … — D'airigheas é sin cheana, ersan stróinséar, ach b'fhéidir go bhfuil aithne agat ar dhuine éigin a dhéanfadh an gnó dhom? — An bhfeiceann tú an bothán san ag bun na sráide? ar seisean. — Chím, arsan duine uasal. — Tá duine 'na chomhnaighe sa bhothán san, arsan fear óg, agus ní déarfainn ná go ndéanfadh sé dhuit é. — Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, arsan duine uasal, agus do dhein sé ceann ar aghaidh ar an mbothán. Do bhuail sé an doras. — Tair isteach, arsan duine a bhí istigh. Do bhuail sé isteach agus d'innis sé d'fhear-an-tighe cad a bhí uaidh. — Agus an bhféadfá me bhearra? ar seisean. — D'fheadfainn, arsa fear-an-tighe, ach b'fhearr liom gan é dhéanamh. Do thuig an duine uasal ó-n gcuma 'na ndubhairt sé é go raibh droch ionntaoibh aige as féin. Dubhairt an duine uasal go ndíolfadh sé go maith é, ach ní raibh aon mhaith dho ann. Níor fhéad sé fhághail ó'n bhfear eile ach — b'fearr liom gan é dhéanamh. D'imthig an duine uasal agus fearg air agus do chuardaigh sé an tsráid féachaint a bhfaghadh sé éinne i n-aon tig eile a dhéanfadh an gnó dho. Do theip air agus thug sé aghaidh ar an mbothán arís. D'fhiafraigh sé arís d'fhear-an-tighe an bhféadfadh sé é bhearradh, agus dubhairt seisean go bhféadfadh go háluinn. — Tosnaigh láithreach, má seadh, agus dein é, arsan duine uasal. — B'fhearr liom gan é dhéanamh, arsa fear-an-tighe arís. — Cuir uait an chainnt sin agus dein é, arsan duine … uasal, agus tabharfad leath-choróinn duit nuair a bheidh sé críochnuighthe agat. — Ní cúrsaí airgid in aonchor é, arsan fear eile, ach b'fhearr liom gan é dhéanamh. — Ach an ndeireann tú liom go bhféadfá é dhéanamh? — Ó d'fhéadfainn, ar seisean. — I n-ainm Dé dein é mar sin agus ná bí ag cainnt ansan. Tá an lá ag imtheacht agus gan aon ghnó déanta agam fós. — Ó's rud é gur iarrais orm é dhéanamh i n-ainm Dé, ní fhéadfainn tu dhiúltadh, arsa fear-an-tighe, agus déanfad é ar aon choinghiol amháin. — Agus cad é an coinghioll é sin? arsan duine uasal. — Go luighfir ar fleasc do dhroma ar an mbórd san i n-aice na fuinneoige, an fhaid a bheidh an obair ar siubhal agam. III. Ní ró mhaith a thaithn an coinghioll san leis an nduine uasal, ach b'éigean do géilleadh. Do luigh sé siar ar fleasc a dhroma ar an mbórd, agus do chuaidh fear-an-tighe go dtí an cúinne mar a raibh an rásúr agus galluanach agus an scuaibín i dtaisce aige. Bhí an ciotal ag beiriú ar an dtine. Do líon fear an tighe báisín ó'n gciotal agus do thúm sé an scuaibin ann agus ba ghearr go raibh sobal breagh bog ar aghaidh an fhir a bhí sínte ar an mbórd. Do chimil fear an tighe an ghruaigh lena láimh chun í bhogadh agus do chuir sé tuille sobail ar aghaidh an fhir. Ansan do chuaidh sé go dtí an cúinne arís agus do tharaigh sé amach an rásúr agus do thosnaigh sé ar faobhar a chur air ar a dhíothal. Nuair a thug an duine uasal ar an mbórd an méid sin fé ndeara tháinig scannradh air, ach ní leogfadh … eagla dho coruighe. Níor dhein sé ach a phaidreacha a rádh agus fanamhaint socair agus gan leogaint air go raibh aon droch amhras aige as fear an bhotháin. Tháinig seisean agus an rásúr aige agus faobhar álainn air. Nuair a sheasaimh sé i n-aice an bhúird do thuit an lug ar an lag ag an nduine uasal mbocht, ach ní raibh dul as ansan aige. Do chuir fear an tighe a lámh chlé ar cheann an fhir eile agus do thosanaigh sé ar a aghaidh a bhearradh. Do bhearr sé go hálainn é, agus do nigh sé é agus do thriomaigh sé é. — Tá an obair déanta, ar seisean leis an nduine uasal, agus do ghlan sé an rásúr — Tá, agus déanta go maith, arsan duine uasal agus é ag eirighe ó'n mbórd agus áthas air nár gearradh a scórnach. Do chuir sé a lámh 'na phóca agus thug sé leath-choróinn d'fhear an bhotháin — Ar mhiste leat innsint dom anois, ar seisean, cad 'na thaobh nár dheinis ar dtúis é? — Níor mhiste liom go deimhin, ar san fear eile, o's rud é go bhfuil sé déanta. Is tu an chéad fhear beo do bhearras riamh. … … … … … | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3523 |
3,419 | Cuisle na hÉigse | Éamon Cuirtéis | — | Cuirtéis, Éamon | 1920 | 20 | prose | Mártan Lester, Tta. | 7,676 | 2,723 | AN RÓS BÁN FUAIREAS bláth, ón fuaireas bláth! Ó ainnir mín na súl sámh, Dá áilleacht dar liom an flós Dob áille fós an bhé bhán. Róisín glé ón róisín glé! Nár ghile sneachta ar an sléibh, Cér gheal liom an róisín bán Ba ghile liom mo bháb féin. Thaisgeas é ón thaisgeas é! Le gean don bháib ba gheal gné, “Samhail le na sgéimh an bláth “Samhail fós lem ghrádh don bhé.” Chríon an bláth ón chríon an bláth! Chríon is d'eug, níorbh fhada an tráth, Ba shamhluíd dáiríribh é. Ní buan ré don sgéimh 's don ghrádh. AN FIACH DUBH MAIDIN san bhfómhar le lónra an lae. Seadh dhearcas ó fhuinneóig mo sheómra féin, Fiach dubh feasa ar an bhfala na shuidhe Rianaidhe thaistil ó thalamh tar tuinn. Do raideas-sa grá don rábach alrach, Preabailre fánach fáthach sgeultach; Dob fhuirist a mheas ar chreat mo réice Gur eitill tar lear ó Fhearann Ghaedhil Ghluis Do shaoileas gur fheuch orm fhéin le trua dhom; Do shíneas mo gheuga fé dhéin an ghrugaigh; Mheasas go ndubhairt: “Mo chumha thú, a Phiarais Is aindeis do chúrsa i ndlúth ghlasa iarainn, Do bhís-se uair go luaimneach treun An mhaoilinn suas ba luath do léim; Do chonnac-sa treall tu it lannsa faobhrach, Fuinneamhail teann gan beann ar éinne; Nach cuimhin leat maidin ar bhreacadh an lae 'S tú ag tíocht abhaile 's do chara let thaobh An chara dob fheárr dár thárla it líontaibh Do chara bocht Seán go bráth ná fillfidh Fiach dubh go bhfeacaís san bhealach go subhach 'S an ghrian ag taitneamh go geal ar a chlúmh Do mholaís le greann a dheallramh sásta Mise bhí ann is do ghreann ba bhreágh liom.” Is fada mo shaol im straere fánach Is fairsing mo réim tar sléibhte is bánta, Do chonnac-sa a lán nár chás dom a innsint I nInis ghil Fáil is tar sáile coíthigh; Níl ann ach seachtain ó chaitheas-sa tréimhse I mball sa mbaille is aithnid duit féinig. I nGleann Deasmhúna i Músgraighe bhíos-sa 'S na lom-chnuic dubha go dlúth im thimpal, Bhí brothal tar meón le ró-neart gréine ann Solus go seóigh ar bhórdaibh fraoch-chnoc, Bhí an loch os mo chómhair go lónrach glégeal Cothrom gan ceó gan leóithne ag séideadh, Bhí buachailll i mbád i lár na linne 'S ar bhruach an oileáin bhí gártha bruinneal. D'éisteas go sóghach le gleó na mbláth-bhan Gaedhilg is spórt ag coíp ón gColáiste; Bhí cuid aca ag trácht ar lá do bhí aca Anuiridh ar fán de bhárr na maol-chnoc, Dubhairt ciabhfhionn bheag gheal go cneasta caoin bog “Bhí Piaras nár measg, is maith is cuimhin liom...” Do chuala gliogar na n-eochair fém dhéin-se Do chuala fothrom fuirinne an Bheurla, Do chonnac-sa fém dhéin na béir óm chiapadh, Is d'imthigh an t-eun insna speurtha siar uaim. Portland, Sasana, Meadhon Foghmhair, 1916. MARBHNA AR BHÁS SHEÁIN DE BRÚN. Rugadh Meitheamh, 1894. D'éag Iúl, 1919. IS dubhach an scríbhinn caoineadh driotháirín, Uileacán dubh ó, Ní dualgas aoibhinn do chroidhe tá cráidhte, Uileacán dubh ó, I mbláth geal t'óige níor chóir, mo léan, Bheith ar lár i gcomhrainn 's ag feodh san gcré, A's do mháithrín fá bhrón gan stór a cléibh, Uileacán dubh ó! Is tú bhí dílis do Rí na ngrása, Uileacán dubh ó, A's ba chumhra do smaointe a's do ghuidhe d'á Mháthair Uileacán dubh ó. B'uasal, ba dhaingean tú, a's ba charthannach fiál, Mo thruagh, a's tú cailte ar do leabaildh phían; O! stiúr don bhflaitheas a anam, a Dhia! Uileacán dubh ó. Bhí do cholann sínte againn le stiúradh, Uileacán dubh ó, I dtosach oidhche go cill do dhúthchais. Uileacán dubh ó, Mar ba mhian leat eólus go deó san uaigh Go bhfuil triall na gcómharsan i dtreó do thuaim, Agus Críost ar altóir an dóchais bhuain, Uileacán dubh ó. Tá gaotha ar an gcnuicín a's gile spéire, Uileacán dubh ó. Chuirfeadh fiabhrus ag imirt tré chuisleannaibh daonna, Uileacán dubh ó. Ach is cuma leat lá geal a's báisdeach fád 'dhíon, Soineann a's trátha a's fás an tsíl, Cé gur chuiris led' lámhaibh an bárr do-chím, Uileacán dubh ó. Is tú bhí éascaidh i réim na spóirteann, Uileacán dubh ó, Ag siubhal an tsléibhe nó ag léimeadh thar teorainn, Uileacán dubh ó, Ní bhfuightear aon bhrígh i ngaiscíocht ná i gcraobh, Tá an bheidhlín caointeach, an rinnce gan spéis, D'imthigh aimsear na mbuidhean aoibhinn i gcéin, Uileacán dubh ó. Ba mheidhreach do chluain agus fuaim do gháire. Uileacán dubh ó, Do leigheasóch' gruaim a's buairt do cháirde, Uileacán dubh ó, Ach níorbh eól dhuit leigheas do shaighid an bháis. Ná comhairle do raghadh in aghaidh a stáit, Ná ceól binn cainnte ná feidhm amhráin, Uileacán dubh ó. I bhféar na móna tá crónán uaigneach, Uileacán dubh ó. Éanlaith gan glór a's an bhólacht fá shuaineas, Uileacán dubh ó, Tá cúirt an tsamhraidh tré dhomhan na mbláth, Fá'n mbruach tá an abha ag sleamhnú go sámh, Is ciúin gach beann, tá an gleann gan anál, Uileacán dubh ó. Ó! codaill go réidh fá'n tsléibh ghorm scáthmhar Uileacán dubh ó, Ó's cortha do ghéaga bhí éadtrom in áirde air. Uileacán dubh ó, Tá ceó ar an bhfear go pearlach fuar. Tá do ghnótha déanta fá'n ngréin go luath, Agus seóladh do chéim roimh ré chun suain, Uileacán dubh ó. VALPARAISO THÁINIG long ó Valparailso, Scaoileadh téad a seól sa chuan. Chuir a h-ainm dom i cuimhne Ríocht na gréine tír na mbuadh. Gluais, ar sí, ar thurus fada Liom ó scamall a's ó cheo, Tá fé shleasaibh gorm-Ándes Cathair scámhar, glé mar sheód. Ach bhíos óg a's ní imtheochainn-se, Am an dóchais tús mo shaoil, Chreideas fós go raibh i ndán dom Iongantaisí na ndán 's na scéal. Ghluais an long thar linntibh mara Fad ó shoin sa crann mar ór. Scríobh a scéal ar phár na h-oíche, Árd i rian na réiltean mór. Fillfidh sí airís chugham, ámhthach, Chífead cathair bhán fé 'n sléibh, Le h-ais Mara na Síothchána, Creidim fós, beagnách, a Dhé. AMHRÁINÍN ÁTHAIS MÍ Meadhon Fhómhair na maidne órdha, Aoibhinn fóid na rubánta gceomhar, Scáil na ndeór a's gan deór bheith ann, Le casadh láimhe, ach fras na seód Mí Meadhon Fhómhair na bhfál mbreac ómrach, Spideóg cheólmhar ag cainnt de ghlór bhinn, Dath an bhróin, a's gan brón bheith ann Láithreach, ach geal-gháire ar shogh. Cioth na seód nách gann ar fhódaibh, Cioth an cheóil nách gnáth dó feócaidh. Maidean Fhómhair, a's dar ndó is maith Dá mairean slán ar Chlár na mBeó. AGALLAMH NA N-ÉAN CAD tá 'á rádh ag na préacháin ghránna 'S iad ag brácaoil go hárd is ag gluaiseacht go dána? “Ná bídhidh 'ár masladh, is É Dia do chruthaigh sinn, 'S do réir a Thoile naomhtha do chúm is do dhubhaigh sinn.” Cad deir na gealbhain ar gheágaibh an chrainn Is aoirde sa bhfál, is iad ag labhairt go mín? “Toil Dé ár suaimhneas! Toil Dé ar suaimhneas! 'S ní rachaimíd thairis sin choidhche mar aoibhneas.” Cad dubhairt na colúra i lár na coille 'S sinn ag cuardach na rainighe is na luibheanna go huile? “Bhíomair, lá, i bParrathas chumhra, 'S le cumha, a Mhuire is truagh! tá ár n-aigne buartha!” Cad déarfaidh an fhuiseog as radharc san aer, Nach binn é a guth is í ag cantain de shíor? “Nach áluinn an sgéal é! níl agam le díonamh Ach Flailtheas Dé Bhí de cheol a líonadh.” Na fáinnleoga aeracha ag feadaoil go binn, Nuair a thiocfaid thar sáile cad déarfa siad linn? "Fé sgibhéalaibh an tséipéil beidh ár nead mar is gnáth, Chun go mbeimíd ag éisteacht an Aifrinn á rádh.” Féach ar an bhfaoilinn ag eirghe ón tuinn! Iarr uirthe a chur in úil dúinn cúis a gáire is a grinn. “Tá ár saoirse ag teacht thar lear ar an ngaoith, 'S sgreadaimíd le luathgháir is le háthas ó chroidhe"! Cad deir na spideóga deasa niata Ná tréigeann a dtír dhúchais í rith na bliana? "Dé hAoine an Chéasta iseadh dheineamair caoineadh 'S is beannaighthe sinn adeir na daoine.” Fiafruigh den ghlasán ar ghéig an chrainn ubhaill Cad chuige a bhfuil réilthín ar lasadh 'na dhá shúil “In aimsir an Charghais bím soilbhir soirbh, Ó is gearr go n-eireóchaidh ár Slánuightheóir ósna mairbh!” NA COISITHE I gcoim na hoidhche cloisim iad Na coisithe ar siubhal; Airighim iad, ní fheicim iad Ní fios cá bhfuil a gcuaird. I gcoim na hoidhche dorcha A's an uile ní i suan, Airighim teacht na gcioisithe I lár an bhaile chiúin. An daoine iad nách sona dhóibh Nó anama i bpungc, Nách aoibhinn dóibh an t-ionad san I gcomhnuighid go buan? I gcoim na hoidhche dorcha A's cách n-a chodhla suain, Is eadh chloisim-se na coisithe Ag teacht a's ag imeacht uaim AR DÍBIRT AR mbeith do'n gheimhreadh fhuar Curtha ar gcúl ar fad, A's an ghrian ag spalladh anuas Go soillseach, lonnrach, deas, As an fháinleóg casta chughainn; Má bhím i ndóchas maith, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. Do chaitheas spás ag siubhal Tré Éilivéis na n-Alp A's fós san Iodáil uais A's i Venetia na sreabh; Ach bíodh go bhfaca súd Is é seo adeirim leat, Go raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. Tig tráth ina gcuirtear suas Do mheón gach croidhe gan ceas, A's go gcuirtear ana-dhúil I machtnamh fhada amach: An tráth go raghaidh i bhfuacht Mo cheól a's mé go seasc, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. A's anfad ann im uath (Mara mbeir, a rúin, le m'ais) Go nglaodhtar orm suas Chun áit nach scartha leat; Ach sara raghad anonn Ag lorg luach mo bheart, Raghad-sa seal ar cuaird Do'n áit go dtángas as. L.G AN GHLEANN 'NAR TÓGADH MÉ Ó áit go h-áit ba bhreagh mo shiubhal, Is dob árd mo léim ar bharr an tsléibh; I luing 's i mbád ba mhór mo dhúil, 'S ba bheó mo chroidhe i lár mo chléibh. Mar chois an ghirrfhiadh do bhí mo chos, Mar iarann gach alt is féith, Bh an sonas romham thall 's abhos Insan ngleann 'nar tógadh mé. Ba chuma liom-sa fear ar bith, Ba chuma liom an domhan iomlán, Mar rith an fhiadh do bhí mo rith Mar shruth an tshéibhe dul le fán. Is ní raibh rud ar bith san domhan Nach ndéanfainn, dá mba mhaith liom é; Do léim mo bhad ar bharr na habhann, Insan ngleann 'nar tógadh mé. Na dathanna bhí ar mo shúil, Och! bhí siad mar dhath an óir, Ní dhearcainn riamh ar mo chúl, Ach dul ar aghaidh le misneach mór. Do leanainn-se gan stad gan scíth Mo rún, da gcuirfinn romham-sa é, Do bhéarfainn, dar liom, ar an ngaoith Insan ngleann 'nar tógadh mé. Ní h-amhlaidh tá sé liom anois, Do bhí mé luath, is tá mé mall, Níl fhios agam cad é do bhris Sean-neart an chroidhe is lúth na mball: Do rinne mé mórán 's fuair mé fios Ar mhórán, och! níor sásadh mé Mo leun, mo leun, gan mé arís Óg san ngleann 'nar tógadh mé! TÁ ATHRÚ AG TEACHT TÁ athrú ag teacht, 'sé an t-athrú mór, Agus ní bheídh brígh i maoin nái stór, Éireóidh an té bhí beag go leór, Agus tuitfidh anuas an té bhí mór. Tiucfaidh an uair, 's ní fada uainn í, Nach bhfágfar neart i reacht ná i ndligh, Agus cromfaidh an muineál nach raibh crom, 'S au uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom. An uair a thiucfaidh sé tiucfaidh sé trom, Beídh sé ramhar an té bhí lom, A's béidh sé lom an té bhí ramhar, Gan fosgadh dá cheann gan greann gan cabhair. Ardóchar an t-ísiol, adeir an bárd, Isleóchar arís an ní bhí árd, Athróchar an domhan ó bhárr go bonn, 'S an uair a thiucfaidh sé, tiucfaidh sé trom: Má chí tú féin an ní sin ag teacht, 'S an tír gan seun, gan dligh, gan reacht Sguabtha le stoirm, gan fios, gan bhrí, Cuimhnigh orm 's ná bris do chroidhe. Tá an Saoghal so mar long Bheadh i mbaoghal ar an dtonn, Seal go ciúin a 's seal faoi stoirm, Amú ameasg na dtonntrach gorm. Tá an Saoghal so 'na chrann Bárr-ghlas, craohh-bhog, cairt-mhín, sleamhan, Ach tá péistín ann go dlúth 'Chuile lá ag diúl a shúgh, Ach ón tsean-chrann seirgthe, fuar, Fásfaidh aníos an plannda úr, Geobhaidh an sean-domhan bás gan truagh, Agus fásfaidh an domhan óg úr as a uaigh. FORNOCHT DO CHONNAC THU FORNOCHT do chonnac thu, A áille na háille, Is do dhallas mo shúil Ar eagla go stánfainn. Do chualas do chéol, A bhinne na binne, Is do dhúnas mo chluas Ar eagla go gclisfinn. Do bhlaiscas do bhéal, A mhilse na milse, Is do chruadhas mo chroidhe Ar eagla mo mhillte. Do dhallas mo shúil, Is mo chluas do dhúnas, Do chrudhas mo chroidhe Is mo mhian do mhúchas; Do thugas mo chúl Ar an aisling do chumas, 'S ar an ród so romham M'aghaidh do thugas. Do thugas mo ghnúis Ar an ród so romham, Ar an ngníomh do-chím 'S ar an mbás do-gheobhad. SGARADH MÁ'S sgaradh liom-sa is rogha leat, A theann-chara shéimh, Is eadrainn gur shleamhnaigh An clampar 's an bhréag Do shlighe-se féin má's gabhtha dhuit, Imthigheam ó chéile i gcarthannacht, 'S dá dhuibhe mo réim-se it easbaidh anois Guidhim samhradh ort-sa im dhéidh. Ní fada ó shin do shaoileas, Ar dhilseacht ár ngrádha, Gur snaidhmeadh linn an snaidhm sin Ná sgaoilfí go brách. Mo chrádh 's mo chumha mar teasgadh é Le ráidhtibh tnútha is cealgadh, Do bháidh 's do mhúch an caradas Ba chaoine bhí ar fagháil. 'S aréir i ndoimhneas suain dam Do chuala do ghlór, Is d' fhéachais mar ba dhual duit Sul fuaradh do chló. Foríor mar d'eirigh an mhaidean gheal, Chuir críoch le meidhre is meanmain, 'S do sginn an taidhbhreamh taitneamhach Le gluaiseacht an cheóigh. An ceó san ós na bántaibh Fuair árdach ón ngréin, Ach ceó is truime ón dtráth san Ní fhágfaidh mo raon. Mo thruaighe fé dhó fad mhairfead-sa, Nach duairc go leór an bheatha so, Gan uaigneas fós dár gcailleamhaint, 'S ár náimhde fí réim? Ach bíodh san mar atá séSeo sláinte ort óm chliabh, 'S do dhíol de charaid ghrádhmhar Bheith láimh leat im dhiaidh, Pé treó 'na raghair óm amharc-sa, Gan brón ná treighid ad leanamhaint, 'S go deó gan deaghailt ná sgaramhaint 'Na sgáil ar do rian. DÍBIRT MO chrádh 'gus mo thubaist an turus so am shníomh, Ó cháirdibh mo chumainn ba shultmhaire croidhe, An t-éigean dom tharrang go Baile-bhfad-síos, Is gur thárla dhom téarnamh ó Ghaeltacht Chorcaighe. Mo ghrádh thú mar dhúthaigh, a chúntae mo chroidhe, Ó thráigh a' Ghort Ruadh thoir go cruacha Chiarraighe, Is ó chríochaibh na nDéise thar Béarra go Baoi, Mo bheannacht go n-éagfad ar Ghaeltacht Chorcaighe. 'Sé an Gaortha mo rogha thar gach ceanntar sa' tír, Mar a mbíonn rinnce 'gus ceól ag lucht spóirt agus grinn, Agus gáire ban meidhreach ag eirghe go binn, D'airighinn-se trím néallaibh i nGaeltacht Chorcaighe. Dámadh ná beadh ach fear againn, geallaim-se dhíbh, Is meitheal ann féin é, nár staon is nár stríoc, An t-Athair geal Peadar ba thaca sa bhruidhinIriú, do rugais an chraobh leat, a Ghaeltacht Chorcaighe! SLÁN LEIS AN ABRÁN SLÁN leat, Abrán bhraonaigh, A mhí bhog úr Slán leat, as bead go deárach Ó taoi sa tsiubhal. Chuiris brat breagh féir ghlais Ar reidhthibh Mumhan; Chuirís brat breagh féir ghlais Is glas-duilleabhar Chuirís neart sa dream aosta Gur lag a siubhal, Chuirís ba ag mear-léimrigh Bhí seal gan lúth. Chuirís ceól i min-éanlaith Bhí tráth go ciúin, Chuirís cló ar fhiadhain-shléibhte Bhí lom gan chlúid. Slán leat, a mhí bhraonach, Slán let dhrúcht, Slán leat go dtigir fém dhéin-se Arís it shiubhal. GUBERNATOR MEUS SHEÓLAS amach an mhuir mhór Thar an gcuan ón thar an gcuan; D'athruig an spéir, dubh a gné Is do laisg an ghaoth an long. Ar aghaidh go tuisleach thriall sí, Lom a crainn ón lom a crainn, Thuiteadh sí ó thuinn go tuinn Nó gur shluig an duibheachán í. Am' aon ar an ndroichead dom Ag an roth ón ag an roth; Sgread an stuirm, chrith an clár Is do léim an bás lem chois. Ghlaodhas i n-árd mo chinn le h-uamhan “A Rí Mhóir ón a Rí Mhóir! An cás leat mé anois dom bádh? Labhair; duit tá gaoth is sáile umhal.” O féach! Sheasaimh sé lem thaobh An tAon Mhac ón an tAon-Mhac! Leag sé lámh mhín ar láimh úir Is do thóg an stiúir 'na ghlaic. Do scaoil a ghruag leis an ngaoith Na thóirsíbh ón na thóirsíbh; Nuair bhain an ribe lem ghruadh; A Thíarna nach cumhra bhí! Siúd thar dhruim na bóchna sinn Cé dubhach bhí ón lom dubhach bhí; Cá baol dom aon bhaol dá mhéid Is É gham' stiúir go sith-shíor? TRÍ hIONGANTAIS. CHONNAC i mBéalfeirsde tráth Seang-bharc árd ag lucht an úird Ghluaiseacht léi ó chró na gcrann 'S abhfad i gcéin ag treabhadh tonn. Chonnac criadóir Béallic' tráth Ghabháil do charn criadh ar roth, Ag dealbhadh le na mhéir mhín Soitheach gcaol ba sgiamhach crot. Chonnac oide i gCorcaig tráth Roimis rang do b' áille gruadh Ag múscailt le na theagasc chaoin Miana croidhe ná claoidhfeadh sluagh. LÁMH AN BHACAIG BEIR leat uaim do phingin ruadh: Ní, a chumhang-chroidhe an bhodaig, Le súil síntiús mhealladh uait Sínim chughat lámh an bhacaig. Feasach dom gur fuath ár mbeart Leat, a dhaoir na sparán dteann; Sean-chlár Ir do shaoradh o'n nguais Led' leithéid-se ní fiú beann. Mian leat ámhthach seasamh rómham 'S lámh leat síos go póca shádh'; A Pháirisínig is léir Nach féile atá ort ach náir'. Mian leat maoidheamh as nuair saorfar Ar dteanga caomh ón ndian-ghuais “Bhí rachmas orm an uair sin Minic chúghaibh mo shíntiús.” Go réidh, a bhochtáin an uabhair; Baint led phingin ruadh ba bhréan Fágfad fé do chubhais féin tu, Duit, in uair an bháis is baol. Lá 'le Pádraig. DUAINÍN DÓCHAIS I MÁRTA an t-seaca Nuair lasann an spéar Taréis an cheatha I ngach linn tá réalt. Do bhí an ród dorcha, An bháisteach bhí géarAnois fém chosaibh I ngach linn tá réalt. MO GHARRDHA UM THRÁTHNÓNA TÁ suaimhneas is ciúineas am gharrdha um thráthnóna, Gan fuaim ann ach londubh ar barra geíg ag tóbhairt uaidh, Nú suan-phort go suairceach 'á chanadh ag an smólach; Gan fuaim ann ach luascadh an uisce sa' tobar, Nú fuaim an bhrúscair 'á bhriseadh fém' chosaibh, Nú fuaimín ná dúisigheann na luin is na torthaibh. Tá seoidíní gleoite de lilibh deas' ag fás ann, Is rósaí gach sórt díobh ag filleadh ó ghéagánaibh, Is na scóir de'n bhainne-bó-buidhe ar imeallaibh casán ann. Tá fallaingí de bhlathaibh ann ar chrannaibh ubhall á' n-órnadh, Ó bharra crainn ag teacht anuas 'n-a gcaisí geala gleoite, A ndathanna ag caismirt lé glaise na bileoige. Bhí blatha beaga bána 's a gcailísí meala 'N-a lámhaibh acu um méadhan lae go mblaiseadh na beacha iad, 'N-a sámh-chodladh táid, is na blaisirí 'á ndearmad. Diaidh ar ndiaidh tagann scamaill is neolta, 'N-a luidhe tá noíníní ar leabaidh an fheoir ghlais Is tá síoda na h-oidhche ar na crannaibh mar chlóca. Ní luascann fiú duille - tá stad leis na ceolta, 'N-a shuan tá an londubh, sa nead tá an smólach, Is tá suaimhneas is ciúineas am 'gharrdha um thráthnóna AMHRÁN NA MÁTHAR CODAIL, a leinbh, codail go sámh, Codail is ná dein gol go bráth; Éist, tá na sithe ag eiteall 'sa ghaoith, Is tá siad ag feitheamh leats', a chroidhe. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal. Cogair, a leinbh, i dtír atá buan, Tá siad ag brath air go raghfá chúcha, Na daoine atá síor-óg go bráth, Seo fé na ndéin leat, éist, a ghrádh. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's na dúisigh go ló a rúin, Cloisim an phiob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal. Sa tír úd gol ní bhíonn ná brón, Ach saoghal gan buaidhirt 's gach ní i gcóir, Crainn ghlasa atá i gcomhnuí fé bhláth, Agus éiníní beaga ag feadghail de ghnáth, Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's na dúisigh go ló a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal. Codail, a leinbh, dá dhuibhe í an oidhch' I dtír an chodhladh bíonn solas do shíor, Solas gan scáil is aoibhneas sámh, Is taithneamh is suaimhneas duit-se, a ghrádh. Éist agus luidh go fóil it' shuan, Codail 's ná dúisigh go ló, a rúin, Cloisim an phíob 'ghá seinnt ag na síth' Is cloisim iad féin ar an ngaoith ag siubhal NA TRÍ RABHARTAÍ RABHARTA lán ag méabhadh ar thráigh Sé an foghar is fearr lem' chroidhe; Agus tormán árd na dtonntrach bán Ag tuile a's ag áith gan scíth. Is binn liom glór na muing-each mór, A's ronnán an róin dá laogh, Mar bheadh suanán sámh na murdhúch ar snámh A's iad a cíoradh a ndualán slím. Rabharta lán ar sruth Jordáin 'S an abhainn le g'bháil san oidhche, M'anam bocht tláith go nocht ar an tráigh A's é fliuch ag an sáile liath; Is eagal liom guais na ngarbhthonn fuar Ó's garg an guairneán gaoith'; A Rí na Cruinne, saoir-se an fhuirinn Mar rinnis i nGaililí! Rabharta lán 'san adhbha úd thall A's lonnradh ar an lear síorruí; Luing na shuagh ag tigheacht chun cuain A's iad ag filleadh a seólta mín: Compás ná iúl ní gádh dhóibh siúd Ná cairt chun stiúrtha a sligheMar tá lámh chun treóir ar an bhfalmadóir 'S go brách ní gheobhaid ón rian. AN BITH-MHIANADH TÁ gaoth na tíre ag séide 'gus na h-eunlaith ag dul chun suain, Tá 'n dubhar ag dul chun síneadh ar a' mbán; Ó éadan ruadh na séibhte tagan meidhleachán na n-uan Agus fuaim na caise 'g caoine ar an d-tráigh: Tá uaigneas ar m'anam 'gus is fada liom an oidhche, Is mian lem' spiorad gluaiseacht leis an ngréin, Ó'n mbuairt seo tá ar m'aigne 's ó chealg-rún an t-saoghail Go tír 'na bhfaghainn-se fuascailt ar mo phéin. Glaodhtar orm ón dtír úd 'gus is aoibhinn liom an glór, Mar bheadh leoithne caoin ag cogar thar an gcuan; Agus rachad chun na loinge nó go scaoilfe me an seól 'Gus go ndeónuithear dom sroistin shán anonn: Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom dob' fhearr, Ach tír bheith lán de charthanacht im' chomhair Mar a mairean féile 's díogras idir saoithe Innse Fáil, Is ann atá mo thriall - go Tír na n-Óg. CATH GHLEANNA MAOILIÚRA (MAR AR BHUAIDH FIACHA MAc AODHA ó BROIN AR GHALLAIBH, 25 LUGHNASA, 1580). DO tháinig Grey de Wilton chughainn 'Na bhodaire uaibhreach nimhe; Ní raibh dream fé ghléas sa chruinne riamh Ná go dtiocfadh leis a chlaoi: “Taispeánfad dos na codlataigh seo In Inis Fáil gan mhoill, Mianach fola an Normannaigh Agus treise a lámh i mbruighin. Is go deimhin ó thánag eatortha Ní fuláir dúinn beart is gníomh Do chur i leith chlú Shasana 'S ár ndeagh-bhanríoghan Eilís; Airighim go bhfuil i ngoireacht dúinn An madradh is dána dhíobh; Ullmhuighidh i gcóir na maidne dham Agus leagfam bearna tríd.” Do chaith de Wilton seachtmhain ghlan, Cé gur leasc leis uair de mhoill, Ar scoth na nGall do tharrac chuige I mBaile Atha Cliath go cruinn; Adtuaidh aniar 's andeas go tiugh Do ghabhadar shán gach shighe; Faire chughat, a Bhranaigh ghil Tá an ghramraisc ar do thí! Ach níor chodladh suain don Bhranach é An tseachtmhain úd i síth; 'Smo mhíle thruagh de Wilton tu Má bhlaisir d'fhaobhar a chlaidhimh; “Gheobhad Próinsias mear Mac Gearailt Agus Séamus Mac Eustaoís: Mo dhubhshlán beó agus marbh fúibh, A chlanna Lunndain fheíll.” Go luath do ghluais an Gearaltach, 'S a chara lena thaoibh, Ar fuaid Ó Dróin na gcailmfhear Ó bhFáilghe maith is Laoighis; Ba shuairc é croidhe gach ceatharnaigh Nuair ghlac' na láimh a chlaidheamh: “Seadh, gabhaim thú in ainm Bhanba, 'S gan dearmad déanfair gníomh.” Níor theipthe ar an nGearaltach, Do tharraing leis a bhuidhean, Is Mac Eustaoís dá leanamhaint I gan-fhios tríd an dtír; 'S in indeoin ar dhein na Sasanaigh Do ghabhadar folach dín I nGleann Maoiliúra an Bhranaigh mhir, 'S ar Shliabh Ruadh i measc an fraoigh. Um dheire thiar na seachtaine. Do ghread de Wilton roimhe, Fiche míle Sasanach Go greanta gléasta i gcrích, Gunnaí móra is beag' aige 'S gan dearmad airm faoibhir, Is thóg sé longphort taitheacach I mbéal an ghleanna thíos. Lughnasa a cúig fichead Fé bhrothal lae teasaidhe Bhí ullamh ag de Wilton, Is d'fhág a longphort aoil; Seo aníos an gleann an ghramraisc; Cá ndeaghais a Bhranaigh ghroidhe? An i gan-fhios duit go bhfuiltar chughat? Ó a Dhia, an it chodladh ataoi? Ní cloistar torann a dtaistil Cé gur garbh cruaidh í an tslighe; 'S má thárlaidheann duine 'á leagadh ann Ní cloistar a eascainí; Na spéartha thuas gan anfhaithe; An talamh ciúin 's an choill; An ghrian anuas ag taithneamh ortha, Is aiteas ar an mbuidhin. Ach de gheit do chrith an talamh Is lasadh suas an choill, Is leagadh sreath breagh Sasanach; Mo ghraidhn tu, a Fhiacha chroidhe! Aníos do bhúir an torann úd Is do thuit sreath eile dhíobh; Do ghlac an fuighlach eagla, 'S chun reatha leó gan mhoill. Anois a Ghaedheala chalma, Seo, tugaidh fútha arís; Leanaidh iad is leagaidh iad Is agraidh ortha díoghal N-a ndearnadar de bheartaibh uilc Ar fhearann Éibhir Fhinn; Tá saithe annsúd ar teicheadh romhaibh Is tugaidh dóibh an claidheamh. Anuas gach taobh do phreabadar Ar aicme an Bhéarla chaoil, Dá ruagadh 'gus dá stracadh, Dá mbascadh 'gus dá gclaoi. Ghlac scannradh a bháis de Wilton Is do theich fé uamhan ón mbruighin; Is Cosby Mhullaigh Mhaistean Chuaidh sleagh tré lár a chroidhe. ÍOSA AG BEANNÚGHADH NA LEANBH (Sliocht “Startha as an Soisceal.) CHUN Íosa Nasardha Do tugadh gasradh De leanbhaíbh rathmhara Chun a lámha do leagadh ortha, Ach lucht a leanamhna Do cháin le searbhas An dream do bhailig iad An Tighearna carthannach Ar a dtabhairt fá ndeara dó A ngníomh níor thaitneamh leis, Is an chainnt seo chaith sé leó; “Scaoilidh aithchim-se Chugham gach leanbh díobh Gan cosc gan bac ortha, Mar is deimhin dá samhail sin Rioghacht na bhflaitheasa Daoíbh-se geallaim-se, An té ná glacfaidh le Rioghacht na n-aingeala Ar nós na leanbh mbeag Go deó ní rachaidh ann.” Mar sin íar gcanadh dó, Na páistí laga soin Do ghlac go ceannamhail I gclúid a bhacalann, A lámha do leath ortha Is tré bháidh do bheannuigh iad. BÉIBHEANN AG CAOINEADH A LEANBH (Sliocht “Spioraid na Saoirse.”) OCHÓN, mo mhíle mairg, Mo bhrón nach dóigh é scaipeadh, Mar tá, na néall dubh leathan, Is na cheathaibh troma ar mh 'anam; Mo bhuidhean bhreagh laochda leanbh Óm radharc go doimhin i dtalamh. Binneas éan i gcrannaibh, Guth mná sidhe cois leasa, Céol na gcrot dá spreagadh I gcomhgar coillte 's abhann, An comhradh réidh a thagadh 'Na srúil de bharr a dteangan; Gile ó ghréin na bhflaitheas 'Na ngnúisibh áille ag taitneamh, Cumhracht bláth an carraigh 'Na mbéalaibh búcha balsaim; Milseacht aoibhinn meala 'Na bpógaibh am a gcasta Istoidhche orm abhaile; Niamh a gcneas mar shneachta Luisne rós 'na leacain Faghairt 'na súilibh meara Mar réalta spéire ar lasadh Um Shamhain istoidhche sheaca; Ciabh-fholt cíortha a mbaitheas Ar scéimh an óir bhuidhe ghreanta, Fiadh beannach ruadh gach dragan I gcleasaibh léime 's reatha; Ionnsuidhe leomhan ar cheathraibh Feidhm a ngéag i gcathaibh, I n-aghaidh mathshluagh na nDanar. AN LEANBH BÁIDHTE OCHON, a Dhonnchadh! mo mhíle cogarthach fá' n bhfód so ínte, Fód an doichill 'na luighe ar do cholainn bhig, mo loma sceimhleadh! Dá mbeadh an codhla so i gCill na Dromod ort nó in uaigh san Iarthar Mo bhrón do bhogfadh cé gur mór mo dhochar, is ní bheinn id' dhéidh air! Is feóite caithte tá na blátha scaipeadh ar do leabaidh chaoil-se, Ba bhreagh iad tamall ach thréig a dtaithneamh, níl snas ná brígh ionnta; 'S tá 'n bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná d'fhásfaidh choidhche Ag dreógh sa talamh, is go deó ní thacfaidh ag cur éirghe croidhe orm. Och, a chummannaigh! nár mhór an scrupal é an t-uisce 'ot luasgadh, Gan neart id chuisheannaibh ná éinne i ngoire dhuit do thabharadh fuarthain: Sgéal níor tugadh chugham ar bhaoghal mo leinbh ná ar dhéine a chruatainÓ,'s go raghainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú fhuasgailt. Tá an rae go dorcha, ní fhéadaim codhla, do shéan gach sógh mé; Garbh doilbh líom an Ghaedhilg oscailte (is olc an comhartha é); Fuath liom sealad i gcomhluadar carad, bíon a ngreann 'om chiapadh; Ó 'n lá do chonnac-sa go tláth ar an ngainimh thú, níor gheal an ghrian dom. Och mo mhairg! cad do dhéanfad feasta is an saoghal 'om shuathadh, Gan do láimhín chailce mar leoithne i gcr nnaibh ai mo mhalainn ghruamdha, Do bhéilín meala mar cheól na n-aingeal go binn im' chluasaibh. 'Gá rádh go cneasta liom “mo ghraidhn m'athair bocht, ná bíodh buairt ort!” Ó, mo chaithis é! is beag do cheapas-sa i dtráth mo dhóchais Ná beadh an leanbh so n-a laoch mhear chalma i lár na fóirne, A ghníomhartha gaisce is a smaointe meanman ar son na FódhlaAch an Té do dhealbhuigh de chré ar an talamh sinn, ní mar sin d'órduigh! AN CRÁDH A BHEAN d'apuigh m'abhránacht, Ar bhrannra mé má bheirir, Athchuinge an sgadáin ort Mo dhruim do chur le teine. Má 's rogha leat mo rósadh-sa Ná sáidh tríom do bhior-sa; Ní gádh dhuit mo ró-losgadh, Blasdaide me gan tionntódh. Aibhleoga in do ghlan-rosgaibh, 'S caora do bhéil deirg-se, 'S iad fá ndeara m'arlosgadh, 'S t' fholt ór-sholas, a sheircín. Coisg na dearca dealruithe, 'S folaigh fáth mo thóirse: Guidhim sgáth do neamh-thoile Bheith eadram-sa 's mo dhóigheadh. A bhean déanta m'athchuinge, Le dúil i smól do leacan Tharla arís in anbhfhainne; Leath mh'aoibhneasa níor mheasas. Silleadh beag dá bhfuaramar, A n-iarram ort in íoclus; Leigh as na spuaice, chualamar, A síneadh spás le gríosaigh. TEACHT AGUS IMEACHT AN GHRÁDHA. MO mhéara chomh mín, chomh bog, chomh maoth soin, le a folt mar ór Féach mar ráinig mo scéal slán, Tig an grádh ar shéan na rós. Tig sé ar úire na mbláth Le linn malarta dhá phóg; Cumhartha a theacht a's a chuairt, Tig an grádh ar uair na rós. Tig 'na cheó ar rinn na ndearc 'S téid sé, cé searbh an sógh, 'Na dhéaraibh seal 'sa rosc úr; Gile an grádh ná drúcht na rós. Annsa linne almsain bheag A lámh ngeal ná maoin a's ór; Mairg do'n te sin riamh a thréig Féile an ghrádha ar néimh na rós. Fá gheas um easpartain tig Fá'n gcomhlaidh bhric úd na slógh, Go mealltar isteach tré bhréig; Téid an grádh i ndéidh na rós. Ní beó dhó ach seal beag suairc 'S téid ar cuairt ag an mbás crón; I seirge téid mar aon bhláth, Buan an grádh feadh ré na rós, Fágann fúinne, a los suilt, Mar fhuighleach 's mar chuid dá lón, A bheag no a mhór de 'n chrádh 'S éagann lá luas na rós. OILEÁINÍN NA FÉILE ACHALM-SHLIOCHT na laoch úd den Ghréagfhuil thar fairrge Oileáinín na Féile ná treigidh go deó Tré anabhroid dá ghéire nár ghéill riamh don Ghalldhaire Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó Cér luimede an Ghaedeal-chrann a géaga bheith leagaithe, Ní timede bhur dtréanfhuil tré aosaibh bheith tagaithe; Ach is glainede an ghléshruth tar éis dí bheith scagaithe Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! Cé fíor go bhfuil ár námhaid go tíoránta nár measg againn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní claoite sinn dá bhárr, cé nach feárrdide i n-achmhuinn sinn, Oileánín na Féile ná treigidh go déo, Ní líomhaire i gcáirdibh, i máighthibh ní fairsinge, Níl flít againn ar sáile, 's is scaínte ar macha sinn; Ach is fírinnighe an grán d'éis a chaithte ó 's mar sin duínn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Tá dúthaí is mó le radh ná an Fháil, ach a dteastas soin, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ní clú thig dóibh ach táire, ar phár é bheith breacaithe, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Níor dhiúltha dhúinn-na ár ndála ar bhánbhrat bheith tairicthe, Is lú fé chúig a gcáil, 's cé gurb árd iad a gceanna-san, Níor thabhartha dhúinn-na ár n-áit dóibh i dtracht ná i seanachas. Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Ná tuigtear as an scéal gur gan bhéim dóibh ár gclannana, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó: Mar tuillid 'na leith féin cuid de phréimh chúis a n-anacra, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó, Buirbe is easaonta 's na tréithibh is measa ionnainn; Ach cuirimís le chéile, is ní baoghal dúinn, is feasach sanI gcineadhthaibh an tsaoghail níl an té bhainfidh stad asainn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. A chlanna, má's i ndán dóibh go bhfágaid siad BanbaOileáinín na Féile ná tréigidh go déoDe chasadh uirthi, má's gádh é, ná déarnaidís dearmad: Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó, Pé fada nó pé gearr dóibh ar fán thar an leathanmhuir Riú! leanaidís 'na bhfál di ó smálaibh lucht tarcuisneIs féach, ariú! a ngrádh dhi ná baithtear sa tabhairne, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó! I dtíortha beaga is eól dúinn níl fórsa níl neart ionnta, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Ach coinghíd óna mbórd imil nósa na n-eachtrannach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Is aoibhinne gach nós línn, is séoid í n-a bhfarradh san Ná cuirfinn i gcomórtas go deó leó bhur dteanga-saIs díbirthear a Fódhla uainn comhachta na Sasanach, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó. Dá dtigeadh chughainn-na Pádraig, mar tháinig nuair fhaduigh séOileáinín na Féile ná tréigidh go deóAr mhaoilinn chnuic Sláinghe an Cháisg theine cheana dúinn, Oileáinín na Féile ná tréigidh go deó; Is teine na síothchána do lánlasadh eadarainn Go bhfeicfinn-se ár rás idirthaithte i gcaradas, Is mise raghadh go sásta im lámhachán go ParrathasA chaidh-inis Éilge, do thréigean ní cóir! AN ÁIT IS CUIBHE MO ghrádh, mo chroidhe, agus croidhe gach Gaedhil iad, Grádh mo chroidhe 's mo stór, Na sáir-fhir ghroidhe lérab aoibhinn ÉireClár gheal Mhíleadh Mhóir:Go hárd 'na suidhe 'measc tiórtha tréana, Fé lán-bhrat saoirse choidhch' mar aon leó, Mars i ngníomh 's i gcaoine Vénus, Go sámh 'na suidhe i gcróinn, 'Gus bláth a síl dá deólI lár na Rioghacht 'na suidhe mar réilteann, An áit is cuibhe dá sórd. An áit is cuibhe dá linntibh éiscigh Tál ar líon lucht spóirt, An áit is cuibhe 'na timcheall reídh-mhuir Is trácht na mílte seól. An áit is cuibhe dá suim i léigheantacht, An áit do dligheadh ag Críost dá naomhthacht, An áit 'nar thuill sí suidhe mar Phoébus An tráth is aoirde um neóin: 'S i mánlacht mnaoi, dar ndóigh, Tá bárr an t-saoighil ag Gaodhil ó saoradh San Airc ó'n dílinn Nóe. An áit is cuibhe dá crióchaibh féarmhar, An áit 'na mbíodh fadó, An áit is cuibhe 'na coilltibh craobhach, Cláirseach bhinn a smól. An áit is cuibhe do mhín-ghuth glé-shruth, An áit is cuibhe do fhíoghair a sléibhte, An áit is cuibhe do dhíon a spéir-ghlan, Atá fhios ag Rí na g-cómhacht, Lér bh'athas í go sóghach An áit 'nar shuideadar síolradh Éibhir 'S an áit 'na suidhfid fós. FREAGRA AR “BHITH-MHIANADH” IS mar seo do bhí sé riamh agus an phian so bhí sa' chroidhe O tháinig treabh na ndaoine ar an saoghal: Ag cásamh rud ná triallan 'gus ag iarraidh rud ná tighean Agus diamhar agus díth in sa chléibh; Ní hiongnadh liom ná fóirean 's 'ná fóghnan suaimhneas saoghail, 'Gus go ndúisean glór na gaoithe mian is crádh, Óir sé 'n Dúileamh chuir an comhartha 'gus an brón istig id' chlí Nuair a chúm Sé an tSíorruíocht in gach brághaid. Óir níl sa tsaoghal so ach dubhlacht agus súil le teacht na hoidhch' Agus tnúth le suan síorruí sealad d'fhaghail; Ach, mo scíos má's tuille cumhadh bhíos iar ndúiseacht dúinn arís 'Gus gan ciúnas don chroidhe do theacht go brách; Is cuma liom, a chara, má thagair-se fém' dhéin D'éis scartha leis an saoghal so an mhí-áigh: Pé soinean gheal nó garbhthan do leanfadh sinn araon It fharradh-sa, dob'aon díobh mo sháith, TÁ CAILÍN DEAS 'SA TSRÁID SEO TÁ cailín deas 'sa tsráid seo Bean aibig áluinn óg, Gur chaitheas tamall lá léi Go fras ag cáthadh ceóil; Má cheapas eachtra árd di (Le teas an ghrádha dar ndó) Ná bac-sa cad tá ráite, Is fada ó chách mo ghnó. Ar theacht thar n-ais trí pháirc dúinn Má stad sí tráth no dhó 'S má sheasas seal n-a dáil ann Nár mhaith an fáth an nóin? B'in ceacht a chleacht a máthair Is gach a dtáinig rómhainn, 'S níl fear nó bean gheóbhaidh sásamh Má lean mo lámh mo mheón Tá céad bean deas san áit seo Gur chaitheas tráth n-a dtreó Is maith 's is ceart 's is páirteach D'aon fhear bheadh sásta léo! Ceanglaidh nasg ís fáilte Is rath is ádh 'nbhúr gcomhair, Ach tá bean ná feaca is fearr liom Ná gach ar fhágas fós! CAOINE TÁ ceó ar dhruim Chnuic Uabhartha Is buaidhreadh ar linn is ar thráigh, Is feóchta, snaoidhte, suaidhte Táid mór-chroidhthe Innse-an-áigh; Níl ceól ná laoithe suaircis Ná luaimneacht chum grínn san áit, Ach brón is díth is duairceas Is cruatan is cíocras cráidh. Mo thruagh-sa clann Uí Laeri It' éamuis a Phádraig fhír, Mo thruagh-sa gleannta Bhéara Mar ar thréigis do cháirde gaoil, Mo thruagh-sa an mhodhuil-bhean ghlégeal Lé 'r thaobháis i lá do ghrinn, Mo thruagh mar cheann gach scéil í Do chéile go brách it' dhíth, Ba bhuan, ba mhín, ba mhaordha A Uí Laeri, do chroidhe gan chall, Ba luath, ba líomhtha, laochda Do thréithe gan smaoineadh feall; Ba shuairc, ba shlím, do dhreuchda Ba léigheannta do Ghaodhal 's do Ghall, Mo chrua-chreach chroidhe sa' chré thu A shéimhfhir nár stríoc do namhaid. Ach cé gur duairc le lán tu A Phádraig san úir ag dreógh Lem' chroidhe-se is buairt thar barr tu Do ghrádhuigh thu le dlús thar meadhón, A mhaoin, níor shuarach fánach An fháilte dob fhiú leat rómham, I ndíocras chruaidh an lá úd 'Nar fágadh mé ag tnúth le brón, Mo chrádh i gcré na húire Mo dhlúth-chara buan gan fagháil. Is tláth 's is tréith it' iunais Gach dútha 'nar luadhadh do thásc: Gé dfhágais déarach dubhach me Gan súil leat ón uaigh go brách, Tré ghrásaibh Dé tá tnúth agam Lem' stiúradh don chuan mar táir AN SMAOIN-BHEAN NUAIR shuidhim ag cásamh trá uim nóin Go cráite i mbrón toisc bhuadhartha 'n tsaoghail Ar dhaoinibh breághtha tláth ag dreógh Mar bhláthaibh feóchta in uaigh sa' chill; Ar smaointibh árda d'fhás go h-óg, Ar mhánlacht chóir tá fuar, mo dhíth! 'Seadh thighean mo ghrádh is áille fós An bhán-bhean bheó 'na glóire sidhe, A chroidhe! nuair tháinís lá fadó An bláth id' shnódh ba bhuan do bhí, 'Gus bhíos -sa lán de dhásacht óg Sul thrághaig mo mheón 's mo bhuaine bhrígh. Níor shaoileas tráth go bhfágfá treó Le sáimhe sogha le suaimhneas chroidhe Mar shnaoidhtear bláth i b-páirc sa bh-Fóghmhar Seadh d'fhás, seadh d'fheóch, seadh thruaill mo lí. Is fíor gur fhágas áit is treó Gach árus sógha, gach suaimhneas dil, Ag síreadh 'd dhiáidh an t-ádh 's an seód, Mo chráiteacht! fós ná fuaras puín. Mo scíos! mar crádhadh i dtráth mo mheón Let' áille snódh, let' fhuaire chroidhe: Cé tríd an ár amárach gheobhainn Dá seálfá rómham go suairc arís! Is í an bháb is áille snódh, Go brách tá óg le buaine shíor, Do shuidhean go sámh ar árdaibh ceóig, Do thárluighean teó ar fhuaire 'n tsaoighil; Sí 'n draoidheacht do sháruighean dánacht óg Thar áilleacht seód, thar dualgas laoich; Sí dílse cháich dá dtáinig fós 'S go brách na ndeór ní buadhfar í! | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3419 |
3,282 | Cuntaisíocht | Ó Cadhlaigh, Cormac | — | — | 1924 | 20 | prose | Brún & Nóláin | 48,942 | 4,141 | Cúntaisíocht. 1. An té bhíonn i mbun gnótha d'aon tsórd, an ceannuighe, an siopadóir, nó an feirmeóir féin, ní mór dó a bheith ar a chumas a innsint aon uair conus atáthar aige, 'sé sin, cad é an méid airgid atá ar a sheilbh féin aige 'san oifig ('san tsiopa), nó 'san bhangc, cad é luach na n-earraí atá ar stór aige, cad iad na fiacha atá aige ar dhaoinibh eile, agus na fiacha atá ag daoinibh eile air féin. As an eólas san go léir, is féidir dó a innsint ciaca atá sé go saidhbhir acfuinneach, nó go beó bocht agus é sáidhte i bhfiachaibh. Chun an eólais sin a dhéanamh amach dó féin, coimeádann sé leabhair 'na gcuireann sé síos ionnta cúntas ar gach beart a bhaineann le cúrsaíbh a ghnótha. Agus is é ainm a tugtar ar an ealadhain sin aige ná "cúntais a choimeád" nó "cúntaisíocht." 2. Sidiad na leabhair is gnáth a choimeád: (a) Leabhar an Airgid. (b) Leabhar na gCeannach. (c) Leabhar na Reac. (d) An Leabhar Conganta. (e) An Leabhar Mór. Leabhair an Airgid. 3. Is ar leabhar an Airgid a dhéanfad trácht ar dtúis, mar níl aon ghnó ná baineann airgead leis. Ins an leabhar san an Airgid iseadh choimeádthar eólas ar gach pinginn a gheibheann an fear gnótha agus ar gach pinginn a íocann (dhíolann) sé. An t-airgead a bhíonn aige fear nuair a thosnuíonn sé ar ghnó dhéanamh, is Gustal é. Caitheann sé an t-airgead nó an gustal san ar iliomad slighte. Ceannuigheann sé siopa nó oifig chun a ghnótha dhéanamh, agus trosgán is gach cóir oibre eile nach mór a bheith aige 'san tsiopa nó 'san oifig, agus ceannuigheann sé stór earraí de shaghas éigin chun iad do dhíol leis an bpobal d'fhonn sochair a bhaint asta. An Bhangc. 4. Is a amh anois a choimeádann fear gnótha a chuid go léir fé iadh an tighe aige féin 'na shiopa ná 'na oifig. Is amhlaidh a chuireann sé an chuid is mó de'n airgead a bhíonn aige 'san bhangc isteach' mar is ann is fearr a choimeádfar é, agus is ann is lugha baoghal dó gadaithe agus bithiúnaigh. Cuireann lucht an bhaingc an tairgead chucha go haireach agus tugaid dhá leabhar do'n fhear gnótha (do'n tiúsgalaidhe), leabhar baingc agus leabhrín d'fhuirmíbh seice. Leabhar cúntais is eadh an leabhar baingc 'na gcuireann lucht an bhaingc innsint ar gach pinginn airgid a curtar i gcoimeád 'san bhangc agus ar gach pinginn a baintear as. Seic. 5. Is é rud é seic ná órdú sgríobhtha, gan chol gan choinghíll, ó dhuine áirithe do bhangcaeir áirithe, oiread áirithe airgid d'íoc le duine áirithe an túisge iarrann sé é. Sidí an fhuirm a bhíonn ar an seic: Uir. 21751 Corcaigh. Banc na Mumhan agus Laighean, Tta. Íoc le nó Órdú. Stampa Dhá Phinginn. 6. Ní mór chúig neithe chur ins gach seic, dá líonadh, mar atá: (a) An lá agus an mhí. (b) Ainm an té lena n-íocthar an t-airgead. (c) An méid airgid nach mór a íoc leis. (d) Ainm an té thug an tseic (órdú an airgid d'íoc. (e) Stampa dhá phinginn. (a) Ní mór an lá agus an mhí do chur síos, mar ní thabharfaidh an bangcaeir an t-airgead uaidh sé mhí taréis na seice sgríobhadh. (b) Ní gádh aon mhíniú thabhairt air sin. (c) Ní mór an tsuim airgid do chur síos san tseic dhá uair i bhfoclaibh agus i bhfigiúiríbh. Agus má bhíonn deifríocht idir an dá shuim, ní dhíolann an bangcaeir an tseic gan í chur i gcomhairle an té sgríobh í. (d) Níor bh'órdú i n-aon chor an tseic gan duine do chur a ainme léi, agus mar sin, siné ní is gátaraighe. (e) Cáin leis an Rialtas is eadh an stampa dhá phinginn ar gach seic. 7. Bíonn comhdhuille le gach seic ar a mbíonn uimhir na seice féin, agus sgríobhthar air sin an méid airgid do híocadh agus ainm an té le nar íocadh é, i dtreó gurab usaide, ar ball, cúntas na seice do chur i leabhar an Airgid. Nó má ráinigheann an tseic do chailliúint nó do ghoid, is féidir gach eólas 'na taobh d'fhághail agus rabhadh thabhairt do'n bhangc gan í dh'íoc. 8. Is maith an tseift í an tseic do'n tiúsgalaidhe, mar i n-inead mála mhóir airgid a thabhairt leis ar aonach nó ar mhargadh, agus é bheith i gcontabhairt bháis ó bhithiúnachaibh, níl aige ach an leabhrín beag úd de sheiceannaibh do chur chuige, agus siné ar a chumas dó pé méid airgid is mian leis d'íoc. Agus ní hé sin amháin, ach is féidir dó aon tsuim airgid is mian leis a chur na mílte slighe ó bhaile. 9. An té le na níocthar seic ó dhuine eile, níl aige ach a ainm (fé mar atá sí sgríobhtha ar aghaidh na seice) do sgríobhadh ar chúl na seice agus í shíneadh chun an bhangcaera agus gheobhaidh sé an t-airgead. Forsgríobhadh a tugtar ar ainm an duine féin do sgríobhadh ar chúl na seice. Forsgríobhadh lom a tugtar air leis. Forsgríobhadh ar leithligh a tugtar air nuair a curtar aguisín leis, dhá íoc le duine eile, mar seo, cuir i gcás: Íoc le Seán mac Séamuis nó Órdú. Tomás mac Eóin. Siné brígh bhíonn leis an bhfocal úd "nó órdú," gur féidir do'n té le na níocthar an tseic í dh'íoc le duine eile ar bith le na órdú féin mar a deintear leis an bhforsgríobhadh ar leithligh. Seic Dhiúltuighthe. 10. Dá ráineóchadh ná beadh an tseic sgríobhtha 'na ceart nó ná beadh airgead na seice 'sa bhangc age fear na seice sgríobhadh, ní díolfaí airgead na seice leis an té shínfeadh chun an bhangcaera í. Sgríobhfaí ar chúinne de'n tseic na leitreacha seo C/T (cuir a tuairisg le fear na seice do sgríobhadh) nó N/A (ní acfuinn d'fhear na seice do sgríobhadh an oiread san d íoc). Deineann lucht an bhaingc diúltú do'n tseic, agus mar sin, "seic dhiúltuighthe" a tugtar mar ainm uirthi. Crosadh Seice. 11. Ó na fuil aon teóra le gastacht bhithiúnach, agus ar eagla go ngoidfeadh duine an tseic agus go dtiocfadh leis airgead na seice dh'fhághail ó'n mbangc, ghá rádh gurbh 'é féin an té gur cheart an t-airgead d'íoc leis, téighthear i muinighin chomharthaí áirithe d'fhonn na seice do chur ó bhaoghal a íoctha le duine nár bh' í a chuid le ceart í. Sidiad na Comharthaí:(a) (b) Agus a gCuid (c) Bangc na hÉireann agus a gCuid. (d) Neamhiontráchtála. Bangc na hÉireann agus a gCuid. a gcúnntas Féin. Crosadh seice gach ceann des na comharthaíbh sin. (a) agus (b) - crosadh coitcheann. (c) agus (d) - crosadh fé leith. Má bhíonn na comharthaí (a) nó (b) ar sheic, ní díolfar airgead na seice ach ó bhangcaeir gurab aithnid dó an té le na ndubhradh a híoc. Má's é an comhartha (c) a bhíonn ar an tseic, ní íocfar airgead na seice ach ó lucht an bhaingc do luadhadh 'sa chrosadh. Nuair a bhíonn "a gcúntas féin," agus rl., ar sheic, is éigean do lucht an bhaingc an t-airgead do chur le cúntas na ndaoine (an té) le nar deineadh iníoctha í. 12. Is é brigh atá leis an bhfocal "neamhiontráchtála" ná nach fearr teidiol an té gheibheann an tseic ná teidiol an té thug dó í. 'Sé sin, má's le goid a fuair an chéad duine an tseic, ná beadh ach ceart an ghadaidhe chúichi ag an té fuair an tseic ó'n ngadaidhe. Ní crosadh i naon chor é, ach is foláramh é do chách bheith ar a sheachaint ar eagla gur ó ghadaidhe gheobhthaí í. Mar dá mb' amhlaidh a goidfí í, do bheadh d'fhiachaibh ar an té, go mbeadh sí aige, í thabhairt thar n-ais do'n té gur leis í le ceart. Ach an duine go mbeadh seic ná beadh an focal san sgríobhtha uirthi aige, ní sháróchadh an saoghal a cheart chúichi, maran le calaois a fuair sé seilbh uirthi. 13. Cóir iontráchtála de ghnáth is eadh seic. Is é ní é cóir iontráchtála ná rud go bhfaghann duine seilbh air bona fide, a deaghmhuinighin, agus ar luach áirithe, go bhfuil ceart agus teidiol aige chuige, pé aineamh ná easba a bhíonn ar theidiol an té ó na bhfuair sé é. Sidiad comharthaí gach córach iontráchtála: (a) Imthigheann seilbh ann ó dhuine go chéile le na thráchtáil. (b) An té gheibheann seilbh air 'san tráchtáil, ní féidir a cheart san chuige do shárú tré aon locht ab fhéidir a bheith i gceart éinne eile chuige sar a bhfaghadh sé féin ch. (c) Is cuma dhó san aon locht dob 'fhéidir a bheith i gceart. duine eile go mbeadh sé aige roimhe sin, mar atá, calaois ná beadh aon pháirtaige féin innte ná aon bhaint aige léi. Seic Iardháta. 14. Tá ní eile a bhaineann le seic, seic iardháta, 'sé sin, lá éigin badh dhéanaighe ná an lá do sgríobhadh an tseic do chur uirthi mar dháta. Cuir i gcás, seic do sgríobhfaí an dara lá fichead de Mhárta agus go gcuirfí an naomhadh lá fichead de Mhárta mar dháta uirthi. Deintear a leithéid sin chun cáirde thabhairt d'fhear na seice sgríobhadh ar airgead na seice d'íoc a dh'fhághail roimh dháta na seice. Uaireanta cuireann ceannuightheóir seic iardháta d'iarraidh earraí i dtreó, mar a mbeadh na hearraí chun a shástachta, gur bh'fhéidir dó rabhadh thabhairt do'n bhangc gan é dh'íoc. 'Na leithéid sin de chás, do b'éigean do'n cheannuightheóir a dheimhniú ná fuair sé na hearraí dh'orduigh sé. Locáiste. 15. Tá ní eile a bhaineann le cúrsaíbh airgid d'fhághail agus d'íoc, 'sésin, locáiste. Nuair a íocthar airgead síos, nó, nuair a íocthar airgead fé cheann tréimhse áirithe aimsire, go tráthúil, baintear oireadh áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiach; locáiste a tugtar ar an siom airgid sin a mhaithtear mar gheall ar íoc i dtráth. An dá innsint. 16. Sar a dtosnuighead ar chaint i dtaobh cúntais nó leabhair an airgid, ní misde beagán focal a rádh i dtaobh ní atá ag baint le gach cúntas. Is é ní é sin ná an dá innsint nach mór a dhéanamh ar gach beart gnótha a bhaineann Le cúrsaíbh airgid nó le cúrsaíbh earraí do dhíol agus do cheannach, agus gach ní eile mar sin. Is fáltas agus is díoluíacht 'san am gcéadna gach beart gnótha. Is fáltas é ag an té gheibheann, agus is díoluíacht ag an té thugann. Mar sin, nuair a cheannuigheann Seán Ó Briain earraí ó Chonn mac Cormaic, is fáltas age Seán ó Conn iad agus is díoluíacht age Conn le Seán. Ar an gcuma gcéadna, nuair a curtar airgead isteach 'san bhangc, is fáltas ag an mbangc an t-airgead san, agus is díoluíacht ag an Oifig. Agus ní mór san do thaisbeáint ins na leabhraibh nó ins na cúntasaíbh le dhá innsint a thabhairt ortha. Tarrac. 17. Nuair a curtar airgead 'san bhangc nó nuair a baintear as é, caithtear leis an ngnó é de ghnáth; ach uaireanta deintear roinnt airgid do tharrac as an mbangc nó as airgead na hoifige d'fhonn é chaitheamh ar shult nó ar chothú an tiúsgalaidhe féin ar leithligh. Díoluíacht é sin ag an mbangc nó ag an Oifig, do réir mar is as an mbangc nó as an Oifig a deintear é tharrac, agus is fáltas é ag an nGustal, ag cuid an duine féin (ag Cúntas na dTarrac). 18. Sidiad na neithe nach mór a thaisbeáint i leabhar an Airgid: Éirim an Sgéil. (a) Cathain a fuaradh nó a íocadh an t-airgead; (b) Cé uaidh go bhfuaradh é, nó cé leis gur íocadh é; (c) Cad é an méid airgid a fuaradh nó a íocadh; (d) Ciaca le hairgead as an Oifig nó le hairgead as an mbangc a dh'íocadh suim an airgid. (e) Ciaca 'san Oifig a coimeádadh an t-airgead a fuaradh, nó an amhlaidh a cuireadh 'san bhangc isteach láithreach é. N.B.- Má curtar aon tsuim airgid isteach 'san bhangc an lá céadna a gheibhtear é, is fáltas ag an mbangc é. (f) An locáiste a ghabhann le híoc thráthúil. (g) An leathanach de'n Leabhar Mhór 'na bhfuil an cúntas le fáil. 19. Dá bhrigh sin, bíonn gach leabhar airgid roinnte 'na chodaibh mar seo ar an dá thaobh: Leabhar an Airgid. An Bhliain. Lch. An Locáiste. An Oifig. An Bangc. Mí. Lá. Taobh na bhFáltas a tugtar ar an dtaobh chlé, agus is ann a curtar gach ní is fáltas. Fls. a sgríobhthar 'na nod. Taobh na nDíoluíacht a tugtar ar an dtaobh dheas, agus is ann a curtar gach ní is díoluíacht. Dlt. a sgríobhthar 'na nod. 20. Samhlaíd ar Leabhar an Airgid. 1914. Mí na Nodlag 1. Airgead ar láimh age Seán Ó Briain i dtosach 2. Chuir sé isteach 'san bhangc 4. Cheannuigh sé earraí ó Eóin mhac Énna, agus d'íoc sé asta le seic Leigeadh 'na locáiste leis 11. Cheannuigh sé earraí ar airgead síos 15. Bhain sé as an mbangc 16. Dhíol sé Tuarastail-Airgead 17. Dhíol sé Cíos-Airgead 18. Dhíol sé earraí ar airgead síos 19. Chuir sé 'san bhangc 21. Dhíol sé le Séamus Ó hUiginn - seic agus leigeadh 'na locáiste leis 22. Fuair sé ó Thomás mhac Ghabhann agus leig sé 'na locáiste leis 23. Dhíol sé a hIomchar Earraí Airgead 24. Dhíol sé Tuarasdail - Airgead 25. Dhíol sé Earraí ar airgead síos 26. Bhain sé as an mbangc dó féin 28. Seic i gcóir Mionchostas 29. Fuair sé ó Mhuiris Ó Chuill, agus chuir isteach 'san bhangc 30. Dhíol sé Cáin agus Sreatha le hairgead Teagasg agus Comhairle. Is í céad cheist nach foláir a chur i gcómhnuidhe i dtaobh gach birt ghnótha ná ciaca fáltas nó díoluíacht é age lucht an ghnótha, agus ansan cé uaidh go bhfhuaradh nó cé leis gur díoladh. An chéad bheart anso - £350 ar láimh i dtosach bárra fáltas aisgid é sin as a Ghustal, agus mar sin curfar ar thaobh na bhfáltas é, mar seo: Ó'n nGustal £350 Gach aon am curtar airgead 'sa bhangc nó a baintear as é, ní foláir a chuimhneamh gur fáltas agus díoluíacht ag an am gcéadna é - tá san fíor i dtaobh gach birt (§ 16)- ach ó tá cúntas an air gid 'san oifig agus cúntas an airgid 'sa bhangc i dteannta a chéile i Leabhar an Airgid, ní foláir an dá innsint do thabhairt ar gach beart de'n tsaghas san. Cúrsaí airgid amháin a bhíonn i Leabhar an Airgid agus, mar sin, má cheannuightear earraí ar airgead, tugtar an t-airgead, agus, dá bhrigh sin, is díoluíacht ag Leabhar an Airgid an ní is gáltas ag Cúntas na nEarraí. Agus ar an gcuma gcéadna, an ní is gáltas ag Leabhar an Airgid, nuais a díoltar earraí ar airgead síos, is díoluíacht é ag Cúntas na nEarraí. Gach díoluíacht a deintear le seic is díoluíacht ag an mbangc í, agus, mar sin, ní foláir an suim airgid a chur i gcolúin an bhaingc ar thaobh na ndíoluíacht. Gach seic a gheibhtear, ní foláir an suim airgid a chur i gcolúin an airgid ar thaobh na bhFáltas, ach amháin nuair a curtar 'sa bhangc an lá céadna a gheibhtear é, nuair is 'sa bhangc a curtar é. Nuair a bhíonn na birt go léir curtha síos i Leabhar an Airgid, ní foláir an dá thaobh do chothromú leis an ndifríocht eatortha do chur leis an taobh is lugha airgead. An Fuighlach a tugtar mar ainm ar an ndifríocht san. CLEACHTADH. 1. Leabhar Airgid do sgríobhadh ag taisbeáint cúntais airgid Sheáin mhic Eóin ó'n eólas seo síos: Nodlaig 1. Airgead ar láimh 1. Airgead 'sa bhangc 4. Dhíol sé Earraí ar Airgead síos 6. D'íoc sé Tuarasdal as an Airgead 7. Bhain sé as an mbangc do'n ghnó 7. D'íoc sé a hIomchar Earraí le seic 8. Fuair sé seic ó Mhuinntir Dhuibhir Leig sé leó 'na locáiste 9. Cuireadh seic Mhuinntir Dhuibhir 'sa bhangc 12. Do híocadh seic le Tomás mac Séamuis ag glanadh a chúntais Leigeadh 'na locáiste 2. Cuir na bearta seo síos i Leabhar Airgid agus dein an cúntas do chothromú mar a bhí an deichmhadh lá fichead de Mheadhon Foghmhair, 1917: Meadh. Fogh. 1. Airgead ar láimh 1. Airgead 'sa bhangc 2. Baineadh as an mbangc 3. Do híocadh airgead as Earraíbh 3. Do híocadh le Tadhg Ó Ruadháin 5. Do díoladh Earraí ar Airgead síos 6. Cuireadh isteach 'sa bhangc 10. Fuaradh seic ó Chormac Ó Bhriain agus leigeadh leis 'na locáiste 15. Do híocadh Airgead - Tuarasdal 17. Do híocadh seic le Muinntir Thuama agus do leigeadh 'na locáiste uatha 19. Do baineadh as an mbangc 23. Do híocadh seic ar Chíos 27. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 28. Do híocadh seic le Seán Ó Cuinn 29. Fuaradh Airgead ar Earraíbh a díoladh 30. Do híocadh costais na hOifige le hairgead 30. Do baineadh as an mbangc 30. Do cuireadh isteach 'sa bhangc 3. Cuir na bearta so síos i Leabhar an Airgid: Meith. 1. Airgead ar láimh £. s. d. 1. Airgead 'sa bhangc 4. Do híocadh airgead ar Iomchar Earraí 6. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin 6. Cuireadh isteach 'sa bhangc í; leigeadh 'na locáiste leó 8. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 10. Díoladh Tuarasdal le hAirgead 15. Fuaradh airgead ar Earraíbh 18. Baineadh as an mbangc 20. Díoladh an Cíos le hairgead 23. Tugadh seic do Mhuinntir Stiopháin; Leigead 'na locáiste uatha 25. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin agus cuireadh 'sa bhangc í 26. Díoladh Earraí ar Airgead síos 28. Baineadh as an mbangc 30. Fuaradh seic ar Earraíbh a díoladh agus cuireadh 'sa bhangc í 4. Ó'n eólas so síos déan Leabhar an Airgid do sgríobhadh: £ s. d. Márta 1. Tosnuigheadh an tiúsgal le hAirgead 3. Cuireadh 'sa bhangc 6. Fuaradh seic ó Shéamus mhac Sheáin agus cuireadh 'sa bhangc í Leigeadh leis 'na locáiste 7. Fuaradh seic ó Risteárd mac Canna agus cuireadh 'sa bhangc í 9. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 10. Fuaradh Airgead ó Sheán mhac Eóin 12. Cuireadh 'sa bhangc 14. Do híocadh seic le T. mac Risteáird 18. Baineadh as an mbangc 20. Díoladh Earraí ar Airgead síos 22. Cuireadh 'sa bhangc 25. Fuaradh seic ó Chormac mhac Dhiarmuda agus cuireadh 'sa bhangc í 30. Do híocadh Airgead - Tuarasdal 5. Leabhar na Airgid do dhéanamh amach ó'n eólas so síos: £. s. d. Meitheamh 1. Airgead ar láimh 1. Airgead sa bhangc 4. Tugadh seic do Mhuinntir Chárthaigh agus leigeadh 'na locáiste uatha 5. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 9. Fuaradh airgead ó Eóin Ó Briain agus leigeadh leis 'na locáiste 10. Fuaradh seic ó Liam mhac Dhuibh agus leigeadh leis 'na locáiste 12. Cuireadh isteach 'sa bhangc 15. Sgríobhadh seic i gcóir na hoifige 6. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas £. s. d. Ean. 2. Airgead ar láimh 2. Airgead 'sa bhangc 4. Fuaradh Airgead ó Liam mhac Ghabhann agus leigeadh 'na locáiste leis 5. Díoladh Earraí ar Airgead 6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead 7. Fuaradh seic ó Mhuinntir Chaoimh agus leigeadh 'na locáiste leó 9. Cuireadh isteach 'sa bhangc 10. Baineadh as an mbangc 15. Díoladh Tuarasdal le hairgead 16. Tugadh seic do Phól Ó Dhochartaigh 16. Agus do leigeadh 'na locáiste uaidh 18. Díoladh Earraí ar Airgead 19. Cuireadh 'sa bhangc 23. Do híocadh Iomchar Earraí le hAirgead 24. Do híocadh Tuarasdal le hAirgead 27. Baineadh as an mbangc dam féin 28. Sgríobh seic i gcóir an Mhionairgid 28. D'íoc an Cíos le seic 29. Fuaradh seic ó Liam mhac Chóda agus cuireadh 'sa bhangc í 30. Do híocadh Cáin Ioncuim le seic 31. Do híocadh Tuarasdail Oifige le hAirgead 7. Leabhar an Airgid do dhéanamh amach i gcóir na mbeart so síos: Márta 1. Airgead ar láimh £. s. d. 1. Airgead 'sa bhangc 2. Díoladh Tuarasdail le hAirgead as an Oifig 3. Tugadh seic do Mhuinntir Dhomhnaill agus leigead 'na locáiste uatha 5. Fuaradh ó Thadhg Ó Cheallaigh agus cuireadh 'sa bhangc Leigeadh leis 'na locáiste 6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 7. Cuireadh isteach 'sa bhangc 8. Tugadh do Shéamus Ó Chorbáin - seic agus leigeadh 'na locáiste uaidh 9. Fuaradh ó Mhuinntir Mhaoileóin 11. Cuireadh 'sa bhangc 12. Fuaradh seic ó Chonn Ó Fhloinn agus cuireadh isteach 'sa bhangc í 13. Fuaradh seic uí Fhloinn ó'n mbangc mar do diúltuigheadh di 14. Fuaradh ó Chonn Ó Fhloinn - airgead tirm 8. Dein an Cúntas do chothromú: Abrán 1. Airgead ar láimh 2. Cuireadh 'sa bhangc 4. Dhíol Earraí ar Airgead síos 5. Díoladh a Fograíbh 6. Do híocadh seic le Máirtín is a gCuid Locáiste 8. Fuaradh ó Mhuinntir Bhreathnaigh agus cuireadh 'sa bhangc Locáiste 9. Fuaradh ó Bhriain mhac Chába Locáiste 11. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 13. Fuaradh ó Chathal mhac Chormaic Locáiste 15. Ceannuigheadh Gual ar Airgead síos 18. Baineadh as an mbangc 'na chóir féin 23. Fuaradh ó Sheán Ó Chathail Locáiste Abrán 23. Díoladh ar Airgead síos Earraí 23. Cuireadh an dá airgead san 'sa bhangc 26. Do híocadh le Muinntir Dhomhnaill 28. Do baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige 29. Do híocadh seic le Tomás Ó Duinn Locáiste 30. Do híocadh iolchostais 9. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas so síos: Ean. 2. Airgead ar láimh. 'sa bhangc 3. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige 4. Do híocadh le Bóthar an Oirthir, Airgead 4. Do híocadh seic le Peadar Mac Seóin Locáiste 5. Fuaradh Ó Bhriain mhac Ghregóir seic a cuireadh 'sa bhangc (locáiste 15s. 6d.) 6. Do híocadh págh an lucht oibre le hAirgead Oifige 6. Tugadh airgead do chustomaeir ar sheic, a cuireadh 'sa bhangc 7. Fuaradh Airgead ó Éamonn Mhac Ghabhann 10. Dein amach Leabhar an Airgid i gcóir na mbeart so síos: Ean. 1. Airgead ar láimh, £49 18s. 4d.; Airgead 'sa bhangc, 1. D'íoc Art Mac Cuinn a chúntas (£125) lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 1. Cuireadh 'sa bhangc, 4. Do híocadh le Brian Ó Mathúna a raibh aige orm ach locáiste 2½ fé'n gcéad. 6. Do híocadh Tuarasdail, 8. Do mhalartuigh B/T ag an mbangc, £300. Locáiste baingc, 8. Do híocadh Premium Urrúis, 10. Do híocadh B/Í ag an mbangc, 13. Bainead as an mbangc i gcóir na hOifige, Ean. 13. Do híocadh Tuarasdail, 18. Do díoladh Earraí ar Airgead síos, 18. Do híocadh Tuarasdail, 23. Do híocadh le seic a raibh ag Mícheál Ó Ceallaigh orm, Lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 27 Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige, 27. Do híocadh Tuarasdail, 31. Do bhain fear an ghnótha as an bhangc 'na chóir féin, 31. Do híocadh le hAirgead iolchostais ghnótha, CEISTEANNA. 1. Cad chuige go ndeintear cúntais do choimeád? 2. Cad é an ní é "cúntaisíocht"? 3. Cad é an leabhar is tábhachtaighe ar leabhraibh cúntais an tiúsgalaidhe? Cad 'na thaobh san? Tabhair tuairisg air. 4. Abair trí leabhair eile a bhíonn le haghaidh na gcúntas do choimeád. 5. Tabhair tuairisg ar aon cheann díobh. 6. Cad é an t-eólas a gheibhtear a Leabhar an Airgid? 7. Cad é an ní é "gustal"? Conus a caithtear é? Ar chiallmhar an rud do dhuine é go léir do chaitheamh? Cad 'na thaobh san? 8. Cad 'na thaobh go gcuireann tiúsgalaidhe roinnt dá chuid airgid 'sa bhangc? 9. Cad a gheibheann sé ó'n mbangcaeir nuair a chuireann sé airgead 'sa bhangc do'n chéad uair? Cad chuige go bhfaghann? 10. Cad is seic ann? 11. Cad é brigh na bhfocal "gan chol gan choinghill"? 12. Cad e an difríocht atá idir "duine áirithe" agus "duine éigin"? 13. Innis cad iad na neithe nach mór a chur ins gach seic, agus cad 'na thaobh? 14. Sgríobh seic iníoctha le Diarmuid mac Cormaic ar £4 6s. 8d. Dein féin an fhuirm do dhéanamh a blúire páipéir agus sgríobh i gcinn-litreachaibh gach focal a bhíonn clóbhuailte ar an ngnáthfhuirm. 15. Cad a chialluigheann "seic a dáta," agus "seic iardháta." 16. Cad iad na buadha ag seic le híoc a dhéanamh thar airgead? 17. Conus a deintear seic slán ó bhaoghal a ghoidthe? 18. An mó slighe 'nar féidir sin do dhéanamh? 19. Cad is crosadh coitcheann ann? Crosadh se leith? Ciaca crosadh dhíobh is fearr, dar leat? Cad 'na thaobh san? 20. Cad é an bhrigh atá le "neamhiontráchtála"? 21. Cad is "cóir iontráchtála" ann? Cad iad cómharthaí gach córach iontráchtála? Ainmnigh dhá chóir iontráchtála eile seachas seic. 22. Cad é an bhrigh atá le "bona fide"? 23. Cad nach niór a dhéanamh chun airgid seice dh'fhághail? 24. Cad é feidhm na bhfocal so ar an seic: a gcúntas féin, a chúntas féin, a cúntas féin? Cathain a dh'úsáidthear gach focal fé leith dhíobh? 25. Mínigh: cómhdhuille seice; forsgríobhadh; forsgríobhadh lom; forsgríobhadh ar leithligh. 26. Cad is locáiste ann? Cathain a leigtear le duine é? 27. Cad iad an dá innsint nach foláir a thabhairt ar gach beart gnótha ins na leabhraibh cúntais? Cad 'na thaobh san? Tabhair samhlaíd ar an ní sin, an méid a bhaineann le Leabhar an Airgid. 28. Cad is tarrac ann? Tabhair cúntas ar an dá ní seo mar a bheídis i Leabhar an Airgid: (a) Do bhain Seán Ó Séaghdha £10 as an mbangc dó féin chun báid do cheannach; (b) chun tuarasdal na bhfear oibre d'íoc. 29. Cad iad na neithe nach mór a thaisbeáint i Leabhar an Airgid? 30. Dein fuirm Leabhair an Airgid do thaisbeáint ar do pháipéar agus cuir isteach chúig bearta ar gach taobh. 31. Cad is fáltas ann? Cad is díoluíacht ann? Cad iad na nuid a sgríobhthar i ninead na bhfocal san? 32. Cad a chialluigheann: ceannach ar cáirde; díol ar cáirde: cáirde fhada 33. Cad is acfuinn ann? Acfuinn bhuan; acfuinn sealadach? 34. "Is minic a bhíonn ní 'na acfuinn bhuan age duine agus an ní céadna 'na acfuinn sealadach age duine eile." Conus san? 35. Mínigh na nuid seo Fls.; Dlt.; N/A; C/T. 36. Cad a chialluigheann: "airgead síos." 37. Cad a chialluigheann: cúntaisíoct an dá innsint? 38. Cad is "seic dhiúltuighthe" ann? 39. Sidiad na gnáthbhearta a dheineann lucht tiúsgail: Earraí do dhíol agus do cheannach ar airgead síos; airgead d'fhághail is do thabhairt ag glanadh fiacha; locáistí a leigint leó agus uatha; gnáthchostais iomchair earraí; airgead do chur isteach 'sa bhangc agus do bhaint as. Dein fuirm Leabhair Airgid a dh'oiriunóchadh a leithéidí agus cuir síos ann beart de gach saghas dhá thaisbeáint go dtuigir an sgéal. Cothromú an Dá Cúntas. 21. Coimeádann lucht an bhaingc cúntas ar gach aon phinginn airgid a chuireann an tiúsgalaidhe isteach 'sa bhangc, agus ar gach aon phinginn a bhaineann sé as. Cothromú an dá Chúntas. Coimeádann an tiúsgalaidhe cúntas ar gach díoluíacht a dheineann sé le seic, 'sé sin, ar gach díoluíacht tríd an mbangc, agus ar gach aon phinginn a chuireann sé isteach ann. Ar an gcuma san, is féidir dó, i ndeire aon tréimhse, cúntas an airgid 'sa bhangc, do réir lucht an bhaingc, do fhromhadh leis an gcúntas a choimeádann sé féin air i Leabhar an Airgid. Ní ghabhann an dá chúntas le chéile i gcomhnuidhe; mar an tseic a dhíolfadh an tiúsgalaidhe, b'fhéidir ná hiarrfaí airgead uirthi go ceann seachtmhaine tar éis deire na tréimhse, agus dá bhrigh sin, ní bheadh aon chúntas uirthi i gcóir na tréimhse sin ag lucht an bhaingc, agus, mar sin, ní bainfí airgead na seice sin de chuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. Mar an gcéadna, an tseic a chuirfeadh an tiúsgalaidhe 'sa bhangc, tar éis í dh'fhághail ó dhuine eile, b'fhéidir ná baileófí airgead na seice, dá mna ar bhangc eile a bheadh íoc na seice, roimh dheire na tréimhse, agus, mar gheall air sin ná curfí airgead na seice sin le cuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. D'fhágfadh san difríocht idir an dá chúntas, ní nach iongna. Níor mhór do'n tiúsgalaidhe an dá chúntas a thabhairt le chéile ansan. Cothromú an dá chúntas a tugtar ar an dtabhairt le chéile sin. Seo samhlaíd ar an gcothromú san adeirim: An Fuighlach do réir leabhair an bhaingc Seiceanna nár bailigheadh a chur leis sin: Seán Ó Sirriaim Liamh Ó Broin Seiceanna nár íocadh a bhaint de:Muinntir Mhaoileóin Tadhg Mac Cormaic Fuighlach do réir Leabhair an Airgid 22. Bíonn a lán mionchostas ag baint le gach aon ghnó, pé . beag mór é, agus díoltar iad a suim áirithe airgid a curtar ar leathtaoibh d'aonghnó chuige sin. Leabhar an Mhionairgid. Ní hé cléireach na leabhar gcúntas, fear na leabhar do choimeád a dheineann an t-airgead san do bhainistighe i n-aon chor, ach fóchléireach éigin. Is amhlaidh a tugtar suim airgid dó san i dtosach tréimhse agus bíonn air cúntas do choimeád ar gach pinginn a caithtear ar mhionchostasaíbh, mar atá, iomchar earraí, páipéar sgríobhtha, postacht leitreach, díoluíacht a turasaibh gearra a deintear tar cheann lucht an tiúsgail nuair is gádh an deithineas, agus aon mhíonchostais eile mar sin a bhainfeadh le gnáthobair an lae. I ndeire na tréimhse, taisbeántar an leabhar san an mhionairgid do'n chúntasóir agus pé méid a bhíonn caithte de'n tsuim airgid a tugadh do chléireach na mionchostas i dtosach, tugtar an méid sin dó arís i dtreó go dtosnuigheann sé gach tréimhse leis an oiread chéadna airgid. Ní foláir adhmháil, nó deimhne, ar gach airgead do caitheadh, do bheith ag fear an mhionairgid le taisbeáint d'fhear na gcúntas do choimeád. Chuige sin, tugtar leabhrín beag d'fhuirmíbh admhála dhó, agus aon airgead a thugann sé uaidh. Ní foláir dó'n té gheibheann é a ainm do chur le fuirm díobh mar fhiadhnaise ar fhírinne an chaithteachais. Ní foláir uimhir na hadmhála do chur síos i gcúntas an mhionairgid i naghaidh gach caithteachais go bhfuil admháil air. 23. Seo samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid: Samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid. Cuir na neithe seo síos i Leabhar an Mhionairgid: 1. Nlg. 1, Fuighlach ar láimh; Nlg. 2, Do híocadh an bheantighe; Nlg. 3, Ceannuígheadh Stampaí; 4, Fuaradh ó'n gCisteóir; Nlg. 5, Fuaradh a díol se andeisge; Nlg. 6, Taisteal ar tram, ilneithe; bioth; telegráma. 2. 1911, Nlg. 31, Fuighach ar láimh; 1912, Ean. 1, Fuaradh an difríocht idir sin agus; Ean. 2, Ceannuigheadh stampaí; Ean. 3, Do híocadh a hiomchar traidín, Do híocadh costas taistil; Ean. 4, Ceannuigheadh adhbhar pacála; Ceannuigheadh Páipéarachas; Ean. 5, Do híocadh le fear oibre; Ean. 6, Ceannuigheadh earraí ar mhargadh, 3. 1923. £ s. d. Feabhra 5. Mionairgead ar láimh 5. Seic do fuair fear an Mhionairgid ar íocaíochtaíbh le linn na seachtmhaine roimhe 5. Do híocadh ar Stampaíbh puist 6. Do híocadh a hIomchar 7. Do híocadh a páipéaracas 10. Do híocadh a stampaíbh puist; a hiomchar; a taisteal, 8s. 9d. Tabhair anuas an Fuighlach, mar a bhí an dara lá déag d'Feabhra. CLEACHTADH. 1. Dein fáisnéis fhuirmiúil a thabharfaidh Leabhar an Airgid agus Leabhar an Bhaingc le chéile ó'n eólas so síos: £ s. d. Nlg. 31. An Fuighlach do réir Leabhair an Bhaingc Seiceanna do sgríobhadh roimh deire Mí na Nodlag ach nár cuireadh fé bhrághaid an bhaingc go dtí grod 'san Eanair: Tadhg Mac Suibhne Seán Ó Conaill Seiceanna do cuireadh 'sa bhangc roimh dheire Mí na Nodlag ach nár bailigheadh go dtí an chúigmhadh lá d'Eanair: Muiris Ó Catháin Seán Ó Laoghaire Fuighlach i Leabhar an Airgid 2. An t-aonmhadh lá triochad de Mhí na Nodlag, 1903, do dhein lucht an bhaingc do chúntas aca do chothromú agus bhí d'fhuighlach agat ann dá réir. Ach do réir mar do dheinis féin amach é i Leabhar an Airgid, fuairis ná raibh agat ann ach. Cad do dhéanfá chun teacht ar an ndifríocht san idir an dá chúntas do mhíníú. 3. An t-aonmhadh lá déag ar fichid de Mhí na Nodlag, do bhí age Liam Mac Eóin 'sa bhangc do réir Leabhair an Bhaingc. Chonnaic sé, ámh, taréis é dh'infhiuchadh ná raibh aon innsint ann ar na seiceannaibh seo do thug sé uaidh an dá lá deiridh de'n mhí: Liam Mac Guidhir agus a Chuideachta Seán Ó Séaghdha Mathún Ó Tuama Simeón Ó Ceallaigh agus ní lugha ná mar a bhí innsint ar sheic do fuair sé lá nó dhó roimhe sin ó Mhícheál Mac Amhlaoibh ar. Má choinghibh sé féin a Leabhar Airgid 'na cheart innis cad é fuighlach a bhí 'sa bhangc aige dá réir. Cad fé ndear an difríocht san 'sa dá chúntas? CEISTEANNA. 1. Conus is féidir fírinne an Leabhair Bhaingc do fhromhadh? 2. Cad 'na thaobh ná bíonn Leabhar an Bhaingc agus Leabhar an Airgid ar aon fhuighlach, go minic? 3. Cad deineann an tiúsgalaidhe chun an dá chúntas do thabhairt le chéile? 4. Cad nach foláir do'n tiúsgalaidhe chríochnúil a dhéanamh, mar sin, gach aon uair a sgríobhann sé seic? 5. Cad í an difríocht atá idir Leabhar an Airgid agus Leabhar an Mhionairgid? 6. Conus is fearr is féidir cúrsaí na mionchostas do riaradh? 7. Dein fuirm a riaradh chun na mionchostas ba ghnáth i siopa lóin a thaisbeáint. 8. Cá gádh Leabhar Mionairgid do choimeád i naon chor? 9. An té ná beadh aon chúntas i Leabhar an Airgid ar na seiceannaibh d'íoc sé le linn tréimhse áirithe, conus a dheanfadh sé taobh na ndíoluíacht i Leabhar an Bhaingc do fhromhadh? Leabhar na gCeannach. 24. Nuair a ceannuightear earraí ní foláir cúntas do choimeád ar: Leabhar na gCeannach. (a) cathain a ceannuigheadh iad; (b) cé uaidh (uatha) gur ceannuigheadh iad; (c) an méid earraí a ceannuigheadh d'aon iarracht; (d) an tairgead a bhí ar gach saghas earra fé leith agus ar na hearraíbh go léir i dteannta a chéile. (e) aon chostas eile a dh'árdóchadh fiacha na nearraí, mar atá: costas na mbosgaí nó na gcanfás a bheadh um na hearraíbh, costas a niomchair, costas a nurradhais ar bhaoghal a gcaillte nó a millte; (f) aon ní a bhainfeadh ó na bhfiacha mar atá, locásite gnótha, 'sé sin, oiread áirithe fé'n gcéad a bhaint d fhiachaibh earraí nuair a díoltar 'na gcodaibh móra iad le lucht an aon ghnótha. Allú ntas breise ar an locáiste airgid é sin. Nuair a curtar earraí ó cheannuidhe go chéile, curtar fuirm, "an Réamheólas" amach an lá céadna curtar na hearraí ar bóthar, ag tabhairt gach eólais 'na dtaobh. Cuireann an tiúsgalaidhe an fhuirm sin chuige i gcumhdach, agus nuair a thagann na hearraí chun baile deineann sé iad d'infhiúchadh do réir an "Réamheólais" agus an órduighthe dhein sé féin dá niarraidh, agus ansan sgríobhann sé macsamhail de'n "Réamheólas" i leabhar fé leith 'na gcoimeádann sé gach fuirm dá saghas. Leabhar na gCeannach a tugtar ar an leabhar san. 25. Sidé an riaradh a bhíonn ar an Leabhar san na gCeannach: 1. An bhliain; 2. an mhí; 3. an lá de'n mhí; 4. an mhuinntir ó nar ceannuigheadh na hearraí, agus na hearraí, go léir do ceannuighead; 5. an leathanach de'n leabhar mhór 'na bhfuil cúntas an duine ó nar ceannuigheadh na hearraí; 6. an t-airgead a bhí ar gach saghas earra fé leith; 7. iomlán fiacha na nearraí do fuaradh d'aon bheart ó'n nduine gcéadna. Baintear an locáiste gnótha d'fhiacha na nearraí sar a gcurtar i gcolúin a 6 iad, agus mar sin is minic a bhíonn colúin 'sa bhreis 'sa leabhar. 26. Samhlaíd ar Leabhar na gCeannach. 1910. Eanair 1. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhriain, Át Cliath: 3 dosaon hataí ar £5 an dosaon 3 dosaon caipíní ar 20s. an dosaon 3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Át Luain: 25 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat 49 slat éadaigh ar 12s. an tslat 6. Ceannuigheadh ó Mhuinntir aodha, Doire: 40 slat línéadaigh ar 3s. an tslat 8 dosaon bónaí ar 4s. 6d. an dosaon. Seo mar a cuirfí cúntas air sin i Leabhar na gCeannach: 1910. Ean. Muinntir Bhriain, Áth cliath 3 dos. hataí ar £5 an dos. 3 dos. caipíní ar 20s. an dos. Muinntir Mhurchadha, Áth Luain 25 sl. éadaigh ar 7s. 6d. an tslat 49 sl. éadaigh ar 12s. an tslat Muinntir Aodha. Doire. 40 slat línéadaigh ar 3s. 8 dos. bónaí ar 4s. 6d. Cleachtadh. 1. Leabhar na gCeannach age Maitiú Ó Conaill do sgríobhadh ó'n eólas so síos: Bealtaine 1. Ceannuigheadh ó Labhrás Ó Loingsigh, Áth Cliath: 55 slat éadaigh ar 6s. 3d. an tslat, agus 48 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat. 7. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Corcaigh: 210 slat éadaigh ar 8s. 9d. an tslat, agus 115 slat éadaigh ar 8s. an tslat. 8. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bheóláin, Doire: 120 slat de línéadach ar 38s. an tslat, agus 50 slat de línéadach ar 40s. an tslat 2. Leabhar Ceannach do sgríobhadh ó'n eólas seo síos: Meadh. Fogh. 2. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú: 180 slat de línéadach ar 12s. 8d. an tslat. 43 slat de línéadach ar 10s. 8d. an tslat. 5. Ceannuigheadh ó Thomás Mhac eóin, Lonndain: 200 slat de línéadach ar 15s. 9d. an tslat. 100 slat de línéadach ar 16s. 3d. an tslat. 10. Ceannuigheadh ó liam Mhac Stiabhna, Manchuin: 190 slat éadaigh ar 10s. 6d. an tslat. 75 slat éadaigh ar 14s. an tslat. 15. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú: 200 slat éadaigh ar 16s. an slat. 30. Ceannuigheadh ó Liam Mhac Stiabhna, Manchuin: 175 slat éadaigh ar 14s. 6d. an tslat. 3. Leabhar ceannach do sgríobhadh ó'n eólas so síos:Feabhra 1. Ceannuigheadh ó Chumann Mianach an Tuaiscirt 1000 tonna de ghual mhór ghaile ar 35s. an tonna. 2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Dhálaigh, 3000 tonna de ghual mhór ghaile ar 37s. 6d. an tonna, lughaide 5 fé'n gcéad 'na locáiste gnótha. 5. Ceannuigheadh ó'n gCumann cois Sionainne 850 tonna de ghual mhór ar 32s. 9d. an tonna, lughaide 5 fé'n gcéad locáiste gnótha, agus 350 tonna de ghual bheag ar 25s. 4d. an tonna lughaide 7 fé'n gcéad locáiste gnótha. Reaca. Miondealú ar Leabhar Ceannach. 27. I ngnóthaíbh móra, a roinntear do réir na nearraí a bhíonn dá ndíol, deintear miondealú ar Leabhar na gCeannach nó ar Leabhar na Reac, chun go bhfeictear de stracfhéachaint cad é luach na nearraí do ceannuigheadh nó do díoladh ins gach roinn fé leath de'n ghnó. Mar seo, cuir i gcás: 1924. T. Ó Briain, Corcaigh. C. Mac Guidhir, Áth Luain. Muinntir Longáin, Luimneach Eóin Ó Dubhghaill, Tráighlí. Leabhar na Reac. 28. An tiúsgalaidhe críochnúil a bhíonn ag díol earraí 'na gcodaibh móra lc daoinibh eile, coimeádann sé cúntas ar na hearraíbh a dhíolann sé, fé mar a coimeádthar ar na hearraíbh a ceannuightear. Ó's é an t-eólas céadna a bhíonn ann a bhíonn i leabhar na gCeannach, is í fuirm Leabhair na gCeannach a bhíonn ar leabhar na Reac (§ 25), agus mar sin, ní gádh samhlaoidí thabhairt ar fhuirm ná ar úsáid an leabhair sin. Leabhair na n-Aiseag. 29. An "Réamheólas" úd a dubhradh a curtar chun an cheannuighe, lá nó dhó sar a sroiseann na hearraí é, ní mór tuairisg agus fiacha na nearraí ansúd agus 'san órdú, a cuireadh d'iarraidh na n-earraí, a chur i gcomparáid le chéile, féachaint an mar a chéile iad; agus, ansan arís, nuair a thagann na hearraí chun baile, na hearraí féin do sgrúdadh is d'infhiúchadh go maith, féachaint an bhfuil aon locht a ganfhios ortha, nó féachaint an bhfuilid do réir a dtuairisge 'san Réamheólas agus 'san órdú. Mara bhfuilid, an méid díobh ná fuil chun sástachta an cheannuighe, curtar thar nais iad chun an té (na ndaoine) ó nar thángadar. Bíonn dá leabhar ag gach tiúsgalaidhe a cheannuigheann agus a dhíolann earraí 'na gcodaibh móra i gcóir neithe de'n tsórd san. "Leabhar na nAiseag Amach" a tugtar ar an leabhar 'na gcoimeádann sé cúntas ar na hearraíbh a chuireann sé thar nais chun an té (na ndaoine) ó nar ceannuigheadh iad toisg lochtaí bheith ionnta, nó toisg aon chúis eile. "Leabhar na n-Aiseag Isteach" a tugtar ar an leabhar 'na gcoimeádann s cúntas ar na hearraíbh a curtar thar nais chuige féin ós na daoinibh le nar dhíol sé iad toisg gan iad do bheith chun a sástachta. Neósfar ar ball nuair a bheidh teacht thar an leabhar mór cad na thaobh go gcoimeádthar na cúntais sin. Ceisteanna. 1. Cad é an t-eólas a gheibhtear a "Leabhar na gCeannach " agus a "Leabhar na Reac"? 2. Dein fuirm an dá leabhar san do chu síos ad leabhar agus cuir isteach ann innsint ar chúig beartaibh gnótha a cuirfí ionnta. 3. Mínig "miondealú ar leabhar na gCeannach." Cad 'na thaobh go ndeintear an miondealú san? 4. Miondealuigh Leabhar Ceannach a bheadh oiriúnach do ghach gnó díobh so síos agus cuir i ngach miondealú chúig bhearta gnótha:-(a) Gnó siopa lóin; (b) gnó tabhairne; (c) gnó éadaigh do dhíol; (d) gnó tobac. 5. Cad í an dífríocht atá idir "locáiste airgid" agus "locáiste gnótha." 6. Cad is "Réamheólas" ann? 7. Cad nár mhór don tiúsgalaidhe chiallmhar a dhéanamh nuair a shroiseann beart earraí é? 8. Sgríobh leitir ag órdú beart earraí i gcóir gnó éadaigh. 9. Cad chuige go gcoimeádthar "Leabhar na n-Aiseag isteach " agus "Leabhar na n-Aiseag Amach"? 10. Sgríobh leitir a chuirfeá chun lucht gnótha le linn duit earraí do chur chucha thar nais toisg gan iad do bheith chun do shástachta. 11. Innis trí neithe eile seachas luach na nearraí féin a dh'árdóchadh a bhfiacha. Cleachtadh. 1. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Mhuinntir Chiasóg is Seóighe, leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an Airgid do chothromú agus iomlán na gCeannach is na Reac do dhéanamh amach in a leabhraibh cearta féin: 1923. Ean. 1. Cuireadh £700 sa bhangc i gcóir an ghnótha do tiúsgaladh an lá san. 1. Ceannuigheadh leabhrín Seiceanna, 16s. 8d., a baineadh dá gcúntas 'sa bhangc. 1. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige, £30. 3. Tugadh seic ar Throsgán Oifige, £75. 4. Ceannuigheadh ar cáirde ó: Sheán Mhac Gharaigh, 2 chd. de mhairtfheóil ar 55s. an céad, Bhrian is a Mhac, 2 chaoirigh ar £6 an ceann. 5. Díoladh ar cáirde leis "an teaghlach":½chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 28 bpúnt de chaoirfheóil ar 1s. 3d. an púnt. 6. Sgríobh seic chun tuarasdal d'íoc £7. Mionchostais £4. 6. Díoladh le "Teaghlach na nGarsún":50 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 8. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:90 púnt de mhairtfheóil ar 1s. 3d. an púnt. 30 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 4d. an púnt. Ilneithe, £2 10s. 9. Ceannuigheadh ar cáirde. ó:Phádruig Ó Thuathail, 4 chéad de mhairtfheóil ar 54s. an céad. Éamonn Ó Dubhghaill, caora ar £5 15s. 10. Díoladh ar cáirde leis an "tigh oibre":3 chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 56 phúnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 11. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:Ilneithe, £2. 12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 13. Sgríobhadh seic ag díol tuarasdal £9; Iolchostas, 15. Fuaradh seic ó'n "teaglach" ag glanadh an chúntais; leigeadh locáiste leó 5%. 16. Cuireadh seiceanna chun Seáin Mhic Garaigh agus chun Bhriain agus a Mhic ag lánghlanadh a gcúntas. leigeadh locáiste uatha san 2½ fé' n gcéad. 1923. Ean. 17. Fuaradh seic ó "Theaghlach na nGarsún" ag lánghlanadh an chúntais. 18. Díoladh ar airgead síos, ilneithe 19. Cuireadh seieeanna chun Éamuinn Uí Dhubhghaill agus chun Phádruig uí Thuathail ag glanadh a gcúntas. Leigeadh locáiste uatha san 5 fé'n gcéad. 19. Fuaradh seic ó'n "tigh oibre" ag glanadh an chúntais. 20. Sgríobhadh seic ag díol:Tuarasdal, £9 10s. iolchostas, £4. 20. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 2. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Shéamuis Mhic Suibhne, Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú, agus iomlán na gCeannach is na Reac do thaisbeáint ina leabhraibh cearta féin: 1921. Márta. 1. Fuighlach an airgid 'sa bhangc, £35. 1. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £35. 2. Ceannuigheadh ó Séamus Mhac Liam, 5 chd. de thapióc ar 17s. an céad. 3. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Cheannuidhe:5 púnt de thapióc ar 1s. 1d. an púnt. 6 púnt de thé ar 3s. 6d. an púnt. ½chloch de shiúcra ar 10d. an oúnt. 4. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £40. 5. Díoladh na tuarasdail le seic, £6. 6. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 8. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Liam, £2 0s. 4d. Locáiste leigeadh uaidh 2s. 2d. 8. Díoladh le hArd-sgoil na mBan nÓg:6 clocha de shiúcra ar 10d. an púnt. 2 chloich de thé ar 3s. an púnt. 3 clocha de thapióc ar 1s. 1d. an púnt, 1923. Márta 9. Do dhíol Bean Uí Cheannuidhe as na neithibh a cheannuigh sí an trímhadh lá de'n mhí; leigeadh locáiste 2 fé'n gcéad léi. 12. Díoladh na tuarasdail le seic £6 10s. 13. Cuireadh seic chun an tighearna talmhan ar chíos leithbhliana go dtí an t-aonmhadh lá déag ar fhichid d'Iúl, £60. 13. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 15. Fuaradh seic ó Árd-sgoil na mBan nÓg ag glanadh fiacha na neithe do ceannuigheadh an t-ochtmhadh lá. de'n mhí; leigeadh locáiste 5 fé'n gcéad leó. 15. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £20. 16. Do ceannuigheadh ó Lucht an tSolátair:2 chd. de chriostal-shiúcra na nIndiacha Thiar ar 71s. an céad. 1 chd. de bhán-siúcra Mhauritius ar 80s. an céad. 17. Do híocadh le seic a páipéar sgríobhtha, £4 10s. 18. Do díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £25. 19. Do híocadh na tuarasdail le seic, £6. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 3. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Risteáird uí Mhathúna, Leabhar an airgid, Leabhar na gCeannach agus Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú agus iomlán na gCeannach agus na Reac do thaisbeáint ina leabhraibh cearta féin: 1921. Feabhra 1. Fuighlach an airgid 'san Oifig, £25. 1. Fuighlach an airgid 'san bhangc, £600 2. Ceannuigheadh ó Chumann Guail Bhreatan Theas:100 tonna de ghual ar 40s. an tonna. Ó Chumann an Gheasa: 200 tonna de chóc ar 35s. an tonna. 3. Díoladh ar cáirde le Sgoil na nGarsún: 10 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna. 15 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna, 1921. Feabhra. 4. Do híocadh tuarasdail £10, Mionchostais £2, le seic. 6. Díoladh ar airgead síos 5 tonna de ghual ar £2 8s. an tonna 7. Cuireadh seic chun Cumainn Guail bhreatan Theai. ag glanadh cúntais, £190. Leigeadh 'na locáiste uatha, £10. 9. Tugadh seic do'n tighearna talmhan ar chíos na leathbhliana, £50. 10. Díoladh ar cáirde le Cumann an Déantúis: 50 tonna de ghual ar £2 8s. an tonna. 100 tonna de chóc ar £2 6s. an tonna. 11. Do híocadh tuarasdail £9, agus Mionchostais £1 10s., le seic. 11. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 13. Cuireadh seic chun Cumainn an Gheasa ag lánghlanadh an chúntais, £332 10s. Locáiste a leigeadh uatha £17 10s. 14. Fuaradh seic ó Chumann an Déantúis £332 10s. (Locáiste a leigeadh leó £17 10 s.) 15. Fuaradh seic ó Sgoil na nGarsún, £57 11s. 11d. Locáiste a leigeadh leó, £3 0. 7d. 16. Ceannuigheadh ó chumainn Guail Bhreatan Theas: 150 tonna de ghual ar 40s. 6d. an tonna. 16. Díoladh ar airgead síos, 7 dtonna de ghual ar 48s. an tonna, agus 10 dtonna de chóc ar 47s. an tonna. 17. Díoladh ar cáirde le Sgoil na gCailíní:20 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna. 3 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna. 18. Díoladh a páipéar sgríobhta le seic, £6 10s. Díoladh tuarasdail £12, Mionchostais £5, le seic. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. An Leabhar Conganta. 30. An Leabhar Laethúil nó an Leabhar i naghaidh an Lae a tugtar ar an leabhar san uaireanta, mar 'sa tseanaimsir do coimeádthaí innsint ar gach beart gnótha, fé mar thárluigheadh, ins an leabhar san. Do hínnstí i dtaobh gach birt, cé hé an duine nó cad é an cúntas do gheibheadh, agus cé hé an duine nó cad é an cúntas do thugadh, sé sin, do hínnstí i dtaobh gach birt cad é an cúntas 'nar bh'fháltas é agus cad é an cúntas 'nar dhíoluíacht é. 31. Mar seo, féach: £ s. d. Ean. 3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Néill, Earraí 3. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Dhubháin, Earraí 11. Cuireadh thar nais chun Sheáin Uí Dhubháin Earraí 13. Díoladh le hÉamonn Mac Eóin, Earraí 15. Díoladh Earraí ar airgead síos 18. Do híocadh seic le Seán Ó Dubháin 19. Do fuaradh ó Éamonn Mac Eóin airgead agus leigeadh leis 'na locáiste 25. Cuireadh isteach 'sa bhangc Seo mar do cuirfí síos ar na beartaibh sin 'san Leabhar Chonganta: An Leabhar Conganta. Lch. Fáltas. Díoluíacht. Cúntas na nEarraí fls. ó Chts. Mhuinntir Néill Cúntas na nEarraí fls. ó Chts. Sheáin Uí Dhubháin Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls. ó Chts. na nEarraí Cts. Éamuinn Mhic Eóin fls. ó Chts. na nEarraí Cts. an Airgid fls. ó Chts. na nEarraí Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls. ó Chts. an bhaingc Cts. an Airgid fls. ó Chts. Éamuinn Mhic Eóin ó Chts. an locáiste Cts. an Bhaingc fls. ó Chts. an Airgid Cleachtadh. 1. Na gnóthaí seo síos ag Muinntir Mhic Ghabhann le linn an Mheithimh, 1914, do chur síos 'sa Leabhar Laethúil: 1914. Meitheamh. 2. Cuireadh Earraí thar nais chun Sheáin Mhic Mhuiréig 5. Ilneithe do díoladh ar airgead síos 10. Díoladh Earraí le Seán Mac Craith 17. Cuireadh Earraí thar nais chun Mhuinntir Eóin 19. Leigeadh locáiste le Risteárd Ó Broin 21. Cuireadh Earraí thar nais ó Sheán Mhac Chraith 24. Do híocadh Tuarasdail Oifige le seic 30. Díoladh Earraí ar sheic a cuireadh isteach 'sa bhangc 30. Tugadh seic do Thomás Ó Chathail ag glanadh a chúntais agus do leigeadh locáiste uaidh. 2. Cad é an t-eólas a ghéibhtear ós na hinnsintí seo síos 'sa Leabhar Laethúil: Fls. Dlt. Cts. an Airgid ó Chts. an Ghustail Cts. Sheáin Mhic Gabhann ó Chts. na nEarraí Cts. an Airgid ó chts. Sheáin Mhic gabhann Cts. an Bhaingc ó Chts. an Airgid Cts. Shéamuis Uí Bhriain ó Chts. an Bhaingc ó Chts. an locáiste Cts. an Airgid Cts. an locáiste ó Chts. Pheadair Uí Fháilbhe 3. Ins an Leabhar Chonganta age Pádruig Breathnach, do bhí na hinnsintí seo síos le linn na Nodlag, 1914. Dein gach ceann díobh do mhíniú go cruinn: 1914 Nlg. Drochfhiacha ó Liam Ó hUaithnín Costais Gnótha ó Mhionairgead Locáiste ó Chts. Sochair agus Dochair Iomchar Earraí ó Mhuinntir Eóin (lucht Iomchair) Stór Earraí ó Chts. na nEarraí Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na Ghustail 32. Ach anois ní coimeádthar 'sa leabhar san aon chúntas ar bheartaibh airgid ná ar bheartaibh earraí do dhíol is do cheannach, ná ar aon bheart eile go bhfuil leabhar fé leith 'na chóir; ach, is amhlaidh a curtar ann innsint ar bheartaibh ná fuil aon leabhar fé leith 'na gcóir i dtreó gurab é ainm is oiriúnaighe dhó ná an Leabhar Conganta Sidiad na neithe ar a gcoimeádthar cúntas ortha ins an Leabhar Chonganta: (a) Innsint do thabhairt ar Staid Ghnótha idir dhá linn; (b) Drochfhiacha do luadh; (c) Ús ar fhiachaibh; (d) Cailliúint; (e) Tuathail do cheartú; (f) Ús ar Ghustal; (g) Innsintí do chur a cúntas isteach i gcúntas eile agus rl. (h) Buillí sguir. 33. I ndeire gach tréimhse, pé fada gairid í, deintear amach ós na leabhraibh cúntais conus atáthar age lucht an ghnótha, 'sé sin, cad é an méid airgid atá ar sheilbh an lucht gnótha, cad é luach na nearraí atá ar stór aca, cad é luach a gcórach oibre go léir, cad iad na fiacha atá aca ar dhaoinibh eile, agus na fiacha atá ortha féin (an sochar nó an dochar a tháinig as tráchtáil na tréimhse), agus annsan méid a nGustail, Seo mar a taisbeáinfí Staid Ghnótha idir dhá linn: Fiachaisí Fiacha ag:Murt Ó Conaill Tadhg Ó Briain Gustal Acfuinn Airgead ar láimh Airgead 'sa bhangc Stór Earraí Cóir Oibre is Trosgán Fiacha ar: M. Ó hAodha P. Mac Énrí "Clár na bhFuighlach" a tugtar ar an bhfuirm sin ag táisbeáint Staide an Ghnótha. Acfuinn. 34. Is é rud Acfuinn ná aon airgead, earraí, nó sealbhas eile a bhíonn age lucht gnótha le nar féidir dóibh fiacha do ghlanadh. Mar sin, áirmhighthear na fiacha, a bhíonn ag an lucht tiúsgail ar dhaoinibh eile, ar an Acfuinn. Tá dhá shaghas acfuinne ann, acfuinn bhuan agus acfuinn shealadach. Acfuinn bhuan a tugtar ar na neithibh ná téigheann diobh leis an bhfeidhm a baintear asta chun an tiúsgail do dhéanamh agus do choimeád ar siubhal, mar atá: foirgnimh, meaisíní, córacha oibre, agus rudaí eile de'n tsórd san. Acfuinn shealadach a tugtar ar na neithibh go dtéigheann díobh an túisge baintear feidhm asta i gcúrsaibh an ghnótha, mar atá: airgead, agus na hearraí a díoltar chun sochair a dhéanamh, agus aon ní eile mar sin. Gustal. 35. Adubhradh cheana (§ 3) gurab é ní an Gustal ná an méid airgid a bhíonn age lucht tiúsgail nuair a tosnuightear ar ghnó a dhéanamh. Ach, caithtear a bheag nó a mhór de'n airgead san ar earraíbh agus ar neithibh eile nach foláir a bheith age tiúsgalaidhe chun an gnótha do choimeád ar siubhal, i dtreó, i gceann tamaill, go n-áirmhighthear ar an nGustal na hearraí sin go léir a bhíonn gan díol, agus luach gach córach eile oibre i dteannta an airgid thirm a bhíonn age lucht tiúsgail gan caitheamh. Rud eile dhe, is gnáthach do lucht gnótha díol agus ceannach ar cáirde; ach, nuair a thagann an cáirde, caithtear na fiacha ghlanadh, agus, mar sin, is móide Gustal an tiúsgalaidhe na fiacha a bhíonn aige ar dhaoinibh eile, agus is lughaide a Ghustal na fiacha a bhíonn age daoinibh eile air féin. Dá bhrigh sin, ó' s chun sochair a bhaint a tráchtáil a chuireann daoine chun gnótha do dhéanamh, is móide a nGustal pé sochar a thagann dóibh as an ngnó, agus is lughaide é an dochar. A Fhaid ar a ghiorracht, is é ní an Gustal, nuair a bhíonn an tiúsgal fé lán tseóil, ná an difríocht idir an Acfuinn agus na Fiachaisí. 36. Is léir ó'n méid sin nach foláir na leabhair chúntais go léir do dhúnadh, 'sé sin, na cúntais go léir do chothromú, sarar féidir an t-eólas a bhíonn ins an Staid Ghnótha dh'Fhághail. Agus sara dtosnuightear ar an aththréimhse, gach suim airgid a taisbeántar ins an Staid Ghnótha mar acfuinn nó mar fhiachas. é chur ina chúntas cheart féin; agus chuige sin, taisbeántar ar dtúis ins an Leabhar Chonganta ciaca fuighlach fáltais nó fuighlach díoluíachta gach suim airgid díobh san. 37. Seo mar a taisbeánfí ins an Leabhar Chonganta an Staid Gnótha úd ó chianaibh (§ 33): An Leabhar Conganta. Cts. an Airgid Cts. an bhaingc Cts. na nEarraí Cts. Mh. Uí Aodha Cts. Ph. Mhic Énrí Cts. na gCórach Óibre ó Chts. Mhuirt Uí Chonaill ó Cts. Thaidhg Uí Bhriain ó Cts. an Ghustail N.B. - Cuimhnigh go maith gur fáltas gach acfuinn agus gur díoluíacht gach fiacha. Is ionann an Gustal agus an difríocht idir an acfuinn agus na fiachaisí. Cleachtadh. Staid an Ghnótha ins gach cás díobh so síos d'innsint 'sa Leabhar Chonganta: 1. Lá Coille, 1924, do bhí aige Liam de Barra, airgead; Earraí; Fearaistí Gnotha; Fiacha ar Thadhg Ó Mhurchadha; agus ar Chonn Ó Mhaolcatha. Do bhí d'fhiachaibh air ag Muiris Ó Faoláin; agus ag Tomás Ó hAodha. 2. Lá 'le Brighde, do bhí ag Art Ó Laoghaire airgead; Earraí; Fiacha ar Séamus Ó Corbáin; Cóir Ghnótha. 3. Lá Lughnasa, 1924, do bhí ag Tomás Ó Flathartaigh airgead 'san Oifig; Airgead 'sa bhangc; Earraí; Capall is Trucail; Fiacha ar Thadhg Ó Sheanáin; agus ar Dháith Ó Chaoimh. Do bhí d'Fhiachaibh air ag Muinntir Cheallaigh; agus ag Muinntir Liatháin. 4. Sidiad síos Acfuinn is Fiachaisí an ghnótha pháirtíochta age Seán is Séamus Ó Coileáin an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag, 1916; Airgead 'sa bhangc, Fiacha aca; Fiacha ortha. Stór Earraí. Meaisíní. Foirgnimh, Fiacha Cíosa. Dein an difríocht do roinnt ar an dá bhráthair, dhá dtrian ar Seán agus an trian eile ar Shéamus. Drochfhiacha. 38. Drochfhiacha a tugtar mar ainm ar na fiachaibh nách féidir a bhailiú. Má bhíonn ag tiúsgalaidhe ar dhuine eile, agus go dtéigheann d'acfuinn an duine sin i dtreó nach féidir dó thar a leath, fé'n bpúnt, do ghlanadh, is drochFhiacha ag an dtiúsgalaidhe an méid a dh'fhanann gan díol. Nó, má imthigheann duine gan bith a thuairisge, agus a lán fiacha a Fhágaint 'na dhiaidh gan glanadh, is drochfhiacha iad, toisg ná bhíonn aon tsúil go bráth ag an lucht éilimh le hiad d'íoc. 39. Seo samhlaíd air sin: Do chuaidh d'acfuinn Eóin Mhic Thomáis agus níor dhíol sé ach fé'n bpúnt d'á fhiachaibh. An Leabhar Conganta. Cts. Drochfhiacha Fls. ó Chts. Eóin Mhic Thomáis nó D'imthigh Seán Mac Fáin gan bith a thuairisge agus dob' éigean na fiacha a bhí air d'áireamh mar dhrochfhiacha. An Leabhar Conganta. Cts. Drochfhiacha Fls. ó Chts. Seáin Mhic Fháin Ins an chéad shamhlaíd díobh san tuas, do glacadh ó Eóin Mhac Thomáis 'na lánchúiteamh ar na fiacha go léir a bhí air; do maitheadh an chuid eile dhó. Ach ó nár bh'fhéidir a rádh le figiúiríbh gur bh'ionann an méid a díoladh agus na fiacha go léir a bhí air, tugadh drochFhiacha ar an méid a dh'fan gan díol agus do cuireadh an méid sin i gcúntas Eóin Mhic Thomáis leis an méid a díoladh ag glanadh na bhfiacha go léir a bhí air ag an dtiúsgalaidhe. Ins an dara samhlaíd tuas, ó bhí Seán Mac Fáin imthighthe agus gan aon teacht ar an airgead a ghlanfadh na fiacha do bhí air, agus ó nár bh'fhéidir do'n tiúsgalaidhe a rádh go raibh fiacha aige air feasta, nuair do chuir sé a shúil d'á nglanadh, dob' éigean dó an cúntas san Sheáin Mhic Fháin do dhúnadh leis an méid chéadna do chur ag cúiteamh na bhfiacha, agus drochfhiacha do thabhairt mar ainm ar an méid le nar cúitigheadh na fiacha. Taisbeánfar ar ball (§ 67) conus do taisbeánfí na himtheachta san 'sa Leabhar Mór i gcúntas Eóin Mhic Tomáis agus i gcúntas Sheáin Mhic Fháin. Ús ar Fhiachaibh. 40. Do hinnseadh cheana (§ 15) conus mar a baintear oiread áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiacha a bhíonn ar dhuine mar gheall ar íoc fé cheann aimsire áirithe go tráthúil. Nuair a bhíonn duine go mall righin ag glanadh na bhfiacha a bhíonn air bíonn "a chonách san" air leis. Curtar oiread áirithe fé'n gcéad 'sa bhreis leis na fiachaibh a bhíonn cheana féin air mar gheall ar an righneas díoluíochta san aige. Tugtar cáirde áirithe chun na bhfiacha do ghlanadh, agus an túisge bhíonn an cháirde caithte caithtear na fiacha dh'íoc, nó, neachtar aca, caitheann an té (na daoine) go mbíonn na fiacha air (ortha) ús do dhíol ar na fiachaibh dh'fanúint amuigh gan glanadh. An té gheibheann airgead ar iasacht ó dhuine eile, caitheann sé díol as úsáid an airgid iasachta; mar an gcéadna do lucht fiach, caitheann siad díol as an gcáirde 'sa bhreis. 41. Seo samhlaídí ar an ús san ar fhiachaibh: (a) Cuireadh ús le fiachaibh Sheáin Mhic Leadráin: An Leabhar Conganta. Cts. Seáin Mhic Leadráin Fls. ó Chts. an Úis. (b) Má's ar fhear na leabhar féin a curtar an t-ús do dhíol: An leabhar Conganta. Cts. an Úis. Fls. ó Chts. Seáin Uí Dhuinéigin Is é cúis go náirimhighthear an t-ús úd ar a fhiachaibh ar fháltasaíbh Sheáin Mhic Leadráin mar go bhfaghann sé luach an úis, 'sé sin, an cháirde 'sa bhreis. Agus 'san dára cás, tugann Seán Ó Duinéigin an cháirde agus, mar sin, is díoluíacht aige a luach, 'sé sin, an t-ús. Cailliúint. 42. Ní foláir do'n tiúsgalaidhe gach ní a thaisbeáint 'na leabhraibh cúntais a chuirfeadh le sochar nó le dochar an ghnótha. Ins an Leabhar Chonganta a coimeádthar cúntas ar aon ní de'n tsórd san lasmuigh des na gnáthrudaíbh, mar atá: cúrsaí airgid d'Fhághail is d'íoc, cúrsaí earraí do cheannach is do dhíol, agus rl. Uaireannta ráinigheann tré dhrochsheans éigin go gcailltear roinnt de chuid an tiúsgalaidhe le dóighteán nó le briseadh luinge nó le capall do thuitim marbh nó le h-aon mhíádh eile mar sin. Aon tiúsgalaidhe ciallmhar fadaraidhneach, dhéanfadh sé urrús ar a chuid i dtreó, dá dtuitfeadh aon bhá rthan anuas air, ná beadh sé síos leis. Ach, ráinigheann go minic ná beadh urrús ar an ní do caillfí, nó dá mbeadh, b'fhéidir ná beadh urrús iomlán ar an luach go léir do caillfí. Ní foláir an chailliúint do thiocfadh as an bhfaillighe sin do thaisbeáint ins an Leabhar Conganta. 43. Seo samhlaíd ar ní de'n tsórd san: Dóighteán i dtigh stóir le tiúsgalaidhe, agus do dóghadh luach d'earraíbh agus gan urrús ach ar luach díobh. An Leabhar Conganta. Cts. Cailliúint le Dóighteán Fls. ó Chts. na nEarraí Do cailleadh luach £100 ar fad, ach, má 's eadh, do fuaradh 'na dhiaidh sin ó'n gCumann um urrús ar Dóighteán, ach d'imthigh luach leis an gcailliúint, 'sé sin, tugadh an luach san d'earraíbh do'n chailliúint, agus mar sin, is díoluíacht ag Cúntas na nEarraí é. Dála an sgéil, conus do taisbeáinfí ins na Leabhraibh Cúntais go bhfuaradh 'na eineachlann? Ús ar Ghustal. 44. An té go mbíonn breis agus dóithin a chothuighthe féin d'airgead aige, cuireann sé cuid de ar taisce 'sa bhangc, nó cuireann sé amach ar breis i dtiúsgalaibh eile é, agus gheibheann sé oiread áirithe fé'n gcéad ar iasacht a choda airgid ó lucht an bhaingc nó ó lucht an tiúsgail go mbíonn tairbhe an airgid aca. Dá bhrigh sin, ní misde dho'n tiúsgalaidhe ús d'iarraidh ar an airgead nó ar an nGustal a bhíonn aige le cothú a ghnótha féin seachas an sochar a bheadh ag dul dó as an ngnó do thabhairt chun críche. Rud eile, tar éis an úis sin ar a Ghustal, a cúig fé'n gcéad is gnáth, do bhaint a prafíd an ghnótha, is féidir dó a fheisgint an fiú dhó leanúint de'n obair a bhíonn idir lámhaibh aige. Seo samhlaíd air sin: Cuireadh Ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal An Leabhar Conganta. Cts. an Úis Fls. ó'n nGustal 45. Tá trácht ar cheartú na dtuathal le fághail i nalt a 81, is ar innsintíbh d'aistriú a cúntas go cúntas eile i nalt a 85, 80, agus ar na builíbh sguir i nalt a 85, 86, do réir mar a deintear na neithe sin insan Leabhar Conganta. An Leabhar Mór. 46. Leabhair na Prímhinnsinte a tugtar mar ainm ar na leabhraibh gur deineadh trácht ortha go dtí so, mar atá: Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhar na nAiseag Amach, Leabhar na nAiseag Isteach, agus an Leabhar Conganta. Deintear dealú ar na beartaibh gnótha ins na leabhraibh sin chun gurab usaide dho'n chúntasóir iad do chur isteach 'na gcúntasaíbh cearta féin ar ball ins an Leabhar Mhór. Siné leabhar ceart na gCúntas, agus is as an leabhar san a gheibhtear an t-eólas úd go léir a dubhradh, a gheibhtear a cúntaisíocht, ins an chéad alt de'n tráchtas so. 47. Seo mar a bhíonn gach leathanach de'n Leabhar Mhór: An Leabhar Mór. Cúntas. Féach go mbíonn an cúntas ar an aon leathanach amháin, ní hionann agus Leabhar an Airgid (§ 19). Gach fáltas ar an dtaobh chlé, agus gach díoluíacht ar an dtaobh dheas. (1) An bhliain 'na raibh an cúntas ar siubhal; (2) an mhí; (3) an lá de'n mhí; (4) an ní do b'fháltas nó ba dhíoluíacht; (5) an prímhleabhar 'na bhfuaradh eólas an sgéil i roinnt a 4; (6) méid an airgid. Sidiad na nuid a d'úsáidthear: L/A, Leabhar an Airgid; L/C, Leabhar na gCeannach: L/R, Leabhar na Reac; L/Ca, an Leabhar Conganta; A/A, Leabhar na nAiseag Amach; A/I, Leabhar na nAiseag Isteach. 48. Sidiad na cúntais a bhíonn ins an Leabhar Mhór de ghnáth: Cúntas an Ghustail; Cúntas na dTarrac; Cúntais na bPearsan na mbionn déighleáil gnótha ag lucht an tiúsgail leó; Cúntas na nEarraí do cheannach is do dhíol; Cúntais na nAcfuinn, mar atá: Trosgán, Fearaistí, Córacha, Tighthe, Foirgnimh, Meaisíní agus gach acfuinn bhuan eile dá leithéidíbh sin; Cúntaisí Caithteachais is Cúitimh, mar atá, Drochfhiacha is Ús ar fhiachaibh, Ús ar Ghustal, Cailiúint tré dhrochsheans, agus gach ní eile mar sin, Cúntas na Tráchtála; agus an Cúntas Sochair agus Dochair. Cúntas an Ghustail. 49. Is é an Gustal a thugann beatha agus cothú do'n ghnó go léir agus mar sin is ar thaobh na ndíoluíacht a bhíonn méid an Ghustail i gcomhnuidhe. Do taisbeánadh cheana gurab ó'n nGustal gheibhtear an t-airgead le na gcurtar tiúsgal ar bun. Ins an samhlaíd ar leabhar an Airgid (§ 20) do hinnseadh san mar seo: Ó'n nGustal ar thaobh na bhfáltas 'sa leabhar san. Agus ó bhaineann fághail agus tabhairt le gach beart gnótha (§ 16), an ní is fáltas age cúntas, is díoluíacht age cúntas eile é. Mar sin, is ar thaobh na ndíoluíacht a bheadh innsint ar an mbeart san i gcúntas an Ghustail, mar seo: leis an Airgead, Agus i ndeire na dála nuair a bheifí ag innsint an tsochair a tháinig as an ngnó is ar thaobh na ndíoluíacht a cuirfí é sin leis, ag cur leis an nGustal. Agus ar an dtaobh eile, má's dochar a thiocfadh as déanamh an ghnótha, is ar taobh na bhfáltas a cuirfí méid an dochair. Cúntas na dTarrach. 50. Do taisbeánadh cheana (§ 35) go bhfoluigheann an Gustal a lán eile seachas airgead tirm, Gach ní a baintear ó'n nGustal ar mhaithe leis an dtiúsgalaidhe féin chun chothuighthe nó chun suilt is caithimh aimsire, is tarrac é. Má thógann sé earraí as a shiopa chun iad do chaitheamh 'na thig féin, nó má bhaineann sé airgead as an oifig nó as an mbangc chun neithe cheannach dó féin nó dá mhuinntir nó chun iad do chaitheamh ar aon chuma lasmuigh de chúrsaíbh a ghnótha, is tarrac é. Is díoluíacht an tarrac ag an gcúntas a bhaineann leis an ní do tharraing sé. 51. Ins an samhlaíd ar Leabhar an Airgid (§ 2o) do bhain an tiúsgalaidhe as an mbangc dó féin, Do hínnseadh san i Leabhar an Airgid ar thaobh na ndíoluíacht, mar seo: le Tarrac. Do réir dlighe an dá innsint, do bheadh innsint air i gCúntas na dTarrac ar thaobh na bhFáltas, 'sa Leabhar Mór, mar seo: Ó'n mbangc, Ar an gcuma gcéadna, dá mba Earraí a tógfaí amach do chum úsáide an tiúsgalaidhe, do déanfí innsint air 'sa Leabhar Mór i gCúntas na nEarraí ar thaobh na ndíoluíacht, agus i gCúntas na dTarrac ar thaobh na bhFaltas. (CeistCá ndéanfí an phrímhinnsint air sin mar bheart?) Cúntais na bPearsan. 52. D'fhonn eólais a bheith aige ar cé hiad na daoine go bhfuil fiacha aige ortha nó go bhfuil fiacha aca air, bíonn cúntas ins an Leabhar Mhór i gcóir gach duine (lucht, cumainn) go mbíonn aon deighleáil ag an bhfear gnótha leis (leó), ag díol earraí leó nó ag ceannach earraí uatha, agus ag fághail airgid uatha nó ag íoc airgid leó. Gheibhtear prímhinnsint ar na beartaibh sin i leabhraibh na Reac is na gCeannach agus ins an dá Leabhar Aiseag, agus i Leabhar an Airgid, agus ins an Leabhar Chonganta. 53. Mar shamhlaíd air sin, féach, sidé an gnó a dhein SéamuI' Ó Néill le Seán Ó Conaill le linn mí na Nodlag, 1923. 1. Dhíol sé earraí le Seán Ó Conaill 4. Chuir Seán Ó Conaill roinnt des na hearraíbh thar nais toisg gan iad do bheith chuna shástachta 6. Dhíol Seán Ó Conaill cuid de'n chúntas 10. Chuir Seán Ó Néill seic chuige ag glanadh an chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de'n mhéid do bhí ag dul dó an ceathramhadh lá de'n mhí. (Deintear lominnsint mar sin i siopaíbh gnótha go minic ar gach beart gnótha do réir a chéile fé mar a thuiteann amach gan dealú do dhéanamh ortha, fé mar a deintear i Leabhraibh na Prímhinnsinte. "Cinn lae" a tugtar ar an Leabhar na mbíonn an innsint sin.) Do cuirfí an t-eólas san as an gCinn lae isteach i Leabhar an Airgid, i Leabhar na Reac agus i Leabhar na nAiseag isteach, agus ansan 'na dhiaidh sin 'sa Leabhar Mhór, mar seo: An Leabhar Mór. Cúntas Sheáin Uí Chonaill. Fls. Dlt. Nlg. Ó Cts. Earraí. Le Cts. Earraí Le Cts. Airgid Le Cts. Airgid Le Cts. Locáiste CLEACHTADH. 1. Do bhí an deighleáil seo síos ag Peadair Ó Faoláin, Baile bhfad siar le Muiris Mac Peadair, Baile an Phréacháin, le linn na Samhna, 1915: Samhain 2 Díoladh le Muiris Mac Peadair, Baile an Phréacháin:175 slat d'éadach ar an tslat. 200 slat d'éadach ar an tslat. 5 Díoladh le Muiris Mac Peadair:200 slat de shról ar an tslat. 7 Chuir Muiris Mac Peadair thar nais 55 slat de'n éadach a díoladh leis an dara lá de'n mhí ar an tslat. 10 D'íoc Muiris Mac Peadair cuid de'n chúntas. 30 D'íoc Muiris Mac Peadair fuighlach an chúntais le seic, tar éis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. Ní foláir leabhair chúntais Pheadair Uí Fhaoláin do sgríobhadh agus cúntas Mhuiris Mhic Pheadair i Leabhar Mór Uí Fhaoláin do thaisbeáint. 2. An chéad lá d'Iúl do dhíol Seán Ó Dighe luach d'earraíbh le Liam Ó Ceallaigh, agus an cúigmhadh lá déag a thuille earraí, luach. An seachtmhadh lá déag d'Iúl do chuir ó Ceallaigh seic chun Sheáin Uí Dhighe ag glanadh fiacha na nearraí a díoladh leis an chéad lá de'n mhí, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint díobh. Ní foláir cúntas Uí Cheallaigh i Leabhar Mór Sheáin Uí Dhighe do sgrí0bhadh. 3. An chéad lá d'Eanair 1916 do dhíol Tadhg Mac Airt luach d'earraíbh le Colmán Ó Cuill, agus an lá ar na bhárach do chuir Colmán chuige. Fé cheann na bliana, ámh, do chuaidh d'acfuinn Cholmáin Uí Chuill agus dob' éigean dul ar chomairce na ndaoine go raibh fiacha aca air, agus do réidhtigh sé leó ar i naghaidh an phúint d'íoc 'na lánchúiteamh ar a fhiachaibh. Taisbeáin Cúntas Cholmáin Uí Chuill mar a bheadh sé i Leabhar Mór Thaidhg Mhic Airt an lá deiridh de'n bhliain sin. 4. Do dhíol Deaglán Ó Floinn luach d'earraíbh le Colm Mac Finn an chéad lá de Lughnasa, 1916. An taonmhadh lá triochad de Lughnasa d'íoc Colm agus an taonmhadh lá triochad de dheire Foghmhair d'íoc sé an fuighlach, taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de'n iomlán. Sgríobh Cúntas Chuilm Mhic Fhinn mar a bheadh sé i leabhar Mór Dheagláin Uí Fhloinn. 5. Atá ós cionn cúntais i Leabhar Mhór Sheáin Mhic Chraith, na focail seo: Cúntas Phádruig Mhic Aodha. Ar an dtaobh chlé de'n chúntas san atá: "Ean. 2. Ó Earraíbh," agus ar an dtaobh dheas atá: "Ean. 16. le hAirgead." (a) Mínigh go cruinn baileach cad é brigh na nínnsintí sin go léir. (b) Sgríobh síos an cúntas a bheadh i Leabhar Mhór Phádruig Mhic Aodha ar na neithibh sin. (c) Sgríobh síos gach innsint a déanfí ar na beartaibh gnótha sin a bheadh i leabhraibh na beirte. 6. Tabhair innsint ar na beartaibh seo síos i leabhraibh Liam Mhic Énrí: 1922. Aibreán 3. Do dhíol Liam Mac Énrí luach d'earraibh le Risteárd Ó Séaghdha. 24. Fuair Mac Énrí seic ag glanadh an chúntais lughaide locáiste 28. Cuireadh an seic thar nais ó'n mbangc chun Liam Mhic Énrí mar gur diultuigeadh dí. Taréis tuairisge Uí Sheághdha do chur, do fuaradh go raibh sé imthighthe gan bith a thuairisge, agus mar sin i ndeire an mhí, do sgriosadh na fiacha amach mar dhroch fhiacha. Cúntas na nEarraí. 54. Gheibhtear amach ó Chúntas na nEarraí ciaca praifíd nó cailliúint a tháinig a gnó na nearraí do cheannach is do dhíol, 'sé sin, an mó bheadh lucht an ghnótha bertha nó caillte le díol is le ceannach na nearraí. Ar thaobh na bhFáltas curtar na ceannaigh go léir lughaide na haisig amach, agus an stór earraí a bheadh ag an lucht tiúsgail i dtosach bárra; agus ar thaobh na ndíoluíacht, curtar na reaca go léir, lughaide na haisig isteach' agus an stór earraí a bheadh ag an lucht tiúsgail i ndeire bárra. Mar sin, curtar an stór tosaigh, agus suim Iomlán Leabhair na gCeannach lughaide suim iomlán Leabhair na nAIseag amach, ar thaobh na bhFáltas. Curtar suim iomlán Leabhair na Reac lughaide suim iomlán leabhaIr na nAiseag isteach agus an fuighlach earraí ar stór I ndeire bárra ar an dtaobh eile. Má's mó taobh na bhFáltas ná taobh na nDíoluíacht bíonn lucht an ghnótha caillte leis na hearraíbh do dhíol is do cheannach; ach, má's mó taobh na ndíoluíacht, is amhlaidh a bhíonn siad bertha leis, mar ghnó. 55. I dtiúsgalaibh móra deintear Cúntas na nEarraí do bhriseadh na chodaibh fé leith, agus mar sin, bíonn cúntas fé leith i gcóir an Stóir tosaigh, ceann eile le haghaidh na gCeannach, ceann eile le haghaidh na Reac, ceann i gcóir na nAiseag amach, ceann i gcóir na nAiseag Isteach, agus ceann i gcóir an stóir deiridh; agus ansan, curtar fuighlaigh na gcúntas san go léir, le fuighlaigh a cúntasaíbh áirithe eile, i dteannta a cheile i gcúntas na Tráchtála. 56. Seo samhlaíd ar Chúntas na nEarraí: Ó'n eólas seo síos, taisbeáin Cúntas na nEarraí agus dein é chothromú: Suim iomlán Leabhair na gCeannach Suim iomlán Leabhair na Reac Stór Earraí i ndeire bárra An Leabhar Mór Cúntas na nEarraí. Ó Leabhar Ceannach Ó Praifíd Le Leabhar Reac Le Stór Earraí Nó, do réir ailt a 55, seo mar a sgríobhfaí na cúntais go léir a mbaineann leis na hearraíbh ó'n eólas so síos: Eanair 1 Luach na nEarraí ar stór Nlg. 31 Luach na nEarraí do ceannuigheadh Luach na nEarraí do díoladh Leabhar na nAiseag amach Leabhar na nAiseag Isteach Luach na nEarraí ar stór Fls. Cts. Stóir na nEarraí Dlt. Ó'n bhFuighlach Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na gCeannach Ó Ilneithe Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na Reac Ó Chts. Tráchtála L/Ca Le Ilneithe Cúntas na nAiseag Isteach Ó Ilneithe Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na nAiseag Amach Ó Chts. Tráchtála L/Ca Le Ilneithe Cúntas na Tráchtála Ó Chts. Stóir L/Ca Ó Cts. Ceannach L/Ca Ó Cts. Aiseag Isteach Ó Praifíd Le Cts. na Reac L/Ca Le Cts. Aiseag Amach Le Cts. an Stóir Féach §85 i gcóir Gnótha an Leabhar Chonganta sa sgéal. Luacháil na nEarraí. 57. Cuid ana thábhachtach de ghnó an tiúsgalaidhe is eadh luacháil na nEarraí ar stór aige. "Is mairg doghní deimhin dá dhóchas" adeir an seanfhocal, agus is dá mhairg an tiúsgalaidhe a chuireann luach ró árd ar a mbíonn d'earraíbh ar stór aige, mar ní fios dó ó ló go chéile cad é an t-atharú a thiocfadh ar an marga a bhainfeadh go mór de luach a choda, dá aoirde é. B'é ba cheart dó a dhéanamh ná luach na nEarraí do luigheadú níos túisge ná mar a dhéanfadh sé iad do mhéadú ar luach. B'fhéidir dá ndéanfadh sé luach ró árd a chur ar a stór Earraí gurab amhlaidh a bheadh sé beagbheann ar neithibh eile, agus dá bhrigh sin, ní foláir togha an aireachais do thabhairt do'n obair sin. An luach do bhí ortha nuair a ceannuigheadh iad, nó a luach ar marga le linn na luachála, peaca luach is lugha, is é ba cheart a chur ortha. Mar sin, na hearraí gur tugadh ortha dá gceannach, agus ná faghfí ortha le linn na luachála ach is é luach ba cheart a chur ortha, ins an luacháil, ná 'sé sin, an luach is lugha. Dá ráineóchadh, ámh, go bhfaghfí ortha ar marga an uair sin, ba cheart a chur ortha mar luach, 'sé sin, an luach is lugha de'n dá luach san. Módh na Luachála. 58. Obair mhall righin is eadh obair na luachála agus niar sin níor mhisde í roinnt, mar is fearrde agus is miride agus is cirtede an luacháil í roinnt ar mhórán daoine. Duine dá innsint an mó earra de gach sórt atá ann; duine eile do chur na dtuairisgí sin ar pháipéar; duine eile do chur a luach leó do réir na réamheólas a bhain leó, nó do réir mar a gheóbhthaí ortha ar marga, péaca luach dob' ísle; duine eile dá suimiú; agus duine eile fós dhá léigheamh, dá gceartú. Agus, 'na theannta san, níor mhór do gach duine go raibh páirt aige 'san obair a ainm do chur le pé sgríbhinn a dhein sé. Gach réamheólas a bhainfeadh leis na hearraíbh dá luacháil, níor mhór é bheith ar láimh i dtreó go ndéanfí an obair 'sa cheart, agus aon earraí nár cuireadh innsint 'na dtaobh ins na leabhraibh toisg gan an réamheólas do shroisint chun naile, níor cheart iad do luadh ins an luacháil. Ach, ar an dtaobh eile, dá dtagadh an réamheólas agus gan na hearraí do bheith ar láimh fós, ba cheart na hearraí sin do luacháil mar "earraí ar bóthar" agus iad d'áireamh ar an stór earraí ar láimh. Mar an gcéadna, aon earraí ar láimh le linn na luachála, ach iad do bheith díolta cheana féin le daoinibh áirithe, níor mhór aireachas do thabhairt ar gan iad d'áireamh ar an stór earraí ag an dtiúsgalaidhe. Agus ag an am gcéadna; aon earraí a bheadh ag an mbóthar iarainn, nó ages na dugaíbh, nó ar stór fé bhannaíbh, níor mhór féachaint chuige go raibh an réamheólas ortha ins na prímhleabhraibh innsinte agus gur cuireadh síos 'na dtaobh aon chostais fé leith a bhain leó go dtí sin. Dímeas na nAcfuinn mBuan. 59. Baineann obair mar sin leis an Acfuinn bhuan leis, mar níl aon rud, dá bhuaine, ná tagann caitheamh air. Agus ní taise do'n Trosgán ná dos na Córachaibh a bhaineann le tiúgsal. Ní foláir do'n tiúsgalaidhe an caitheamh san do chúiteamh le hoiread áirithe fé'n gcéad do bhaint de luach na nacfuinn i naghaidh na bliana, i dtreó, nuair a bhíonn siad "i ndeire a nanama," gan mhaith gan bhrigh, ná luighfidh a nathbhunú ar aon bhliain amháin fé leith ach gurab amhlaidh a dhíolfaidh gach bliain fé leith as an gcaitheamh a tháinig ar na córachaibh oibre le linn na bliana sin. "Dímheas," a tugtar ar an luigheadú luacha san a dheineann an tiúsgalaidhe ar na hacfuinníbh i naghaidh na bliana. Is sofheicse do chách an caitheamh agus an cur ar neamhní sin do bheith ag luighe anuas ar chóracaib i gcomhnuidhe, péaca beag mór é. An gluaisteán a ceannuightear i dtosach na bliana chun earraí dh'iomchar ó áit go háit, ní féidir a rádh i ndeire na bliana go bhfuil sé chomh luachmhar an uair sin agus do bhí, nuair a ceannuigheadh é. Mar sin, chun fírinne sgéil na hacfuinne age tiúsgalaidhe d'innsint - agus siné bun agus bárr na cúntaisíochta, agus fios fátha a sgéil go léir - ní foláir oiread áirithe a bhaint dá luach tosaigh mar gheall ar an obair a baineadh as lc linn na bliana. Is amhlaidh sin do gach cóir eile a dh'úsáidthear chun gnóthaí an tiúsgail do dhéanamh. Ach ní mar a chéile an caitheamh a bhíonn ar gach cóir. Is sia an saoghal a bhíonn ag cuid aca ná mar a bhíonn ag cuid eile. Ó'n dtaithighe fhada atá ag lucht tiúsgail ar a leithéidíbh, tá oiread áirithe dímheasa socair aca le baint de gach cóir oibre do réir mar is fios dóibh cad é an caitheamh agus an cur ar neamhní a thagann air i ndiaidh a chéile ó'n síormheilt, de Throsgán; Fearaistí is Meaisíní;Bithdhílis Foirgneamh; Innil is Coirí; ach is é dlighe is fearr a leanúint ná an dímheas do chomháireamh do réir saoghail na córach oibre. Módha an Dímeasa. 60. Tá a ceathair nó a chúig de shlighte ar a ndeintear an dímheas so adeirim: (a) Oiread áirithe fé'n gcéad dá luach bhunaidh do bhaint de luach córach i naghaidh na bliana, i dtreó, i gcionn tréimhse áirithe, nuair a bheadh saoghal na córach caithte, go mbeadh a luach ar ncamhní nó geall leis. Seo samhlaíd ar an médh san dímheasa: Meaisíní do ceannuigheadh i dtosach na bliana 1914, agus do comhairigheadh go mairfidís go ceann deich mblian. Mar sin, do socaruigheadh ar 10% dá luach bhunaidh do bhaint dá luach i naghaidh na bliana. Seo mar a taisbeánfí a chúntas san 'sa leabhar Mhór: An Leabhar Mór. Cúntas na Meaisíní Ó Chts. Airgid Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuighlach anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuighlach anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Agus mar sin dó go mbeadh luach na meaisíní ídighthe. 61. (b) I ninead an mhéid chéadna do bhaint de luach ne córach i naghaidh bliana, oiread áirithe fé'n gcéad do bhaint de luach na córach fé mar a bheadh an chóir féin dá chaitheamh agus ag dul ar neamhní. Dá mba ar an gcuma san a déanfí dímheas ar na meaisíní úd a ceannuigheadh ar, go raibh saoghal deich mblian ionta do réir lucht an tiúsgail, seo mar a bheadh an cúntas 'sa Leabhar Mhór. Cúntas na Meaisíní Ó Chts. Airgid Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Agus mar sin dó go dtí ná beadh de luach ar na meaisíníbh ach a luach mar sheaniarann. 62. (c) Tá slighe eile chun dímheasa dh'áireamh, ach ní gnáth é dh'úsáid i dtaobh córacha oibre, ach curtar i bhfeidhm é, nuair is mian cur i gcóir léas do dhul as le himtheacht aimsire. Is amhlaidh a deintear amach ó tháibhlíbh lucht áirimh cad é an méid nach mór a bhaint de luach an léis i naghaidh na bliana taréis suim áirithe úis do chur le luach an léis do réir mar a bíonn sé ag dul i míluachmhaire. 63. (d) Curtar ar breis lasmuigh de'n ghnó féin oiread agus a baintear mar dhímheas de luach na córach i naghaidh na bliana, i dtreó, nuair a bhíonn luach na córach féin ar neamhní, go mbeidh oireadh eile saothruighthe ag an méid ar breis agus a cheannóchaidh cóir nuadh ar a chomhluach. 64. (e) Nó deintear urús ar an gcóir i dtreó nuair a bheidh a luach ar neamhní i ndeire a shaoghail go mbeidh oiread eile le fághail as an urús. CEISTEANNA. 1. Cathain ba cheart do'n tiúsgalaidhe na hearraí ar stór aige do luacháil? 2. Cad é an luach ba cheart dó chur ortha? 3. Cá bhfaghaidh sé eólas ar cad a thug sé ortha? 4. Conus ba cheart an luacháil do dhéanamh? 5. Nuair a bhí tiúsgalaidhe ag áireamh a stóir earraí lá Coille, 1914, do chuir sé luach a gceannuighthe ortha agus do bhain sé 5 fé'n gcéad dá luach go léir i naghaidh a raibh díobh caithte seanda. An bhliain 'na dhiaidh sin, nuair a bhí sé ghá náireamh arís, níor dhein sé aon allúntas i gcóir an dímheasa. Cad é an éifeacht a bheadh aige sin ar Shochar na bliana? 6. Nuair a bhí ceannuidhe ag áireamh a stóir earraí i ndeire na bliana, do b'é a dhearmhad luach dá earraíbh a shágaint gan áireamh. Cad é an éifeacht a bheadh ag an ndearmhad san ar na cúntasaíbh a bhí aige dhá ullmhú? 7. Cá gádh an stór earraí d'áireamh i naon chor, dar leat? Innis cuid dcs na hiarsmaíbh a leanann (a) an stór earraí do luacháil thar a luach agus (b) an stór earraí do luacháil fé bhun a luacha, le linn an stóir d'áireamh? 8. An mó slighe ar a ndeintear dímheas ar chórachaibh gnótha? Tabhair do mheas ar gach ceann aca. CLEACHTADH. (Dímheas ar Mheaisínibh, agus rl.) 1. Lá Coille 'sa bhliain 1914 do ceannuigheadh Meaisíní ar. Do baineadh mar dhímheas dá luach go ceann cheithre mblian de' n luach bhunaidh. Do caitheadh ansan ar fheabhas do chur leis na seanmheaisíníbh, agus ar feadh trí mblian 'na dhiaidh sin, do baineadh díobh mar dhímheas dá luach i naghaidh na bliana do réir mar bhí sé ag luighdiú. Do díoladh na meaisíní ansan ar. Taisbeán Cúntas na Meaisíní mar a bheadh sé 'sa Leabhar Mhór. 2. Do cheannuigh tiúsgalaidhe meaisíní an chéad lá d'Eanair, 1900 ar; an chéad lá d'Iúl 'sa bhliain 1901 do cheannuig sé meaisíní nuadha ar; agus an lá deiridh de'n bhliain sin do dhíol sé ar meaisíní gur thug sé ortha lá Coille 1900. An chéad lá d'Abrán 'sa bhliain 1902, cheannuigh sé meaisíní nuadha arís ar, agus do dhíol sé, an chéad lá de Mheadhon Foghmhair 'sa bhliain 1903, ar meaisíní gur thug sé ortha an chéad lá d'Iúl, 1901. Gach bliain do dheineadh sé dímheas ar na meaisíníbh i ndeire na bliana ar ráta 5 fé'n gcéad de'n luach bhunaidh. I ndeire na bliana 1904, tháinig sé ar mhalairt aigne, agus dhein sé dul siar ar chúntas na Meaisíní, agus i ninead oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh a bhaint dá luach i naghaidh na bliana mar dhímheas, do shocruigh sé ar fé'n gcéad do bhaint dá luach i naghaidh na bliana do réir mar a bhí a luach ag luighdiú. Dein an dá chúntas do sgríobhadh ag taisbeáint na difríochta eatortha. 3. Clódóirí a cheannuigh trí cinn de mheaisíníbh clóbhuailt ar an ceann. Adubhradh leó go mairfeadh na meaisíní go ceann deich mblian ach aireachas thabhairt dóibh agus féachaint chucha go maith a tugtar ar a leithéidíbh de mheaisíníbh i gcionn deich mblian. Abair dhá shlighe 'nar bhFhéidir cur i gcóir caitheamh na meaisíní, agus abair ciaca slighe dhíobh dob' fhearr leatsa agus cad 'na thaobh. 4. Fear a cheannuigh gluaisteán niór chun ualaighe dh'iomchar, an chéad lá de'n bhliain 1923, ar mhíle púnt. Dubhairt fear eólgaiseach leis ná beadh aon mhaith ann chun a ghnótha i gcionn Cheithre mblian agus gur dhócha ná faghfí ach cheithre chéad púnt air an uair sin. Tabhair dhá shlighe 'na gcuirfí i gcóir na huaire sin, agus abair ciaca ceann díobh a mholfá-sa do'n fhear do cheannuigh an gluaisteán. 5. Tabhair innsint ins an Leabhar Chonganta ar an nDímheas do deineadh mar so: 5 fé'n gcéad ar mheaisíní is feairistí, fé'n gcéad ar Úirlisíbh, agus 5 fé'n gcéad ar Trosgán Oifige. 6. Lá Coille 'sa bhliain 1921, do chuir Muinntir Chearbhaill is a gCuid. Feairistí nuadha 'na monarchain ar ar thugadar Do mhairfeadh na feairistí sin go ceann deich mblian, dar leó. Lá Coille, 1922, d'íocadar ar a thuille feairistí, agus do cuireadh meaisíní eile i náirde lá Coille, 1923, ar ar tugadh. Taisbeáin Cúntas na Meaisíní is na bhFeairistí agus Cúntas an Dímheasa ag an gCuideachtain i gcóir na dtrí mblian san, do réir: (a) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh. (b) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach i dtosach bliana do bhaint mar dímeas ar luach na córach i naghaidh na bliana. Abair ciaca ceann is fearr, dar leat, agus cad 'na thaobh. 65. Ins na cúntaisibh ceathteachais is cúitimh, curtar gach caithteachas a luigheann ar lucht an tiúsgail leis an ngnó do choimeád ar siubhal mar atá: Drochfhiacha, Ús ar Ghustal, locáistí a leigtear leis na daoinibh a íocann airgead le lucht an tiúsgail. Bíonn cúntas fé leith i gcóir gach ní díobh sin. Ar thaobh na bhFaltas a cúrtar gach caithteachas, agus ar thaobh na ndíoluíocht curtar gach cúiteamh. 66. Seo samhlaíd air sin: Cúntas na locáistí do réir leabhair an Airgid (§ 20). Tá cúntais na bPearsan ann leis d'fhonn an dá innsint ins gach cás do thaisbeáint: Cúntas na Locáistí. Ó Mhac Gabhan L/A Le Mac Énna Le Ó hUiginn Cúntas Thomáis Mhic Ghabhann Le hAirgead Le Locáiste Cúntas Eóin Mhic Énna Ó Bangc Ó Locáiste Cúntas Shéamuis Uí Uiginn Ó'n mBangc Ó'n Locáiste Gheibhtear eólas ar na caithteachais sin. Leabhar an Airgid nó ins an Leabhar COnganta. Gach beart is muirear ar an ngnó, curtar ar thaobh na bhfáltas ina chúntas cheart féin é, agus gach beart is cúiteamh, mar atá, ús ar fhiachaibh, curtar ar thaobh na ndíoluíocht ina chuntas cheart féin é. 67. Samhlaíd ar Chúntas na nDrochfhiacha agus ar gach Chúntas a ghabhann leis: Díoladh luach d'earraíbh le hEóin Mac Tomáis, agus 'na dhiaidh sin do chuaidh dá acfuinn agus níor fhéad sé ach fé'n bpúnt d'íoc. Do cuirfí an phrímhinnsint ar seic na nearraí i Leabhar na Reac. Do bheadh cúntas ar na drochfhiachaibh 'sa Leabhar Chonganta mar atá age § 39. Seo mar a bheadh na bearta san ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór agus i Leabhar an Airgid. Leabhar an Airgid. An Oifig Ó É. Mhac Tomáis Cúntas na nEarraí Le E. Mac Tomáis. Cúntas Eóin Mhic Thomáis. Ó na hEarraíbh Le hAirgead Le Drochfhiacha Cúntas na nDrochfhiacha Ó E. Mhac Thomáis. Glaoidhte agus Íocaíochtaí roimhré. 68. Sar a ndeintear na cúntais do dhúnadh ná Riaradh na bhFuighlach (§ 78) do dhéanamh, ní foláir féachaint chuige, aon chaithteachas ba cheart a chur 'na mhuirir ar shochar na tréimhse, ná himtheóchadh sé ó'n áireamh; agus, ar an dtaobh eile, aon airgead do híocfaí i rith na tréimhse, gan ach an méid de do bhain le caithteachas na tréimhse sin do chur mar mhuirir ar shochar na tréimhse. Siúd é an t-urús, cuir i geás. Sin íocaíocht a deintear roimhré i gcomhnuidhe; ach, má 'seadh, níor chóir an íocaíocht go léir do chur mar mhuirir ar an dtréimhse 'nar íocadh í, ach a cuid féin do chur ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna do'n chíos, má íocthar roimhré é. Agus ar an dtaobh eile, ní íocthar págh an lucht oibre go deire seachtmhaine agus b'fhéidir go ráineóchadh roinnt lá oibre curtha isteach ages na fearaibh agus b'shin deire na bliana caithte; agus níor cheart cuid na tréimhse caithte do chur ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna dos na Sraithibh, agus do'n íocaíocht a Solus Geasa nó a Solus Aibhlighe. Do bheadh na caithteachais sin ag glaodhach ar an lucht gnótha i ndeire na tréimhse agus ní íocfaí iad go ceann tamaill 'na dhiaidh sin, péaca fada gairid é. Ní foláir do lucht tiúsgail innsint do dh éanamh ar na híocaíochtaíbh sin roimhré agus ar na glaoidhtibh, mar an gcéadna, ins an Leabhar Conganta, agus ansan cúntais do choimeád ortha ins an Leabhar Mhór. Samhlaídí (a) Glaoidhte. 69. I ndeire na bliana 1923, sar ar dúnadh na leabhair, do bhí na glaoidhte seo ar Séamus Ó Briain: Cíos leithbhliana; págh an lucht Óibre; Cúntas an tSoluis Aibhlighe. Seo mar tugtar innsint ar na glaoidhtibh sin ins an Leabhar Chonganta uaireanta: Cúntas an Chíosa (1923) óCúntas an Chíosa (1924) Págh an Lucht Oibre (1923) ó Phágh an Lucht Oibre (1924) Cúntas an tSoluis Aibhlighe (1923) óChts. an tSoluis Aibhlighe (1924) Seo mar a bheadh na cúntais sin 'sa leabhar mór: Cúntas pagh an lucht oibre. 1923 Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid 31 Ó Ghlaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Cúntas an chíosa. Meith. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Ghlaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Cúntas an tSoluis Aibhlighe. 1923 Márta, 31 Ó Chts. an Airgid. Meith. 30 Ó Chts. an Airgid. M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid. Nlg. 31 Ó Glaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Taisbeántar na Glaoidhte sin, na fuighlaigh díoluíachta i gCúntasaíbh na gCostas Gnótha i gClár na bhFuighlach ar na Fiachaisíbh. Ar ball, nuair a díoltar an págh, nó an cíos, curtar an íocaíocht airgid ar thaobh na bhFáltas ina chúntas cheart féin, agus glantar "an glaodhach anuas." Samhlaíd (b) Íocaíocht roimh ré. 70. Do díoladh Urús i gcóir bliana, roimh ré, 30/9/23 Seo mar a táisbeábfaí sin 'sa Leabhar Chonganta: Cts. an Urúis (1924) ó Chts. an Urúís (1923) Agus sidé an cúntas a bhéadh ar an roimhíoc 'sa Leabhar Mhór: Cúntas an Urúis. 1923 M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid 1924 Ean. 1 Ó Roimhíoc anuas 1923 Nlg. 31 Le Roimhíoc síos 31 Le Chts Sochair agus Dochair Taisbeántar an roimhíoc san, an Fuighlach fáltais i gCts. an Urúis, i gClár na bhFuighlach ar an Acfuinn. Ar ball, nuair a bhíonn sé an Urúis Istigh, bíonn an innsint ann i bhfiadhnaise íochtha an airgid roimh ré. 71. Uaireanta i ninead na nglaoidhte agus na roimhíoc do thaisbeáint mar sin is amhlaidh a deintear cúntas nuadh amach, "Cúntas Coinne," agus tugtar innsint ar na glaoidhtibh agus ar na híocaíochtaíbh roimh ré mar seo 'sa Leabhar Chonganta? 72. (a) Glaoidhte (Feic na samhlaídí i nalt 69). Cúntas an Chíosa Págh an Lucht Oibre Cúntas an tSoluis Aibhlighe. ó Chúntas Coinne Glaoidhte (b) Íocaíocht roimh ré (Féach an tsamhlaíd i nalt 70) Cúntas Coinne Roimhíoc ó Chts. an Urúis Agus seo mar a bheadh cúntas ortha ins an Leabhar Mhór: Cúntas an Chíosa. 1923 Meith. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Chts. Coinne Glaoidhte 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair. Cúntas Págh an Lucht Oibre 1923 Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid 31 Ó Chts, Coinne Glaoidhte. 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair Dochair. Cúntas an tSoluis Aibhlighe. 1923 Márta. 31 Ó Chts. an Airgid Meith. 30 Ó Chts. an Airgid M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Chts. an Coinne Glaoidhte 1923 Nlg. 31 Le Sochair agus Dochair Cúntas COinne Glaoidhte 1923. Nlg. 31 Ó Fuighlach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. an Chíosa 31 Le Cts. Págh an Lucht Oibre 31 Le Cts. an tSoluis Aibhlighe Ean. 1924 1 Le Fuighlach anuas Cúntas an Urúis 1923 M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airigid 1923 Nlg. 31 Le Cts. COinne Roimhíoc 31 Le Cts. Sochair agus Dochair. Cúntas Coinne Roimhíoc 1923 Nlg. 31 Ó Chts Urúis 1924 Ean. 1 Ó Fuighlach anuas 1923 Nlg. 31 Le Fuiglach síos 73. Ar ball, nuair a híocthar an Cíos agus págh an lucht oibre, agus rl., curtar an t-airgead ar thaobh na ndíoluíacht i Leabhar an Airgid, agus an dara innsint ar an íocaíocht ar thaobh na bhFáltas ins an Chúntas Choinne Ghlaoidhte. Nuair a bhíonn ré an Urúis, do híocadh roimh ré, caithte, curtar innsint air mar seo 'sa Leabhar Chonganta: Cúntas an Urúis Fls. ó Chts. Coinne Roimhíoch. Agus ansan curtar an dá innsint ins an dá chúntas san 'sa Leabhar Mhór. Is fearr agus is saoráidighe go mór an dara modh chun cuimhne choimeád ar ghlaoidhtibh is ar íocaíochtaíbh roimh ré, agus is é is ionmholta. Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha agus rl. 74. Tá neithe eile, mar sin, nach foláir cuimhne coimeád ortha agus cur 'na gcóir. Mar atá: drochfhiacha, locáistí a leigtear leis na daoinibh go bhfuil fiacha ortha ag an lucht gnótha, agus na locáistí a leigtear le lucht an ghnótha féin. Mar a dubhradh cheana, "is mairg doghní deimhin dá dhóchas," agus i ndeire tréimhse, nuair a bhíonn lucht gnótha ag luacháil na nearraí ar stór aca, agus ag ullmhúchán i gcóir Clár na bhFuighlach do thaisbeáint, níor mhór dóibh na fiacha atá aca do sgrúdadh agus d'infhiúchadh go maith ar eagla go n-áireóchaidís drochfhiacha ar a nAcfuinn. Dálta luachála na nEarraí (§ 57) is fearr bheith ar thaobh na fothana i dtaobh na bhfiacha leis, agus roinnt áirithe dhíobh do chur ar leathtaoibh mar dhrochfhiachaibh. Oiread áirithe fé'n gcéad do bhaint díobh mar bhunchúil i gcoinnibh drochfhiacha. 75. Samhlaíd. 1905. Ean. 1 Do bhí bunchúil i gcoinne Drochfhiacha, i leabhraibh Mhuinntir Bhriain. Nlg. 31 Drochfhiacha i rith na bliana. 31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó go dtaisbeánfadh sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad des na fiachaibh aca. 1906. Nlg. 31 I rith na bliana sin do bhí Drochfhiacha. 31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó gur thaisbeáin sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad des na fiachaibh aca. Déanfí innsint ar na neithibh sin ar dtúis ins an Leabhar Conganta mar seo: An Leabhar Conganta ag Muinntir Bhriain Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha Ó Chts. na nDrochfhiacha (Aistriú Fuighlaigh an bhunchúil) Cts. na nDrochfhiacha ó Fhiachaibh againn (Drochfhiacha thárla i rith na bliana) Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha (an méid a cuireadh ar leathtaoibh i gcoinne Drochfhiaca.) Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na nDrochfhiacha (Aistriú fuighlaigh Chts. na nDrochfhiacha) Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha ó Cts. na nDrochfhiacha Cts. na nDrochfhiacha ó Fhiachaibh againn Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na nDrochfhiacha. Agus ansan 'sa Leabhar Mhór mar seo: Cúntas an Bhunchúil i gcoinne drochfhiacha Nlg. 31 Ó Cúntas na nDrochfhiacha Ó Fuighlach síos Ó Chts. na nDrochfhiacha Ean. Le Fuighlach anuas Le Cts. Drochfhiacha Le Fuighlach anuas Le Cts. Drochfhiacha. Ó Fhiachaibh againn Ó Chts. an bhunchúil Ó Fhiachaibh againn Ó Chts. an bhunchúil Le Cts. an bhunchúil Le Cts. Sochair agus Dochair Le Cts. an bhunchúil Le Cts. Sochair agus Dochair Cúntas Sochair agus Dochair Ó Chts na nDrochfhiacha Ó Chts na nDrochfhiacha Nó tabharfí láninnsint ar conus do tánathas ar an ndochar go léir 'na dtaobh mar seo:Cúntas Sochair agus Dochair, 1905 ó Chts. na ndrochfhiacha móide Bunchúil Lughaide bunchúil, 1/1/'05 76. Bíodh gur fuighlach díoluíachta fuighlach an bhunchúil i gcoinne Drochfhiacha, agus gur ar measg na bhfuighlach ndíoluíachta a bheadh sé ar Riaradh na bhfuighlach, ní ar thaobh na bhFiacaisí a taisbeánfí é i gClár na bhfuighlach; ach is amhlaidh a bainfí ó shuim na bhFiacha a bheadh ag an lucht gnótha. Mar seo a taisbeáinfí i gClár na bhFuighlach age Muinntir Bhriain iad i ndeire na bliana 1905, féach: Fiacha againn Lughaide Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha Agus mar seo i ndeire na bliana 1906: Fiacha againn Lughaide Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha 77. Deintear Cúntas an Bhunchúil i gcoinne locáistí amach ar an gcuma gcéadna, má's gádh é dhéanamh amach; agus taisbeántar ins an Chlár Fuighlach é ar an gcuma gcéadna leis. An bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le daoinibh eile do bhaint ó shuim na bhfiacha ag an lucht gnótha, agus an bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le lucht an gnótha féin do bhaint de shuim na bhfiacha ortha. Ceisteanna 1. Uaireanta do chífí "cúntas Coinne" ar Chlár na bhfuighlach age lucht Gnótha. Cad é an bhrigh atá leis an gcúntas san, dar leat? 2. Conus a thaisbeánfadh tiúsgalaidhe na glaoidhte a bheadh air le linn na gcúntas do dhúnadh i ndeire tréimhse? 3. Dá mbeadh B/F age tiúsgalaidhe malartuighthe ar locáiste roimh tráth a níoctha le linn Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach, agus nár taisbeánadh san ann, cad nár mhór a dhéanamh, dar leatsa, chun gach ní i dtaobh an tiúsgail do thaisbeáint 'na cheart? 4. Tiúsgalaidhe go raibh fiacha amuigh aige ar dhaoinibh eile, agus gur mhian leis bunchúil i gcoinne Drochfhiacha a dhéanamh ar ráta 5 fé'n gcéad des na fiachaibh amuigh aige, taisbeáin an innsint do déanfí air 'sa Leabhar Conganta? 5. Fiacha a bhí age Muinntir Laoghaire ar Sheán Ó Dhrisceóil agus do chuaidh de acfuinn Sheáin i dtreó gur chúitigh Muinntir Laoghaire na Drochfhiacha leis an mbunchúil i gcoinne Drochfhiacha a bhí aca. Ach bliain 'na dhiaidh sin, d'íoc Seán fé'n bpúnt dá ghiachaibh. Taisbeáin an innsint a bheadh i leabhraibh Laoghaire ar an bhfáltas airgid ó Sheán Ó Dhriseeóil. 6. Cad chuige "Cúntas bunchúil i gcoinne Drochfhiacha"? Taisbeáin cad é an éifeacht a bheadh ar a leithéid de Chúntas ages na neithibh seo síos: 1920. Ean. 1 Fuighlach 'sa Chúntas bunchúil i gcoinne Drochfhiacha. Drochfhiacha a thárla i rith na bliana darab deire 31/12/1920. Do socaruigheadh an fuighlach 'sa Chúntas bhunchúil do bheith chomh hárd le 5 fé'n gcéad des na Fiachaibh amuigh, na Fiacha san 31/12/20. 7. 'sa bhliain an cíos atá ar thigh ghnótha agus é le híoc dhá uair 'sa bhliain, 30/6 agus 31/12. Do híocadh cíos na leathbhliana roimhe sin an cúigmhadh lá d'Iúl, ach nuair do bhítheas ag déanamh Clár na bhFuighlach amach i ndeire na hliana, 31/12, ní raibh cíos na leathbhliana roimhe sin íoctha. Táisbeáin conus a bheadh Cúntas an Chíosa taréis Clár na bhFuighlach mar a bhí an t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag. 8. I ndeire na bliana do bhí d'fhiachaibh amuigh age lucht gnótha, agus ó bhí na ndrochfhiachaibh aca i rith na bliana sin do cheapadar bunchúil i gcoinne drochfhiacha do dhéanamh ar ráta 5% des na fiachaibh aca. Taisbeáin na hinnsintí do bheadh air sin sa Leabhar Chonganta, sa Leabhar Mhór, sa Chúntas Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach. Na Buillí Sguir. Riaradh na bhFuighlach. 78. Nuair a bhíonn na cúntais go léir 'sa Leabhar Mhór lán, 'sé sin, nuair a bhíonn gach beart do luadhadh i leabhraibh na prímhinnsinte curtha isteach ina gcúntasaíbh cearta féin, 'sa Leabhar Mhór, deintear ceart na hoibre do fhromhadh leis na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh do chur i gcoinnibh a chéile, na fuighlaigh fáltais ar thaobh agus na fuighlaigh díoluíachta ar an dtaobh eile. (Nuair is mó na fáltais ná na díoluíachta i gcúntas, tugtar fuighlach fáltais ar an difríocht idir an dá thaobh. Nuair is mó taobh na ndíoluíacht, tugtar fuighlach díoluíachta ar an ndifríocht.) Mar a dubhradh cheana, do réir dlighe an dá innsint, bíonn gach beart ar thaobh na bhfáltas i gcúntas agus ar thaobh na ndíoluíacht i gcúntas eile. Dá bhrigh sin, má bhíonn suim an dá shaghas fuighlaigh ar cothrom, sin comhartha gur deineadh an dá innsint ar gach beart, do réir an dlighe sin. 79. Sidé anso síos Riaradh na bhFuighlach a bhí i Leabhraibh Sheáin Uí Néill an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain 1919. 1. Stór Earraí 1. Gustal Sheáin Uí Néill 31. Ceannaigh agus Reaca 31. Aisig isteach agus amach 31. Iomchar Earraí 31. Tuarasdail agus Págh 31. Iolchaithteachais 31. Cíos agus Sraithe 31. Ús a fuaradh 31. Locáistí 31. Tighthe 31. Páipéar sgríobhtha agus Clódóireacht 31. Airgead 'sa Bhangc 31. Airgead ar taisce 31. Fiacha Ceartú na dTuathal. 80. "Taréis chítear gach beart," adeir an seanfhocal, agus, mar sin, ní mór togha an aireachais do thabhairt "ó thúis an chluiche go deire na sgríbe" ins an obair seo na cúntaisíochta, mar cailltear a lán ama ag iarraidh na dtuathal d'aimsiú nuair a gheibhtear amach ó Riaradh na bhFuighlach go bhfuilid ann. Seo síos roinnt des na tuathalaibh do b'fhéidir a dhéanamh amach ó Riaradh na bhFuighlach: (a) Faillighe do thabhairt i mbeart do chur ó Leabhar an Airgid isteach 'sa chúntas eile a ghabhann leis 'sa Leabhar Mhór; mar seo, cuir i gcás: Fáltas ó Sheán Ó Gallchobhair i Leabhar an Airgid agus gan aon innsint air i gCúntas Sheáin Uí Ghallchobhair. Ní bheadh le déanamh ach an cúntas do thabhairt air, mar seo: le Cts. an Airgid. (b) Innsint ar bheart do chur ar an dtaobh tuathail de chúntas, mar atá: Ceannach luach d'earraíbh do bheith i Leabhar na gCeannach agus ar an dtaobh cheart de Chuntas na nEarraí nó de Chúntas na gCeannach, ach é do chur ar thaobh na bhFáltas de chúntas an duine ó nar ceannuigheadh iad. Ní bheadh le déanamh ach innsint mar seo do chur ar thaobh na ndíoluíacht: le fáltas tuathail agus ansan an innsint cheart do chur síos mar seo: le hEarraíbh. (c) An suim airgid do chur síos go neamhcheart i gcúntas taréis é bheith 'na cheart i Leabhar an Airgid nó i naon leabhar nó cúntas eile, mar atá: Fáltas ó Dhiarmuid Mhac Chormaic i Leabhar an Airgid do chur síos mar i gcúntas Dhiarmuda féin. Ní bheadh le déanamh ach innsint mar seo do chur síos ar thaobh na bhfáltas 'na chúntas: le díoluíacht tuathail agus ansan an innsint cheart do chur síos: Le hAirgead (d) Dhá innsint do dhéanamh ar an mbeart chéadna 'sa chúntas, mar atá: Díoluíacht Chíosa, do chur síos dhá uair ar thaobh na bhFáltas i gcúntas an Chíosa. Ní bheadh le déanamh ach innsint do chur síos ar thaobh na ndíoluíacht i gCúntas an Chíosa, mar seo: Le fáltas tuathail. N.B. - Ní gádh dul i muinighin an Leabhair Chonganta chun a leithéidí siúd de thuathalaibh do cheartú. Ceartú Tuathal leis an Leabhar Conganta. 81. Ach ní fromhadh críochnuighthe ar fhírinne na gcúntas Riaradh na bhFuighlach, mar dob' fhéidir dearmaidh agus tuathail do dhéanamh i sgríobhadh na gcúntas ná haimseochadh an Riaradh i noan chór. Mar sin ní foláir dúbailt aireachais ó thosach. Seo roinnt des na tuathalaibh a raghadh de'n Riaradh a thaisbeáint: (a) suim airgid do chur 'sa chúntas tuathail; (b) iomrall áirimh do dhéanamh i sgríobhadh na bhfigiúirí; (c) cúpla tuathal a dhéanamh a chúiteóchadh le chéíle, mar atá; i ninead do chur i gcúntas, agus i ninead do chur i gcúntas eile. Ní foláir dul i muinnghin an Leabhar Chonganta chun gach tuathal de'n tsórt sin do thaisbeáint agus ansan nuadhinnsint do dhéanamh ins na cúntasaibh cearta as an Leabhar Chonganta. Samhlaídí. 82. Le linn na bhfuighlach do riaradh, cítear gur deineadh na tuathail seo: (a) a díoladh ar Throsgán 'san Oifig, cuireadh i gCúntas na gCaithteachas é; (b) Ceannuigheadh luach d'earraibh ó Mhuinntir Dhuibhir do réir Réamheóluis 3/2/23, agus ní raibh aon chúntas ortha ins na leabhraibh; (c) Seic a fuaradh ó Dhiarmuid Mhac Chormaic agus cuireadh síos ins na cúntasaibh; (d) do híocadh mar chíos tighe chómhnuighthe an tiúsgalaidhe agus do cuireadh síos i gCúntas an Cíosa é. An Leabhar Conganta. Cúntas an Trosgán ó Chúntas na gCostas Bshin airgead a cuireadh i leith ne gCostas tré dhearmad Cúntas na gCeannach ó Chúntas Mhuinntir Dhuibhir Faillighe a tugadh 'sa beart san do chur ins na leabhraibh, Réamheólas 3/2/23. Cúntas an Airgid ó Chuntas Dhiarmuda Mhic Chormaic a cuireadh isteach ins na leabhraibh i ninead. Cúntas na dTarrac ó Chúntas na gCostas Cíos an tighe chomhnuighthe do cuireadh síos mar Chostas an Ghnótha. Cleachtadh. Ní foláir a innsint i dtaobh gach dearmhaid is tuathail díobh so síos conus a ceartófí é 'sa Leabhar Chonganta agus 'na chúntas cheart féin, agus cad í an éifeacht a bheadh aige ar Shochar an Ghnótha agus ar Chlár Fuighlach an Ghnótha 'nar deineadh gach tuathal díobh. 1. do chur i gCts. na gCeannach i ninead a bhí i Leabhar na gCeannach. 2. do híocadh mar chíos tighe chómhnuidhte an tiúsgalaidhe do chur síos i gcúntas na nIolchaithteachas. 3. Fáltas ó Chormac Mhac Chárthaigh i Leabhar an Airgid, agus gan aon luadh air i gCts. Chormaic féin. 4. Tugadh mar bhreis ghustail do'n ghnó i rith na bliana ó'n dtiúsgalaidhe féin, Seán Ó Séaghdha, ach do cuireadh innsint air i leabhar an Airgid, mar a bheadh fáltas ó Sheán Ó Shéaghdha agus a chlann mhac. 5. Deineadh dearmhadh ar luach d'earraíbh do chomhaireamh ar na hearraíbh ar stór age tiúsgalaidhe. 6. Do cuireadh síos i Leabhar na gCeannach luach de Throsgán a cheannuigh an tiúsgalaidhe i gcóir a thighe chomhnuidhthe féin. 7. Do cuireadh mar luach ar na hearra bh, luach a bhí 20% ní b'aoirde ná mar a tugadh ortha. 8. Do cuireadh síos i Leabhar na Reac stórais leis an dtiúsgalaidhe féin dob' fhiú. 9. Bhain an tiúsgalaidhe luach d'earraíbh as a shiopa i rith na bliana leahghaidh a líntighe féin agus níor deineadh aon innsint ortha ins na leabhraibh. 10. Tá fiacha mar gheall ar phágh do'n lucht oibre, agus fiacha mar gheall ar Urús, ar an ngnó. 11. Do cuireadh earraí thar nais ó Philib Ó Cobhthaigh a luach, agus gan aon luadh ortha ins na leabhraibh. 12. Do híocadh Tuarasdail agus do cuireadh i gCts. na Sraithe é. 13. Do díoladh luach d'earraibh le Seán Mac Gabhann agus do cuireadh luadh air i gCts. na gCaithteachas. 14. Fáltas Airgid, ó Liam Brún, agus a cuireadh síos. 15. do híocadh mar gheall ar Chaithteachas Gnótha, agus do cuireadh i gCts. na Cánach é. 16. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos, agus do cuireadh an dara innsint air i gCts. na nIolchaithteachas. 17. Luach a díoladh le Muinntir Fhlannagáin agus cuireadh slos i gCts. Mhuinntir Laoghaire iad. 18. Díoladh luach d'earraíbh le duine agus a cuireadh síos i Leabhar na Reac. 19. Airgead, do bhain an tiúsgalaidhe as an mbangc. dó féin ar leith agus do cuireadh i gCúntas an Tuarasdail é. 20. Deisiúchán a chosain a deineadh ar na meaisíníbh agus do cuireadh i gcúntas na Measíní é. 21. Páipéar sgríobhtha a ceannuigheadh do'n Oifig agus do cuireadh síos i Leabhar na gCeannach é. 22. Aisig amach, luach, a cuireadh síos i leabhar na Reac. 23. Luach d'earraíbh a cuireadh thar nais ó Shéamus Ó Briain agus do comhairigheadh ar na hEarraíbh ar Stór, ach gan aon luadh ortha i Leabhar na nAiseag isteach go dtí an chéad mhí de'n athbhliain. 24. Luach d'earraíbh a díoladh le Seán Mac Coitir do réir Leabhair na Reac, agus a cuireadh síos 'na chúntas. 25. Luach d'earraíbh a ceannuigheadh agus do comhairgheadh ar stór, ach gan aon chúntas ortha ins na leabhraibh. 26. Meaisíní, luach, a díoladh, agus do cuireadh síos i Leabhar an Airgid mar seo: Fáltas ó Earraíbh a díoladh ar airgead síos. Dúnadh na gCúntas. 83. Taréis n a bhfuighlach do riaradh agus na gcúntas is na leabhar go léir do sgrúdadh, agus taréis na ndearmhad is na dtuathal, má bhíodar ann, do cheartú, is féidir cur chun na gcúntas do dhúnadh. Is féidir cúntais na bPearsan do dhúnadh gan a thuille moille. Cúntas na Tráchtála. 84. Sar ar féidir cúntas na nEarraí do dhúnadh, ní foláir na hearraí do luacháil, agus luach stóir na nearraí ar láimh i ndeire na tréimhse do chur ar thaobh na ndíoluíacht, féachaint ciaca praifíd nó cailliúint a tháinig as ceannach is díol na nEarraí (§ 54). Ach, má bhíonn cúntas fé leith i gcóir Stór na nEarraí ar tosach, agus cúntas fé leith i gcóir na nearraí do ceannuigheadh, agus rl. (§ 55), curtar fuighlaigh gach cúntais fé leith dhíobh sin i dteannta a chéile i gCúntas na Tráchtála, na fáltais agus na díoluíachta do bheith mar a bheidís i gCúntas na nEarraí. Ach, i gCúntas na Tráchtála, curtar ar thaobh na bhfáltas gach muirear a dhéanfadh luach na nEarraí do ceannuigheadh a dh'árdú, mar atá: costas iomchair na nearraí isteach chun an tiúsgalaidhe, an cháin a díoltar ar earraí ag teacht isteach ó thíorthaibh iasachta, agus má's adhbhar déantúis na hearraí a ceannuightear, págh an lucht oibre a dheineann an t-adhbhar déantúis ullamh chun a ndíolta taréis iad d'oibriú agus do chríochnú. Ní curtar tuarasdail an thaobh na bhfáltas i naon chor mar is dóichighe go mbainid siad san leis na hearraíbh do chur amach agus do chraobhsgaoileadh. 85. Seo mar a bheadh Cúntas na Tráchtála age Seán Ó Néill do réir na bhfuighlach a bhí na leabhraibh 31/12/19. Luach d'earraíbh a bhí ar stór aige i ndeire na bliana céadna. (Feic § 79.) Chun an chúntais sin na tráchtála do thaisbeáint, is é céad rud nach foláir a dhéanamh ná innsintí do thabhairt 'sa Leabhar Chonganta ar na fuighlachaibh go léir a bhaineann leis na hEarraíbh do chur as a gcúntasaíbh féin istcach i gCúntas na Tráchtála. Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta: Cúntas na Tráchtála ó Chts. an Stóir Tosaigh ó Chts na gCeannach ó Chts na nAiseag Isteach ó Chts an Iomchair ó Chts Tuarasdail agus Págh B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts. na Tráchtála. Cúntas na Reac Cúntas na nAiseag amach Cúntas an Stóir Dheiridh ó Chúntas na Tráchtála B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts. na Tráchtála. Maidir leis na hAisig isteach is na hAisig amach, is fearr iad do bhaint ó luach na nearraí do díoladh agus do ceannuigheadh, i ninead iad do chur ar thaobh na bhfaltas agus ar thaobh na ndíoluíacht, mar 'dh eadh gur ceannaigh agus gur reaca iad ó bhunús, nuair is amhlaidh a diúltuigheadh dóibh mar reaca nó mar ceannaigh, toisg locht éigin a bheith ionnta. Seo mar do bheadh Cúntas na Tráchtála ansan: Ó'n Stóir Earraí Cts. Ceannach Lughaide Aisig amach Ó'n Iomchar isteach Ó'n Págh agus Tuarasdail Praifíd Le Cts. Reac Lughaide Aisig Isteach Leis an Stóir Deiridh. Cúntas Sochair agus Dochair. 86. Curtar chun an Chúntais Sochair agus Dochair do dhéanamh amach ansan le gach muirear ar an ngnó, mar atá: Cíos, Cáin, Sraithe, Ús ar Ghustal, Drocfhiacha, Tuarasdail, agus na hIolchaithteachais eile do chur ar thaobh na bhFáltas agus ar an dtaobh eile aon ní a chuireann le Sochar an ghnótha, mar atá: ús ar fhiachaibh, praifíd Cúntais na Tráchtála, agus rl. Dála Cúntais na Tráchtála, caithtear fuighlaigh chúntas na gcaithteachas do chur isteach ins an Chúntas Sochair agus Dochair, agus innsintí a thabhairt ar an aistriú ins an Leabhar Mhór; curtar Praifíd an Chúntais Tráchtála ins an Chúntas Sochair agus Dochair leis. Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta: An Leabhar Conganta Cúntas Sochair agus Dochair ó Chts, na nIolchaithteachas ó Chts. Cíosa is Sreatha ó Chts Locáistí Leigeadh ó Chts. Clódóireacht, agus rl. B'shin aistriú na bhfuighlach i gCúntasaíbh na gCostas. Cúntas na Tráchtála Cúntas an Úis Cúntas na locáistí fuaradh ó Chúntas Sochair agus Dochair B'shin aistriú na bhfuighlach i gCúntas na Tráchtála agus i gcúntasaíbh na gCúiteamh. Seo mar do bheadh an Cúntas Sochair agus Dochair ansan: Cúntas Sochair agus Dochair. Ó Chts. na nIolchaithteachas Ó Chts. Cíosa is Sreath. Ó Chts. Locáistí Ó Chts. Clódóireacht Le Práifíd Le Cts. an Úis Le Cts. Locáistí Le Dochair. 87. Ní bheadh ach aon chúntas amháin ins an Leabhar Mhór le dúnadh ansan, 'sé sin, Cúntas an Ghustail. An Gustal bunaidh is é bheadh ar thaobh na ndíoluíacht (§ 49). Agus ní eile mar bhreis ghustail a cuirfí 'sa ghnó le linn na tréimhse nó aon trochas a dh'éireóchadh as an ngnó, is ar thaobh na ndíoluíacht a cuirfí iad, ag cur leis an nGustal bhunaidh. Ach, aon ní a bhainfeadh ó'n nGustal mar atá: tarrac airgid nó earraí nó caithteachais phríobháideacha do chur mar mhuirear ar an ngnó féin nó an dochar a thiocfadh as an dtiúsgal le linn na tréimhse, is ar thaobh na bhfáltas a cuirfí é. Dála an dá chúntas eile, Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus Dochair, níor bhfoláir a innsint ins an Leabhar Chonganta ar dtúis conus mar do haistrigheadh fuighlach a chúntas eile isteach i gcúntas an Ghustail leis. Dá bhrigh sin, sidí an innsint a bheadh ar aistriú an Dochair anso go taobh na bhFáltas i gcúntas an Ghustail: Cúntas an Ghustail ó Chts. Sochair agus Dochair Seo mar a bheadh Cúntas an Ghustail ansan: Ó'n nDochar Ó'n bhFuighlach Leis an bhFuigh. 88. Taréis na leabhar do chríochnú mar sin agus na cúntais go léir do dhúnadh is féidir Stáid an Ghnótha do thaisbeáint le Clár na bhFuighlach mar seo. Clár na nbhFuighlach. Do réir mar taisbeánadh i Leabhraibh Sheáin Uí Néill 31/12/1919. Fiachaisí Fiacha air Gustal. Acfuinn Airgead 'sa bhangc Airgead ar Taisce Stór Earraí Tighthe Fiacha aige Nó taisbeántar an Gustal mar seo i gClár na bhFuighlach gan Cúntas an Ghustail féin do bhac: Gustal Lughaide Dochair. 89. Samhlaíd iomlán ar na cúntasaíbh go dtí seo:An chéad lá d'Eanair. 1912, seo mar a bhíothas age Cormac Mac Airt. Airgead 'san Oifig; Airgead 'sa Bhangc, Stór Earraí ar láimh; Fiacha aige ar Aindrias Ó Fhloinn, ar Bhrian Ó Chonaill, ar Chathal Ó Chéin, ar Dhiarmuid Mhac Chormaic, Fiacha air féin age Éamonn Mac Guidhir, age Feidhlim Ó Tuathail. Sid iad na bearta ghnótha dhein sé i rith mí Eanair: Ean. 1. Cuireadh Ús ar fhiachaibh ar A. Ó Floinn 1. Ceannuigheadh Earraí le seic 2. Fuaradh seic ó Dhiarmuid Mhac Chormaic ag glanadh a chúntais. [Do háirmhigheadh an fuighlach mar dhrochfhiacha.] 3. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn 4. Cheannuigh Aindrias Ó Floinn Earraí uaidh Do hiocadh a Muirear Iomchair na nEarraí sin le hairgead 5. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn 6. Díoladh le hAindrias Ó Floinn Earraí 6. Do híocadh Págh na bhFear le hAirgead 8. Fuaradh seic ó Bhrian Ó Chonaill Leigeadh na locáiste leis 9. Díoladh Earraí le Brian Ó Conaill Do híochadh an Cíos le seic 10. Ceannuigheadh ó Chathal Ó Chéin, Earraí Ean. 11. Fuaradh seic ó Chathal ó Chéin Leigeadh na locáiste leis 12. Cheannuigh Cathal Ó Céin Earraí 13. Do híocadh Sraithe le hAirgead 13. Fuaradh seic ar Earraíbh 15. Fuaradh Airgead ar Sheandrochfhiacha 16. Cuireadh seic chun Éamuinn Mhic Ghuidhir 16. Fuaradh 'na locáiste uaidh 17. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac Ghuidhir Baineadh seic na chóir féin 18. Tugadh seic d'Éamonn Mhac Ghuidhir 19. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac Ghuidhir 2o. Do híocadh Pág na bhfear le hAirgead 22. Cheannuigh Feidhlim Ó Tuathail Earraí 23. Cuireadh seic chun Feidhlim Uí Thuathail Fuaradh na locáiste uaidh 24. Ceannuigheadh ó Fheidhlim Ó Thuathail Earraí 25. Ceannuigheadh Earraí ó Mhícheál Ó Mhathúna 26. Cuireadh seic chun Mhíchíl Uí Mhathúna 27. Cheannuigh Labhrás Ó Laoghaire Earraí uaidh 29. Cuireadh Airgead sa Bhangc 31. Ús ar Ghustal Stór Earraí ar Láimh Cuireadh gach seic isteach sa Bhangc an lá do fuaradh é. Ansan Leabhar an Airgid. Ná dearmhad gan na fuighlaigh ins an Oifig agus insan Bhangc do chur síos ar dtúis. Leabhar an Airgid. Lch. Locáiste Oifig Bangc Ó'n bhfuighlach anuas Ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic. Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn Ó Chts. Bhriain Uí Chonaill Ó Chts. Chathail Uí Chéin Ó Chts. na Reac Ó Chts. na nDrochfhiacha Ó Chts. na Airgid Ó'n bhFuighlach anuas Leabhar an Airgid Lch. Locáiste Oifig Bangc Le Cts. na gCeannach Le Cts. Aindrias Uí Fhloinn (Iomchar) Le Cts. Págh na bhFear Le Cts. an Chíosa Le Cts. na Sraithe Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir Le Cts. na dTarrac Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir Le Cts. Págh na bhFear Le Cts. Fheidhlim Uí Thuathail Le Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Le Cts. an Bhangc Le Fuighlach síos An Leabhar Conganta ag Cormac Mac Airt Cts. Airgid 'san Oifig Cts. Airgid 'san Bhangc Cts. Stór Earraí Cts. Aindrias Uí Fhloinn Cts. Bhriain Uí Chonaill Cts. Chathal Uí Chéin Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Cts. ó Chts. Éamuinn Mhic Guidhir Cts. ó Chts. Fheidhlim Uí Thuathail Cts. ó Chts. an Ghustail Cts. Aindrias Uí Fhloinn ó Chts. an Úis Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Cts. an Úis ó Chts. an Gustail Anonn An Leabhar Conganta (Na Buillí Sguir) Anall Cts. na Tráchtála ó Chts. an Stóir Earraí ó Chts. na gCeannach ó Chts. Págh na bhFear Cts. na Reac Cts. an Stóir Earraí (ar láimh) ó Chts. na Tráchtála Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. an Úis ó Chts. na nDrochfhiacha ó Chts. an Chíosa ó Chts. na Sreath ó Chts. na Locáistí ó Chts. na Tráchtála Cts. an Ghustail ó Chts. Sochair agus Dochair ó Chts. na dTarrac Leabhar na Reac age Cormac Mac Airt Aindrias Ó Floinn Aindrias Ó Floinn Brian Ó Conaill Cathal Ó Céin Feidhlim Ó Tuathail Labhrás Ó Laoghaire Leabhar na gCeannach ag Cormac Mac Airt Cathal Ó Céin Eamonn Mac Guidhir Eamonn Mac Guidhir Feidhlim Ó Tuathail Micheál Ó Mathúna An Leabhar Mór age Cormac Mac Airt [Leathanach fé leith do gach cúntas mar 'dheadh. Siné cúis na nuimhreacha.] Cts. an Ghustail Ó Chts. S/D Ó Chts. na dTarrac Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach anuas Le Cts. an Úis. I bFuighlach anuas Cts. na dTarrac Ó Chts. an Bhaingc Le hAistriú i gCts. an Ghustail Cts. an Stóir Earraí Ó'n bhFuighlach Ó'n Stóir Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. na gCeannach Ó'n mBangc Ó Ioldaoine Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. na Reac Ó Aistriú i gCts. na Tráchtála Le Cts. Airgid Le hIoldaoine L/R Cts. Aindrias Uí Fhloinn Ó'n bhFuighlach Ó Cts. an Úis Ó Chts. na Reac Ó Mhuirear Iomchair Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas. Le Cts. an Baingc Le Cts. an Bhaingc Le Fuighlach síos Cts. Bhriain Uí Chonaill Ó'n bhFuighlach Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na Locáistí Le Fuighlach síos Cts. Chathail Uí Chéin Ó'n bhFuighlach Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le Cts. na gCeannach Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na Locáistí Le Fuighlach síos Cts Fheidhlim Uí Thuathail Ó Chts. na Reac Ó Chts. an Bhaingc Ó Chts. na Locáistí Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach Le Cts na gCeannach Le Fuighlach anuas Cts. Labhráis Uí Laoghaire Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le bhFuighlach síos Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir Ó Chts. an Bhaingc Ó Chts. na Locáistí Ó Chts. an Bhaingc Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach Le Cts. na gCeannach Le Cts. na gCeannach Le Fuighlach anuas Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Ó Chts. an Bhaingc Ó'n bhFuighlach síos Le Cts. na gCeannach Le Fuighlach anuas Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Ó'n bhFuighlach Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na nDrochfhiacha Cts. an Úis Ó Chts an Ghustail Le Cts. A. Uí Fhloinn Le hAistriú i gCts. S/D Cts. na nDrochfhiacha Ó Chts. Dh. Mhic Chormaic Le Cts. an Airgid Le hAistriú Cts. S/D Cts. Págh na bhFear Ó Chts an Airgid Ó Chts an Airgid Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. an Chíosa Ó Chts. an Bhaingc Le hAistriú Cts. S/D Cts. na Sreath Ó Chts. an Airgid Le hAistriú Cts. S/D Cts. na Locáistí Ó Chts. Bh. Uí Chonaill Ó Chts. Ch. Uí Chéin Le Cts. E. Mhic Ghuidhir Le Cts. Fh. Uí Thuathail Le hAistriú Cts. S/D Riaradh na bhFuighlach I Leabhraibh Chormaic Mhic Airt. Cts. an Airgid Cts. an Bhaingc Cts. an Ghustail Cts. na dTarrac Cts. an Stóir Earraí Cts. na gCeannach Cts. na Reac Cts. Aindrias Uí Fhloinn Cts. Bhriain Uí Chonaill Cts. Chathail Uí Chéin Cts. Fheidhlim Uí Thuathail Cts. Labhráis Uí Laoghaire Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Cts. an Úis Cts. na nDrochfhiacha Cts. Págh na bhFear Cts. an Chíosa Cts. na Sreath Cts. na Locáistí Cúntas na Tráchtála Ó Chts. an Stóir Ó Chts na gCeannach Ó Chts Págh na bhFear Le Cts. na Reac Le Stóir Deiridh Le Cailliúint S/D Cúntas Sochair agus Dochair Ó Chts. an Úis Ó Chts. na nDrochfhiacha Ó Chts. an Chíosa Ó Chts. na Sreath Ó Chts. na Locáistí Ó Cailliúint Clár na bhFuighlach Fiacha ag Feidhlim Ó Tuathail Éamonn Mac Guidhir Mícheál Ó Mathúna Gustal Airgead san Oifig Airgead san Bhaingc Stóir Earraí ar láimh Fiacha ar Aindrias Ó Floinn Bhrian Ó Chonaill Chathal Ó Chéin Labhrás Ó Laoghaire Cleachtadh. 1. Na bearta seo síos age Liam Ó hEachthigheirn do chur isteach i Leabhar na gCeannach, i Leabhar na Reac, i Leabhar an Airgid, agus asta san 'sa Leabhar Mhór, na cúntais go léir do chothromú, agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh: 1921. Márta 1. D'osgail Liam Ó hEachthigheirn siopa lóin le Gustal Cuir sé an tairgead san isteach sa Bhangc i leith a ghnótha. Fuair sé leabhrín de chaoga seic ansan agus leis sin do bhain sé as an mBhangc i gcóir an tsiopa. 2. Tugadh isteach mar stór earraí na neithe seo síos do cheannuigh sé ó Lucht an tSoláthair Mhóir2 chéad de dhonnsiúcra ar an céad. 3 chéad de bhánsiúcra ar an céad. céad de chaifé ar an púnt. 2 chéad de thé ar an púnt. céad de thé ar 3s. an púnt. ó Chumann na gCoilíní, Tta.3 chéad de rís ar an púnt. 2 chéad de thapióc ar an púnt. ó Mhuinntir Lughaidh, Eoin is a gCuid.Ilneithe, go luach. 3. Sgríobh sé seiceanna le híoc as Fearaistí is Córacha. Cíos-leithbhliana darab críoch lughnasa, 31, 1921. Iolchaithteachais. Caithteachais Dlighe. 4. Díoladh ar airgead síos, Ilneithe. 5. D'osgail cúntas le hArdsgoil na mbuachaillí, agus do hórduigheadh. 2 chloich de bhánsiúchra ar an púnt. chloch de dhonnsiúcra ar an púnt. chloc de thé ar an púnt. Ilneithe. Bhain airgead as an mBhangc chun págh na bhfear noibre do dhíol. Márta 7. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin ins an bhangc. 8. Cuireadh seic chun lucht an tSoláthair Mhóir ag glanadh an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 9. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 10. Fuaradh seic ó Ardsgoil na mbuachaillí ag glanadh an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de. 11. Díoladh le bean Uí Ghuithín-ar cáirde, ½ chloch de rís ar an púnt. ½ chloch de thapióc ar an púint. 5 púint de thé ar an púnt. 2 phúnt de shiúcra ar an púnt. 12. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc. Chuir gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 14. Tharraing as an mBhangc dó féin ar leithligh. 15. Cuireadh seic chun Cumann na bhFógraí do dhéanamh. 16. Díoladh ar cáirde le hÁrdsgoil na mbuachaillí - Ilneithe. 17. Cuireadh seic chun Cumann na gCoilíní ag glanadh an chúntais taréis 5 fé'n gcéad do bhaint de 'na locáiste. 18. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 19. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 21. Ceannuigheadh ó lucht an tSoláthair Mhóir-Earraí, 22. Sgríobh seic le biolchaithteachais d'íoc. 23. Díoladh ar cáirde le hÁrus na Seanóirí, Ilneithe, 26. Cuireadh seic ag glanadh leath an chúntais. 28. Fuaradh ó Árus na Seanóirí seic. 29. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 31. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 2. Na bearta seo síos age Tomás Ó Mangaire do chur isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar na gCeannach agus i Leabhar an Airgid, agus asta san isteach 'sa Leabhar Mhór, na cúntais go léir do chothromú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh: 1922. Beal. 1. D'osgail Tomás Ó Mangaire siopa chun Ilneithe dhíol agus do chuir a ghustal isteach 'sa Bhangc. Fuair sé leabhrín de chaoga seic agus ansan d'íoc sé le seiceannaibh as na neithibh seo: Cíos. Fearaistí agus Córacha. Atharuighthe agus Deisiúcháin. Iolchaithteachais. Coingibh sé sa tsiopa i gcóir an ghnótha. 2. Ceannuigheadh ar cáirde ó Mhuinntir Mharcaigh is a gCuid. Luach d'Ilneithibh. Lucht díoltha guail Lancaisír, tonna guail ar an tonna. Muinntir Mhainchín agus a gCuid6 chéad de shiúcra ar an céad. 3 chéad de thé ar an púnt. céad de chaifé ar an púnt. Ilneithe. 3. Díoladh ar cáirde na hearraí seoLeis an Muileann Tuirisg, 10 dtonna de ghual ar an tonna. Le Bean Uí Uaithnín cloch de rís ar an púnt. 3 púint de thé ar an púnt. 2 chloich de shiúcra ar an púnt. 5 púint de bhriosgaíbh ar an púnt. 2 phúnt de shubh ar an púnt. Le lucht an Éadaigh do dhíol 2 thonna de ghual ar an tonna. Lón bídh. 4. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh. Locáiste. 6. Díoladh ar airgead síos go dtí sin, luach. Díoladh Págh an lucht oibre. Do bhain sé as an mBhangc 'na chóir féin ar leithligh. 8. Do híocadh Mionchaithteachais. 9. Fuaradh seic ó lucht an Éadaigh do dhíol, ag glanadh cúntas leigeadh locáiste leó 5 fé'n gcéad. 11. Cuireadh seic chun lucht díolta guail Lancaisír Locáiste. 12. Fuaradh seic ó'n Muileann Tuirisg Locáiste. Beal. 13. Fáltas airgid go dtí sin. Do híocadh Págh an lucht oibre. 15. Cuireadh sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin. 16. Díoladh ar cáirde le lucht an Éadaigh do dhíol, earraí, 17. Dhíol Bean Uí Uaithnín a cúntas lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 18. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Uaithnín, lón bídh, Tonna Guail. 19. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 20. Luach d'Earraíbh a díoladh go dtí sin. Do híocadh Págh an lucht oibre. 22. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 23. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh ag glanadh a gcúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 24. Do hórduigheadh ó Mhuinntir Mharcaigh luach d'earraíbh. 25. Díoladh dtonna de ghual leis an Muileann Tuirisg ar an tonna. 27. Do híocadh Págh an lucht oibre. 27. luach d'earraíbh a díoladh go dtí sin, ar airgead 29. Do bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 30. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos go dtí sin. 31. Cuireadh 'sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin. 3. Seo mar a bhí an sgéal age gnó Muinntir Bhriain is Chathail an chéad lá d'Eanair, 1923: Do bhí 'sa Bhangc aca; san Oifig; luach dearraíbh ar stór aca: Luach de Throsgán is Fearaistíbh; Bhí aca ar Sheán Mhac Chuarta, agus age Séanius Ó Cuanáin ortha féin; de Ghustal age Brian agus de Ghustal age Cathal. Ní mór sin do thaisbeáint i leabhraibh na beirte agus na gnóthaí seo síos do chur isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar na gCeannach, agus i Leabhar an Airgid a bhí aca, agus asta san isteach ins an Leabhar Mór, agus na cúntais ansúd do chothrumú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh, mar a bhíodar an fichmhadh lá d'Eanair, 1923. Ean. 2. Ceannuigheadh ó Mhaolmhuire Ó Chatháin:2,000 slat de bhicúna ar an tslat. 3,000 slat de shíric ar an tslat. agus ó Mhuinntir Ghuaire. 1000 slat de chanfás ar an tslat. Ilneithe. 3. Díoladh ar cáirde le Tomás Mac Artaigh:slat de bicúna ar an tslat. 600 slat de shíric ar an tslat. 4. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Chuanáin ag glanadh a chúntais. Leigeadh locáiste fé'n gcéad leó. 5. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 6. Sgríobh seic le págh an lucht oibre d'íoc. Iolchaithteachais. 6. Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Shéamus Ó Chuanáin. 8. Díoladh ar cáirde le Muinntir Néill is Niocaill700 slat de chanfás ar an tslat. 9. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 9. Fuaradh seic ó Sheán Mhac Chuarta, ag glanadh 50 fé'n gcéad dá chúntas. 10. Fuaradh seic ó Thomás Mhac Artaigh ag glanadh leath a chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 11. Do híocadh le Maolmhuire Ó Catháin. 12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 13. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre dh'íoc. Iolchostais. 15. Bhain Brian as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 15. Bhain Cathal as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 16. D'íoc Muinntir Néill is Niocaill a gcúntas taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 17. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 18. Ceannuigheadh rothar do'n teachtaire le seic. 18. Cuireadh seic chun Muinntir Ghuaire. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 20. Sgríobh seic le págh an lucht oibre dh'íoc Iolchaithteachais. Ins gach cleachtadh dhíobh seo, ní foláir na bearta gnótha do chur ins na Leabhraibh seo; Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhair na nAiseag, an Leabhar Conganta, agus asta san isteach ins an Leabhar Mhór. Dein na fuighlaigh do riaradh, agus ansan dein amach an Cúntas Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach. 1. An chéad lá de Nodlaig, 1918, seo mar a bhí an sgéal age Eóghan Ó Luasa: Acfuinn:-Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bhangc; Stór Earraí; Trosgán Oifige agus córacha. Fiacha aige ar Liam Ó Deabhaidh; ar Sheán Ó Chaisín. Fiachaisí: - Fiacha air ag Liam Ó Duibhir: ag Pól Ó Murchadha; Sidiad na bearta gnótha a bhí aige le linn na Nodlag: (N.B.-Cuireadh gach seic 'sa Bangc an lá do fuaradh é.) Nlg. 1. Ceannuigheadh ó Liam Ó Duibhir, 17 dtonna de phrátaíbh ar an tonna. 2. Díoladh le Tighthe Osta an Iarthair, Tta., 12 thonna de phrátaíbh ar an tonna. 5. Fuaradh Allúntas ó Liam Ó Dhuibhir ar phrátaíbh millte. 6. Do chuir Liam Ó Deabhaidh seic chuige ag glanadh a chúntais, lughaide locáiste airgid 2½ fé'n gcéad. 7. Do híocadh le seic a hIasacht Sac. 8. Díoladh le Seán Ó Caisín, 11 chéad de phrátaíbh ar an céad. 11. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin. 12. Do híocadh a hIomchar le seic. 13. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh, chéad de phrátaíbh ar an céad. 15. Fuaradh ó Sheán Ó Chaisín, seic locáiste leigeadh leis. 17. Cuireadh chun Liam Uí Dhuibhir, seic; locáiste. 18. Do híocadh le hAirgead Oifige a Trucailleacht is lucht Iomchair. 20. Ceannuigheadh ó Phól Ó Mhurchadha, 19 dtonna de phrátaíbh ar an tonna. Nlg. 22. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh 15 thonna phrátaíbh ar an tonna. 27. Cuireadh chun Póil Uí Mhurchadha seic, locáiste. 31. Reaca ar airgead síos le linn an mhí. 31. Mionchaithteachais i rith an mhí, do híocadh le hAirgead Oifige. 31. Págh an Lucht Oibre i rith an mhí do híocadh le hAirgead Oifige. 31. An t-Airgead a cuireadh isteach 'sa Bangc i rith an mhí. Luach na bprátaí ar Stór i ndeire an mhí. 2. An chéad lá d'Iúl, 1912, thosnuigh Seán Mac Seóin ar ghnó dhéanamh mar cheannuidhe plúir. Do chuir sé 'sa Bhangc, agus do choingibh sé san oifig i gcóir mionchaithteachas. Do cuireadh gach airgead 'sa Bangc fé mar a fuaradh é. Iúl. 1. D'íoc sé le seic a Córachaibh is Fearaistíbh. 2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhotha is Darsaigh, 200 mála phlúr ar an mála. 3. Do híocadh a hIomchar an phlúir a mionairgead 4. Díoladh le M. Mac Simeóin, 3 mhála phlúr ar an mála. 5. Ceannuigheadh Capall is Trucaill ar do híocadh le seic. 5. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 19 mála de phlúr ar an mála, agus fuaradh seic uaidh ar chúig giní. 6. Do híocadh a Tonna ghual le hairgead. 8. Díoladh le M. Mac Simeóin 8 mála phlúr ar. an mála 9. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 20 mála phlúr, ar an mála. 10. Ceannuigheadh ó mhuinntir de Bhál, Béal Feirsde, mála phlúr, ar an mála. 11. Fuaradh seic ó Shéamus ó Luasa. 12. Do híocadh a hIomchar an phlúir as an mionairgead, 13. Do híocadh le muinntir Bhotha is Darsaigh (seic). 15. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 18 mála phlúr ar an mála. Iúl. 20. Fuaradh seic ó Mh. Mhac Shimeóin. 25. Do híocadh seic le Muinntir de Bhál. 26. Do baineadh as an mBangc i gcóir na hÓifige. 27. Do híocadh a hIomchar plúir le hairgead ó'n Óifig, 29. Díoladh le M. Mac Simeóin, 25 mhála phlúr ar an mála. 29. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 20 mála phlúr ar. an mála. 31. Fuaradh ó Liam Ó Mhuireadhaigh, seic. 31. Mionchaithteachais i rith an mhí. Luach an phlúir ar stór i ndeire an mhí. 3. An chéad lá de Mheitheamh, 1908, do bhí na fuighlaigh seo i leabhraibh Sheáin Uí Néill: Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bhangc; Stór Earraí; Meaisíní; Trosgán is Feairistí; Fiacha ar Risteárd Mhac Dhomhnaill. Phádruig Ó Dhuilleáin; Fiacha ag Stióphán Mac Énna; Réamonn Breathnach; Gustal. Meith. 1. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna, 8 dtonna d'Iarann ar an tonna. 2. Do híocadh seic le Mac Énna, locáiste, 4. Díoladh le Muiris Ó Catháin, 3 rollaí de Chrédhumha ar an rolla. 6. Díoladh le Pádruig Ó Duilleáin 10 dtonna de ráilíbh ar an tonna. 9. Fuaradh seic ó Risteárd Mhac Dhomhnaill, locáiste. 10. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna 150 tonna de sheaniarann ar an tonna. 11. Díoladh ar airgead síos 70 tonna de bhróintibh ar an tonna. 11. Cuireadh isteach 'sa Bhangc. 12. Do híocadh le seic cúntas príobháideach. 14. Fuaradh ó Phádruig Ó Duilleáin, airgead locáiste. Leigeadh leis mar gheall ar earraíbh gan mhaith. 15. Ceannuigheadh ó Réamonn Bhreathnach, 80 tonna de thinnlbh, an tonna, Meith. 16. Do híocadh le hairgead a hIomchar an iarainn sin 19. Cuireadh isteach 'sa Bhangc, 19. Do híocadh seic le Réamonn Breathnach, locáiste. 21. Díoladh le Risteárd Mac Domhnaill, 70 tonna de Ráillíbh an tonna. 24. Do híocadh Cíos an Chlóis le seic. 26. Fuaradh seic ó Phádruig Ó Dhuilleáin locáiste 26. Agus cuireadh isteach 'sa Bhangc é. 28. Bhain as an mBhangc i gcóir na hÓifige. 28. Do híocadh Págh na bhfear noibre le hairgead oifige. 28. Caithteachais ghnótha. 28. Iomchar an Iarainn. 28. Bhain Seán Ó Néill as an mBangc 'na chóir féin. 30. Stór ar láimh. 4. Do bhí Tigh Ósta age Seán Ó Broin agus seo mar a bhí aige an chéad lá d'Eanair 'sa bhliain 1893: Luach bíthdhílse an Tighe Ósta; Airgead 'sa Bhangc. Airgead 'sa tigh aige; Trosgán is Feairistí; Fíonta, biotáille, leann, agus rl; Tobac; Feóil, éanlaith, agus rl.; Lón bídh; Stórais eile ar láimh; Fiacha aige ar oidhthibh. Do bhí d'fiachaibh air age Seán Ó Conaill; Conn Ó Gríobhtha; Liam Ó Muircheartaigh; Séamus Ó Súilleabháin; Daoine eile. Ean. 1. Fuaradh airgead ó aoidhthibh 1. Cuireadh isteach 'sa Bhangc 2. Do híocadh seic le Liam Ó Muircheartaigh 4. Ceannuigheadh ó Dhonchadh Mhac Chárthaigh brathtacha úrláir 5. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin 5. Do fuaradh ó Sheán Smiot a ceapadh anuiridh ba dhrochfhiacha Ean. 6. Do híocadh seic le Seán Ó Conaill Fuaradh 'na locáiste uaidh 6. Ceannuigheadh iolstórais ó Mhuiris Ó Dhálaigh Do híocadh airgead síos leis, agus do fuaradh locáiste uaidh 7 Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha 8. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seomra na mBilliard 9. Do cuireadh isteach 'sa Bhangc 11. Do híocadh Sraithe le seic 11. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin 13. Fuaradh táille na gCaráistí dos na haoidhthibh Ó Thomás Ó Shéadhgha 13. Do híocadh seic le Donchadh Mac Cárthaigh 14. Tugadh airgead ar sheic d'aoidhe agus ansan do cuireadh an tseic isteach 'sa Bangc 15. Ceannuigheadh Trosgán ó Liam Ó Dhuinn 15. Fuaradh allúntas ó Liam Ó Dhuinn ar sheantrosgán 15. Do híocadh airgead ar Ilneithibh 16. Do híocadh airgead a Nígheachán i gcóir aoidhthe 16. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Chonaill, fíon fé bhanna 16. Do híocadh as an gcáin ar an bhFíon, le hairgead 16. Do ceannuigheadh tobac ó Chonn Ó Ghríobhtha Locáiste gnótha 2½ fé'n gcéad 18. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard 19. Do híocadh as an nGeas le hairgead 19. Do híocadh seic le Liam Ó Duinn 20. Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha 20. Ceannuigheadh ó Liam Ó Mhuircheartaigh, éanlaith, agus rl. 22. Ceannuigheadh ó Shéamus Ó Súilleabháin, lón bídh 22. Do híocadh a nIlneithe le hairgead 23. Fuaradh táille na gCaráistí dos na haoidhthibh ó Thomás Ó Shéadhgha Ean. 23. Tugadh seic dó 25. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin Fuaradh 'na locáiste uaidh 25. Do híocadh seic le Liam Ó Muircheartaigh Fuaradh 'na locáiste uaidh 26. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard 28. Ceannuigheadh ar airgead síos Ilneithe 29. Ceannuigheadh leann ó Sheán Ó Chonaill Tugadh seic dó Fuaradh 'na locáiste uaidh 30. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard Airgead do fuaradh i rith an mhí ós na haoidhthibh agus do cuiread isteach 'sa Bhangc Ús ar Ghustal Págh agus Tuarasdal ag glaodhach Dímheas ar Trosgán Fiacha ar Aoidhthibh Stór ar láimh: Fíonta, biotáille, leann, agus rl., Tobac, Feóil, Éanlaith, agus rl. Lón bídh Iolstórais 90. Samhlaíd ar conus Cúntas na Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó Riaradh na bhFuighlach. Ó'n eólas so síos do fuaradh i leabhraibh É. agus S. Mhic Liam (a bhí le-ath i bpáirt), déan amach Riaradh na bhFuighlach agus Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus Dochair. Sgríobh Clár na bhFuighlach, mar a bhí an t-aonmhadh lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain, 1922. Ní foláir a thaisbeáint ins an Chúntas Tráchtála toradh na tráchtála ins gach roinn de'n ghnó. Ní mór na caithteachais go léir, a bhain leis an dtiúsgal, do roinnt ar gach Roinn do réir iomláine na Reac i dtreó gur féidir an Sochar glan ins gach Roinn do dhéanamh amach agus do thaisbeáint ins an Chúntas Sochair agus Dochair: Córacha is Feairistí, Tighthe, Stór Earraí mar a bhí 1/1/'22. Roinn A. B. Ceannaigh A. B. Reaca ar cáirde A. B. Reaca ar airgead síos A. B. Aisig isteach A. B. Aisig amach A. B. Caithteachais choitcheanna: Tuarasdail agus Págh Sraithe agus Cáin Íocaíocht ar Urús Coimisiún a híocadh le Timthiríbh Fógruíocht Locáiste a leigeadh Locáiste a fuaradh Ús agus Muirear Baingc Ilchaithteachais Fiacha aca Fiacha ortha Airgead 'san Bhangc Airgead 'san Oifig Cúntais na nGustal:E. Mac Liam S. Mac Liam Cúntais na dTarrac:E. Mac Liam S. Mac Liam Stór Earraí 31/12/'22, Roinn A. B. Ní foláir cur i gcóir na neithe seo síos: (a) Drochfhiacha d'áireamh. (b) Bunchúil i naghaidh Drochfhiacha ar ráta 2½ fé'n gcéad des na Fiacaibh aca. (c) Do híocadh a sraithibh is Cáin go dtí 31/3/'23. (d) Do híocadh as an Urús go dtí 30/4/'23. (e) Ús ar Ghustal d'áireamh ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. (f) Dímheas ar Thighthibh ar ráta 2½ fé'n gcéad. (g) Dímheas ar Chorácha is feairistí ar ráta 7½ fé'n gcéad. Riaradh na bFuighlach i leabhraibh E. agus S. Mhic Liam I gcóir na bliana darab deire 31 xii., 1922. Córacha is Fearaistí Tighthe Stór earraí 1/1/'22, Roinn. A. Stór Earral 1/1/'22. B. Ceannaigh A. Ceannaigh B. Reaca ar cáirde A. Reaca ar cáirde B. Reaca ar airgead síos A. Reaca ar airgead síos B. Aisig isteach A. Aisig isteach B. Aisig amach A. Aisig amach B. Tuarastail agus Págh Sraithe agus cáin íocaíocht ar Urús Coimisiúin a hÍocadh le Timthiríbh Fogruíocht locáiste a leigeadh Locáiste a fuaradh Ús agus Muirear Baingc ilchaithteachais Fiacha aca Fiacha ortha Airgead san bhangc Airgead san Oifig Gustal E. Mhic Liam Gustal S. Mhic Liam Tarraca E. Mhic Liam Tarraca S. Mhic Liam Cúntas na Tráchtála Roinn A. Roinn B. Ó Chts. na Stóir. Ó Chts. na gCeannach Lughaide Aisig Ó Chts. Sochair Le Cts. na Reac Lughaide Aisig Le Stór deiridh Cúntas Sochair agus Dochair Roinn A Roinn B Ó Chts. Tuarastail is Págh Ó Chts. Sraithe is Cánach Lughaide Roimhíoc Ó Chts. Urúis Lughaide Roimhíoc Ó Chts. Coimisiúin Timthiribh Ó Chts. Foghruíochta Ó Chts. Locáiste Ó Chts. Úis is Muirear Baingc Ó Chts. Ilchaithteachas Ó Chts. na ndrochfhiacha móide Bunchúil Ó Chts. Úis ar Ghustal Ó Chts. Dímheas ar Thighthibh Ó Chts. Dímheas ar Chóir is Feairistí Ó'n Sochair nglan Roinn A Roinn B Le Sochar Le Cts. Locáiste Clár na bhFuighlach i Leabhraibh E. agus S. Mhic Liam, 31/12/'22. Fiachaisí Fiacha ortha Gustal E. Mhic Liam Móide Ús ar Ghustal Móide ½ Sochar Lughaidhe Tarrac Gustal S. Mhic Liam Móide Ús ar Ghustal Móide ½ Sochar Lughaidhe Tarrac Acfuinn Airgead san Oifig Airgead san Bhangc Stór Earraí Roinn A Stór Earraí Roinn B Córacha is Feairistí Lughaide Dímheas 7½% Tighthe Lughaide Dímheas 2½% Fiacha aca Lughaide Drochfhiacha Lughaide Bunchúil 2½% Roimhíoc Sreath is Cánach Roimhíoc Urúis Cleachtadh. 1. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh cúntais Mhuinntir Dhubháin is a gCuideachtan an t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 1914: Stór Earraí ar Láimh 31/12/1913 Ceannaigh Costasaí Tráchtála Reaca ar cáirde Reaca ar airgead síos Págh Tuarasdail Cíos, Sraithe, cáin, agus Urús iomchar Earraí Billí le híoc iasacht ó'n mBangc Cts. an Ghustail Trosgán. Fearaistí. agus córacha Tighthe Fiacha aca Fiacha ortha Stór na nEarraí ar láimh i ndeire na bliana. 2. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir mar a taisbeánadh leis na Fuighlachaibh i leabhraibh Cúntais Hannraoi de Faoite 31/12/1914: Reaca ar Cáirde Ceannaigh Ilchaithteachais Ghnótha Reaca ar airgead síos Stór Earraí ar láimh 31/12/1913 Págh Tuarasdal Tighthe Fiacha aige Billí le híoc Fiacha air Billí le fághail Trosgan, fearaistí agus Córacha Oibre Cts. an Ghustail Airgead 'sa Bhangc Luach na nEarraí ar Stór aige i ndeire na bliana. 3. Cúntas Tráchtála agus Cúntas Sochair agus Dochair do dhéanamh amach ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh Sheáin Uí Choilleáin i gcóir na leithbhliana darab deire an deichmhadh lá ficheadh de Mheitheamh, 1919: Reaca ar cáirde Locáistí a leigeadh uaidh Locáistí a leigeadh leis Reaca ar airgead síos Caithteachais choitcheanna Págh na bhFear noibre Ceannaigh Tuarasdail Iomchar earraí isteach Cíos, Sraithe agus Cáin Ús a díoladh leis an mBangc Drochfhiacha Deisiúcháin Stór na nEarraí 30/6/1919 4. Ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh Thaidhg Mhic Taidhg, Riaradh na bhfuighlach do dhéanamh, agus an Cúntas Tráchtála is an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do thaisbeáint, 31/12/1917: Stór Earraí 1/1/1917 Gustal Aisig isteach Aisig amach Reaca Ceannaigh Locáistí a leigeadh leis Ceannaigh ar airgead síos Págh an lucht oibre Deisiúcháin Iolchaithteachais Cíos agus Sraithe Fiacha aige Fiacha air Drochfhiacha Airgead ar láimh Airgead 'sa Bhangc Stór Earraí. 31/12/'17 Tá d'fhiachaibh cíosa leithbhliana air. Díoladh de'n úd thuas ar Shreathaibh roimhré. 5. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas so síos, do réir mar a thaisbeánadh le Riaradh an bhFuighlach i leabhraibh Pheadar Uí Néill, 31/12/1914. Gustal Pheadar Uí Néill Stór Earraí 1/1/'14 Ceannaigh Reaca Aisig isteach is amach Cíos agus Sreatha Urudhas Locáistí Drochfhiacha Págh an Lucht Oibre Tuarasdail Ús do'n Bhangc Fiacha air Fiacha aige Airgead ar láimh Tarrac Iasacht ó'n mBangc. Stór Earraí, 31/12/'14 Le cur ar leathtaobh i gcoinnibh Drochfhiacha, 2½% des na fiachaibh aige. 6. Ó'n eólas so síos a baineadh a leabhraibh Chonchubhair Uí Cheannuidhe, dein amach Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leithbliana darab deire 31/12/'14. Stór Earraí Gustal Ceannaigh Reaca Págh an lucht oibre Tuarasdail Oifige Cíos agus Cáin Iolchaithteachais Ionichar Earraí isteach Locáistí Córacha is Fearaistí Meaisíní Fiacha air Fiacha aige Iasacht ó'n mBangc Ús ar iasacht ó'n mBangc Stór na nEarraí 31/12/'14. Bain 5 fé'n gcéad de luach na gCórach is na bhFeairistí mar dhímheas. Bain 10 fé'n gcéad de luach na Meaisíní is na bhFeairistí mar dhímheas. Cuir ar leathtaoibh i gcóir Drochfhiacha. 7. Ó'n eólas so síos, mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Thomáis Mhic Phúint, dein amach Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leithbhliana darab deire an deichmhadh lá fichead de Mheitheamh, 'sa bliain 1916: Gustal, 1/1/'16 Ceannaigh Reaca-ar cáirde Reaca-ar airgead síos Stór Earraí 1/1/'16 Foirgnimh Meaisíní Deisiúcháin Trosgán Óifige Págh an lucht oibre Tuarasdail Fiacha air Locáistí Fiacha aige Sraithe agus Cáin Iolchaithteachais Stór Earraí an deichmhadh lá fichead de Mheitheamh, 1916, Bain mar dhímheas de Mheaisíníbh 10 fé'n gcéad dá luach, agus 2½ fé'n gcéad de luach na bhFoirgneamh mar dhímheas. Abair ciaca saidhbhir acfuinneach nó briste atá Tomás Mac Púint. 8. Sidé Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Dháith Uí Ghaimbín an deichmhadh lá ar fhichid de Mheitheamh, 1924: Stór Earraí, 1/1/'14 Ceannaigh Billí le fághail Reaca Billí le híoc Fiacha air Aisig amach Gustal Fiacha aige Aisig isteach Págh an lucht oibre Iomchar Earraí Tuarasdail Sraithe agus Cáin Eleictreachas Caithteachais Taistil Urudhas Ús do'n Bhangc Locáistí Airgead ar láimh Airgead 'sa Bhangc Meaisíní Foirgnimh Ús ar Mhorgáiste Tarrac Morgáiste Stór Earraí, 30/6/'14, Bain mar dhímheas de Mheaisíní 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana dá luach, agus des na Foirgnimh 2½ fé'n gcéad dá luach (i naghaidh na bliana). Díoladh Sraithe agus Cáin, agus Urús i gcóir tréimhse ná raibh caithte i ndeire na bliana. Dein amach an Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhfuighlach. 9. Sidiad síos na fuighlaigh a bhí i leabhraibh Seáin Uí Cholmáin an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain 1914, i gcionn bliana trádála: Billí le fághail Reaca Airgead 'sa Bhangc Airgead ar láimh Fiacha aige Ús Coimisiún Ceannaigh Stór Earraí 1/1/'14 Págh an lucht oibre Cíos, Cáin, agus Urús Caithteachais bhuana Caithteachais Dlighe Billí le híoc Drochfhiacha Airgead ar Taisge Gustal, 1/1/'14 Seán Ó Colmáin-Tarrac Iolchostais Locáistí Stór Earraí, 31/12/'14. Airimh Ús ar Taisge ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Sgríobh Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair agus Clár na bhFuighlach, CEISTEANNA. 1. Do thárla na bearta so i ngnó Mhuinntir Mhurchadha le linn na bliana, 1923:-(a) Díoladh Earraí ar cáirde le Cathal Ó Céin; (b) Leigeadh ina locáiste le Tadhg Ó Duinnín; (c) Fuaradh seic ó Mháirtín Bhreathnach; (d) Cuireadh seic Mháirtín Bhreathnach 'sa Bhangc; (e) Do híocadh airgead le Liam Brún; (f) Tógadh as an mBangc i gcóir an ghnótha; (g) Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Mhuinntir Laoghaire; (h) Leigeadh 'na ocáiste leó ó Mhuinntir Aodha; (i) Do híocadh ar Chlódóireacht; (l) Mionchostas; (m) Cuireadh Earraí thar nais chun Muinntir Dhuibhir; (n) Cuireadh 'sa Bhangc; (o) Tugadh seic do Sheán Ó Cheallaigh. Abair cad iad na leabhair 'na mbeadh cúntas ar gach beart díobh san. 2. Díolann lucht plúir a dhéanamh a hiomchar na cruithneachta chucha anall, ciaca i gCúntas na Tráchtála nó i gCúntas Sochair agus Dochair a chuirfeá an mhuirear san? Cad 'na thaobh? 3. Cad í an difríocht atá idir Chúntas Tráchtála agus Cúntas Sochair agus Dochair? 4. Ciaca taobh de Chlár na bhFuighlach na mbeadh na neithe seo síos:-(a) Fiacha ag an lucht gnótha; (b) Fiacha ar an lucht gnótha; (c) Feairistí agus Meaisíní; (d) Stór na nEarraí; (e) Iasacht ó'n mBangc. 5. Cad í an difríocht atá idir Riaradh na bhFuighlach agus Clár na bhFuighlach? 6. Má bhíonn suim an dá shaghas Fuighlach i Riaradh na bhFuighlach ar cothrom, cad iad na dearmhaid is féidir fós do bheith ann? 7. Ciaca des na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh seo síos a bheadh i gCúntas na Tráchtála agus ciaca aca. bheadh i gCúntas Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach: (a) Locáistí a leigfí le lucht an ghnótha Féin; (b) Fiacha ag an lucht gnótha ar dhaoinibh eile; (c) Stór na nEarraí ar láimh; (d) Págh an lucht oibre; (e) Tuarasdail na hOifige? Cad 'na thaobh? 8. Cad chuige Cúntas Earraí agus conus a deintear é chothromú? 9. An bhfuil aon difríocht idir Cúntas Earraí agus Cúntas Tráchtála? 10. Mínigh go cruinn baileach: Fuighlach fáltais; Fuighlach díoluíachta; Dímheas; Drochfhiacha; Ús ar fhiachaibh. 11. Conus d'aithneófá ar chúntas pearsan 'sa Leabhar Mhór ciaca bheadh fiacha ag lucht an ghnótha air nó aige sin ar lucht an ghnótha? 12. Cad deintear chun ceart na leabhar gcúntais do ghromhadh? An fromhadh críochnuighthe é? Cad 'na thaobh san? 13. Ciaca cúntas nar fáltas na Drochfhiacha agus ciaca cúntas nar díoluíacht iad. 14. Cad chuige Cúntas na dTarrac, agus ciaca cÚntas na naistrighthear é nuair a deintear na cúntais go léir do chothroinú? 15. Ciaca leabhair 'na gcurtar na bearta so síos ionnta: (a) Reaca ar cáirde; (b) Reaca ar airgead síos; (c) Earraí do cuireadh thar nais? 16. Abair i dtaobh gach birt ghnótha dhíobh so síos ciaca leabhar 'na gcuirfí prímhinnsint air, agus cad 'na thaobh. (a) Tosnuigheadh tiúsgal le agus cuireadh é go léir 'sa Bhangc; (b) Ceannuigheadh ó Mhuinntir Éilighe Trosgán Oifige ar le seic; (c) Baineadh as an mBangc i gcóir costas an ghnótha; (d) Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Mhuinntir Dhonnchadha; (e) Cuir. eadh thar nais luach d'earraíbh chun Taidhg Uí Bhrosnáin; (f) D'imthigh Seán Ó Gríobhtha gan bith a thuairisge agus agam-sa air; (g) Do dóigheadh mo ghluaisteán orm indiu, luach. D'éiligheas a luach go léir ar Chumann an Urrúis agus ní bhfuaireas ach; (h) Fuaireas 25 fé'n gcéad d'fhiachaibh Chormaic Uí Chathail agam air. 17. Ciaca cúntais 'sa Leabhar Mhór is dhóigh leat go gcuirfí innsint ar na beartaibh seo a leabhraibh na prímhinnsinte: (a) Do híocadh págh na seachtmhaine leis an lucht oibre; (b) Ceannuigheadh Meaisín Clódóireachta le seic; (c) Fuaradh seic ó Chonn Ó Chaoimh agus leigeadh leis 'na locáiste; (d) Do diultuigheadh do'n tseic a fuaradh ó Thomás Ó Domhnaill. 18. Conus a dhéanfá Leabhar na gCeannach do chur isteach 'sa Leabhar Mhór? Páirtíocht. 91. Is gnáth, nuair a bhíonn an tiúsgal nó an gnó ana mhór, chomh mór san go dtéigheann sé thar cumas an duine aonair féin é stiúradh ná é thabhairt i gcrích, go dtéigheann daoine i bpáirtíocht le chéile 'sa tiúsgal nó 'sa ghnó d'fhonn sochair a bhaint as, ach gan níos mó ná fiche duine 'sa pháirtíocht, agus gan thar deichneabhar do bheith 'sa pháirtíocht má's gnó Baingc a ghabhaid idir lámhaibh. Páirtnéir a tugtar ar gach duine go mbíonn ceangal na páirtíochta air. Bíonn connradh idir na páirtnéiríbh, mar seo: (a) Gach duine aca do chur oirid áirithe gustail 'sa ghnó. (b) Roinnt áirithe de'n Sochar nó de'n Dochar, pé'ca aca san é, do bheith ag gach páirtnéir fá seach. (c) Ráta áirithe úis do bheith ag gach páirtnéir de bhárr an ghustail aige ins an Pháirtíocht. (d) Ráta áirithe úis do bheith ar gach páirtnéir d'íoc as a mbaineann sé (as a tharrac) i rith na bliana. (e) An tuarasdal a bheidh ag dul do ghach éinne fé seach, nó d'éinne fé leith des na páirtnéiríbh, de bhárr na hoibre fé leith a dheineann sé ar son na páirtíochta. (f) Faid na páirtíochta. (g) Na cúiseanna a sgaoilfidh an pháirtíocht; agus (h) An nós 'na roinnfear Acfuinn na páirtíochta ar na sgaoileadh. Gustal na bPáirtnéirí. 92. Toisg go mbíonn roinnt áirithe ghustail ag gach páirtnéir fé leith ins an pháirtíocht, ní foláir cúntas gustail do dhéanamh amach i gcóir gach páirtnéara fé leith, agus cúntas fé leith i gcóir na dTarrac a bhaineann gach páirtnéir fé leith as an ngnó. Bíonn gach cúntas eile ag baint leis an bPáirtíocht ar aon dul díreach leis na cúntasaíbh i ngnó an duine aonair, ach amháin, is gnáth a thaisbeáint ins an Chúntas Sochair agus Dochair conus a deineadh an sochar nó an dochar do roinnt ar na páirtnéiríbh fé seach, do réir connartha na páirtíochta. 93. Tá A, B, agus C, i bpáirtíocht. Tá gustal ag A, ag B, agus ag C. Seo mar a roinntear an Sochar; a leath ag A, a thrian ag B, agus a shémhad cuid ag C, taréis Úis ar Ghustal fé'n gcéad i naghaidh na bliana, agus tuarasdail 'sa bhliain a thabhairt do gach páirtnéir. Do bhí de shochar aca le roinnt ortha mar sin. Taisbeáin an roinnt, agus dein amach cúntais a nGustail, taréis cúntais do dhéanamh air gur bhain gach duine aca as an ngnó 'na chóir féin i rith na bliana. Cúntas Sochair agus Dochair Ó Thuarasdal Ó Ús ar Gustal Ó Sochar glan: Le Sochar Nó mar seo: Cúntas as Sochair agus Dochair Ó Thuarasdail Ó Ús ar Ghustal Ó' Sochar glan síos Ó Ghustal A. Ó Ghustal B. Ó Ghustal C. Le Sochar Le Sochar glan anuas Cúntas Gustail A. Ó Tharrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Gustal Le Sochar (½) Cúntas Gustail B. Ó Tarrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Ghustal Le Sochair (1/3) Cúntas Gustail C. Ó Tarrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Ghustal Le Sochair (1/6) Cleachtadh (Cúntas an Ghustail). 1. An dá cúntas Ghustail age Seán Ó Ceallaigh is ag Diarmuid Ó Seaghdha do sgríobhadh, mar a bheidís, 31/12/'15, as an eólas so síos: Sochar na Páirtíochta i gcóir na bliana 1915, Ús ar Ghustal, 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana; Us ar Mhorgáiste, 4 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Seán Ó Ceallaigh-Gustal 1/1/'15 Diarmuid Ó Séaghdha-Gustal 1/1/'15 Morgáiste 1/1/'15 An sochar do roinnt do réir an Ghustail a bhí ag gach duine é seach. 2. Bhí Seán Ó Míodhcháin is Tomás Ó Súilleabháin i bpáirtíocht, agus i dtosach na bliana 1920 do bhí Gustail 'sa ghnó ó Sheán Ó Mhíodhcháin agus ó Thomás Ó Shúilleabháin. Do bhí Sochar aca i ndeire na bliana céadna. As an sochar san, níor mhór Ús ar an dá shuim Ghustail ar 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana do bhaint, agus ansan an fuighlach do roinnt ar na páirtnéiríbh: a thrian ar Sheán Ó Mhíodhcháin agus a dhá dtrian ar Tomás Ó Súilleabháin. Taisbeáin an dá chúntas Ghustail mar a bheidís 'sa Leabhar Mhór. 3. 31/12/'21 do bhí an Gustal so i ngnó Mhuinntir Dhuinn: Séamus Ó Duinn; Liam Ó Duinn; Brian Ó Duinn. Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gustal na bpáirtnéirí. Do bhí Sochar ag an ngnó 'sa bhliain 1922. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Séamus 'na chóir féin. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Liam 'na chóir féin. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Brian 'na chóir féin. Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gach tarrac. Roinntear an Sochar mar seo; a shémhadh cuid ar Shéamus, a thrian ar Liam, agus a leath ar Bhrian. Taisbeáin Cúntas Gustail gach duine de'n triúr mar a bheadh sé taréis innsint ar na neithibh sin go léir do chur istcach ionnta. 4. Bhí Art, Conn agus Donnchadh i bpáirtíocht agus na Gustail seo aca fé seach: agus connradh eatortha an sochar do roinnt do réir an ghustail a bhí ag gach duine aca. 'Sa bhliain 1921, do bhí an sochar so as an ngnó, Agus do tharraing Art Conn Donnchadh Taisbeáin cúntais Ghustail an trír i ndeire na bliana sin. 5. Tá Conn, Tadg, agus Diarmuid. i bpáirtíocht ag roinnt Sochair agus Dochair mar seo: Conn a shémhadh cuid; Tadhg, a thrian, agus Diarmuid a leath. Sidiad na Gustail a bhí aca a dtriúr, fé seach, 1/1/'21: Conn; Tadhg; Diarmuid. Ús ar Ghustal ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Do bhí fuighlach fáltais i gCts. Sochair agus Dochair i gcóir na leithbhliana roimh an Ús ar Ghustal do chur 'na mhuirear ar an ngnó. Agus le linn na tréimhse do tharraing gach duine aca, fé seach, 'na chóir féin:. Taisbeáin cúntais an Ghústail aca mar a bheidís 'na leabhraibh, 30/6/'21. 6. Stiofán, Murt agus Colm a bhí i bpáirtíocht mar mhuilneóirí agus na Gustail seo aca fá seach: Do réir Connartha na páirtíochta gheobhadh gach páirtnéir 5 fé'n gcéad mar ús ar a Ghustal agus Tuarasdal 'sa bhliain. Níor tharraing éinne aca as an ngnó i rith na bliana ach a thuarasdal. Roimh ús ar ghustal ná tuarasdal páirtnéirí do chur i gcúntas, do bhí sochar i gcóir na bliana aca. Do roinneadh sochar an ghnótha mar seo: 3/6 age Stiophán, 2/6 age Murt, agus 1/6 age Colm. Dein an Cúntas Sochair agus Dochair, agus sgríobh Cúntais ghustail an Trír. 7. Do bhí agus Ghustal age Peadar is ag Pól i ngnó páirte, agus iad ag roinnt Sochair is Dochair do réir a ngustail. Do bhí mar Shochar. Do bhí, ag dul do Phól mar bhainisteóir ar an ngnó, agus 5 fé n gcéad mar ús ar Ghustal. Do tharraing Peadar agus Pól as an ngnó i rith na bliana. Dein amach an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Cúntais Ghustail na beirte. 8. Pádruig, Fionán, agus Domhnall a tá i bpáirtíocht agus an chéad lá d'Eanair 1909, do bhí na gustail seo aca fá seach, Gheibheann Pádruig tuarasdal agus Domhnall tuarasdal 'sa bhliain roimh Sochar an ghnótha do roinnt. Geibhtear 5 fé'n gcéad mar ús ar Ghustal ach ní iarrtar ús ar Tharrac. De'n sochar ghlan le roinnt, gheibheann Pádruig 40% de'n chéad, 35 fé'n gcéad age Fionán, agus 25 fé'n gcéad de age Domhnall. Os,a chionn sini deintear an sochar do roinnt go cothrom. B é sochar na bliana 1909, taréis tuarasdal na bpáirtnéirí do chur i gcúntas ach roimh ús ar Ghustal d'áireamh agus do tharraing gach páirtnéir díobh i gcoinne tuarasdail, úis ar ghustal, agus sochair. Dein an Cts. Sochair agus Dochair do dhúnadh, agus sgríobh Cts. Gustail na bPáirtnéirí i gcóir na bliana. 9. Sidé síos Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Cheallacháin Bráithre, 31/12/'16, dein amach an Cúntas Trachtála, an Cúntas Sochair agus Dochair agus Clár na bhFuighlach, i gcóir na bliana 1916. Eóin Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16 Liam Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16 Stór Earraí, 1/1/'16 Airgead ar Láimh Airgead 'sa Bhangc Ceannaigh Aisig isteach Págh an lucht oibre Tuarasdail Sraithe agus Cáin Urús Iolchaithteachais Reaca Locáistí Fiacha ortha Drochfhiacha Meaisíní Fiacha aca Ús ó'n mBangc Tarrac - Eóin Ó Ceallacháin Tarrac - Liam Ó Ceallacháin Stór Earraí, 31/12/'16. Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Tharrac le cúiteamh leis an ngnó. Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Ghustal mar mhuirear ar an gnó. Bain 5 fé'n gcéad de luach na Meaisíní mar dhímheas ortha. 10. Bhí Art Mac Cormaic agus Brian Mac Cinnéide i bpáirtíocht le chéile i ngnó agus é sochair eatortha dhá dtrian an tsochair do bheith ag Brian agus an trian eile ag Art. Seo mar a bhí an sgéal aca do réir Riaradh na bhFuighlach ina leabhraibh, 30/6/'16. Dein amach Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leathbhliana darab deire 30/6/'16, taréis fé'n gcéad i naghaidh na bliana a bhaint de luach na Meaisíní mar dhímheas, agus Ús ar Ghustal 5 Fé'n gcéad i naghaidh na bliana do chur mar mhuirear ar Shochar an ghnótha. 11. Bhí Séamus Ó hUiginn agus Liam Mac Raghnaill i bpáirtíocht le chéile, agus é socair eatortha trí cheathramhna de'n SOchar do bheith age ó hUiginn agus a cheathramha age Mac Raghnaill. Ó'n eólas seo síos do taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach ina leabhraibh, ní foláir an Cúntas Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Cúntais a nGustail araon fé leith, do dhéanamh: Riaradh na bhFuighlach, 31/12/1914. Séamus Ó hUiginn - Gustal Séanius Ó hUiginn - Tarrac agus Ús air Liam Mac Raghnaill - Gustal Liam Mac Raghnaill - Tarrac agus Ús air Stór Earraí, 31/12/'14. Cuir chun creidiúna Gustail gach páirtnéara Ús ar an nGustal ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 12. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Ailpín is Millín, 30/6/1914. Ailpín - Cúntas a Ghustail Millín - Cúntas a Ghustail Stór Earraí, 1/1/'14 Ceannaigh Págh an lucht oibre Tuarasdail Reaca Cíos Sraithe Deisiúcháin Coimisiún Geas Drochfhiacha Iolchaithteacchais Trosgán na hOifige Fiacha aige Fiacha air Meaisíní Aisig isteach Airgead 'sa Bhangc Ailpín - Tarrac Millín - Tarrac Stór na nEarraí 30/6/'14. Bain ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal, agus roinn an sochar go cothrom ar an dá pháirtnéir. Deighmhéinn. 94. Nuair a bhíonn fear tiúsgalach dicheallach i mbun gnótha ar feadh tamaill bíonn triall a lán daoine air ag ceannach uaidh agus níl aon lá ná tagann daoine nuadha chuige le feabhas na nearraí a bhíonn aige dhá dhíol agus leis an ainm mhór a bhíonn air féin le macántacht. Ní féidir do'n fhear gnótha, mar sin féin, a rádh gur fiú mórán airgid an buidhchas san ag an bpobal air; ach dá mbeadh sé ag éirghe a gnó do dhéanamh, éinne a bheadh ar tí an ghnótha cheannach, ba thoil leis roinnt airgid thar luach an inid ghnótha féin agus na gcórach go léir ann a thabhairt le súil go leanfadh an pobal de'n tseanáit cheannuíachta. Agus cé ná fuil 'sa tsúil sin ag an té ar tí cheannuighthe ach dóchas nó súil le breith a feabhas an duine a bhí ann roimhe, an gnó mór a dheineann tiúsgalaidhe i náit, árduigheann sé go mór luach na háite sin nuair a bhítear ghá dhíol. Mar sin, nuair a tugtar breis is a lomluach ar inead ghnótha deirtear gur ar "Dheighmhéinn" an ghnótha a tugtar an bhreis. Comhairighthear luach na deighmhéinne sin do réir sochair an ghnótha le na trí nó a ceathair de bhliana sar a ndíoltar é. Má's luachmhar an deighmhéinn ar an gcuma san, nuair a éirigheann as an té chuir an gnó go léir ar bun agus a tharraing an pobal go léir chuige; cá hiongna, nuair éiligheann Fear luighe isteach i bpáirt leis an tiúsgalaidhe gur éirigh leis ann, cá hiongna go mbeadh sé go lántoilteanach premium a thabhairt ar an bpáirtíocht. 95. Agus is mar sin do pháirtnéiríbh, leis, nuair iarrann fear eile é leigint isteach 'sa ghnó i bpáirt leó, iarraid ar an nduine nuadh síntiús a thabhairt dóibh ar an gcead san. Coimeádthar nó ní choimeádthar sa pháirtíocht an t-airgead úd a gheibhtear ó'n nduine nuadh, do réir mar is áil leis na seanpháirtnéiríbh. Má choimeádthar é roinntear é ar Ghustal na seanpháirtnéirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha de ghnáth; agus sin mar is Fearr do'n pháirtnéir nuadh, mar bíonn an méid sin gustail 'sa bhreis chun an tiúsgail d'oibriú. Mara gcoimeádthar 'sa ghnó é, ní dheinid na seanpháirtnéirí ach é chur chucha síos 'na spaga dhóibh féin. 96. D'éaghmais an airgid thugann an páirtnéir nuadh mar síntiús nó premium dos na seanpháirtnéiríbh ar é leigint isteach 'sa pháirtíocht, tugann sé airgead eile isteach mar Ghustal, agus gheibheann sé roinnt de shochar an ghnótha do réir an chonnartha a deintear leis, d'éaghmais an Úis ar Ghustal is gnáth a thabhairt do pháirtnéiríbh. 97. Uaireanta eile, i ninead síntiúis d'iarraidh ar an bpáirtnéir nuadh, i dteannta an airgid a thugann sé isteach mar ghustal, is amhlaidh a curtar luach áirithe ar an ndeighmhéinn, agus roinntear luach na deighmhéinne ar ghustal na seanpháirtnéirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha de ghnáth. Is inóide gustal na seanpháirtnéirí an bhreis sin ó'n nDeighmhéinn, agus, mar sin, is móide, dá réir, a sochar as an dtiúsgal i ngach slighe. 98. (a) Sidé Clár na bhFuighlach do réir mar a bhíodar i leabhraibh Eóin Mhic Chormaic, 31/12/'23. Do thoiligh sé chun Tomáis Mhic Ghearailt do ghlacadh mar pháirtnéir 'na ghnó, ach Tomás do dhíol ar an trímhadh cuid de shochar an ghnótha a bheith aige, agus 'na theannta san Gustal do thabhairt 'sa ghnó. Do thoiligh Eóin an míle púnt ar an ndeighmhéinn do choimeád 'sa ghnó. Seo mar a neósfí an sgéal san 'sa Leabhar Chonganta: Airgead Fls. Ó Ghustal Eóin Mhic Chormaic Ó Ghustal Thomáis Mhic Ghearailt B'shin thug Tomás ar an trímhadh cuid de shochar an ghnótha a bheith aige agus thug sé isteach 'sa ghnó mar Ghustal. Agus seo mar a bheadh Clár na bhFuighlach ages na páirtnéiríbh ansan: 99. (b) Do bhí Mícheál Ó Cathail agus Seán de Búrca i bpáirtíocht, leath ar leath, agus sidé a gClár Fuighlach: Do thoiligheadar cun Pádruig Uí Éigcartaigh do ghlacadh mar pháirtnéir, ach Deighmhéinn an ghnótha do luacháil ar agus Pádruig do thabhairt isteach mar ghustal, agus an ceathramha cuid de'n sochar do bheith aige feasta. An chuid eile do roinnt ar na seanpháirtnéiríbh do réir mar a roinntí cheana iad. Seo mar do neósfí san 'sa Leabhar Chonganta: Cúntas na Deighmhéinne Fls. Ó Chts. Gustail Mhíchíl Ó Chts. Gustail Sheáin B'shin é luach na deighmhéinne do réir an chonnartha le Pádruig. Airgead Fls. Ó Chts. Gustail Phádruig Méid an Ghustail do thug Pádruig isteach do réir an chonnartha. Agus seo mar do bheadh a gClár Fuighlach ansan: 100. (c) Uaireanta iarrann an páirtnéir nuadh dímheas do dhéanamh ar cuid d'acfuinn na seanpháirtnéirí tar cheann an Ghustail a thugann sé isteach agus na deighmhéinne a ghabhann leis an ngnó. Mar seo féach: Do bhí Murchadh Ó Briain agus Cormac Mac Cárthaigh i bpáirtíocht le chéile, dhá dtrian de'n sochar age Murchadh agus an trian eile age Cormac. Do thoiligheadar chun Cholmáin Mhic Suibhne do ghlacadh mar pháirtnéir ar na coingíollachaibh seo: an Deighmhéinn do luacháil ar; 10 fé'n gcéad do bhaint mar dhímheas des na fiachaibh aca; 7½ fé'n gcéad do bhaint de luach na Meaisíní agus na nEarraí ar stór aca; 2½ fé'n gcéad do bhaint de luach na bhFoirgneamh; agus Colmán do thabhairt isteach mar ghustal. Seo mar do neósfí sin 'sa Leabhar Chonganta: Cts. na Deighmhéinne Fls. ó Chts. Gustail Mhurchadh Uí Briain ó Chts. Gustail Chormaic Mhic Chárthaigh B'shiné luach na Deighmhéinne do réir an Chonnartha. Gustal Mhurchadh Uí Bhriain Fls. Gustal Chormaich Mhic Chárthaigh Fls. ó Dhímheas ar Fhiachaibh ó Dhímheas ar Mheaisíníbh ó Dhímheas ar Earraíbh ó Dhímheas ar Fhoirgnimh B'siné an dímheas do toiligheadh a dhéanamh ar an Acfuinn. Airgead ó Chts. Gustail Cholmáin Mhic Suibhne B'shiné an Gustal a thug Colmán isteach 'sa páirtíocht. Réidhteach cúntais Gustail Mhurchadh Uí Bhriain. Ó Dhímheas Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Dighmhéinn Réidhteach Cúntais Chormaic Mhic Chárthaigh. Ó Dhímheas Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Dighmhéinn Cúntas na bhFiacha aca. Ó Dhímheas Le Drochfhiacha Le Fuighlach Cúntas na nEarraí Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach Cúntas na Meaisíní Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach Cúntas na bhFoirgneamh Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach Agus sidé Clár no bhFuighlach a bheadh ag an bpáirtíocht nuadh: 101. (d) Uaireanta, téigheann daoine i bpáirtíocht le chéile chun gnótha cheannach. Mar seo, féach: Do chuaidh Seán Ó Dubháin agus Liam Ó Finn i bpáirtíocht, leath ar leath, chun tiusgail Mhuiris Uí Mhadagáin do cheannach. Do ceannuigheadh é ar bhás Uí Mhadagáin agus sidé Clár na bhFuighlach ag taisbeáint Staide an Ghnótha nuair a cailleadh an seantiúsgalaidhe: Do toiligheadh chun a thabhairt ar an ngnó ghá cheannach, a leath ó Sheán Ó Dhubháin agus a leath ó Liam Ó Fhinn. 'Na theannta san, do chuir an bheirt pháirtnéirí an duine isteach 'sa Bhangc i gcóir Gustail oibre an ghnótha do cheannuigheadar, agus do socaruigheadh de thoil a chéile luach na bhFeairistí do luighdiú de, Stór na nEarraí do luighdiú de agus Trosgán na hÓifige do luighdiú de. Dein na hinnsintí nach foláir a chur síos i leabhraibh an chumainn nuaidh agus déin amach Clár na bhFuighlach ag taisbeáint Staid an Ghnótha age Seán Ó Dubháin agus ag Liam Ó Finn i dtosach na páirtíochta. Seo mar a taisbeáinfhí ceannach an ghnótha ins an Leabhar Chonganta: Bithdhílis Foirgneamh ó Sheiceadúirí Úi Mhadagáin ó Bhunchúil i gcoinne Drochfhiacha N.B. - Dob' fhiú an gnó, fé mar a sheasaimh sé, nuair a cailleadh Madagán, 'sé sin, an difríocht idir luach Acfuinne an ghnótha agus méid na bhFiachaisí. Ach do tugadh air, mar sin dob' fhiú an deighmhéinn. Airgead ó Seán Ó Dubháin ó Liam Ó Finn Tugadh an méid sin airgid uatha araon 'sa Bhangc. Seiceadúirí Úí Mhadagáin ó Airgead B'shiné an t-airgead a tugadh ar cheannach an ghnótha. Deighmhéinn ó Feairistí ó Stór na nEarraí ó Trosgán Oifige Feach, ó's fiú an deighmhéinn an difríocht idir luach ceann. uighthe an ghnótha móide méid na bhFiachaisí agus luach na hAcfuinne, (Deighmhéinn = [luach ceannuighthe an ghnótha + méid na bhfiachaisí] — luach na hAcfuinne.) Leanann de sin, má deintear luighdiú ar luach na hAcfuinne, go ndeintear méadú ar luach na deighmhéinne. Agus siné a chúis go gcurtar an dímheas a deineadh ar chuidh de'n Acfuinn mar bhreis leis an nDeighmhéinn. Sidé Clár Fuighlach na páirtíochta taréis na mbearta san: Sgaoileadh Páirtíochta. 102. Nuair a théigheann daoine i bpáirtíocht mar sin d'fhonn praifíde a bhaint a gnó, leanann an pháirtíocht an ghaid do socaruigheadh do réir Connartha na páirtíochta, nó deintear í sgaoileadh tré bhás, nó tré ghealtacht nó tré dhul d'acfuinn duinE des na páirtnéiríbh, i dtreó nach féidir dó a chuid fiacha do ghlanadh. Nó sgaoiltear an pháirtíocht d'aon toil na bpáirtnéirí féin. Pé uair a sgaoiltear an Pháirtíocht, is gnáth acfuinn na páirtíochta do dhíol, agus toradh a díolta do chur chun fiacha na Páirtíochta do ghlanadh ar an gcéad dul síos, agus ansan, má bhíonn aon ghuighlach airgid ar láimh, na hiasachtaí a fuaradh ós na páirtnéiríbh (lasmuigh de'n Ghustal) do dhíol, Gustal na bPáirtnéirí do dhíol, agus ansan an fuighlach do roinnt ar na páirtnéiríbh do réir mar do roinntí sochar agus dochar na Páirtíochta. Má's amhlaidh a cailltear leis an ndíol, deintear "an chreach do roinnt" ar na páirtnéiríbh do réir Connartha na Páirtíochta, agus mara mbíonn a dhóithin Ghustail ag aon duine des na páirtnéiríbh ins an Pháirtíocht chun a chion de'n dochar do shlánú, ní foláir dó breis airgid do thabhairt isteach 'sa ghnó chuige sin. Agus má bhíonn duine aca gan ghustal ar bith, ní foláir dos na páirtnéiríbh eile, ní hamháin a gcion féin de'n dochar do sheasamh, ach cion an duine gan ghustal chomh maith, do réir an Ghustail bheadh aca sa Pháirtíocht. Má théigheann d'acfuinn na Páirtíochta i dtreó nach féidir dóibh a bhfiacha do ghlanadh, ní tugtar aon áird ar na fiachaibh a bhíonn ag dul dos na páirtnéiríbh féin de bhárr iasachtaí do'n pháirtíocht, ach caithfear na fiacha age daoinibh eile ortha do dhíol do réir toradh díolta acfuinne na páirtíochta, agus aon ghiacha a bheadh ortha de bhárr iasachta go ndíoltaí ús air do réir sochair an ghnótha, curtar ceart a néilimh siúd ar gcúl go mbíonn gach éileamh eile sásta. Samhlaíd. 103. (a) Do bhí Pádruig Ó Raghallaigh agus Conall Ó Faircheallaigh i bpáirtíocht, leath ar leath; agus d'aontuigheadar éirghe as an ngnó a bhí aca agus an tiúsgal do dhíol fé mar a sheasaimh sé an t-aonmhadh lá déag ar ghichid de Nodlaig, 1903. Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca an uair sin: Do díolad an léas agus na Feairistí ar Do bailigheadh na fiacha aca agus do fuaireadar. Do díoladh na hEarraí ar cheant agus do fuaradh, taréis gach costais a dh'íoc. Do díoladh na fiacha a bhí ortha agus leigeadh leó 'na locáiste. Do bhí costas díolta ortha. Sidiad na Cúntais nár mhór a dhéanamh amach chun na mbeart san do thaisbeáint: Cúntas an Díolta, Cúntas na bhFiacha ar an ngnó; Cúntais Ghustail na bpáirtnéirí, Cúntas an Airgid. Cuirfead síos anso le hinnsintíbh 'sa Leabhar Conganta cad iad na neithe a cuirfí ins gach cúntas díobh san. Cúntas an Díolta Fls. ó gach Acfuinn (ach an tAirgead). Cúntas an Airgid Fls. Ó Chúntas an Díolta (An méid do fuaradh a díol na nAcfuinn). Cúntas an Díolta Fls. Ó Chúntas an Airgid (An Costas a bhain le díol na nAcfuinn). Cúntas na bhFiacha ar an nGnó Fls. Ó Chts. an Díolta (An locáiste a leigeadh de bhárr na bhfiacha dhíol). Má's fuighlach díoluíachta an fuighlach i gCts. an Díolta, sin sochar. Má's fuighlach fáltais an fuighlach i gCts. an Díolta, sin dochar. Roinntear an sochar nó an dochar ar Ghustalaibh na bpáirtnéirí do réir mar do roinntí sochar agus dochar an ghnótha de ghnáth. Curtar an sochar ar thaobh na ndíoluíacht agus an dochar ar thaobh na bhfáltas. Cúntas na bhFiacha ar an ngnó Fls. Ó Chts. an Airgid (An tAirgead do híocadh ag glanadh na bhFiacha). Cúntais na bpáirtnéirí Fls. Ó Chts. an Airgid (An Fuighlach airgid i gCts. an Airgid is é dhéanfaidh cúntais an Ghustail cothrom.) Sidiad na Cúntais a ghabhann leis an samhlaíd thuas: Cúntas an Díolta. Ó'n Acfuinn Ó Chostas Díolta ó Ghustal Phádruig Ó Ghustal Chonaill Le hAcfuinn: Léas is Feairistí Fiacha aca Stór Earraí le Locáiste Cúntas na bhFiacha ar an nGnó. Ó Chts. an Airgid Ó Locáiste Le Fuighlach Cúntas Gustail Phádruig Uí Raghallaigh Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Le Cts. an Díolta Cúntas Gustail Chonaill Uí Fhairceallaigh Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Le Chts. an Díolta Cúntas an Airgid Ó Fuighlach Ó Chts. an Díolta Le Fiacha Le Costas Díolta Le Cts. na nGustal Feach gur mar a chéile suim an Airgid 'na ghuighlach i gCts. an Airgid agus suim an dá ghustal. 104. (b) Mathún Ó Tuama, Tadhg Ó Mathúna, agus Éamonn Ó Glasáin a bhí i bpáirtíocht agus i ndeire ré na páirtíochta sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca: Do díoladh an gnó, agus do fuaradh des na Fiachaibh aca do bhailiú; do fuaradh ar an Stór Earraí; do fuaradh ar na Meaisínibh; agus ar na Taisgíbh. Do bhí costas ortha 'sa díol. Do réir Connartha na páirtíochta do roinnidís gach sochar is dochar mar seo: cheithre roinn do bheith age Mathún Ó Tuama, trí roinn age Tadhg Ó Mathúna agus dhá roinn ag Éamonn Ó Glasáin. Seo mar a bheadh na cúntais i dtaobh díolta na hAcfuinne agus ghá thaisbeáint conus do roinneadh an chreach eatortha. Cúntas an Díolta Ó'n Acfuinn Ó Chostas Díolta Ó Dhochair anuas Le Fiacha aca Le Stór Earraí Le Meaisíní Le Taisgí Le Dochas síos Le Gustal Uí Thuama Le Gustal Uí Mhathúna Le Gustal Uí Ghlasáin Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Mhathúin Uí Thuama Ó Chts. an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Thaidhg Uí Mhathúna Ó Chts an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Éamuinn Uí Ghlasáin Ó Chts. an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas an Airgid Ó Fuighlach Ó Chts. an Díolta Le Fiacha Le Costas Díolta Le Cts. na nGustal Saghsanna Páirtíochta. 105. Féach go ndeintear Gustal na bPáirtnéirí do luighdiú leis an nDochar a thagann a díol acfuinne páirtíochta. Dá ráineóch go gcaillfí leis an ndíol breis agus an Gustal go léir do bheadh age páirtnéir i dtiúsgal páirtíochta do bheadh air an bhreis sin do dhíol as a mhaoin phríobháidcach. Siné dálta gach páirtíochta i gcoitchinne. Páirtíocht choitcheann a tugtar ar an saghas san páirtíochta, Is féidir do dhuine, ámh, suim áirithe airgid do chur i dtiúsgal pháirtíochta d fhonn cuid de shochar an ghnótha pháirtíochta do bheith aige, agus gan aon éileamh fiacha do bheith air (an páirtnéir teóranta) thar an méid atá curtha aige. Ach, má gheibheann sé aon chuid dá ghustal thar nais, díreach ná neamhdhireach, as an bpáirtíocht, beidh an méid a fuair sé thar nais thíos le fiacha na páirtíochta chomh maith leis an gcuid dá Ghustal do fágadh 'sa ghnó. Agus, má ghabhann sé aon pháirt i mbainistighe an ghnótha, beidh sé thíos le fiacha an ghnótha ar nós aon pháirtnéara choitchinn. Maidir le cúntasaíbh páirtnéara teóranta, ní foláir nóta chur le Cúntas a Ghustail gur páirtnéir teóranta é. Agus aon tsochar nó ús ar Ghustal is leis, ba chóir é chur 'na chúntas phearsanta ('na chúntas reatha) agus gan é chur i gcúntas a ghustail. Ní foláir, nuair a bhíonn páirtnéirí teóranta i bpáirtíocht, duine ar a luighead do bheith 'sa pháirtíocht a bheidh thíos le gach éileamh fiacha a bhaineann leis an bpáirtíocht. 106. (c) Do bhí Aodhagán de Barra agus Donnchadh Ó Floinn i bpáirtíocht, leath ar leath, gustal ag Aodhagán agus gustal age Donnchadh. Do bhí d'fhiachaibh ortha. Dhíoladar an gnó agus fuaradar ar an acfuinn. N.B.-Acfuinn = Fiacha móide Gustal; mar sin Acfuinn (do réir na leabhar) = Seó mar a taisbeánfí an díol agus a thoradh ina leabhraibh: Cúntas an Díolta. Ó Acfuinn Le hAcfuinn Le Chts. na nGustal Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Aodhagáin de Barra Ó Chts. Díolta (Dochar) Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Dhonnchadh Uí Fhloinn Ó Chts. Díolta (Dochar) Le Fuighlach Le hAirgead Cúntas an Airgid Ó Chts. an Díolta Le Chts. na bhFiacha Ó Chts. Ghustail Uí Fhloinn. le Chts. Gustail de Barra Féach gur bh'éigean d' Ó Floinn do thabhairt isteach 'sa pháirtíocht chun a choda féin de'n Dochar do shlánú. 107. (d) Dithneas, Deabhadh, agus Díobháil a bhí i bpáirtíocht le chéile, ag roinnt sochair agus dochair mar seo: a leath age Dithneas, a thrian age Deabhadh, agus an sémhadh cuid age Díobháil. D'éirigheadar as an bpáirtíocht nuair do chuaidh d'acfuinn Díobháil ar fad. Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca an uair sin: Do dhíoladar an acfuinn, agus fuaireadar ar na fiachaibh aca, agus ar an Stór Earraí. Seo mar do taisbeánadh an díol agus a thoradh ina leabhraibh: Cúntas an Díolta Ó'n Acfuinn Le fiacha aca le Stór earraí le Dochar síos Ó'n dochar anuas Le Gustal Dithneas le Gustal Deabhadh Le Gustal Díobháil Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Dithneas Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le Fuighlach Ó Dhochar Díobháil (3/4) Ó Chts. an Airgid Cúntas Gustail Deabhadh Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le Fuighlach Ó Dhochar Díobháil (1/4) Ó Chts. an Airgid Cúntas Gustail Díobháíl Ó'n easnamh Le Gustal Dithneas Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le gustal Deabhadh Cúntas an Airgid Ó'n bhFuighlach Le Fiacha ortha Ó Chts. an Díolta Le Gustal Dithneas Le Gustal Deabhadh Féach gur deineadh easnamh Díobháil agus ar luigh de'n Dochar air do réir Connartha na Páirtíochta, gur deineadh iad do roinnt ar Ghustalaibh Díthneas agus Deabhadh, do réir a raibh de Ghustal ag an mbeirt sin 'sa pháirtíocht. Cleachtadh (Páirtíocht). 1. Do bhí Cathaoir Ó Dochartaigh agus Eóin Ó Néill i bpáirtíocht, leath i bpáirt i ngach sochar agus dochar. Sidé Clár na bhFuighlach aca, 31/12/'14. Sguireadar an pháirtíocht. Fuaradar ar an Acfuinn go léir a bhí aca. Dein réidhteach idir an dá pháirtnéir. 2. Chuaidh Bruadar, Smiot, is Glinn i bpáirtíocht chothrom, d'fhonn gnótha Sheáin Mhic Ghiolla do thógaint idir lámhaibh. Do socaruigheadh an gnó do cheannach, mar a bhí sé 31/12/'14 do réir Clár na bhFuighlach age Seán: Do socaruigheadh do thabhairt do Sheán Mhac Ghiolla ag ceannach an ghnótha. Agus do díoladh isteach 'sa Bhangc ó'n gCumann nuadh, mar seo: ó Bhruadar; ó Smiot; agus Ó Ghlinn. Roimh osgailt leabhar an Chumainn nuaidh, do socaruigheadh an bun cúil le dímheas do chur i gCts. na bhFeairistí is Meaisíní. Dein na gnóthaí sin do thaisbeáint ins na leabhraibh nuadha agus ullmhuigh Clár na bhFuighlach a thaisbeán staid na bpáirtnéirí nuair do thosnuigheadar ar an dtiúsgal nuadh. 3. Do bhí Bruid, Guid, agus Fuadach i bpáirtíocht agus nuair a bhí deire leis an ré pháirtíochta, seo mar a bhí an sgéal aca: Do socaruigheadh éirghe as an ngnó agus é dhíol. Bailigheadh des na fiachaibh a bhí aca ar dhaoinibh eile; fuaradar ar na taisgíbh a bhí aca, agus fuaradar ar na Feairistíbh is Meaisíníbh. Do réir connartha na Páirtíochta, do luighfeadh gach Sochar is Dochar a Tráchtáil nó a Díol na nAcfuinn, péaca aca san é, ar gach páirtnéir do réir an Ghustail a bheadh aige 'sa ghnó. Do bhain costas le díol an ghnótha, agus rl. Ó'n eólas san, ullmhuigh Cúntas an díolta, agus Cúntas Gustail na bPáirtnéirí. 4. Do bhí Dicheall agus Dúthracht i bpáirtíocht; Gustal age Dicheall, agus Gustal age Dúthracht, Ghlacadar de thoil a chéile an tríomhadh páirtnéir, Díograis le; a cheathramha san le háireamh mar dhíoluíacht a Deighmhéinn le cur leis an nGustal, a bhí aca araon 'sa ghnó cheana, do réir a raibh aca, fá seach, mar Ghustal. Conus a dhéanfí Sochar an ghnótha do roinnt, i dtreó go bhfaghadh gach páirtnéir a chion féin de do réir an Ghustail a bhí aige ann? 5. Do chuaidh Mac Aodha i bpáirtíocht le hÓ Briain is Mac Craith, agus do thoiligh sé chun do dhíol ar an nDeighmhéinn, ar choinghill go bhfágfaí an t-airgead 'sa ghnó, agus 'na theannta san, chuir sé 'sa ghnó mar Ghustal. Páirtnéirí leath i bpáirt dob' eadh Ó Néill is Mac Craith, agus seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca, nuair a ghabh Mac Aodha páirt leó: Níor bh'fholáir le Mac Aodha an Stór Earraí do luacháil ar agus dímheas 10 fé'n gcéad agus 5 fé'n gcéad a bhaint de luach Feairistí is Meaisíní agus Bithdhílse na bhFoirgneamh, fá seach, agus an oiread céadna do bhaint dá luach san araon ar an ráta gcéadna i naghaidh na bliana feasta. Thoiligheadar Ó Néill agus Mac Craith chuige sin ach buncúil i naghaidh na nDrochfhiacha do chur síos mar rud gur thoiligh Mac Aodha chuige. Taisbeáin Clár na bhFuighl ach ag an bPáirtíocht nuadh agus abair cad í an roinnt de'n Sochar nó de'n Dochar a gheobhadh Mac Aodha. 6. Sid é Clár na bhFuighlach a leabhraibh Chonchubhair Uí Loingsigh agus Mhichíl Uí Bhaoighill a bhí i bpáirtíocht le chéile: Sgaoilid an pháirtíocht agus bainid a díol na hAcfuinne. Ullmhuigh cúntas a thaisbeánfaidh cad a bhí aca de bhárr na páirtíochta do sgaoileadh. 7. Ruaidhrí Ó Seachnasaigh agus Art Mac Giolla Muire a bhí i bpáirtíocht, trí roinn age Pádruig agus dhá roinn ag Art de'n Sochar agus de'n Dochar. D'aontuigheadar éirghe as an bpáirtíocht agus an acfuinn do dhíol. Sidé Clár na bhFuighlach aca do réir a leabhar: Ní bhfuaradh ach ar an Acfuinn eile agus ar an nDeighmhéinn 'sa Díol; agus do bhain costas leis. Taisbeáin na cúntais go léir a bhaineann le sgaoileadh na páirtíochta. 8. Do bhí Tadhg agus Domhnall Ó Bruic i bpáirtíocht, agus d'aontuigheadar éirghe aisti. Do fuaradh ar an Acfuinn nuair a díoladh í. Do bhí Gustal age Tadhg agus Gustal age Domhnall. Do thug Domhnall ar iasacht do'n pháirtíocht leis; agus atá fiacha ortha. Gheibheann Tadhg trí ceathramhna de'n sochar agus Domhnall an chuid eile. Taisbeáin na cúntais go léir a bhainfeadh le sgaoileadh na páirtíochta. 9. Do ghlac Diarmuid Cróchán mar pháirtnéir i dtosach na bliana. D'aontuigheadar de thoil a chéile na luacha so síos do chur ar Acfuinn an ghnótha a bhí age Diarmuid roimhe sin: Bithdhílis na bhFoirgneamh Feairistí is Trosgán Stór Earraí Fiacha aca Airgead ar láimh Do bhí d'fhiachaibh ar an ngnó agus fiacha ag an mBangc air. Do réir Connartha na páirtíochta, do dhíol Cróchán leis an mBangc, agus cuireadh de chun creidiúna Dh@rmuda, mar cheannach ar leith na deighmhéinne. Tabhair innsint ar na bearta san 'sa Leabhar Chonganta agus taisbeáin an Clár Fuighlach a deineadh amach ansan. 10. Do chu@dh Tomás Ó Cúáin agus Gearóid Ó Caoimh i bpáirtíocht le chéile lá Coille, 1905; do bhí mar GhustaL age Tomás agus gan aon rud age Gearóid. Do réir Connartha na Páirtíochta, do socaruigheadh go bhfaghadh Tomás Ó Cúáin 5 fé'n gcéad mar Ús ar a Ghustal roimh an sochar do roinnt eatortha, trí roinn age Tomás agus dhá roinn ag Gearóid. An t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na No@lag, 1909, d'aontuigheadar de thoil a chéile éirghe as an bPáirtíocht, agus seo mar a bhí an gnó: Fiachaisí Acfuinn Fiacha ortha Fiacha aca Iasacht Airgid Stór Earraí Fuighlach Cts. Sochair agus Dochar Meaisíní, agus rl. Cúntais na dTarrac: Sochar na bliana Tomás Ó Cúáin Gustal Thomáis Gearóid Ó Caoimh Níor cuireadh aon ús le gustal Thomáis ó thosach na páirtíochta. Ní gádh aon ús ar tharrac ná ar shochar nár roinneadh d'áireamh. a bailigheadh des na fiachaibh aca; fuaradh ar an Stór Earraí; agus fuaradh ar na Meaisíníbh. Do fuaradh ar Dheighmhéinn an Tiúsgail. Do bhí costas ar dhíol an ghnótha, agus do glanadh na f@cha go léir. Ní foláir an t-ús ar ghustal Thomáis do chomhaireamh ar a Ghustal bun@dh ach ní gádh ús ar ús do chur 'sa chúntas. Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirtíochta. 11. Do bhí Piaras Mac Gearailt, Conn Ó Coileáin agus Gearóid Ó Muirthile i bpáirtíocht; dhá roinn de'n Sochar nó de'n Dochar (péaca aca san é) age Piaras, dhá roinn age Conn agus roinn age Gearóid. Do sgaoileadh an pháirtíocht, 31/12/1909, agus sidé Clár na bhFuighlach aca an lá san: Fiachaisí Acfuinn Gustal Mhic Ghearailt Uí Choileáin Fiacha aca ar Ó Mhuirthile ar dhaoinibh eile Iasachtaí Mic Gearailt Uí Choileáin Gach Acfuinn Airgead ar láimh Fiacha ortha Iasacht ó'n mBangc Do bhain costas le sgaoileadh na páirtíochta. Do cheannuigh Mac Gearailt an gnó, agus thug sé ar an Acfuinn, agus ar an nDeighmhéinn. Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirt íochta. 12. Do ghlach Seanán Mac Conmara agus Partholán Mac Uaith bainisteoir a dtiúsgail, Murchadh Ó Briain, mar pháirtnéir. Roinn chothrom leó féin do bheith aige i sochar agus i ndochar an ghnótha, ach gan é do thabhairt aon ghUstail isteach 'sa ghnó, agus, i gcás na páirtíochta do sgaoileadh, gan aon teidiol aige i dtaobh na deighmhéinne, ach an teidiol go léir chúichí sin do bheith ages na seanpháirtnéiríbh, leath ar leath. Do toiligheadh d'aon aontadh an tiúsgal do dhíol agus sidé Clár na bhFuighlach do deineadh ag taisbeáint staid an ghnótha: Fiachaisí Acfuinn Fiacha ortha Sealbhas is Córacha Cúntais Gustail Mac Conmara Fiacha aca Stór Earraí Mac Uaith Airgead agus billí Cúntais phearsanta na bPáirtnéirí ar Ús nár baineadh agus ar Sochar: Mac Conmara Mac Uaith Ó Briain Do díoladh an gnó mar a sheasaimh sé, agus do sgaoileadh an pháirtíocht. Do fuair an ceannuidhtheóir an Acfuinn go léir, agus do ghabh sé air féin na fiacha ar an ngnó do dhíol agus d'íoc leis na páirtnéiríbh air. Ins an díol do tógadh luach an tSealbhais agus na gCóracha ar an Acfuinn eile mar a dubhradh i gClár na bhFuighlach agus an chuid eile de'n airgead a tugadh ar an nDeighmhéinn. Dein amach na cúntais go léir le díol na páirtíochta. 13. Seán, Domhnall, Diarmuid agus MíCheál a bhí i bpáirtíocht, agus na gustail seo aca fá seach, agus 7/25 dé'n Sochar is Dochar age Seán, 4/25 age Domhnall, 6/25 age Diarmuid, agus 8/25 age Mícheál. Do sgaoileadh an pháirtíocht agus taréis a bhfiacha (fiacha na páirtíochta) d'íoc, do díoladh Acfuinn an tiúsgail agus do fuaradh ortha. Do bhí Domhnall go beó bocht agus gan aon acfuinn dá Chuid féin i naon chor aige. Dein amach na cúntais go léir a bhain le sgaoileadh na páirtíochta. 14. An t-aonmhadh lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag do bhí an Acfuinn seo age Diarmuid Ó Síothcháin. Fiacha aige; Trosgán agus feairistí; Airgead 'sa Bhangc, Do bhí d'fhiachaibh air. Do ghlach sé Séamus Ó Riain mar pháirtnéir agus do thug sé dhó an trimhadh cuid de'n Sochar is Dochar ar na coinghíollachaibh seo: (a) Cead do bheith age Diarmuid Ó Síothcháin do tharrac as an ngnó 'na chóir féin; agus go dtí go ndéanfadh amhlaidh an méid sin airgid d'áireamh mar iasacht ag an bpáirtíocht. (b) Deighmhéinn do luacháil ar. (c) Séamus Ó Riain d'íoc mar ghustal 'sa ghnó. Tabhair innsint ar an socarú san 'sa Leabhar Chonganta, agus sgríobh síos Clár na bhfuighlach mar a bheidís i dtosach na páirtíochta, nuair a bheadh na íocta isteach 'na Ghustal age Séamus. 15. Séafraidh Ó Conaill, Deaglán Paor agus Colm Ó Máille a bhí i bpáirtíocht agus na gustail seo aca fá seach Do réir Connartha na Páirtíochta do leigtí 5 fé'n gcéad mar ús ar ghustal aca, agus do deintí Sochar agus Dochar an ghnótha do roinnt mar seo: Ó Conaill 1/2 an, Paorach, 1/3, agus Ó Máille 1/6. Thug Ó Conaill iasacht do'n pháirtíocht ar ús 6 fé'n gcéad, agus thug an Paorach iasacht ar an ráta gcéadna. Tá an tús ar Ghustal agus ar iasachtaíbh ó pháirtnéiribh díolta. Do haontuigheadh an pháirtíocht do sgaoileadh 30/6/1910. Seo mar do bhí na fiachaisí (seachas a raibh ag dul dos na páirtnéiríbh) agus an Acfuinn aca an uair sin Do díoladh an tiúsgal mar do bhí sé taréis dímheas do bhaint de'n Acfuinn mar seo: Meaisíní, 10%; Úirlisí, 20%; Fiacha aca, 15%; ach do cuireadh luach ar an ndeighmhéinn. Dein na cúntais go léir a bhaineann le díol an tiúsgail. 16. Feargus Ó Conchubhair agus Amhlaoibh Ó Bruadair a bhí i bpáirtíocht ag díol is ag ceannach olna, agus na Gustail seo aca fá seach. D'aontuigheadar cliamhain Fhearguis Uí Chonchubair, Liam Ó Ríordáin (a bhí i mbun ghnótha dá chuid féin), do ghlacadh mar pháirtnéir, agus an triúr aca do bheith ar cothrom 'sa pháirtíocht ar na coinghíollachaibh seo: (a) Gnó Uí Ríordáin do ghabhail taréis a Stóir Earraí do luacháil ar; Trosgán Oifige; agus bithdhílis Foirgneamh. (b) Ó Conchubhair do thabhairt oirid dá chliamhain ó na Ghustal féin agus a dhéanfaidh gustal a chliamhna agus gustal Uí Bhruadair cothrom. (c) Ó Bruadair agus Ó Ríordáin do thabhairt seiceanna dó Conchubhair a dhéanfadh gustal gach duine de'n triúr cothrom. Tabhair innsint ar na coinghíollachaibh sin 'sa Leabhar Chonganta agus dein amach Cúntais Ghustal an Trír. 17. Tá Liam Ó Duinnshléibhe agus Séamus Ó Briain i bpáirtíocht ag díol guail, Sochar agus Dochar an ghnótha dá roinnt ortha go cothrom. 31/12/'07, do bhí ag Ó Duinnshléibhe gustal agus ag Ó Briain Gustal 'sa ghnó, do bhí ag an uair gcéadna na fiachaisí agus an acfuinn seo: Trosgán Oifige agus Córacha; Trucaillí; Fiacha ortha; Airgead 'sa Bhangc; Cairtí, Feairistí, is Capaill; Fiacha aca; Airgead ar láimh; Stór Guail. D'aontuigheadar Tomás Ó Tuama do ghlacadh mar pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo: (a) Sochar agus Dochar na páirtíochta do roinnt mar seo: Ó Duinnshléibhe 2/5, Briain 2/5, agus Ó Tuama 1/5. (b) Ó Tuama do thabhairt isteach 'sa páirtíocht na bhfiacha a bhí aige ar dhaoinibh eile (ach 5 fé'n gcéad a bhaint díobh i gcoinne drochfhiacha). (c) Deighmhéinn ghnótha Uí Thuama do luacháil ar. (d) Gustal do bheith ag Ó Tuama 'sa pháirtíocht (agus luach na hAcfuinne a bhí aige d'áireamh), agus é do thabhairt an fhuighlaigh isteach nuair a bheadh sé ag síghneáil Connartha na páirtíochta an chéad lá d'Eanair. Do haontuigheadh leis idir Ó Duinnshléibhe, Ó Briain agus Ó Tuama na hathruithe seo do dhéanamh ins an Clár Fuighlach ages na seanpháirtnéiríbh: (a) Na Trucaillí do lUacháil ar, agus na Cairtí, Feairistí is Capaill ar. (b) 7½ fé'n gcéad do bhaint des na fiachaibh aca i gcoinne Drochfhiacha. (c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar. (d) Oiread do íoc le Liam Ó Duinnshléibhe as an Airgead 'sa Bhangc ag an seanpháirtíocht agus do dhéanfadh Gustail na seanpháirtnéirí cothrom. Tabhair innsint 'sa Leabhar Chonganta ar na coinghíollachaibh sin, agus Dein Clár Fuighlach amach a thaisbeánfaidh staid na páirtíochta nuaidhe 1/1/'08. 18. Éamonn Ó Luacháin agus Mathúin Ó Conaire a bhí i bpáirtíocht, an Sochar agus an Dochar dá roinnt mar seo: dhá dtrian ag Éamonn agus trian ag Mathún. Seo mar a bhí an sgéal aca 31/12/'08: 1/1/1909, do ghlacadar Cormac Mac Diarmuda mar pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo: (a) Sochar agus Dochar do roinnt mar seo: 3/6 ag Éamonn, 2/6 ag Mathún, 1/6 age Cormac. (b) Cormac do thabhairt isteach mar ghustal. (c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar chun creidiúna na seanpháirtnéirí. (d) Neart do bheith do Éamonn d'á ghustal do tharrac lá Coille, 1909. (e) Cormac d'ghághail 'sa bhliain mar thuarasdal as Sochar an ghnótha. (f) Ús ar Ghustal ag gach páirtnéir 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. (g) Gan aon ús ar Tharrac d'iarraidh. (h) Neart do bheith do ghach páirtnéir an mhí do tharrac i gcoinne sochair an ghnótha (i gcás Chormaic, an tarrac san do bheith i gcoinne sochair agus tuarasdail). Do bhí Sochar 'sa bhliain 1909 roimh Thuarasdal Chormaic ná ús ar Ghustalaibh do chur i gCúntas. Tabhair innsint ar Chonnradh na Páirtíochta nuaidhe 'sa Leabhar Chonganta; dein amach Clár Fuighlach a thaisbeánfaidh Staid na Páirtíochta nuaidhe 1/1/'09, agus taisbeáin Cúntais Ghustail na bPáirtnéirí go léir i ndeire na bliana 1909. 19. Do bhí Seán Mac Seóin i ndeire a choda agus d'ullmhuigh sé an fháisnéis seo síos ar staid a ghnótha: Do ghabh Séamus Ó Briain páirt leis ar na coinghíollachaibh seo: An Stór Earraí do luacháil ar; na lorrithe ar; na Fiacha ag dul dó chomhaireamh ar; Ó Briain do dhíol 'na phremium ar theacht isteach 'sa pháirtíocht le Mac Seóin, agus an t-airgead d'fhanúint 'sa tiúsgal mar ghustal age Mac Seóin; Ó Briain do thabhairt isteach 'sa ghnó mar ghustal aige féin Do híocadh an iasacht ó A. B. agus de'n iasacht ó'n mBangc. Dein an Clár Fuighlach a thaisbeánfadh staid na páirtíochta taréis na gcoinghíollacha seo do chóimhlíonadh. 20. Ó Fiannachta, Ó Séaghdha is Ó Súilleabháin a bhí i bpáirtíocht, ag roinnt sochair is dochair mar seo: cheithre roinn age Ó Fiannachta, trí roinn ag Ó Séaghdha is aon roinn amháin ag Ó Súilleabháin. Do chuaidh an bheirt eile i nurús air le hó Súilleabháin go bhfaghadh sé ar a luighead a sochar an ghnótha. Anuiridh do bhí sochar aca. Taisbeáin le cúntas cad do fuair gach páirtnéir fé leith dhíobh. 21. Do bhí Liam Mac Gabhann is Tomás Mac Seóin i bpáirtíocht, dhá dtrian de'n sochar age Mac Gabhann agus an trian eile age Mac Seóin. D'aontuigheadar éirghe as an ngnó an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag. Sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca an lá san. Do dhíoladar an Acfuinn mar seo: Stór Earraí ar; Meaisíní ar; agus bailigheadh des na fiacha a bhí aca ar dhaoinibh eile. Do bhí fiachaisí ortha de bhárr cíosa is neithe eile nár áirmhigheadh i gClár na bhFuighlach thuas, Do bhí chostas ag baint leis an ndíol. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an ndíol agus taisbeáin cúntais ghustal na bpáirtnéirí. Fionntar Páirte. 108. Uaireanta i ninead dul i bpáirt i gcúrsaíbh gnótha go coitcheann, téigheann beirt nó triúr nó níos mhó i bpáirt d'fhonn sochair a bhaint a beart áirithe gnótha. Chíd uatha go mbeid éileamh thar bárr ar earra áirithe i náit éigin fé cheann i bhfad, cuir i gcás, agus mar sin, ó tá a lán de'n earra sin le fághail saor i láthair na huaire sin, téighid i bpáirt le chéile chun bertha ar úrla ar an uain, agus chun sochair an bhirt do bhaint amach dóibh féin: nó ceannuighid sgaranna i gcuallacht nuadh, agus díolaid iad ar an margadh is aoirde; nó gheibhid smacht ar loingeas go ceann tamaill chun luighte isteach ar thráchtáil idir dhá thír; nó deinid aon ní eile mar sin chun sochair a bhaint as. Deinid an sochar nó an dochar (má's amhlaidh sin dó) agus na costais go léir a bhainfeadh leis do roinnt ar a chéile do réir coinghíollacha áirithe. Bíonn iaracht de chontabhairt i na leithéid de ghnó i gcomhnuidhe, agus, dá bhrigh sin, tugtar "Fionntar Páirte" ar an gcúrsa. Ní ghanann an pháirt ach le linn an fhionntair, agus, mar sin, ní tugtar "páirtíocht" ar an gceangal gnótha eatortha; ach, bíonn a rogha aca na cúntais a bhaineann leis an bhfionntar páirte do chur síos, (a) Mar a déanfí le cúntasaíbh páirtíochta, nó, neachtar aca, (b) Mar a déanfí le cúntasaíbh an duine aonair. 109. (a) Cuirid suim áirithe airgid leis an ngnó mar a cuirfí Gustal leis an bpáirtíocht, agus do bheadh na cúntais seo aca: Cúntas Gustail i gcóir gach duine 'sa bhFionntar, cúntas fé leith do'n Fhionntar féin, Cúntas an Airgid pháirte 'sa bhfionntar. I na leithéid sin de chás, bheadh leabhair fé leith i gcóir an Fhionntair Pháirte. Agus seo mar a déanfí na cúntais sin do sgríobhadh: Cúntas Airgid An Fhionntair Pháirte Fls. Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair. An méid airgid a chuireann gach duine aca 'sa bhFionntar.) Cúntas an Fhionntair Pháirte Fls. (1.) ó Chts. Airgid an Fhionntair Pháirte. (11.) ó Chts. Gustail gach duine de lucht an Fhionntair. (1. Ceannach na nearraí; 11. Na costais do dhíol gach duine fé leith de lucht an Fhionntair.) Cúntas Airgid na Páirte Fls. Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte. (Toradh díolta an Fhionntair). Cts. an Fhionntair Pháirte Fls. Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair. (Roinnt Sochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir mar socruigheadh). Cúntais Ghustail lucht an Fhionntair Fls. Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte. (Roinnt Dochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir mar socruigheadh). Cúntais GhUstail lucht an Fhionntair Fls. Ó Chúntas Airgid an Fhionntair Pháirte. (Aisíoc an airgid do chuir gach duine de lucht an Fhionntair i dtosach agus an fuighlach airgid do bhí ann de bhárr an Fhionntair, aisíoc an airgid sin go léir ar lucht an Fhionntair fá seach.) 110. (b) Na daoine ghabhann páirt 'sa bhFionntar, ní thughaid aon airgead isteach ann, 'sé sin, ní bhíonn aon "Chúntas Airgid i bpáirt" aca; ach, is, amhlaidh a dheinid cúrsaí an Fhionntar do roinnt, cuid de'n cheannac is de'n díol dhá dhéanamh age gach duine aca, nó, b'fhéidir, an ceannach go léir age duine, agus an díol go léir age duine eile; agus gach duine dhíobh ag díol na gcostas a bhaineann le na chuid féin de'n ghné. Coimeádann gach duine aca cúntas ar gach pinginn a chaitheann sé leis an bhFionntar agus ar gach pinginn a gheibheann sé dá bhárr; agus, ar ball, nuair a bhíonn deire leis' mar ghnó, tagaid go léir le chéile agus deinid cúntas an Fhionntair do sgríobhadh ós na cúntasaíbh do choimeád gach duine aca' fá seach, ina leabhar féin, agus roinnid an s-ochar nó an dochar do réir mar a socaruigheadh eatortha ar dtuis. Coimeádann gach duine aca na cúntais seo 'na leabhraibh féin: Cúntas an Fhionntair le na leithéid seo (le na leithéidibh seo); agus Cúntas le haghaidh gach duine do bhí ins an bhFionntar leis. Seo mar do sgríobhfaí na cúntais sin:Cúntas an Fhionntair Fls. Ó Chts. an Airgid (Ceannach adhbhair an Fhionntair nó costas an Fhionntair., Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. an Fhionntair. (Torad díolta adhbair an Fhionntair.) Cúntas éinne eile a bhí 'sa bhfionntar Fls. Ó Chts. an Airgid, (Aon Airgead a tabharfaí dhó.) Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. éinne eile a bhí 'sa bhFionntar. (Aon airgead a gheobhfaí uaidh.) Seachas na cúntais áirmhighthear ins na haltaibh sin (109, 110) do bheadh cúntais eile, dá mba ar cáirde a déanfaí. ceannach agus díol adhbhair an ghionntair, agus i leabhraibh an Fionntair Pháirte, nuair a coimeádthar iad do bheadh cúntais fé leith i gcóir na gcostas, chun an dá innsint do thabhairt ortha, rud nach foláir a dhéanamh i gcomhnuidhe. Samhlaíd. 111. Conn Ó Cinnéide agus Ciarán Ó Floinn a chuaidh i bhFionntar Páirte d'fhonn last adhmaid a cheannach is a dhíol. Do chuireadar araon isteach 'sa Bhangc i gCúntas páirte, agus trí lá 'na dhiaidh sin do cheannuigh Ó Floinn an t-adhmad ar le seic ar an gCúntas páirte, agus do dhíol sé as a phóca féin na costais seo: taisteal; Iomchar an adhmaid abhaile ó'n luing; postacht, agus rl; coimisiún, Do díoladh an t-adhmad go léir ar. Sidiad na cúntais do bheadh ar an ngnó aca: Cúntas an Fhionntar Páirte. Ó Cheannach an Adhmaid d Ó Chostas Taistil Ó Chostas iomchair Ó Phostacht Ó Choimisiún Ó Sochar chumn Ó Sochar Chiaráin Le díol an Adhmaid Cúntas Gustail Chuinn Uí Chinnéide. Ó'n mBangc Le Bangc Le Sochar Cúntas Gustail Chiaráin Uí Fhloinn Ó'n mBangc Le Bangc Le Costas Fionntair Le Sochar Cúntas an Airgid Pháirte 'sa Bhangc Ó Ghustal Uí Chinnéide Ó Ghustal Uí Fhloinn Ó Dhíol an Fhionntair Le ceannach Adhmaid Le Fuighlach N.B. - Féach gurab ionann Fuighlach cúntais an Airgid Pháirte agus suim an dá ghuighlach ins na cúntasáibh Gustail. 112. Do chuaidh Liam Ó Dálaigh agus Tadhg Ó Braonáin leath i bpáirt chun fíonta do cheannach age ceant agus sochar a bhaint as a ndíol. Do cheannuigh Liam iad ar agus d'íoc sé táillí an cheantóra. Do thug Tadhg dó ansan. Do bhí seaneólas age Tadhg ar ghnó na bhfíonta dhíol agus mar sin, do ghabh sé air féin iad do dhíol ar choimisiún 2½ fé'n gcéad. D'íoc sé na costais seo: Iomchar an fhíona abhaile; fograíocht; postacht. Do dhíol sé na fíonta go léir ar. Taisbeáin na cúntais do choimeád gach duine aca ar an ngnó agus an Cúntas do deineadh amach ar an bhfionntar pháirte. Seo mar a bheadh na cúntais: I Leabhraibh Liam Uí Dhálaigh. Cúntas an Fhionntar Pháirte le Tadhg Ó Bráonáin Ó Cheannach Fíonta Ó Tháillíbh Ceantóra *Ó Chostais Uí Bhráonáin *Ó Sochar Uí Bhráonáin *Ó Sochar agam féin *Le Díol na bhFionta Cúntas Thaidhg Uí Bhráonáin *Ó Dhíol na bhFíonta Le hAirgead *Le Costais an Fhionntair *Le Sochar an Fhionntair Le Fuighlach (an móid airgid le fághail uaidh) I Leabhraibh Thaidhg Uí Bhráonáin Cúntas an Fhionntar le Liam Ó Dálaigh Ó Iomchar na bhFíonta Ó Fhógraíocht Ó Phostacht Ó Coimisiún *Ó Cheannach Fíonta *Ó Tháillíbh Ceantóra *Ó Sochair Uí Dhálaigh *Ó Sochair agam féin Le Díol na bhFíonta Cúntas Liam Uí Dhálaigh Ó Airgead Ó Fuighlach (an méid airgid atá le tabhairt dó) Ó Cheannach na bhFíonta Ó Tháillíbh Ceantóra Ó Iomchar na bhFíonta Ó Fógraíocht Ó Coimisiún Ó Phostacht Ó Sochar Uí Dhálaigh Ó Sochar Uí Bhráonáin *Le Ceannach na bhFíonta *Le Táillíbh Ceantóra *Le Sochar an Fhionntair Le Díol na bhFíonta *Sidé Cúntas an Fhionntair Pháirte mar a dhéanfí amach é 'sa deire. Cleachtadh. 1. Do cheannuigh Séamus agus Fionán i bpáirt sgar i gCuallacht ar an ceann, móide costais Chuir Séamus trian agus Fionán dhá dtrian de'n airgead i gCúntas Airgid Pháirte a bhí aca 'sa Bhangc. Do díoladh 600 sgar ar an ceann lughaide costais agus do díoladh ar lughaide costais. Do roinneadar eatortha ar fhan aca gan díol des na sgarannaibh, agus sochar/dochar an fhionntair do réir an airgid chuireadar 'sa cheannach i dtosach. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar pháirte. 2. Do bhí Aindrias agus Brian i bpáirt 'sa sgéin, seo, dhá dtrian de'n sochar do bheith age Aindrias agus an trian eile age Brian. Do thoiligheadar dul i nurrús ar sgar i gCuideachtain do dhíol ar pár, ar an sgar, ar choinghíll go bhfaighdís féin ó'n gCuideachtain sgar i naisge. Thug Aindrias an tairgead i gcóir na gcostas so: Clárú agus Táillí; Fógraíocht; Clódóireacht agus Fáisnéisí Thug Brian an tairgead i gcóir na gcostas so: Cíos Oifige; Rúnaidhe; Mionairgead agus Ilneithe; Stampaí; Dligheadóirí. Níor díoladh sgar dhe'n chéad míle sgar a ghcalladar a dhíol, agus do réir mar do bhí socair aca,, d'íoc Brian as an méid nár díoladh. Fuaireadar sgar ó n gCuideachtain. Do dhíol Aindrias agus Brian na sgaranna go léir ar an sgar lughaide muirear an sgar. Fuair Brian an toradh glan a agus fuair Aindrias an chuid eile. Dein amach na cúntais go léir a bhain leis an bhfionntar Pháirte, agus taisbeáin an méid do dhíol Aindrias le Brian 'sa deire ag cothromú an sgéil. 3. Do cheannuigh Mathún, Eóin agus Seán' tonna d'iarann ar an tonna. Do thug Mathún; do thug Eóin a ghlacadh le bille trí mhí ar, agus do malartuigheadh an bille ar locáiste; do thug Seán an fuighlach i nairgead. Fuair gach duine 'sa bhfionntar ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar an airgead a chuir sé 'sa bhfionntar go dtí go raibh deire leis an bhfionntar páirte. Do socaruigheadh Sochar/Dochar an ghionntair do roinnt (taréis an úis ar an airgead Úd d'íoc) eatortha do réir an airgid do chuir gach duine aca 'sa ghnó i dtosach. Choimeádadar an t-iarann go ceann sé mhí, agus ansan do dhíoladar é ar. Dein amach na cúntais a bhaineann leis an bhfionntar do réir Connartha an ghionntair. 4. Do shocruigh Seán Ó Dubháin agus Éamonn Mac Gearailt ar adhmad do cheannach i dtír na Lochlann agus é thabhairt anso isteach dá dhíol. D'osgladar 1/5/'14 Cúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc, 'nar chuir ó Dubháin, agus Éamonn Mac Gearailt. Do thoiligheadar an sochar nó an dochar do roinnt do réir an airgid do chuireadar 'sa bhFionntar Chuireadar chun a dtimthire ansúd chun díol as an adhmad do ceannuigheadh ann, agus 'na dhiaidh sin céad púnt eile ag glanadh a chúntais sin. Do híocadh costas iomchair is urrúis is muirear a churtha i dtír, i bhfus. 31/12/'04, do bhí glan fachta aca as reic an adhmaid i dtreó go bhfuaradar araon thar nais (gan ús d'áireamh) an t-airgead a chuireadar 'sa bhfionntar lá Bealtaine. Chun deire chur le gnó ann Fhionntair ansan, do ghabh Ó Dubháin chuige féin ar fhan de'n adhmad gan díol ar agus do íoc sé seic ar an méid sin isteach 'sa Chúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc aca. An mór d'ghág san aca le roinnt mar shochar, agus conus do roinneadh é idir an bheirt do réir an chonnartha eatortha? 5. Do chuaidh Seán Ó Duinn agus Cróchán Ó Murchadha leath i bpáirt d'fhonn innil d'fhéabhsú le hionchas go ndíolfaí é le Cuallacht. Do socaruigheadh eatortha gan aon ús ar Ghustal do dhíol roimh thoradh an fhionntair do roinnt. Thug Ó Duinn agus Ó Murchadha le haghaidh costas na bhféachaint; do thoiligh Ó Murchadha oibriú i naisge. Taréis na bhféachaint, ba ghádh a dhéanamh, fuaradh gur caitheadh le costas na hoibre. Do thug Ó Duinn eile ansan, agus d'íoc ó Murchadha a táillíbh páitinte, agus rl. Do díoladh an t-inncall le Cuallacht ar airgid, agus ar sgar púint 'sa Chuallacht. Nuair do sgaoileadh an pháirt, do thoiligh Ó Murchadha an stór adhbhair do thógaint ar an luach agus aon fhiachaisí ar an bpáirt d'íoc. Do thoiligh Ó Duinn na sgaranna do thógaint ar. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar Páirte. R.S.A. 6. Do chuaidh Mac Sainnte agus Ó Dothail i bpáirt i bhFionntar le té do cheannach is do dhíol. An sochar do roinnt mar seo: a dhá dtrian age Mac Sainnte agus an trian ag Ó Dothail. Ús 5 fé'n gcéad le linn an Fhionntair do thabhairt ar an airgead a thabharfadh gach duine de'n bhcirt 'sa bhFionntar. Lá Coille, 1916, do chuir Mac Sainnte i gCúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc, agus do thíig Ó Dothail a ghlacadh le bille dhá mhí ar a malartuigheadh ar locáiste 6 fé'n gcéad. Do ceannuigheadh té an trímhadh lá d'Eanair, luach Do cuireadh last de, luach, go Nuadh-Eabhrach, 5/1/1916, agus do híocadh air a muirearaibh seólta, agus rl., is urrús. Do dhíol a dtimthire thall i nAmcrica an t-ualach san ar lughaide muireara, agus coimisiún 2½ fé'n gcéad. Do fuaradh bille iníoctha ar amharc i gCorcaigh an deichmhadh Lá d'Feabhra ar an méid sin. Do cuireadh ar fhan de'n té gan díol aca anonn go hAmerica, 21/1/1916, agus do bhí costas urrúis is uile. air. Do cuireadh an long go tóin puill le torpédó agus do cailleadh a raibh ar bórd uirthi. An tochtmhadh lá fichead de Fheabhra, do fuaradh an t-urrús ar an dté, agus ansan do dúnadh leabhair an Fhionntair Pháirte. Dein amach na cúntais go léir a bhaineann leis an bhfionntar Pháirte. R.S.A. 7. An dara lá de mhí na Nodlag, cheannuigh Muinntir Bhillington is a gclann mhac (i bpáirt le Muinntir Thuathaigh) Ó Chumann Tráchtála na Lochlann, Stabhanger, last adhmaid ar glan. Nlg. 4. Fuair Muinntir Bhillington Ó Mhuinntir Thuathaigh, seic ar a gcion san de chostas an adhmaid. 5. Thug Muinntir Bhillington an tseic do thimthire an Chumainn Tráchtála, agus ghlacadar bille mí ar an bhFuighlach. 15. Dhíol Muinntir Bhillington an t-adhmad go léir le Cuallacht Tighthe dhéanamh ar glan (an t-airgead d'ioc i gcionn 14 lá). 15. D'íocadar le hairgead caithteachais a bhain leis an bhFionntar Páirte. 29. Fuair Muinntir Bhillington an tseic úd ar. 31. Chuir Muinntir Bhillington is a gclann mhac le Muinntir Thuathaigh a gcion de chostas an adhniaid i dteannta a gcoda de shochar na páirte. Ní foláir na bearta san d'innsint ins an Leabhar Chonganta, i Leabhar an Airgid, agus ins an Lcabhar Mór agc Muinntir Bhillington agus na cúntais 'sa Leabhar Mhór do dhúnadh. Billí Tráchtála. 113. Ba ghnáth dhúinn 'sa tseanaimsir ar sgoil nuair do bhuadhaimís cluiche ar airgead gan luach buadha an chluiche d'éileamh láithreach, ach is amhlaidh dh'fhanaimís go mbuadhfaí orainn féin, agus ansan deiriniís leis an té, go mbíodh fiacha againn air, an t-airgead d'íoc leis an té bhí taréis buachtaint orainn féin. Do bhí féith an tiúsgalaidhe, ní foláir, ins an duine a cheap an tseift sin; mar sin nós atá ag lucht tiúsgail ar fud an domhain uile. Ní deintear fiacha do ghlanadh chomh saoráideach san ar fad, ámh, i gcúrsaíbh gnótha; ach, mara mbeadh déine is diongmháltacht an órduighthe age lucht tiúsgail is í an tseift chéadna í. Mar tugann an tiúsgalaidhe "órdú sgríobhtha, gan chol gan choinghíll, do dhuine (dhaoinibh) áirithe ghá iarraidh air (ortha) suim áirithe airgid d'íoc, lá áirithe (i gcionn tréimhse áirithe) nó ar éileamh, leis féin nó le duine (daoinibh) eile ar bith gur mhian leis an t-airgead do thabhairt dó (dóibh) nó le na (n) órdú." Bille Tráchtála a tugtar mar ainm ar a leithéid sin d'órdú. 114. Sidí an fhuirm a bhíonn ar Bhille Tráchtála: Buadha an Bhille Tráchtála. 115. Is mó tiúsgalaidhe go mbíonn a lán fiacha amuigh aige ar dhaoinibh eile agus, mar sin féin, ná beadh puinn airgid thirm ar láimh aige chun a fhiacha féin do ghlanadh, agus, b'fhéidir, a lán glaodhach air féin ó dhaoinibh go mbeadh fiacha aca air, níl aige ach a leithéid sin d'órdú thabhairt do dhuine dá fheicheamhnachaibh agus siní an adhb réidhtighthe aige. Cuir i gcás go mbeadh glaodhach air, agus go raibh duine dá fheicheamhnachaibh agus breis agus an méid sin d'fhiachaibh aige féin air, d'fhéadfadh sé bille tráchtála de'n tsórt san a chur chuige, 'sé sin, órdú na bhfiacha san d'íoc, chun glacadh leis. Seo mar do beadh an bille aige. Uir. 422. Áth Cliath. Meitheamh 16, 1924. Trí mhí ó'n lá so, íoc le m' órdú Céad agus trí púint déag ar fhichid, seacht sgilling déag agus raol ar luach áirithe. Do Sheán Mhac Righnis 5, Sráid an Phobail, Baile an Óir. Tadhg Ó Deabhaidh. Glacadh leis Seán MacRighnis Féach gur tugadh trí mhí do Sheán chun an bhille dh'íoc, agus is gnáthach trí lá cáirde a leigint leis sin i gcomhnuidhe; dá bhrigh sin, do bheadh ar Sheán an bille "thógaint" nó dh'íoc an naomhadh lá déag de Mheadhon Foghmhair. Nuair do gheobhadh Seán an bille, dá mbeadh sé sásta le téarmaíbh an bhille do ghlacfadh sé leis, 'sé sin, do sgríobhfadh sé ar aghaidh an bhille "glacadh leis" agus do chuirfeadh sé a ainm leis an nglacadh. Agus do chuirfeadh sé thar nais chun Taidhg arís é. 116. Do bheadh a rogha de thrí cúrsaíbh le gabháil age Tadhg, nuair a gheobhadh sé an bille nó "an glacadh" (mar siné ainm a tugtar ar bhille tráchtála nuair a dhearbhuigheann duine go nglacann sé leis an órdú ann). D'fhéadfadh sé é chur chuige agus é choimeád go mbeadh ré an bhille istigh agus ansan do gheobhadh sé an t-airgead a luadhadh 'sa bhille ó Sheán. Nó, d'fhéadfadh sé é chur chun duine éigin go mbeadh fiacha aige air féin ag glanadh an mhéid sin fiacha, é chur i "dtráchtáil," mar is cóir iontráchtála bille de'n tsórd san, agus níl age duine ach a ainm do chur ar a chúl agus é íoc le duine eile, díreac ar nós na seice (§ 9). Uaireanta téigheann bille mar sin i bhfad ó bhaile, agus bíonn oiread san forsgríobhadh ar a chúl nach foláir "aguisín" a chur leis d'fhonn slighe thabhairt dos na daoinibh a bhíonn ghá thráchtáil chun a nainmneacha do sgríobhadh ar a chúl. Nó d'fhéadfadh sé é thabhairt chun Baingc nó chun lucht billí mhalartú, agus airgead síos d'fhághail air, ach locáiste leigint le lucht an Bhaingc nó le lucht na mbillí mhalartú, ar é dh'íoc sar a mbíonn tráth an bhille dh'íoc tagaithe. Ach, féach, má theipeann ar an té, ghlac leis an mbille, airgead an bhille dh'íoc, nuair a bhíonn sé aibidh, 'sé sin, nuair a bhíonn a ré caithte, tá sé d'fhiachaibh ar an té "tarraing" nó do sgríobh an bille agus gach duine fuair 'sa tráchtáil é sar ar shrois sé an duine deirineach, tá íoc an bhille d'fhiachaibh ar gach duine aca. 117. Admháil do réir dlighe is eadh an glacadh leis an órdú ins an bhille, admháil ar an airgead atá d'fhiachaibh a dhíol agus ar thráth a dhíolta, i dtreó nach féidir é shéanadh ná é chur ar cáirde a thuille, gan cead ó'n nduine iarrann a íoc. Agus is féidir an t-airgead fiachais a bhaint amach go diair le dlighe. Ní gádh d'fhear an órduighthe sgríobhadh fiadhnaise thabhairt ar luach na nearraí a díoladh le fear an órduighthe ghlacadh, ach amháin ar gheallúint an fheicheamhnaigh; agus siúd í ansúd aige í breacaithe ar phár an bhille. 118. Tá áise ann leis do'n té go mbíonn easba airgid air i láthair uaire áirithe, agus a chíonn margadh maith mór le fághail ach "cá bhfuil an phinginn le fághail?" Níl aige ach sgríobhadh chun lucht na nearraí do dhíol agus a dheimhniú dhóibh le rsgríbhinn go nglacfadh sé le bille trí mhí, agus ansan gheobhaidh sé na hearraí ar an mbille, agus i gcionn na dtrí mí, beidh sé ar a chumas, le congnamh Dé, fiacha na nearraí do ghlanadh. 119. Is iontuigthe ó na bhfuil ráidhte thuas, mar sin, go ndeineann an bille tráchtála gnó an airgid, agus, dá bhrígh sin, ins an chúntasíocht áirimhighthear é 'na airgead. Is féidir do'n tiúsgalaidhe bille ghághail agus bille thabhairt; ach amháin, ná háirimhighthear na billí le fághail (na billí go bhfaghfar airgead ortha nuair a bheidh a dtrátha istigh) ar an airgead ar láimh ach ar an acfuinn ar nós na nghnáthghiacha a bhíonn amuiGh age tiúsgalaidhe; agus is fiachas gach bille le híoc, 'sé sin, gach glacadh a thug an tiúsgalaidhe agus nár íocadh, toisg gan a dtráth do theacht roimh dheire na tréimhse fé iniúchadh ag an dtiúsgalaidhe. 120. Dála an Airgid, agus na gCeannach is na Reac ar cáirde, bíonn leabhair fé leith chun cúntais do dhéanamh ar na billí tráchtála sar a gcurtar isteach 'na gcúntasaíbh cearta féin iad ins an Leabhar Mhór. Na billí le fághail i leabhar agus na billí le híoc i leabhar eile. Sidí an fhuirm a bhíonn ar leabhar na mBillí le fághail: Uimhir an Bhille. Cathain a Fuaradh. Do Fuaradh ó. Do Sgríobh. Do ghlac. Íocfar ag. An lá Sgríobhadh an Bille. Ré an Bhille. Tráth a Íoctha. Leath 'sa Leabhar Mhór. Suim an Bhille. Cad Deineadh leis. agus is ionann fuirm do leabhar na mbillí le híoc, ach amháin i ninead "cathain a fuaradh" bíonn "cathain a tugadh"; i ninead "do fuaradh ó" bíonn "do tugadh do"' i ninead "do ghlac" bíonn "íocfar le." Is ionfheicse ó'n bhfuirm sin go mbíonn gach eólas i dtaobh na mbillí ins an dá leabhar san. 121. Bíonn "dlighe an dá innsint" ar na billíbh leis. Bíonn cúntas fé leith ag na billí le fághail, agus cúntas eile i gcóir na mbillí le híoc. Ar thaobh na bhFáltas i gcúntas na mbillí le fághail, innstear cé uaidh (uatha) go bhfaghtar iad; ar thaobh na ndíoluíacht curtar an t-airgead a gheibhtear ortha, nuair a thagann tráth a níoctha. Ar thaobh na ndíoluíacht i gCts. na mbillí le híoc, a innstear cé dhó (dhóibh) ar tugadh iad, agus ar thaobh na bhFaltas a curtar an t-airgead a tugadh ortha tráth a níoctha. Ceist: Cá mbíonn an dara innsint ar gach ceann des na hinnsintíbh sin? Nó curtar suim iomlán na mbillí isteach ina gcúntasaíbh cearta féin i ndeire na tréimhse 'na bhfuaradh nó 'nar tugadh iad, agus curtar 'na gcoinnibh thall an méid airgid a fuaradh nó a tugadh ortha tráth a níoctha. 122. Fé mar a dubhradh cheana (§ 32), ní choimeádthar aon chúntas ins an Leabhar Conganta ach ar bheartaibh ná fuil aon leabhar fé leith 'na gcóir, agus, mar sin, ní gnáth prímhinnsint do dhéanamh ar bhillíbh 'sa leabhar san. Mar sin féin, ó's féidir a innsint go cruinn beacht soiléir leis an Leabhar Conganta cad é an cúntas'nar fáltas agus cad é an cúntas 'nar díoluíacht gach beart gnótha a deintear, neósfar anso síos leis an Leabhar Chonganta conus a deintear innsint 'sa Leabhar Mhór ar bheartaibh a bhaineann le Billíbh Tráchtála. Billí le fághail (B/F). (a) Nuair a gheibhtear glacadh ó dhuine:Cts. na mbillí le fághail Fls. Ó Chts. an duine (ó na bhfuaradh é). Curtar prímhinnsint air sin i leabhar na mB/F. Marsin, i ngnáthobair na cúntasíochta, ní gádh innsinnt do thabhairt air 'sa Leabhar Chonganta. N.B. - Suim iomlán leabhar na mB/F ar thaobh na bhFáltas i gCts. na mB/F. Gach bille fé léith ar Dlt. Cts. na bPearsan a ghlac é. (b) Nuair a thagann tráth íoctha an bhille agus go bhfaghthar airgead air: Cts. an Airgid nó an Bhaingc Fls. Ó Chts. na mB/F. Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. (c) Nuair a tugtar an bille do dhuine éigin eile mar íocuíacht: Cts. an duine (dár tugadh an bille) Fls. Ó Chts. na mB/F. (d) Nuair a deintear an bille (B/T) do mhalartú ar airgead roimh thráth a íoctha, agus go leigtear locáiste le fear (lucht) a mhalartuighthe: Airgead Fls. Locáiste Fls. Ó Chts. na mB/F. Ach, má's é an Bangc a dheineann é mhalartú:Bangc Fls. Ó Chts. na mB/F. agus Cts. na locáistí ar B/F Fls. Ó Chts. an bhaingc. Prímhinnsint ar na neithibh sin i Leabhar an Airgid. (e) Má theipeann ar an nduine, ghlac an bille, é dh'íoc tráth a íoctha, agus má's uaidh sin díreach a fuaradh é:Cts. an duine Fls. Ó Chts. na mB/F. Ó Chts. an Airgid (nodaireacht). Mar is gnáth, ina leithéid sin de chás, a iarraidh ar nodaire (dligheadóir) a chur i nú-il d'ghear an bhille ghlacadh is d'íoc nár tógadh an bille i dtráth; agus, ansan, curtar costas na nodaireachta san ar ghear an bhille ghlacadh. (1.) Má's amhlaidh a fuaradh an bille i gcúrsa tráchtála: Cts. an duine (ó na bhfuaradh é) Fls. Ó Chts. na mB/F. Ó Chts. an Airgid (nodaireacht). Prímhinnsint ar chostas na nodaireachta i Leabhar an Airgid. (11.) Is gnáth, nuair a thagann tráth íoctha B/F, é thabhairt do bhangcaeir dá bhailiú. Bíonn innsint air sin mar seo, Cts. an Bhaingc Fls. Ó Chts. na mB/F. Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. Mar sin, má theipeann ar fhear an bhille ghlacadh é dh'íoc i dtráth a íoctha. Cts. an duine. ó Chts. an Bhaingc Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. (III.) Má deintear an bille do mhalartú ar locáiste roimhe sin; nó, má tugadh do dhuine eile é i gcúrsa tráchtála: Cts. an duine (ghlac an bille) ó Chts. an duine (dhein é mhalartú, nó dár tugadh é). (f) Nuair a deintear athnuadhchaint ar bhille. Mar, nuair a theipeann ar dhuine bille dh'íoc i dtráth a íoctha, is minic a iarrann sé an seanbhille ar bhille nuadh (a bheadh chomh mór leis an seanbhille féin agus ús air 'na theannta). Tugann san cáirde dhó chun an airgid do sholáthar agus d'íoc. Cts. an duine ó Chts. na mB/F. (luach an tseanbhille) ó Chts. an Úis (mar gheall ar an athnuadhchaint). agus Cts. na mB/F ó Chts. an duine Siné luach an bhille nuaidh. Billí le híoc (B/Í). (a) Nuair a ghlacann duine bille:Cts. an duine (sgríobh an bille) Fls. ó Chts. na mB/Í. Prímhinnsint i Leabhar na mBillí le híoc. N.B. - Suim iomlán na mB/Í ar thaobh na ndíoluíocht i gCts. na mB/Í. Gach B/Í fé leith ar thaobh na bhFáltas i gCts. na bPearsan do sgríobh é. (b) Nuair a híoctar an B/Í:Cts. na mB/Í ó Chts. an Airgid nó an Bhaingc. Prímhinnsint i Leabhar an Airgid. (c) Nuair a íoctar bille roimh ré, 'sé sin, roimh thráth a íoctha. Ó na leithéíd sin de chás, gheibhtear locáiste ar an íoc roimhré. Cúntas na mB/Í Fls. ó Chts. an Airgid (nó an Bhaingc) ó Chts. an Locáiste. Prímhinnsint i Leabhar an Airgid. 123. Tá cóir eile íocaíochta ar aon dul díreach i gcúrsaíbh cúntasíochta leis an mbille Tráchtála, 'sé sin, an Banna Geallúna. Agus is é ní é sin ná "geallúint, gan chol gan choingill, i sgríbhinn fé ainm an té (ná ndaoine) thugann, suim áirithe airgid d'íoc le duine (daoinibh) áirithe nó le na (n) órdú, lá áirithe (i gceann tréimhse áirithe) nó ar éileamh." Sidí an fhuirm a bhíonn ar an mBanna Geallúna (B/G). Corcaigh, 19 Ó'n lá so, Geallaim d'íoc le nó le órdú ar luach áirithe. Is féidir na focail seo chur le "geallaim" 'sa bhfuirm:-se, -íd, -íd i bpáirt is i naonar, 'sé sin, "geallaimse" nó "geallaimíd" nó "geallaimíd i bpáirt is i naonar" do dhéanamh de'n "geallaim" atá 'sa bhanna cheana. Nuair a bhíonn "geallaimíd i bpáirt is i naonar" sgríobtha ar an mbanna, má theipeann ar dhuine de lucht na geallúna, bíonn fiachas an airgid ar gach duine eile i bpáirt agus i naonar. Stampa ar Bhillíbh. 124. Ní foláir stampa buailte bheith ar gach B/T agus ar gach B/G, ach amháin ar bhillíbh tráchtála le híoc "ar éileamh" nó "ar radharc" nó "i gceann trí lá" ó amharc dh'fhaghail ortha. Stampa dhá phinginn ortha san i gcomhnuidhe agus is féidir é ghreamú de'n bhille. Do réir suim an airgid 'sa bhille nó sa bhanna iseadh bíonn an stampa: Stampa 2d. ar bhille ná fuil ós cionn ós cionn agus ós cionn ar gach agus ar gach cuid de Bille Comaoine. 125. Uaireanta nuair is mian le duine comaoin do chur ar dhuine eile glacann sé bille uaidh, ar luach áirithe, mar dh'eadh, chun gur féidir an bille mhalartú ar locáiste agus airgead tirm d'fhághail. Ar ball, nuair a bhíonn ré an bhille caithte, íocann fear an bhille tharrang fear an bhille ghlachadh. "Bille comaoine" a tugtar mar ainm ar an saghas san bille. Slighe áiseach is eadh é chun iasachta airgid d'fhághail ó charaid nuair a bhíonn an cara féin ar bheagán airgid. Billí thar Lear. 126. Deintear úsáid de Bhillíbh Tráchtála leis chun fiacha do ghlanadh idir tiúsgalaidhthibh i dtíorthaibh i bhfad i gcéin ó chéile. Is féidir, gan dabht, na fiacha san do ghlanadh le hór, ach baineann a lán costais agus contabhartha le hairgead do chur ó áit go chéile, agus mar sin, téighthear i muinighin Billí Tráchtála, i dtreó nach gádh aon airgead do chur ó bhaile ach deintear na billí do thráchtáil amuigh nó i mbaile i dtreó go ndíoltar na fiacha ag Ameiriceánach, cuir i gcás, ar dhuine 'sa tír seo le duine eile anso go mbíonn fiacha aige ar Ameiriceánach thall nó vice versa. "Bille thar lear" a tugtar mar ainm ar an saghas san bille, a sgríobhthar i bhfus (thall) agus a glacthar is a íocthar thall (i bhfus). "Bille cois baile" a tugtar ar an mbille a sgríobhthar agus a glacthar agus a íocthar i bhfus. 127. Ach i gcás na mbillí thar lear, "ó's mó long a cailleadh láimh le cuan" agus "ó's í an bheart siúrálta nár chaill riamh," deintear trí chóip do dhéanamh de gach bille thar lear, agus iad do chur anonn i ndiaidh a chéile, i dtreó, má imthigheann ceann aca amú tré thionóisg, nach baoghal ná go sroisfidh ceann des na trí billíbh, a sgríobhadh, an baile slán. Is gnáth, leis, bille cois baile do bheith iníoctha i gcionn tréimhse áirithe ó lá airithe (§ 114) ach ó nach féidir a rádh le deimhne cathain a shroisfidh long cuan agus caladhphort, curtar ar na billíbh thar lear "oiread áirithe lá d'éis amhairc." 128. Sidí an fhuirm a bhíonn ar na billíbh thar lear: Baile Átha Cliath, 6mhadh lá d'Iúl, 1924. Seasca lá d'éis amhairc, íoc an chéad bhille seo (an tarna agus an trímhadh bille ar an méid céadna agus ó'n lá gcéadna gan íoc) le hórdú Hannraoi Uí Fhuaráin míle dolaer, ar luach áirithe. Chun Cathail Mhic Chormaic, 246' an Bóthar Leathan, Nua Eabhrach. Seán Ó Briain. Ceisteanna. 1. Conus a deintear Cúntas na mbillí le híoc amach ins an Leabhar Mhór, agus cad iad na bearta ar gach taobh de? 2. Ciaca leabhar de leabhraibh na prímhinnsinte 'nar dhóich go bhfaghaí deimhne ar fhuighlach cúntais na mB/Í i ndeire tréimhse? 3. Mínigh na focail seo chomh fada is bhainid le Billí Tráchtála (a) ar amharc; (b) ar éileamh; (c) trí mhí ó'n lá so; (d) laethe cáirde. 4. Cad í an difríocht atá idir "bille cois baile" agus "bille thar lear " 5. Cad is Bhille Tráchtála ann? Banna geallúna? Cad í an difríocht atá eatortha? 6. Tabhair na nuid Úsáidthear i ninead; Bhille Tráchtála; Bille le Fághail; Bille le hÍoc; Banna Geallúna. 7. Má dheineann tiúsgalaidhe prímhinnsint ar a "Bhillíbh le Fághail" agus ar a "Bhillíbh le hÍoc" i Leabhar an Airgid, fé mar a gheibheann sé airgead nó thugann sé airgead ortha, an dóich leat gur maith an plan é? An bhfuil fhios agat aon phlan is fearr ná san? Cad 'na thaobh? 8. Innis cuid de bhuadhaibh an Bhille Tráchtála i gcúrsaíbh tráchtála amuigh agus i mbaile. 9. Cad is "Bille Comaoine" ann? 10. Dá mbeadh na Billí le Fághail age lucht tiúsgail malartuighthe ar locáiste uair an Chláir Fuighlach do dhéanamh amach agus gan aon tuairisg air sin i gClár na bhFuighlach, cad a mholfá-sa mar bhreis le Clár na bhFuighlach dá mbeitheá ag iniúchadh a gcúntas? 11. Cad é an brigh atá le "Bille Ghlacadh"? Conus a deintear é? 12. Cad is "Cóir Iontráchtála" ann? Mínigh do chaint maidir le Billíbh Tráchtála. An eól duit aon chóir iontráchtala eile? 13. Cad é an brigh atá le "Aibiúlacht Bille"? "Athnuadhchaint Bille"? "Malartú Bille"? "Tógaint Bille"? 14. Cuir seic agus Bille TráchtáLa i gcomparáid le chéile, 15. An mó slighe 'na bhféadfá airgead a chur chun tiúsgalaidhe ins na hIndiachaibh thoir? 16. Cad iad na stampaí nach mór bheith ar Bhillíbh Tráchtála do réir a luacha? 17. Cathain a deintear "Nodaireacht" ar Bille Tráchtála? 18. Mínigh go cruinn baileach "geallúint i bpáirt is i naonar." Cleachtadh. 1. An chéad lá de Mheitheamh do tharraing Seán Ó Duibhir bille, ar Thomás Mhac Ghuidhir, an bille do bheith iníoctha i gceann trí mhí ó'n lá san. Sgríobh an bille mar a bheadh sé, agus taisbeáin air gur ghlac Tomás é. Innis cathain a bheidh ar Thomás é dh'íoc. 2. Do bhí na gnóthaí seo le billíbh age Liam Ó Seanáin is a Cht. le linn an Abráin:Abrán 1. Fuaradh ó Shéamus Mhac Liam a Ghlacadh le bille dhá mhí ar. 7. Glacadh ó Mháirtín Breathnach bille cheithre mhí ar. Abrán 18. Fuaradh glacadh Chormaic Mhic Dhiarmuda le billE dhá mhí ar. 20. Glacadh ó Chaoimhghin Ó Chainnigh bille mhí ar. Dein amach leabhar B/F. agus leabhar B/Í, agus innis na gnóthaí sin ionnta. Innis idtaobh gach bille dhíobh cathain a íocfar é. 3. An cúigmhadh lá de Lúghnasa, do dhíol Domhnall Ó Ceallacháin luach d'earraíbh le Diarmuid Ó Tuama; agus an naomhadh lá déag, do ghlac Diarmuid bille trí mhí ar an méid sin do tharraing Domhnall air. Taisbeáin cúntas Uí Thuama i leabhraibh Uí Cheallacháin. 4. Do ghlach Seán Mac Tola bille trí mhí ar ó Thadhg Mhac Éigin an dara lá de Mheitheamh, 1924, agus dá mhí 'na dhiaidh sin do mhalartuigh Seán é ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana i mBangc na nDéise. Nuair do hiarradh a íoc, níor tógadh é. Sgríobh na cúntais go léir a bhainfeadh leis na beartaibh gnótha san, mar a bheidís i leabhraibh Thaidhg Mhic Éigin. 5. Do bhí na bearta gnótha so idir Mhuinntir Néill, Baile na bPréachán, agus Seán Ó Séaghdha, Lios na bPúcaí:1916. Meith. 30. Fuighlach age Muinntir Néill ar Sheán Ó Shéaghdha, Iúl 15. Dhíol Muinntir Néill le Seán luach d'earraíbh ar cáirde. 31. Ghlac Ó Séaghdha bille trí mhí ar ó Mhuinntir Néill. Lugh. 6. Chuir Seán Ó Séaghdha seic chun Muinntir Néill ag glanadh an chúntais. Taisbeáin na cúntais mar a bheidís i leabhraibh Mhuinntir Néill. 6. Tabhair innsintí ar na beartaibh gnótha seo síos id leabhraibh cúntaisíochta:Nlg. 20. Dhíolais luach d'earraíbh le Piaras Ó hIcéadha. Ean. 1. Ghlac Piaras le bille dhá mhí uait ar an méid sin agat air. 11. Mhalartuighis an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 7. Tabhair innsint i gcúntasaíbh an Leabhair Mhóir ar na beartaibh gnótha so: 1920. Abrán 1. Díoladh luach d'earraíbh le Peadar Ó hUaithnín. 18. Glac Ó hUaithnín bille trí mhí ar. 21. Malartuigheadh an bille ar 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Iúl 21. Do hairigheadh ó'n mBangc gur theip ar Ó hUaithnín abille d'íoc. 8. Tabhair i nnsint ar na beartaibh seo i leabhraibh Bhriain is Mhathúna: 1922. Márta 20. Cheannuighis luach d'earraíbh uatha. 24. Ghlacais bille triochad lá uatha ar an méid a bhí aca ort. 27. Mhalartuigh Briain is Mathúna an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 9. Tabhair innsint ar na beartaibh gnótha seo síos i Leabhar an Airgid agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age León ó Róis: 1921. Ean. 2. Cheannuigheas luach d'earraíbh uaidh. 4. Ghlacas bille triochad lá uaidh ar. 6. Do mhalartuigh León Ó Róis an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana Tráth a íoctham chuireas i núil do León Ó Róis nár féadas é dh'íoc, agus shocaruigheas leis bille eile ghlacadh ar an méid a bhí aige orm, bille tríochadh lá, agus ús mí ar an ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar do chur leis. D'íocas an bille sin 'na thráth féin. 10. Tabhair innsint ar na beartaibh seo mar a bheidís i Leabhraibh Uí Uaithnín: 1922. Ean. 1. Cheannuigh an Faoiteach luach d'earraíbh ó Sheán Ó hUaithnín, agus do ghlac bille trí mhí ar an méid sin. 4. Mhalartuigh Ó hUaithnín an bille ag á Bhangc ar locáiste 5 fe'n gcéad i naghaidh na bliana. I dtráth íoctha an bhille, chuir an Bangc i núil d' Ó hUaithnín nár íocadh an bille, agus gur cuireadh méid an bhille agus costas nodaireachta, deich sgilling, mar mhuirir ar a Chúntas, dá bhárr. Abrán 5 Thug an Faoiteach airgid d' Ó hUaithnín, agus ghlac sé bille mí ar an bhfuighlach aige air, agus ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na bliana go ceann mí ar. Do híocadh an bille tráth a íoctha. 11. An taonmhadh lá déag ar fhichid d'Eanair, 1923, ghlac Stiophán Ó Cearnaigh bille dhá mhí ar i bhfabhar Thaidhg Uí Ruanaigh ag glanadh cúntais. Do dhein Ó Ruanaigh an bille do mhalartú ar locáiste 6 fé'n gcéad i naghaidh na bliana, an trímhadh lá d'Fheabhra. Do theip ar Ó Cearnaigh an bille d'íoc tráth a íoctha, agus, mar sin, do shocruigh sé trí billí nuadha do ghlacadh, ó'n dtrímhadh lá de Mhárta, 1923, mar seo: (a) bille i gceann mí, (b) i gceann dá mhí, (c) bille trí mhí ar an bhfuighlach, agus ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar feadh sé mhí ar an bhFuighlach bunaidh. Do híocadh na billí sin go léir i dtráth a níoctha. Taisbeáin na bearta san mar a bheidís i Leabhar an Airgid agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age Ó hUaithnín. 12. Lá coille, 1924, cheannuigh Tomás Ó Néill gluaisteán Ó Chumann na nGluaisteán cois Life le airgead síos d'íoc agus bille trí mhí ó Lá Coille do ghlacadh ar an bhfuighlach, Do mhalartuigh Cumann na nGluaisteán an bille ar locáiste ar; ach nuair a tháinig tráth íoctha an bhille, do chuaidh de Thomás é dh'íoc, a bhí mar mhuirear nodaireachta. Taisbeáin na hinnsintí bhí ar an sgéal i Leabhraibh an Chumainn. Tiomantais. 129. Is minic i ninead earraí do dhíol díreach le ceannuidhthibh nó leis an bpobal, is amhlaidh a dheineann an tiúsgalaidhe iad do thiomáint chun duine eile i náit 'na nibeadh éileamh ar an saghas san earraí chun iad do dhíol thar a cheann. "Tiomantas" a tugtar ar na beartaibh earraí a curtar mar sin ó dhuine (an tiománuidhe) chun an duine eile (an timthire) chun iad do dhíol ar an margadh is fearr, agus ar an bpinginn is aoirde, mar gheibheann an timthire coimisiún do réir an airgid a gheibheann sé as iad do dhíol ar an margadh. Nuair a bhíonn an tiomantas go léir nó cuid de díolta ag an dtinithire cuireann sé "cúntas na reice," 'sé sin, cúntas ar an airgead go léir a fuair sé ar an dtiomantas agus ar na caithteachais go léir a bhain leis. Cuireann fear na nearraí do chur 'na dtiomantas réamheólas "pro forma" chun an timthire, mar mhéirín eólais dó ar cad ba cheart dó éileamh ar na hearraíbh ar an margadh. Coimeádann an tioniánuidhe eólas ar an dtiomantas a chuireann sé chun bóthair 'na leabhraibh cúntaisíochta; ach coimeádann an timthire cúntas ortha i leabhraibh fé leith, mar ní leis féin i naon chor iad, ach is amhlaidh a bhíonn sé ghá ndíol tar cheann an tiománuidhe. 130. Ó's é an timthire a dhíolann na hearraí, tabharfar ínnsint ar an méid a bhaineann leis sin, ar dtúis. (a) Nuair a gheibheann an timthire an tiomantas, ní chuireann sé aon innsint air 'na leabhraibh cúntaisíochta féin, ach i leabhar fé leith, Leabhar na dTiomantas; agus má bhíonn aon roinnt de n tiomantas gan díol i ndeire na tréimhse, nuair a dhúnann sé a leabhair féin, ní thugann sé aon chúntas ar an dtiomantas ar an stór earraí atá ar láimh aige féin mar acfuinn. (b) Aon chaithteachas (costas) a bhaineann le stóras nó le hiomchar nó le hurrús an tiomantais:Cts. an Tiománuidhe Fls. Ó Chts. an Airgid. (c) Má dhíolann sé na hearraí ar airgead síos:Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. an Tiománuidhe. (d) Má dhíolann sé ar cáirde le daoinibh áirithe iad:Cts. na ndaoine áirithe (le nar díoladh an tiomantas) Fls. Ó Chts. an Tiománuidhe. (e) Nuair a bhíonn an tiomantas díolta aige:Cts. an Toimánuidhe Fls. Ó Chts. an Choimisiúin. Taisbeánann an fuighlach i gCts. an Tioniánuidhe an méid atá ag dul dó ó'n dTimthire. Má chuireann an timthire seic nó bille chuige ansan:Cts. an Tiománuidhe Fls. Ó Chts. an Bhaingc (nó Chts. na mB/Í). 131. Sidé an cúntas a choimeádann an tiománuidhe ar an ngnó: (a) Nuair a chuireann sé an tioniantas ar bóthar:Cts. an Tiomantais Fls. Ó Chts. na nEarraí (b) Nuair a íocann sé aon chaithteachas a bhaineann le hiomchar an tiomantais, nó le na urrús, agus rl. Cúntas an Tiomantais Fls. Ó Chts. an Airgid (an Bhaingc) nó ó Chts. duine áirithe (marar íoc sé an t-airgead). (c) Nuair a gheibheann sé cúntas na reice ó'n dtimthire:Cts. an Timthire Fls. Ó Chts. an Tiomantais. (Siné an t-airgead go léir a fuaradh ar an dtiomantas nuair a dhíol an timthire é tar cheann an tiománuidhe.) (d) Cts. an Tiomantais Fls. Ó Chts. an Timthire. (Siné suim iomlán caithteachas an timthire tar cheann an tiománuidhe ag díol an tiomantais.) Is féidir dó a dhéanamh amach uaidh sin (ó'n méid sin eólais ins na hinnsintíbh sin, a-d) ciaca rug sé nó chaill sé leis an ngnó. (e) Is é méid atá aige ar an dtimthire ná fuighlach a chúntais sin. Má chuireann an timthire seic nó bille chuige ansan: Cts. an Airgid (nó Cts. na mB/F). Fls. Ó Chts. an Timthire. Agus sin deire leis mar ghnó. 132. Nuair a théigheann an timthire i nurrús air go níocfar as na hearraíbh a dhíolann sé tar cheann an tiománuidhe, tugtar coimisiún 'sa bhreis dó ar an urrús, agus "coimisiún del credere" a tugtar ar an gcoimisiún sin a gheibheann sé. Samhlaíd. 133. An dara lá déag de Lughnasa, 1917, do chuir Muinntir Fhoghludha chun Seáin Mhic Ghabhann 'na thiomantas, 15o cás de bhioth, meadhchaint 196 chéad, 2 cheathramha, 17 bpúnt ar 17s. 6d. an céad. An seachtmhadh lá déag de mhí na Nodlag, 1917, fuaireadar cúntas na reice, dátaithe 11/11/1917, ghá thaisbeáint gur díoladh na hearraí ar an céad, agus gur caitheadh an t-airgead so leó ar an gcuma so síos: Iomchar Stóras cois calaithe Ús ar Iomchar, 30 lá Ús ar stóras cois calaithe, lá Urrús i naghaidh teine Coimisiún del credere ar 1½ fé'n gcéad Coimisiún ar 2 fé'n gcéad Chuir Seán Mac Gabhann bille trí mhí chúcha ar an bhfuighlach Na Leabhar Chúntais age Seán Mac Gabhann Leabhar an Airgid An Leabhar Conganta Muinntir Fhoghludha Ó Chts. Úis Ó Chts. an Choimisiúin Cúntas Mhuinntir Fhoghludha. Smhn. - 1917. Ó Iomchar Tiomantais. Ó Stóras Tiomantais. Ó Chts. an Úis Ó Chts. an Choimisiúin Ó Chts. an Urrúis. Ó Chts. na mB/Í. Smhn. - 1917. Le Díol Tiomantais. Cúntas na mBillí le híoc Smhn. Le Muinntir Fhoghludha. Cúntas an Úis Smhn. - 1917. Le Muinntir Fhoghludha Cúntas an Choimisiúin. Smhn. - 1917 Le Muinntir Fhoghludha. Cúntas an Urrúis. Smhn. - 1917. Le Muinntir Fhoghludha Na Leabhar Chúntais age Muinntir Fhoghludha. An Leabhar Conganta Lugh. - 1917. Cúntas an Tiomantais. ó chts. na nEarraí (An Tiomantas do Bhioth a cuireadh chun Seáin Mhic Ghabhann) Cuntas Sheáin Mhic Ghabhann ó Chts. an Tiomantais. (Díol an Tiomantais do réir Cts. na Reice) Cts. an Tiomantais ó Chts. Sheáin Mhic Ghabhann Iomchar Stóras Urrús Ús Coimisiún Cúntas na nEarraí Lugh. - 1917. Le Cts. an Tiomantais. Cúntas an Tiomantais Smhn. - 1917. Le Cts. Mhic Ghabhann: Díol an Tiomantais *Do cuirfí an Sochar san as an dTiomantas ar thaobh na nDlt. i gCts. na nEarraí nó ins an Chts. Tráchtála na dhiaidh sin. Cts. Sheáin Mhic Gabhann Smhn. - 1917 Ó Chts. an Tiomantais Smhn. - 1917 Le Cts. Tiomantais (mionsgéala ansúd) Nlg. - 1917 Le Cts. B/F. Cúntas na mBillí le fághail Nlg. - 1917 Ó Chts. Mhic Ghabhann Cleachtadh. 1. Fuair Pádruig Ó Loingsigh ar tiomantas ó Mhuinntir Dhuilleáin 600 bairille de phlúr ar an bairille. D'íoc sé as iomchar an phlúir; urrúis; agus stóras. Do dhíol se bairille ar an ceann agus an chuid eile ar an ceann, agus d'iarr sé coimisiún 2½ fé'n gcéad ar toradh na reac ar Mhuinntir Dhuilleáin. Ansan do chuir sé B/T iníoctha i gceann trí mhí chúcha. Taisbeáin na cúntais ar na gnóthaíbh sin, mar a bheidís i leabhair Phádruig Uí Loingsigh agus i lcabhair Mhuinntir Dhuilleáin. I.S. 2. Do chuir Cuallacht Thullaigh an iarainn 135 thonna de bharraíbh cruaidhe mar thiomantas amach chun na hAstraoilc go dtí Muinntir Laoghaire i Sidní. D'íoc Muinntir Laoghaire na muireara so: Cur i dtír; I omchar abhaile; Stóras; Urrús; Fógraíocht. Lá Lughnasa, 1922, dhíoladar an chruaidh ar ceant mar seo: 25 thonna ar an tonna; 30 tonna ar an tonna; 30 tonna ar; agus 40 tonna ar an tonna. D'iarradar coimisiún 5 fé'n gcéad. Taisbeáin cúntas na reice do chuir Muinntir Laoghaire chun Cuallachta Thulaigh an Iarainn, ag taisbeáint an fhuighlaigh ag dul do' n Chuallacht. Do chuir muinntir Laoghaire billc chúcha abhaile ar an bhfuighlach iníoctha 30 lá taréis amhairc. Taisbcáin na cúntais a bhí i leabhraibh na Cuallachta ar an ngnó go léir, niá chuireadar luach ar gach tonna dc'n chruaidh. 3. Do chuir Cuallacht na Mianach ins na hAodhairíbh tonna d'umha anonn go dtí an Bhreatain chun Seóin Mhac Thomáis i gCathair Dáibhí, an tonna do réir an réamheólais aca. Dhíoladar féin gach costas a bhain leis an ualach.. Do dhíol Mac Toniáis an t-ualach ar an tonna. Dcin amach Cúntas an Tiomantais. 4. Deire Foghmhair 15, 1909, do chuir Bráithrc Delniáin, i Lonndain Shasana, chun Clann Domhnaill i bPort Eilíse, cás d'earraíbh measgtha, agus réamheólas pro fornia lcó ar an cás. Sidiad na costais d'íoc na bráithre féin i Lonndain: urrús; Iomchar; Muircara eile. Sidiad na costais d'íoc Clann Domhnaill ortha 'san Aifric Theas: Stóras; Cur i dtír; Urrús. Nlg. 15. Do dhíol Clann Domhnaill 30 cás des na hearraíbh ar an cás. chás ar an cás, agus Nlg. 19. An chuid eile de'n tiomantas ar an cás. Do díoladh na hearraí go léir ar airgead síos. D'iarr Clann Domhnaill coimisiún 2 fé'n gcéad ar na reacaíbh go léir agus coimisiún del credcre 'na theannta san, 1½ fé'n gcéad. Lá Samhna do chuir Bráithre Delmáin B/T. chun Clann Domhnaill ar agus do glacadh é. Sgríobh Cúntas na Reice do cuireadh chun Bráithre Delmáin, agus sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar a bheidís 'na leabhraibh sin. 5. Do chuir Seán Mac Muiris luach d'earraíbh chun a dtimthire i mBuenos Aires, agus do íocadar as iomchar is urrús is costais eile agus ag an am gcéadna chuireadar B/T. iníoctha 60 lá taréis amhairc ar. Do mhalartuigheadar an bille ag an mBangc ar locáiste. Do díoladh na hearraí ar lughaide coimisiún an timthire, agus rl., agus ag an am gcéadna do chuir a dtimthire chúcha bille Baingc ar an bhfuighlach. Sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar a bheidís i leabhraibh Mhic Mhuiris. 6. Do chuir Mícheál Ó Ríordáin luach d'earraíbh mar thiomantas chun a thimthire, Séarlas Mac Stiobhaird, i mBaile an Dóchais, an chéad lá de Mheadhon Foghmhair, 1904, agus do dhíol na costais le na gcur ar luing, iomchar, agus urrús. Deire Foghmhair 28, do chuir Séarlas Mac Stiobhaird cúntas reice chuige, gur díoladh cuid des na hearraíbh ar agus go raibh costas air, agus d'iarr sé coimisiún agus do chuir sé bille Baingc chuige ar an bhfuighlach. D'fan luach (do réir an réamheólais pro forma agus na gcostas a bhain leó) des na hearraíbh gan díol. An dara lá de mhí na Samhna, chuir sé cúntas reice eile chun Mhíchíl, a thaisbeáin gur díoladh an chuid eile des na hearraíbh ar; d'iarr Séarlas coimisiún agus taréis na gcostas a bhain leis an ndíol, do bhaint d'airgead na nearraí i dteannta an choimisiúin, do chuir sé abhaile chun Mhíchíl B/T ar an bhfuighlach iníoctha i gceann trí mhí. Taisbeáin na cúntais ar an dtiomantas, mar a bheidís i leabhraibh Mhíchíl Uí Ríordáin. R.S.A. 7. Fuair Muinntir Bhrúin is a gCuid., Tta., tiomantas earraí ó L. Pansa, Airfic Theas. a luach. Sidiad na bearta a bhain leis eatortha 'na dhiaidh sin: (a) Coimisiún Timthire, 5 fé'n gcéad ar gach reic; (b) Coimisiún del credere 2½ fé'n gcéad ar na reacaibh ar cáirde; (c ) D'íoc Muinntir Bhrúin as na neithibh seo; Custom; Muirear a churtha i dtír agus a iomchair; Urrús i naghaidh teine, Do chuireadar bille baingc chun L. Pansa, mar roimhíoc. Do díoladh cuid de'n Tiomantas le Liam Ó Riain ar agus cuid de ar airgead síos, agus thógadar cuid de a luach, chúcha féin mar stór. D'íocadar a timthireacht, 1½ fé'n gcéad. Cuireadh Cúntas na Reac agus bille 60 lá iar namharc ar an bhfuighlach ag dul dó chun L. Pansa. luach na nearraí gan díol ar stór. Taisbeáin na hínnsintí ba ghádh ins an Leabhar Conganta, agus sgríobh na cúntais i Leabhar Mór Bhrúin is a gCuideachtan. 8. An trímhadh lá d'Eanair, 1923, do fuair Muinntir Deaghdhuine is a gCuid. ó Mhuinntir Rénsí is a gCuid., Rio de Ianeiro, tiomantas earraí, deich gcás agus an comhartha so ar gach ceann díobh R.R. as an ngaltán "America Theas." Do cuireadh luach ar na hearraíbh do réir an réamheólais pro forma. An dara lá déag d'Eanair, do díoladh leath an tioniantais le Muinntir Robinson is a gCuid. ar, airgcad síos, i gcionn seacht lá. An ceathramhadh lá déag d'Eanair, d'íoc Muinntir Deaghdhuine airgead síos ar dhiútéithibh dogaí ar an dtiomantas, agus an cúigmhadh lá déag, do dhíoladar fuighlach an tiomantais le Cuallacht an Chlóibhir, Tta., ar sheic, a cuireadh 'sa Bhangc an lá céadna. Ean. 16. Do híocadh a Muirear Stórais le hairgead. 19. Fuaradh seic ó Mhuinntir Robinson agus cuireadh 'sa Bhangc í. 20. Cuireadh Cúntas na Reac chun Muinntir Rensí agus a gCuid., agus do hiarradh coimisiún 2½ fé'n gcéad. Ní mór na bearta san d'innsint ins an Leabhar Conganta, i Leabhar an Airgid, agus ins an Leabhar Mhór age Muinntir Deaghdhuine, agus Cúntas na Reac d'ullmhú. 9. Ní foláir innsint do thabhairt ar na beartaibh gnótha so síos, (a) i leabhraibh prímhinnsinte, (b) 'sa Leabhar Mhór, agus (c) Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh. 31/12/1907, do bhí age Seán Ó Droighneáin an acfuinn seo: Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bangc; Stór Earraí; Trosgán is Feairistí; Billí le fághail; ar Art Ó Chuinnm 9/1/'08; ar Bhriain Mhac Chinnéide, 10/1/'08; Fiacha aige ar Amhlaoibh Ó Shuilleabháin; ar Sheán Mhac Ghabhann; ar Art Mhac Chuinn; ar Bhrian Mhac Chinnéide; ar Mhícheál Réamonn. Fiachaisí: - Fiacha air age Peadar Ó Mórdha; ag Murt Ó Conaill; Billí le hÍoc le SéamUs Ó Briain, 6/1/'08; le Proinnsias Ó Riain, 8/1/'08. Do thoiligh Seán Ó Droighneáin Mícheál Réamonn do ghlachadh mar pháirtnéir ar choinghíll go níocfadh sé an méid a bhí aige air 31/12/'07, agus, ag an am gcéadna, go dtabharfadh sé isteach 'sa ghnó oiread airgid agus do bhí de Gustal ag Seán an lá san; leath an Airgid sin d'íoc 'na phremium le Seán Ó Droighneáin, agus do thaisbeáint i leabhraibh na páirtíochta mar Dheighmhéinn. Deinead san Lá Coille, 1908. Ean. 1. Ceannuigheadh dosaon frámai- rothair ar 15s. an ceann ó Pheadar Ó Meádhra; ceannuigheadh ar airgead sios 4 dhosaon cróitíní ar an ceann. 2. Díoladh ar cáirde le hAmhlaoibh Ó Suilleabháin 3 rothair ar an ceann; cuireadh ceann aca thar nais lá ar na bhárach. 3. Ghlan Seán Mac Gabhann a chu-ntas taréis a bhaint de mar gheall ar rothar do loiteadh ar bóthar. 3. Díoladh ar cáirde le Brian Mac Cinnéide 2 rothar ar an ceann, agus an dá chróitín ar an ceann. 3. Ceannuigheadh ó Mhurt Ó Chonaill 6 phéire roth ar 30s. an phéire, agus roinnt áisí ar 4. Do híocadh tuarasdail agus págh le seic; do tharraing gach páirtnéir 'na chóir féin, airgead. 6. Do híocadh seic le Murt Ó Conaill; do híocadh ag an mBangc indiu an bille le híoc le Séamus Briain; do díoladh le Seán Mac Gabhann rothar ar ar dhíol sé. Ean. 7. Ceannuigheadh ar airgead dhá sheanrothar ar an ceann, agus do díoladh ceann aca an lá céadna ar, tharraing as an mBangc i gcóir na hoifige. 8. Do híocadh ag an mBangc an bille le híoc le Proinsias Ó Riain; ghlan Brian Mac Cinnéide a chúntas go léir indiu taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de, rud nár leigeadh leis. 9. Níor tógadh an B/F ó Art Mhac Chuinn indiu; ghlac sé bille nuadh (bille mí) ar a Chúntas go léir. Díoladh le Brian Mac Cinnéide 20 cosgán ar an ceann agus 6 lampaí ar an ceann; Ceannuigheadh ó Phroinsias Ó Riain 6 dhosaon lampaí ar 3s. an ceann. 10. Tógadh an B/F ó Bhrian Mhac Chinnéide; díoladh le hArt Mac Cuinn seanrothar ar 11. Do híocadh Tuarasdail agus págh le seic; Tharraing gach páirtnéir airgead, 'na chóir féin; Do ghlac Amhlaoibh Ó Súilleabháin bille trí mhí ar a raibh d'fhiachaibh air an lá san. Buidhchas Mór Le Dia. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3282 |
412 | Curadh Glas an Eolais | Tomás Bhid (Tommuny) | — | Ó Raghallaigh, Seághan Maolmhuire, An tA | 1905 | 20 | prose | Muintir na Leabhar Gaedhilge | 11,531 | 1,729 | CURADH GLAS AN EOLAIS TOMÁS AN DROICHID d'innis an sgéal seo do'n ATHAIR SEÁGHAN MAOLMHUIRE O RAGHALLAIGH Bhí sinn ann fad' ó, 's is fad' ó bhí; agus dá mbéadh sinn ann an uair sin, ní bhéadh sinn ann anois; bhéadh sgéal úr, nó sean sgéal againn, agus níor dhóiche sin 'ná bheith gan aon sgéal: Mar bhí rí breágh, aoibhinn, áluinn ann, agus phós sé bainríoghan óg, agus ó'n lá phós sé, bhí sé féin agus í féin i ngrádh, gur rugadh i gceann bliadhna mac, a raibh ollghárdas mór agus goirm sgoile, faoi 'n oidhre óg a bheith ar fághail. Ó'n lá rugadh an mac, bhí an ríoghtamhlacht ag tuitim, nó go raibh an mac bliadhain agus fiche. Bhí an mac lá ag siúbhal ar bórd na trághadh. Mar bhreathnuigh sé amach ar an bhfarraige, do chonnaic sé an corrachán snámh' taobh le 'n iomróir amháin. Budh gearr go dtáinic an corrachán i dtír, agus tugadh feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí. Shiúbhail an fear suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann.” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean, “mar nach bhfuil a fhios agam cia thú, le d'ainm a chanamhaint.” “Mise Curadh Glas an Eolais. An n-imreochá cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh Éireann?” “Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim,” arsa mac ríogh Éireann. Tharraing Curadh Glas an Eolais a phaca cárdaidhe chuige, óir is ionduail [anamh?] bhí gan iad. Shuidhea dar síos ar an bhféar glas, agus d'imrigheadar, agus chuaidh an cluiche ar Churadh Glas an Eolais. “Tabhair do bhreith anois,” ars' an Curadh, ars' eisean. “Bheirim de bhreith agus de mhór-imirt ort, gach seomra d'á bhfuil folamh i gcúirt m'athar, bheith líonta le ór agus le airgead seal má n-eirigheann an ghrian ar maidin i mbárach.” “Caithfidhear sin bheith déanta,” arsa Curadh Glas an Eolais: "slán leat, a mhic ríogh Éireann, go lá éigin eile.” D'fhill mac ríogh Éireann abhaile, chun cúirte a athar agus a mháthar. Ar maidin lá ar n-a n-aortha, nuair a d'eirigh an rí, níor fhéad sé a cheann a chur isteach i n-aon rúma d'á raibh folamh nach raibh líonta roimhe le ór agus le airgead. Ghlaoidh sé ar a mhac, agus tháinic a mhac chuige. “Go dé sgéal an obair seo, a mhic?” ars' an rí. “Is cuma dhuit-se, a athair,” ars' an mac, ars' eisean; "béidh tusa ceart ar aon nós.” “A mhic,” ars' an rí, ars' eisean, “tiocfaidh an obair seo searbh, tá faitchíos orm, agus ná teirigh níos mó ag imirt in san áit a dtáinic an obair seo as.” Níor labhair an mac ní ba mhó. 'Nuair d'ith sé a bhricfasta, thug sé aghaidh síos ar an áit a raibh sé an lá roimhe sin ann. Budh geárr bhí sé ann, nuair chonnaic sé an corrachán snámh' ag teacht chun talaidh taobh le'n iomróir amháin. Thug an t-iomróir feisdiúghadh lae agus bliadhna ar an gcorrachán, chomh maith agus nach mbéadh sé gan bheith acht lá ann. Shiúbhail sé suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh Ghlais an Eolais,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean. “An n-imreochá cluiche cárdaidhe i ndiú?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Maise' bhéadh sé náireach agam cliseadh i ndiú, mar nár chlis mé i ndé, a Churaidh Ghlais an Eolais.” “Verroo ell.” Tharraing siad na cárdaidhe chucu, agus d'imrigheadar go cruaidh an cluiche, agus d'eirigh le mac ríogh Éireann gur chuir sé an cluiche ar Churadh Glas an Eolais. "Tabhair do bhreith anois, a mhic ríogh Éireann,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Ó, ní beag duit a luaithe,” arsa mac ríogh Éireann. “Bheirim de bhreith ort an cuan sin bheith líonta le soighthigh bheaga agus móra, — aghaidh gach tíre agus gach náisiúna bheith ar an gcuan sin.” “Is mór é d'athchuinge, a mhic ríogh Éireann,” arsa Curadh Glas an Eolais, “acht caithfidhear a dhéanadh.” Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile; thug mac ríogh Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar féin; thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar a thír féin, thríd na fairgeanta móra in a chorrachán snámh' gur bhuail sé tír agus talamh in a ríoghacht féin. Nuair a d'eirigh rí na h-Éireann, agus bhreathnuigh sé amach, ní thiocfadh leis tada fheiceál acht soighthigh loingseacha agus báid i n-aon áit d'á bhféadfadh sé breathnughadh air. Ghlaoidh sé chuige ar a mhac. “'Seadh a mhic,” ars' eisean, “cad é ciall an obair seo?” “Tá ciall mhaith, a athair,” ars' an mac; “bhí tú ariamh i nganfhios annseo, acht ní mar sin a bhéas tú feasda. Óir béidh eolas ort ins gach tír agus i ngach náisiún.” “Á! a mhic,” ars' an t-athair, ars' eisean, "tá faitchíos orm gur tusa bhéas shíos leis.” “Béidh do sháith féin agad-sa, a athair, cébrí rud eireochas domh-sa.” Nuair a d'ith sé (.i. mac ríogh Éireann) a bhricfasta, nigh sé agus ghlan sé a lámha agus a éadan, agus ghléas sé é féin suas mar budh cóir do mhac ríogh 'dhéanadh. Shiúbail sé síos chun an chuain, mar rinne sé 'ch aon lá de'n dá lá roimhe sin. Ar dhearcadh dhó amach ameasg a raibh de shoighthigh bheaga agus móra ar an gcuan, do chonnaic sé an corrachán snámh' a' triall chun na trághadh, agus budh gearr go raibh sé féin agus a chorrachán ar an tráigh. Thug sé feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí, mar rinne gach aon turas eile. Shiúbhail sé suas chun mic ríogh Éireann. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic ríogh Éireann!” “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a Churaidh Ghlais an Eolais!” “An n-imreochá cluiche cárdaidhe, a mhic ríogh Éireann?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Mo chroídhe-chrádh dhíom má chlisim i ndiú,” arsa mac ríogh Éireann. Tharraing siad chucu na cárdaidhe, agus d'imrigheadar chomh cruaidh agus bhí sé in a gcumhachta ag féachaint cia h-acu a mbéadh an bhuaidh aige. Chuaidh an cluiche ar mhac ríogh Éireann. “Tabhair do bhreith anois,” arsa mac ríogh Éireann. “Ní beag duit a luaithe,” arsa Curadh Glas an Eolais; agus b'fhíor dhó é. “Cuirim-se do bhreith agus de mhór-imirt ort, gan dá lá chathadh in aon teach, ná trí béilidhe in aon bhord, go bhfághaidh tú mo theach-sa amach, agus bheirim lá agus bliadhain duit, nó do cheann agus do choiméad beatha 'chailleadh.” Thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile. Thug mac ríogh Éireann aghaidh ar chúirt a athar agus a mháthar féin. Thug Curadh Glas an Eolais aghaidh ar na fairgeantaibh. Nuair tháinic mac ríogh Éireann go dtí cúirt a athara, níor thasbáin sé subháilce acht briseadh croídhe agus dobrón. “H'm'-nneá! Is mac ríogh faoi gheasaibh thu!” arsa sean-rí na h-Éireann. “Maise' 'seadh go deimhin, a athair,” ars' an prionnsa óg. “H'm'-nneá! Is maith a bhí a fhios agam-sa,” ars' an t-athair, ars' eisean, “nár fhéad aon duine buaidh fhághail ariamh ar an draoitheadóiríbh.” “Well, a athair,” ars' an prionnsa óg, “cébrí rud eireochas domh-sa, béidh do sháith féin agat-sa 'mo dhiaidh.” Lá'r n-a bhárach, nuair d'eirigh an lá, d'eirigh mac ríogh Éireann. "Feistigh bád agus gléas long dom, a athair,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé ar thóir an draoitheadóra, Curadh Glas an Eolais.” “A mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo chómhairle. Fan, agus déan an t-earrach; is ionduail an té nach gcuirfidh in san earrach a mbéidh aige in san bhfoghmhar. Má fhághann tú amach é i gcionn lae agus bliadhna, gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus trí ráithche. An té nach gcuirfidh in san earrach ní bhainfidh sé in san bhfoghmhar.” “Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann. Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe nó gur caitheadh an ráithche. “Gléasaidh lón dom anois,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé an thóir an Churaidh.” “Well, a mhic,” ars' an mháthair, ars' ise, “déan mo chómhairle, agus fan ráithche eile, agus má tá sé i ndán duit a fhághail amach in gcionn lae agus trí ráithche, gheobhfaidh tú amach é i gcionn lae agus leith-bhliadhna.” “Déanfaidh mé do chómhairle,” arsa mac ríogh Éireann. Chuaidh sé i gcionn a ghnaithe, mar badh cóir dhó, go raibh sé taobh leis an leith-bhliadhain. “'Nois,” ars' eisean, “gléasaidh lón dom, agus leig dhom bheith ag imtheacht ar thóir an Churaidh.” “Déan mo chómhairle arís, a mhic, agus fan ráithche eile, agus má tá an t-ádh ort, go ndéanfaidh tú amach é i gcionn lae agus leith-bhliadhna, déanfaidh tú amach é i gcionn lae agus ráithche.” “Déanfaidh mé do chómhairle, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann. D'fhan sé ar a cómhairle, nó gur chrap sé agus gur chuir sé i gcrích a shaothar agus gach nídh d'ár fheil dó. “'Nois, a mháthair,” arsa mac ríogh Éireann, “gléas lón dom go dtéidhidh mé chun siúbhail, agus ar thóir Churaidh Ghlais an Eolais.” “Déanfaidh mise sin duit,” ars' an mháthair. Ghléas sí agus d'fheist sí trí bhunnóg aráin. “'Nois, a mhic,” ars' an mháthair, “tabhair aire dhóibh seo, mar do bhéarfá do do cheann agus do do choiméad beatha; óir b'fhéidir go dtastóchadh siad uait i n-aimsir do chruadhtain.” D'fheistigheadar long dhó, lochtmhar, lán-tsoilseach. Thug sé a toiseach do mhuir agus a deireadh do thír. D'árduigh sé suas a cuid seolta, bocóideacha, bacóideacha, snáitheacha fhada go bárra na gcrann, comh-fhada, comh-dhíreacha; agus thug sé cead do'n loing imtheacht ar a cómhairle féin. Budh gearr gur bhuail sé caladh i dtír nach raibh a fhios aige cia'n áit 'san domhan a raibh sé ann. Thug sé feisdiúghadh lae agus bliadhna airthí. D'iompuigh sé a chúl ar an luing agus a aghaidh ar an talamh a bhí aige le siúbhal air. Budh gearr go raibh deireadh an lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé toirt fiach ná fionnóg, go bhfaca sé coill bhreágh, aoibhinn, áluinn a bhfad uaidhe. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “go dtriallfaidh mé chun na coilleadh, óir is annamh ariamh bhí coill gan ionad comhnuidhe.” Shiúbhail sé leis go dtáinic sé chun taoibhe na coilleadh. Chonnaic sé casán garbh, agus lean sé dhó, nó go dtáinic sé i n-áit a bhfacaidh sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn, gan bun cleite asteach ná bárr cleite amach, acht 'chuile chleite ag déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'chuile bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí mar thuitfeadh braon de dhruim gé. Bhuail sé an dorus le bárr a bhútais. Thainic an fathach aoin-chinn amach, agus — “Fú, fá, féasóg, a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo thighe-sa thú, ag cur éagcaoin agus trioblóid' orm-sa in m'ionad comhnuidhe féin?” “Ní Éireannach bradach ná bréagach mise,” arsa mac ríogh Éireann, “acht duine atá 'na ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh.” “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, ars' eisean, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh 'ná ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m' athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola, chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán, agus cruadhán de'n bhogán, le neart charraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a shínte ná a chaointe aige. Thug sé fásgadh faoi'n bhfathach agus chuir sé go dtí na glúine é. An dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básta a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh, chuir sé go meall a bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé 'riamh,” ars' an fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solas i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú, each ceol donn a bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach mbéarfaidh an ghaoth atá 'na diaidh airthí.” Chuir sé lámh in a mhála, agus rug sé ar ceann de na bunnógaibh thug a mháthair dhó agus chaith sé i mbéal an fhathaigh é. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhfhíre, nár bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin rómhat?” ars' an fathach leis. “Ní fhaca mise aon fhathach ná aon ghaisgidheach ar thaoibh mo mháthara ariamh nach bhfaca mé fear agus gaisgidheach bhain dom' athair féin chomh maith agus chomh tréan leis,” arsa mac ríogh Éireann. Chuadar asteach chun na cúirte, agus má's shíos a bhí áit dó, is shuas a socruigheadh é, le bród agus luthgháir ag an "uncuil" roimhe. Chaitheadar an oídhche, trian le fiannuigheacht, trian le sgéaluigheacht, agus trian le soirm sáimh agus aon-chodladh. Dhá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n a shuidhe chomh moch leis. “'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd a thug as baile thú, le go dtáinic tú chun na tíre seo?” D' innis sé dhó mar d' innis mise dhuit-se. “Is sin fear nach gcuala mé trácht ar a ainm in aon leabhar d'ar léigh mé ariamh,” ars' an fathach, “acht tá dearbhráthair eile agam siubhal lae as seo, agus muna bhfuil eolas aige air, gheobhfaidh tú do sháith trioblóide in a fhághail amach.” D'fhág sé slán agus beannacht ag an uncuil, agus thug sé aghaidh i dtír choigcríche gan aon eolas, go raibh deoin agus deireadh an lae ag teannadh leis, an ghrian ag gabháil i bhfarraige, an giorrán bán ag gabháil ar sgáth na copóige agus an chopóg ag gabháil d'á tóin i n-áirde. Ar bhreathnughadh uaidhe do chonnaic sé coill bhreágh aoibhinn, áluinn agus dubhairt sé leis féin go mb'fhéidir gur ab inntí sin bhí a uncuil 'na chomhnuidhe. Theann sé air féin chun siúbhail, go dtáinic sé suas le taoibh na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh nó cloidreán garbh, agus lean sé dhó go dtáinic sé in amharc na cúirte. Chonnaic sé cúirt bhreágh, aoibhinn, áluinn gan bun cleite isteach ná bárr cleite amach acht 'chuile chleite a' déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'ch aon bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí go díreach mar thuitfeadh braon de dhruim gé. Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic an fathach mór dhá gceann, dhá mhuineál, amach, agus — “Fú, fá, féasóg, a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug annseo thú, ag cur mío-nós' agus trioblóide orm-sa in m'ionad comhnuidhe féin?” “Ní Éireannach bréagach ná bradach mise,” arsa mac ríogh Éireann, “acht duine atá in a ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa, a fhathaigh shalaigh,” ars' eisean. “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n bhogán, gur tháirngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí mhullach na gcairrgeacha aníos le neart carraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh faoi'n bhfathach, agus cuir sé go dtí na glúinibh é; an dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básta a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí dá mheall a dhá bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an fathach, “tabhair as seo mé, agus bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo, claidheamh soluis a dhéanfas solus i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each caol donn a bhéarfas ar an ngaoith atá roimpí, agus nach mbéarfaidh an ghaoth atá 'na diaidh airthí.” Chuir sé lámh in a mhála agus rug sé ar cheann de na bunnógaibh thug a mháthair dhó, agus chaith sé i mbéal an fhathaigh é. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin romhat, agus nach raibh mé i n-a ion éagcóir do dhéanadh ort! Nó cad chuige nár innis tú sin ar dtús dom, seal má'r ghabhamar i dtrioblóid le chéile?” “Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear ar thaoibh m'athara féin chomh maith leis.” Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a cuireadh é. Níor mhuiche d'eirigh an mhaidin ar n-a bhárach ná'r eirigh mach ríogh Éireann. “'Seadh,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “cad eurd a thug annseo thú, nó cad tá ort go bhfuil tú ag siúbhal rómhat mar seo?” D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, sé sin go raibh sé ag tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais, le n-a fághail amach. “'Sin fear,” ars' an fathach, “in ar léigh mé, ná in a gcuala mé ariamh, nach gcuala mé a ainm canta ag aon neacht. Acht tá dearbhráthair eile domh-sa i siúbhal lae dhíot, agus b'fhéidir go mbéadh níos mó eolais aige 'ná tá agam-sa, acht ná teirigh i dtrioblóid leis, óir tá neart d'uncuil agus mo neart-sa i gcuideachta ann.” Chraitheadar lámh, agus thugadar dhá gcúl a gcinn d'á chéile. B'fheárr péire bonn 'ná dhá phéire uachdar ag mac ríogh Éireann, go raibh deoin agus deireadh an lae ag teannadh leis. Ní fhaca sé toirt fiadh ná fionnóige, acht chonnaic sé coill bhreágh aoibhinn, áluinn, ach tamall maith uaidhe. Rinne sé a bhealach go lomluacht, gan móiméad ar bith a chailleadh, gur thriall sé suas le taoibh na coilleadh. Chonnaic sé bóithrín garbh nach raibh i bhfeileamhaint do chríostaidhe ar bith siúbhal air, acht an fathach é féin. Budh geárr go bhfaca sé an chúirt aoibhinn, áluinn, gan bun cleite isteach ná bárr cleite amach, acht 'chuile chleite ag déanadh sgéith' dhídin agus fasgaidh dhí, agus 'chuile bhraon a thuitfeadh as an spéir, bhí sé silte dhí go díreach mar do thuitfeadh braon uisge de dhruim gé. Bhuail sé an doras le bárr a bhútais; agus tháinic fathach na dtrí gceann, trí mhuineál amach, agus iad ag fás ar aon cholainn amháin. “Fú, fá, féasóg,” ars' an fathach, ars' eisean, “a Éireannaigh bhréagaigh, bhradaigh, cad do thug chun mo thíghe-sa ná chun mo ríoghachta thú, ag cur mío-ghnaoi orm-sa?” “Ní Éireannach bréagach ná bradach mise, a fhathaigh shalaigh,” ars mac ríogh Éireann, “acht gaisgidheach atá 'na ion ceart agus cónraic a bhaint díot-sa.” “Cia 's feárr leat,” ars' an fathach, “ag gabháil do sgeanaibh mara i mbárr-easnachaibh ná ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa?” “Is feárr liom ag carraidheacht ar leacrachaibh glasa,” arsa mac ríogh Éireann, “óir is é a chleacht mé i gcúirt m'athara agus mo mháthara féin.” Rugadar dhá ghreim chaola chruaidhe ar a chéile; rinneadar bogán de'n chruadhán agus cruadhán de'n bhogán, gur thairngigheadar toibreacha fíor-uisge thrí mhullach na gcairgeacha aníos le neart carraidheachta agus cónraic. Do chonnaic mac ríogh Éireann nach raibh fear a chaointe ná a shínte aige, agus thug sé fásgadh faoi'n bhfathach, agus chuir sé go dtí na glúinibh é; an dara fásgadh thug sé faoi, chuir sé go básda a bhrísde é, agus an tríomhadh fásgadh chuir sé go dtí trí mheall a thrí bhrághad é. “Fód glas ar do mhuineál anois, a fhathaigh!” arsa mac ríogh Éireann. “A ghaisgidhigh is feárr a chonnaic mé ariamh,” ars' an fathach, “má bheir tú as seo mé, bhéarfaidh mé slaitín draoidheachta dhuit a dhéanfas beo de'n mharbh agus marbh de'n bheo; claidheamh soluis a dhéanfas solus i ndorchadas in aon áit a mbéidh tú; agus each chaol donn a bhéarfas slán, sábháilte thú as aon áit d'á mbéidh géibheann ort,” Chaith sé an tríomhadh cáca siar in a chraos. “Súgh mo chroídhe agus mac mo dheirbhshíre, nár bh'fhurusda d'aithne domh-sa go dtáinic an braon maith sin rómhat; agus cad chuige ar bhain tú an cómhrac sin asam, agus gan a fhios agad nach marbhóchainn thú?” “Ní fhaca mise,” arsa mac ríogh Éireann, “fear ar aon taoibh de mo mháthair 'riamh nach bhfaca mé fear ar thaoibh m'athara féin chomh maith leis.” Má's shíos bhí sé le bheith an oídhche sin, is shuas a cuireadh é. Níor mhoiche d'eirigh an mhaidin ar na bhárach 'ná 'r eirigh mac ríogh Éireann. “Seadh,” ars' an fathach, ar seisean, “cad eurd a thug as baile thú le go dtáinic tú chun na tíre seo?” D'innis sé dhó mar d'innis mise dhuit-se, 'sé sin, go raibh sé a' tóruigheacht áit chomhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais; agus go gcaithfeadh sé trí lá dualgais a chur isteach leis, nó a cheann agus a choiméad beatha do chailleadh leis. “Sin fear,” ars' an t-uncuil, ars' eisean, “nár chuala mise a ainm canta ariamh roimhe seo, acht muna bhféadfaidh mise a fhághail amach, ní fhéadfaidh aon neach beo a fhághail amach 'mo dhiaidh; óir,” ar seisean, “tá árd-chíos agam-sa air éanlaith an aedhir, air bheithidhighibh éigciallta an chnoic, agus air iasg na farraige, chomh fada a's tá mo ríoghthamhlacht féin a' gabháil.” Fuair sé buabhall agus shéid sé é. Ní raibh aon éan i gcnoc ná i gcoill nach riabh faoi n-a chosaibh in achar amén. Chuir sé tuairisg ar Churadh Glas an Eolais, acht ní raibh aon chúntas acú air. “Dona go leor,” ars' an fathach, ars' eisean; “bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh mar gheall ar an trioblóid ar chuir mé sibh ann.” Shéid sé an buabhall an dara h-uair, agus tháinic beithidhigh éigciallta an chnoic thart air mar tháinic éanlaith an aedhir. “Bhfuil fios, ná aon tuairisg agaibh ar teach, ná ar ionad comhnuidhe Churaidh Ghlais an Eolais?” ars' an fathach leo. “Ní fhacamar,” arsa na beithidhigh éigciallta, “ná ní chualamar a ainm canta ariamh go dtí seo.” “Bronnaim cíos sheacht mbliadhna dhaoibh faoi'n trioblóid a chuir mé orraibh.” Shéid sé an buabhall an tríomhadh uair, agus tháinig iasg na farraige, beag agus mór, ó'n míol mór go dtí an rón, agus 'chuile bhreac d'á réir sin go dtí na purtáin beaga bhí ar thóin na farraige leagtha. “Bhfuil aon tuairisg agaibh dhom ar Churadh Ghlas an Eolais?” “Níor chualamar a ainm canta ariamh, ná ní fhacamar amharc ar a ionad comhnuídhe in a dtéidhmid in ar n-áitiughadh féin.” “Imigidh libh anois,” ars' an fathach, “agus maithim cíos agus deachmhaidh sheacht mbliadhna dhaoibh-se faoi n-bhúr dtrioblóid ag teacht as gach ceárd d'á raibh sibh ann.” Shéid sé an buabhall an ceathramhadh uair, mar do chonnaic sé aon fheithide amháin easbhach. Ar iompódh thart dó chonnaic sé chuige anuas ar taoibh mala an chnoic an sionach ag teacht agus a theanga amuigh le méad na deifre bhí air ag teacht. “Cá raibh tusa,” ars' an fathach leis, “'nuair a shéid mé an buabhall an chéad uair?” “Bhí mé ag teacht,” ars' eisean. “Cá raibh tú,” ars' an fathach, “'nuair shéid mise an buabhall an dara h-uair?” “Bhí mé at teacht,” ars' eisean. “Sin an freagradh céadna,” ars' fathach. “Cá raibh tú 'nuair shéid mé an buabhall an treas uair?” “Bhí mé i dteach Churaidh Ghlais an Eolais, ag piocadh gé.” “Á! is tú an buachaill atá ag teastáil uaim,” ars' an fathach. Thug sé isteach mac ríogh Éireann chun a chúirte aoibhne áille, agus ar ndóigh thug sé madadh ruadh na gceithre gcos leis. Thug sé biadh agus ól do mhac ríogh Éireann, agus thug sé an rud budh cleachtmhar leis féin fhághail do mhadadh ruadh na gceithre gcos. “Caithfidh tú anois,” ars' an fathach, “an fear seo thabhairt agus a threoir go dorus Churaidh Ghlais an Eolais.” “Ní'l stróbh ar bith orm sin a dhéanadh,” arsa madadh ruadh na gceithre gcos. Shiubhladar leo le chéile agus budh geárr go rabhadar ag dorus mór Churaidh Ghlais an Eolais. “Seo é anois,” ars' an sionach, ars' eisean, “agus déan féin do bhealach gan mise níos mó.” Bhuail mac ríogh Éireann bárr a bhútais i n-aghaidh an doruis, agus do tháinic Curadh Glas an Eolais amach chuige. “Tá tú ann do réir do ghealltanais, a mhic ríogh Éireann!” “Tá mé,” arsa mac ríogh Éireann, “agus budh doiligh dhom d'ionad comhnuidhe fhághail amach. Tá sé mall anois obair lae a thoisiughadh.” “Óch, béidh do sháith am' agad,” ars' an Curadh, ars' eisean. Thug sé biadh agus beatha do mhac ríogh Éireann mar budh gnás d'á leithide fhághail. Thug sé leaba d'á réir dó. Ar maidin lá'r n-a bhárach d'eirigh mac ríogh Éireann, agus deir sé lsis an gCuradh gur biadh agus obair bhí sé ag iarraidh. “Tá sin le fághail agad,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Tabhair leat an chuingir chapall sin, agus mun' mbéidh 'chuil' fhód de'n pháirc talaidh sin amuigh treabhtha agad ag gabháil-faoi na gréine, béidh do cheann agus do choiméad beatha le cailleadh agad,” ar seisean. Thug sé leis an chuingir chapall agus chuir sé chun treabhtha iad, agus an chéad turn a tháinig sé go dtí ceann na páirce, bhí loch mór ag ceann an talaidh. 'Nuair a d'iompuigh sé a chuingir chapall, mar budh cóir dó, d'eirigh ollphéist as an loch, agus do sgiob sí ceann d'á chuid caiple uaidhe. Níorbh é a bheannacht do chuir sé leis an ollphéist. Chuaidh sé suas leis an t-éin [aon] chapall, agus nuair a d'fhill sé ar ais arís go dtí an loch, d'eirigh an ollphéist, agus do sgiob sí an dara capall uaidhe. “Tá do sháith déanta agad,” arsa mac ríogh Éireann. D'eirigh sé go léim, agus chuaidh sé i bhfastógh inntí. Thug sé isteach í, agus budh doiligh a dhéanadh, agus chuir sé chun treabhtha í, agus budh doilighe a ceapadh chun gnaithe 'ná a cur chun treabhtha. Chaith sé féin agus í féin sgathadh maith sal má'r fhéad sé buaidh fhághail airthí ná a ceapadh chun treabhtha. Bhí an lá dh'á chathadh agus gan an obair dh'á déanadh. Budh geárr go dtáinic an cailín óg le n-a dhinnéir chuige. “Cad é an chaoi bhfuil tú ag déanadh gnaithe, a mhic ríogh Éireann?” ars' an cailín óg. “Go dona,” ars mac ríogh Éireann. “Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an cailín óg. “'Sé mo bharamhail,” arsa mac ríogh Éireann, “gur ab é an dinnéir deireannach é a chaithfeas mé go bráth.” “Suidh síos, agus ith do bhiadh, óir níor tháinic olc ariamh as beatha.” Rinne sé a cómhairle, agus rug sise ar an gcéachta, agus is geárr a bhí an fód deireannach gan taobh dhearg an fhóid ag dul chun uachtair. “Is maith an cailín thú,” arsa mac ríogh Éireann. “'Nois,” ars' an cailín, “an dtiúbraidh tú an ollphéist chun na cúirte, i n-áit na gcapall?” “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “mur dtiúbhraidh, ó rinne sí gnaithe chomh maith sin.” Ghlac sé a am go raibh an oídhche ag teacht, go ndeárnaidh sé abhaile go dtí cúirt Churaidh Ghlais an Eolais; agus chuir sé an ollphéist ar stábla, agus thug sé beatha dhí, mar badh cóir dhó a dhéanadh. Nuair tháinic sé isteach — “Seadh,” ars' an Curadh, ars' eisean, “bhfuil an pháirc treabhtha agad?” “Tig leat dul amach agus a feiceál, agus tasbhánfaidh amharc do shúl duit go bhfuil sé déanta. Acht nuair do thosuigh mé ar maidin, agus do tháinic mé go dtí an loch, do d'eirigh ollphéist as an loch, agus do thug sí uaim ceann de do chuid caiple. Chuaidh mé chun treabhtha leis an t-éin cheann, agus nuair a d'fhill mé ar m'ais léithe, do rinne sí an cleas céadna.” “Cad do rinne tú annsin?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Do léim mé 'san loch 'n a diaidh, agus fuair mé go leor le déanadh agus an ollphéist a thabhairt isteach agus a cur chun treabhtha.” “Cad do rinne tú léithe?” arsa Curadh Glas an Eolais. “Tá sí 'san stábla agam,” arsa mac ríogh Éireann. “Is maith an obair lae do rinne tú,” arsa Curadh Glas an Eolais. “Suidh síos agus caith do dhinnéir.” Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh Éireann agus do Churadh Glas an Eolais, go raibh sé 'n a am codlata. Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, bhí mac ríogh Éireann 'n a shuidhe chomh moch leis. “Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” arsa mac ríogh Éireann. Fuair sé a bhricfasta. “Tá sean-chaisleán annsin shuas,” arsa Curadh Glas an Eolais, “agus caithfidh tú a ghlanadh agus a chartadh, go bhfághaidh tú an biorán suain a chaill mo mháthair seacht mbliadhna ó shoin.” “Ní stróbh ar bith sin a dhéanadh,” arsa mac riogh Éireann. Chuaidh sé chun an tsean-chaisleáin, agus thosuigh sé 'ghá ghlanadh amach, acht dheamhan sluasad a chaith sé amach, nach dtáinic trí lán-sluaisde ar ais in a leabaidh, go raibh an áit chomh líonta agus nach raibh áit seasta aige. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann, “munab olc an gnaithe a cuireadh dh'á dhéanadh mé.” Budh gearr go dtáinic an bhean óg i láithreach [i láthair]. “Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh i ndiú?” ars' an bhean óg. “Go dona,” ars' eisean; “óir is dóighthe gur rud é nach bhféadfaidh aon neach d'á bhfuil beo a dhéanadh.” “Suidh síos agus caith do dhinnéir,” ars' an bhean óg. “Ó, maise' is cuma dhom ithe nó 's gan ithe,” arsa mac ríogh Éireann, “óir feicthear dhom gurab é an dinnéir deireannach é íosfas mé go bráth.” “Suidh síos, déan mo chómhairle; níor tháinic olc as biadh ariamh.” Shuidh sé síos i gcionn a bhídh. Rug an bhean óg ar an tsluasaid, agus sal má raibh a dhinnéir ithte ag mac ríogh Éireann, bhí an biorán suain i ngreim ag an mnaoi óig. “Is tú an charaid is feárr a chonnaic mé ariamh,” arsa mac ríogh Éireann, “agus is cóir dhom-sa bheith an-bhuidheach dhíot.” “Coingbhigh d'inntinn dhuit féin, agus ná can ormsa go bhfaca tú ariamh mé. Cad a dhéanfas tú anocht,” ar sise, “nuair a ghabhfas tú chun na cúirte? Béidh Curadh Glas an Eolais 'n-a shuídhe ar a chathaoir, agus ní maith í a ghnúis, nuair a thasbhánfas tú an biorán suain dó. Acht tasbán tusa go bhfuil tú in a ion a chuntanós d'athrúghadh, agus ciall mhaith a mhúnadh dhó. Abair leis mar seo — ‘Sin dhá lá dualgais agam curtha isteach, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saothruighthe agam,’ agus go gcaithfidh tú sin fhághail, nuair a bhéas tú faoi réir. Déarfaidh seisean go bhfuil tú ceart.” Nuair a tháinic mac ríogh Éireann go dtí an chúirt, shiúbhal sé isteach, agus sheachaid sé an biorán suain dó'n Churadh. “Seo,” ars' eisean, “agus léan sgrios ar an gcailligh is máthair dhuit, nach dtug aire dhó nuair a bhí sé aicí, agus gan chailleadh in san tseanchaisleán lobhtha sin shuas! Sin dhá lá dualgais agam curtha isteach dhuit, agus dhá dtrian de'n mhnaoi saoth ruighthe agam, agus caithfidh mé sin fhághail nuair a bhéas mé faoi réir.” “Ní stróbh ar bith sin orm-sa,” arsa Curadh Glas an Eolais; “tá siad, togha agus roghain, agad le fághail.” Chaitheadar an oídhche sin mar budh cóir do mhac ríogh Éireann agus, ar ndóigh, do'n rí, Curadh Glas an Eolais. Dá mhoiche dh'ár eirigh an lá, níor mhoiche 'ná d'eirigh mac ríogh Éireann. “Biadh agus obair atá mé ag iarraidh,” ars' eisean. “Caithfidh tú sin fhághail,” ars' an Curadh Glas. Nuair a d'ith sé a bhricfasta, tugadh dhó taomán le gabháil ag taomadh na locha. “Bhfeiceann tú an loch sin thíos i gceann an talaidh? Caithfidh tú 'chuile bhraon d'á bhfuil 'san loch sin a thaomadh amach, agus an fáinne a chaill mo mháthair seacht mbliaghna ó shoin a fhághail domh-sa roimh ghrian a ghabháil i bhfaraige, nó do cheann a bheith caillte agad.” Thosuigh sé ag taomadh, agus, ar ndóigh, dheamhan taomán a chuireadh sé amach nach dtigeadh trí thaomán isteach 'n a leabaidh, nó go raibh an loch 'g á chur siar ní budh faide 'ná budh mhian leis a ghabháil. Budh gearr go dtáinic an bhean óg le n-a dhinnéir. “Cad é an chaoi bhfuil tú ag dul chun tosaigh leis an loch?” ars' an bhean óg. “Ó, is gearr,” arsa mac ríogh Éireann, “nach loch a bhéas inntí acht faraige.” “Suidh síos agus ith do dhinnéir,” ars' an bhean óg. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac riogh Éireann, “go bhfuil faitchíos ann gurab é mo dhinnéir deireannach é.” “Glac meisneach agus ith do dhinnéir, óir níor tháinic olc as biadh riamh.” Rug sí ar an taomán, agus budh mhaith an lámh 'n a chionn í. Budh gearr go raibh an braon deireannach taomtha amach aicí agus an fáinne i ngreim aicí. “Seo é an fáinne anois,” ars' ise, “agus tabhair aire dhó, agus nuair fhilleas tú chun na cúirte, is míoghnaoitheamhail é a chuntanós, nuair a thiocfas tú isteach, acht tasbán dó go bhfuil an t-anam in san áit chóir agat-sa. Nuair fhiafróchas sé dhíot a bhfuair tú an fáinne, déarfaidh tú leis — Is seo é an fáinne, agus dá gcaillfeadh sí arís é, agus í féin 'na cheann, nach dtaomfá-sa an loch ar a son féin ná 'n fháinne. D'imthigh sise. D'fhill seisean chun na cúirte. “Tá mo thrí lá dualgais curtha isteach agam,” ars' eisean, “agus trí thrian na mná óige saothruighthe agam.” “Is tú an gaisgidheach is fearr a theangmhaigh liom-sa riamh i n-éin cheárd d'á raibh mé ann,” ars' an Curadh Glas, “agus caithfidh mise sin fhághail duit, óir,” ars' eisean, “is fíor-ghaisgidheach thú, agus fíor-mhac ríogh le bainríoghan, agus ní drochfhocal é sin, mar go deimhin tá tú in a ion beatha shaothrúghadh dho aon mhnaoi bheo.” Ar maidin lá ar n-a bhárach d'itheadar a mbricfasta, shiúbhladar am ag spaisdeóireacht dóibh féin, mar budh ghnáthach do righthibh agus do gaisgídhthíbh a dhéanadh. Lá ar n-a n-aortha d'eirigh mac ríogh Éireann, agus dubhairt sé leis féin go raibh sé 'n a am aige triall ar thóir a athar agus a mháthar féin. “Is cóir dhuit bean fhághail domh-sa anois,” ars' eisean, “go dtéidhidh mé chun siúbhail chun mo thíre féin.” “Well, caithfidh mise sin fhághail duit,” arsa Curadh Glas an Eolais. Thug sé isteach é i seomra bhí líonta le mnáibh fionna ar bhreághch'de, ar áilne a bhfaca súil duine. “Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” ar mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é i seomra mná ruadh. Dá mbudh bhreaghch'de na mná fionna, budh seacht mbreághch'de na mná ruadha. “Ní bhéidh aon bhean acu sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé leis annsin é chun áite i raibh seomra de mhná dubha ar bhreághach'de agus ar áilne nach bhféadfadh aon neach beo locht fhághail orthú. “Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” ar mac ríogh Éireann. “Well, ní'l aon bhean agam-sa oirfeas duit,” arsa Curadh Glas an Eolais, “nuair nach raibh ceachtar acú sin i bhfeileamhaint duit.” “Well, is feárr liom déanadh gan aon bhean chomhfhad a's mhairfeas mé beo 'ná ceachtar acu sin do bheith agam.” Ar siúbhal amach dóibh, chonnaic sé bean nár bh'fhiú í madadh tafann a dhéanadh airthí, ag tabhairt amach luathadh as an gcisteanaigh. “'Sin í an bhean bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann. “Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú!” arsa Curadh Glas an Eolais. “Caithfidh tú capall marcuigheachta fhághail domh-sa,” arsa mac ríogh Éireann, “a bhéas 'n-a ion ar n-iomchur chun a' chalaidh ar fhág mé mo long ann.” “Gheobhfaidh mé sin duit,” arsa Curadh Glas an Eolais. Thug sé ar ais é chun stábla bhí líonta le caiplíbh donn', ar áille a dtiocfadh leis iarraidh. "Ní'l aon chapall acú sin i bhfeileamhain dom,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é in áit i raibh stábla de chaiplíbh ruadh' ar áille agus ar bhreághach'de a dtiocfadh leis iarraidh. “Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. Thug sé isteach é i stábla bhí líonta le eachannaíbh dubha, ar áilne agus ar bhreághach'de d'a bhfaca súil ariamh. “Ní bhéidh ceachtar acú sin agam,” arsa mac ríogh Éireann. “Is tú an fear is do-shásta d'á bhfaca mise 'riamh,” arsa Curadh Glas an Eolais. Nuair do shiúbhladar amach: “Tá tart mór orm,” arsa mac ríogh Éireann. “Ní bhéidh sin i bhfad le rádh agad in mo chúirt-sa,” arsa Curadh Glas an Eolais. Chuaidh sé go dtí an soiléar, agus nuair a chuir sé an doras isteach, bhí mac ríogh Éireann le n-a shálaíbh. Chonnaic sé pleibistín gliobach gan mórán slacht', ag ithe cruithneacht' mhaol 'sa tsoiléar. “Sin í an capall bhéas agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann. “Beannacht duit-se, agus mallacht do'n bhéal a mhúin thú! - Well", arsa Curadh Glas Eolais, “ní imtheochaidh tú abhaile feadh leathanta gearra go bhfeicidh tú roinn de mo ríoghachta.” Nuair a caitheadh suim laethanta: “Tá sé 'n-a am agam-sa,” arsa mac ríogh Éireann, “cuimhniúghadh ar m' athair agus ar mo mháthair féin.” Cuireadh fios ar shagart, agus rinneadh pósadh a mhair seacht n-oídhche agus seacht lá, a b'fheárr an oídhche dheiridh 'ná an chéad oídhche. Annsin thug 'chaon neach a bhí ag an mbainis aghaidh ar a áitiúghadh féin. Nuair a tháinic an oídhche, agus am an chodlata, bhí leaba feistighthe ag Curadh Glas an Eolais do mhac ríogh Éireann agus d'á inghín féin, an gadaidhe, a raibh dabhach nimhe ceaptha fúithe, nuair a ghabhfadh siad isteach áinntí, le n-a slugadh agus deireadh a chur ar a mbeatha. “Glac t'am,” ars' an bhean le mac ríogh Éireann. “Tá an leaba sin feistighthe ar chaoi nach bhfuil eolas agad-sa air. Nuair a leagfas tú do lámh airthí (agus tabhair le tasbáint go n-aireochadh sé go mbeitheá ag gabháil áinntí isteach); tá m'athair annsan seomra is goire annseo agus a chluas ag fanacht le tusa agus mise 'aireachtáil a titim isteach. Nuair aireochas tusa eisean ag tarraint an chéad tsrann', bhí thusa go léim i ngreim in san gclaidheamh soluis atá aigeá 'n-a cheann in san leabhaidh. For, mun' mbí greim agad-sa ar an gclaidheamh déanfaidh seisean féar glas ar thalamh ar a dtiocfaidh faoi amharc a shúl. Acht, nuair a bhéas an claidheamh agad-sa, ní fhéadfaidh sé urchóid do dhéanadh ort.” D'fhan mac ríogh Éireann ag éisteacht, agus ag fanacht leis an gcéad shrann a thiocfadh ó shróin an Churaidh Ghlais. B'fhada go dtáinic sin, acht nuair a tháinic sé, do ghoid mac ríogh Éireann isteach 'san seomra, agus do thug an claidheamh leis. Shiúbhladar amach as an gcúirt, agus bhí crann mór ag fás taobh 'muigh de'n dorus. “Tá dorus ar an gcrann,” ars' an bhean le mac ríogh Éireann, “agus caithfidh tú an dorus sin a fhosgailt, agus an lach' atá in san gcrann do thabhairt amach. Tá ubh in san lach agus ní'l a mharbhadh go brath i ndán do m'athair go mbuailtear ar an mball d'ódharán atá ar a thaobh dheas, leis an uibh atá in san lach', é.” Nuair a chuir mac ríogh Éireann a lámh isteach, budh giorra bhí sé 'ghá tabhairt amach 'ná bhí sé 'ghá cur isteach; do shaoil sé go raibh sí sluigthe ag an lach' ó'n ngualainn amach. Chuir sí féin isteach a lámh, agus thug sí an lach' amach, gur mharbhuigh sé an lach' agus do bhain sí an ubh amach as bolg an lach'. Chuadar ag marchuigheacht ann sin ar a gcapaillín pleibistíneach, ag triall ar an áit ar fhág sé a long feistighthe an lá tháinic sé ar an oileán. Nuair a d'eirigh mór-shoillse an lae ortú: “Breathnuigh 'do dhiaidh,” ars' an bhean, “agus féach a' bhfeiceann tú tada ag teacht 'nn ar ndiaidh.” Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh, agus ní fhaca sé tada acht spéir glan ins gach ceárd a bhreathnuigh sé air. I n-achar gheárr: “Breathnuigh 'do dhiaidh aríst,” ar sise, “agus féach a' bhfeiceann tú tada.” Bhreathnuigh seisean 'na dhiaidh. “Chím cnap mór, mar bhéadh cnoc, i bhfad uaim,” ar seisean. “Tá sé 'teacht,” ars' an bhean. “Breathnuigh 'do dhiaidh aríst, agus féach cá fhaide uait é.” “Tá sé a' tarraint gar go maith dhúinn anois,” arsa mac ríogh Éireann. “Ísligh anuas,” ars' an bhean, “ní'l am ar bith le spáráil againn. Bhfuil aon rath ort le breith ar an uibh, dh'á bhualadh ar an mball d'ódharán, nó mun' mbuailidh, déanfaidh sé féar glas ar thalamh dhíot-sa agus dhíom-sa.” “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” arsa mac ríogh Éireann, “mun' b'shin rud nár fhéach mé mo lámh ariamh leis,” agus b'fhíor dhó é. “Dona go leor,” ar sise, “má chaithfidh mise m'athair féin, a d'oil agus a thóig mé, a mharbhadh mar gheall ar mhac ríogh Éireann.” Rug sí ar an uibh níos túisge 'ná bhéadh siad le chéile 'nn a bhféar glas ar thalamh. D'aimsigh sí an ball d'ódharán, bhuail sí é mar budh cóir, gur chuir sin deireadh le Curadh Glas an Eolais. Do tháiniceadar gan aon trioblóid chun an chalaidh, an áit ar fhág sé a long. D'fheist sé chun na faraige í, chuir sé a bhean agus an pleibistín isteach, agus é féin go léim isteach 'nn a ndiaidh. Thug sé aghaidh an tsoighthigh ar aghaidh oileáin na h-Éireann. D'árduigh sé suas a chuid seolta, bocóideacha, bacóideacha, snáitheacha fhada go bárra na gcrann, cómhfhada cómhdhíreach. “Slán go bráth,” ar seisean, “le oileán agus le ríoghacht Churaidh Ghlais an Eolais.” Bhí an portán beag agus an portán mór, an fharaige shoir agus an fharaige shiar, ag teacht ar chois agus ar bhois a mhaidí rámha, ag déanadh ceoil sídhe agus aghaidh feidil (oirfide?) dó-san, ag ionsaighe na n-aigéan dhubha, dhorcha, agus na mbróinte borba, béalsgaoilte, gur bhuail sé cuan agus caladh le oileán na h-Éireann, agus le dúithche a athar agus a mháthar féin. Nuair a cheangail sé suas a long, mar is gnás le caiptín loinge a dhéanadh le n-a loing, nuair a thiocfadh sé i dtír le n-a locht, “Caithfidh tusa,” ar seisean, “fanacht ann seo, go dtéidhidh mise nó go bhfeicidh mé bhfuil an chúirt i n-ordúghadh faoi do chómhair, agus faoi mo chómhair-se féin le dul áinntí.” “Á!” ars' an bhean, ars' ise, “tá faitchíos orm go ndéanfaidh tú dearmad dhíom-sa, nuair a ghabhfas tú chun na cúirte.” “Sin rud i n-aghaidh nádúir,” arsa mac ríogh Éireann, “fear dearmad do dhéanadh d'á bhean.” “Nuair a ghabhfas tusa chun na cúirte, béidh ollghárdas mór rómhat agus crathadh lámh. Má leigeann tú do aon neach, ná béal duine thabhairt go do bhéal, tá mise dearmadta, agus ní fhaca tú mé ariamh ó'n móiméad sin amach,” ars' an bhean. Nuair tháinic sé chun cúirte a athar, bhí ó'n uaisle go dtí na searbhfóghantaidhthe a b'ísle, ag teacht 'n a láthair, ag déanadh luthgháire agus ollghárdas' faoi é 'theacht ar ais chun cúirte a athar agus a mháthar féin. Choingbhigh gach duine uaidhe amach, nó gur eirigh coileán con a d'fhág sé 'n a dhiaidh, agus chuimil sí a teanga le ollghárdas d'á bhéal. Bhí an dearmad déanta do'n mhnaoi bhí in san loing, ionann agus dá mbéadh sé gan a feiceál go bráth. Bhí an t-am dh'á chathadh gan aon aireachtáil ag mac ríogh Éireann, go raibh lá agus bliadhain caithte. Cheap a athair agus uaisle na tíre do'n phrionsa óg go raibh sé 'n a am aige pósadh, agus deághrath do chur air féin in san saoghal. Bhí rí i n-uachdar na h-Éireann a raibh inghín bhreágh, aoibhinn, áluinn aige, agus go bhfeilfeadh sí dhó le bheith 'na bainríoghan óg agus 'n a céile aige. Chuadar agus chanadar le righ uachdair na h-Éireann, ar a inghín a thabhairt le pósadh do mhac ríogh íochdair na h-Éireann. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an rí, “má thig liom áitiúghadh níos feárr, ná fear níos feárr a fhághail dom' inghín.” D'fheistigheadar iad féin chun bóthair, go dtáiniceadar chun na cúirte i raibh an prionsa óg le bheith 'n a oidhir airthí. Rinneadh pósadh. Cuireadh goirm scoile amach ar an uaisle, 'chuile dhrong agus 'chuile dhream go dtí fear iarraidhthe na déirce. Mhair an bhainis seacht n-oídhche agus seacht lá, agus b'fheárr an oídhche dheiridh 'ná an chéad oídhche. “Mo chroídhe-chrádh dhíom,” ars' an bhean do bhí in sa' loing, “mun' bhfuil sé 'n-a am agam-sa féin do ghabháil chun treabhtha.” D'fhág sí an long agus do tháinic sí, agus do chuir sí í féin i bhfolach i ngéagán crainn do bhí ós cionn tobair ar chúl teach a' gheata. D'eirigh leis an oídhche go raibh sí 'n-a lán-gealaighe, agus d'eirigh leis nár fhéad an ghealach a bheith níos mó sholusda 'ná bhí sí an oídhche chéadna. “Gabh 'mach,” ars' an geatóir le duine d'á thriúr inghín, “agus tabhair isteach uisge, go nglanamuid inn féin le dul chun na cúirte.” Chuaidh inghín acú amach go dtí an tobar. Nuair a dhearc sí síos leis an uisge a thógbháil, chonnaic sí an sgáile budh bhreághach'de dh'á bhfaca sí ariamh, ná dh'á dtiocfadh léithe fheiceál. Chaith sí an soightheach uaithí, agus tháinic isteach gan aon deor uisge. “A shean-reascail,” ar sise, “cad do b'áil leat mise a chur i gcoinne uisge dhuit, agus gan aon bhean níos breághach'de 'ná mise le fághail 'san domhan?” “Maise brón ort,” ars' an t-atháir, “for is tú an bhean is míofaire ar thafan madadh ariamh airthí. — Gabh 'mach,” ars' an t-athair leis an darna h-inghín, “agus tabhair isteach soightheach uisge.” D'imthigh sí chun an tobair, bhreathnuigh sí síos, agus do chonnaic sí an sgáile mar do chonnaic a deirbhshiúr, agus níor ghlac sí am, ná ní deárna sí staidéar, acht chaith sí an soightheach uaithí, agus d'fhill sí ar a h-ais mar do rinne a deirbhshiúr agus “má ba mheasa an maol, ba mheasa an mullach.” “A shean-reascail,” ar sise, “cad as a fuair tu bean chomh breágh liom-sa a chur i gcoinne uisge dhuit-se, innis dom?” “Treadadh ort, a chréatúir is suaraighe ar dhearc súil duine 'riamh airthí! — Gabh 'mach,” ars' an t-athair leis an tríomhadh inghín, “agus ná déan aithris orthú seo, agus tabhair isteach an t-uisge.” Rug sí ar an soightheach, chuaidh sí chun an tobair; 'nuair a chrom sí ag gabháil ag thógbháil an uisge, chonnaic sí an sgáile budh bhreághach'de d'á bhfaca súil ariamh. Chaith sí an soightheach uaithí chomh fada 'gus d'fhéad sí agus do d'fhill sí isteach, agus ní buídheach do bhí sí d'a h-athair faoi bhean chomh breágh leithe féin do bheith 'na searbhfhóghantaidh aige, agus ag iomchur uisge. “Dia 'gh ár réidhteach!” ars' an t-athair, ars' eisean, “for, nach mise an truaighe, agus triúr chomh míofar chomh míoghanoi'mhail agus nár thafainn madadh ariamh ar aon triúr a dtiocfadh leo bheith níos míofaire 'ná sibh!” D'eirigh sé feín; chuaidh sé chun an tobair, agus nuair a chrom sé síos ar an tobar chonnaic sé an sgáile i gcuma-riocht mná badh bhreághach'de d'á bhfaca sé riamh. Do bhreathnuigh sé suas in san gcrann; chonnaic sé an bhean ós a chionn. “'H'm-nneá! gabh 'nuas as sin,” ar seisean, “for, tá go leor míoghnaoi déanta agad orm-sa anocht!” Tháinic sí anuas, agus shiúbhladar le chéile isteach chun na tíghe. “A chlann,” ars' an t-athair, “ní'l aon mhilleán agam oraibh faoi a ndeárna sibh anocht, for, dhá mbhéinn-se 'mo bhean mar bhí sibh-se, bhéinn féin chomh dona le ceachtar agaibh.” Nígheadar agus ghlanadar agus chíoradar iad féin, chuireadar orthú a gcuid éadaigh a b'fheárr, le gabháil chun na cúirte. “Tá fáilte rómhainn-ne,” ars' an t-athair, “agus d'á bhrígh go bhfuil, tig linn tusa a thabhairt linn, agus ní náireach dhúinn thú in sa gcúirt ná in sa gcaisleán.” Shiúbhladar suas chun na cúirte. Shuidheadar in san áit ameasg an chomhluadair bhí ceaptha dhóibh. Bhí caithríom mór le ithe agus le h-ól ag 'ch aon neach mar ba toil leis. Nuair a caitheadh sgathadh de'n oídhche, níor cuireadh tada chun tosaigh acht caint agus cómhrádh. “An é seo an chaoi i gcaitheann sibh an oídhche ag póstaíbh agus ag bainis?” ars' an strainséar mná. “Ní'l eolas ar a athrúghadh againn,” ars' an cómhluadar. Chuir sí a lámh in a póca; do chaith sí coileach agus cearc ar an mbord, agus tháinic eagladh mhór orthu a lig nuair a choiniceadar an chearc agus an coileach. Do chaith sí trí gráin cruithneachta ar an mbord. Sgiob an coileach dhá ghrán, agus níor fhág sé ag an gcirc acht aon ghrán amháin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc. “Nuair tháinic tú go cúirt m'athar, do theastuigh mise uait!” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí cúig ghráin ar an mbord. Sgiob an coileach trí ghráin, agus níor fhág ag an gcirc acht an dá ghrán. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc. "An gcuimhnigheann tú ar an lá a cuireadh ag treabhadh na páirce thú, nuair a thug an ollphéist do chuingir chapall uait, nár theastuigh mise uait an lá sin — nuair bhí sé ag sárúghadh ort an ollphéist a cheapadh, dhá mhéad do ghaisge agus do neart?” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí seacht nghráin ar an mbord. Sgiob an coileach ceithre gráin, agus ní raibh ag an gcirc acht a trí. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc (agus ní raibh duine 'sa gcúirt ó na ríghtíbh go dtí an dream a b' ísle, nach dtáinic ag dearcadh ar an gcirc agus ar an gcoileach, agus ar an obair iongantaigh a bhí ar siúbhal acú); “nuair a cuireadh thú ag glanadh na sean-chúirte leis an mbiorán suain a fhághail amach a chaill a mháthair seacht mbliadhna roimhe sin, do théastuigh mise uaith.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chuir sí naoi ngráin amach. Do sgiob an coileach cúig gráin leis, agus níor fhág ag an gcirc acht a ceathar. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a chuir m'athair thú ag taomadh an loch' leis an bhfáinne fhághail do chaill a mháthair seacht mbliadhna roimhe sin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chuir sí aon ghrán déag amach. Do sgiob an coileach sé gráin agus ní raibh ag an gcirc acht a cúig. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nó an gcuimhnígheann tú ar an oídhche nuair a ceapadh leaba dhuit-se agus dhomh-sa le dul chun suain ós cionn an dabhach nimhe? Do theastuigh mise uait an oídhche sin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí trí gráin déag ar an mbord. Do sgiob an coileach seacht ngráin agus d'fhág sin an chearc taobh le sé gráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a rug tú ar an gclaidheamh soluis le mo chómhairle-se, agus do dhéanfadh m'athair, Curadh Glas an Eolais, féar glas ar an talamh dhínn acht meir mise.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí cúig gráin déag ar an mbord. Do sgiob an coileach ocht ngráin, agus d'fhág sin an chearc taobh le seacht ngránaibh. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a mharbhuigh mise an lacha do bhí 'san gcrann, agus do bhain mé an ubh amach as a bolg, agus d'fhágamar slán agus beannacht ag cúirt m'athar féin.” “Is cuma liom,” ars' an coileach. Chaith sí seacht ngráin déag amach. Sgiob an coileach naoi ngráin, agus ní raibh ag an gcirc le piocadh acht ocht ngráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a bhuail mise m'athair ar an mball d'ódharán bhí ar a thaobh dheas, agus do mharbhuigh mé m'athair mar gheall ort-sa, agus chuir sin deireadh ar bheatha Churaidh Ghlais an Eolais. Tháiniceamar go dtí an long gan aon trioblóid, thug sinn go dtí cuan agus caladh t'athar, mar ba cóir.” Is cuma liom,” ars' an coileach. [“Ó maise budh é an staic é!” arsa sean-bhean do bhí ag eisteacht leis an sgéal 'san gclúid.] Chaith sí naoi ngráin déag síos. Sgiob an coileach deich ngráin, agus ní raibh ag an gcirc acht naoi ngráin. “Níorbh é sin do chomaoin orm,” ars' an chearc, “nuair a d'fhág tú mise in sa loing, agus tháinic tú féin chun na cúirte, go gcuirtheá in ordúghadh í le mise do thabhairt leat. Chuireas mé ort gan aon neach d'á raibh beo blaiseadh ná gabháil i ngoire do bhéil, nó dá ndéantá, go raibh dearmad déanta agad dhíom, agus do rinne tú sin go ceart, nó gur eirigh an coileán con, agus gur chuimil sí a teanga de do bhéal, agus uaidhe sin amach níor chuimhnigh tú níos mó orm-sa.” Do stop an imirt. Bhí mac ríogh Éireann ag breathnúghadh air ó n-a thosach go dtí n-a dheireadh. “Tá sé in 'am agam-sa,” ar seisean, “gabháil chun tosaigh, for, tá tú annsin.” Chuaidh an cómhluadar, 'chaon dream acú, ó na ríghtíbh go dtí an dream a b'ísle, chun a n-áite féin. “Well,” arsa mac ríogh Éireann, ars' eisean, le athair a mhná agus le n-a athair féin, “is ríghthe sibh agus fágaim ar bhur mbreitheamhnas, bhur n-inntinn a thabhairt mar is cóir ar sgéal a innseóchaidh mé dhaoibh.” “Déanfamuid é sin, má tá sé in ar gcúmhacht,” ars' an dá righ. “Nuair bhí mise i dtír choidrighthe gan aon eolas, fuair mé bosca déanta, glas agus eochair air, a d'féadfainn féin iomchur, le mo chuid éadaigh ghlain do chongbháil. Chaill mé eochair an ghlais, a rinneadh dhó, agus fuair mé eochair úr déanta dhó, agus, tí narbh iongnadh, ní raibh sí i bhfeileamhaint do'n ghlas, mar bhí an chéad eochair a chaill mé. Anois, fuair mé arís an chéad eochair, agus, a ríghthe chneasda, chóra, cia h-acu de'n dá eochair is cóir dom a chongbháil?” “Coingbhigh an chéad eochair,” ars' an rí a raibh a inghín pósta ag mac ríogh Éireann. “For, ní'l aon eochair le fághail oirfeas mar an gcéad eochair do ghlas ar bith.” “Tá súil agam gur fear go d'fhocal thú,” arsa mac ríogh Éireann. Shiúbail sé síos agus thug sé láithreach an tseaneochair. “Bhfeiceann tú an bhean seo,” arsa mac ríogh Éireann, “atá annseo in ar gcómhluadar? Is seo í an eochair a chaill mise, agus atá faighte agam arís. Is seo í an bhean a chuaidh thríd gach trioblóid d'á bhfaca sibh anocht eidir an coileach agus an chearc. 'Sí rinne gach nídh d'á bhfaca sibh mar gheall ormsa, agus mharbh sí, mar do chonnaic sibh, a h-athair féin mar gheall orm, mar bhí Curadh Glas an Eolais. Agus anois rinne mise dearmad lae agus bliadhna dhí, mar gheall ar an gcoileán con, agus a ríghthe uaisle, óirdhearca, cia h-acu de'n dá mhnaoi is cóir dhom a chongbháil?” D'eirigh an t-athair claimhuin agus a athair féin, agus chraitheadar lámh leis an mnaoi strainséaraidh, “agus céad míle fáilte go raibh rómhat chun na tíre seo, agus chun t'ionaid chomhnaidhe, for, is tú a shaothruighis an chúirt seo le d'obair chruaidh agus is ort is feárr díol í.” “Bhéarfaidh mise m'inghín abhaile; ní'l dochar déanta dhí, ná éagcóir; agus fágfamuid slán agus beannacht agaibh, le Dia an t-ádh agus an séan fheiceál oraibh,” ars' an rí a raibh a inghín pósta, mar shaoileadar. Lá ar n-a n-aortha, 'nuair a d'itheadar a mbricfasta, d'fhágadar slán agus beannacht ag mac ríogh Éireann agus ag a mhnaoi, thugadar a n-aghaidh, 'ch aon neach ar a ionad agus ar a áitiúghadh féin, d'á raibh ag an bhféasta. Bhí 'chuile dhuine buidheach, beannachtach, acht Tomás bocht Ó 'cGiobúin [fear innste an sgéil seo rómhainn]. Bhuail sgoilteach é, agus b'éigean dó an chúirt fhágáil, nuair a chuaidh sé ó mhaith ar bith a dhéanadh, agus triall leis, go dtáinic sé go Béal Áth a' Chip [ainm an bhaile i raibh sé 'n a chomhnaidhe] imeasg a mhuintire féin, agus sin é deireadh mo sgéil ar mhac ríogh Éireann agus ar Churadh Glas an Eolais. Beannacht dhílis Dé le h-anam “Tommuny Bhid" bhoicht! — Chuaidh sé ar sluagh na marbh, i mBéal Áth a' Chip, am éigin i rith 1902. S. M. o. R. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=412 |
1,924 | A Dedication and Poem by Charles Lynegar | Ó Luinín, Cormac | — | Greene, David | 1727 | 18 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1945) | 209 | 148 | Fáilte dhuit nóchchad is trí chéud a thríath St. George gan toibhéim a fhlaith áobhdha mhúinte mhéanmnach shúgach shuilbhir shodhealbhdha. Do rad día dhuit ad áois fós mór ttoirbheart ón tríonnóid gnúis róréidh gan ghrúaim gan ghoimh gan toibhéim uaill gan anntoil. Día na ndúl guídim do tshíor air thtríath St. George do chomhdhíon a bfhéile go maith mholta a ccéile shearc na dáonnachta. Maith a mhéin mhórrdha gach ám maith a chiall, is a chumann an ríghfhlaith chaitheas gan tár a chradh lámh gach maitheas do mhóradh. Do fúair as móide a mheas eagna foirbhthe gan oilcheas féile, fóghluím, agas fos tréutha cómhluinn, agas cumais. Gach áon dhá bhfaicenn an fear duaisle gall agus gáodhal dhá ghrádh air ball líonuid lán ní fann míonach an mhacáimh. Aitchim an choimdhe thréun do fhlaitheas madh buan do choimhéud dod bhailtibh, bríoghmhur seólmhur soillseach líonmhur, ceólmhur caómhdhoirseach. Amen. ar an cléirach. An tabhrán ceanguil Atá néigsi dhá ngéurghoin mur bfuasgla tú an tóir Is taoi an sáor lon, faoi exclips, a sileadh na ndeór Mac dé leat a thséunmhic ó charruig na seód 'S do chumm réiteach do dhéunamh do cumadh do ghlór. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1924 |
499 | A Devotional Poem by Seán Máistir Ó Conaill | Ó Conaill, Seán | — | Ó Cróinín, Donncha A. | 1791 | 18 | poetry | (B.Á.C.: I.A.B., 1966) | 1,561 | 748 | Is uireasa machnaimh ar mhaitheas na Tríonóide Ler tuileadh an talamh de mhallachtaibh míleortha, Tiomargadh taitnimh do chleachtaibh na clífeola 'Na ndrongaibh tug anamnach damanta díthreorach. Uireasa machnaimh tug d'aingil do bhí i nglóire Titim 'na gceathaibh go seachmallta síobhóideach, 'Na mbruithnisc cheamalach anacrach mhíshnómhail 'Sileadh go leachtaithe i lasair ná críochnófar. Is uireasa machnaimh fá ndeara don mhnaoi bhreoigh sinn Druidim le habhall na haithne ar chraoibh órga, A bhriseadh 's a bhlaiseadh 's a thabhairt dá caoinstórach d'fhúig sinne go daingean san ama fá chuinggheóca. Is uireasa machnaimh don leanbh bocht trí an ngnó san Le mioscais a chealg gur mharbh a chlíchomhalta d'fhúig bruite nocht a anam i bhfarraige nimhe scólta Is ná feicthear leathphingin glanta den díol fós de. Le huireasa machnaimh a theangmhaigh an ní neosad Do dhuine bhocht ainnis bhí sealad 'na rí chomhachtach Go cumasach ceannasach bainiseach buíontslóghach, Gur scribheadh a dhamaint ar fhalla le mínmheoraibh. Is d'uireasa machnaimh do dheachtar linn síos sómpla Deimhin den tsamhail i bpearsain an rí Póil oilc Le buile na peannaide chealg 'na chroídhrólainn Bhí ciontach 'na mharbh 's is fada dhó ag díol fós as. Is uireasa machnaimh do dhamnaigh Aintíócus In ifreann ceangailte ag spalpadh re spídeoireacht Mar ionathar ablaigh treascartha i ndíg bóthair Ag iomlasc a anama ar leacaibh an fhíorspólta. Is trí uireasa machnaimh na seana do shín romhainne 'Na tuile ar an dtalamh tug fearg an Rí mhórga Ler scriosadh a sleachta gan phearsa den droing, móidim, Ach an uimhir do sheasaimh 'na mbeathaidh san loing órga. Is uireasa machnaimh tug lasrach nimhe is tóirneach Is tine na bhflaitheas chun cathrach mbruíonómrach, Faghthar deimhin ná deachaigh neach astu re ríomh sceolta Ach duine agus ainnir 'na salann do fríth fós ann. Is uireasa machnaimh ar phearsain an Rí thrócairigh Tug cumus dár n-athair i bparrthas síoch sóilmhear Ag fiuchadh le scalladh 's ag screadaigh go glinndeorach Mo thurraing! bheir damanta scata den tsaol bhrónach. Is uireasa machnaimh ar chneastacht chirt Chríost chomhachtaigh d'fhuiling a spalladh re sparradh na spíonchoróine Bheir uimhir dhubhamhairc 'nar dheacair a gcruinnchomhaireamh Ag ciseal ar shlabhara is lasrach nimhe leosan. Is uireasa machnaimh ar theagasc an Naoimh-mhóirSpioraid Mar chitear i gcantain 's i gceachtaibh na bpríomheolach Bheir bruithnisc cheamalach anamnach críondóite Ag Lucifer ceangailte i nglasaibh dá righinróstadh. Is uireasa machnaimh ar fhlaitheas an Rí ghlórmhair, Ar bhinneas na n-aingeal ag cantain go binncheolmhar Is ar chriostalaibh anamnach sneachtaidh 'na shíorchomhair Bheir deimhin dubh damanta dearbhaim síos slóite. Is uireasa machnaimh ar amasaibh saighead seoltar Re toirmeasc namhad ag seasamh na slí romhainne Bheir muclach anamnach anacrach bhfíordhreoite Idir ursanaibh dearga ag lasadh gach aon mhóimead. Is uireasa machnaimh tug cealgach croíchróloit Iomlatach aithristeach aithiseach íogórach Iongantas anamnach ndamanta ndíchomhairligh Is tine dhubhdheataigh dá ngreadadh le mídhóchas. Is uireasa machnaimh bheir spairneach baoisghlórach In imreas aigne ag easmail 's ag guíodóireacht Sinne is ár leabhair dá spalpadh le luímhóide Is is deimhin gur eagla go gcaithfeamna díol deorach. A Mhuire na bhflaiteas thais mhaiseamhail mhín mhómhail, A choimirc 's a chabhair na n-anbhfann ndíthreochais, Sirim sinn sheachaint re feartaibh do ghuí, deonaigh, Ós deimhin an tAthair gur bheartaigh 'na Ríocht coróin duit. A bhuime is a bhanaltra gheanmnach ghnaoighlórmhar, Foiligh ár mbearta fé bheannaibh do mhínsceobhrait, Ná fuiling sinn dhamaint re damantacht gníomhghnótha Ó dliteadh led leanbh i bhflaitheas 'na Ríocht coróin duit. A bhruinneal 's a mhascalach bheannaithe bhinn bheoga Is criostaltha chailce ná an sneachta de dhroim bóchna, Re cumann dá screadair ón araidSpioraid Naomh gheobhairse Coimirc dár gceastaibh mar cheangail 'na Ríocht coróin duit. Más uireasa machnaimh is mallaitheacht smaointeoireacht Bheir tuilleadh acu ar lasadh le lasair 'na síorsmólaibh Is misneach do neartaigh na haingil go naoi n-ordaibh Misneamhail neartmhar chun seasaimh i sítheoilteacht. Is iomarca machnaimh rinn tarmainn dín Dhomhnaill, Gan ithe gan ghearradh gan stracadh le fíoch leomhain, I gcomlach cleatraigh fhairsing an mhíl mhóir chuir Ó thonnaibh na farraige ar talamh i dtír Jonas. Is iomarca machnaimh is eagna is aoirdeolais Is oidis tug ceannas is gairm do Mhaois thógadh Gan fuireach a bhasa chun flaithis ag guí trócaire Is trí thonnaibh na mara do leathnaigh Rí bóthar. Is iomarca machnaimh chirt aigne an trír tógadh As an dtine do chaitheadh re bagairt an rí dhóraidh Tug inneallta a bpearsana i ndealbh 's in íoghair dhóchais Gan ribe dá mbathasaibh greadta ná fríthdóite. Is le hiomarca tabharthais machnaimh i gcroí Job ghil d'fhuiling gan ghangaid a dtagadh 'na shlí i dtreonaibh, Toirmeasc treasa agus teascairt ar chlainn mhómharaigh, Trí bhfuilid lucht teagisc dá aithris 'na soísceoltaibh. Is iomarca machnaimh is dearbh do shaor Joseph I gcoinnibh an taitnimh do radadh le mnaoi nóchair Fár fhuiling sin atuirse is scannail re poimp mhórtais 'Na chime bhocht cheangailte i gcarcair ar díth sóltais. Is iomarca machnaimh tug d'fheartaibh don tsíorÓigh ghlain Friotal an aingil do ghlacadh gan puinn tóstail An tan d'innis de shanas di an tAthair gur fhíordheonaigh Ise dá leanbh trí ngeabhadh 'na coim feoil choirp. Is iomarca machnaimh do neartaigh arís Joseph Muire na bhflaitheas nuair mhachnaimh 'na broinn tóirrcheas Fulaing gan mhasladh ar bith thabhairt dá mhnaoi phósta Is is ionamhain cheangail an leanbh dil Críost comhall ris. Is iomarca machnaimh is frasa agus fíordheora Do shileadh as a dhearcaibh 'na gceathaibh gan toinnteora Tug deimhin chun aithreachais Peadair d'éis síormhóide Is mionna do spalpadh nárbh aithnid dó Críost d'fhóir sinn. Is iomarca machnaimh tug d'ainnir na mínórfholt Ag titim chun talaimh go slamarthach slímómrach, Do chiontaigh i ndamaint le fearaibh ag luí leosan, Filleadh le hatuirse i gcreathaibh go croídheorach. Is ler cuireadh an t-anam san marbh do bhí ag feochadh Curtha go taiscithe ceartaithe i gcaoilchomhrainn Fár misneamhail d'eascair 'na sheasamh gan mhoill mhóimid Le friotalaibh beannaithe Aingil na príomhchomhairle. d'iomad mo mhachnaimh a machnamh ní chuimhneochainn Ar an uimhir de dheascaibh a machnamh do rinn fómhar, Níorbh usa dhom deachamh ar cailleadh dá dhíth a chomhaireamh Ná tonna na mara le cnagaire a chruinnthomhas. A Mhuire gan mhairg gan tearca gan díth trócaire Cumais is ceannais is gradaim is síorghlóire, Sirim fád bhrataibh ghil tarmainn dín domhsa Is do gach nduine bhocht ainnis dem amhail i mídhóchas. Innis don Athair, ciodh dearbh an gníomh romhat, A fhriotal gur ghlacais let easna gur shnaidhm t'fheoil de, Gur oilis le ceanas le lachtaibh do chíoch n-órgan Is gur muirneach d'fhaireadh it aice red thaoibh Joseph. Innis dod leanbh go rabhais go croíbhrónach, Go sileadh do dhearca 'na srathaibh le síordheoraibh Ar bhfeicsin a phearsan dá ghearradh 'na dhaorstrócaibh Is domlas 'thabhairt mar shearbhdhigh nimhe fós dó. Innis don araidSpioraid acfainnigh aoirdchomhachtaigh Le buile go ndeachais go rabhais id mhnao-óinmhid Trí ar mhillis do bhasa gur screadais go baoisghlórach Ar dtitim dod leanbh lag marbh gan bhrí leointe. Níorbh ionganadh marbh i gcreataibh thú, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil in íoghair shnóchruth An tan cuireadh do leanbh gan anam le míchóthrom. Níorbh ionganadh marbh thú i gcreathaibh, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil is naoimh órga Is d'imigh a taitneamh ón ngealaigh gan soilse eolais. An chruinne ba cheatharga d'athraigh in íoghair shnóchruth, Brisid na carraigreach, cranna na bhfíodhbh feochaid, Titid 'na mbrataibh dubhscamaill go sceimhealbhrónach An tan cuireadh gan anam do leanbh le míchóthrom. Trí ar fhuiling de scannail 'na phearsain de thaoibh fheola, Trí ar fhuiling de pheannaid á ghearradh i ngach aon orlach Is trí ar fhuiling de mhasladh do thabhairt don Díocht deonaigh, Dá sirir air, maitheachas d'achairt dár gclaonghnóthaibh. A Mhuire, let fheartaibh do ladrann líobóideach Dár bhainis an t-anam ba cheangailte i scríbhneoireacht Le fuil do bhí tarraingthe, fairsingigh slí romhainne An tan chluinfir an t-aingeal dár ngairm chun aonchnósaigh. Trí an misneach do ghlacais ar n-amharc dó arís beo agat, Trína fhuireach ag teagasc na n-aspal i ndíocht eolais Is trína dhul ar deis 'Athar go flaithis 'na shaighead ghlórmhar Go muirneach athchuir ár screada agus guí dhomhsa. Trí ar innisis dearbh dot Athair, a Rí ghlórmhair, Don fhoirinn do cheangail thú is chealg do chroí trócaireach Nár tuigeadh, och! mallaitheacht aingcise a bhfillghnótha Is uime sin maitheadh 'na mbeartaibh go síoch dóibhsin. Innis dot Athair gur cheannaigh do chroí stróicthe Gach milleadh ba bhascaitheach theangmhaigh sa tslí romhainne, Laige agus galar is easpa do shíorbhreos sinn Is go dtugaisse t'anam mar aisce inár saobhghnóthaibh. Ó chuiris mar cheangal san bpaidir go binnghlórach Gach nduine le carthannacht maitheamh don naimhdchomharsain, Trí an bhfriotal san canadh libh leanfamna trí an dtreoir sibh Ag feitheamh an mhaitheachais dearbh nár dlíodh fós linn. Dá chaime ar bith cleachtadh agus cleasa agus slí thógfam, Buile agus barbaracht, bladar is baois óige, Trí iomarca maitheachais mhaithis na Tríonóide, Ach filleadh le haithreachas, glacfar go síoch sóil sinn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=499 |
4,206 | A Devotional Poem by Seán Máistir Ó Conaill | Seán Ó Conaill | — | Donncha A. Ó Cróinín | 1791 | 18 | poetry | Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath | 1,557 | 749 | Is uireasa machnaimh ar mhaitheas na Tríonóide Ler tuileadh an talamh de mhallachtaibh míleortha, Tiomargadh taitnimh do chleachtaibh na clífeola 'Na ndrongaibh tug anamnach damanta díthreorach. Uireasa machnaimh tug d'aingil dobhí i nglóire Titim 'na gceathaibh go seachmallta síobhóideach, 'Na mbruithnisc cheamalach anacrach mhíshnómhail 'Sileadh go leachtaithe i lasair ná críochnófar. Is uireasa machnaimh fá ndeara don mhnaoi bhreoigh sinn Druidim le habhall na haithne ar chraoibh órga, A bhriseadh 's a bhlaiseadh 's a thabhairt dá caoinstórach d'fhúig sinne go daingean san ama fá chuinggheóca. Is uireasa machnaimh don leanbh bocht trí an ngnó san Le mioscais a chealg gur mharbh a chlíchomhalta d'fhúig bruite nocht a anam i bhfarraige nimhe scólta Is ná feicthear leathphingin glanta den díol fós de. Le huireasa machnaimh a theangmhaigh an ní neosad Do dhuine bhocht ainnis bhí sealad 'na rí chomhachtach Go cumasach ceannasach bainiseach buíontslóghach, Gur scribheadh a dhamaint ar fhalla le mínmheoraibh. Is d'uireasa machnaimh do dheachtar linn síos sómpla Deimhin den tsamhail i bpearsain an rí Póil oilc Le buile na peannaide chealg 'na chroídhrólainn Bhí ciontach 'na mharbh 's is fada dhó ag díol fós as. Is uireasa machnaimh do dhamnaigh Aintíócus In ifreann ceangailte ag spalpadh re spídeoireacht Mar ionathar ablaigh treascartha i ndíg bóthair Ag iomlasc a anama ar leacaibh an fhíorspólta. Is trí uireasa machnaimh na seana do shín romhainne 'Na tuile ar an dtalamh tug fearg an Rí mhórga Ler scriosadh a sleachta gan phearsa den droing, móidim, Ach an uimhir do sheasaimh 'na mbeathaidh san loing órga. Is uireasa machnaimh tug lasrach nimhe is tóirneach Is tine na bhflaitheas chun cathrach mbruíonómrach, Faghthar deimhin ná deachaigh neach astu re ríomh sceolta Ach duine agus ainnir 'na salann dofríth fós ann. Is uireasa machnaimh ar phearsain an Rí thrócairigh Tug cumus dár n-athair i bparrthas síoch sóilmhear Ag fiuchadh le scalladh 's ag screadaigh go glinndeorach Mo thurraing! bheir damanta scata den tsaol bhrónach. Is uireasa machnaimh ar chneastacht chirt Chríost chomhachtaigh d'fhuiling a spalladh re sparradh na spíonchoróine Bheir uimhir dhubhamhairc 'nar dheacair a gcruinnchomhaireamh Ag ciseal ar shlabhara is lasrach nimhe leosan. Is uireasa machnaimh ar theagasc an Naoimh-mhóirSpioraid Mar chitear i gcantain 's i gceachtaibh na bpríomheolach Bheir bruithnisc cheamalach anamnach críondóite Ag Lucifer ceangailte i nglasaibh dá righinróstadh. Is uireasa machnaimh ar fhlaitheas an Rí ghlórmhair, Ar bhinneas na n-aingeal ag cantain go binncheolmhar Is ar chriostalaibh anamnach sneachtaidh 'na shíorchomhair Bheir deimhin dubh damanta dearbhaim síos slóite. Is uireasa machnaimh ar amasaibh saighead seoltar Re toirmeasc namhad ag seasamh na slí romhainne Bheir muclach anamnach anacrach bhfíordhreoite Idir ursanaibh dearga ag lasadh gach aon mhóimead. Is uireasa machnaimh tug cealgach croíchróloit Iomlatach aithristeach aithiseach íogórach Iongantas anamnach ndamanta ndíchomhairligh Is tine dhubhdheataigh dá ngreadadh le mídhóchas. Is uireasa machnaimh bheir spairneach baoisghlórach In imreas aigne ag easmail 's ag guíodóireacht Sinne is ár leabhair dá spalpadh le luímhóide Is is deimhin gur eagla go gcaithfeamna díol deorach. A Mhuire na bhflaiteas thais mhaiseamhail mhín mhómhail, A choimirc 's a chabhair na n-anbhfann ndíthreochais, Sirim sinn sheachaint re feartaibh do ghuí, deonaigh, Ós deimhin an tAthair gur bheartaigh 'na Ríocht coróin duit. A bhuime is a bhanaltra gheanmnach ghnaoighlórmhar, Foiligh ár mbearta fé bheannaibh do mhínsceobhrait, Ná fuiling sinn dhamaint re damantacht gníomhghnótha Ó dliteadh led leanbh i bhflaitheas 'na Ríocht coróin duit. A bhruinneal 's a mhascalach bheannaithe bhinn bheoga Is criostaltha chailce ná an sneachta de dhroim bóchna, Re cumann dá screadair ón araidSpioraid Naomh gheobhairse Coimirc dár gceastaibh mar cheangail 'na Ríocht coróin duit. Más uireasa machnaimh is mallaitheacht smaointeoireacht Bheir tuilleadh acu ar lasadh le lasair 'na síorsmólaibh Is misneach do neartaigh na haingil go naoi n-ordaibh Misneamhail neartmhar chun seasaimh i sítheoilteacht. Is iomarca machnaimh rinn tarmainn dín Dhomhnaill, Gan ithe gan ghearradh gan stracadh le fíoch leomhain, I gcomlach cleatraigh fhairsing an mhíl mhóir chuir Ó thonnaibh na farraige ar talamh i dtír Jonas. Is iomarca machnaimh is eagna is aoirdeolais Is oidis tug ceannas is gairm do Mhaois thógadh Gan fuireach a bhasa chun flaithis ag guí trócaire Is trí thonnaibh na mara do leathnaigh Rí bóthar. Is iomarca machnaimh chirt aigne an trír tógadh As an dtine do chaitheadh re bagairt an rí dhóraidh Tug inneallta a bpearsana i ndealbh 's in íoghair dhóchais Gan ribe dá mbathasaibh greadta ná fríthdóite. Is le hiomarca tabharthais machnaimh i gcroí Job ghil d'fhuiling gan ghangaid a dtagadh 'na shlí i dtreonaibh, Toirmeasc treasa agus teascairt ar chlainn mhómharaigh, Trí bhfuilid lucht teagisc dá aithris 'na soísceoltaibh. Is iomarca machnaimh is dearbh do shaor Joseph I gcoinnibh an taitnimh do radadh le mnaoi nóchair Fár fhuiling sin atuirse is scannail re poimp mhórtais 'Na chime bhocht cheangailte i gcarcair ar díth sóltais. Is iomarca machnaimh tug d'fheartaibh don tsíorÓigh ghlain Friotal an aingil do ghlacadh gan puinn tóstail An tan d'innis de shanas di an tAthair gur fhíordheonaigh Ise dá leanbh trí ngeabhadh 'na coim feoil choirp. Is iomarca machnaimh do neartaigh arís Joseph Muire na bhflaitheas nuair mhachnaimh 'na broinn tóirrcheas Fulaing gan mhasladh ar bith thabhairt dá mhnaoi phósta Is is ionamhain cheangail an leanbh dil Críost comhall ris. Is iomarca machnaimh is frasa agus fíordheora Do shileadh as a dhearcaibh 'na gceathaibh gan toinnteora Tug deimhin chun aithreachais Peadair d'éis síormhóide Is mionna do spalpadh nárbh aithnid dó Críost d'fhóir sinn. Is iomarca machnaimh tug d'ainnir na mínórfholt Ag titim chun talaimh go slamarthach slímómrach, Do chiontaigh i ndamaint le fearaibh ag luí leosan, Filleadh le hatuirse i gcreathaibh go croídheorach. Is ler cuireadh an t-anam san marbh dobhí ag feochadh Curtha go taiscithe ceartaithe i gcaoilchomhrainn Fár misneamhail d'eascair 'na sheasamh gan mhoill mhóimid Le friotalaibh beannaithe Aingil na príomhchomhairle. d'iomad mo mhachnaimh a machnamh ní chuimhneochainn Ar an uimhir de dheascaibh a machnamh do rinn fómhar, Níorbh usa dhom deachamh ar cailleadh dá dhíth a chomhaireamh Ná tonna na mara le cnagaire a chruinnthomhas. A Mhuire gan mhairg gan tearca gan díth trócaire Cumais is ceannais is gradaim is síorghlóire, Sirim fád bhrataibh ghil tarmainn dín domhsa Is do gach nduine bhocht ainnis dem amhail i mídhóchas. Innis don Athair, ciodh dearbh an gníomh romhat, A fhriotal gur ghlacais let easna gur shnaidhm t'fheoil de, Gur oilis le ceanas le lachtaibh do chíoch n-órgan Is gur muirneach d'fhaireadh it aice red thaoibh Joseph. Innis dod leanbh go rabhais go croíbhrónach, Go sileadh do dhearca 'na srathaibh le síordheoraibh Ar bhfeicsin a phearsan dá ghearradh 'na dhaorstrócaibh Is domlas 'thabhairt mar shearbhdhigh nimhe fós dó. Innis don araidSpioraid acfainnigh aoirdchomhachtaigh Le buile go ndeachais go rabhais id mhnao-óinmhid Trí ar mhillis do bhasa gur screadais go baoisghlórach Ar dtitim dod leanbh lag marbh gan bhrí leointe. Níorbh ionganadh marbh i gcreataibh thú, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil in íoghair shnóchruth An tan cuireadh do leanbh gan anam le míchóthrom. Níorbh ionganadh marbh thú i gcreathaibh, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil is naoimh órga Is d'imigh a taitneamh ón ngealaigh gan soilse eolais. An chruinne ba cheatharga d'athraigh in íoghair shnóchruth, Brisid na carraigreach, cranna na bhfíodhbh feochaid, Titid 'na mbrataibh dubhscamaill go sceimhealbhrónach An tan cuireadh gan anam do leanbh le míchóthrom. Trí ar fhuiling de scannail 'na phearsain de thaoibh fheola, Trí ar fhuiling de pheannaid á ghearradh i ngach aon orlach Is trí ar fhuiling de mhasladh do thabhairt don Díocht deonaigh, Dá sirir air, maitheachas d'achairt dár gclaonghnóthaibh. A Mhuire, let fheartaibh do ladrann líobóideach Dár bhainis an t-anam ba cheangailte i scríbhneoireacht Le fuil dobhí tarraingthe, fairsingigh slí romhainne An tan chluinfir an t-aingeal dár ngairm chun aonchnósaigh. Trí an misneach do ghlacais ar n-amharc dó arís beo agat, Trína fhuireach ag teagasc na n-aspal i ndíocht eolais Is trína dhul ar deis 'Athar go flaithis 'na shaighead ghlórmhar Go muirneach athchuir ár screada agus guí dhomhsa. Trí ar innisis dearbh dot Athair, a Rí ghlórmhair, Don fhoirinn do cheangail thú is chealg do chroí trócaireach Nár tuigeadh, och! mallaitheacht aingcise a bhfillghnótha Is uime sin maitheadh 'na mbeartaibh go síoch dóibhsin. Innis dot Athair gur cheannaigh do chroí stróicthe Gach milleadh ba bhascaitheach theangmhaigh sa tslí romhainne, Laige agus galar is easpa do shíorbhreos sinn Is go dtugaisse t'anam mar aisce inár saobhghnóthaibh. Ó chuiris mar cheangal san bpaidir go binnghlórach Gach nduine le carthannacht maitheamh don naimhdchomharsain, Trí an bhfriotal san canadh libh leanfamna trí an dtreoir sibh Ag feitheamh an mhaitheachais dearbh nár dlíodh fós linn. Dá chaime ar bith cleachtadh agus cleasa agus slí thógfam, Buile agus barbaracht, bladar is baois óige, Trí iomarca maitheachais mhaithis na Tríonóide, Ach filleadh le haithreachas, glacfar go síoch sóil sinn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4206 |
4,077 | A Dialect of Donegal | Quiggan, E.C. | — | — | 1906 | 20 | prose | Cambridge University Press | 12,977 | 2,136 | Seanfhocla. 1. Leis an uile mhadadh a chnáimh. 2. Bidhidh a chiall fhéin aig an uile dhuine agus ciall air leith aig an fhear mhire. 3. Ní fhuair an madadh ruadh teachtaire ní b'fhearr ná é fhéin. 4. Margadh na bpáistí, leig domh, leigfidh mé duid. 5. Is námhaid an chéird gan a feoghluim. 6. Saoilidh an t-éan dubh gur b'é a éan fhéin an t-éan is báine air bith. 7. Scéal do innse do chapall agus an capall air tóin ann áirde. 8. Níor mhisde do Pheadar Pól. 9. Tús ceatha ceó. 10. Cruinnighidh brobh beairt agus líontar saic de phoiríní. 11. Cuireann súil thnúiteach corp 'un na cille agus mart 'un an phota. 12. Is é mar tá fear na h-aon bhó. Tá sé faoi smacht aig fear an dá bhó. Acht an té a bhfuil aige an sé no an seacht, ní fhaghann sé ceart o fhear an naoi. 13. Deir an cat, cé d'ith an t-im? na mná. 14. Is fhearr do bhéith as an tír ná as an fhaisiún. 15. Is galar do'n ghabhar nuair nach n-itheann sé eidhean. 16. Bidhidh rath air raplachan agus théid an streabhóg amudha. 17. Gach éan mar oiltear agus an naoscann san eabar. 18. Ní seibhte air bith do bhéith folamh. 19. An stráinséair i n-aice an dáinséair agus an bearach féaraigh i n-aice an dorais. 20. Sé mar tá an t-an-eólaidh dall. Ní ghlacann sé comhairle o neach a maireann. Gan eolas is fearr leis do bhéith ná aidbheáil go bhfuil sé i n-ainbhfios. 21. Dhá dtrian galair le h-oidhche, ghá dtrian gaoithe le crannaibh, dhá dtrian sneachta le sléibhte agus dhá dtrian gréine le beanna. 22. Dís nach gcuireann le chéile, fear na céille agus fear na h-éigcéille, de bhrígh go saoileann fear na h-éigcéille gur b'é fhéin fear na céille. 23. Ní truimide do'n loch an lach. Ní truimide do'n each a shraon (shrian). Ní truimide do'n chaora a h-olann agus ní truimide do'n cholann ciall. 24. Is cosamhail le chéile an ball séire agus a ghiolla. 1. Is lugh ná luch, is aoirde ná each, is gile ná gé, agus bidhidh sé na dhiaidh sin dubh. Áirne. 2. Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe. Ní h-ésin dó-san, bidhidh sé maoth. Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann. Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging. Tigidh an pinneóir le n-a pheann. Pollaidh ésean fríd a cheann. Sciordaidh an gadaidhe agus éirighidh an greann. Stopalán an bhuideáil. 3. Ceathrar na rith, ceathrar air crith, beirt ag deánadh an eólais, agus lóibín air deireadh. Bó. 1. Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an chapaill. 2. Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ní buige é ná 'n fód tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug agus is bug é an bogfhód. Áindrías an Ime. Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó agus tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh. Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar agus seacht ngearráin agus péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a chuid ime. D'fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go dé gheánfaidh mé? Tá an t-im ithte agad. D'fhiafraigh Áindrías, bhfuil oiread ime agad a's gheánfadh sinn aniu? agus dubhairt sise, tá. Nuair d'ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, is cóir duid an solathar do thabhairt domh, agus dubhairt Áindrías, ní'l solathar air bith agam. D'ith mé é uilig. Dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé 'un an phríosúin thú. Agus dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó bliadhain eile agus bhéarfaidh mé mionna nach n-ithim aon ghreim ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh Áindrías agus a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich mba(th) aig Áindrías é fhéin agus shábháil sé an t-im uilig go deárn sé ocht gcroc agus fiche air shon an dá bhliadhan. Thainic an Seónstanach an tseachtmhain roimhe Shamhain agus ceithre gearráin déag leis, péire cliabh air ghach gearrán. Thug sé leis a chuid ime. Ní bhéidh luach píngne de roinn agam leat, arsa Áindrías. Tá mé ar tógáil gan aon ghreim ime fhagháil le bliadhain. Cuirfidh mé stoc bolog chugad air an bhliadhain seo chugainn. Maith go leór. Rinneadh an margadh. Thainic an t-eallach scór go leith. Chaith an t-eallach a n-am annsin go dtí an foghmhar. Thug an Seónstanach leis iad go h-aonach an fhoghmhair Bhealach Seanaidh é fhéin agus Áindrías leis. Dhíol sé an t-eallach le Connachtach agus dubhairt an Connachtach: is mor an náire nach bhfuil eallach níos fearr agaibh ná tá. Acht ní'l áit an bhídh ann bhur gcuid eallaigh na ann bhur ndaoiní. Dubhairt an Seónstanach go robh eallach agus daoiní ocú co maith agus bhí i gConnachta agus a ghlacadh a mbiadh co maith fosta. Phléideáil an Seónstanach agus an Connachtach air feadh tamaill agus chuir siad geall thrí leathghuinea cia ocú buachaill an Chonnachtaigh no buachaill an Seónstanaigh is mó d'íosadh de im. H-innsigheadh an scéal do Áindrías agus do bhuachaill an Chonnachtaigh agus dubhairt an bheirt gur mhaith mar tharlaidh, go robh a sáith ocrais orrthú. Chuaidh siad isteach i dteach an ósta. Fiafruigheadh díobhtha go dé d'iosadh siad le n-a gcuid ime. Dubhairt an bheirt: Arán min choirce agus préataí. Fuaras sin dóbhtha. Fiafraigheadh díobhtha go dé an mhéid ime. Dubhairt Áindrías ceathramhadh cloiche. Níor bhfhada go robh sin críochnaighthe. Ghair Áindrías ceathramhadh cloiche eile do gach aon ocú. Nuair a thainic an t-im, bhuail Áindrías dorn air an bhórd agus dubhairt nach robh ceart dha dheánamh le ceachtar ocú. Gur cheart dóbhtha deoch fhagháil. Fiafraigheadh go dé an deoch agus dubhairt sé: Deoch ime. Go dé an mhéid ime? Léighigidh ceathramhadh cloiche an fear dúinn. Thainic sé léighte agus ann dhá bpigín. D'ól Áindrías deoch agus d'iarr sé na préataí agus an t-arán do thabhairt leóbhtha as an chasán, go bhfaghadh sé a chuid do dheánamh. Rug sé air fhód de'n im ann a dhorn. Chuir sé ann a bhéil é. Bhain sé greim mór as. D'ól sé bolgam as an phigín. Dhóirt cuid de'n im anuas fríd an fhéasóig mhóir. As ocht Dé, a mháighistir! féach anonn air. Ní fhéadaim do bhéith beó ag amharc air an bheathach shalach. Díol an geall agus an tráth rachaidh muid abhaile íocfaidh mé fhéin a leath. Bhain Áindrías an geall acht d'fhág sé Áindrías an Ime mar ainm air go bhfhuair sé bás. Éamonn Ua Ciórrthais (?). Bhí baintreabhach mná i Leitir-Mhic-a-Bháird. Bhí beirt mhac aici - Pádraig Ua Ciórrthais an fear bu sine agus Éamonn ab óige. D'fhás siad suas go robh siad ann a mbuachaillí. Aon lá amháin dubhairt Éamonn le n-a mhathair: A mhathair! imtheachaidh mise go bhféachfaidh mé m'fhortún fhagháil domh fhéin. Tá an talamh beag go leór aig mo dhearbhbhrathair. Cia ocú fearr leat toirtín beag agus mo bheannacht no toirtín mór agus mo mhallacht? is fearr liom toirtín beag agus do bheannacht. Ghléas air agus d'fhág beannacht aig n-a bhunadh. Thug a mhathair a beannacht dó. Bhí sé mall trathnóna nuair d'fhág sé an baile. Ní'l ann acht go bhfuair se trasna Ghaoth-Beara go dtainic an oidhche agus chodail sé an oidhche sin annsan Gharbhchoill. Air thuitim 'na chodladh dó thainic annsair Cú Beag na Garbhchoilleadh. Sé do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais, arsí. Cuid air leith agus coimhreann agus rud le tabhairt annsair na coileáin. Gheobh tú sin, a choileáin uasail! Thug dithe cuid air leith agus coimhreann agus rud le tabhairt annsair na coileáin. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsa 'n cú, tá mé buidheach díod. Ce b'air bith áit i mbéidh tú i ngeibhionn, deán scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Air maidin lá air n-a bhárach go luath, luath, d'eirigh agus chuaidh sé air shiubhal agus shiubhail roimhe níos fuide na thig liomsa 'innse. Fa dheireadh trathnóna go mall chonnaic sé cúairt agus caisleán mór. Thainic sé 'un an geafta. Fiafruigheadh de, go dé bhí sé dha iarraidh. D'innis sé dóbhtha gur buachaill bhí aig iarraidh aimsire. Ní robh muid sinne aon lá ariamh nach robh buachaill de dhith orrainn, arsa 'n geaftóir. Go dé an obair a bhfuil tú maith aige. Saoilim nach bhfuil obair fá 'n teach nach dtig liom a dheánadh. Go dé 'n tuarastal atá tú dha iarraidh go ceann lá agus bliadhain? Fágfaidh mé sin aig an rí. Ce b'air bith tuarastal is fiú mé, bhéarfaidh sé domh é. Air maidin lá air na bhárach chonnaic sé mórán spící air an bhadhbhdhun agus ceann daoiní air chuid ocú. D'fhiafraigh sé, go dé tá mé 'g dul a dheánadh aniu. Teiseanadh dó bóitheach nar cartadh le seacht mbliadhna, agus mur mbéidheadh sé cartaighthe trathnóna, go gcuirfidhe a cheann air spíce. Fuair sé grape, agus an chéad cheann a chaith sé amach, sé an rud a thainic seacht gcinn asteach. Chaith sé ceann eile amach agus thainic ceithre cinn déag asteach. Ó tím, arsé, is goirid go robh an teach seo líonta agus rachaidh mo cheann-sa air an spíce. Tá mé i ndrocháit, arsé. Ní'l imtheacht air an bhás agam. Aréir chuala mé trí scairt mhóra thíos anns an ghleann. D'fhiafraigh mé go dé bu chiall dó sin. Dubhairt an cócaire liom gur trí fathaigh a thainic annseo do iarraidh nighean an ríogh le pósadh air an fhear bu mhó ocú. No go scriosadh sé a rioghachta mur bhfaghadh sé í. Sin no fear a throidfeadh é. Chuir nighean an ríogh ar gcúl é go ceann bliadhna go bhfaghadh sí gaiscidheach a throidfeadh é. Nach bhfuil oidhche air bith nach leigeadh siad trí scairt le h-athas go robh siad oidhche eile níos neise do'n phósadh. Anois tá mé réidh. Ní'l imtheacht air an bhás agam. Tá mé i ngéibhionn. Rinne sé scairt air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Chonnaic sé Cú Beag na Garbhchoilleadh ag reathaidh annsair. D,innis dithe go dé mar bhí sé. Dona thú, arsí. Amhairc annseo ann m'ascaill dheis. Fuair sé grape an-bheag astigh ann a h-ascaill. Tabhair leat í-sin agus tabhair gráinín de'n aoileach amach air an dorus léithe. Bí fhéin as an chasán. Rinne sé sin agus thoisigh an t-aoileach ag eirigh i n-áirde agus ag teacht amach co tiugh a's bhí an dorus ábalta é do leigean amach. Níor bhfada go robh an bóitheach folamh. Tá do thasc deánta, arsa 'n cú. Féadann tú siubhal thart go dtí an oidhche. Féadann tú má's é do thoil é siubhal go bhfeicidh tú na fathaigh. Chuaidh sé síos 'n an ghleanna. Air dhul síos dó chonnaic sé fear tárrnochttha crochta as crann. Gur b'é do bheatha, a Éamuinn Ui Ciórrthais! arsé. Is tú adhbhar an ghaiscidhigh is fearr anns an domhan. Buail buille de do chlaidhimh air an ghad seo. Tá mo chúig caoil anns an aon cheangal. Agus leig mise anuas. Ní bhuailfidh mé buille. Ce b'air bith ar chuir suas thú, leigeadh sé anuas thú. Shiubhail leis 'un an ghleanna agus níor bhfada dhó go bhfaca sé an faitheach (fathach) ag tairngt air. Rinne sé gáire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa Éamonn. Tá, go bhfuil d'oiread-sa do fheóil úr agam le h-ithe aniu. Is mór liom ann aon ghreim thú. Is beag liom ann dhá ghreim thú, ars' an faitheach. Ní'l eagla orm, ars' Éamonn. Deán do dhithcheall. Thoisigh an troid. Throid siad go dtí trathnóna go mall agus bhí cumadh air an fhaitheach go mbéidheadh sé ro-ábalta aig Éamonn. Smaoitigh sé gur dhona an rud é an faitheach é do mharbhadh. Thug sé léim i n-áirde. Bhuail sé i gcomhrac a chinn agus a mhuineáil é. Chaith sé an ceann de go glan. Thug é-fhéin léim eadar an ceann agus an cholann. Níor bhac díod, ars' an teangaidh a bhí sa cheann, dha bhfaghainn-se air an cholainn arís, thusa agus fir an domhain (fir fagháil), ní bhainfeadh de mé. D'fhan sé annsin gur fhuaraigh an ceann agus an cholann. Thainic abhaile. Labhair an Crochaire Tárrnochttha: A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dheagh-ghaiscidhigh, mharbhuigh tú an faitheach aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo agus leig mise anuas. Ní bhuailfidh, arsa Éamonn. Is dóiche gur b'é do dhrochghniomharthaí fhéin a d'fhág innsin thú. Ce b'air bith ar chuir suas thú, tugadh sé anuas thú. Thainic sé na bhaile. Ní robh acht dhá scairt anns an ghleann an oidhche sin. Lá air na bhárach fuair sé teach a bhí lán feadógaí, a leigean amach, aire do thabhairt dóbhtha air feadh an lae, agus a gcruinniughadh asteach trathnóna. Nuair a scaoil sé amach na feadógaí, d'imthigh siad an uile chearn agus ní robh aon cheann le feiceál aige. bhí sé buaidheartha agus scairt sé aríst air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Dona thú, arsa 'n cu, nach bhfuil ábalta na feadógaí do chruinniughadh. Amhairc ann m'ascaill chlí. D'amhairc agus fuair sé fídeóg bheag ann. Nuair is maith leat iad do chruinniughadh seinn air sin. Sheinn sé air an fhídeóig agus chruinnigh na feadógaí as (g)ach uile chearn a robh siad isteach gur dhruid sé an dorus. Shiubhail leis síos 'un an ghleanna go dtainic fhad leis an Chrochaire Thárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, is tú an gaiscidheach is fearr san domhan. Mharbhuigh tú an faitheach ané. Chart tú an bóitheach ané. Chruinnigh tú na feadógaí asteach aniu. Muirfidh tú faitheach eile aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh agus leig mise anuas. Ní mé a chuir suas thú agus ní me a leigfeas anuas thú, arsa Éamonn. Shiubhail leis síos 'un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais a bhí i bhfad níos mó na'n chéad cheann. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dhailtín bhig, bheadaigh! Mharbhuigh tú mo dhearbhbhrathair ané, acht bhéarfaidh tú díol ann aniu. An íde chéadna fuair do dhearbhbhrathair ané, gheóbh tusa é aniu. Thoisigh an troid agus ní robh acht trumparacht ann go dtí sin. Throid siad go robh sé 'g éirigh dorcha. Ghlac Éamonn ochtach amháin. Thairrn sé a chlaidhimh. Leis an bhéim sin bhain sé an ceann de'n fhaitheach. Thug sé léim eadar an ceann agus an cholann mar rinne sé aroimhe. Thainic sé abhaile. Ní robh acht aon scairt amháin san oidhche sin. Air maidin lá air n-a bhárach d'éirigh Éamonn, dubhairt an rí leis: Tá loch annseo 'bhfuil trian de mo dhúithche folaighthe aige. Caithfidh tú é 'bheith taomtha tirim agad aig an trathnóna. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Amhairc astigh ann mo chluais dheis, arsa'n cú. Fuair sé an spanóg bu lugh chonnaic sé ariamh. Tóg lán na spanóige agus caith síos an cnoc é. Níor fhan aon dheór amháin ann. Shiubhail leis sios 'un an ghleanna. Sé do bheatha, a Éamuinn, arsa'n Crochaire. Tá beirt de na fathaigh marbh agad. Tá dhá dtrian de nighean an rí bainte agad. Muirfidh tú an faitheach mór aniu. Agus buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo. A's béidh mo chuideadh agad go bráthach. Ní mé chuir suas thú agus ní mé bhéarfas anuas thú. Shiubhail leis síos 'un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais. Bhí sé éagsamhalta. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a sclábhuidhe mhallaighthe, mharbhuigh tú mo dhá dhearbhbhrathair acht is goirid go mbuinfidh mise do ceann díod. An íde chéadna fuair do dhá dhearbhbhrathair gheóbh tusa. Thoisigh an troid agus níor bhfiú brobh é go dtí sin. Thóg Éamonn a chlaidhimh le meisneach agus dóchas. Bhuail an faitheach i gcomhrac a chinn agus a mhuineáil. Chaith an ceann air shiubhal fad naoi n-eitire agus naoi n-iomaire. Leím é-fhéin eadar an ceann agus an cholann mar rinne aroimhe. Thiontaigh 'un an bhaile gur chas dó an Crochaire Tárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsé, tá nighean an ríogh bainte agad. Tá na trí faithigh marbh. Ní fheicfidh mise níos mó thú. Scaoil mise as seo. Agus má chuirim fearg ort a choidhche thig leat mo cheangal suas air ais. Gheánfaidh mise sin, arsa Éamonn. Bhuail sé buille beag de'n chlaidhimh agus ghearr sé an gad. Thuit an Crochaire anuas go talamh. D'amhairc sé go fiata air Éamonn. Mharbhuigh tú mo thriúr dearbhbhraithreacha acht muirfidh mise thusa, arsa'n Crochaire. An íde chéadna fuair do chuid dearbhbhraithreacha gheóbh tusa. Ní fiú liom do mharbhughadh agus ní mhuirfidh mé thú as siocair gur scaoil tú mé. Rug sé air Éamonn, bhain de a chuid éadaigh agus cheangail suas é air an chrann chéadna air a robh sé fhéin. B'iomdha scread agus gártha cruaidh a bhí aig Éamonn. Thug an Crochaire rása. Rug sé air nighean an ríogh. Léim sé amach air an dorus agus í leis. Ní robh fhios soir no siar ce an áit a deachaidh sé. Chonnaic seirbhíseach de chuid an ríogh Éamonn crochta as an chrann. Ghlac truaighe é agus ghearr sé an gad. Bhí lúthgháir air Éamonn agus rinne sé deifre go teach an ríogh. Bhí buaidhreadh mór annsin nighean an ríogh imthighiste. Ghlac fearg mhór an rí. Dubhairt sé gur b'é Éamonn bu chiontaidh agus nach dtiúbhradh rud air bith acht a cheann do chur air spíce sásughadh dó. Deán rud eile liom, arsa Éamonn. Shaor(th)aigh mé do nighean agus mharbhuigh mé na trí fathaigh. Anois tabhair domh lá agus bliadhain le do nighean do thabhairt air ais. Mur bhfaghaidh mé í, tiocfaidh mé air ais má bhídhim beó agus cead agad annsin mo cheann do chur air spíce. Gheánfaidh mé sin leat, arsa an rí. D'imthigh Éamonn agus shiubhail sé mórán. Fa dheireadh ní robh fhios aige cá robh sé 'g dul. Ní fhuair sé aon tuairisc. Trathnóna amháin agus é an-tuirseach tharlaidh gur chas dó teach i n-imeall coilleadh. Chuaidh sé asteach. Ní robh aon duine ann acht aon seanóir amháin críonliath. D'iarr sé lóistín na h-oidhche. Dubhairt an seanóir go bhfuigheadh agus fáilte. D'éirigh air maidin go luath lá air n-a bhárach. D'fhiafraigh an seanóir cá robh sé 'g dul. D'innis dó mar thug an Crochaire Tárrnochttha leis nighean an ríogh agus go robh sé a gcuartughadh. Is truagh nar fhan tú annsan bhaile, arsa an seanóir. Ní fheicfidh tú é a choidhche. Siubhailfidh mé go bhfaghaidh me bás, sin no go bhfaghaidh mé nighean an ríogh. Má ní tú siubhal anmhór, trathnóna tiocfaidh tú air theach eile cosamhail leis seo agus gheóbh tú lóistín go maidin. Má tí tú go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air sheabhac Ghleann Dath Buidhe. Rinne sé sin agus trathnóna go mall tharlaidh air an teach agus chuaidh sé asteach. Fuair sé seanóir cosamhail leis an chéad seanóir. D'fhan aige go maidin. D'innis dó brígh a shiubhail. Má tí tú, arsa an seanóir, go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air dhobhrán donn Loch an Iubhair. Má ní tú siubhal maith béidh tú aig dearbhbhrathair domhsa trathnóna go mall. Sin dearbhbhrathair domh a robh tú aige aréir. Mur dtugaidh an fear a mbéidh tú aige anocht tuairisc dhuid ní bhfuigh tú é air dhruim an domhain. D'imthigh roimhe agus ní siubhal a bhí sé acht ag reathaidh. Trathnóna go mall fuair se an teach. Fuair sé biadh agus leabaidh mhaith. Go luath air maidin d'éirigh agus d'innis do'n tseanóir brígh a shiubhail agus go dé mar chaith sé an dá oidhche eile aig an da sheanóir eile. Is truagh liom do scéal, arsa an seanóir, do leitheidsa de bhuachaill bhréagh a bheith air shlighe a chaillte. Ní fheicfidh tú an Crochaire Tárrnochttha a choidche agus is maith dhuid, na mhuirfeadh sé thú. Pill 'un an bhaile. Ní phillfidh mé go marbhfar mé. Sin no go bhfeicfidh mé nighean an ríogh. Cuirfidh mise giota eile thú, arsa an seanóir. Gabh síos 'un an chladaigh agus má tí tú bád, gabh asteach inntí. Na labhair focal air bith. Chuaidh sé síos 'un an chladaigh agus chonnaic sé bád beag baoideach miotail. Buachaill beag baoideach anns an bhád. Maide rámha i ngach láimh aige. Chuaidh sé asteach anns an bhád. Chuaidh an bád 'un fairge. Ní robh fhios aige cá deachaidh sí acht go deachaidh sí i bhfad. Fa dheireadh bhuail sí asteach air thalamh. Shiubhail sé suas an t-oileán. Chonnaic sé seanchaisleán mór dubh. Chuaidh sé asteach agus chonnaic sé annsin nighean an ríogh. Rinne sí fearadhfháilte mhór roimhe. Is maith mar tharlaidh, arsí. Tá an Crochaire Tárrnochttha air shiubhhal as baile agus ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Chuir mise cúl air gan a phósadh go ceann bliadhna. Tá sé as baile anois agus ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Béidh muid i bpléisiúr an tamall sin fhéin. Aig ceann na dtrí lá dubhairt nighean an ríogh, caithfidh mise thusa fholach. Tá an Crochaire Tárrnochttha ag teacht. D'fholaigh sí Éamonn. Thainic an Crochaire. Mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh, bhréagaigh annseo, arsé. Mothachaidh tú sin, arsí, fhad a's tá mise ann. Air maidin go luath lá air n-a bhárach d'imthigh an Crochaire agus dubhairt nach mbéidheadh air ais go ceann dá lá. Dubhairt Éamonn le nighean an ríogh: mur bhfaghaidh muid plan éiginteach oibriughadh, ní bhfuigh muid buaidh air an Chrochaire go deó. Go dé gheánfaidh muid? arsa nighean an ríogh. Leig thusa ort, arsa Éamonn go bhfuil cion mór agad air agus go bhfuil buaidhreadh ort an pósadh do chur air gcúl. Deán iolghárdas mór nuair a thiocfaidh sé abhaile. Rinneadh sin uilig. Bhí bród mór agus athas air an Chrochaire agus dubhairt sé, dha mbéidheadh fhios agad fios an fhir atá agad, bhéidheadh tilleadh athais ort. An féidir do mharbhughadh? Ní shaoilimse go bhfuil aon ghaiscidheach anns an domhan ábalta do mharbhughadh. Rinne sé gáire mór. Tím anois go bhfuil do ghrádh bainte agam. Innseachaidh mé dhuid go dé mhuirfeadh mé. Ní thig mise do mharbhughadh, arsa an Crochaire, go ngearrtar an crann mór sceach tá air bharr na binne thíos aig an fhairge. Dha ngearrfaoi an crann, air thuitim dó léimfeadh sionnach mór amach; a's a bhfuil de chonairt anns an domhan, ní mhuirfeadh siad an sionnach go dtigeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh as Éirinn. Mhuirfeadh Cú Beag na Garbhchoilleadh é. Air thuitim do'n tsionnach, léimfeadh lach amach as an tsionnach. D'imtheachadh sí san spéir. An méid seabhaic atá san domhan, ní mhuirfeadh siad an lach acht amháin seabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Dha marbhfaoi í bhéarfadh sí uibh air lár na fairge. An méid dobhráin atá san domhan, ní bhfuigheadh sé an uibh sin acht Dobhrán Donn Loch an Iubhair. Na dhiaidh sin agus uilig ní bhéidhinnse marbh go mbuailtí an uibh sin air an bhall dubh atá thíos air thóin mo ghoile. Thúsaigh nighean an ríogh ag damhsa le h-athas agus dubhairt gur bhfada léithe go dtí lá an phósta. Tá mise ag imtheacht anois, arsa an Crochaire, agus ní thiocfaidh mé air ais go dtí trathnóna amárach agus annsin ní imtheachaidh mé níos mó. D'imthigh sé agus d'fhág sé slán aig nighean an ríogh go bpillfeadh sé air ais. Thainic Éamonn asteach agus bhí an scéal mór aig nighean an ríogh dó. Ní'l am air bith le cailleadh, arsa Éamonn. Caithfidh muid túsughadh dh' obair. Fuair siad dhá thuagh. Thoisigh siad do ghearradh an chrainn go tiugh agus go dían. Níor bhfada gur ghearr siad an crann. Air thuitim do'n chrann léim an sionnach amach. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Níor luaithe bhí an focal ráidhte ná chonnaic siad an cú i ndiaidh an tsionnaigh. Sin an áit a robh an rása agus an choraidheacht, acht níor bhfada go bhfuair an cú greim muineáil air agus léim an lach fhiadhain amach as an tsionnach. D'éirigh sí i n-áirde anns na spéirí. Scairt Éamonn air sheabhac Ghleann Dath Bhuidhe. Le preabadh na súl bhí an seabhac le feiceáil i ndiaidh an lacha. Níor bhfada gur bhuail an seabhac an lacha agus iad amuigh os ceann na fairge. Air thuitim do'n lach rug sí uibh agus thuit sí síos air lár na fairge. Scairt Éamonn air Dhobhrán Donn Loch an Iubhair (do) theacht go deifreach agus an uibh do thabhairt annsair. Anns an am sin chonnaic siad an Crochaire Tárrnochttha ag tairngt orrthú agus bhí sé ag éirighe lag. Bu luaithe leis an dobhrán do bhéith aig Éamonn ná'n Crochaire Tárrnochttha. Bhí a bhéal fosgailte ag iarraidh do bhéith fagháil anála. Rug Éamonn air an uibh o'n dobhrán. Chaith sé asteach i mbéal an Chrochaire i. Thuit sí síos agus bhuail sí an ball dubh a bhí air thóin a ghoile. Thuit an Crochaire Tárrnochttha marbh. Bhí lúthgháir mhór air Éamonn agus air nighean an ríogh. Rachaidh muid anois 'un an bhaile, arsa Éamonn. Bhí luingis go leór anns an chuan. Líon siad long lán óir agus airigid. Ní robh fhios ocú go dé an bealach a rachadh siad. Chonnaic siad an bád beag miotail ag teacht asteach o'n fhairge mhór. Chuaidh an bheirt asteach san bhád. Chuir an bádóir crúca i bhfasta anns an luing agus chuaidh sé 'un fairge. Ba luaithe é go mór ná'n ghaoth Mhárta go dtainic sé asteach faoi theach an tricheadh seanduine. Bhí lúthgháire mhór air an tseanduine rompú. Chaith siad an oidhche sin aig an tseanduine le pléisiúr. Lá air n-a bhárach fuair an seanduine cartannaí ar cuireadh an t-ór agus an t-airgead orrthú. Thug siad leóbhtha an seanduine. Thainic siad go teach an dara seanduine. Chaith siad oidhche annsin i bpléisiúr. Thug siad leóbhtha an dara seanduine go teach an chéad seanduine. Chaith siad oidhche i bpléisiúr aige agus thug siad a n-aghaidh air an bhaile na trí sheanduine leóbhtha. Nuair thainic siad go caisleán an ríogh bu é an lá deireannach de'n bhliadhain é. Bhí iolghárdas os ceann cumais air an rí roimhe n-a nighean agus roimhe Éamonn. Béidh mo nighean agad mar mhnaoi fhad a's bhéidheas sí beó agus is cinnte gur maith an airidh ort í. Rinneadh banais a mhair seacht n-oidhche agus seacht lá. Bhí an lá deireannach comh maith leis an chéad lá. Tá siad fhéin agus a gclann agus a n-iaraimh ann sonas agus ann séan. Eóin Ua Míodhchán agus an Sionnach. Bhí Eóin Ua Míodhchán na chomhnuidhe i mbaile Ui Ára i bhfogus do na Cealla. Oidhche áirite agus é leis fhéin, teine mhaith aige, luigh sé suas air leabaidh i dtaobh an tighe. Ní robh sé na chodladh acht ag deánadh a scíste. Bhí an chomhla na seól fascaidh. Bhí na lachain anns an tseomra a bhí i gcúl na teineadh. Chonnaic sé an sionnach aig an dorus ag amharc asteach. I gceann tamaill thainic sé asteach giota beag eile. D'amhairc sé air fud an tighe. Ni robh duine air bith le feiceál aige. Thainic sé asteach gur sheas sé air an urlár. Ní robh duine air bith le feiceál aige. Bhí dorus an rúm foscailte agus chuaidh an sionnach suas 'un an rúm. D'éirigh glór mór aig na lachain agus iad ag eiteallaigh o thaobh go taobh de'n rúm. Thug Eóin léim 'un an dorais. Bhí an ghrape na seasadh aig taobh (taoibh) an dorais. Rug sé air an ghrape agus thug sé móide nach rachadh an sionnach amach go marbhadh sé é. Thainic an sionnach anuas as an rúm agus bhí sé anonn agus anall ag féachaint go dé an tslighe a bhfuigheadh sé amach. Acht bhí Eóin san dorus agus an ghrape aige. Nuair chonnaic an sionnach nach bhfuigheadh sé amach, rug sé air bhríste Eóin a bhí air an chathair aig colbha na leapa agus thairn sé an bríste trasna na teineadh. Thug Eóin mionn eile nach rachadh an sionnach amach go marbhadh seisean é. Bhí an sionnach aníos agus sios an t-urlár ag coimheád Eóin agus an dorais. Nuair chonnaic sé nar fhág Eóin an dorus agus bhí an bríste dóighte, rug sé air an tsúisín agus thoisigh da thairnt 'un na teineadh. Chonnaic Eóin go ndóighfeadh sé an teach. Thug sé léim aníos ann a aracais. Thug se iarraidh de'n ghrape air acht dhúbail an sionnach thart agus fuair sé amach. Bhris Eóin a ghrape agus bhí a bhríste dóighte agus an sionnach imthighiste. Scéal Ghiolla na gCochall Craicionn. Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaidh aig taobh Dhúncánéile. Bhí beirt bhuachaillí aige ag feoghluim béasaí agus tréartha gaiscidheacht. Ní robh aon ghobh san domhan comh maith leis. Ní robh gaiscidheach air bith críochnuighthe go bhfaghadh sé a chuidairm agus éididh críochnuighthe aig Gaibhdín Gabhna. Bhí anns an am seo banphrionnsa óg d'a feoghluim aige. Ba é ab ainm dithe Scaith Shioda ní Mhanannán. Ba é ab ainm do'n dís gaiscidheach do bhí aige san am chéadna Céadach mac ríogh na dTulach agus Lonndubh mac ríogh na Dreólainne. Lá amháin bhí an bhanphrionnsa óg ag cíoradh a cinn. D'amhairc Lonndubh oirrthí agus rinne sé gáire mór. Go dé chbhar do gháire? arsa Céadach. Bród agus athas ag amharc air an bhanphrionnsa a bhéidheas na mnaoi agam fhéin. Is beag do chiall, arsa Céadach, agus is beag do chuid dithe. Is fíorbheag áird aici ort. Sin adhbhar mo mná-sa agus ta fhios aici fhéin sin. Ní bhfuigh tú í gan troid chrúaidh. Tá mé sásta sin do ghlacadh, arsa Lonndubh. Nuair do bhí siad ag dul i gceann airm thainic Gaibhdín Gabhna asteach. Nuair chuala sé fáth na troda, dubhairt sé nach mbéidheadh troid air bith ann acht go ndeánadh seisean breitheamhnas. D'aontaigh siad do'n bhreitheamhnas. Ním-se mo bhreitheamhnas, arsa Gaibhdín Gabhna, go bhfágfaidh mé sibh bhur dtriúr bhur seasadh air urlár mo cheárdcha. Tá trí dóirse oirrthí, dorus mic ríogh agus rófhlaith, dorus na marcaigh (marcach) agus dorus na gcoisidheannaí. Anns an am seo bhí an Ghlais Ghaibhleanna aig Gaibhdín Gabhna. Bhí slabhradh aige oirrthí le h-eagla roimhe Bhalar. Leigeadh an slabhradh í anuas go Cnoc an tSlabhraidh atá aig taobh Árddá-ratha. Ce'r bith an chéad soitheach a chuirfeá faoi an bhó ag bleagan, líonfhadh sí é, bidheadh sé beag no mór, agus sin da mbéidheadh de bhainne aicí. Ce b'air bith duine agaibh a leanfhaidh sí, bidheadh sí aige agus mur leanaidh sí aon dhuine agaibh, ní bhfuigh ceachtar agaibh í. Ce an dorus a rachaidh tú amach? arsa Céadach. Rachaidh mé amach air dhorus mic ríogh agus ró-fhlaith, arsa Lonndubh. Is é ba dúthcha domh. Rachaidh mise amach air dhorus na gcoisidheannaí, arsa Céadach. Má leanann sí mé air dhorus mic ríogh no ró-fhlaith, leanfhaidh sí mé air dhorus na gcoisidheannaí. Chuaidh gach aon duine ocú air a dhorus fhéin agus lean sise Céadach air dhorus na gcoisidheannaí. Thairg Gaibhdín Gabhna banais mhór do dheánadh leóbhtha acht thoisigh Lonndubh ag deánadh bróin agus buaidheartha. Is dona do chás, arsa Céadach, ag deánadh bróin i ndiaidh mná nach robh grádh air bith aici dhuid. Ní'l neart agam air, arsa Lonndubh, agus gheóbh mé bás. Rug Céadach air tháirnge crudh agus dubhairt sé, má leigeann tú domh air sin do bhualadh síos i dtroigh do choise, gheóbh tú an bhean gan bhuille gan urchar. Tá mé sásta, arsa Lonndubh. Chuir sé an táirnge fríd n-a chois le buille beag de chasúr. Chuaidh barr an táirnge anns an urlár agus ní thainic le Lonndubha chos do thógáil. Chaith Gaibhdín Gabhna teanchoir chruadhach ag iarraidh é do thairnt agus sháraigh sé air an táirnge do thairnt. Tairng seo as seo, arsa Lonnduhh le Céadach. An stadfaidh tú de do chuid dúbróin fá an bhean nach bhfuil áird aicí ort. Ní éileacha mé go bráthach í acht má thig tú fhéin agus mise i gcatha choidhche, go gcaithfidh mise an chéad bhuille fhagháil. Tairng an táirnge. Chrom Céadach síos. Rug sé air an táirnge le n-a fhiacla. Thairng é agus chaith é air an urlár. Shiubhail Lonndubh amach air an dorus. Níor fhág sé slán na beannacht ocú. Go dé gheánfaidh muid sinne? arsa Céadach leis an bhanphrionnsa. Ce b'air bith is toil leat. Chuala mé, arsé, go robh Fionn mac Cumhaill ann a ghaiscidheach mhór, go robh mórán de ghaiscidhigh maithe faoi agus é fhéin na dhuine mhaith. Rachaidh muid go Teamhair annsair Fhionn go gcaithidh muid tamall annsin. Maith go leór, arsí. Ghluais an bheirt 'un siubhail. D'fhág slán agus beannacht aig Gaibhdín Gabhna. Níor stad siad go robh siad i dTeamhair na ríogh. Bhí Fionn mac Cumhaill agus a chuid fear amuigh ag seilg. Ní robh san chaisleán acht na mná. D'innis bean Fhinn mhic Cumhaill dóbhtha, go robh Fionn agus a sluaighte fá shléibhte mór na Midhe. Nach mbéidheadh sé abhaile go ceann chúig lá. Acht an aire chéadna a gheóbhas mise, gheóbhaidh do bhean-sa go bpillidh tú air ais, má's maith leat Finn do fheiceál. D'fhág sé beannacht ocú agus d'imthigh sé annsair Fhionn agus annsair na Fiannaibh. Nuair bhí sé teacht i bhfogus dóbhtha, casadh teach slachtair air. Chuaidh se asteach agus chóirigh é fhéin le craicne na mbeathaigh fiadhain. Nuair chonnaic Fionn é ag tairnt orrthú, d'fhiafraigh sé, A bhuachaillí, go dé tá sibh da dheánadh? Tá muid ag deánadh ar ndínneara, arsa Conán. Go dé tá tú fhéin da dheánadh? Tá mé ag amharc uam. Tím óigfhear cliste ag tairnt orrainn. Má's do chuidiughadh linn atá sé, is fearrde dínn agus má's ann ar n-aghaidh atá sé, is misde dínn. Béidh fhios againn go dé an cinéal duine é. Má's de chlainn mic ríogh no ró-fhlaith é, ní labhairfidh sé le duine na duine leis go dtigidh sé ann mo láthair-se agus go ndeánaidh sé comhartha umhluigheacht agus urram domh. Má's de chlainn bodaigh no duine bheathlaidhe é, an chéad duine a dtiocfaidh sé fhad leis, fiafrachaidh sé, Ca bhfuil an rí? Níor labhair Céadach le h-aon duine no aon duine leis go dtainic sé i láthair Fhinn mhic Cumhaill. Rinne comhartha umhluigheacht agus urram dó. Go dé an duine thú? arsa Fionn. Buachaill atá ag iarraidh aimsire tá ionnam, arsa Céadach. C'ainm no ca shloinneadh thú? arsa Fionn. Ní robh mé aig aon mháighistir ariamh, arsa Céadach, nach dtiubhradh sé fhéin ainm orm. Maiseadh, o fuair mise cóirighthe thú anns na craicne, baistim Giolla na gCochall Craicionn ort. Ní bhfuair mé ainm ní b'fhearr ariamh, arsa Céadach. Go dé an obair bhfuil tú maith aige? arsa Fionn. Tá mé maith ag cruinnighadh sealga, arsa Céadach. Tá tú de díth orm go mór, arsa Fionn. Go dé an tuarastal atá tú da iarraidh go ceann lá agus bliadhain? arsa Fionn. Má ghnóthaighim dadaí dhuid, bhéarfaidh tú fhéin domh an méid is fiú mé. Tá sin an-cheart, arsa Fionn. Ghluais siad uilig 'un sealg. Níor luaithe bhéidheadh éan marbh aig fear ná bhéidheadh beathach marbh aig fear eile. Bhí siad mar sin go trathnóna agus bhí toirt bothóige aig Céadach air a dhruim trathnóna. Mo bhríathar díbh, a fhearaibh, arsa Fionn, go saoilim go bhfuil gaiscidheach an-mhaith againn. Tá bród agus athas orm. Rachaidh muid a bhaile annsair ar gcuid ban go ndeánaidh muid féasta mór. Bhí lúthgháir mhór air a gcuid ban rompú. Acht nuair chonnaic na fir an bhanphrionnsa óg Scaith Shíoda ní Mhanannán, bhí iongantas mór orrthú go léir fá n-a bréaghaichte. D'órdaigh Fionn an féasta bu mhó a rinne sé ariamh do dheánadh. Bhí siad trí lá agus trí oidhche ag ithe agus ag ól. Anns an am sin thuit mórán de na daoiní na gcodhladh. D'éirigh bean Fhinn mhic Cumhaill agus beirt de na mná uaisle eile, bean Dhiarmuid agus bean Oscair amach da nighe fhéin ann loch a bhí taobh shiar de'n chaisleán. Thainic long asteach 'un an chuain. Léim beirt fhear amach as an luing. Reath siad aníos. Rug fear ocú air bhean Dhiarmuid. Chuir air a ghualainn í agus reath siad 'un na luinge air ais. Thiontáigh an long 'un na fairge. Agus níor bhfada go robh sí as amharc. Thainic bean Fhinn agus bean Oscair a bhaile. D'innis go dé mar sciobadh air shiubhal a gcomrádaidh. Bhí na Fianna uilig buaidheartha agus Diarmuid níos mó ná duine air bith. Bu ghoirid gur thiontáigh an buaidhreadh 'un feirge agus dubhairt Fionn go gcaithfheadh siad í leanamhaint agus tabhairt air ais ce b'air bith áit san domhan a robh si. Dubhairt Fionn go gcuireadh sé seacht gcatha na Féinne da cuartughadh. Dubhairt Diarmuid nach é sin an ceart acht beagan de fhearaibh maith do phiocadh. Da ndeánadh siad gaiscidheacht gur air bheagan daoiní bu mheasamhla é do bhéith maoidhte. D'fhiafraigh Fionn ca mhéad fear dobhéarfadh sé leis. Dubhairt Diarmuid go dtiubhradh mórfheisear. D'iarr Fionn air a n-ainmniughadh. Dubhairt Diarmuid Fionn mac Cumhaill an chéad duine. Diarmuid an dara duine. Oscar an tricheadh duine. Lughaidh fá choinne stiurughadh na luinge. Na nach bhfuil tú ag dul do thabhairt leat Giolla na gCochall Craicionn? Táim cinnte, arsa Diarmuid, má tá sé sásta do dhul. Ní rachaidh sé, arsa Scaith Shíoda. Má leig mise annsorraibh é le seirbhís do dheánadh díbh i nÉirinn, ní'l mé ag dul da leigean libh amach as Éirinn. Le geallamhainteacha móra da dtigeadh siad air ais a choidhche, bidheadh sé beó no marbh, go dtiubhradh siad a bhaile chuiccí é, d'aontaigh sí é do leigean leóbhtha. Ghléas Fionn an long ab fhearr do bhí i n-Éirinn. Chuir sé biadh sheacht mbliadhan asteach air an luing agus chuaidh siad 'un fairge. Bhí siad trí lá agus trí oidche ag seóltaracht nuair dh'fhiafruigh Giolla na gCochall Craicionn, A bhuachaillí, cá bhfuil sibh ag dul? Dubhairt siad ce b'air bith áit da séidfidh an ghaoth sinn. Dubhairt Giolla na gCochall Craicionn le Lughaidh an long do stiúrughadh air na h-Indiacha shoir. Nach robh aon bhean an-dóigheamhail san domhan nachar mhaith leóbhtha do bhéith ocú. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Sheól siad am mór fada. Lá amháin d'iarr Fionn air Chaoilte do dhul go barr an chrainnseóil. Rinne Caoilte sin. Dubhairt sé go bhfacaidh sé talamh. Da ndeánadh siad obair mhaith go mbéidheadh siad aige le h-éirighe gréine. Lá air n-a mhárach chuaidh Caoilte go barr an chrainnseóil agus dubhairt sé. Tím tír bhréagh, cuairt agus caisleán, buachaillí an bhaile mhóir ag iomáin air an tráigh. Tím dhá fhichead long, fiche ceann air gach taobh de'n chéidh agus áit ceann amháin eatorrú. A Lughaidh, stiúraigh do long asteach annsiud. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Rinne agus níor cuireadh teachtaire amháin o'n rí dho fhiafraigh cé iad fhéin. Is olc an chosamhlacht seo, arsa Fionn. A Fhinn, arsa Giolla na gCochall Craicionn, caithfidh tú duine do chur do chaint leis an rí. Ni robh aon fhear air an luing a ghlacadh air fhéin do dhul do chaint leis an rí. Bu é ab ainm do'n rí Éamonn Tréanbhuilleach. A mháighistir, arsa Giolla na gCochall Craicionn, rachaidh mé fhéin 'un an chaisleáin. Creidim gur tú is fearr, arsa Fionn. Chuir air a chulaidh airm agus chuaidh 'un an chaisleáin. Bhuail sé buille anns an chuaille comhraic. Thainic chuige gaiscidheach dar bh'ainm Cítheach Cruaidharmach. Go dé tá tú da iarraidh? arsé. Chuir mo mháighistir, Fionn mac Cumhaill annseo mé dho iarraidh tuighe dó fhéin agus do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh cró muc no madadh maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá teach amhas thíos aig an chladach. Má gheibh sibh aontuigheas o na h-amhais, bidheadh sé agaibh agus mur bhfaghaidh, bidhidh folamh. Teiseanadh teach na n-amhas dó. Nuair chuaidh sé asteach air an dorus, ní robh aon amhas anns an teach nach deárn gáire. Go dé adhbhar bhur ngáire? arsa Giolla no gCochall Craicionn. Fá d'oiread-sa de fheóil úr do bhéith againn. Béidh fhios agaibh a mhalairt sin de scéal. Rug sé greim dhá lurga air an fhear bu neise dó agus thúsaigh sé da gcoscairt leis an fhear sin, go dtí go robh deireadh marbh aige acht aon fhear amháin. Bhí an t-amhas caithte aige go dtí an dá ghiota bhí ann a dhá dhorn aige. Chaith sé na h-amhais amach agus rinne carnán díobhtha. Chuaidh air ais 'un na luinge. Tá teach againn annseo, acht ní'l biadh air bith. Caithfidh muid biadh iarraidh o'n chaisleán. Chuaidh 'un an chaisleáin agus dubhairt, Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh bídh dó fhéin agus do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh spólla amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá tarbh air an oileán seo a chuinnighidh trían de'n oileán dó fhéin le ar linn. Má mharbhann sibh an tarbh, bidheadh sé agaibh agus mur marbhaidh, bidhidh folamh. Cá bhfuil an tarbh? arsé. Teiseanadh dó an taobh de'n oileán i robh an tarbh an lá seo. Thug sé leis Conán. Nuair chuaidh siad i ngearr do'n tarbh, rinne sé búirthe mór agus thairng orrthú. Chuir Giolla na gCochall Craicionn a chlóca air an taobh bu neise do'n tarbh de'n árd. Chuaidh é fhéin air an taobh eile. Chuir an tarbh a dhá adhairc fríd an chlóca agus go bun asteach san árd. Léim Giolla na gCochall Craicionn agus bhuail é le n-a chlaidhimh. Bhain an ceann de. A Chonáin, arsé, iomchrachaidh mise an cholann agus iomchuir thusa an ceann. Ní robh ann acht go robh Conán ábalta an ceann do chorrughadh. Bhfuil tú ag teacht? arsa Giolla na gCochall Craicionn. Ní'l, arsa Conán. Saoilim go bhfuil seo ró-throm agam. Chuir sé a lámh thart. Fuair greim adhairce air an cheann agus air lurga Chonáin. Shiubhail leis gur chaith de an beairtín i dteach na n-amhas. A Fhinn, tá biadh annseo acht ní'l teini air bith. Caithfidh muid gléas bruithe do fhagháil do'n tarbh. D'imthigh 'un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh gléas bruithe do'n tarbh. Da ndeánadh an pota is lúgh anns an teach maith dhuid, ní bhfuightheá é acht má bheir an cócaire cead duid spólla do chur san phota, bidheadh agad, agus mur dtugaidh, béidh tú folamh. Chuaidh annsair an chócaire. Dubhairt an cócaire nach bhfuigheadh cead aon spólla amháin do chuir anns an choire. Rug sé air an choire. Thóg é amach de'n obair cloiche. Thug thart é agus leig steall mhór de'n bhroth thart air na cócairí. Dhóigh 'un báis iad. Dubhairt le Fionn, tá teini de dhíth orrainn anois. Chuaidh 'un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh teineadh. Da ndeánadh spliota amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Chuir sé a dháláimh fá'n chual chonnaidh. Thug leis í go teach na n-amhas. Chuir teini inntí. Chuir an coire orrthí agus roinn mhór de'n tarbh ann. D'ith siad a sáith agus chodail an oidhche sin. Air maidin go luath dubhairt Giolla na gCochall Craicionn, A Dhiarmuid, is uaid a tugadh an bhean. Is ort a thig an chéad troid. Scíothán Sceólannach a thug leis do bhean. Is ort é do throid aniu. A Ghiolla dhílis, arsa Fionn, ní'l gar do aon duine da bhfuil annseo do dhul do throid acht thú fhéin. Chuaidh Giolla na gCochall Craicionn suas 'un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D'innis do'n teachtaire go robh troid de dhíth air o Scíothán Sceólannach. Thainic Scíothán Sceólannach. Throid é fhéin agus Giolla na gCochall Craicionn o dhubh maidne go dubh oidhche. Bhuail Giolla buille i gcomhraic a chinn agus a mhuineáil air agus bhain a cheann de. Thainic annsair Fhionn. A Fhinn, Cítheach Cruaidh-armach an gaiscidheach is fearr anns an ríoghacht, caithfidh tú fear do chur le n-a throid amárach. Ní'l duine air bith annseo le n-a throid mur ndeánaidh tú fhéin é. Air maidin go luath chúaidh Giolla na gCochall Craicionn suas 'un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D'iarr comhrac air Chítheach Chruaidh-armach. Ba díomhaoin é go dtí sin. Throid sé fhéin agus Cítheach go trathnóna. Bhí dul aig Giolla na gCochall Craicionn air agus rinne Cítheach leomhan mór de fhéin. Rinne Giolla an rud céadhna agus mharbhuigh Cítheach. Bhuail arís anns an chuaille comhraic. Níor freagraigheadh é. Go dé támuid ag dul da dheánadh? arsé le Fionn. Rachaidh muid abhaile, arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Gioila na gCochall Craicionn, go bhfaghaidh muid ar mbean agus lorg ar láimhe do fhágáil ar ndiaidh. Tá uaigh dhraoitheachta i bhfogus do'n chaisleán. Bhéarthar ar mbean annsin aniu. Má gheibhthear í asteach san uaigh, thusa agus mise agus a bhfuil i n-Éirinn, ní thiubhradh (thabhairfeadh) amach í. Tá dhá dhorus air an uaigh, dorus beag agus dorus mór. Cuirfidh muid Diarmuid air an dorus bheag agus rachaidh mise air an dorus mhór. Níor bhfada dhó go bhfacaidh chuige bean Dhiarmuid dhá'réag de mhná óga léithe agus dhá'réag de sheanmhná. Rug Giolla orrthí agus rug an cheathrar agus fiche ban orrthí. Chaith Giolla air a ghualainn an bhantracht uilig. Scairt air Dhiarmuid agus phill 'un an bhaile annsair Fhionn. Bhí lúthgháir mhór orrthú a mbean do bhéith ocú. Nach rachaidh muid abhaile anois? arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Giolla, go bhfágfaidh muid lorg ar láimhe fá'n chaisleán. Chuaidh 'un an chaisleáin. Thug leóbhtha lasta a luinge de ór agus de iolmhaitheas agus d'fhág an caisleán le theini. Thóg a seóltaí agus chuaidh 'un fairge. Bhí siad trí oidhche agus trí lá agus an aimsir deas. Bhí siad ag ithe agus ag ól agus i bpléisiúr mhór. Ní robh air thaiste na luinge acht Fionn agus Giolla. Chuir Giolla osna mhór as. Go dé adhbhar do bhuaidheartha? arsa Fionn. Tím chugam long, arsa Giolla. Tá fear air bórd orrthí a mhuirfeas mise. Ní'l, arsa Fionn, na aon fhear air dhruim an domhain a bhéidheadh ábalta thusa do mharbhadh. Faraor thú, arsa Giolla, ní thig liom lámh do thógáil go marbhaidh sé mé. Gabh síos faoi thaiste na luinge agus cuir ort an chulaidh scúilliúnaigh atá annsin agus ní aithneachaidh sé thú. Ó faraor thú, arsa Giolla. Is fearr an aithne atá aige ormsa ná tá agadsa, agus is ro-fhearr an ceart atá aige air. Glac mo chomairle, arsa Fionn. Ní robh ann acht go robh sé air ais, nuair bhí an long choimhightheach bórd air bhórd leobhtha. Aon fhear amháin faoi arm agus éideadh air thaiste na luinge. Rinne sé gáire agus dubhairt sé. Tá rann agam dhuid Aithnighim thú agus ní h-air d'éadach, Acht air do rosc gréagach glan. Is fíor sin agus ní bréag é Gur tú Céadach mac rí na dTulach. A Chéadaigh, bhfuil cuimhne agad air do mhargadh liomsa i nÉirinn? Tá, arsa Céadach. Buail do bhuille. Nuair chonnaic Céadach gur b'é buille Lonndubh an chéad bhuille bhéidheadh buailte, bhuail sé a bhuille fhéin agus scaith gach fear ocú an ceann de'n fhear eile. Thuit gach fear ocú air thaiste a luinge fhéin agus d'imthigh an long choimhthigheach an bealach a dtainic sí go bun an aeir. Scairt Fionn air a bhunadh, go ndeánadh siad buaidhreadh mór agus d'innis dóbhtha, nach duine air bith níos lugh ná mac ríogh na dTulach an fear bhí ocú. Bhí buaidhreadh an-mhór air Fhionn agus air a bhunadh fá n-a bhás agus bhí doilghios orrthú do theacht abhaile annsair a bhean agus é marbh. Chóirigh siad a cholann le spíosaraí agus thairng siad air an bhaile. An oidhche sin thainic ceó mór, gaoth agus doinionn a chuir iad da gcúrsa. Bhí siad air seachrán. Ní robh fhios ocú cá robh siad ag dul air feadh mórán laethe. Shocraigh an doinionn agus bu ghoirid go bhfuair siad (do) theacht abhaile. Nuair chonnaic Scaith Shíoda ní Mhanannán a fear fhéin marbh, bhí buaidhreadh dóchuimsí orrthí. Bhí buaidhreadh air Fhionn agus air an Fhéinn go léir. Bhí buaidhreadh mór air Dhiarmuid agus air a bhean. Dubhairt Fionn le Scaith Shíoda go bhfhuigheadh sí a raogha fear da robh i nÉirinn. Dubhairt Scaith Shíoda nach robh fear air bith aige a gheánfadh áit a fir fhéin, acht é long do thabhairt dithe go gcóireachadh sí a fear ann spíosaraí, go gcaoineadh sí a sáith an uile lá os a cheann agus go bhfuigheadh sí bás anns an long chéadna a robh a fear. Ghléas Fionn an long ab fhearr i nÉirinn dithe. Cuireadh asteach anns an luing corp Chéadaigh ann gcófra airigid. Chuaidh sí fhéin air bórd agus bu chuma léithe go dé an bealach a rachadh an long. Ní robh fhios aicí ca fhad bhí sí air fairge acht bhi sí i bhfad, mórán bliadhanta. Fá dheireadh bhuail an long air thalamh. Bhí sí tuirseach air fairge. Thainic sí air tír mór. Chonnaic sí caisleán mor i ngar (ngearr) dithe. Shiubhail sí suas 'un an chaisleáin. Ní fhacaidh sí duine air bith beó. Chuaidh sí asteach. Shiubhail sí mórán fríd an chaisleán. Fá dheireadh thainic sí ann seómra áirite seanóir críon-liath. D'athain sí go robh sé ann am eighinteach na rí. Labhair sí leis agus ní robh sé fonnmhar seanchas(c) air bith do dheánadh. Bhí an trathnóna ann. Níor bhfada go dtainic asteach triúr de ghaiscidhigh óga gearrtha, millte, loitighthe agus folaighthe le fuil. Chaith díobhtha a gcuid éadaigh. Rug fear ocú greim dhá chos air fhear eile. Sháith sé síos i mbairille a bhí i gcul an dorais é. Thairng air ais é agus bhí sé slán, folláin. Rinneadh sin leis an triúr agus bhí siad leigheasta comh maith agus bhí siad ariamh. A bhuachaillí, arsí, is cosamhail dibh go robh sibh ag troid. Bhí muid ag troid, arsa an fear bu sine. Go dé adhbhar bhur dtroda? arsí. Naimhde thainic air an oileán seo, arsé. Mharbhaigh siad mo mhathair. Rinne siad clocha geala d'ar ndaoiní agus ar n-eallaigh. Ní'l lá air bith nach marbhann sinne sluagh ocú. Bídh muid loitighthe mar chonnaic tú sinn, acht bidheann an sluagh beó lá air n-a bharach air ais fá'r gcoinne. Sin bairille íocshláinte a leigheasas sinne an uile thrathnóna. Leig sí osna agus dubhairt sí, Bhí fear agamsa ann am amháin. Da mbéidheadh sé agaibh, chuideachadh sé libh. Cá bhfuil sé? arsiad. Tá sé thíos anns an luing, arsise. Caithfidh muid é thabhairt aníos. Gheánfaidh muid sinne beó é agus comh maith agus bhí sé ariamh. Thug siad aníos é. Chumail siad an íocshláinte dó. Thum siad san bhairille é. Chumail bos da shúile agus dubhairt sé, Saoilim gur chodail mé néal. Bhí lúthgháir an-mhór air a bhean. Chraith sí dhá láimh leis. Chuaidh siad do chodladh an oidhche sin i bpléisiúr. Air maidin go luath air lá air n-a bhárach, chuaidh triúr mac an ríogh amach do throid leis an tsluagh agus Céadach leóbhtha. Air theacht dóbhtha 'un an mhachaire, bhí sé lán daoiní faoi arm agus faoi éideadh. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh leóbhtha seo? arsa Céadach. Tá muid ag dul do throid leóbhtha agus trathnóna béidh siad marbh againn. Ní'l ann bhur ngraethe acht trumpáracht, arsa Céadach. Gheánfaidh muid dhá leith de na fir. Glacfaidh mise taobh ocú agus glacaigidh sibhse an taobh eile. Ní robh ann acht go robh beárnaidh bheag bhaoideach deánta anns na fir aig clann an ríogh, nuair bhí a leath fhéin marbh aig Céadach. Má's é sin an dóigh a nídh sibh an uile lá, is neamhiongantach iad do bhéith ag suidhe ann bhur mbun. Thug sé ruathar ann a measg mar sheabhac frid éanacha agus mharbhuigh sé an duine deireannach díobhtha. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh anois, a bhuachaillí? arsa Céadach. Ó tá muid ag dul abhaile, arsiad. Na nach bhfuil sibh ag dul do fhuireach annseo go bhfeicidh sibh go dé tá da ndeánadh seo beó arís. Ó ní'l aon dhuine dar fhan nach robh marbh lá air n-a bhárach. Ní imtheachaidh mise, arsa Céadach, go bhfeicidh mé go dé nídheas beó iad. Chuaidh clann an ríogh 'un an bhaile agus d'fhan Céadach. Níor bhfada dó go bhfacaidh sé faitheach ag teacht aníos o bhruach na fairge poitín agus cleitín leis. Chuir sé an cleitín anns an phoitín. Annsin chuir sé i mbéal fir é agus léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Na deán níos mó de sin, arsa Céadach. Thug sé ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha. Ó tharlaidh gur troid atá de dhíth ort, arsa 'n faitheach, gheóbh tú do sháith de. Thúsaigh sé fhéin agus an faitheach air a chéile. Bhí sí ann a troid mhór. Fá dheireadh bhuail sé an faitheach agus bhain a cheann de. D'fhan annsin air feadh tamaill. Thainic chuige aníos air bhruach na fairge an chailleach, poitín agus cleitín léithe. Chuir an cleitín san phoitín agus i mbéal an chéad fhir. D'éirigh naoi naonbhair na seasadh. Fóill ort a chailligh arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha agus thoisigh é fhéin agus an chailleach do choscairt a chéile. Bu mheasa an chailleach air go mór ná'n faitheach. Bhuail buille air an chailligh agus bhain a ceann dithe. D'fhan annsin tamall fada. Fá dheireadh chonnaic sé an cú glas ag teacht aníos o bhruach na fairge, poitín ann a béal agus cleitín ann a crúb léithe. Chuir sí an cleitín anns an phoitín agus i mbéal an chéad fhir. Léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Stop, a bheathaigh ghránda, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair agus mharbh iad. Thúsaigh sé fhéin agus an cú air a chéile, acht ní robh acht greann ann a ghraethe go dtí sin. Ní dheánfadh a chlaidhimh gearradh da laghad air chraicionn an chú. Bhí eagla mhór air go muirfeadh an cú é. Chonnaic sé ball beag bán astuigh faoi n-a h-ascaill. Thug sé sáthadh da chlaidhimh air an bhall bhán agus as sin trasna fríd n-a croidhe. Thuit an cú marbh. Bhí lúthgháir mhór air. D'fhan annsin go maidin agus ní thainic níos mó. Smuainigh (smaoitigh) sé, ce b'air bith áit a dtainic siad as, go robh tilleadh uilc na ndiaidh. Chuaidh sé síos go bruach na fairge. Shiubhail sé síos aig bun an aillt. Fuair sé uaigh ag dul síos faoi an talamh. Chuaidh sé síos siar anns an uaigh. Chonnaic sé thiar an cat fada caol glas. A Chéadaigh ghránda, arsí, mharbhaigh tú mo thriúr chloinne. Mharbhaigh tú mo chuid fear, acht tá tú anois ann áit an iomorduighthe agam. A chait ghránda, arsé, an íde chéadna a fuair an chuid eile de do bhunadh, gheóbh tusa. Thoisigh é fhéin agus an cat air a chéile. Acht ní robh acht greann anns an chuid eile go dtí sin. Ghlac sé ochtach. Thug sé aon bhuille amháin de'n chlaidhimh agus thug amach croidhe agus crubhogaí an chait. Bhí ionga neimhe i ruball an chait. Air thuitim do'n chat bhuail sí é leis an ionga neimhe agus thug amach a chroidhe agus a chrubhogaí. Thuit an bheirt marbh aig taobh a chéile. Chuartaigh na trí phrionnsa go bhfuair siad an uaigh. Bhí Céadach agus an cat mór na luighe marbh. Ní thainic leóbhtha aithne eadair an dá chroidhe. Mo léan sibh, arsa Scaith Shíoda, nach n-aithnigheann eadair croidhe cruaidh, danardha an chait agus croidhe beag nádúrtha m'fhir fhéin. Thug siad leóbhtha 'un an bhaile Céadach. Chóirigh an croidhe anna áit fhéin agus chumail dó an íocshláinte. D'éirigh na sheasadh comh slán agus bhí ariamh. Bhí lúthgháir mhór air a bhean. Bhí lúthgháir air an rí agus air a thriúr mac. Go dé tá muid ag dul da dheánadh? arsa Scaith Shíoda. No an rachaidh muid abhaile? Ní rachaidh, arsa Céadach, go bhfeicidh mise bhfuil siad siud beó aniu. Chuaid siad 'un an mhachaire. Bhí siad uilig marbh. Chuartaigh Céadach agus fuair sé slaitín draoitheachta síos air dhruim na caillighe. Thug leis í agus phill siad abhaile. Bhí mórán carraiceacha agus clocha glas agus bán. Bhuail Céadach iad leis an tslait. D'éirigh siad na seasadh fir agus mná, eallach agus caoirigh agus capaill go robh bunadhan ríogh beó air ais. Bhí lúthgháir mhór air an rí. Is cóir dúinn anois do dhul abhaile, arsa Céadach le n-a bhean. Ní fhágfaidh tú mise a choidche, arsa 'n rí. Is leat leath mo rioghachta a choidhche agus mo bheannacht-sa fosta. Faraor thú, arsa Céadach, tá rioghachta ag fuireacht liomsa níos fearr ná do rioghachta uilig. Ní áirighim an leath. D'fhág se slán aig an rí agus aig n-a bhunadh. Bhí buaidhreadh mór orrthú na dhiaidh. Chuaidh arís 'un fairge. Cá bhfuil muid ag dul? arsa Scaith Shíoda. Bhí Lonndubh mac rí na Dreólainne na chomrádaidh mhaith agamsa air feadh i bhfad. Tá fhios agam go bhfuil sé cóirighthe le spíosaraí aig n-a athair. Tá buideal de'n íocshláinte liomsa. Rachaidh muid 'un na Dreólainne agus leigheasfaidh muid Lonndubh. Rinne siad mar dubhairt siad. Bhí cumhaidh mhór air rí na Dreólainne i ndiaidh Lonndubh. Ní robh lá air bith nach ndeánadh sé tamall mór buaidheartha os ceann a mhic. D'iarr Céadach cead a fheiceál, gur doctúir a bhí ann. Chumail sé an íocshláinte do'n ghearradh a bhí eadair an ceann agus an muinéal. D'éirigh Lonndubh na sheasadh. Saoilim gur chodail mé, arsé. Is maith an bharramhail, arsa 'n rí, agus tú marbh le seacht mbliadhna. A Chéadaigh, mhic ríogh na dTulach, do chéad míle fáilte, a dheaghghaiscidhigh ghlain. Chuaidh mise 'un an domhain thoir do do mharbhadh. Thainic tusa níos fuide le mise do dheánadh beó. Ní scarfaidh tú liom a choidhche. Fuair an rí saoghal úr, nuair chonnaic sé a mhac beó. D'fhág Céadach slán ocú agus chuaidh arís 'un fairge. Cá bhfuil tú ag dul? arsa Scaith Shíoda. A bhean, rachaidh mise anois go h-Éirinn go bhfeicfidh muid Fionn mac Cumhaill agus a bhunadh. Thainic go h-Eirinn. Rinne Fionn féasta mór ann onóir do Chéadach agus da bhean. Nuair bhí an féasta thart, dubhairt Céadach, is mithid dúinn do dhul 'un an bhaile go bhfeicidh muid go dé mar tá m'athair agus mo mháthair agus mo bhunadh uilig. Sheól siad 'un na dTulach. Nuair chonnaic an seanrí a mhac agus an bhanphrionnsa anns an bhaile, dh'fhobair go bhfuigheadh sé bás de'n lúthgháir. Rinne sé féasta agus banais mhór le n-a mhac agus an bhanphrionnsa. Nuair bhí an bhanais thart, corónaigheadh Céadach i rioghachta na dTulach. Chaith sé saoghal pléisiúrdha. Tá a iarraimh ann bpléisiúr agus i sonas annsin go dtí an lá aniu. Leadairt na bhfear mór. Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaí aig taobh Dhuncanéile. Ní robh gaiscidheach air bith san rann Eórpa críochnaighthe, go bhfaghadh sé a chuid airm o Ghaibhdín Gabhna agus cúrsa feoghluime. Thainic aon lá amháin Cúchulainn annsair go bhfaghadh sé a chúrsa gaisceamhlacht críochnaighthe. Ní gheánfad, arsa Gaibhdín Gabhna. Thug Balar leis an Ghlais Ghaibhleanna uam le tréan láimhe. Má bheir tú air ais an Ghlais Ghaibhleanna, gheánfaidh mise do ghraethe. Bhéarfaidh mise í air ais, arsa Cúchulainn. D'imthigh go Toraigh, an áit i robh caisleán Bhalair. Nuair thainic sé go bruach na fairge, ghlac sé eagla roimhe Bhalar agus chóirigh é fhéin ann éideadh mná. Chuaidh sé asteach. D'innis do Bhalar gur chomrádaidhe í da nighin. Ghlac nighean Bholair é mar chomrádaidhe. Bhidheadh siad ag siubhal agus ag comhrádh. Bu ghoirid go robh fhios aig nighean Bhalair gur fear bhí ann a comrádaidhe. Thuit sí go mór i ngrádh leis. Ghuid nighean Bhalair agus Cúchulainn an Ghlais Ghaibhleanna anns an oidhche agus thug asteach air tír móir í. Lá air n-a bhárach chrunthaigh Balar a bhó. Lean sé Cúchulainn. Ag teacht aníos na Rosa, chonnaic sé Cuchulainn i bhfad roimhe. Bhí súil neimhe aig Balar. Nuair nochtadh sé í, an chéad rud da n-amhairceachadh sé air, scriosfadh sé é. D'amhairc sé i ndiaidh Chúchulainn. Acht is é an talamh an chéad rud a chonnaic sé. Rinne sin an talamh dearg agus tá an dath sin air an tír sin o shoin. Nuair thainic Cúchulainn fhad le Gaibhdín Gabhna agus an bhó leis, bhí lúthgháir mhór air Ghaibhdín agus rinne sé féasta mór dó fhéin agus do Chúchulainn. Aig deireadh an fhéasta d'iarr sé air Chúchulainn scéal do innse dó o'n taobh o dheas. Dubhairt Cúchulainn nach dtiocfadh leis sin do dheánadh agus duine air bith eile do bhéith ag éisteacht. Glanfaidh mise an teach, arsa Gaibhdín. D'órdaigh sé amach a robh de dhaoiní san teach. Bhí nighean aig Gaibhdín agus ní h-amach chuaidh sí acht i bhfolach i gcúl an dorais. Thoisigh Cúchulainn do innse scéil agus dubhairt go dtainic coimhéad cuain agus cala air aon lá amháin, go bhfacaidh sé long ag tairnt chuige as an áird thiar. Go robh an-mhéid anns an luing, aon fhear amháin air bórd agus go dtainic sí comh gasta, nach robh maith leis teicheadh. Léim sé amach as an luing agus bológ leis. Bhí an bhológ mór do réir an fhir agus na luinge. Thainic aníos agus 'un cainte le Cúchulainn. D'fhiafraigh an dtiocfadh leis gléas bruithe do fhagháil do'n bholóig. Bhí cual chonnaidh sheacht mbliadhan agus coire a bhruithfeadh seacht muca, seacht muilt agus seacht mairt. Theiseain dó an chual chonnaidh. Chuir sé a dhá láimh (g)ach fá dtaobh dithe. Thug leis agus d'fhág í neas do'n bholóig. Thainic air ais agus rug air an choire. Thug leis agus d'fhág an coire na shuidhe air an chual. Ghlac a chlaidhimh agus ghlan an bhológ agus chuir san choire í. Bhí an teini mór agus bu ghoirid go robh an fheóil bruithte. Shuidh síos agus thúsaigh d'ithe na feóla, gur ith sé mórán. Rug air adharc na bolóige agus thúsaigh sé do ól an tsúgh. Nuair d'ól sé a sháith agus d'ith sé a sháith, chaith sé uadh an adharc. Thuit sí air an bharr chaol agus chuaidh sí giota mór i dtalamh. Anois, arsa an fear mór, tá námhaid mo dhiaidh-sa, fear eile tá go mór níos mó ná mise le mo mharbhadh. Da ndeánthá coimhéad domh agus gan é do leigean orm a gan fhios(t) choidleachainn néal, nuair atá mo sháith ithte agam agus mo sháith ólta, da bhfaghainn néal codlata. Níor chodail mé aon néal le seacht n-oidhche agus seacht lá agus an fear mór mo dhiaidh. Da bhfaghainn néal do chodladh, saoilim go mbéidhinn ábalta do throid. Gheall Cúchulainn dó go gcoimhéadadh sé. Má bhidhim doiligh do mhuscladh, arsé, gearr an ladhar bheag díom. Thuit sé na chodladh agus shaoiltheá go tairngeachadh sé dhá thaobh an domhain air a chéile le srannfaoi. Aig ceann tamaill chonnaic Cúchulainn an long mhór ag teacht. Ní robh long an chéad fhathaigh acht mar bhéidheadh copan i gcomórtas leis an luing dheireannaigh. Chraith sé an fathach. Acht ní thainic leis é do mhuscladh. Thairng sé a chlaidhimh agus bhain an ladhar bheag de le buille mór. D'éirigh sé ann a sheasadh. Ní robh ann acht go robh sé ann a sheasadh agus faoi arm, nuair bhí an fathach mór i láthair. Thúsaigh an leadairt. Ní fhacas a leitheid ariamh i n-Éirinn. Bhí cumadh air an fhathach mhór, go mbéidheadh sé ró-ábalta aig an chéad fhear. Bhí níos mó de dháimh aig Cúchulainn leis an chéad fhear. Thairng a chlaidhimh. agus thoisigh do bhualadh an fhir mhóir. Ní robh ann acht go dtainic leis sroicheadh go meall a chos. Mar sin fhéin, bhí sé cur feirge air an fhear mhór. Chuir sé thart a lámh. Fuair sé greim air. Sháith sé suas faoi n-a bheilt é. Bhí fearg air Chúchulainn agus thúsaigh sé do ghearradh na beilte. Fá dheireadh fuair sé a gearradh. Nuair gearradh an bheilt, thuit Cúchulainn 'un talaimh. Ní fhuair sé aon leagadh ariamh comh mór leis. Bhí níos mó feirge air ná bhí aroimhe agus bhí sé cuir iargnuidh air an fhear mhór. Chuir sé thart a lámh. Rug sé air agus chaith sé siar an machaire é. Is é an áit ar thuit sé air mhullach a chinn síos ann adharc na bolóige. Nuair chualaidh nighean Ghaibhdín, leig sí gáire mór i gcúl an dorais. Ní Cúchulainn bu chóir do bhéith ort san am sin, arsí, acht Cú na h-Adhairce. Mo mhallacht ort, arsa Cúchulainn, agus air mhná na h-Éireanna. Tá an scéal caillte. Bhí trian de sheanchas(c) na h-Éireanna i bhfiannaigheacht, trian i scéalaigheacht, trian air leadairt na bhfear mór. Ní chluinfear go brathach é le h-eagla go gcluinfidhe comh dona as d'éirigh domhsa. Cailleadh an chuid eile de'n scéal. Na trí daill agus an Chevalier i mBaile-átha-clíath. Tá tamall goirid o shoin bhí trí daill i mBaile-atha-clíath. Budh é a n-obair gach lá ag iarraidh na déirce. Lá amháin áirite chas da chéile na trí bacaigh air dhroichead Bhaile-athaClíath. Bhí aithne ocu air a chéile. Bhí co heólach air an bhaile 's go dtainic leis an uile dhuine ocu 'theacht 'un a thighe bhig fhéin tráthnóna. Bhí an triúr ag déanamh mairignigh air co holc agus d'éirigh an lá leóbhtha. Bhí chevalier ag dul an bhealaigh. Smaoitidh sé go ndéanfadh sé greann orthú. Bhí aithne aig na daill air agus is minic a thug sé airgead dóbhtha. D'fhiafruigh sé díobhtha goidé mar bhí siad. Dubhairt siad go rabh go holc, nach bhfuair siad pioctúr na banrioghan aniu. D'fhiafruigh sé an ndéanfadh punta maith dóbhtha agus dubhairt siad go ndéanfadh an uile chinéal maith. Seo díbh punta arsé. Déanaigidh bhur rogha rud leis. Shín gach aon de'n triúr amach a lámh agus níor chuir sé dadaí air láimh air bith. Anois, arsé, déanaigidh bhur rogha rud leis sin. Shiubhail sé leis agus d'fhág iad. Shaoil gach aon de'n triúr go rabh an punta ag duine éiginteach eile ocu. Chuir siad móran paidreacha agus beannachtaí leis agus dubhairt gur mhaith i gcomhnaidhe é. Choimhéad sé iad go bhfeicfeadh sé goidé dhéanfadh siad. Nuair atá an punta againn, arsa fear de na daill, goidé dhéanfaidh muid leis? Tá cóta de dhith ormsa, arsa fear de na daill. Tá bróga de dhith ormsa, arsa fear eile. Tá mo bhricfeasta de dhith ormsa arsa an tricheadh dall. Tá ar mbricfeasta de dhith orainn uilig. Níor ith muid aon ghreim aniu. D'ainmnigh siad teach ósta i bhfuigheadh siad a mbricfeasta. Chuaidh siad go teach an ósta. D'innis go rabh punta ocu agus bricfeasta maith do thabhairt dóbhtha. Nuair do ghlac siad a mbricfeasta dubhairt fear ocu, o tharlaidh gur chuir Dia an punta inseorthu, gur chóir dóbhtha gloinne ól. Fhuair siad trí ghloinne uisce bheatha agus d'éirigh an blas ní b'fhearr air agus d'iarr siad triúr eile. D'ól siad gur hinnsigheadh dóbhtha nach rabh níos mó le fagháil, go rabh luach an phunta ocu. Díol sin, arsa fear de na daill. Díol sin, arsa fear eile. Díol sin, arsa an tricheadh fear. Amach leis an phunta, arsa fear na táibheirne. Tá deifre ormsa. Bhí an t-anas ann. Ní rabh aon phinginn le fagháil. Bhí fear na táibheirne i bhfeirg. Bhí sé ag cur púdair ann a chuid féasóige go dtéidheadh sé fa choinne an pholice, go gcuireadh sé 'un an phríosúin iad. Anns an bhomaite thainic an chevalier isteach agus dubhairt leis go rabh sagart air an bhaile do bhí déirceach agus go ndíolfadh sé an tairgead air shon na mbacaigh. Rachaidh mé fhéin leat agus labhairfidh mé leis an tsagart. Bhí athas air fhear na táibheirne. Chuaidh an bheirt go teach an tsagairt. Fuair siad scéala annsin go rabh an sagart i dteach an phobail. Chuaidh an bheirt go teach an phobail. Bhí an sagart air an altóir ag dul do léigheadh aifrinn. Chuaidh an chevalier suas air an altóir agus dubhairt leis an tsagart go rabh duine bréagh annsin acht go rabh sé tinn o'n ghealaigh agus go dtainic sé do iarraidh air an tsagart urnaigh rádh dó. Dubhairt an sagart go mbéidheadh sin ceart i ndiaidh an aifrinn. Thainic an chevalier anuas agus dubhairt sé, fan thusa annseo agus gheobh tú do phunta i ndiaidh an aifrinn. Nuair do bhí an t-aifreann ráidhte, chraith an sagart a mhéar air fhear na táibheirne theacht aníos. Dubhairt an sagart - gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an tairgid? Dubhairt an sagart aríst - gabh air do ghlúine. Dubhairt fear na táibheirne bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an phunta? Bhí slat gheal aig an tsagart agus bhuail sé fear na táibheirne air a bhlagóid agus dubhairt sé - gabh air do ghlúine anois. Thug fear na táibheirne a aghaidh air an dorus agus reath an sagart go dtugadh sé arais é. Acht d'imthigh fear na táibheirne. Bhí sé i bhfeirg agus ag tabhairt mionna mór. Nuair thainic sé abhaile, ní rabh chevalier na dall na bacach le fagháil aige na fios ca deachaidh siad. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4077 |
2,714 | An Dochtúir | Ó Beirn, Séamus | — | — | 1909 | 20 | prose | Gill, M. H. | 3,702 | 1,027 | NA DAOINE. An Dochtúir An Scoláirín George Edward O'Higgins. Fear Tuatha Mícheál Réidh Tadhg Ó Chlúnáin Bean Uí Chlúnáin Máirín Ní Chlúnáin Bean Tuatha An Páisde Peata gan Mhúnadh Learraidhe AN DOCHTÚIR An Dochtúir A Dhochtúir! A Dhochtúir! Chá bhfuil tú? Cá bhfuil tú a Dhochtúir? Fear Tuatha — Órd! A Dhochtúir! Ar a bhfaca tu ariamh agus Nach h-in doigh bhuilg a amhlóirín? Truagh nach ort atá sé dhá ríridh. Á! tá Séamus croigtha fá seó! Beidh iarracht eile agam. Breathnuigh a Dhochtúir! Breathnuigh! Fear Tuatha — Mar sea d'éirigh sé dhó. Ag réidhteach an ghunna tuigeann tú, bhí sé nuair a phleásg an piléar amach ar a mhéir. Tá sé a' tabhairt fhola mar seo Anois a bhfuil sé agadh? Fuilméar, méar-fuil. Fear Tuatha — 'Seadh, 'seadh! maith a fear! Tá sé agad fá dheire! Fear Tuatha Pysin mo chuid tubaiste ort! Ní h-éad a chlaidhre, ní h'eadh! Harra! mise i mbannaidh go bhfuil dúil san ól ag an mbodach seo! Óra nach mé an truagh mhuire aige! (Taking off his hat reverentially). Grásta Dé le d'anam a Séamús Mhicil Cháit! Mo chara agus mo chomharsa! Agus mallacht Chromuil! do na geartians a chuir an dochtúir seo chugainn! Caithfe mé bheith ag imtheacht. Fear Tuatha — Nach raibh sé chomh maith dhóibh dochtúir ón bhFrainnc nó ón Spáinn a chur annseo le do leithid-se gan smid agad acht an Béarláinín suarach úd. Díbh dhíbh agus deaibh deaibh! Cogar annseo a dhochtúir (beckoning to doctor) beidh iarracht eile againn. Fear Tuatha — Má tá meabhair, ná séasún, ná tuigsint ar bith agad nach bhfuil fhios agad gurab é a chuid fola atá ag teacht. An Dochtúir — Tacht! Tacht! Fear Tuatha — Tacht! Tacht! go dtachtar thusa gan dochar dhuit! Breathnuigh, breathnuigh annseo (imitates finger being cut off. An Dochtúir Tá! Tá! Tá! — Tá! Fear Tuatha — Óbh! Ó! míle murder! Tá sé as a chéill! Sáithfidh sé mé. Leig amach. Leig amach mé go beó! Órá! a dhochtúir a bhollamháin! Má bheirim-se taobh amuigh ort bainfidh mé teas as do chraiceann! Agus biodh 'fhios agad a chlaidhre gur gearr uainn an lá nuair a chaithfeas tusa agus do leithid Gaedhilg — Gaedhilg — a bheith gan bhuidheachas díbh (goes). Bean Tuatha Maise ná coruigh a dhochtúir! Ná coruigh thú fhéin! go saibh maith agad. Beidh mise luath go leor Bean Tuatha — Agus cuirim céad míle fáilte romhat go dtí an áit seo Bail ó Dhia ort is tú fhéin an fear breadh slachtmhar, sgafánta seachas an spriosáinín a bhí annseo romhat. Páisde — Tabhair dhom deach a mhain. Tabhair dhom deoch. Bean Tuatha — Eist a mhaicín! Eist! tá sé annseo agam. Ní buidéal dochtura chor ar bith acht do buidéilín fhéin fhéin. Seoachuidín! Ól suas é! An créatúirín, bionn tart air. Maise a dhochtúir, níor choisg mé ón mbuidéal fós é agus sílim go bhfuil sé i n-am feasta. Bean Tuatha Ara a stór! suidh sios. Tá neart ama agam sa. Go deimhin tá. Maise a dhochtúir breathnuigh ar an bpáisde sin. Ná cuir triobloíd ort féin a dhochtúir! fan agus tiúbhraidh mé féin "di-di" eicínt dó Seo a mhaicín "di-di" deas a thug an dochtúir dhuit maith a buachaillín! Bean Tuatha — Tá an donas ar na páisdí céadna nuair a thosuigheann siad! Maise a bhfuil aon phaisde agad fhein a bhfuil a dhochtúir? Bean Tuatha — A dhochtúir nach é an somach dathamhail fáisgighthe é agus nach é an truagh é bheith as a shlainte. Ní dheanann sé blas ó mhaidin go faothain acht ag caoineachán — caoineachán — caoineachán. Páisde — Ocras a mhaimín. Tá ocras ar do mhaicín! Bean Tuatha — Go raibh fad saoghail agad, a dhochtúir dhílis. Tabhair suaimhneas duit féin agus gheobhaidh mé fhéin rud eicint dó. Foighid a mhaicín! foighid! Seo anois arán agus im do thug an dochtúir lághach dhuit. Bean Tuatha — Níl an somachán úd indon mórán ithe a dhochtúir. (Páisde munching). Níl goile ar bith aige le goirid. Níl sin. Mar sin tabhair buidéal maith dhó a thuibhras a ghoile ar ais chuige, agus a chuirfeas biseach air. Agus maidir liom féin: bionn lagar isteach annseo ar mo chliabhrach go h-an mhinic. Bean Tuatha — Tá mé ag ceapadh go ndeanfadh plástar gar dhom. Go deimhin a dhochtúr ní raibh mórán tinnis ariamh ormsa míle buidheachas agus altughadh le Dia acht aon uair amháim — an oidhche phós Pádhraic Ruadh — Ní raibh aithne agad air Phádhraic Ruadh a raibh? Fear cumasac a bhí ann muis. An Dochtúir — Tá! Tá! Bean Tuatha — Acht a dhochtúir! An oidhche úd bhíomar ag dul chuig an mbainfheis i gcarr Pháidín Bhuidhe nuair mar sin (clapping her hands together) ag an gcros-bhóthar do phléasg mótor mór steach i n-ár mullach. Caitheamh amach as an gcarr mé fhéin agus Páidín agus a raibh ann againn; agus briseadh mo chos. Acht glóir do Dhia agus don Mhaighdean tá mé nios fearr anois. Dean deifir anois a dhochtúir mar tá sé i n-am agam imtheacht. Bean Tuatha — Acht fán! M'anam go raibh mé ag deanamh dearmaid ar theachtaireacht bheag Peigí Ní Mhóráin. Bean Tuatha — Dúbhairt sí leat rud eicínt a chur chuice le h-aghaidh a cuid súl mar bionn siad go h-an dona aice — Coruigh leat anois a dhochtúir — tá deifir orm — acht tiocfa mé lá eile. Tiocfa mé — ná biodh faitchios ort. Bean Tuatha — Óbh! Óbh! Ó Céard seo chor ar bith? Cén sórt amhlóir é? Acht cuirfidh mé geall nach bhfuil focal Gaedhilge aige. An Paisde — Níl aon Gaedhilg aige deir tú a mhaimín Bean Tuatha (to Páisde) — Óra! Eist a mhaicín. Ní'l fhios agam beo céard a dheanfas muid mar ní thuigeann sé céard támuid a rád! Acht seo do bhuidéilín fhéin Bean Tuatha — Hup! Hup! thú fhéin Bhfuil dúil agad mé a chaitheamh amach a bhfuil a rifínigh? Nár ghnothuigh Dia duit! Nach againn atá an lao? A bheith ag ioc pleidhce agus gan focal dhe theangaidh na tíre aige! Tabhair dhom buidéal go mear nó tógfa mé fhéin é. Bean Tuatha — Biodh buidéal ar fóghnamh agad anois. Bean Tuatha — Óra a dhearg ropaire! Thú fhéin agus do shean-bhuidéal lobhtha. A gceapann tú gur óinseach mé? Buidéal uisge agus dath sméar air dho ghoile tinn! Nár chuiridh Dia — Bean Tuatha — Nár chuiridh Dia an t-ádh ar an mbeirt — agus an Lepreacháinín caoch úd freisin. Acht tiocfa mise — Míchéal Réidh — Go mbeannuigh Dia annseo! Go mbeannuigh Dia annseo! Hóra a dhochtúir! bhfuil tú istigh? M'amam gur baramhail an sórt dochtúra é seo againn. D'fhéadfadh duine a bhfuil sa teach aige a ghoid Hó! a mhic ó! nach í a ghearrfadh an chos nó an lámh go tapaidh (leaving it back) Ní bheidh aon bhaint gam leis. Dar fiadh! Is deas an boiscín é seo Tobac shílfeá! Seadh agus tobach ar foghnamh! Ara dheanfainn-se togha dochtúra. Acht ní'l aon mheadhchán ann. By dad! Feileann sé go díreach mé. Bhí mé a' rádh i gcomhnuidhe go raibh cloigeann doctúra orm. Bhídheas (hums) agus ní raibh mé ag dul amudha. Dochtúir cliste mise Há! Agus seo é an gléas a innsigheas dó céard tá taobh istigh i nduine agus seo é an teas mhiosúr. Maise nach breagh an saoghal atá ag dochtúirí agus nach furusta dóibh airgead a shaothrughadh Dia dhuit a Mhurchadha. Tá tú nios fearr indiu. Hu-um! Cuir amach do theanga Hu-um! Airíst é Airíst é a Mhurchadha! Hu-um! An fliú Seo a Mhurchadha, fágh an buidéal seo agus cuirfe sé biseach ort! Hum! Haw! Hum! Tá go leor le deanamh agam. Hum! Seadh a Mhurchadha! Cé mhéad a bhaifeas mé amach? Guiní buidhe dhiot-sa Go raibh maith agad a Mhurchadha! Anois idir magadh is dá ríríbh caithfe mé mo bhuidéal fhéin fhághail Ta páipéar beag annseo a thug an sean dochtúir dhom Acht is laidin é! Tá figúra-céara i dtosach ann. Tá suidíní mar slabhrai beuga ann acht béidir nach fiu mórán iad (hums) Óra! maise tá caint eile ann freisin Ní'l fhios agam chéard iad sin Ha! Tá Tinct Camph Co agam — Agus féach istigh Ammon Carb! Fan annsin anois a Ammon Carb! Tar isteach. Céad fáilte. Bean Tuatha — Ní racha mé abhaile gan buidéal. Míchéal Réidh — Anois a chlaidhre dean dochtúir dhiot fhéin Ó go siúráilte a bhean chroidhe gheobhaidh tú buidéal agus an buidéal is fearr sa teach Suidhe sios. Suidh sios. Bean Tuatha — Maise sonas ort. Is tú féin an dochtúir nádúrtha seachas an bromachán a bhí annseo ar ball. Míchéal Réidh — Cuir amach do theanga. Cuir é seo i do bhéal go bhfeicfidh mé bhfuil aon droch theas ag pléidhe leat taobh istigh. AN DARA GNIOMH. Feiceál. — Seomra — an párlus — i dteach Thaidhg Ui Chlúnáin, mar phárlús ar bith acht gan é bheith ro-fheistighthe. Bord cathaoireacha, pectiúirí, leabhra, etc. Doras ar gach aon taobh ar aghaidh a chéile. Tá pictiúir Chasement crochta i lár an bhalla. Tá Tadhg é fhéin 'n shuidhe sios ar chathaoir ag breathnughadh an mhí-shuaimhneach. Tá sé gléasta i gculaidh dheas cheannasna de dhéantús baile. Breathnuigheann sé go minic ar an doras, agus mar bheadh cineál sgannartha air roimh dhuine eicínt a bhí teacht isteach. Tadhg — H-u-u-h! Céard é? Tadhg — An saobhchan céille atá ag teacht ort nó céard tá ort chor ar bith? Cheal nach bhfuil mé sáthach maith mar atá mé? Taidhg — Bhfuil splannc ar bith agad? Nó a gceapann tú go bhfuil mé chomh dona leat fhéin? Má's nach bhfuil siad seo Tadhg — Feuch annseo! Stop! Ní chuirfe mise na rudai sin orm. Cuir ar ais iad go beó! Fanfa mé mar atá mé. Tadhg - Bailigh leat! Ní féidir stad a chur le do theangaidh. Tadhg — Ba mhaith liom mais, gan aimhreas rud ar bith a dhéanamh do Mháirín. Tadhg — Ní stopfa tú go ndéanfa tú Tighearna nó Ridire eicínt diom féin! Ní stopfa tú sin! Tadhg — Tá cathúghadh ort! Tá tú mionnuighthe amadán a dhéanamh dhiom! Táir sin! Tadhg — M'anam! Má's le haghaidh Mháirín é go ndéanfa mise mo dhícheall. Acht b'fhearr liom, gan a bheith annseo chor ar bith mar caithfe mé rud eicínt a rádh agus ní thuigim an Béarla ná na nósanna gallda sin. Tadhg — Go bhfóiridh Dia orm! Acht is mar gheall ar Mháirín é! Tadhg — Sin é pictiúir Casement agus annsin a fhanfas sé fhad is tá mise annseo. Déan do rogha ruda le Duzzibruzzo! Gan tusa agus Duzzibruzzo le chéile, cé bhí cé h-é. Larry — Seadh, a mháistreás! Tadhg — A Learaidhe! Gheobhaidh tú do chuid anois seachas ariamh. Tadhg - Go bhféacha Dia ort, a Learaidhe bhoicht! Bean Thaidhg - Féach annseo, a Learaidhe. Larry — Seadh a mháistreás! Seadh! Bean Thaidhg — Tá an dochtúir ag teacht annseo indiu agus caithfear 'chuile rud a bheith i n-ordú roimhe. A dtuigeann tú? Larry — Tuigim, a mháistreás! Bean Thaidhg — Nuair a buailfear buille ar dhoras an halla fosgail é mar seo agus annsin tóg a hata agus a chóta ón dochtúir agus úmhluigh dhó mar seo. Maith go leor! Annsin buail buille thú féin ar dhoras an phárluis seo agus nuair a chloiseas tú "Come in" seas isteach agus abair i mBéarla, Larry — A ndéanfadh sé cúis é rádh i nGaedhilg? Bean Thaidhg — Seachain ar d'anam a labairfeá Gaedhilg! Anois abair é. Bean Thaidhg — Larry; go h-an mhaith! Anois, a Learaidhe, tá culaidh bhreagh éadaigh agam dhuit agus cuir ort go beo í Larry — Ara, a mháistreás, chroidhe thú! Ar ndó ní racha leath dhíom isteach ionntu agus má phléascann síad cén bhail a bheas orm? Bean Thaidhg — Ní'l baoghal air! Agus seo bróga deasa dhuit freisin. Beidh tú breathnúgadh chomh glic le waiter ar foghnamh. Larry — Ara! tá siad ro-chumhang agam: Ní bheidh mé i ndon seasamh Leo: beidh mo chosa millte aca. Bean Thaidhg — Réidhtigh thú féin go tapaidh anois "Óra a dhiabhail, a Thaidhg," Tadhg (to Bean Thaidhg) — Cogar mé seo leat. Ní'l sé i mo chúmhacht aon smacht a chur ar a diabhal seo fá mo mhuineál. Is cosamhail le rásúr é. Beidh mé tachtuighthe aige fá cheann leath-huaire. Beidh mé sin! Tadhg — Is cuma liom. Is gearr é mo shaoghal má sheasann an pionús seo aon achar. Tabhair dhom deoch fhad is tá mé i ndon sloigeadh. Tadhg — Bhfuil tuille le dhul orm fós? Nach orm a buaileadh an mí-ádh! Tadhg — Seadh a mhaisce! Tadhg — Seadh! Mhaisce! Is tú tá i ndon. Tadhg Céard seo eile anois? Tadhg - Seadh! na fiacla seo anois. Larry - A Thaidhg, ar son Dé agus innis dom cé aca seo chuirfeas mé orm i dtosach. Tadhg — Ó go bhfóiridh Dia ort a Learaidhe! Tá mo thrioblóid fhéin ormsa. Acht féach. Cuir ort an ceann is éasgaidh rachas ort. Larry — Déanfa sin. Is gearr go mbí mise réidh anois. Tadhg — Tá sé chomh maith dhom-sa a bheit ag cleachtú mo phísín beag Béarla fhéin Óbh, a Learaidhe! Go sábhálaigh Dia sinn! Céard d'éirigh dhuit? Shíl mé go raibh mé fhéin sáthach dona acht bhuail tusa amach mé. Ní fhaca mé do shamhail ariamh acht Willy Wagtail! Bean Thaidhg Anois, a Learaidhe, nuair a bhéas tú freastal ar an Dochtúir agus ar an máistir crochfa tú do cheann i n-áirde agus siubhailfe tú mar seo. Tadhg — A Learaidhe, tá mé rádh leat gan a theacht i naice liomsa ar aon chor nuair a thiocfas an Dochtúir, mar má fheicim thú caithfe mé gáire a dhéanamh. Bean Thadhig — A Learaidhe, beidhmid sa n-gáirdín agus nuair a aireochas tú an Dochtúir ag teacht tabhair fógra dhúinn. Larry — Tiubhradh mé a mháistreás ná bíodh faitchíos ort. Máirin — Ara, Learaidhe! Cé ghleás thú nó cén sórt stiúir é sin ort? Larry — Ó, tá mise 'mo waiter agus tá d'athair ina dhuine uasal. Tá an Dochtúir le bheith annseo indiu. Nach bhfuil tú féin agus é fhéin ag cúirteáracht? Agus nach bhfuil sé ag teacht fá do choinne ar ball? Shíl mé mh'anam go raibh fhios agad é! Sé Paitsín Bacach a bhí ghá innseacht dom-sa, muis, agus ní bréagadóir é. Máirín — Imthigh leat a Learaidhe chuig Paitsín Bacach agus abair leis aire thabhairt dó fhéin agus don chos cham atá aige agus béidir go dtiocfadh sí díreach dhó. Ní féidir le cailín breathnughadh ar bhuachaill óg sa tír seo gan í bheith mór leis, ná fiú litir fhághail uaidh thríd an bposta gan fios a bheith ag mádraidhe an baile céard tá innti. Ní féidir sin! Anois is arís ní mé céard atá ghá choinneál. Ba cheart dó bheith annseo feasta Ní'l fhios agam beo tuige bhfuil sé teacht go dtí an áit seo mar ní bheidh sé i ndon fanacht ann gan Gaedhilg. Acht ní furusta dho dhochtúir bheith suas leis an am. Is dóigh go ceapann sé gur "patient" eile mise. Leigfe mé orm féin gurab eadh nuair a aireochas mé ag teacht é. Seo é anois é! Máirín — Óch ó! Máirín — Agus is tusa tá ann a spriosáinín! Sin é an doras duit. Máirín — Tar isteach Larry — Ó, hó, a Scoláirín! Céard a thug annseo thusa? Ní fheileann ceóláinín ar bith mar thusa thart annseo indiu. Larry — Eist anois! a Scoláirín. Eist anois! Fuaróchaidh an t-aer úr thú. Tadhg — Tabhair dhom deoch! Is gearr uaim! Tadhg — Go bhféachaidh Dia ormsa anois! Larry — Mam-dam-mam! Tá an Dochtúir 'rived. Tá an dochtúir 'rived, Mam-dam-mam! Bean Thaidhg — A Learaidhe! Cá bhfuil an bhróigín eile? Larry — An bhróigín! Óch, a mháistreás, chuir an rifíneach úd Paitsín Bacach i bhfolach í agus ní féidir liom í fhághail! A Dochtúir Céard seo eile anois, a Bhrighidh? Ó, seadh, na fiacla seo! Tadhg — Céard dubhairt sé? Ag dul a' tarraingt fiacail uaim atá sé ineadh? Tadhg — Anois a Oinsig! Féach an bhail atá agad orm. Nár — An Dochtúir Sláinte! Tadhg — Sláinte agus saoghal agad, a Dhochtúir Breathnuigh annseo anois, a Dhochtúir. Sílim gur duine macánta réidh ciallmhar thusa agus ó thárla go bhfuil sí imthighthe — An Dochtúir — Tá, tá. Tadhg — Tá sé chomh maith dhom mo sgéal ar fad a innseacht duit mar ní fhéadaim fanacht níos fuide mar atá mé. Tá mé bruighte casta tachtaighthe san gcaoi bhfuil mé. Is fear socair caothamhail mise acht — ní'l aon Bhéarla agam, a Dhochtúir, acht rí-bheagán, agus ní'l aon chleacht agam ar ghalldachas. A dtuigeann tú a Dhochtúir. A dtuigeann tú? An Dochtúir — Tá! tá! Tadhg — Ó go shábhálaidh Dia sinn! Ní'l smid Gaedhilge ina phluic. Muise, go bfoiridh Dia ar an mháthair a thóig thú. Céard a dheanfas mé anois agus an seachrán atá orm? Tiúbhraidh mé iarracht eile leis an méid Béarla atá agam. Féach annseo, a Dhochtúir — An Dochtúir — Tuigeann tú? Tadhg - All leith-sgéal! Tadhg — Dheamhan toothacher muis buidheachas le Dia! Bean Thaidhg Tadhg — Farior nár fhan sé ort! Tadhg — Suidh sios, a Mháirín! Suidh sios annseo i n-aice liom. Tadhg — Go mbeannuigh Dia dhuit, a Scoláirín. Máirín — A athair agus a mháthair, ní fhéadaim fanacht socair nios fuide. Tadhg — Nár lagaidh Dia thú, a Mháirín! Bhios agam go raibh an mianach ceart ionnat i gcomhnuidhe. Máirín — Tá sibh ag dul amudha go mór a bheith ag leigint oraibh féin Béarla agus gall-ghalántas nach luigheann libh le nádúr. Is beag an t-iongnadh an domhan go léir a bheith ag gáiridhe agus a' magadh fúinn nuair nach bhfuil meas againn orrainn féin. Máirín — Caith dhiot mar sin na rudai sin atá ort agus cuir ort do chulaidh fhéin arís. Tadhg — Caithfead a Mháirín, agus míle fáilte; agus imtheochaidh an seabhac seo fá mo mhuineál gan mórán moille. Máirín — Agus labhair an Ghaedhilg mar labhair d'athair agus do mhuinntir romhat. Tadhg — Labaireóchad fad is mhaireas mé le conghnamh Dé. Tadhg — Go deo thú, a Mháirín! Tadhg — Céard sin adubhairt sé? Ar ndó ní ag caint ar imtheacht atá sé a Mháirín? Máirín (to Tadhg) — Seadh, a athair. Tadhg (to Máirín) — Ná leig dhó deirim leat. Ná leig dhó! Labhair thusa leis! Gheobhaidh tusa toradh. An Scoláirín Tadhg Tá do do mharbhughadh! Tá an so-ci-ety i na bhfuil do chroidhe sáithte ag saothrughadh báis i nÉirinn mar is society é gan fréamh gan sinsearacht sa tír seo. Tuige nach gcuireann tusa agus do leitheid suim i society seasmhaighe — society na nGaedheal — a bhfuil an ghroidheamhalacht ag baint leis agus gloineacht fola i na chuisleanna. Má tá sé roinnt garbh fós ní h-ionghnadh é tar éis an troda le na námhaid. Agus- Tadhg — Ach! Toothacher mar eadh! Máirín — Tá an Dochútir dom iarraidh ort a athair. A' bhfuil tú sásta? Tadhg — Táim a Mháirín agus bheirim mo bheannacht duit fhéin agus dó fhéin. Tadhg — Ara! Céard tá ar an Scoláirín? Céard d'éirigh dhó? Tadhg — Mo ghoirim thú, a Shcoláirín! Sin bó óg agus cú. Bó óg agus cú. A dtuigeann tú, a Shcoláirín? | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2714 |
3,546 | An Dúthchas | Ní Chinnéide, Máire | — | — | 1908 | 20 | prose | Connradh na Gaedhilge | 6,410 | 1,303 | Áit — Cathair éigin i n-Éirinn. Am — An t-am fé láthair. AN DÚTHCHAS. Seomra breagh. Tá bórd 'na lár & é leathta amach i gcóir roinnt daoine. Tá cathaoireacha ar gach taobh de'n bhórd, & tá lampa ar lár an bhúird, & sgáth síoda ar dhath an róis air. Tá an lampa so ar lasadh. Tá roinnt earraidhe airgid & gloine ar an mbórd, & iad go geal taithneamhach, cé ná fuilid ró-luachmhar. Tá dhá fhuinneoig sa tseomra, & cruitínigh lása ortha, & tá pictiúir fir óig dhathamhla idir an dá fhuinneoig. Tá doras ar an dtaobh chlé & tá bórd éadain fé'n bpictiúir. Tá máthair Dhiarmuda, bean mheadhón-aosta, sa tseomra, & í go bruideamhail ag socrughadh roinnt bhláthann ar an mbórd. Tá sí ag cantain di féin. Tagann cailín óg isteach — seirbhíseach 'seadh í. Tá gúna dubh uirthi, & práisgín bán, & caipín bán línéadaigh ar a ceann uirthi. Máthair Dh. — A Úna, ar tháinig Risteárd Ó Meádhra fós? Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás. An Mháthair — Tá go maith. Chomh luath & a thiocfaidh sé, tabhair annso aníos chugham é.(Leanann sí ag socrughadh na mbláth; tá an cailín ag imtheacht, t'réis cúpla rudaí do chur ar cheann an bhúird). Níor tháinig an máighistir óg a bhaile fós, is dócha? Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás. An Mh. — Féach, a Úna (druideann sí léi). Beidh bean uasal 'na theannta nuair thiocfaidh sé — & ba cheart dom a innsint duit go mbeidh sé 'á pósadh sar a fada. Úna — An máighistir óg le pósadh! Ó is maith é sin! (buaileann a dá bois le chéile). Agus ca chuin a bheidh an pósadh, ní' fheadar, a mhaighistreás? An Mh. — Ní fheadar-sa acht chomh beag. Caithfimíd é sin a fhágaint fútha féin! Acht is dócha go socrócham anocht é. Úna — Cad é an saghas mná atá fachta aige, a mhaighistreás? Bhfuil sí dathamhail? An Mh. (ag gáiridhe) — Fan go bhfeicfidh tú — acht éist, tá duine éigin ag an ndorus. Síos leat ag féachaint cia tá ann. (Imthigheann Úna. Tosnuigheann an Mháthair ar na bláthannaibh a dheisiughadh arís. I gcionn nóimide, druideann sí siar ó'n mbórd, ag féachaint ortha). An Mh. — 'Seadh, déanfaidh soin an gnó, is dócha.(Tarraingeann sí ceann aca níos sia amach annso & annsúd). Tá súil agam go dtaithneochaidh siad le Diarmuid! Acht cia chuir an fíon annso? (Tógann sí buidéal & cuireann go dtí an ceann is sia de'n bhórd é. Ná dubhart leo ná beadh éan-ghádh le n-a leithéid sin ar an dtaobh seo de'n bhórd — buidheachas le Dia ar a shon soin (táid ag féachaint ar an bpictiúir, an fhaid is tá sí 'á sádh so). Dearmhad a b'eadh é, is dócha. (Druideann sí leis an bhfuinneoig, & í ag labhairt ní thugann sí fé ndeara an tarna buidéal ar an mbórd). (Fanann sí ag an bhfuinneoig & a lámh ar an gcruitíneach; airightear fothram éigin lasmuich de'n dóras, is guth fir ag cainnt go hard). An Fear (Lasmuich) — Ní gádh dhuit m'ainm a rádh roimh ré, a chailín. (Buaileann sé an dorus isteach, & ritheann anonn chum máthair Dhiarmuda. Tá a hata & a mhaide 'na lámhaibh aige). Ó, a chara dhílis, cionnus táimíd i n-éan-chor? (Cuireann a hata ar chathaoir, & sleamhnuigheann an maide go dtí an t-úrlár). Agus cionnus tá an t-oighre óg? (Beireann sé ar a dhá láimh uirthi, & féachann idir an dá shúil uirthi). Má tá sé chomh breagh deallrathach & tá a mháthair — bail ó Dhia uirthi — níl baoghal air! An Mh. (ag gáiridhe, & 'á sgaoileadh féin uaidh) — Ba bhreagh an plámásaidhe i gcomhnuidhe tu, a Risteáird! — Á, seachain — do hata (tá sé chum suidhe ar an gcathaoir ar a bhfuil an hata). Risteárd — Ó — seadh — go raibh maith agat! (Suidheann, & coimeádann an hata 'na láimh). An bhfuil gach éinnídh ollamh agat? Tá, is dócha? An Mháthair — Ó, tá. 'Bhfuil na páipéir go léir agat-sa? Risteárd (ag cuardach a phócaí dhóibh) — Ó, tá, tá … Cár chuireas iad, ní fheadar … Cheapas (é ag síor-chuardach) gur chuireas … san bpóca so … iad, acht … Ó, seo iad. (Tarraingeann sé beart mór páipeár amach, & ceangal ortha. Téidheann sé anonn go dtí an bórd, & leathann sé amach ar an mbórd iad). Seo! (cuireann sé a mhéar ar bhall áirithe sa pháipéar & léigheann) “Cúig míle púnt … humth, humth … nuair shroichfidh sé a chúigeadh bliadhain ar fhichid … humth, humth … má's rud é ná fuil éan-chomhartha air roimis seo go leanfaidh sé ar shlighe a athar” (go féachaint uirthi) — agus tá sé socruighthe ná beidh na cúig bliadhna ar fhichid istigh go dtí meadhón-oidhche — sin é, go dtí a dó dhéag anocht, tá 'fhios agat. Agus seo an páipéar deallraighthe ag taisbeáint go bhfuil na cúig bliadhna ar fhichid úd slán aige — nó go mbeidh anocht — & (ag tógaint cinn eile) an ceann eile ag dearbhadh gur coimhlíonadh an tarna coingheall ('gá osgailt). Féach! seo iad ainmneacha na bhfínné. (Cromann Máthair Dhiarmuda os cionn an bhúird & í ag léigheamh na n-ainmneacha. Téidheann Risteárd anonn go dtí go mbíonn sé fé'n bpictiuir & féachann air). Risteárd — Níl Diarmuid deallrathach le n-a athair i n-éanchor, an bhfuil? (féachann sé ar Mháthair Dh. go haireach acht go foluightheach). Máthair Dh. — Níl — buidh — (tá sí chum rud eile do rádh, acht féachann sise ar a phictiuir leis & stadann sí). Risteárd (ag teacht fé n-a déin) — A Mháire! bhfuil cead ag sean-charaid ceist áirithe do chur ort? An Mháthair (gan féachaint air) — Fiafruigh pé rud is maith leat. Risteárd — Tá 'fhios agam, a Mháire, ná raibh an iomad sonais agat an fhaid is bhí d'fhear 'na bheathaidh — d'airigheas soin nuair do thánag thar n-ais ó Ameiriocá — acht creidfidh tú go maith nach maith liom puinn cheisteanna do chur ar éinne 'na thaobh. Bhí 'fhios agam go maith gurab eol do gach éinne i mBaile an tSrutháin cad do chuir mé ag rith anonn go hAmeiriocá, tá 'fhios agat. Annsoin, nuair fhágais an tSráid t'réis bháis dod' athair, níor chuala éan-trácht ort a thuilleadh gur thánag féin go dtí an Chathair & annsoin bhí d'fhear marbh & Diarmuid 'na fhear óg beagnach. Anois — an coingheall úd i n-údhacht t' athar … An Mháthair — 'Seadh, tuigim. (Téidheann sí anonn go dtí ceann de na cathaoireachaibh & suidheann). Suidh (suidheann sé os a comhair amach). Nuair phósas ar dtúis, ba dhóigh liom ná raibh samhail m'fhir le fagháil ar dhruim an domhain, bhí sé chomh deas fearamhail grádhmhar soin, & ba dhóigh liom ná raibh sa domhan mhór bean chomh hádhmharach & chomh sásta liom féin (cuireann Risteárd a aghaidh i bhfolach idir a dhá láimh acht ní thugann sise sé ndeara é). Ní rabhas i bhfad pósta, ámhthach, nuair fuaras amach an rud ná raibh éan-choinne agam leis — an rud do loit an chuid eile dem' shaoghal — & dá shaoghal féin chomh maith céadna — Ris. — Agus b'é an rud é? An Mh. — Go raibh greim chomh láidir sin ag deamhan an ólacháin ar m' fhear pósta gur beag leis a bhean ná a naoidheanán, a chlú ná a ainm, 'seadh agus a Dhia féin, nuair do fuair an rud so greim air i gcomórtas leis. Dochtúir leighis a b'eadh é, mar is eol duit, & bhí an-iontaoibh ag na daoinibh breoite as. Bhí sé ag tuilleamh roinnt mhaith airgid sa bhliadhain & is deacair a rádh cá stadfadh sé, munab é an mí-ádh a bhí air. Risteárd — Agus … nár dhein sé éin-iarracht ar an rud so do chur fé chosaibh? An Mh. — Go deimhin do dhein, acht sin a raibh aige dá bhárr. Dheineas féin mo dhícheall leis, acht bhí an t-ól níos láidre ná sinn araon. Do shíleas go raibh an bhuaidh le bheith againn nuair rugadh mo chéad leanbh, acht nuair cailleadh é & é 'na naoidheanán, bhí an sgéal níos measa ná riamh againn, & nuair a rugadh Diarmuid, ní raibh éinnidh 'gár gcoimeád lasmuich de thigh na mbocht acht an congnamh do fuaramar óm' athair. Cailleadh m' fhear tamaillín 'na dhiaidh sin — d'ól sé buidéal nimhe, oidhche, i n-ionad buidéil uisge beathadh — & dheineas-sa mo dhícheall chum Diarmuda a choimeád ar an slighe cheart — agus buidheachas le Dia ná fuil éandúil aige san ólachán chéadna! Risteárd — Agus b'in é an fáth gur chuir t' athair an coingheall soin isteach! An Mh. — B'in é. Dá mbeadh éan-chomhartha ann go mbeadh an greim céadna ag an deamhan úd ar Dhiarmuid & bhí ar a athair, ní raibh le bheith againn acht an méid do choimeádfadh beo sinn araon — an méid a bhí againn go dtí seo. Risteárd — Acht cad 'na thaobh nach agat-sa d' fhág t'athair an t-airgead, nuair bhí an droch-iontaoibh aige as Diarmuid? An Mh. (ag crothadh a cinn & smigeadh ar a béal) — Agam-sa! Bhí 'fhios aige go maith gur mar a chéile é fhágaint agam-sa & é fhágaint ag Diarmuid, ná féadfainn diúltadh dhó choidhche. Ris, — Agus a bhfuil 'fhios ag Diarmuid cad é an saghas fir a athair? An Mh. — Ó níl! Is dóigh leis ná raibh fear chomh maith leis ar dhruim talmhan riamh. Risteárd (ag bualadh méireanna a dhá láimh i gcoinnibh a céile & ag labhairt go machtnamhail) — Go maith! … Agus … bhfuil tú lán deimhnightheach — níl puinn eolais agam-sa ar Dhiarmuid, tá 'fhios agat — ná fuil éin-rian de'n dúil mhalluighthe seo ann? An Mh. — Ó táim, moladh mór le Dia, táim — lándeimhnightheach! Níor bhlais sé fiú éan-bhraoin amháin d'éan-rud níos láidre ná fíoruisge ó bhí sé 'na leanbh bheag. Risteárd (ag féachaint uirthi go hobann) — Ó bhí sé 'na leanbh bheag, an eadh? Cionnus soin? An Mh. — Chonnac a athair 'á chur ar meisge cúpla uair, nuair ná raibh sé acht dhá bliadhain d'aois, & bhí eagla orm go mbeadh an dúil nimhneach chéadna aige-sean leis, acht anois! Risteárd (ag éirghe & ag druidim léi) — Seadh, anois — tá sé chomh maith & ba cheart do mhac a bheith go bhfuil a leithéid seo de mháthair aige ná fuil? (Beireann sé ar a dhá láimh uirthi acht ar an nóimid seo buaileann duine éigin ar dhorus an tseomra, & tagann an cailín aimsire isteach, & beart mór bláthann 'na bacalainn aici. Sgaoileann R. do Mháthair Dhiarmuda, & tagann an cailín isteach ag iarraidh a leigint uirthi ná tugann sí fé ndeara an cheist & an ceann fé atá ar an mbeirt eile). An Cailín aimsire — 'Sé an maighistir óg a chuir na bláthanna so a bhaile, a mhaighistreás. An Mháthair ('á dtógaint uatha) — Ó nach deas atáid! (foluigheann sí a haghaidh ionnta). Faigh árthach éigin dom chúcha, a Úna. (Imthigheann an cailín, & iompuigheann an Mháthair ar Risteárd, & síneann sí na bláthanna chuige). Féach, a Risteáird! nach maith an rud do mhnaoi mac chomh haireach soin a bheith aici! Ris. — Seo, leig domh-sa iad do thógaint uait (iarrann iad do thógaint as a lámhaibh & leigeann do chuid aca tuitim ar an úrlár. Gáireann an bhean fé). An Mh. ('á bpiocadh suas) — Ó mhuise, nach aindeis atá na fir! Seo, cuir annso iad. (Téidheann sí anonn go dtí an bórd, & leanann Risteárd í). Agus seo chughainn Úna. (Téidheann sí anonn go dtí an dorus & tógann sí árthach lán d'uisge ó lámhaibh an chailín aimsire). Déanfaidh soin, a Úna — go raibh maith agat. (Imthigheann an cailín, téidheann Máthair Dhiarmuda anonn go dtí an bórd & cromann ar na bláthannaibh do shocrughadh). Caithfead iad so a shocrughadh go han-dheas, mar táim chum iad do chur os comhair Dhiarmuda féin, nó — (ag iompódh ar R.) an ndubhart leat fós go bhfuil sé ar tí pósadh, & go bhfuil an cailín le bheith annso 'ná theannta indiu? Ris. — Ní dubhrais focal mar gheall air. Ó, is maith liom soin a chloisint, is maith liom soin! (ag cuimilt a bhasa i gcoinnibh a chéile). Níl éinnídh is fearr liom fheicsint ná daoine ag pósadh — & ní hiad na daoine óga amháin acht chomh beag. (ag teacht i ngar di). Beidh tú féin an-uaigneach, is dócha, nuair bheidh Diarmuid imthighthe uait? An Mh. (gan éinnídh a thuigsint uaidh) — Ó ní bhead, ní sgarfar ó n-a chéile sinn! Deir sé ná féadfadh sé maireachtaint i n-éagmhuis a mháthar, pé saghas mná a bheadh aige (ag gáiridhe). Ris. — Humth! Ní fheadar — (Tagann an cailín aimsire isteach). An Cailín aimsire — Tá do dhearbhráthai tar éis teacht, a mhaighistréas. An Mh. (ag rith anonn chum an doruis) — Mo dhear áthair, an eadh? Go maith. (ag iompódh chum R., a lámh ar á ndorus aici) Gabhaim párdún agat, a Risteáird; bead tar n-ais i gcionn nóimide. (Imthigheann. Siubhlann R. anonn go dtí an pictiúir & fanann ag féachaint air, & a lámha fighte 'n-a chéile ar a chúl. Tar éis tamaillín, bagrann sé ar an bpictiúir le n-a dhorn dúnta.) Ris. (leis an bpictiúir) — Agus an é sin an saghas fir a bhí ionnat! Dá mbeadh a fhios soin agam roimh ré — Acht cad é an maitheas bheith ag cainnt! (Iompuigheann sé ó'n bpictiúir & é ag crothadh a chinn go truaighmhéileach. Tá fothram beag lasmuich de'n dorus, & tagann Mháthair Dh. isteach & fear meadhón-aosta 'gá leanmhaint. Is fuiriste aithint air súid gur chaith sé tamall dá shaoghal 'na shaighdiúir acht go háirithe.) An Mháthair — Seo mo dhearbhráthair, an Captaen, a Risteáird. Is dócha gur chualais tracht ar Risteárd Ó Meádhra cheana. A Uáitéir (leis an gCaptaen). (Crothann an bheirt fhear lámha a chéile). Cad is dóigh leat de'n tseomra, a Chaptaen? Ná fuil sé go deas agam? An Cap. — Tá, go deimhin. Tá bhur ndóthain blátha agaibh ar éan-chuma (ag féachaint timcheall an tseomra). An Mh. — 'Seadh, cuireann Diarmuid an-tsuim i rudaíbh beaga dá leithéid. Féach an beart mór do chuir sé féin a bhaile chugham. (Téidheann sí go dtí an bórd; leanann an Cap. & Risteárd í. Tógann Risteárd bláth as árthach éigin, baineann blúire de'n ghas de, & cromann ar an mbláth do shocrughadh 'na chasóig. Tógann an Cap. buidéal de'n bhórd). An Cap. — Humth! cad tá agat le n-ól? (ag léigheamh an fhógra atá ar an mbuidéal) “Chateau Lafitte” — humth! — níl soin ró-olc. Bíonn eagla orm i gcomhnuidhe roimh dinnéir ná bíonn acht mná i bhfeidhilt an dighe ann. (le Risteárd) Níl éinnidh is mó 'n-ar chuireamar suim san Arm ná i mbraoinín mhaith fíona. Ní dheineann fíon maith díoghbháil d'éine. Is minic adubhart le céile Mháire annsúd (ag bagairt cum a dheirbhsheathar) dá n-iompóchadh sé ar an bhfíon & leigint de'n bhíotaille, go bhféadfadh sé an oiread is ba mhaith leis do shlugadh síos. Ná raibh an ceart agam, a mhic Uí Mheadhra — humth? (an fhaid is tá sé ag caint coimeádann sé an buidéal 'na láimh, & é 'a chur idir é féin & an solus, & a leithéid. Cuireann se dhe ar an mbórd anois é). Ris. — Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Chaptaen. Mar sin féin, is maith an rud bolmac biotáille anois is arís. An Mh. — A Risteáird! Agus do shíleas nár ólais éan-rud de'n tsaghas soin! Ris. (go ciontach) — Ní ólaim, leis, acht — An Cap. — Acht ní gádh gach éinnídh d'innsint do-s na mnáibh! humth! (díngeann sé a uille idir na heasnachaibh do Ris. Preabann sé siúd) Bhí an sgéal céadna againn nuair a bhíos-sa san Arm! Tá Ris. chum rud éigin do rádh, nuair thagann an cailín aimsire go dtí an dorus, & bagrann sí i leith ar Mháthair Dhiarmuda. An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go fóill (imthigheann). Ritheann. Ris. chúichi chum an doruis d'osgailt di, acht tá sí rómhear do. Ris. — Is mór an bród & an t-áthas atá uirthi indiu, an bhean bhocht (ag teacht thar n-ais ó'n dorus). An Cap. — Is mór. (Ag socrughadh cathaoireach dó féin). Féach, cad is dóigh leat-sa de Dhiarmuid? Ní fheaca-sa le roinnt bhliadhan é, tá 'fhios agat. Ris. (ag suidhe leis) — Buachaill breagh ciúin macánta 'seadh é, do réir deallraimh, acht níl puinn aithne agam-sa air acht chomh beag leat féin. An Cap. — Tá sé loitthe ag á mháthair? Humth? Ní fheaca riamh éin-bhean do thuig i gceart cad is fear ann, muna mbeadh bean an Chinn Urraidh a bhí againn san Arm, & deireadh sí siúd i gcomhnuidhe ná raibh éanmhaitheas i bhfear nárbh' fhéidir leis a chúig buidéil ar a laighead do chur siar sar a n-aithneochadh éinne air é. Is baoghalach nach é an mianach céadna atá i Máire seo againne. (Tá sé á luasgadh féin anonn is anall sa chathaoir an fhaid is tá sé ag caint). Ris. — Acht, a Chaptaen, ná dearmhaid an saghas athar a bhí ag Diarmuid — ní fuláir bheith cúramach — “Briseann an dúthchas” — is cuimhin leat an seanfhocal? An Cap. — Is cuimhin, is cuimhin liom go maith é. (Éirigheann — Cromann ar an seomra do shiubhal síos suas). Acht mar sin féin, ní dóigh liom go ndeineann sé éan-mhaitheas do phreabaire mór garsúin peata cailín a dhéanamh de. Ní dhéanfadh braoinín fíona éin-díoghbháil dó anois is arís, acht a mhalairt ar fad. An fíor é nár bhlais sé braoinín de riamh? (seasann sé os comhair Risteáird amach). Ris. — Is fíor. Tá an iomad eagla ar a mháthair go bhfaigheadh an t-ólachán an greim céadna air a bhí aige ar a athair, & — An Cap. (ag siubhal anonn is anall & fuadar fé) — A athair! Ná trácht liom ar a athair! 'Sé an iongnadh nár briseadh croidhe mo dheirbhsheathar ar fad aige! Acht ní fhágann soin nach ceart fear a dhéanamh dá mhac & gan é fhágaint fé smacht ban ar feadh a shaoghail. Fan go dtí an dínnéir & — Ris. — Ó, a Chaptaen, ar ghrádh t'oinigh, ní dhéanfaidh tú — An Cap. — Éist! Seo chughainn Máire. (Tá fothram lasmuigh, tagann máthair Dhiarmuda isteach, & ceathrar nó cúigear ban 'na teannta. Leanann beirt fhear iad). An Cap. — An í siúd Eibhlín Nic Coitir? Humth. (Téidheann an Cap. ag triall ar dhuine de na mnáibh, & croitheann an chuid eile lámha le chéile, & mar sin de. Cuireann máthair Dhiarmuda Ris. i n-aithne do bheirt nó tríur). Ris. — Ar tháinig Diarmuid fós? An Mh. — Níor tháinig, acht tá súil agam leis láithreach. Duine de na mnáibh — An fíor é go bhfuil sí féin le bheith annso indiu — an cailín atá le beith pósta aige? An Mh. — Is fíor. Muna mbeadh soin, do bheadh sé annso roimis seo; chuaidh sé fé n-a déin tamall ó shoin. (Tagann an cailín aimsire isteach). An Cailín aimsire — Tá an máighistir óg & cailín uasal thíos, a mhaighistreás. An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go léir. (Imthigheann). Duine eile de na mnáibh — Cia hí an cailín uasal so, a Chaptaen (druideann beirt no triúr eile isteach, ag éisteacht leis an bhfreagra. Tá an chuid eile ag cainnt le chéile 'na mbeirt nó 'na dtriúr). An Cap. — Cáit Ní Churnáin is ainm di, & airighim go bhfuil sí ar na cailíníbh is dathamhla sa chathair í — humth — muna mbeadh Diarmuid i n-ann cailín dathamhail do bhaint amach dó féin, ní chreidfinn go raibh éanghaol agam leis. Deiridís i gcomhnuidhe san Arm ná raibh éan-fhear ann is mó do chuir suim i mnáibh áilne ná mé! (Caitheann sé é féin siar ar a chathaoir, & cromann ar a chroimbéal do tharraint). Duine de na mnáibh (ag sgigireacht) — Ó, is mór an náire dhuit, a Chaptaen! Acht an bhfuil éin-eolas eile agat 'na taobh. An Cap. — Níl — acht go bhfuil roinnt mhaith maoine aici & go bhfuil Diarmuid i ngrádh léi le fada, & ná leigfeadh a hathair di é phósadh go dtí go sroichfeadh sé a chúigeadh bliadhain ar fhichid — & tá an coingheall soin cóimhlíonta aige indiu. Ris. (Tar éis teacht ag triall ortha) — Ní fada go mbeidh an pósadh féin againn anois, is dócha. An Cap. — Ní fheadar, acht, mar adeirimís san Arm — Tagann máthair Dhiarmuda isteach, & cailín óg dathamhail 'na teannta. Leanann Diar. féin iad. Téidheann sé anonn go dtí an Captaen & Risteárd. Cuireann a Mhátair Cáit i n-aithne do gach éinne. Diar. — Seadh, má 's eadh, is maith liom sibh fheicsint annso. Cad is dóigh libh di? Nach deas an bhean a bheidh agam? (féachann sé anonn uirthi go meidhreach. Airigheann sí cad tá 'gá rádh aige & bagrann sí air go feargach, mar 'dh eadh). Ris. — Déanaim cóimhgháirdeachas leat, a Dhiarmuid. Tá bean áluinn bhanamhail fachta agat — & cogar! airighim go bhfuil spré mhaith aici leis! Ó is deas an mac tu! is deas an mac tu! An Cap. (ag bualadh a dhroma) — Fan go fóilín, & déanfaidh do shean-uncail fear díot fós. Taoi fada do dhóithin fé chumhacht bhan. Féach! ní rabhas i ngiorracht cúig mbliadhan do bheith comhnaois leat-sa nuair fhéadas a trí nó a ceithre 'bhuidéalaibh fíona a ól sa ló, & gan fiú luisne do chur im' phluic leis! Tá tú ró-bhog, a Dhiairmín. An Cailín aimsire — Tá an dínnéir ollamh, a mhaighistreás. An Mh. — Go maith! Seo, druididh go léir isteach. A Dhiarmuid, suidh annso ag ceann an bhúird fé sgáth t'athar dhílis, & cuirfimíd Cáit annso ar do láimh dheis. (Suidheann Cáit, acht fanann D. 'na sheasamh i n-aice na cathaoireach, & é ag féachaint ar an bpictiúir. Glaodhann an Mháthair ar an gCap. chum teacht go dtí an ceann eile de'n bhórd). An Mh. — A Chaptaen — annso. An Cap. — Ní headh, a Mháire! Tá Diarmuid fém' choimirce anocht, ó's rud é go bhfuil sé le bheith 'na fhear sa deireadh. (Suidheann sé ar láimh chlé Dhiar. & suidheann an Mháthair ag ceann an bhúird). Tá Ris. ar a láimh siúd. Diar. (ag suidhe) — Nach mór an truagh ná fuil m' athair bocht annso anocht, a Mhaim! Ba mhór an sólás duit-se é, nár mhór? An Mh. (go luath) — Ba mhór, a mhic. Acht is mór an sásamh croidhe dhúinn go léir thusa fheicsint annsoin anocht, mar sin féin. (Le n-a linn seo tá an Captaen 'na luighe siar ar a chathaoir & é ag féachaint ar Dh. & ar a Mháthair & saghas gáire air. Tagann an cailín aimsire isteach & cuireann sí pláta an bhruithe os comhair gach éinne. Cromaid go léir ar a naipicíníbh d'osgailt & a leithéid). Diar. — Acht, a Mháthair, nach fearr dá mbeadh an bheirt againn ann. Is dóigh liom féin go bhfuil sé an-chruaidh ar dhuine nuair ná bíonn a athair beo aige. Is maith an rud máthair go deimhin (séideann sé póg chúichi ó bharr a mhéireanna) acht mar sin féin is mór an rud athair a bheith aige leis chum deagh-shompla do thabhairt dó & chum cuidighthe leis. Ná fuil an ceart agam, a Uncail (ag iompódh ar an gCap.) An Cap (go meidhreach). — Tá, go deimhin, tá! Is maith an rud do dhuine athair maith do bheith aige. (le na linn seo tógann an cailín aimsire na plátaí uatha, & cuireann sí cinn eile os a gcomhair). Ris — Acht, a Dhiarmuid — Tá) D. ag cainnt le Cáit & leanann sé dá bhfuil 'á rádh aige sar a bhféachann sé ar Ris.) An Mh. (cuireann sí a lám ar a ghéig). — Éist, a Risteáird. Diar — Cad é seo atá agat 'á rádh, a Risteáird? An Cap. — Ná bac é, a Dhiarmuid: tá rud éigin níos tábhachtaighe le rádh agam-sa. Humth! humth! (Deineann sé mar a bheidh sé ag iarraidh rud éigin do ghlanadh as a sgórnach, & luighid go léir siar ar a gcathaoireachaibh ag súil le hóráid. Tá na tarna plátaí imthighthe roimis seo, & tá toradh, cáise, & a leithéidí ar an mbórd. Tá fíon nó biotáille i ngloine gach éinne acht amháin ag Diarmuid, 'gá Mháthair, & ag Risteárd. Tá uisge aige siúd acht tá gloiní na beirte eile folamh). An Cap. (ar éirghe 'na sheasamh.) — A cháirde — ní fear cainnte i n-éan-chor mé. Nuair bhíos san Arm, deiridís i gcomhnuidhe gur deacra óráid a fhagháilt uaim-se ná ó'n bpeata gabhair féin a bhí againn 'n-ár gcipe. Níl puinn agam le rádh anocht acht chomh beag, acht ní fhéadaim an oidhche seo a leigint tharainn gan 'iarraidh oraibh sláinte ár n-oighre óig d'ól. (Tosnuigheann cuid aca ar fhíon a líonadh amach, mar is dóigh leo go bhfuil deireadh leis an óráid, & deireann duine éigin “'Seadh, sláinte ar n-oighre óig!” acht leanann an Cap. dá óráid). An Cap. — … Buachaill maith macánta ciallmhar 'seadh é — & ní fheicim féin de locht air acht go bhfuil sé róchiallmhar, b'fhéidir. Tá sé fém' choimirce anois, ámhthach, & muna ndéanfad-sa fear de sar a sgarfad leis, ní lá fós é. Seo, sláinte an oighre óig! Iad go léir — Seadh! Sláinte an Oighre! (Ólaid). Duine éigin — Óráid ó Dhiarmuid féin anois! Iad go léir — Óráid ó Dhiarmuid! Óráid ó'n Oighre! Diar. (ag éirghe 'na sheasamh, & ceist air) — A cháirde, táim anbhuidheach díobh i dtaobh … e — e — i — dtaobh … mo shláinte d'ól … e — e. Níl puinn taithighe agam ar chainnt de'n tsaghas so … Ní dóigh liom gur dheineas iarracht ar óráid a dhéanamh riamh roimis seo … e … e … agus mar sin … guidhim oraibh gan a thuilleadh cainnte 'iarraidh orm anocht, (Suidheann). Duine éigin — Mo ghreidhn chroidhe tú, a Dhiarmuid! (buailid go léir a mbasa, & buaileann an Cap. a bhas ar ghualainn Dh. Deireann Cáit rud éigin go meidhreach leis i gcogar, Éirigheann Ris.) Ris. — Tá orm-sa, a cháirde, sláinte duine eile do chur os bhur gcomhair. Tá 'fhios agaibh go léir go bhfuil Diarmuid le pósadh, & tá 'fhios agaibh, leis, cia hí an bhean atá fachta aige. Ní gádh dhom puinn a rádh 'gá moladh — dob' amadánta an rud tabhairt fé go deimhin & í féin annsoin ós bhur gcomhair amach chomh háluinn chomh múinte, chomh grádhmhar soin ná féadfainn leath a tréithe do chur i n-iúl daoibh, dá gcaithfinn an bhliadhain leis (bualadh mór bas). Acht dá áilne nó dá ghrádhmhaire í, aontóchaidh sibh go léir liom go bhfuil a dhíol fir fachta aici, & go deimhin, is le mór-áthas croidhe iarraim oraibh sláinte na beirte d' ól, & sonas & séan do ghuidhe ortha féin & ar a sliocht & ar shliocht a sleachta. (Líonaid go leir a ngloiní aris, & buailid i gcoinnibh a chéile iad.) Duine éigin — Maith an fear, a Risteáird Uí Mheádhra! Ní dhéanfainn amhras díot! (Beireann D. ar an mbuidéal uisge & tá sé chum cuid de a líon adh amach 'na ghloine féin, acht bheireann an Cap. ar a láim air). An Cap. — Ó faire go deo! An amhlaidh ataoi chum do mhná a bháthadh i n-uisge fuar sar a bhfuil sí agat i n-éan-chor fós! Ó mo náire thú. Seo, tóg braoinín de seo (beireann sé ar an mbuidéal fíona). Diar. — Acht, a úncail — (Iarrann sé a lámh do chur os cionn an ghloine). An Cap. — Ó bíodh ciall agat, a dhuine! Ná dubhart leat go rabhas chum fir a dhéanamh díot. Seo, ní dhéanfaidh braon de seo éin-díoghbháil duit, acht a mhalairt. Ná fuil an ceart agam, a chailín uasail ghleoite? (Le Cáit). Cáit (ag gáiridhe.) — Tá, is dócha. Ba cheart go mbeadh 'fhios agat acht go háirithe. Deirtear gur — na daoine atá san Arm — (sgairtid go leír ag gáiridhe). An Cap. — (ag bagairt a mhéire uirthi) — Taoi ag magadh fúm anois, a rógaire, acht bead-sa réidh leat fós. Seo, bíodh braon fíona agat-sa uaim leis (tógann sé a ghloine 'na láim). Cáit — Braoinín an-bheag, a Chaptaen … déanfaidh soin! Ó déanfaidh soin! (tógann an gloine uaidh). An Cap. — Sláinte Cháith Ní Churnáin! Iad go léir — Sláinte Cháit & a céile! (ólaid; ólann Diar. an fíon chomh maith le cách). An Cap. (i gcogar) — Seadh, ná raibh soin go deas? Nár chuir sé do chuid fola ag rith tríod' chuisleannaibh go breagh mear te? Diar. (ag líonadh leath-ghloine eile amach dó fhéin & 'á ól go bog réidh) — Chuir, go deimhin. An Cailín aimsire — Seo teachtaireacht tinntreach chum an mhaighistir óig, a mhaighistreás. Diar. — Chugham-sa? Tabhair dhom é. (Tugann an cailín dó é, & imthigheann). Hurá! Bhí cruinniughadh de Chomhaltas na Leabharlann indiu & do thoghadar mise mar phríomhleabharlannaidhe. An Cap. An Mháthair Ris. Fad saoghail chughat, a Dhiarmuid. Príomh-leabharlannaidhe! A Dhiarmuid! Go mairidh tú é, a bhuachaill! Duine éigin — Ólaimís sláinte an leabharlannaidhe nuaidh! Iad go léir — An leabharlannaidhe nuadh! Diar. — Ólfad féin é sin — (ólann; ólaid go léir). An Cailín aimsire — Tá duine éigin thíos ad' iarraidh, a mhaighistreás. An Mh. — Teacht, a Úna (éirigheann). Gabhaim párdún agaibh go fóil (imthigheann). Diar. — Ólaimís sláinte an Chomhaltais a dhein leabharlannaidhe díom (ólaid — nuair atá an gloine folamh aige, síneann D. a lámh chum an bhuidéil & tá sé chum tuilleadh fíona do líonadh amach do fhéin, acht beireann an Cap. ar a láimh air). An Cap. — Go réidh, a mhic ó, go réidh! Ní leigimís dos na daoine boga dul riamh chomh dian air san Arm féin & tá 'á dhéanamh agat-sa. Diar. ('á sgaoileadh féin uaidh) — Leig dom, a uncail, leig dom, adeirim leat! Dubhrais liom ó chianaibh beag nach fear i n-éan-chor fós me. 'Sbeánfad duit anois gurab eadh (leis an gcuideachtain). Seo sláinte an Chaptaen féin. Cáit (ag breith ar a láimh, & é ag árdughadh an ghloine chum a bhéil) — A Dhiarmuid! ná dein! Diar. — Ná bíodh ceist ort, a chroidhe! Ní baoghal dom (slugann sé siar a bhfuil san ngloine & líonann sé roinnt eile amach. Doirteann sé cuid de ar an mbórd. Éirigheann sé 'na sheasamh acht ní fuláir dó breith ar a chathaoir sar a dtuitfeadh sé. Cuireann Cáit a haghaidh i bhfolach idir a dá láimh). Diar. — A cháirde — tá 'fhios agaibh go maith … mo chara annsúd … Risteárd Ó Meádhra … sláinte … ól … Cad chuige go bhfuil tú ag féachaint orm mar sin? (le Ristéard go bagarthach). Táim chomh maith … d'fhear … leat-sa … (Tá cuid de na mnáibh ag sgigireacht. Tagann an Mháthair isteach, & í ag gáiridhe). An Mh. — Cad é an gleó atá agaibh? (tugann sí D. fé ndeara) A Thigearna Dia! (beireann sí ar chathaoir 'na haice) An é a athair féin atá ann! a Thighearna! (tuiteann sí ar an úrlár i laige. Ritheann Ris. ó Meádhra chúichi, & árduigheann sé 'na lamhaibh í. Ritheann chuid de na mnáibh chúcha leis.) Ris. — Ó, is uathbhásach an rud an t-ólachán! (le n-a linn seo, tosnuigheann na mná ar iarrachtaí a dhéanamh chum Máthar D. do leigheas. Tá D. féin 'na shámh-chodladh 'na chathaoir, a lámha ar an mbórd, & a cheann ar a lámhaibh. Tá Cáit ag gol go bog. Seasann an Cap. i lár a tseómra, & féachann sé ar Dhiarmaid & ar an bpictiúir). An Cap. (ag crothadh a chinn) — Go deimhin, is fíor é an seanfhocal “Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.” BRAT ANUAS. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3546 |
2,221 | Dáibhí Mac Pádruig Uí h-Iarlaighthe, cct. | Ó hIarlaithe, Dáibhí mac Phádraig | — | — | 1752 | 18 | poetry | (Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928) | 532 | 278 | Cúis mo leanna-sa an cholann go drúiseamhail dian, Cúis mo leanna gach galar ag connlughadh am chliabh, Cúis mo leanna ná leanaim go dlúth thú, a Dhia, Cúis mo leanna 's is eagal gur pudhaireamhail iad. Mo chumha, mo dheacair, mo pheannaid bhocht phudhaireamhail phian Mé ad rúsga ad bhathas go fiosach le tnúth-rún riamh, Le dúil a chleachtas a mealladh gach brúideamhail mian Is lúthradh an chealgaire chleasaigh dam' stiúrughadh fiar. Ní lia ar na trághanaibh gráinne gainmhidhe ar slaod, Ní lia ar na bántaibh fás ag teacht trí an bhféar, Ní lia an bláith glas bán ar bharraíbh craobh Ná a liacht do dháileas táire do cheart-dhlighe Dé. Dá liacht do ghrása a ghrádh nár admhuigheas féin, Is dá lia ar na práidhinnibh báis ar cheannuighis mé. Dá lia ar shliocht Adhámh a gcás cídh clamh claon é Is dá lia ag ad mháthair gártha do dhleacht-dhlighe am phléidh. A Mhuire gheal mhánla do'n bháb thug súgha as do chliabh Is do chonnairc an pháis d'fhúig cásmhar tusa 'n-a diaidh, Cuiridh na gártha am' pháirt go n-umhladh an triath Mé sgiomradh óm' cháim 'san ard-bhrogh fhionn mé riar. Ó's sibhse mo ghrádh, mo chonách, mo chnú, mo mhian, Mo chiste in gach práidhinn, mo sgáth, mo stiúir, mo sgiath, Go dtuigir gach cás i n-ar gábhadh dhúinn tú mar liaigh, Is cuiridh leam' chneádhaibh gach plástradh dhúinn, a Dhia. Cidh stráil dhána mé noch stollas dlighthe is bréirthe an úird Le plás buirbe, le toirmeasg, le taod, le tnúth, Le cáim mhonnabair, le formad, le craos, le drúis 'S gur le grádh bronnag dham chum toil mo chuirp an saoghal cumhair. Bás obann dam na hoibrigh-se, a Dhé na ndúl, Acht bláth-fhoilcidh mé ó fhochallaibh mo chlaonta ar dtúis, Fáisg sruthanna as mo rosgaibh-se i n-éiric súd, Gáir olla dham is do chorcair-chruith mar bhéile ar siubhal. Ní shilim gach lá tréad' pháis sruth chroidhe na ndeor, A chumairc dhil ghráidhigh na ngrás, mo mhíle brón, D'fhuilingis táirnge ad dhearnain is trídhib go beo, Is na deilgne sáithte i n-ard do chinn mar choróin. Gach sgige is gach táir ar dháil ó'n ndruing nár fhóghain, 'S an diomblas d'fhághail mar shásamh dighe dod' bheol, Ad' chlidh ghlain do sáthag thú go hárainn is tríot 'n-a dheoidh, Do chuireadar tráth chum báis tú a Righ na gcomhacht. Diúltuighim feasta dam' aimhleas drúis is iulc, Is diúltuighim feasta do'n charrabhus bhrúideamhail fliuch, Diúltuighim feasta do thabhairt na mionn gan brigh, Is diúltuighim feasta do gach peacadh ar ar shiubhlaigh mé. Umhluighim feasta do'n athair fá stiúir ar neimh, Is umhluighim feasta dá Arraid-mhac mhúirneach dhil, Umhluighim feasta go talamh do'n bhúig-spioraid ghlain, Is umhluighim feasta fa amadh do'n triur gan sgur. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2221 |
2,183 | Dán an tSaidhbhris | Mac Dáibhidh, Conall | — | — | 1800 | 19 | poetry | (B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1911) | 202 | 137 | DÁN AN tSAIDHBHRIS. Conall mac Daibhid cct., Circa 1800. I bhfiacha ná saidhbhreas ní mhian liom mo bhás, 'S an scriptiúr da innsin gur contabhairt an cás: B'fhearr liomsa roinn le gach drong ná bheith 'gcáin, 'S mo cháirde 's mo thiomna bheith i n-imreas 's mé ar lár. Lucht sainnte ná saidhbhris ní mhaoidhfinn a ndóigh, Óir tréigid an saoghal so is ní shaothraid an ghlóir. Béidh a n-oighrí le díomhaoineas ag bruighean fa n-a stór, Is na creutuir do shaothruigh faoi dhíbhircighe gan sógh. Ba mhian liom bheith ag déirceadh 's bheith saoitheamhail os cionn cláir, Fial agus daondha is gan éirghe ró-árd, An chléir bheith ag guidhe liom 's an tír i mo pháirt, Nuair nach féidir le fear maoine bheith naomhtha fághail bháis. Do bhreathnuigh mé an saoghal so 's measaim nach baoghal don fhear atá sidheamhail saidhbhir Nach scaipidh a mhaoin le fifir an tsaoghail is do chruinnigh é gan breuga. Is agaibhse bhíos an eaglais go buan 's lucht easbhuidh faghbháil bídh agus eudaigh, Gan aca le díol de ghearradh ná chíos acht flaitheas d'fhághail díbh i n-éiric. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2183 |
3,896 | Dán ar an Chléir i bPríosún i mBaile Átha Cliath - 1708 | Ó Neachtain, Seán | — | Ó Fiaich, Tomás | 1708 | 18 | poetry | (B.Á.C.: Browne & Nolan Ltd., 1958) | 316 | 204 | {N RepNov2 172-184} {L 181} {B 1708c 18T} {G L} {U 0211} {C Fil.} {M 8} Tabhair mo bheannacht a phaipeir Don chliar láin-eagnaigh eolgaigh, Atá fo ghlas an Mhadaidh Is fagh a mbeannacht san dóinne. Tabhair beannacht tre dhuthracht Foraid Bhrúnaigh an chlaidhimh Ar son nach bhfuil mar chairneach Is fearr ná táinte a bheannacht. Ó nach dtuigeann an Díomsach Teanga dhílis mo mháthar, I nGaedhil fudar fadar Tabhair beannacht don Phater. Tabhair mo bhlessing dó-san Inis dó fós gur táim-se Tríd seisean lán moaning Shedding deora mar sáile. Gheabhair blessing 'na mhalairt Sílim-se 's maith an connradh, 'S fearr aon bhlessing le seisean Ná míle blessing liom-sa. An tAthair dílis Mac Aodhagáin Tá mo ghéar-ghrádh 'tál air, Ní shílim lena bheannacht Nach bhfuighe peacach párrthas. An flaith fír-ghlic Ceallachán I mbruid is dian-chrádh linne, Tabhair beannacht uaidh-sean Is beannacht uainne chuige. Ruaidhrí an seancha saobhdha Ghoireas Daoire dhíom-sa, Daoire a bheith in ionad Táffa Is leor mar adhbhar iongna. Má's tre mar racaim earradh Do bheir an flaith an tár so Ní bheith féin ní bhus saoire Ag a díol mar atáimse. Ar a shon so ná dearmad 'Fhaghail mar almsa dhúinne Lán beannacht os an tsaoi-si Is beannacht Chríost dá chumhdach. Beannacht go Pol Mac Crosain An flaith bhus folláin crábhadh, An Pol bhus crodha seasamh Mar Phol apstoil i ngábhadh. Beannacht an Phoil-si dhamhsa Fagh le h-annsacht, a litir, 'S ní h-amhras mé go saorfadh Ó uilc daonda is spiorad. Ceangal Monuar an aicme reachtmhar reidh-cheart cóir Go cruadh i nglas san Mhada mheighleach mhóir, Bualadh, basgadh, ladar, léir is cró Ar shluagh na Sacsan 's mallacht Dé go deoigh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3896 |
1,977 | Dán ar Chath Eachroma | — | — | Ó Buachalla, Breandán | 1802 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1973-1974) | 476 | 252 | EACHROIM A dhaoine tá líonta dhen daonnacht, an díth libhse díbirt na féine, nó scarmhaint na gcaoifeach le chéile, nó ruagadh na gcuaillí bhí décheart? Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin, Cornal Stangan a bhí farannach méiniúil, bhí 'na sheasamh go bhfaca Rí Séamas rí meata do ghlac na ritréada, rí meata do ghlac na ritréada, is d'fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaeil bhocht. An uair sin bhí suaimhneas ar Ghaelaibh ag máirseáil go Luimneach ba chontúirteach an scéal sin, bhí an baile gá bhriseadh is gá réabadh, is an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh; bhí an púdar dhá múchadh is gá mbréanadh, is an luaidhe ghlas dhá mbualadh san éadan. Seacht seachtaine bhí suídse ann le Gaelaibh, is níorbh fhiú leofu umhlú ar aon chor gur buaileadh buille cruinnigh' leobh infheadhma go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa! go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa! mar bhí na seacht náisiún ag gabháil carnadh ar a chéile. Bhí Turcaigh, bhí Duits ann, bhí Daein ann, bhí na Breatnaigh ag teacht isteach ar gach taobh ann, bhí Albanaigh fuair gorta is léan ann, bhí Sasanaigh bharbartha is bhí Gaeil ann. Tráthnóna 'n éis fómhar an lae sin is iomdha óigfhear breá lúfar bhí gan feidhm ann, is a chuid fola le fearthain is le gréin ann, is a ghruaig bhreá 'na dualaibh le gaoith ann. Is ar maidin 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh is iomdha óigbhean bhreá mhómhar bhí gan chéile ann, bean mhánla ar tuairisc a héinmhic, agus garlach gan fádar is é ag géarghol. ' Eachroim cuirim lagar agus léan ort! mo mhallachtsa agus mallacht Mhic Dé ort! is cruaidh an seachrán a chuir tú ar mhaithe na féine Sir Uileag, Sir Raibeart, agus Sir Féilim bheith mar chonairt a chuirfí ó chéile, nó mar scaitear caora ar thaobh mhalaigh shléibhe. Ar na mhárach 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh is tinn breoite bhí Gordon Ó Néill ann, Seán na Seamar gá ghearradh le faobhair, is an ginearal Francach a d'fhág angar ar Éire 'na cheathrúnaí ar leataoibh an chlaoin ann; ní hé sin cás dom ach scrúd na nGael bocht: an eaglais dháimhiúil chráifeach Ghaelach ag triall ar sáile is gan fáth dhóibh shéanadh, mar dheoraíbh ins gach róidín ó chéile. Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht is mo shúile dúinte gan radharc ar bith, is trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn, ó tharla mé beo is gan cobhair 'na ndéidh agam; is gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saol sin labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1977 |
2,034 | Dán ar Mhurchadh Mac Briain Bhóraimhe agus Ríoghain Átha Cliath | — | — | Ní Úrdail, Meidhbhín | 1790 | 18 | prose | (B.Á.C.: NUI, 2000) | 568 | 285 | AN TÉACS Aig so Ríoghuin do tháinic aig Muirchadh mac Briain Bhóruimhe Ó Cinnéadaidh go cath Ghafadh Cluana .i. Cluain Tarbh aig iarraidh sgéula óna níonnbhar dearbhráthar do bhí san ccath, agus cheadhna trí bhríon d'fhuil Rígh no a mhac chuim leighios do dheanamh dá fear[r] agus dá dís mac do bhí fo dhraoidheacht i ttiobruid na ttrí mbric .i. do fuair bás le faicsin na mná so, iar an adhbhar go raibh sé cinneamhnach do bheith amhlaidh. "Mo cheisd ort-sa a thréinfhir, a chréachta an earraidh uaithne, an fiseach thú ar fágadh mo dhearbhráthara sa nGafadh Cluana?" "Mo cheisd ort-sa a aindir, a ríoghuin a' dreacht mhánladh, an raibh gaol agad no dealbhadh le fir na ccréucht ccalma?" "Trí triar do chloinn mo mháthar, mo cháirde gach uair iad; is liom a bhídís go gaolmhar, an níonnbhar an earraidh uaithne." "Dá dtabharfá dom chomhair, deoch ó thiobruid na suaithne d'árasuinn duit tríd dhaoighneacht, an naonbhar an earraidh uaithne." Gluaisis an bhean go cuimhneach, ar gcluinsin sgéala a dearbhráthra, is fuair sí tobar tuinnghlan, air a cómhgharadh cois tráighe. Thug sí lán na cuaiche chuin Muirchaidh san nam sin, is é nachar éur aon neach, fear ba féile faoi lámhsgail. "Ó choisgios brígh do thairt, aithris feasta do sgéula agus na leig sinn do do dhíombuaidh, air a n-iomad a chréachta." "Más iad na fir chalma, do bhí me i láthair a mbásaibh; is le mo chloidheamhis mé m'aoinshir thuit do naonbhar dearbhráthar." "Mo dhearbhráthra sa nGafadh Cluana, deimhin má fuaireadar a n-oídhe; gloim coilean coin do chualuis, is domhna chuaidh mo chroídhe." "Gloim coilean coin má chualuis, is domhna chuaidh do chroídhe, no cuain bhroinne do mháthar, cia thú féin no cia t'athair? "Inghion me do Áinleighe Áithe Cliath, innsighim duit-se a thriath na lann, is do ghruagach Oilean na nÉn, do rugas féin mo chlann." "Trí chéad bliadhain dúinn air an noilean so thall, fo ar ccuid agus ar ccuinne féin; ní dearna tiolamaoith ré aon neach, agus bheirmís mórchreach a ccéin." "Lá dhá rabhais fo shonas a ndoras na cathrach, má bhí maith ar mo chomas, mo thuras liom ba tharbhach." "Chuaidh me an taoibh ó dheas don chathair, mar a raibh an tiobruid dob áille, is inn a bhí na trí bric gheal a' léimhnigh, is iad a dh'éirigh a n-áirde." "Na trí bric sin dob áille, aig faicsin sgáile m'fhionnaidh, d'éagadar go dubhach, agus is cumhach me 'na d'aithleach." "Och a mhic a rígh bhí mórgach, a ngairm 's a ndaondhacht, is maith a d'fhóirfeadh ar mo dheacra fuil chorcar do thaoibh-se." d'éirghidh Muirchadh tridh dhaonacht, is chomuil sgian dá bhrághad, is thug lán na cuaiche gan éura, don mní bhéuildearg mhánla. "So dhuit an chuach iomlán, don mbiodh mhilis iomlán an múinteacht deireanach déidheanach, beir leat é agus aithris." FÍNIT | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2034 |
3,897 | Dán ar Phádraig Mac Síomóin | Ó Gormáin, Muiris | — | Ó Fiaich, Tomás | 1763 | 18 | — | (B.Á.C.: Browne & Nolan Ltd., 1958) | 536 | 331 | {N RepNov2 288-297} {L 293} {B 1763c 18L} {U 0222} IV. AN DÁN A Áth Cliath is aoibhinn dhuit Gur pósadh leat an Prealoid Mac Síomuin cara na mbocht Pádruig nach gann sa diadhocht. I ndlighe Pheadair do toghadh thú Id áirdeaspucc le mórchlú Is fada ó thuill do ghníomha dhuit Bheith 'n-áirdchéim uasail oirdheirc. A chara na mbocht 's na bhfann 'S na ndílleacht ndaor i n-achrann Dá gcothughadh 's dá dtógbháil suas I n-easláinte is i n-éagcruas. Ní raibh le fághail i gcrích Banba Aon eile bhur macasamhla Le feabhas bhur léighinn go beacht I bhfeallsamhnacht 's i ndiadhacht. Má chuartaighe Éire ó thuinn go tuinn Is thart magcuairt go Duibhlinn Ní bhfuil san réim sin uile Aon don chéim is iomchuibhdhe. Fuair sibh buaidh sna tíortha thoir Agus áirdchéim ag Sevill, Tar gach aon da raibh 'bhur ndáil Gidh gur líonmhur a gcomhdháil. Na ceithre príomhtheanga go beacht Atáid agaibh go fírcheart Eabhra, Laidion is Gréigis Mar aon is an chruaidh-Ghaoidheilg. Ní raibh béarla déis an tuir Dá theagasg ag mac Eathoir Nach bhfuil i nglanmheabhair leis Dá chanamhuin gan aincheas. Sgriúdthóir sgagtha an scríbhinn dhiadha Is tuigseoir gach ughdar m'áird-thighearna Na leabhair dhiúltach is gabhtha Is an fíor-scrioptur canonta. Prealaid uasal gan uaill gan choir Pádraig rialta Mhac Síomuin Ní mó is céile don loch an lach Ná dhuibhsi féile agus eineach. Fear gan díomus gan uaill Fear gan cheilg gan aon-chluain Fear do fuair mór-chlú i gcéin Croidhe gan chruas gan toibhéim. Ó aois leinibh bhaoth-bhig bhláith Ní bhfuair sibh béim i n-aon-cháil Ach i ngrádh le Dia 's le daoine Gan aithfir gan tathaoire. Is iomdha céim is dlightheach dhuit: Sagart ongtha is prealoid, Príomhfhaidh i n-Áth Cliath na gclog, Tighearna, abb is ard-easpog. Taréis gach caithréim fa dheoigh Dar thiodhlaic dhíbh an Tríonóid Bí do ghnáth bhur gcoimhideacht: Umhlaigheacht, féile is carthannacht. Is fíor-ghlan do ghnúis gan tlás Ag teagasc peacthach ó shíor-bhás Amhuil eala ar ghile 'na measg Ag stiúradh cháich 's dá dteagasg. Columhuin daingean i ndlighe Phóil, Buabhall binnghlórach don Tríonóid, Nach leigeann caora ar seachrán séad Gan a dtabhairt ar ais don bhfíor-thréad. Pádruicc canonta is ceart cuing Gan uaill, earraid ná doghroing, Lán d'eineach, d'fhéile agus d'aoibh, Saor-ghrádh éigse agus macaoimh. I measg do chaorchann (go caoin) Ní fhuilngir saoibh-shliocht Chailbhín No Luitérian dream is docht, A thriath nach fann sa diadhocht. Madraidh allta no faolchoin fhéigh Ní lámhaid i measg do shaoir-thréid Nach díobruir uaibh go cian gan cheas, An suairc-fhear fial gan doirbhfeas. Beannacht na mbaintreabhach mbocht Agus na ndílleachtaibh tárnocht Atá agaibh go moch 's go mall A dhídionóir dlighe na naoimh-cheall. A Áth Cliath go mairigh tú Do nuadh-chéile le mór-chlú 'S go mairigh seision dhuitse Gan easláinte gan athtuirse. An Ceangal Go madh saoghlach Mac Síomuin gan athtuirse Dídionóir naoimh-cheall 's na fíor-eagluise Faoi Chríosda 'na mhílidh 's 'na ridire Mar Mhaoise os cionn Ísrael sa n-Eigipte. etc. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3897 |
1,955 | Dán ar Shéafraidh Ó Donnchadha an Ghleanna | — | — | Ó Riain, Pádraig | 1643 | 17 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1967-1968) | 441 | 271 | Ó Dálaigh Fionn .i. Aonghus cecinit Truagh an sgéalso linn dá luadh. go bhfuil Séafraidh go tinn tiar an ní adclas ó chách más fíor. a nglas ón tshníomh go bráth biam Ag so an chomairce a Chríost cháidh. ná tug síon dochroideach dhúinn ná cuir am chroidhe beadhg bhróin. ná dearg go fóill m'oili a n-úir A Dhé chreidim coguil dúinn. ná h-obuidh ar n-itche uaim mo chrann baguir ná bean dínn. ar feadh shnímh an chaguidh chruaidh Mallacht ort a fhir na sgéul. olc an tagra a ttig ód bhéol go bhfuil an féinnidh tinn tiar. fa mbiadh sinn ag déinimh dhéor A dhearbhadh as doiligh dúinn. an labhra adchluinim dom chrádh más tinn Seafraidh cuan na ccliar. grian mo ghruadh beanfaidh a bán A ghlóir gan teirce gan tráigh. ar ccraobh eóil ar n-eite lúidh ná bean díom mo bhile buaidh. síodh uaibh gion go ndlighi dhúinn Mo bhile saoirfhiodhaigh séimh do Ghaoidhioluibh thighe an triúir ná leag séol ar n-arthruigh uain. a mbéol chuain anfaidh ar n-iúil Triath an Ghleanna an seangglan sídh. A Dhé neamhdha a fheartaigh fhéil ná bac Seafraidh mar sdór dhúinn. dom lón rúin ná breathnaigh béim A Choimdhe nam chuir ar ccúl. nách foighbheam ar nguin go géar tre bhláth Bhanbha nár dhruid dún. ná tug dhúinn damhna na ndéar Mac ar tTaidhgne an talchair tréan. ó thairnigh labhra ar a luadh má tá tinn an rosg mar réodh. an léon do fhosd sinn ór suan Cia thuigfeas ar n-éigsi uainn. a éigsi guidhidh an ghlóir nár chlaisdir a chor fa chiaigh. liaigh ar ngon ar n-aisgidh óir Triath Fleisge má tharla teinn. cia ag labhra libhsi ná linn fuighioll féile fola Floinn. coim chléire Ó Logha re a linn Dob é an teasgadh chúil a chneadh. dob é an t-easgur dúinn nó an don dob é créachtghuin chríche Breagh. Séafraidh teagh sgíthe na sgol An crú Loghasa as glan gníomh. na folasa dhamh as dual ná tug lén do ré mo ríogh. a Dhé do níodh don trén truagh. Truagh Nár chailltear a leannán lé. Siobhán is doinntiugh dlaoi bean do char an fhéile h-í. ná rabh sí fa a céile ag caoi Súr anma don mhínghil mhóir crú Mheigc Fhínghin fhearrdha fhéil fuil Ó cCarrthaigh is crú Bhriain. tarthaigh na ndiaidh a clú a ccéim Cneas fuairgheal as fionnghlan folt. ní h-iongnadh uaisleacht a beart ní slighe cháinte a ciabh anocht riar bocht is cáinte dho chleacht | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1955 |
3,970 | Dán Árais: As Duilleóig i gColáisde San Isidóir 'sa Róimh | — | — | Mac Fhinn, P.E. | 1654 | 17 | poetry | (B.Á.C.: Cumann na Sagart nGaedhealach, 1921) | 384 | 251 | DÁN ARÁIS 1654 As baile mar ainm árás. Baile nimhneach nuadhphálás Baile gáin-neamuil ga, baile gráineamhuil gallda. Baile na nolc sna niolach. Baile cogthach sinnsiolach Baile brosgurtha na ccath. Baile cosgartha curach. Árás déis cráidhte na cclann. go smiora bhfódaibh freamhán crádhfhás anall do iomchair. ár fhás ann ar éirionnchaibh. Do thuit na thimchioll mo nuar. a mbith bhuan bheith go diombuan adhbhadh fuinidh dhá cheannach nuimhir adhbhal éireannach Ar a raibh ríoghradh toghtha. cinn chosnaimh is cabhortha as dursan a ndul don bhás. a mbhun ursan ag árás. Nír bhfiu Árás triúr don tréad. renucht do chuaidh ó choimhéud fir bheódha go bhfraoch feadhma. teóra laoch chunláin fheadhma. Do thuit léoghan dúin droma. isin iorghail eatorra Fear a ngoil bhunata baill. mar choin ccurata cculainn. Púcht agus creach a chinidh. Éumonn dána ó duibhidhir dréuchta comhthruim cor a ghním. a cconchluinn chon an chleitín Do réir gach garma dhár ghlac. dá madh saoghlach an seabhac dob oirdhearc a chlú sa cháil. dú na noirbheart an anáir. Ó do chaill coill na manach. biaidh go buan a ndaoranach A mheanma mhear sníomh a smacht. a ghean sa dhíon sa dhaonnacht Do thuit ann idir an bhféinn. Piarus mhac Risdeird roiréidh nár bhaoth snár bhónda gér bhóg. Laoch bá cródha ná ciotóg. Piarus builtéar branán slógh. budh ag cách fá dhobrón Beithir bhuadha ar ar ghnáith gean. a ráith cuala dhá chaoineadh. Coileán do chuaine na mál. as cian do chosnaim drongan sí dhealmha saora na fir. craobha fíneamhna feimhin. Sliocht Méig Phiaruis Phuirt na ród. ba háirmheach éachta a nallód. Le cosg gach caisde a mbaoghal. Posd gaisge na ngallghaodhal. Do thuit lán gréugach gníomhach. ionnsaightheach nár bimshníomhach déis a láin gábhadh is gal. A ndáil áladh is iorghal. Séumas mhac gearailt na nghlonn. onchú bá fras a bhforlonn míleadh nár mhoirtill bálta. fírfhear foirtill farránta. Ar fhás ar an ár os fás. san tár fó raoir ar rofhás Giogh gairm dhon bhaile gho bás. as baile mar ainm Árás. Ar an druim Dán Aráis. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3970 |
3,900 | Dán do Mhuire Mháthar | Cuthbert Mhág Craith | — | Mhág Craith, Cuthbert | 1670 | 17 | poetry | (Maigh Nuad: Cumann na Sagart, 1958) | 155 | 107 | DÁN DO MHUIRE MHÁTHAR Cuthbert Mhág Craith, O.F.M. Do chuireas mo dhóigh San ainnir óig Do mhéaduigh glóir Fhlaithis Dé. Muire mo lón Bean chuiridh mhóir; Loinneardha an ógh Máthair Dhé. Ní deirge an rós Tig as an bpór Ná drud cóir glan a béil. Déad chailce is nó Tá aige an óigh. Is gasda an seord sgáil a déad. Dearcain gan ceo 'S glaise ná an ró d'iomchair i módh Máthair Dhé. Is míne iná'n sról, Is fír-bhinn, a glór; Is aoibhne ná'n t-ór dath a céibh. Muire mo stór; Gloine gan smól; 'S gile go mór a corp ná'n ghéis. Buime 'ní treoir Don chruinne neoid; Réidhis gach ród don uile ghein. Is innealta an ógh Rug iomad slógh San gcathraigh mhóir fhairsing fhéil. - Duine anaithnid. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3900 |
3,182 | Dán do Shan Proinsias | — | — | Breatnach, R.A. | 1650 | 17 | poetry | (B.Á.C.: Assisi Press, 1944) | 1,204 | 587 | AN TÉUX Cia lé bhfillfidhe fearg ríogh? Ní ceisd ina cóir neimbríogh; ré a theacht dobadh fhéagtha d'fhior gá beart lé bhféadfa a filliodh. Dá dteagmhadh fala ríogh rinn, cóir a fhéachuin go hinnill cia an díon ar a ragh reimhe, síodh damh nó go ndaingneighe. Lé comhairle is dulta dhamh i leith charad dom chosnamh; tearc cara le cobhair linn: omhain san fhala im oirchill. Tarla im chionn - is céim docair anois am an anocail, dá mbeith cara an éigin ann fala nách éidir d'fhulang. Raibhthe géara do-gheibh mé, gach aon lá i gceann a chéile; cia nách géabhaidh omhan as ní robhadh éanair fhuaras. Cosmhuil go bhfuighthear ar bhfaill; béas na dtroch atá againn: níor ghabh an trú riamh robhadh; atú i ngiall don ghnáthoghadh. Faríor is deacraide dhamh mo dhíon ar iomad m'fholtadh; tearc aonghuth ag labhra linn: baoghlach 's a dtarla im thimchill. Saoilim, d'fheabhas a heinigh, Muire Ógh dom fhóireidhin; níor dhiúlt tar olc fhear mar mé; gidh eadh, ní holc a haithne. Is fiú ar meisneach, a Mhuire, díon eile nach iarrfuidhe; dá gaol muna gabhar rum, m'aghadh gá taobh i dtiobhrum? Ní badh fuláir d'fhior m'fhaladh cara naoimh dhá neartaghadh, giodh don taobh thíos do Mhuire bhíos gach naomh dhá neartmhuire. Dá nguidhinn gach naomh ar nimh, a mháthair Íosa, ar uairibh, tusa is cú díginne dhamh, dár ndídin-ne is tú tugadh. Ní d'éirghe dhíot a-deir mé go sirfinn éindíon eile; mo shíodh ar naommaor nimhe bíodh tar aonnaomh dh'áiridhe. Lorg an naoimh-se, nochtfuidh de, ní chuala ag naomh riamh roimhe; dá bhféaghuinn gach gné inar gheabh, is é a-déaruinn fá dheireadh. Fada dhamh ar tí a thagha, San Proinsias ar bpríomhchara; ar sgáth a mheirge is dú dul; badh feirrde a chlú mo chosnumh. San Froinsias ré bhfuil mo bháidh, beag dhá ghrásaibh mo ghabháil; síodh do-ghéabh as a ghuidhe; más fíor, ní éar aonduine. Iomdha dhá n-aithris dá éis, sgéal sochair ar San Proinséis; sgéal do líon an uile fhear, a ríomh uile ní héidear. Do-chuala sgéal ordhruic air córaide a lorg do leanmhain, go leantair gach fréamh dá bhfuil sgéal ar fheartaibh an éarlaimh. Bráthair 'nar éirigh d'iúl ghlan Iacobus ainm an bhráthar triall tar moir ar a mheanma, mian do thoil a Thighearna. I gcuan fá comhfhogus do tarla long - móide a mheanma i n-ucht chalaidh ar a chionn; fá lucht faraimh a foirionn. Uain chalaidh níor cuireadh air: is-teach mar théid an bráthair, an sgaoth ó chaladh do-cháidh, gaoth ó thalamh do thiomáin. An bráthair tar bord a-mach do thuit uatha as an arthrach; is é ar dromchla mara a-muigh fá mana orchra ar fhéachuin. Gabhais an bráthair ar bhais moighéanar dár fhear eólais; raon acht an grinnioll níor ghabh an naomh - dob innioll iongnadh. Grian an mhara - gá mó feart? dobhí aca ag imtheacht; clú an bhráthar do shín ó shin, i dtír gan bháthadh beiridh. Más fíor ar n-iompódh tar ais (as) san, géarbh fhada an onfais, ré a fhliuchadh, dar lat, níor fhan: níor fliuchadh brat an bhráthar. A San Proinséis na ngníomh nglan, rug an bráthair ó bháthadh, beir ó bháthadh sinn mar sin, a chinn na mbráthar, beiridh! Sirim ort anamhuin rum, ó tá díoth eóluis orom; an t-iúl id dheóidh déana dhamh, a réalla eóil na n-éarlamh. Oirbheire Dé, dho dhealbh sinn, gibé turbhaidh fá dtuillim: a chroinn chubhra naomh nimhe, claon let umhla ar n-oirbhire. Atá i ndiaigh ceó na cruinne bagar ceatha chuguinne: ar do sgáth is dolta dhúnn, a bhláth corcra, dá chlaochlúdh. Dá dtogra Dia diúlta rinn, a San Proinsias, ná fuiling; féach oruinn, a chnú chroidhe, tú thoghuim mar theachtoire. A San Proinsias, freagair mé, ó's tú m'aighne is m'fhear coinne; fagh mo fhreagra ó rígh nimhe, do bhrígh th'eagna, dh'impidhe. Do mealladh sinne mar soin, gan ghrás an Athar dh'iarroidh; dhá dtí dhom ulc mh'éara féin, do-bhéara a hucht an fhíréin. Do-chí féin nárbh fiú mheise sgéal mh'anacail d'inneise; ó's é do sgéal aingheas inn, mh'aighneas id bhéal do-bheirim. Goin bhonn is bhas is ochta fuarais i n-íoc t'umhlochta: íoc nach uighthe (acht) san umhla, dhíot nach cuirfe a chomhurdha. Cóig créachta do cuireadh ort, a San Phroinsias, dár bhfortocht; ar dhá naomh ní chuala a gcur, a chaor bhuadha na mbráthur. As mh'ucht féin ó nách fiú mé síodh d'fhagháil, a Mheic Mhuire, a hucht na naomh réidhigh ruinn gach sgaol dár éirigh eadruinn. Mó is fada gur iarras air, San Froinsias, fréamh an chrábhaidh, gan teacht d'fholaidh an ríogh rinn; mo dhíon 'na chomhair cuirim. Uachtarán na mbráthar mbocht, atá ar ndóigh as a dhúthrocht go ndiongna feasda díon damh: teasda díon muna dhearnadh. Ag an mbochtacht, dá dtug toil, tarla i mbraighdionas bhunoidh; ní dhá neimhdheóin dobhí bocht: is seibhleóir í don umhlocht. Ar mhéid umhla fhuair soin oighriocht aingil an uabhoir; dorinne mé daingion de, don aingiol ó's é is oighre. Tionnlaicthe, nach tug acht do, San Froinsias fuair ó Íoso: is fiú fagháil na gcóig gcneadh a mhóid 'na anáir d'fhilleadh. d'éis chumainn do cheangal dáibh, créachta Dé - díochra an éadáil síoth ní doshnadhmtha ar a druim fríoth i gcomhartha an chumuinn. A ord ós a gcionn do chuir, gidh iomdha na huird chrábhuidh; do na hordaibh cia ar nár chinn? Dia dho ordaigh an uirrim. Na tiodhlaicthe tugadh dóibh, San Froinsias fuair a n-onóir; a gcion soin ar ord ní fhuil, a bhfoil ar a lorg do leanmhuin. Rém chiontaibh dá gcuirinn druim, San Froinsias, is air iarruim na cionta do chongbháil uaim, 's gan m'fhoghbháil ionnta an athuair. Tuigeadh féin nách foláir dhamh drud im choinne ré congnamh; as is mó ar ndóigh go ndruidfe, ó's dó is cóir ar gcomuirce. Aithnidh di dochar na mban; bean í ar ar imthigh amhghar; bídh báidh gach mná ré Muire; 'na láimh a-tá an trócuire. Níor dhligh éinbhean - is iúl grinn gan dóigh a hinghin Iaichim; mar so is cóir don uile fhear a ndóigh a Muire Mhaighdean. An lá nách iontaoibh dhon óigh, cneadh an chroidhe, is cúis dobróin; cia eile badh ionchuir dhi ar ionchuibh chneidhe a cíchi? Cia lé. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=3182 |
1,931 | Dan faoi Mhuirthéacht na Frainnce | — | — | Ó Mórdha, S.P. | 1822 | 19 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1953-1955) | 231 | 155 | The French Revolution Tá na Franncaigh san am so 'cur céim ar gcúl, 'S ní bhíonn prionnsa ós a gcionn acht riaghail ghlan úr, Béidh Germanaidh is Flanders is an Réan sin fúthaibh, 'S tá mé 'n-amhras go mbéidh Albain is Éire san dlumh. Ní bhíonn Laoighseach nó rí eile ó'n aimsir so suas Ins na críochaibh 'cur daoirse ar gach deaghmhac go buan; Béidh na daoine lán críonacht gan ghéibheann, gan ghuais, 'S toil shaor ag Chlanna Mhílidh le séan go Lá an Luain. Cuimhnigh an coingheall thug Gaill díbh i Luimneach, mo chian, Rinneadh feall oraibh gan dearmad ó aimsir Rí Uilliam, D'fhág bhur gclann bhocht i n-anbhroid gan seilbh acht i bpian, Mar bheadh dall a' rith fá gheall lena cheannaire gan srian. Ní ó dhúchas fuair Lúter nó aon neach dá phór A bhfuil de chúirtionadh úrgheal' ó Luimneach go Bóinn; Tuitfidh sgiuirse ar na búir seo le Gaedhealaibh i ngleo, 'S ní bhíonn dúitche nó dún aca i nÉirinn níos mó. Tá Cúige Mumhan ag cinnseach a gcabhlach le stuaim, Is gach fear cliútach go súgach ag Laighnigh na mbuadh; Béidh Clanna Rudhraighe tréan lúthmhar ag cosnadh na sluagh, Is iad ag rúscadh Sliocht Lúter, is nár thigidh siad uaibh! | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1931 |
1,943 | Dán le hEón Ó Caoimh | Ó Caoimh, Eoghan | — | Ó Murchadha, Máirtín | 1707 | 18 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1961-1963) | 490 | 266 | As mithid damhsa leas mh' anma ó thárla a cceas cinneamhna; do shlad mé an cholann chuil mar aon is tortha an tsaoghuil. Ós dearbh fós gur chaith mise go holc urmhór mh' aimsire, atá mo dhóigh san Dúiliomh dil fá dheóigh ár súil go silfidh. Dh' aimhdheóin mo chuirp riamh ba chlaon atáim ag triall san naomhraon do íoc mo chean - ní doilg damh: anois ar mo leas triallfad. An allód féach mar do chuaidh an Réx réimghlan an chéaduair d'iarruidh lucht oibre go beacht dá fhineamhain an chéidfheacht. Mór nuimhir táinig go moch, 's is mó iná an drong ar ttosach - dearbh libh mar ad-chí is na staraibh. An chéad drong táinig díobh sin, 's an trian mheadhóin don mheithil, 's an dream fá dheóigh tig asteach, aon pháighe dóibh do dáileadh. Cosmhuil mise, tuigthear libh, s' an fear déighionach don mheithil; go madh ionann dóibh is damh, an dream do-chóidh ar ttosach. d'éis bheith ó thúis mh'aoise am thrú mar fhear lánbhaoise, ar an nDúiliomh sirim sin gan mo dhiúltadh fan bpingin. Iar ndul dhamh a n-aois fhoirfe níor ghaois uaim gan ionghaire céadfadh mo chuirp gan cheal do léarchur tráth a ngeimheal. An neach do bheir a ré go holc is thréigios tráth an umhlocht, déara ó a shúilibh má shil, téid a ccaomhthach an Dúilimh. Reacht an Ríogh do bhris mise, gér bhaois, a ttúis mh'aimsire; mé anois, mar Phól, go ngabhthar: rem ló ní dhéan mh'athmharbhadh. Maoidhfidh mise ar Mhac Muire mar do shaor an sladuighe, go ngabhaidh, tar cheann mo chean, liom dom threóradh go flaitheas. Ós ag flaith Árda Carna atá slat na healadhna, mé, mar gach neach, san ngort áilim mo chur go ndúthrocht, d'adhradh an Dúilimh go dil, do ghárdughadh gach aingil, do chabhair na mbeó go glinn as bróin lucht tighe ifrinn. A nduais mo dhána - dearbh damh duais ós duaisibh do charas: mo chur, giodh neamhchubhaidh sin, a bhfineamhain an Dúilimh. Ceangal an Dána sin Claonleasg le caogad do bhliadhnuibh me dod tréigion, a Dhé dhil, 's ag riar mo chuirp; séanfad an saogal 's a mhianna uile, má aontadhan Aodha maith mac Diarmada. Cléireach a ndaonacht 's a ndiadhacht dhil, 's a bhféile gan éara gan iaratas, a ttréithibh, a ccéimibh, 's a cciallmhuire do léirigh an chraobh leis a nIathaibh Luirc. Más béim flatha déshearc is daonacht a riaghuil úird, 's a ttéaxtaibh bheith léaghanda a ndaercheastaibh cliar do sgrúd 'na dhéarcach gan déistin 's an éigse do riar 'na dhún, ná héilmheadh aon aguibh Aodha maith mac Diarmada úd. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=1943 |
2,236 | Dán Maoidhte | Ó Briain, Pól | — | — | 1817 | 19 | prose | (Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1931) | 302 | 200 | An t-athair Pól Ó Brian. Teugasgóir na Gaoidilge a ccoláiste Magh-an-Fhuaith chum an tsaoidh Eadbhard Ó Raghallaigh, a mBaile Athcliath, Roscnuasóir an nuadhfoclóir etc. Dán Maoidhte. Is fada Éire gan dáil grinn, Gan tuigse duan na mbriathar mbinn, Gan iúl, gan eolaidh ceart, gan fhios, Gan treoraidh a ndiamhair a hoideis. Gach siolla scríobh a h-ughdar áigh, Uadh chál Clann Mhile a gealtráigh, Cionnas a bféidir a gceadóir, A gcoimseadh anois, gan Focalóir. Dligh na mbréitheamhain nós a reacht, Cruadh leabar Eisge 'sa néifeacht, Cnuasachna Seannóir Suairc re snas, Nach buan, gan eocair a ndaor-ghlas. Ar labair Tórna, Lúghaidh 's Tadhg, A dtionol Fodhla na nglas-gheug, Mac Firbis fós, gé buan a tháin, 'San File Muman-searc Mac Aodhagáin. An ceathrar oide, nach dual gó 'san ngabail-mhineadh, re lámh-cló, Tigearnach, Bruadan Móran, Flann, 'Gus Cormac óirdhearc Ó Cuilleanann. Análac Innse Faithlein féin, Leabar na sirgceart Naoimh Beinéin, An giolla Caoimhghin, fá mór meas, is gac ughdar ársaidh cóimhneas. Seanchas Fiann ag srianadh Goill, Psalter Teamhra agus Chaisil, Buan-réim rioghdha, teac Aodha na mbuadh Is an teanga líobhtha bidh nuaidh. Gac naomh uadh Phádruic anasg rann, Fiech Breandan, agas Damhnann, Go leor fós, nach éadtrom ré luadh, De mhór-saothar filidh 'gus glan suadh. Nach tearc anois an Innis Fáil Gan treoraidh eolach na gcómhdháil D'ár bféidir a mhiniughadh go beacht Gan sanas reím 'iul da' gcoimhreacht. O's fíor, gan uail, gur céimneadh leat Cnuasach duar-cheap na gaodaltacht, Iónais gan oisbhreúg, is dóigh linn Oirchiste dóimheasta a n-Éirinn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2236 |
2,512 | Dán na mBráthar Mionúr I | Cuthbert Mhág Craith | — | Mhág Craith, Cuthbert | 1614 | 17 | poetry | (B.Á.C.: I.A.B., 1967) | 43,779 | 11,987 | EOLCHAIRE Giolla Brighde Ó hEoghusa cct. Truagh an t-amharc-sa, a Éire! rém chroidhe is cúis deirbhéile learga th'fhuinn ghégaigh gairthe d'fhégain do dhruim dhealaighthe. Siar tar mhuincheann na muire do-chiú-sa, a chríoch Laoghuire, guaille do ghormtholach ngeal; orchrodhach uaidhe mh'aigneadh. Beag thrá nár threaghd mo chroidhe, do athnuadhaigh mh'eolchoire, do dhruim ar ndeadhloi-ne ribh, do bheannmhoighe, a fhuinn, d'fhaicsin. A chríoch Bhriain na mbuinneadh ngeal, ní fhidir mé - móide ar n-imneadh 's ar sgís fan radharc-sa rinn th'amharc-sa a-rís an roichfinn. Ós éigion dúinn deadhail ruibh, lór leam do loisi an tsaoghuil faicsin t'fhuinn ghéisealtaigh gloin ón tuinn ghéiseachtaigh glonnmhoir. Measa mar tá, a Thulach Bhreagh: ní faicthear leam - lór d'imneadh fairche fhaltshoilsi th'fhuinn ghloin ón tuinn atmhoir-si ar mh'aghoidh. Ní dom arthrach is olc leam: truagh leamsa, a inis Éireann, sgeith don tuinn altdorcha im ucht do bhuing h'ardtolcha ar mh'amhurc. Do-chuadar as rinn mo ruisg do tholcha is áluinn n-égoisg; budh tuar orchra dá n-éisi dromchla fhuar na háibhéisi. Uchán! a inis na nArt, tugas - cá truaighe malart? taisdeal h'uilleadh gclúimhthiogh gcorr ar bhúidhriodh mbuinneadh mborblonn. Tug mé ar mhonghar na muire oirfideadh h'én neamhdhuidhe 's t'eas ndonnmhálla mbruachdhubh mbinn: uathmhar orghránna an aisling. Dursan damhsa deadhailt ribh d'éis mh'oileamhna ó aois leinibh ré grian do gheilchíoch gcorcra, a sheinchríoch fhial édrochta. T'fhágbháil, gidh cruaidh an croidhe, ní dubhradh tír thalmhoidhe dhá dtréigfinn do thrilis nduinn, a inis chéichtshlim Chriomhthuinn. Dá dtréiginn-si, a threabh Chonnla, seal aithghearr, d'fhonn ealodhna, learga buadha do chíogh gcorr, do shíor uadha ní anfom. Ionmhuin ceird fa céidcheard damh; dá mbeinn thrá gan a trégadh, a dhrúichtinsi rér fhaoi Art, ní fhúigfinn-si ar aoi h'amharc. Tar gach toil dá dtugsom dhi, mairg fhuair an iomlaoid gceirdi: rom deiligh-si rú agus ruibh, a sheininsi chrú gCobhthoigh. Aodh Mhág Uidhir adhnas goimh, mh'énrún, mh'annsa, mh'fhear cogoidh, cuma ar ndíoth go a dheadhail rum síoth 'na dheaghaidh go ndearnsum. Na cnuic-si do-chiam anoir, coimhidheach leam iad d'fhéghoin; rachuidh h'amharc-sa uam dhe truagh an t-amharc-sa, a Éire. TRUAIGHMHÉILE. Giolla Brighde Ó hEodhusa cct 1600-1614. Deacair suan ar chneidh gcarad: gar d'airdheanaibh easgarad an t-aos cumtha nach geabh gráin re hurchra gcneadh a gcompáin. Gidhbé uaibh do fhédfadh soin codladh ar chneidh a chomthuigh d'aos chumtha ní croidhe glan gan urchra ar-oile d'iomchar. Aos cumtha an chumainn dearbhtha coitcheann cúis a mbuaidheartha: ionann orchra, ionann ceas ortha agus ionann áineas. Mar sin damhsa - díochra an lén fáth t'orchra, a inghean Uáitér: neimh na cneidhe rod creim-si 'na cneidh eile ar mh'inntinn-si. Bídh th'osnadh do dhruim dheacra ag clódh chédfadh mh'éisdeachta; bídh do dheor, a chnú chridhe, ag deol chrú as ar gcridhi-ne. Dá gcoisginn cion mo thuirsi sonna dhíot dod dhoghuilsi, ar ndoigh ní búdh dimbríogh linn ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'inntinn. Ní fhuil, tar a n-abraim ribh, do chumha mar chúis th'imnidh: adhbhal truime do thuirsi uille a hadhbhar aguibhsi. Rugadh uaid - dia do dhoghra do mhac, oighre th'atharrdha: do chosg bróin, th'aondalta, ar n-ég do ghlóir shaoghalta, a Sheinéd. Oighre Sgríne na sgoth nglas, brath Dealbhna na ndionn solas, glún uaislighthe an fhine ó bhfuil, cridhe guaisbheithre i ngaluibh. Bláth ógán Innsi na bhFionn, foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn draig róighreanta, beithir bhorb, feithimh mhóirshleachta Marbhord. Saor an sgoth do sgar ruibhsi; ní hiongnadh t'fháth doghuilsi: ba triall raith, ba gaoth i ngal, ba laoch, ba flaith, ba feallsamh. Nír chlannuigh, fa choim na neamh, ní nach fuair fios a airdhean ré hais gcearcaill na cruinne, ná a seantruim thais talmhuidhe. Do thiomchuil - turas bladhach ciorcla na gcorp n-uachtarach, an dá pholas thuaidh is teas; a bhforas fhuair gan aincheas. Gidh eadh thrá dá dhoilghe dhuit má taoi ar an tí ros tiodhlaic i ndeaghaidh na dtairtheadh tug dleaghair a aithfear orud. Dia Athar - gá huaisle ceard dó féin do-rinne Risdeard; ní huaibhsi rug an nglaic ngloin is ní dait tug ó thosoigh. Dorus beathadh bás an fhir: ní cúis imshníomha a oidhidh; cia an neach i gcás budh cuirthi dá ndeach le bás mbeannuighthe. Glan budh-easd th'aghaidh dtuirrsigh; tiormuigh do ghruaidh ngrianluisnigh; an doigh do-chuaidh id chridhe ad-roigh uaibh ar mh'impidhe. UILLIAM NUINNSEANN. Giolla Brighde Ó hEoghusa cct. A sgríbhionn luidheas tar lear ar amus innsi Gaoidheal, déna, mar a-déram ruibh, ar sénfhonn frémha Fiachaidh. Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann ar amus Uilliam Nuinnseann; triall ar céilidhi 'na cheann, ar gcéili-ne d'fhiadh Éireann. Innis uaimsi dá ucht slim an ceó tuirrsi a-tá ar m'inntinn; nocht cúis m'imnidh dá aithle dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe. Doighthe cuartaighthe croidhe: mo lucht gaoil, m'aos ionmhuine, na caraid dar threisi ar dtoil ní mharuid 's meisi ar marthuin. Barr ar gach teidhm mar tá sinn d'éis mheanman Uilliam Uinnsinn: am beo ar sgarthain ré a ghné ghil ní marthain é, ní hoidhidh. Dursan dhamhsa a dheadhuil ruinn, fuidhioll áir m'aosa cumuinn, grian mh'intleachta uair oile, cluain inghealta m'ionmhuine. Áineas gan imdheargadh n-aoin, féile ghnáth gan ghlóir ndíomhaoin, searc pobal, freagra go bhfos, tobar eagna gan fhorus. Do-fhuarus re hais an fhir seal dob aoibhne darbh fhéidir, fan ráith gcuirr um bhraoinlios mBreagh, 's gan aoibhneas an fhuinn d'áireamh. Ní bhínn fiú an énlaoi ré a ais gan ghabhlán n-uaigneach n-eolais; ar gceileabhradh dhúin is dó, neimhiongnadh m'úidh ar iargnó. A-tú re treimhsi ndubhuidh mar ésga i n-am urdhubhuidh; dortadh flatha Dealbhna dhamh fatha meanma do mhúchadh. Do sholus ghnáth gun ghealaigh ní bhí - is blagh dá hairdheanuibh acht an tan dearlaicthior dhi blagh do ghealruithniodh ghréine. Gibé tráth i dteagoimh soin don dara taoibh don talmhuin, ní reich mong gréine 'na gar tar méidhe trom na talmhan. Tig claochlódh dá cruth chorcra, tréigidh a tlacht iasochta mhun am-sa i n-uair dheadhla dhi ré a bhfuair ón ghealgha gréine. Mé an t-ésga, eision an ghrian: mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam; lá ar sgaraidh do sgaruid rum, amhuil ní anuid agam. Ní hiongnadh nach soisionn sinn gach dealradh uaidh dá n-uighinn - grian shídhe fionnbhrogha Floinn: tíre is iolmhara eadroinn. A-tá an tuirrsi-si fam thuinn mar thoirrcheas n-elphant aguinn: re deich mbliadhnuibh rom cná an chneadh ó dobhá i ngrianmhuigh nGaoidheal. Measuim féin nach fédfa mé trághadh tobair mo thuirrse, na deich mbliadhna-sa dá mbeinn ag sgeith m'fhiabhrasa as m'inntinn. A litir léigim anonn, ní feas damh, móide ar mearbhall, gé tarla an toisg-se i ndán daoibh, doidse nach dál bhus díomhaoin. An lámh do fhoisgeoladh ibh gé taoi ag triall go tír bhfuinidh, mo thruaighe! ní feas nach fuil ré cneas uaighe nó ar uluidh. Dá dtigeadh litir a-le, ní feas fós nach biadh reimpe ina sreath chnámh gcríon i gcill an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn. CARA EIRICE. Bonabheantúra Ó hEodhasa cct. Dán dorinne an bráth-air bocht d'Órd S. Proinsias, Bonabheantúra Ó hEódhasa, Gáir-dian Bhráthar nÉirionnach Lobháin, d'fhíorcharaid áiridhe dhó, do thuit i n-eiriceacht lé mearghrádh an tsao-ghail agus ainmhian a cholna. Cuid de thráchtas ar leigheas dhorchachta agus ainbhfeasa a inntleachta, iná bhfoill-sighthear lé résúnaibh roiléire ar nách éidir freagra do thabhairt aon-dacht, naomhthacht, coitchinne, absdal-tacht, agus gach iomláine oile dá mbea-nann go dílios ré fírEaglais nDé do bheith amháin ag an Eaglais Ró-mhánaigh; agus a gcodarsna, nó a gcon-trárdha sin, do bheith ag gach coimh-thionól eiriceadh, madh luath nó mall tháinig nó thiocfas. Cuid oile ar leighios ansmachta agus ainmhiana a tho-lo, do réir mar is léir san dán; ar a gcuirfeam do dheóin Dé gluais mhínighthe do bhrígh gur ab mór dhe a-tá cruaidh ar an bpobal gcoitcheann. Truagh liomsa, a chompáin, do chor; truagh an modh ar a bhfuil sibh: ní léir dhoit solas fán ghréin, an dorchachd féin ní léir dhit. Ar éiriceachd do thréig tú Dia na ndúl is creideamh Dé; méd an uilc-si tárla dhaoibh - móide ar maoith - ní thuige féin. Dá bhfaictheá, mar dho-chíd cách, an tsoillsi atá d'easbhuidh ort, bhur ndorchacht do ba léir libh, do thuigfeadh sibh féin bhur gcor. Do thuigse, gér ghrianach glan, do dalladh í dá toil féin; truagh nách tárla ribhsi, ó thús, liaigh dho fhóirfeadh thú ód phéin. Dot fhurtacht dorachainn féin acht go gcluin mé - meisdi ar ndóigh othar neimhneach ribh dá rádh, nách léig lámh leagha dá chóir. Id ghoire ó nách féaduim dol, cuir-si chugainn, ar son Dé 's ar cháirdeas na sinsear róinn, cúis th'easláinte dod dhóigh féin. An dall atá an tuigsi riamh? nó an í an toil lé mian an chuirp do chuir an ceo-sa ar dho chéill, soilse an chreidimh nách léir dhuit? Más í an tuigsi, más í an toil, is ciontach réd chor tar céill, bíodh ormsa an tuigsi dho chosg, 's bíodh cosg na toile ort féin. Más í an tuigsi is ciontach ruibh, ag so dhuit a leigheas súd: creid ón Eaglais briathra Dé ós dí nochtas féin a rún. Dise thrá nochtas a rún Eoin dá dhearbhadh dhúin is Pól; Sbiorad Dé ré a hais do ghnáth, ní bhí ar mearfall - gá dám dhó. An Pápa 's a ngabhann leis is í an Eaglas a-deir mé; ní fhoil eaglas oile acht so againn a-bhus ar bioth cé. Do gheall Dia - dá dhearbhadh sin, iomdha sgrioptúir ribh dá rádh Eaglas shofhaicsiona Chríosd, nách cuirfithí síos go bráth. Don Eaglais Rómhántha a-mháin, do coimhleadh so - dáil go bhfios: atá anuas ó aimsir Chríosd gan chlaochlódh, gan díoth, gan sgrios. Gach eiriceacht táinig riamh mall do thriall nó is gearr do mhair; mar sin nách eaglas do Chríosd énchuid díobh, ná labhrad Air. Ná habradh thrá Cailbhín claon nó Lúitér nar chlaon ó bhréig nó gibé drong leanas díobh gur ab d'eaglais Chríosd iad féin. Gibé heaglas leanas siad, ní tháinig riamh rompa féin; más í sin an eaglas fhíor, cionnas shaorfaid Críosd ar bhréig? Do réir a n-admhála féin, cúig céd bliadhain tar éis Chríosd, an Eaglas Rómhántha cháidh bá hí a-mháin an eaglas fhíor. Ionann dí an uair-sin 's a-nos: iodhbairt, sacramainte, modh 's bés, creideamh, teagasg, cumhacht, brígh nír aithrigh sí a sdaid do ghrés. Fán n-am-soin dho bhádar ann aithre naomhtha, clann do Dhia; gach a bhfoil againn a-nois, is iad soin dho theagaisg siad. Fán n-am-soin tháinig ón Róimh Pádraig naomhtha, rér chóir súil; gach a bhfoil againn a-nois, is iad soin do theagaisg dhúin. An creideamh dho theagaisg dhúin Pádruig búidh, deisgiobal Dé, má dho thréigseam, fionnam uaibh cia hí an uair dho thréigseam é. Sighne seineagailsi Dé ar ar n-eaglais, léir dho chách: atá ar lorg na n-easbal saor, aondha, coitcheann, naomh do ghnáth. Ar lorg na n-easbal atá; ní beag ámh dá dhearbhadh so a ndénadh céideaglas Chríosd gach ní dhíobh do-ní-se anos. Atáid easbuig innte fós - dearbhadh oile is lór air súd ar lorg a chéile do ghnáth ó ló Pheadair gus an lá a-niú. Atá ar n-eaglas aondha leis: aonchorp cumaisg gan cheilt inn; aoncheann ar an gcorp-sa atá; na boill thrá do réir an chinn. Coitcheann acht gidh geanmnuidh í: gabhuidh sí gach neach lén toil; atá in gach aimsir ann riamh; dobhí in gach tír, thiar is toir. Naomhtha fós ar n-eaglas shaor: beatha a naomh, a teagaisg dhúin, iomad a míorbhal 's a fádh lór, do chách, dá dhearbhadh súd. Na sighni-si - maith a gciall gár n-eagluis-ne riamh atáid; sighne codarsna is olc bríogh gár n-easgcáirdibh bhíos 'na n-áit. Iomdha dearbhtha nach iad sein - mun bhudh fhada bheith gá ríomh dhearbhas gurab í so amháin an eaglas cháidh dho thogh Críosd. Mar sin gurab creidthe dhuit gach ní ruibh dá n-abrann súd; creidthe uaithe briathra Dé, ós dí nochdas féin a rún. Lúitér, Cailbhín, taoibh ré taoibh, san mhéid ghabhas dá dtaoibh súd mó is inchreidthe eaglas Dé ós dí nochdas féin a rún. Mairg chreideas Lúitér na n-olc: olc a choingheall, olc a chiall, olca na teagaisg tug uaidh, 's is olc an t-oide ó bhfuair iad. Dorinne bhréig ré Dia mór; mairg do chreidfeadh dhó dá éis: brég ré daoinibh, amhlaidh sin, cosmhail, ris, go ndiongnadh sé. Bochtacht, óghdhacht, umhlacht réidh, do Dhia féin do gheall-san iad; do briseadh leis - beag dhá ulc na trí móide tug do Dhia. Tug bochtacht ar shaidhbhreas mbocht; do thréig umhla ar a thoil féin; cailleach dhubh aige 'na mnaoi, 'na mhanach gé dhobhí sé. Oide foghlama fuair sein an diabhal, mar a-deir féin; gibé mar sin chreideas dó, don diabhal fós chreideas sé. Mairg do chreidfeadh Cailbhín fós, plannta oile a pór na lochd; oide Lúitéir, Lúitér féin do sháraigh sé iad ar olc. Ughdar gach uilc do-ní so do Dhia ghlórmhar - olc an chiall; ionann dósan agus soin, a rádh nach foil Dia 'na dhia. Gur pheacaigh Críosd, aonmhac Dé, a-deir sé - ní fearr an chiall; ionann dósan agus soin a rádh nach foil Dia 'na dhia. Atá ar buile - táir a chiall! nó ní hionann dia atá róinn: dia oile, cosmhail ris féin, is eadh adhras sé dar ndóigh. Ar an ndia, dá n-adhrann féin, olc labhras - gibé is dia dhó; an Dia fíre adhras cách ní creidthe thrá, air, a ghlór. Ní abraim go ndearna soin adhaltrannas 's goid go lór; acht ghibé dho-ghénadh iad, measaim nár chreidthe ar Dhia a ghlór. Na coirthe fá-deara ar tós Sodoma do dhódh go lár, ní shaorfainn nách dearna riamh 's nach dénadh fós iad do ghnáth. Fiafraigh dá shlinnénuibh féin, fiafraigh dá bhuachaill shéimh shlim 's do Bhésa, dá dhalta dil; a n-abruid sin, creidfidh sinn. Ar áirmheamar sonn anois, sa gcédurdail ré a gcois súd, meastha ar an ndís do-níodh iad nach dóibh dho nochtfadh Dia a rún. Meastha fós nách bíodh ré a n-ais an Sbiorad naomh, an fhlaith fhíor, dá gcoimhéd mar eaglais nDé ar sheachrán 's ar bhréig, do shíor. Ní chreidfeadh acht duine leamh don dís-sin is dá lean iad: míle brég i n-aghaidh Dé 's 'na n-aghaidh féin do-níodh siad. Ní creidthe dhaoibhsi, is é a chríoch, rúindiamhra an ríogh uatha súd: creidthe ón Eaglais briathra Dé ós dí nochtas féin a rún. Atáid briathra Dé ar dhá mhodh - creidthe ón Eaglais gach modh dhíobh: cuid dhíobh san sgrioptúir atá, cuid ar cuimhne ag cách do shíor. An sgrioptúir, gidh líonmhar dhó, a chreideamh narab lór leat: iomdha neithe a-dobhairt Críosd nár cuireadh ann síos fá seach. A theagaisg mhionca gach laoi, a ndearna in gach taobh 'nar ghabh cia an sgrioptúir, mar a-deir Eoin, 'na dtuillfeadh, fa dheoidh, a leath? An mhéid-sin nár sgríobhadh dhíobh briathra Críosd, airdríogh na ndúl, gnáthchuimhne ar sean diaidh i ndiaidh choimhédas, gan chiaigh, iad dúnn. Gan sgríbhne mar sin do ghnáth dho thoirbhir cách briathra Dé, ó Ádhamh go Maoisi a-nuas, gach drong nua don droing dá héis. Dobhí fós an Tiomna Nua, sealad anuas tar éis Chríosd, gan sgríbhne, ar cuimhne, do ghnáth, 's dá creideamh ag cách do shíor. Gibé adeir nách creideann sé acht don sgrioptúir féin amháin, fiafruighim dhe an gcreidthear leis más é an sgrioptúir sein 'na láimh. Dá n-abradh nách creideann féin sgrioptúir Dé gur ab é sein, fiafruighim deisean arís créd fá gcreideann an ní a-deir. Dá n-abradh go gcreid - gá dú gur ab é súd sgrioptúir Dé, an treas feacht, fiafruighim dhe nar légh sein san sgrioptúir féin. An bhfacaidh san sgrioptúir riamh - nó má dho chonnairc, cia an ball soisgél Lúcáis do bheith fíor, soisgél Tomáis gan bhríogh ann. Bheith d'óghMhuire riamh 'na hóigh, baisdeadh leanbh gur chóir dho ghrés, bheith ar an ndomhnach don Cháisg san scrioptúir, fós, cáit 'nar légh. Gibé le gcreidthear iad so, creidthe dhó - nó atá gan chéill nách lór an sgrioptúir a-mháin, gan chuimhne ngnáith bhréithre Dé. Cia an sgrioptúir is creidthi thrá, cia an ghnáthchuimhni a-tá fíor, a gciall araon, muin ar mhuin creidthi ón Eaglais gach cuid díobh. Más í an tuigsi bhuaidhreas tú, ag so a leighios - gá dú dhó; muna fhoghna a n-abraim dhí, do-ghéabha arís nísa mhó. Más í an toil is ciontach ribh, slán libh, ní bheanabh-sa dhí; a leigheas ní ghébh re hais, aithnidh damhsa go maith í. An toil, dar ab seisi an corp, buain uimpe ní bog an céim: péisd is doicheannsa iná soin nír dhealbh Dia, ní fhoil fan ghréin. Ar fhuláireamh Ríogh na ndúl, sruth Iordáin ar gcúl do thriall, a grinneall do nocht an mhuir, dá gluasacht do sguir an ghrian. An pobul dár choisg mar súd gluasacht nádúrtha dhúl mbalbh, ainmhiana a dtoile do chosg ní fhuair-sean uatha a los arm. Iomad míorbhal, iomad plágh, bagar gnáth báis agus pian cosg ainmhian Fhoruinn, an ríogh, ní tháinig díobh, nír fhéd siad. Tionól Ifrinn an chraois duibh, teaghlach nimhe, a bhfuil fán sbéir ní bhérdaois uile a los gleoidh buaidh na toile, acht dá deoin féin. Each fiadhtha ó nách fághthar fos, a los eagla ná a los gráidh, ní léig acht dá marcach féin gidh glacadh a sréin amháin. Meince a chách do trasgradh lé a marcach féin gidh é ann; Solamh, Sámsón, Dáibhíoth naomh, aithnidh dhóibh a taom nách fann. Sámsón acht gér chalma a neart, Solamh, gér ghaoth ceart a chiall, gér naomhtha Dáibhíoth go ngaois ainmhiana a dtoil do chlaoi iad. Leigheas na toile do láimh ní ghébh-sa thrá - ní náir dhúinn; ag so síos duitsi, ghidheadh, teagasg beag 'na haghaidh súd. Do chéidneithibh sgrúd go grian an chúis fár chruthaigh Dia an tail: ionnas go dtugadh, do ghnáth, fuath don ulc is grádh don mhaith. Maithe an domhuin, leath ar leath, dá measthaoi linn fá seach iad, maith fhíre, gan chumasg n-uilc, díobh uile, ní fhuil acht Dia. Tearc aonmhaith aca dá bhfuil gan a hurduil uilc ré a hais; a n-uilc uatha féin atáid: ó Dhia amháin fuairsead a maith. Mar sin gur ab é Dia a-mháin is aonchusbóir gráidh don toil, ní hionghráidh, acht ar son Dé, aoinní oile fán ghréin ghloin. Ar mhaith mbréige nách buan ré trégadh Dé do ba díoth raith an mhaith gan fhoircheann, gan chrích, an mhaith fhíre ó mbí gach maith. Mairg do thréigfeadh Dia na ngrás, tobar lán shileas do shíor, ar an saoghal, lag na bpian, ar an gcuirr gcriadh théid i ndíosg. Solas an bheatha, mairg tug ar phríosún ndubh, ar uaimh gceo; an fhoraois aoibhnis do b'fhearr mairg dho thréig ar ghleann na ndeor. Gleann na ndeor an saoghal bocht: gan ann acht gol nó fáth guil; príosún don tí thuigeas é: uaimh dhorcha don té nách tuig. Ní díol gráidh a bhfaghthar uadh: díol ar fhuath an saoghal féin; deoch neimhe a thiodhlaigthe thrá: lomnán don bhás is d'fheirg Dhé. Lán do bhochda a thoice mhór; a aoibhneas fós lán do mhaoith; an mhéid is milis dá ghrádh ní bhí acht lán do dhomblas aoi. Mairg charas a shaidhbhreas bocht: beag a tharbha ag dol san n-uaigh; a shealbh san tsaoghal-sa féin mó dho phéin don fhoirinn fuair. Fríoth lé Solamh saidhbhreas mór; aithnidh dhó nách mór a bhrígh; díomhaoineas de ghoireas sé 's crádh inntinne an té gá mbí. Beag tháireas an bheach dá mil; a bhfríoth libh ar feadh do ré saothar a chruinnighthe ort, a tharbha so ní leat féin. Dá gcongmhae agat do mhaoin, bhudh beag a tarbha daoibh féin: a coimhéad ortsa do ghnáth, a caitheamh ag cách tar h'éis. Ar dho cháirdibh, ar do chloinn, dobhiadh tarbha 'na roinn súd, an phian shíor tuille ar a son dá bhfédthá mar so a roinn riú. Dá bhfédthá, mar nách féd tú, an phian tsíor-sa riú do roinn, roinn disi ní ghébhadh siad mairg do thréigfeadh Dia ar an ndroing. Díomhaoine na toice ad-chí, dá madh léir doit í ón toil aoibhneas bréige an bheatha cé díomhaoine thrá é iná soin. An t-aoibhneas-sa - gá dám dhó gearr mhaireas, ní mór a bhríogh: an phian toilltear ar a shon mairfidh so tré bhiotha síor. IODHBUIRT CHUIRP IS ANMAN. Bonabheantúra Ó hEodhasa cct. An bráthair cédna ag trégadh an tsaoghail dó, ar an mboicht-bheathaidh in ar chríochnaigh a laethe. Gabh aithreachas uaim, a aoinmhic dil Dé; ná tréig inn, ar aoi, dá mhéid do mhill mé. Do mhill mé go lór, a fhlaith nimhe naoi; dá mhéid do mhill mé ná tréig inn ar aoi. Ó ló ar dtuismidh, thrá, a-tá - truagh an gníomh gach olc rém ré riamh ag tocht, a Dhé, dhíom. Nír chuir eagla orm éag im cheann i gcurp, biothroinn do bhreath gceart, teach Iofroinn rém ucht. Mo chroidhe nír chealg caidreamh aingeal 's ógh, teagh nimhe na naomh ceadh acht mire mhór! Uch! mo mhire mhór! mo mhire rom mill; uch! oram, tré fheill, an cholann do chinn. Uch! is truagh mo thoisg: nír thairg mé, a Mheic Dé, cinneadh ar an gclí nó gur milleadh mé. Caoinfead mh'olc búdh-easd; uch! is dénta dhúinn caoi trér mire mhóir nó go sile ar súil. Nó go sile ar súil, 'na sruth díochra dér, a cuibhreach a cnámh, go fuidhleach a fréamh. An teanga-sa tug thú i bhfeirg riomsa, a Rí, uch! suil do mharbh mé, uch, nách balbh dobhí! An bél do bhrosd th'fheirg uch, uch, is olc leinn gan é ar ulaidh luim nó ag cnumhaibh gá chreinn! Uch, uch, gan an súil lé sillinn go saobh 'na carn cheannchruinn chriadh! 'na cearchaill darbh-daol! Uch, uch, gan an gcois - cos na gcéimeann gclaon marbh, 'na criathar chriadh, ag biathadh darbh-daol! Truagh nach tárla an lámh - lámh do loitthi, a Fhlaith 's forgla ar mball gá mbreith 'na gcrann nó 'na gclaich! Na hairm fhuaras uait - ádhbhal uaim an t-olc iad innlim rét ucht, iad do imrinn ort. Ar imreas ort d'ulc ní hé do thuill tú, ag loighe fán lia 's do chroidhe gan chrú. Na boill-si, i n-íoc mh'uilc, iodhbruim budh-eachd daoibh; mó an fiach dhlighe dhínn, a Thriath nimhe naoimh. Na boill chriadh-sa, a Chríosd, cuma a n-iodhbairt uainn: crú an deargochta dhúinn mar eadhbarta uaibh. Ar mo shon tug tú an troightheach 's an taobh; an dá dheargbhois dúnn do eadhbrais ar-aon. Iodhbuirt mh'anman duit duitsi ní díol é: uait féin fhuaras í, gan dualas, a Dhé. Gabh im ulc, gidh eadh, is 'na n-uaras uaibh - mó ar gcoir; cagaill dúinn! a bhfoil againn uainn. "CUR MUNDUS MILITAT". Bonabheantúra Ó hEodhasa cct. S. Bearnárd do chum an dán-sa san teangaidh Laidne, i dtarc-aisne an tsaoghail, nísa líonmhaire iná mar atá annso. An bráthair bocht rémhráidh-the do chum i nGaoidhilg an mhéid-si dhe. Truagh cor chloinne hÁdhaimh aimhghlic ceird an chonnláin; díomhaoin dóibh a deighréir glóir dhíomhaoin an domhnáin. Aoibhneas, is fháth tuirsi, toice bhocht an bheatha: téid a gal soin seacha mar ghoil ré gcar gceatha. Ní fhuil innte acht lasair, nó litre ar leic oighridh, nó brúcht shoighnéin shiobhlaigh ar dtoirléim ó thoirnigh. Truagh, truagh don tí mheallas moil bhréigi is beag dtoraidh; gnáth diombuadh 'na dheaghaidh bláth diombuan an domhain. Glóir dhíomhaoin an domhain duille i ngaoith ar gluasacht; treall, dá n-aghtha a h-iasacht, gabhtha greann ré a guasacht. Mairg do-gheibh an nglóir-si: gearr mhaireas a meadhuir; 's biaidh, go cian, fá a comhair, an phian 'na diaidh dleaghair. Caidhe a-nois neart Sámsóin nó saoirEarcuil slaitshídh, neartghoil Chon an Chleitín, gomh Eachtair nó Aicíl! Cáit fós i bhfuil Solamh, saoi go n-eagna n-iomláin, nó an ríomhac seang soghráidh, Íonat, do b'fhearr n-iomráidh! Caidhe cumhacht Shésair nó sén Aileac-sandair! caidhi an carn chlach gcumhdaigh, rath na n-arm nó an ardghoil! Caidhe áille Abslón, inntleachd Airiost-otuil, teanga thrén Thuil Sicir, ó bhfuil frémh gach focuil! A cholann, a cholann, ad-chí cealga an tsaoghuil; bíoth ort iná n-uamhain a chríoch bhocht, a bhaoghuil. A bheatha bhiasd gcíordhubh, a charn luatha ar luaghal, a bhláth ghég ar ngránadh créd is fháth dot uabhar! Gearr go mbia béisd chíocrach ag creinn do chnámh rolom i mbrugh chriadh bhús cumhang, a bhiadh crumh, a cholann. Gearr go mbia an béal corcra 'na chriaidh fhuair d'éis dubhaidh, 's meoir thiomchaola an troighigh fa fhionnchaonna ar uluidh. Budh iomdha go haithghearr, i n-áit na rosg rédhghlan 's fán taobh seada sídhgheal, leaba ag daol gá dérghadh. Ag sin críoch do chumuinn ris an gcruinne gcealguigh; má a-taoi ar tí do chumhduigh, ná ad claoi, a chlí, dá cearduibh. Muna fhaghthar uaibhsi umhlacht, aigneadh síothbhuan, grádh coitcheann gan chlaochlódh, bhur bhfoircionn budh fíorthruagh. AN TEAGASG CRÍOSDAIDHE I nDÁN. Oraoid don Léghthóir. A fhir léghtha an leabhráin bhig, féch an tobar ó dtáinig; uille a tharbha iná a thaidhbhsi; buime th'anma an obair-si. An cisde trér cheandaigh fear an fearann inar foilgheadh ag so an fearann ina bhfoil; neamhfhonn do nocha dleaghoir. An némhann trér dhiult duine sealbh a thoiceadh dtalmhaidhe dá bhféchthar dhí an fonn 'na bhfoil, do-géabhthar sonn í i n-asgoidh. Ag so a-nois do nimh chugaibh sreath ghrianach gheam gcarrmhugail, teagaisg thoirtheacha Dé dhúinn, troimcheatha do sgé an sgrioptúir. Ní thugsam dhóibh - ní díoth soin foighreadh i ngaoidhilg grianaigh; i nDia, i lochthobar na leag, cia an fothragadh nach fuairsead! Ní dhearnsam - nír dhénta dhamh dorcha lé dealradh briathar bhróin ngeamghoirthe niamhtha ó nimh briathra dealraighthe an Dúilimh. Lé hóradh briathar dá mbeinn, mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn: congmhaid failghe chumhdaigh cloch urdail na faighne i bhfolach. Rolla na bhfiach dho dhleaghair; cairt do dhúithche ón Dúileamhain daitsi gan sgéimh do sgríobh mé; sgríobh féin an gcairt-si id chroidhe. An Chré i nDán. Atáid trí doirsi ar theach nDé; ní héidir le neach fán ngréin gan dol tríotha so fá seach rochdain anonn don rítheach. Na trí subháilche diadha, creideamh, dóthchas, grádh cialldha isiad na doirsi a-deir mé do bheith ar rítheach nimhe. Ní cás dá gach neoch fá nimh triall go doras an chreidimh; eochair gach glais dá bhfuil air fuairseam ó na habsdalaibh. Na heochracha, adeirim ribh, airteagail chinnte an chreidimh; i gcré na n-easbal, madh áil, do-ghébha iad go hiomlán. Teagaid seachd n-airteagail díobh tar dhiadhachd Airdríogh na ríogh is seachd n-airteagail oile tar dhaondhachd Mheic mhórMhuire. Na seachd n-airteagail-si ar tús lé nochdthar an dhiadhachd dúinn atáid sonna, bíod ré a ais 'gan té théid d'fhios an dorais. Creideadh go bhfoil aoinDia ann, Trionnóid thrén na dtrí bpearsann: Athair, Mac, Sbiorad naomhtha go gcomhuaisle, comhaostha. Ó aoinneoch ní tháinig soin, an tobar diadha, an tAthair; ón Athair gheinthear an Mac; uatha araon tig an Sbiorad. Is Dia an tAthair 's is Dia an Mac: Dia fíre fós an Sbiorad; is ní trí Dée iad soin achd aoinDia i dtrí pearsanaibh. Isé an t-aoinDia-sa do chum neamh, talamh, agus iofrann 's gach a bhfuil eatorra so 's a mbí ag áitioghadh ionnta. Uaidh do-ghébham, más í ar dtoil, grása is maitheamh ar bpeacadh, eiséirghe na gcorp, lá an Luain, glóir shíor i mbeathaidh bhiothbhuain. Ag sin na hairteagail daoibh thráchdas ar an ndiadhachd naoimh; gá dtám - anois is nochdtha airteagail na daondachda. Do chéidneithibh creidthe dhúinn gur ghabh Muire i ndíoghruis rúin ón Sbiorad Naomh 'na bruinne Mac an Athar síordhaidhe. Go ndearnadh Dia 'na dhuine 's duine 'na Dhia síordhaidhe, go beith don dá nádúir soin gan chumasg i n-éinphearsoin. I gcionn naoi míos dá éis sin rug an Ógh É san Bheithil, gan choill a hóghdhachda dhi 'na dhiaidh, roimhe ná an uair-si. AonMhac Dé, Dia agus duine, fuair 'na nádúir dhaonduidhe bás croiche, a adhlacadh soin tré choirthibh chloinne hÁdhoimh. An bás-soin achd gé dho sgar a chorp naomh ré a anam nglan, nír sgaradh ré ceachdar díobh diadhachd iodhan an AirdRíogh. Téid go hifreand dá éis so d'fhuasgladh na n-aithreadh naomhtha; éirgheas ó mharbhaibh go prap an treas lá arna adhlacadh. I gcionn dá fhichead lá lán, do-chuaidh ar neamh na naoi ngrádh; ar deis a Athar gur shuidh i n-énghlóir ris an nAthuir. Do bhreathnughadh bheo agas mharbh tiocfaidh Sé bhudh tuirionn garbh mar a gcuirfe gach duine i nglóir nó i bpéin shíordhuidhe. Ós cionn a n-abram anos, gach a n-aibéora an eaglas, más sgríobhtha gion gur ab eadh, cóir don Chríosdaidhe a gcreideamh. A ndobhramar sonn go se biaidh ag gach aon dá gcreidfe raon solas anonn ar nimh tré dhoras ndorcha an Chreidimh. An Phaidear i nDán. Dóthchas an dara doras; gibé thogras triall chuige gach aisgidh ar Dhia is iarrtha iarradh 's measadh go bhfuighe. Gach itghe is oircheas d'iarraidh atá a hiarraidh 'san phaidir; abradh í so go minic gibé lé sirthir aisgidh. Bíoth, a Dhé, a athair neamhdha, i meanma, i mbél gach duine th'ainm ré saoghal na saoghal dá naomhadh feadh na cruinne. Tigeadh chugainn do ríoghdhachd; go rabham síodhach sádhal gan ghuais ndeamhan ná dhomhain, gan omhan bhreithe an bhrátha. Do thoil, mar aingle nimhe, déntar linne ar an talmhain; beatha dár gcurp, a Athair, tabhair aniogh 's dár n-anmain. Maith na coirthe do-niamaid gé táid 'na bhfiachaibh troma, mar mhaithmíd féin a gcoirthe do chách oile ar dho shon-sa. Ná leig cathaighthe an dhiabhail do dhol i bhfiachaibh oirne achd saor inn ó gach énulc: déntar a n-iarmaid oirbhsi. Fáilte an Aingil. Dia do bheatha-sa, a Mhuire a thuile lán do ghrásaibh! atá an Tighearna it fhochair, a ghein shochair chlann nÁdhaimh. Beannaighthe thusa tharsa deaghmhná na talmhan uile; 's is beandaighthi an ghein ríodha, Íosa, toradh do bhruinne. A naomáthair Dhé, a Mhuire, a bhuime mar an gcédna, guidh orainne, na peacaigh, 'nar mbeathaidh, 's i n-am éga. Deich nAitheanta Dé. Dá n-iarra osgladh gun ghrádh, an treas doras atá ar neamh, comhaill deich n-aitheanta an Ríogh mar táid annso síos fá seach. Dia bréige d'adhradh ná tairg; ná tabhair ainm Dé gan fháth; Domhnach, lá an Thighearna Dé, coimhédtar libh é dho ghnáth. Onóraigh th'aithre go búidh; ná déin marbhadh, drúis ná goid; ná déin bréigfhiadhnaisi ar neach, a mhaoin ná a bhean ná hiarr dhoit. Cúig Aithne na hEagailsi. Cuir i gceann a ndobhairt mé cúig aithne na heagailse: coimhéid gach saoire go beachd 's déin aithfreann innte dh'éisdeachd. Troisg an Corghas go glan glan, Uighil 's Troisgthe na hAnman; ná tomhail feoil ar dho phroinn Dia hAoine ná Dia Sathroinn. Tré bhiotha shíor ná bíodh sibh éinbhliadhain gan fhaoisidin; Corp Chríosd, ón Domhnach ré gCáisg, caith lá éigin, go mionCháisg. Ná déna banais iar ndáil ó thús Chorghais go mionCháisg, ná ó thús Aidbheant go grod go dá lá dhég d'éis Nodlag. Muna dhearna a n-abram ribh, trí doirsi thighe an Dhúilimh iadhfaidhear uile rét uchd: dol asdeach ní bhia id chumhachd. Do na Sacramainntibh. Na seachd sacramainte dhoit: Baisdeadh, Dol fá Láimh Easboig, Corp Críosd is Faoisidin ghlan, Ola ré mBás, Ord, Pósadh. Is leo sin ghléstar na glais atáid róimh ar dhún bParrthais i n-aimhréidh dá ndeachad so tré chaill aithne an ArdFhlatho. Do na Subháilchibh agus do na Lochdaibh. Fios na subháilcheadh 's na locht atá, ós cionn a ndobhart, 'na bhfeidhm ar gach neach fa nimh dá dtriall go teach an Dúilimh. Na 3 Shubháilche Diadha. A-dobhramar roimhe so na trí shubháilche diadha: creideamh, dóthchas agus grádh; gá meisde a-rís a n-iomrádh? Na 4 Shubháilche Cairdionálta. Ceithre tréidhe is díol grádha na subháilche prinspálta: gliocas gan cheilg, ceart gan lochd, neart gan fhairbríogh, measardhachd. Tiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh. Seachd dtiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh: eagna, tuigsi, taoibh ré taoibh, comhairle, neart, fios neamhdha, búidheachd, eagla an Tighearna. Na Dronga Beannaighthe. Na hochd ndronga beannoighthe dá ngeall Dia luach a gcroidhe: na boichd fhíre is beannaighthe, budh leo féin ríoghdhachd nimhe. Beannaighthe an drong ceannsaighthe, budh leo do sheilbh an talamh; beandaighthe luchd searbhthuirsi, biaidh sólás fá dheoidh aca. Gibé ara mbí ocaras 's tart cosnamha na córa, a fhoirceann bhudh roshona; biaidh sásadh ó Dhia dhósan. Luchd trócaire is beandaighthe, trócaire ó Dhia do-ghébhad; mar sin d'aos an deaghcroidhe, budh leo do shíor Dia d'fhéchain. Clanna Dé díobh goirfidhear: is beannaighthe an drong shíodhach; an drong fán gceart choirighthear, flaitheas Dé bhudh é a ríoghdhachd. Oibre Corpardha na Trócaire. Seachd n-oibre na trócaire dá ngoirthear oibre corpdha: cosg tarta gach brónchuire, biadh do thabhairt don ocrach. Édghadh nochd, mairbh d'adhlacadh, oirchiseachd aoigheadh n-annamh, cuairt ag braighdibh fannbhochda do dhénamh, 's ag aos galair. Oibre Sbioradálta na Trócaire. Seachd n-oibre na trócaire ainmnighthear as an sbioraid: sáimhchealgadh luchd mhórthuirsi, ceartoghadh cáigh 'na gciontaibh. An té atá i gcás chomhairle comhairle dho do thabhairt; in gach ní dá rodhoilghe foighide do bheith agaibh. Teagasg luchd an ainbhfeasa, guidhe ar bheoaibh 's ar mharbhaibh, maithmheachas na n-aindligheadh do thabhairt do luchd adhbhair. Na Peacaidh Mharbhtha. Díomas, sainnt, is drúis, má-le, tnúth, craos, fearg, agus leisge, na seachd bpeacaidh - díochra a nglonn mharbhas do shíor an t-anam. Na Ceithre Críocha Déighionacha. Seachna na bpeacadh mhadh áil, dorrdha an bháis, ceirtbhreatha an Ríogh, glóir nimhe, ifrionn na bpian bíodh siad it inntinn do shíor. Na Cúig Céadfadh Corpordha. D'eagla an bháis do theachd dod toigh coimhéid ar dho chédfadhaibh: blas is glacadh 'na mbia locht boladh, éisdeachd, is amharc. DIOMBUAINE NA BEATHADH An Bráthair Bocht Giolla Brighde alias Bonabhentúra Ó hEodhasa cct. A dhuine chuirios an crann, cia bhus beó ag buain a ubhall? ar bhfás don chraoibh ghégaigh ghil, ré a fhégoin daoibh an deimhin? Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing san lubhghort uaine áluinn, smuain, a fhir na gcleath do chor mo chreach, ag sin an saoghal! d'éis a aibchighthi is é id láimh, an tú chaithfius, a chompáin, bláth garrdha na ngég solus? tarla ón ég i n-amharus. Ní críonna dhuit, a dhuine, 'gá mbí an choille chumhraidhe, th'aire ar fhás na n-abhall lag 's gan cás it anam agad. DIVI BERNARDI ABBATIS FORMULA HONESTAE VITAE Eoghan Ruadh mac Uilliam Óig Mhic an Bhaird nó Boneavantúra alias Giolla Brighde Ó hEodhasa cct. Glac, a chompáin, comhairle ó Bhearnard, an t-ab naomhtha, ar an riaghail rofhoirfe ó do chuiris do chaomhna. An obair do thriallabhar, madh áil a dul i dtarbha, atá oirbh do riachtanas dá ní nach tigthear tharsa. An céidní - is cúis roghuaisi: coimhéid thú féin go seasmhach ón uile ní soghluaisde, saoghalta bhíos god mhealladh. Ar mhodh nach biadh agaibhsi cúrum fa ní don tsaoghal acht mar neithe fabhairsi 's nach beidís ann ar aonchor. An dara ní is tionnsganta madh áil an ríoghdhocht shuthain: tú do dhénamh iodhbarta dhíot féin don Tí rod cruthuigh. Ar an modh go dtroidfithea, do ghníomh agus do bhriathraibh, ris gach ní nach croidfithea do thaitneamh ris an dTriathfhlaith. An céidní, réd dhíthchioll-sa, do-ghébha tú ar an modh-sa: ar tús tú féin d'ísliughadh, madh ad mac ríogh nó moghadh, aga mheas gud dhísbeagadh, nach ad fiu ní san domhan. Achd gidheadh ná measuidh-si cách eile leis an gcéadfuidh; achd meas a bheith beannaighthe an tí is measa gut fhéchuin. Ag cách oile seachuibhsi gach ní ad-chluinfe 's do-chífe, nach ó mhaith ná measuidh-si adeirthear is do-níthir Gé go bhfaicthe a aithearrach don nádúir bhíos ag claonadh, óir ní hannamh raimhealladh ar an mbaramhail ndaonna. Tug th'aire nach míothaitne ré duine ar dhruim na talmhan; choidhche lucht bhur bhfíorchaidribh bíod uile lán dot annsacht. Re duine dá choibhneasa ná tarr ort féin gud mholadh; acht gomadh mó th'fhoilcheas-sa ar do mhaith iná ar th'olc-sa. Ar neach, gé madh míchreidmheach, go bráth go trom ná labhair, gé madh follus, fírinneach an ní adérthá 'na aghaidh Acht amháin it fhaoisidin, is sin féin re huair n-éigin, nochtadh th'uilc go saoilfidhe, ar mhodh eile nár éidir. Ná glac mar chúis roimheanma dá gcluine olc do bhiodhbhadh; éisdidh níosa thoileamhla moladh cháigh iná a n-ionnlach. Bíodh do chomhrádh deighcialluidh, fírinneach, annamh, tráthach, lán do shuim i mbeigbhriathruibh 's ag teacht tar Dhia go gnáthach. Dá rabh neach don domhnán-sa ag teacht ribh ar ní ndíomhaoin, gearrthar libh a chomhrádh-san, ag teacht tar bheathuidh bhfíornaoimh. Ní ar domhan dá dteigeomha dhaoibh féin nó dá bhur gcoibhneas, madh áil bheith ar deigheolas, ná bíodh ort ina dhoilgheas Gémadh damhna doimheadhra, nárab móide do mhaoithcheas; gémadh adhbhar soimheanma, ná bíodh ort ina aoibhneas. Déntar uaibh gan iongantas th'uile dhíthchioll ó umhlacht, dochum bheith go friochnamhach fad leas féine do shunnradh. Achd do dhéanamh fíortharbha, más éidir libh ná labhair; seachoin bheith ag síorlabhra ór is fearr tó ná labhairt. Labhairt gan chás ndoirbhéigin ní mholfuinn daoibh go gnáthach, ó nóin i ndiaidh choimpléide go deoidh nAifrinn amárach. Ní ar nach biadh bhur rathaitneamh ag cách oile dá bhfionna, féuch ort féin go hamhuirseach an mbiadh a leithéid ionnad; má tá, bí go ra-aireach i bhfad uaid aga sgrios-san. Dá bhfaice in bhur samhuil-si éinní maith fós nach tárruis, tarruing ort, ná cagail-si, bheith formadach san gcás-soin; biaidh gach éinní aguibhsi mar sin 'na sgathán gcrábhuidh. Dá mhéid cúis dá gcluinfi-si, ná hégnuigh gémadh cionntach; leighios uilc let fhuighlibh-si, muna shaoile go ndiongna. Madh áil gan bhur n-eibhliughadh, ná diult, ná dearbh lé déine; do dhiultadh 's do dheimhniughadh bíod 'na gconntabhairt chéillidh. Seachuin gáire gáireata; dá mbeath go bhfuighthea fachan ar uairibh ag fáilteachadh, déna fáiphteadh beag annamh. An céidní gan chonntabhairt do-ghéubhae mar adobhart; 's an dara ní adobhramair do-ghéubhae tú ar an modh-sa. Déntar uaibh gach éantrátha th'urnuidhe i n-aimsir dhlighthigh; 's nárab lór libh bélchrábhadh gan an smuaineadh san gcridhe. Bíodh aguibh i ngnáthchuimhne na trí neithe 'nar ndiaidh-ne: ar tús cionnas dobhábhair-si, créad tú, agus cionnus bhiai-se. Dobhádhuis id bhréunchubhar; créad tú, gidh mór do chédfadh as caoimhe bhar gcréuchuladh, acht soitheach lán do bhréuntus, iar gcaitheamh bhar dtéarma-sa bhias ag crumhuibh mar fhésta? Mar an gcédna cuimhnigh-si príosún na druinge daorthar 'sa phiana ar nach cuirfidhir críoch tré shaoghal na saoghal 'S dá mbeith cách gan rodhoille, créd giorra is loighiod aoibhnis a n-ainmiana colnuidhe tré a dtuillid bheith san daoirsi. Tuig arís id mheanmuin-si glóir sa críoch ar nach cuirthear is loighead an dearlaicthi ar ar éidir a tuilleamh Is ar mhéd na roidhiomdha orra féin arna dtréigean bhíos ar lucht a coilleamhna ar ní nach feas a éifeacht. Ní bhus olc let aigneadh-sa dá n-éirghe duit san saoghal, nó aga mbiadh bhar bhfaitcheas-sa réna leithéid do bhaoghal Annso is cóir a chumhnughadh, dá mbeithea i n-ifrionn dérach, ar do chionn go sunnradhach, go bhfuighthea-sa an ní cédna 's gach ní oile urbhadhach dobhiadh i n-aghaidh gcédfadh. Dá rabh libh ní éadálach nó áilgheas a mheic-samhla do bheith libh dá bhfédtá-sa, smuainidh, dá mbeithea i bParrthas. Gu madh libh gan laghdughadh an ní-sin 's gach ní oile bhudh éidir do shanntughadh do réir thoile bhur dtoile. I bhféil gach naoimh, smuainidh-si créd do fhulaing an naomh-soin, ar son gCríosd i gcruaidhshlighthibh 's créd fuair ar son a shaothair: gairid dhó fa dhuaidheire; glóir shíorruidhe do shaothruigh. Smuain arís go gcríochnuighthear saothar 's doghraing na bhfírén 's gáirdeachas mór míothuigseach na bpeacthach thuilleas fírég An chéddrong gan chonntabhairt go bhfaghuid an ghlóir shuthain is an dara adobhramair a dtuarasdal ceart cubhaidh. Dá mbeath go mbiadh raileisge dod chlaoi nó sgís ar uairibh, cuir, a mheic, ar th'aighidh-si an sgríbhinn-si agus smuainidh. An drong atá i ndaoirphianoibh créd do-bhérdais mar chomhuidh ar an aimsir naoimhfhiadhuigh do chaithis ar an modh-soin! I n-aimsir bhar dtreabhlaide, smuain nach fuil a mhac-samhla ar phobal an neamhthoighe, ar an droing atá i bParrthas. 'S i n-aimsir bhur n-aoibhnighthe, smuain nach fuil a mhac-samhla i dteaghdhuis na daoirsine, ar an bhfoirinn do damnadh. Ré ndul duit i suainlighe, sgrúd go grinn - iarruidh grása do labhra, do smuaintighthe 's gach a ndearnais an lá-sa Is cionnas do chaitheabhair an aimsir dtoirthigh dtarbhuigh, do dhénamh an daighthreabhuigh do toiligheadh don anmuin. Más maith, mol ó dhaighcridhe Íosa Críosd, bhur gceann caingne; más olc, déna aithrighe 's ná cuir t'fhaoiside ar cairde. Ní i n-aghuidh bhur naoimhirse má tharla dhaoibh do dhéiniomh, ré ndul dá bhar bhfaoisidin, ná tomhuil acht lé héigion. Dealbh tar éis gach inchreachuidh dá chathair ar do chomhair: aroile go n-imreasnoibh, aroile go síoth socair; 's gumadh í bhar n-imdheadhail dul ceachtair don dá chonair. Do-chum uilc dod neamhthol-sa, féch, créd fhédas do chlaonadh nó dod chor tar dheaghobair? ní shaoilim ní san saoghal. Dá gcoimhéadtha a ndubhramair, is dearbh leam, a fhir ghrádha, go mbia tú gan chuntabhairt gun Sbiorad Naomh it áras. Coimhéid, a óig eagnuidhe, ar an n-adhbhar-sa, a n-abruim is légh gacha seachtmhuine, Dia Máirt agus Dia Sathuirn. Arna mheas gur choimhédais comhairle an abadh eoluigh, moluidh Críosd, bhar gcoimhéaduigh, 's A thrócaire rod treoruigh. Ag so an tslighe is rodhaingne: madh áil dul as gach baoghal, glac, a chompáin, comhairle ó Bhearnard, an t-ab naomhtha. DEACHMHADH DÉ. Giolla Brighde Ó hEodhasa cct ? Anois díolaim deachmhaidh Dhé; deacair leam a los uirré; a rachuimhne gidh dleacht damh, ceart ar n-athair-ne d'fhaomhadh. Dlighim deachmhaidh mo shláinte do Dhia a druim fhorbhfáilte; ní a los neamhthoile, as díor damh díol na deachmhoidhe a-dearar. Go ndíolam - dia do thuigsi! gan doilgheas an deachmhoidh-si; nías sia nar thréigear a thol; éigean re Dia ná dearnor. Nar thuigear-sa mar threabhloid m'anacair nó m'éigeanbhroid; a Dhé, mar bhudh sláinte sin, co mbé m'fháilte rem éigin. d'á haithbhe nar fhagha sinn, a-rís ná raibh im oirchill acht díol, an uair as fhoigsi, do bhuain díom sa deachmhoidh-si. Más é mh'olc nar fhagha sionn saoghal is sia ná a bhfuairsiom; nar théarná leam, tar mo leas, gidh énlá i gceann ar chaitheas. Go bhfaghbhar mar fuaras air m'uilc ar amas an tsaoghail; a ríoruire = oirbhire ? ná raibh leam míodhuille air do-fhuairseam. Go gcongbha uaim san am-sa domblas ae a holc gcodarsna, an chruinne mar chongbhas uaim somblas a duille dhiombuain. Ná raibh leam, a Fhlaith nimhe, an égcóir ná an oirbhire m'aos comhráithne san chruinne, mo chombráithre críostuidhe. Slán agaibh! ní fhuicfe mé ag sgarthain dúin is daoibhsi, a shaoghail as shearbh dtoraidh, a bhearn bhaoghail bhásamhail! Do dhuille féin fógraim daoibh, a bhrégaire an bhláith dhíomhaoin: "tarr is commaoidh" - créd a shuim? do chommaoin re n-ég oruinn. Beag bheireas caomh nó cara uait a n-am na scarthana; red lucht comtha ar ndeadhail deid, orchra id deaghaidh ní dhlighid. S. FROINSIAS: AITHGHIN CHRÍOST. Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct. An é súd an Críost cédna sa bhreith do mhaoidh móir Élla? an é coimsigh na cruinne, toimsigh, nó an cré a chosmhuile? No, an do-chualabhair cheana? tugadh na trí haisgeadha; do sgé a fhearta i n-iomdhoidh daimh, ionbhuidh a theachta ar talmhuin. An é an tÍosagán umhal, tar bhar gceann, do-chualabhar, ar son a rothoile roinn, i modh chrochaire i gcalainn? An é ar-ís aonMhac Muire, táinig i gcorp cholluidhe? mar do-chí athrachadh ann: ar tí an t-athchrochadh d'fhulang. Slánuightheoir shíol Ádhaimh uill nach táinig cheana chuguinn? créd as a mbiadh, uair eile, i dtruaill chriadh ar céilidhe? Tar gach contabhairt dar chanas, ná a ndéiniom air dh'amharas, ní chuala mé - gá dám dhó gan a rádh gur bh'é Íosa. Ar an adhbhar nach uighthe síghne fíre ar bhfuasgloighthe acht a-mháin, tar gach n-aon, air ná ar fháidh, ná ar naomh dá naomhuibh. Ná ar mhairtír ná ar óigh n-umhuil ná ar abstol dá abstoluibh ná ar Mhuire féin, gidh í ann gé nach mur bhéim dí a-dearam. An taisbéanadh tugadh d'Eoin, suibhisgél, oide an fhíreoil, beanfaidh sé as amharas inn: daghsholas é dom inntinn. Ag éirghe ón oirthior a-le, tarfás d'Eoin aingeal eile, go bhfioghair Uain Dé na ndúl uaidh mar do sgé an sgrioptúr. Ciall an tarfáis - tarla so re dteacht Bonaven-túra an naomh go bhfuair as a fréimh, fa cruaidh ar gach aon eiséin. Is é an cédaingeal Críost cáidh; Proinsias, íomháigh ar íomháigh, an dara haingiol ionmhuin, is daingion dá dhéisgiobluibh. Gion gur b'é an tÍosa roimhe, níor chruthaigh ar chosmhuile as comhghoire do-chuaidh dhó, i dtruaill tolmhuidhe ó theasdó. Ar bheith umhal, ar bheith bocht, ar bheith ar talmhuin troghnocht, ar annsa na ndaoine dhó, ar aoine, ar almsa, ar annró. Ar chrochadh 'na cholla criaidh, ar fhulang docra is dímhiaidh do chuibhrigh ó chridhe a chorp re Coimdhe nimhe ar naomhthacht. Gidh iad créuchta na gcroidhe - ós dá chur a gcosmhuile na comhartha gur léir leis le tolumhla a gcéill chuiris. Fear a ualaigh do roinn Ris; ar Mhac Dé is fhoigsi d'aithris; bráthair nár chlaon ris an gcorp; naomh do bhláthaigh an bhochtacht. Sdiúr arthraigh eagoilse Dé; leighios teadhma, a fear fínné; a maruidhe, a buanna barr; guala a hanoire dh'fhulang. Leighios loingbhrisde a loingsi; fear feithmhe a mbearn mbaoghuil-si; grís nár bharr an creidiomh cóir; beigsheadh nár cham san chanóin. Drithle i gcoguil an chreidimh; bos re bél eithrigidh; cúl re millsi is re meadhuir; glún na hirrsi d'oileamhuin. Na cúig créuchta ad-chualaidh sibh ní léughthar, sul fhuair oidhidh acht cuid do ló, ar Mhac Muire, an tslat ón mó míorbhuile. Créachta a maca-samhla sin, dá bhliadhain sul fhuair oidhidh, Proinsias, naomh, an bráthair bocht, do ghnáthaigh - daor an daonacht. Ionmhuin deochain a-déabhart dobhí ar Críost ag cúirtéuracht nár chall an uain budh-eachto nó go bhfuair am éisdeachta. Ionmhuin beirt chúirte do chleacht a-tá dá éis i n-oighreacht gun droing do lean a lorg soin, ord do threabh fa choing crábhoidh. Beirt shearbhfhoghanta dhil Dé mo-chean don lucht san leibhré; an chlí fa chosuibh do chuir an tí ar thosuigh do thionsgain. Beirt is tlachtmhuire taise; beirt don mhaise míomhaise; ní thig sí acht lé séideadh gráidh; a bréideadh isí a hanáir. Arna ngairm ó Dhia na ndúl, mór mhac ríogh budh fearr fortún do thréig sróilbhearta ar a son, a n-óirleaptha, a méid meanman. Don bheirt-sin na mbráthar mbocht, lá an bháis ar dteacht ón dubhlocht go bhfaghar coim 'na coim the, go rabhar ag roinn réise. Ar umhlacht ina n-uair sbéis, ar na créuchta fuair Froinséis - críoch ar canadh isé sin go bhfaghar síoth Dé dhúiligh. Ar leanmhuin loirg Mheic Mhuire, re Críost ar a chosmhuile, faghadh fa dheoidh díolghadh dhamh, ag díorghadh an eoil d'Eoghan. Ón té a-tá, dobhí agus bhias, gion gur fiu mé, faghadh Phroinsias mo chorp do chaitheamh rem choir 's maitheamh ar n-olc dar n-anmoin. A chara abstoil mh'anma, do chuir ar Críost comhardha, dom char ar chonair na ngrás, do chobhair tar, a Thomás! Muire, máthair an leanaibh, faghadh dhamh ón Dúileamhuin go bhfearar déur 'na déir ghuil, go mbeanar fréimh mo pheacuidh. A thobar ó dtig gach grás, a choimdhe do-chí ar rochás, nam léig taobh re ham oile, nam saor thall lé trócaire. MAINISTIR SHLÉIBHE FARANNÁIN. Lochluinn Ó Dálaigh cct. Uaigneach a-taoi, a theagh na mbráthar; beag dod bhuidhnibh tairisi do-chí tusa i ndáil do dhorchla; ní náir orchra ar th'airi-si. Do díbreadh uaid - uch, mo thruaighe! do theaghlach bocht bráithreamhail; do-chím sibh gan fhear dot ionnramh, a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain. Ionmhoin drong do díbreadh asad, a eaglas bhláith bhúidhiodhan, buidhean tromdha chothrom chiallda, modhchlann diadha an Dúiliomhan. A mhainistir an mhúir shleasaigh shloinntear ó Shliabh Farannáin, caoinidh an fhlaith 's an saoi suilbhir mar taoi it fhuilngidh anfhorráin. Fuaruis cleachtadh chéile n-iodhan, a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh, bheith it aonar nír dhual deitsi; truagh do bheith-si id bhaintreabhthaigh. d'éis na gcéile do chleacht tusa, a-taoi - truagh an mhaluirt-si gan chluinsin sgél gcean ná gcliathcha, gan fhear iarrtha h'amhuirc-si. Cuimhneach mé gur mheince leatsa líon áigh ógbhadh gcaithreannach ag líonadh as-teagh id thiomcholl, a threabh fhionnchorr aifreannach. d'éis dhíbeartha na n-ord oile i n-iath Éireann eangfhoirfe, dé an chreidimh dobhaoi gan bháthodh, gach laoi id bhláthor bheannoighthe. d'aithle a n-uaruis d'aoibhneas ghnáthach, do ghlóir nar ghlóir dhiomoltach, ar uaigneas th'áruis má féchthor tárruis échtchor iongontach. Tusa it árus ealtan gcíocrach ar gcaill h'aosa ionmhoine; briseadh croidhe an tolg dá dtárrus th'ord i n-árus fhiodhbhuidhe. H'altóra gan earradh gcrábhaidh, do chluig caoine cheolmhara mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra mar taoi is damhna deordhubha. Iomdha coireach ciontadh n-iomdha, d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillsi, fuair as tadhall bhar sleas samhghlan leas a n-anman, ionnoibhsi. Iomdha cuideachta chlann bhflaitheadh, lé bhfríoth fésda soineamhuil, eidir shleasaibh do choim chláirthigh ón droing cráibhthigh croidheamhail. Iomdha boicht do biathtaoi it orsain 'gun ord shochruidh shéimhidhe; dursan linne a lorg 's a láithreach gan ord gcráibhtheach gcéillidhe. Glan an bhuidhean dobhí id ghrinneall - nír ghloine géis ealadhshroth cuire diadha, caoimhghrinn, ceolach, saoirbhinn, eolach, ealadhnoch. Gairid gach lá ag an lucht chédna; nír chian adhaigh fhírleabhur; ní feas ní 'na aincheas orro d'ailcheas rollo ríghleabhar. Mairg lér díbreadh an ndroing bhfosaidh; ní feas créd a gcionta-san; mór a gcrábhadh, deas a ndaonnocht, ní feas aonolc iontasan. An t-airdrí, dan hainm an Tríonóid go dtí dá thoil ghrásomhail tabhuirt an chuire mhóir mhallghloin róinn, don adhbhaidh fhásfholuimh. Clann Phroinsias na bhfuighleadh dtaidhiuir till don teaghdhuis naoimhiodhuin, a Mhuire mhór, fég bhar bhfearta fán tréd searcdha saoidhiomhuil. A Phroinsiais, a phlanda geanmnuidh, guidh Dia, deaghMhac fionnMhuire, fá fhurtacht ar do chloinn choirnigh; roinn ret oighribh h'ionmhuine. Ó tá treimhsi 'na treibh uaignigh an áit ghrianach gealuaidneach, tar neart gcumhacht na bhfear bhfraochdha rob teagh naomhtha neamhuaigneach. CASAOID. Fearghal Óg Mac an Bhaird cct. Fuarus iongnadh, a fhir chumainn: cádhus uatha ní fhuair mé na daoine dar dhual ar n-ionnramh; is uar naoidhe an t-iongnadh é. Meisi folamh - féch nach diongna 's daoine daora ar nar dhual gean sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis i n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh. Mná anuaisle, buirb, is bathluigh i mbeartaibh óir san aird thall a-táid, trá, agus sinn gan édáil: dar linn atá égáir ann. Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach dár las um chorp crithir thnúidh, a mhic Fíthil ó iadh Énna, grian do dhíchil déna dhúin. A cheinnbhile chathrach Tuama, tuig, cheana, nach cubhaidh rinn gan bheith i ngoire d'fhuil uasail; cuir ó chroidhe suasuin sinn. Thiar do fhágbhus earr mo chonáigh; mo chéidní ó do chaith mé, má a-tá do thal leam, a Fhlaithrí, budh geall damh ré haithní é. Nír bheag lé h'athair mar iongnadh gan m'ana ag fás - foirfe an coll is toice ag fás ag mac moghadh, a shlat dar fhás toradh trom. Cing Artúir, uaithne na talmhan, trén ar an mbioth dobhí sé; teacht 'na dhál do dhligh gach duine; do thil clár na cruinne cé. Biadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr gan iongnadh nua - nuaidhe in barr go hég iar ruachtain san ríghe, gég uachtair na tíre thall. Ní léigfind dó - díochra an bhriathar dá mbeinn ann an uair do mhair, rí an chruine na gcosgar gcoimhthe, luighe is trosgadh oidhche air. San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir do inneosuinn a hucht m'ord mé fá bhrón tre bheith i n-anchruth, is ór ar breith bathluch mborb. Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfiodh clanna ladrann lán do mhoirn, is méd mh'anshóidh fa fhuil nGaoidheal: ní fhuil anóir aoidheadh oirn. I gcúirt Labháin na learg gcorcra ar comhroinn thoir a-tá mé; mar tám is ionnsa lem aithghin; nár liomsa dom aithribh é. Atá seanbháidh ag slait Tuama risin dtreibh ó dtáinig sinn; má tá sin i mbun na báidhe, do dhligh cur a láimhe linn. San aimsir dob ollamh fileadh Flaithrí mac Fíthil fuair aoibh, dobhiath connailbhe 'na chroidhe, sgiath comairghe Mhoighe Maoin. Réulta eolais érlamh nUisnigh, airdeasbag Connocht, cruth fial, saoi do mhol gach file fíre, cridhe sgol na tíre thiar. Éigne Bhúille, bradán Chonga, craobh do lubhghort leasa Té, ésga órtha ar nár fhás dubhadh, sás mórtha na n-umhal é. Sruith diadha nach dearna formad, flaith corónta chosnus tnúdh, buinne milis a taobh tolcha, iris naomh nach ronnfa a rún. Ua Cuinn Chédchathaigh Cnuic Mhaisdion. mac Onóra, eineach buan, tamhan úr ón Bhanbha bhraointe, rún m'anma, faoilti nach fuar. Mac Aonghusa, aigneadh faoilidh, fáilte ghnáth do-gheibhinn uadh: dobhíodh a thoil ar tí a dáilte; nírbh í soin an fháilte fhuar. Conn mac Í Ruairc na reann ndoinnte, damhna Connocht, cneas mar uan, a dhá chaomhthach re feadh bhfaghla caolshruth sean is adhbha fhuar. Téighim tar teagusg na n-easbal tre aithighidh na n-olc mbuan; eagal mo char as a chumonn ná rabh Peadar umam fuar. ÉAGNACH. ?Fearghal Óg Mac an Bhaird cct. Th'aire, a chumthaigh, réd chomhrádh! meinic adhnas iomarbhágh, a ghruadh gairthe ó ghéagmhoigh Breagh, d'aithle an éagnoigh ós ísiol. Ar omhan fhiallaigh na mbréag, ní hinnill caint gan choimhéd; iongaibh throim - ní doiligh dhuibh; poill ar na toighibh teagmhuidh. Adeir a lán gur luaidh sibh - níor shaoil misi, a mhic Fíthil, t'fhíoch riomsa; gá duilghe dál fuighle dob ionnsa d'iomrádh. Do-chuala trá nach tug sibh ameasg thuatadh uair éigin - bheas as deaghfhachain dar ndoirr meas re healathain oroinn. Táirnig do chéill - gá dám dhi má tharla, a athuir na héigsi, dál mar sin nár dhlighis duid nó ro ibhis digh ndearmuid. Acht uathadh dar n-oidibh féin, d'éigsibh Bhanbha an bhruaigh shoiléir, fa chlár nua caomhmuighe Cuinn, ní rua d'aonduine ar n-orruim. Tarla ó oidibh Innsi hAirt cruaidh im cheird fuair a faghairt ó nach maol biorchruaidh im beol, ná friothbhuail aon dom aithcheodh. Do shnaoi sinn - gá saoire sriobh linnte foruis na bhfiliodh ór gcéidfhios gur b'omhain ionn le sgolaibh éigios Éirionn. Lucht éanbhoithe sinn re seal; ná tréig choidhche, a chruth áilghean, t'fhear grádha mar nach dú dhaoibh: cára ná tú dom thathaoir. Slán don droing nach diongnadh sin, roighne na suadh, dar séisibh: blagh dá gcéadrath re seal soin fear dá n-égnach nach aghthair. Ag so an dán dorinne an brathar beannuighthe mhac dlisdeanach S. Pronnsias buabhall beannuigh binnglorach do togh Dhia do theagasg $et do seanmoir a shoisgeol agus do dheanamh cogaidh re luchd leanta Lucifer na bpeacuigh aig a bfuil coroin gloire ar son a seirbhisi .i. Eogan Ó Dubhthuigh agas da radhad an sna $satyrs bheaga so leanfas go bfuil an ccliarsa molfas leigion lobhtha Luteir $et cham-cciall Chailbhin mealta agas go deimhin is faoir do é oír do nid a-nuile ní contrardha do bheatha agus do theagasg Phadruic . Ag so an dán dorinne an bratheair bocht .i. Eoghan O Dubhthuigh da nguirthair buabhuill bhinnghlorach na heagluise etc. id est. Ag so síos dán dorínn Éoghan Ó Dubhthaicch bráthar bocht dórd San Proinnsias don Mhaolmhuire chéadna agus do dhaoinibh eile do thuit an eiriceacht lé na nanmhiann féin agus lé mearghrádh an tsaoghail. Eóghan Úa Dubhthaicc bráthair bocht eile don órd réamhráidhte do rinn na rainn eile si don Mhaolmhuire chéadna agus do Mhathghamhuin Ó Shéidhin .i. seanntsagart suirghéadhach diónntuig chum bheith na mhinistir agus adubhairt a searimóin dáirighthe dá ndeárnnaidh a cCorcaigh nách raibh a Muire Óigh acht bean mar a mháthair féin aig si an duain. SCOTUS Ó DHÚN. Cia an doctúir is mór iul lé ndíontur clú Máthar Dhé? aingiol glórmhar, deamhan súd, nó is é Scotus ó Dhún é. ÍOSAGÁN. Aodh Mac Aingil cct. Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh, san mainséar do chlaon do chorp gidh meadhrach is saidhbheir Tú 's glórmhar id dhún féin anocht. A Naoidhe bhig atá mór, a Leanbháin óig atá sean, san mainséar ní chuire a lán gé nach bhfagha áit ar neamh. Ar neamh Dhíbh gan mháthair riamh: gan athair 'nar n-iath anocht; it fhírDhia riamh atá tú: is id dhuine ar dtús anos. Ní sine th'Athair ná Sibh: óige an mháthair, a Mhic Dé; sine is óige an Mac nó í: óige is sine í ná É. Do dhiadhacht atá so i nglóir: 's T'anum fós san tír-si abhos; a sheinMhic 's a óigMhic Dé, ní tuigthear linn féin do ghoil. Móir-eagna an Athar nach Thú? cionas meastar gan iúl linn? 'sa briathra nach labhra, a Rí? mór míorbhal do-ní mar sin. I gcrios ceangail acht cé taoi, gluaise mar ghaoi ós gach spéir; déantóir na n-uile is na ndúl iongna déanta go húr É! Athair Tú dod mháthair féin; maighdeanas nír thréig an bhean, tuaim gan sholas - iongna mór is grian innti gan dul as. 'Na spiorad cé dobhí riamh, corpordha ad-chím mo Dhia anocht as gur labhairt damh is am Briathar Dé mar bhalbh 'na thocht. Coisg a réasúin, stad a chiall, glac an creidiomh, srian do bheol; ní thuigfe, is nír thuig-se riamh dála an leinibh-si acht Dia beo. Druid do shúile, a nádúr dhall; t'eolas annso is cam an ród; creidim gach ní adubhairt mé; m'ughdar an Té nar chan gó. Dia do bheatha, a Íosa, arís! dia do bheatha, i gclí ón óigh! a ghnúis is áille nó an ghrian, na mílte fáilte do Dhia óg! Uch! dá lamhuinn dul isteach - atú amuigh led chead, a Rí le fáilte, do-bhéarainn fós míle agus míle póg Díbh. Póg dod bhél, a Bhráthair gaoil; póg, a Phápa naomh dod chois; póg dod láimh ós Tú mo Rí: is duit uile, a Dhia, mo thoil. Tabhair, a Rí, gidh nach ceart, áit id thuamuidh don treas brúit, ameasg na ngaedhar ón tsliabh, rér chosmhuile riamh ar ndúl. ameasg na n-aoghaire id dhún áit trem pheacadh ní dú dhamh; acht uaidhne ná diult-sa Uait ós Tú m'aoghaire - an t-uan clamh. A Mhuire, a mháthair, a ógh, osgail dorus an chró dhamh go n-adhrainn AirdRí na ndúl; nach córa dhúin ná do dhamh? Do-ghéan seirbhís do Dhia abhos, faire go moch is go mall; gadhair na mbuachaill ón tsliabh buailfead ón Triath atá fann. An t-asal fós is an damh ní leigfead i ngar dom Rígh; do-ghéan féin a n-áit sin Dó: asal mé is bó Mhic Dé Bhí. Do-bhéar uisge liom go moch; sguabfad urlár bocht Mhic Dé; do-ghéan teine im anum fhuar 's tréigfead tre dhúthracht mo chorp claon. Nighfead A bhoichtbhréide Dhó is dá dtuga, a ógh, cead damh, mo cheirt féin do bhainfinn díom dá cur mar dhíon ar do Mhac. Biad mar chócaire gan bhiadh 's im dhoirseóir do Dhia na ndúl; 's ó tá orrtha go mór m'fhéidhm, iarfad fa mo dhéirc do thriúr. Ní iarfad airgead ná ór acht uair san ló póg dom Rígh - do-bhéar mo chroidhe féin uaim 's glacfad é mar luach an Trír. A Phádruic ón Leanbh-so fuair bachall Íosa mar bhuaidh grás, a ghein gan domblas id chlí, 's a Bhrighid - bí linn do ghnáth. A phátrúin Oiléan na Naomh, faghaidh grása ó Dhia dhúin: mar chruimh i n-uamhuidh Dé anocht glacthar bráithrín bocht ó Dhún. Go nguidhiodh sin urtha fós - ó tá gan stór ngrás 'nar dtír fóireadh 's filleadh ar na boicht ó Thoigh Theamhrach atá ar díth. Míle fáilte anocht i gclí le mo chroidhe dom Rígh fial in dá nádúir ó do-chuaidh, póg is fáilte uaim do Dhia! BLOGH DO SHEANCHUS NA MIONÚR. Aodh Mac Aingil cct 1625. File: A chroinn, ar ar thoirling Dia 's dá dtug riaghail do Fhróinsias, ataoi foirfe gé taoi úr, aithris seanchus na Mionúr. Dearbh leam gurab mór bhur n-iúl ó thánuig ort Rí na ndúl; ar Mhuire! tug eolas damh, a chathaoir eagna an Athar. Crann: Trí bliadhna fichead 's dá chéd ar mhíle - ní chanabh bréig ó thánuig i gcoluinn Dia nó go dtánuig sonn Froinsias. Iar dtrosgadh dhá fhichead lá mar Mhaoisi oile ar sliabh Síná, fuair ó naoimhChríosd, ceard na ndúl, léx is riaghail na Mionúr. File: Abair rinn, a chroinn chroidhe - bídh ar Chríosd ní is cainntighe cionnas tarla 's créd an modh toirbhirt naoimhriaghla ar n-athor. Crann: San gcuas-soin, 'na bhfuile thíos, dobhíodh ar Dhia ag gul do shíor 's na throsgadh ar Mhac Muire go rug buaidh na trócaire. I gcionn dá fhichead lá lán, tré dhéraibh dtroisge an bhochtáin, tig Críosd riaras gach guidhe ormsa i bhfioghair cholnuidhe. Deachdais dó riaghail na mbocht go ghlac Froinsias tre umhlocht; ní bhfuil innti acht briathra a bheoil, riaghuil do smior an tsoisgéoil. Riaghail nach fríoth ó dhuine fuair Froinsias tré mhíorbhuilibh, ó naoimhChríosd claoitear le caoi, naoimhléx, misi dar chathaoir. Mar tarla do Mhaoisi fós, ad-chlos sunna toirrneach mhór: Elias is a dhrong dá éis i n-aghaidh riaghla Fróinséis. "Duit féin," ráidhis ris an naomh, "'s ní dúinne do riaghuil chaol; beir do roghain: sgaradh rinn nó tug dúinn riaghuil fhairsing." Éighis Froinsias suas ar Dhia: "nach dubhart, a Mheic Mairía, fa'n gcaoilléx, nach gcreidfeadh dhamh ainmian fairsing na mbráthar." Ad-chlos annso naomhghuth mór ó neamh ag rádh san aieór: "a Phroinséis bhig, nochan fhuil éinní uaitsi san riaghail. "A bhfuil innte, is uaimsi atá, gá bhfuil fios cruais gacha cás; gach a bhféad, is aithnidh dhamh, an nádúir chlaon do dhénamh. "Uaithe féin 's le congnamh ngrás do-bhér-sa dhise in gach cás; ní fhoghnann achd riaghail chaol chum uilc, ó támuid rochlaon. "Dá bhrígh so, adeirim fa thrí: coimhédtar gan saoibhchéill í do réir an téax ó chridhe, gan cheilg, i gcéill shimplidhe." "An gcualabhair naomhghuth Dé," ar Proinsias, "dhúinn mar fhíné; feasda ná bídh ag cor rinn, ná hiarruidh riaghail fhairsing. "An riaghail naomhtha tug Dia dúinn, crann na beathadh isí súd, dóthchas slánuighthe tig dhi, is sí airnéis na glóire." "Naoimhsmior an tSoisgéil is í, slighe chroiche Meic Dé Bhí, eochair pharrthais, caoilléx Chríosd, fíorchairt oighreachta an airdRíogh." Iar gcluinsin an chomhráidh chóir 's ar bhfaicsin an mhíorbhuil mhóir, glacuidh Elias agus cách an riaghail, leó gér chruadhchás. Gluaistear leis an naomh don Róimh; guidhidh an Pápa ba cóir séala agas daingion do chur ar an léx fuair ó Íosa. Dá bhráthair dhég is é féin, lorguire dílios Mheic Dé ba hí a bhuidhion ag dul dó, d'fhios an Phápa, don tseanRóimh. Diúltar gach ar iarr an naomh; dar leosan - ba breath neamhchlaon fan riaghuil 'nar chuir a dhúil do bheith antrom don nádúir. Gluaisidh Íosa cridhe Eóin, cairdionál go millseachd mbeóil; an t-aduocaidh fuair ó Dhia do-ní aighneas do Phroinsias. "Ní fhuil", ar seision, "go fíor san riaghoil-si acht briathra Chríosd 's an léighionn do mhúin a bhél, mar tá sgríobhtha san tsoisgél. "Gan each, gan airgiod, gan ór, gan léinidh, gan mhaoin, gan bhróig go raibhi Críosd - follas soin; 's go rabhsad fós na habsdoil. "Is ar lean iadsan ar tús san slighe chaoil tugsad dúinn; cúl don tsaoghal, crádh an chuirp bá hiad príomhchuing a gcrábhuidh. "Do tréigeadh an tslighe chaol, ré fada, is lorg na seannaomh; leis an saoghal 's leis an gcorp rugadh buaidh ar an spiorad. "Do-bheir naomhord gaisgidh Dia anos dúinn, dán ceann Fróinsias: sucar atá d'fheidhm i bhfad óirn, do chlaoi na dtrí námhad. "Éisdtear eision dá bhrígh soin 's cuirtear séala ar an riaghoil nó abruidh ós aird gur bhrég Críosd, a absdail 's a shoisgél." Ag coinntinn mar so do chách, tug an té fhuasglas gach cás aisling naomhtha, anuas do neamh don Phápa, an cruas lér sgaoileadh. Ad-chí ag tuitiom, síos go lár, Eaglais naoimhEóin Laithearán; fíordhuine bocht - iongnadh sin 'gá chongmháil ar a ghuailibh; Pailm idir a chosaibh d'fhás ag cor a ghég suas ó lár gus na sbéiribh - do thuig iad iar dteachd chuige do Phroinsias. "Ag so an bochd," ar an Pápa "gabhal droma diongmhála dár naoimheaglais, Dia na nGrás tug ó thuitiom dá congmháil. "Ag so an phailm dhíreach ghlan, crann nach gcromann go talamh, crann ó a bhfuighiom - deimhin linn toradh naomhthachda is léighinn. "Mo bhreath, a bhoichd, dá bhrígh so: an riaghail tug duit Íoso, bíodh daingean; glacuidh cridhe, seanmóir dúinn an aithridhe." Ó sin suas, nochar sguir riamh céidcheann na n-ord mbocht, Froinsias, gan a láimh agas a bhél ag síorsheanmóir an tsoisgéil. Congmhais féin 's ar lean a lorg an eaglas suas léna n-ord, is gach aird - is follas soin thoir, thiar, seachnóin an domhain. Pailm thoirtheach ag cor a gég as gach áit go neamh na néll; lugha ina síol - mór re a rádh na huird oile go hiomlán. Dá phriviléid tug dhó Dia: mórghrádh ar a ord go mbiadh; 's gach leathtrom do-ghéntaoi air, lámh Dhé go luath dá dhíoghail. Onóir oile fuair an fear, nach tugadh fós riamh d'éinneach achd dósan, créuchda Dé dhil do láimh Chríosd, 'na chúig croidhibh. Mo-chean don chorpán 'na bhfuil armas fuasgluidh shíl Ádhaimh - naomhlámh Chríosd féin agá chor céir croidhe Críosd dar sheoladh. Labhairt ar so damh ní dú; gluais, a bhráithrín bhoichd ó Dhún, go hAlvérn, 'na bhfuair ó Dhia na séla naomhtha, Proinsias. Abradh gach aon a chuid féin; ní leamsa achd tosach Proinséis; mór dá mhíorbhuilibh 's dá chéim do-géubha ar airdshliabh Alvérn. Madh áil fuilleadh, gluais arís as sin go cathraigh Asís, a-bhaile a bhfuil - diongna an cor an naomh mur bheo 'na sheasamh. I bhfioghair chroisi a chorp úr 'sa aghaidh ar Dhia na ndúl, a naoimhchneadha dearg a-niodh, fuil riú, dar leat, ag siliodh. 'S iomad naomhchorp ar gach dtaobh; iomlán cheithre gcéd achd aon do bhliadhnoibh dhósan gan chur, 'na lár, uaidh féin 'na sheasamh. Do ghéabhae i n-áitibh oile go fairsing a mhíorbhuile; ní thabhraim-si achd airdiúl daoibh ar mhórdháil ndiadha an ardnaoimh. File: Mo-chean duit, a sheanchroinn úir; mór an t-eolas tugais dúinn; tre mhéd th'fheasa, creidthe dhamh gur thurn ort eagna an Athar. Guidhim Dia do thoirling ort 's do dheachd dhíot riaghail na mbochd go gcoimhlear go hég a choing; do bheannachd liom a naomhchroinn! GEALLAMHAIN S. FROINSIAS. Eoghan Ruadh Mac an Bhaird nó Aodh Mac Aingil cct. Briathra S. Froinnsias rena bhráithribh annso. Mór dho gheallsam uain: mó - smuain - gealltar dhúin; dénam iad súd fíor 's riu san bíodh ar súil. An antoil as gearr; suthain searbh an phian; annso 's beag ar nduadh; ar nglóir buan ag Dia. Gairm na n-uile shluagh, iar dtogha, truagh! tearc; id chionn bíodh, do shíor, 's do réir ghníomh an bhreath. An saoghal na gcealg, iomdha feall do-ní; a chlann, tréigidh é 's leanuidh luirg nDé bhí. Leanmhuin athar bhoichd, saidhbhir soin mar lón; tugaidh fuath don bhioth 's do Dhia an cion is mó. Meisi Proinnsias beag; mé ní leam, gan ghó, 's ní mac dhamh an té 'na mheas féin bhús mór. NA hOCHT mBEANNUIGHEACHTA. Eoghan Ruadh Mhac an Bhaird nó Aodh Mhac Aingil cct. Beannuighthe na boicht; beid-sion i dtoigh Dhé; 's beannaighthe an drong mhín: tír neimhe a dtír féin. Beannuighthe lucht an bhróin: sólás dóibh is dú; beannuighthe lucht sídh: clann Dé Bhí iad súd. Beannaighthe an t-ocrach ceart óir sástar i dtoigh Dhé; 's fear na trócaire fós do-gheibh a nós féin. Beannuighthe lucht duaidh fhuilngeas cruas fan gcóir; ní beag an luach é: teach nDé dlighthear dhóibh. Beannaighthe fós iad soin lucht an chroidhe ghloin réidh; budh haoibhind dáibh súd 's do-chídhfid gnúis nDé. Ocht slighthe ag so dhaoibh leanuid naoimh go beacht do réir léighinn Chríost do shúil díobh ná bean. SEACHT nOIBRE NA TRÓCAIRE. Eoghan Ruadh Mhac an Bhaird nó Aodh Mhac Aingil cct. Cuairt gun té nach slán 's d'ocrach, 'na thráth, biadh tug - 's d'fhior tarta, dhigh; budh buidheach dhíobh sin Dia. Fuasgail duine ó chruas, an nocht ón fhuacht díon, glac deóruidh it áit, mairbh cuir, madh áil Críosd. Tugaidh d'fhior ainbhis fios - peacthach fa n-a chion sbreag is comhuirle 'na tráth don té atá leamh. Do mhasla, do chách maith go bráth ar Críost; is cealgadh lochta an bhróin dlighthear, ó chóir, dhíot. Fuloing th'inghreim fós 's budh sealbh dhuit go glóir é; 's dod naimhdibh, do ghnáth, bí ag guidhe ghrás nDé. Ceithre hoibreacha dég do-gheibh, 's is sgéal fíor, an té do-ní iad trócaire fhial ó Chríosd. An té do-ní iad do-gheabhuidh ó Dhia thuas glóir bhús aoibhinn d'fhior ar an mbioth dhó ar cuairt. CEANN AODHA Í NÉILL. Aodh Mac Aingil cct. Ceann Aodh Ruaidh, mhic Uí Néill, arna thógbháil as adhlucadh isan Róimh cct nó Aodh Mac Aingil ina ainm. A fhir fhéuchus uaid an cnáimh, ná fiafraigh do chách cia hé; ná bí i n-ainbhfeas acht druid leam: is misi ceann Aodh Í Néill. Do-bhér dhuit geirr-léigheann glan: an saoghal ná car go bráth; dá lucht chogaidh, ní ghén díth 's is cealgach bhíos dá aois ghráidh. Iomdha gealladh nach bí fíor; iomdha líon ré ngabhann inn; fírinneach, dar leat, atá 's is bréag do ghnáth do-ní rinn. Gealluidh saidhbhrios gé atá bocht; gealluidh éudach: nocht atá; gealluidh aoibhneas: tuirseach é; gealluidh séan: neamhshona atá. Gealluidh daingneach: brisdeach é; gealluidh ré gidh gearr a sheal; gealluidh mórán: beag a mhaoin; se re a thaobh gé tharla dhamh. Gealluidh ní amárach uaidh go lá an Luain ní fuighthior súd; bréagach uile a ngeallann daoibh; a chuid an daoil, tréig a rún. Sgáile an bheagáin do-bheir uaidh; roi-ghearr an chuairt do-ní sé: néull beag siubhlach nach mór luach comhluath chugaibh is uaibh é. Ní sgéul bréige a ndubhart ribh; ná gabh chuguibh mar sin é; oram féin dorinne an chealg; creididh dhamh, is dearbh mo sgéal. Dearbh-ua Í Dhomhnaill budh mé 's oighre Í Néill dá ghairm dhíom; dalta Uladh uatha amach nír bheag an rath san tír thíos. Do gheall dhamh dúthaigh mhór mhór 'sna trí hinnsibh nár mhó ag aon: ar díbeirt i bhfad ór dtír acht seacht dtroighthe ní fríoth d'Aodh. d'fholuibh uaisle na dtrí n-iath, uaim nír chian mo rogha mná: fuaras - is ní gearr a seal fuair-leac rem chneas go dtí an bráth. Do gheall halla, caisléun, cúirt, grianán áluinn go múr mbláith: tug dhamh uamhuidh gcumhaing gcriadh is biad innti go dtí an bráth. Do gheall teaghlach, muinntear mhór, óg-ghasruidh fá lór do shluagh; im aonar fa chriaidh atáim is biad amhluidh go lá an Luain. Minic do ráidh "Biaidh id dhún meadhair, fleadha, 's do rún daor": i mbrugh chumhang bhodhar bhalbh, atáim ag biadhadh darbh-daol. Tug dhamh uaisle, deigh-dhealbh, rath, tréidhe cuirp - fa maith mo chiall: nír fhan le silleadh na súl aguinn a dtug dhúinn ariamh. Do gheall fad-aois dhamh re n-éug: giolla na mbréag - mairg dár gheall! ní mór go ráinic linn fás an uair tig an bás 'nar gceann. Uch! is mairg do mheall a mhian! 's is mairg riamh dhá dtug a ghrádh! mairg do chreid a chogar claon! ro-mhairg d'Aodh nár thréig a pháirt! Truagh nár thréigeas é dom dheóin! truagh nach beo do thréigeas é! anois tuigim mall é súd an uair cuirthear san úir mé. Siocra na n-olc do mhill sinn nír léigsiod i gcill ar spéis: bá binne glór ngadhar ngarbh ná ceol psalm ag moladh Dé. Loisi an tsaoghail, caidreamh claon do mheallsad fa-raor ar gclí; bláth ar n-óige rugsad uainn; och! anois is truagh mo chríoch! Truagh nar cuireadh sinn ó thús ar sgoil chrábhuidh ar iul Chríosd: tús ar n-aoisi fuair an corp; as sin táinic olc ar ngníomh. A fhir fhéuchas ar an gcnáimh, gabh mo theagasg madh áil neamh: tús don spiorad, d'eolas Chríosd; deireadh don chlí - gearr a seal. Gabh mo theagasg i n-am uaim ní feas cá huair tig an t-éug: san aimsir nach smuaintior sin, 'na fhoghlaidh chugainn tig sé. Cuimhnigh an bhreath rugadh orm leanfoidh sibhsi ar lorg 's ar ré: ní fhuil do dhiffir annsúd acht sibhsi aniu is sinne ané. Seachna na bpeacadh madh áil, do mheabhair do ghnáth is cóir ceithre críocha do chum Dia, ceirt-bhreith, éug, pian, agus glóir. Dá ndiulta teagasg na mbeo - gnás na bpeacadh dhóibh gidh náir diultadh do ghlór mhairbh ní dú an toictheach Sa-úl do ráidh. Ar mhaith mbréige an tsaoghail bhoicht, tréigean Dé budh olc an chiall: le tigh nimhe do-bheir cúl 's gabhuidh iul go tigh na bpian. Tug an saoghal dhamhsa a rún; guidhim sibhsi - sgrúd mo chás, gabh múnadh an leomhuin uaim, a fhir fhéuchas uaid an cnáimh. A fhir fhechas an cnaimh bhi go ttrasd ar thaitniodh na ccrioch nochtaigh ar láir gan sgáth no fosgadh on tshín cuimhnidh an phais fuair an tárdrigh dhar cceannach go daoir is goirid an trath go mbeidh tú do smail faoi leacaibh go críon. Féuch an ceann gan ann acht áit na súl féach an drantol mantach béarnach úd féuch an chlann go fann mar sgáile ar driúcht is bia gach dream thig ann go bráth mar súd. NICHOLAUS CLAUDIUS Carmen Hibernicum Lucae Wadingi Nioclás Claudi - fíal an fear Fabri Péres dá ngarthar ab-chomhairleach ríogha an aeis; le gach sáoi, búan a chairdeas. Iomdha i dtíribh eolus air: mór a sheoid, mór a leabhair; 'cheandach greibhilleadh, do chuir teachta go horthar ndomhain. IOMARBHÁGH NA bhFILEADH. Roibeard Mac Artúir cct. Is follas, a mheic Dáire, daoibh, gurab fáth mórnáire bhar bhfreagra chlaon ar mo dhán, bhar searbhghlór saobh, bhar seachrán. Damhsa, ar son bheith im bhráthoir, ní fearr aire ar mo thráthuibh 'ná ar choimhmeas do chor ar gcúl; ó síoluid fátha míorúin. Dá léiginn fós ceachtar dhíobh i gcás móirriachtanuis díom, cáirde ar na tráthuibh is cóir; sgrios ar choimhmeas i gcédóir. An tan nach éidir go beacht coimhéd dhá léx i n-aoinfheacht, coimhéd an léx is mó dhíobh dleaghthar do neach, gan imshníomh. Sgrios coimhmis ó gach duine léxa sin Ríogh na cruinne; rádh tráth go mochthráthnóna léx pápa na seanRómha. An léxa-soin Ríogh na ndúl do orduigh féin amháin dúnn is mó go mór cheanglas inn iná an léx oile adeirim. Modh uait i spíd 's gan spíd ann go bélchráibhtheach it chédrann gealltar lat 's nír chuiris ris; neimh h'inntinne gur sgeithis. Tadhg: Dá dtugtha h'aire dhamhsa, guais bheith dod threabhadh tarsna; an céacht ar ar chuiris lámh súil romhat air nír bh'fhoráil. Roibeard: Treabhadh tarsna dhamh ní guais do dhán do fhreagra do ghluais, ar chécht ó do chuirios lámh; ním oireamh sligheadh seachrán. Lorg bhar gcéchta dá leanuinn, nír chúis tnúidh gé do threabhuinn; ní guais bhós ag béin a bharr na budh cogal mo dhioghluim. Tadhg: Dá measta nach dlighfinn sin mo chóir féin do thagra ribh, ogal neach re a ráitear olc; aibrisg, fo-ríor, an daonnacht! Roibeard: Nír mheasais, nír mheasda dhamh nar dhligh sibh cóir do chosnamh: égóir do chosnamh gan chéill cúis fá dtugadh ort toibhéim. Gé go dtug drong oile daoibh gné fhátha oirbhire ..., ribhsi ní dubhradh linn locht bú fáth égnaigh dod dhaonnacht. Tadhg: Im chosnamh féin tagraim ribh - feirrde m'fhíor chatha-sa sin; diongna an ní tarla ar h'aire cosnamh Cuirc mar chríostuighe. Roibeard: Gud dhaoradh féin thagras sibh - meisde d'fhíor catha-sa sin; diongna an ní tarla ar th'aire cosnamh fhir nar chríostuighe. Red shleigh féin do ghonus thú; féch nach duitsi bhus míochlú: ag teacht uait nach gonann neach 's gar filleadh ort go fuilteach. Nír chreid Éibhear, nír chreid Corc, nír chreid fós do Mhogh Nuadhat i gCríost, náid na dronga eile, ór shíol fáth do choinntinne. Dá bhrígh sin, is dearbh, a Thaidhg, nar fhéchuis umat gach aird, 's an cécht ar ar chuiris lámh súil romhat air nír bh'fhoráil. Dob éidir gur mealladh sinn; go bhfríoth latsa id sheinsgríbhinn Éibhior Fionn 's a shliocht re gCorc i gcreidiomh Chríost na gcumhocht. Nó tré sgrúdadh do sgreaphtra go bhfuair tú - mór an tapadh sochor ó fhuil Éibhir Fhinn lér dhlighis súd 's nach dlighfinn. Bíodh nar chreid, mar adeire, Torna Éigios, an file, sinn dá chosnamh ó bhur spíd ní cúis mhasla dar n-aibíd. Is minic is éigion damh Arisdodoil do chosnamh; do chosuin é 's ní go tim doctúir do chreid mar chreidim. Do chosuin é 's ní go saobh San Tomás dobhí 'na naomh is iliomad naomh oile d'aithribh na fíreagloisi. Sgola tuaithe agus cille, san rann-sa dá bhfuil sinne, cosnaid é 's ní meastor leo go dtiocfadh dhíotsa a n-aithcheodh. Leagha feasacha an tsaoghail - ód spíd dhóibh ní cúis bhaoghail cosnuid is ní dhóibh a lén iul Iopragaid is Ghailén. Tolome-us, rí fa trén, do thrácht ar chiorcluibh na spér, cosnuidh tuaith is cosnuidh cliar, nach gcuirionn cás it ainmhian. Ro chosainsiod drong dhiadha, ar nach tár do bhaoithbhriathra, Euclides, i dtomhas rann na gcorp n-árd is na bhféaronn. Filidh Laidianta an bheatha, leis nach eagail h'ainbhreatha, cosnuidh a rinndealbhadh dán gurb é Uirgil a sgáthán. Na príomhughdoir luaitear linn 's dronga oile nach áirmhim, gan neach dhíobh i gcreidiomh chóir, cosnuid fíréin gan égóir. As ar chan sinn, dearbhuim ort cúis iongnaidh nach foil agat, Tórna dá gcosnuinn go cóir, bíodh nar chreid san Slánuightheoir. Lór dhamhsa dá dhearbhadh sin gach ar thagras cheana ribh; dearbhuim ort anois go beacht go ndéine ar Thórna éigeart. Éigeart duit a rádha ris nar chreid i n-Íosa mhilis; ní beag dhamh dá dhearbhadh sin a bhriathra féin d'innisin. San rann le n-iadhonn a dhán, fa dtugais-si air-siomh tár, admhuidh le creidiomh croidhe do chách é 'na chríostoighe. Admhuidh go rachuid fa dheoidh fir dhomhuin go Sliabh Sí-eóin do thabhuirt ceirt do Chríost cháidh 's go rachuidh féin san mhórdháil. Nír shén 's ní shéanfadh duine acht fear seachráin nó buile nachar chreid i Mac Dé Bhí neach do chreid mar ad-chluintí. Do chreid Tórna, 's ní go claon acht do réir chreidimh na naomh - creidiomh ro theagoisg go beacht do mhac Alphruinn na móirfheart. Gér shine Tórna ná Niall 's ná Corc ó Chaisiol na gcliar, iar mbás na deisi, dearbh leam sé do bhreith ar an Táilgeann. Amhuil rug Oisín mhac Finn is drong mhór oile d'Éirinn, ba sine iná Niall is Corc; ní nach éidir leat d'ionnlach. As so dearbhthor go bhfuile ar ród seachráin nó buile, ag tagra mar thagra ruinn san chúis-si tarla eadruinn. Éiligh dá bhrígh sin gan mhoill an daoirbhreith ruguis oruinn; 's aduimh a bheith, mar dobhí, Tórna i gcreidiomh Mhic Dáibhíth. Innis fós - nar ab loinn leat orum go ndérnuis éigeart: mo dhaoradh i gcúis 's mé saor, ina bhfuile féin lándaor. Nír togadh ós cionn Tórna tú le héigsibh na Fódla; ní rugsad breithiomhnus lat far dhlighis Torna d'ionnlach. Ceangluid duit creidiomhuin dó munab follas duit agó 's do sheanshaoithibh, madh áil leat thú féin d'eadráin ar éigeart. Féch gorb breitheamhnas tromdha a rádh gur dhligh díot Torna modh urrama, gér nar dhligh ó shósor féin d'aois Éibhir. Léigim dhíom - ní do dhearmad a dhearbhadh so le seanchas: ós follas nach tugann ceart ar thír, amháin sinnsireacht. Gidheadh, ní léigim-si dhíom ceist nó dhó d'fhiarfoighidh dhíot d'fhéchuin an bhfaicfidhe lat cúis t'fhurfhógra an bhfoil agat. An ní do bhreith ar Dháil gCais feadh an leathtruim bhreitheamhnuis: go ndlighid síol gCarthoigh dhíobh modh urroma gan airbhríogh. Nach do shliocht bhar nÉibhir Fhinn an dá shliocht-sin adeirim 's nach ón tsósor díbh Dál gCais le ngluaistear do chlaon sheanchais? Eoghan Mór is Cormac Cas ua an Éibhir ar ar labhruis; ua na deisi adearor linn an dá shliocht-sin ribh ráidhim. Eoghan isé ba sine don dís-sin adeir sinne; uadh síol gCarthoigh, fine is mó seanchas fíre is ní nuaghó. Ósí sin do bhreith-se féin - nó atá t'fhorfhógra gan chéill nír sguiris dod chaomhDhál gCais anfhlaithe díobh go ndearnais. Gibé rachos ós a chionn dlighidh gach neach, cionn i gcionn, munab anfhlaith an rí féin, modh agus umhlacht dóiséin. Re bhar dtagra-sa, a Thaidhg, ruinn, diomdha ó gCais sibh féin do thuill: ag dénamh, dar leam, gan chéill, anfhlaithe ós aird díbh-séin. Fáguibh an tír i bhfuile; ná taobh, dá dtreibh, aonduine; ní dáil duitsi saorDháil gCais: daoirbhreath orra do nochtuis. Ad-chím gor deacrach do thriall: ní fhaicthear dhamh, thoir ná thiar, éinneach do shliocht Ghaoidhil Ghlais tár éigin air nach tuguis. Ná triall go sliocht Eoghain Mhóir; dhuit ní dlighthior dhíobh onóir ó do chuiris do Dhál gCais ós a gcionn id chraoibh sheanchuis. Ó dearor gur dhealbhuis chraoibh, ríshliocht Gaoidhiol do gach taoibh, 's go n-abra, acht amháin Dáil gCais, gur chaillsiod ceart an dúthchois. Ní headh amháin le neart Gall nó re léx nuaidhe eachtrann acht do réir an chirt dobhí 'gan chloinn Míleadh, adeirthí. Deichneabhar 's dá fhichid rí do shliocht Eoghain Mhóir dobhí i bhflaitheas chóigidh Mhumhan - bíodh do shlán-sa a bhrégnughadh; 'S nach roibhe ar shliocht Cormaic Cais, do réir fhírinne seanchois, acht dá sheisior - beag a dtoirt i ríoghacht chóigidh seanLuirc. d'fhior na craoibhe féch mar ghuais, ós follas leathtrom anuais, triall san turas adeir sinn; fáth guaisi tár ar saorchloinn. Ná triall fós go clannuibh Cuinn, cusbóir do tháir 's do leathtruim, id chraoibh, it aighnios, id dhán lán dod bhaois is dod sheachrán. Caoga do ríoghuibh acht rí, iar gcreidiomh amháin, dobhí do shliocht Chuinn ar Inis Floinn ar rígh cóigidh ní labhruim. Acht do Bhrian Bóruimhe abháin, ní raibh iar gcreidiomh d'Íbh Táil, iná fós d'fhuil Éibhir Fhinn, 'na rígh corónta ar Éirinn. Iomdha neach dá rádh réd Bhrian gur le meabhuil 's le hainmhian 's nach le fírcheart nó le cóir, do bhean amach an choróin. A los a ráidh ní mian linn tagradh, bíodh go bhfédfadh sinn; isé sunn ar dtagra ruibh nach fuil libh acht ríghe ruathoir. Iolraigh é más éidir leat do réir na harat-meiteag ó taoi mur adeire rinn eolach san cheird adeirim,. Nach cuimhneach libh gurab cian ó dorinnis d'fhuil Uilliam an rosg fileadh ina bhfoil síneadh h'iuil san ealadhuin? Adeire i Laidin go séimh, ag cor bhar n-iuil daoibh i gcéill, dá gach cuid doní ronntor, leathchuid ris go n-aborthor. Bíodh goma ceaduightheach dhuit Connacht do roinn i ndá chuid, dhá ronna do Bhrian mar rígh, ní fhoil ann acht dhá leithrígh. Dá leanta dod roinn níis sia, cian uait nuimhir ríogh ar dtriath; muna sguire dod roinn ríogh, gearr go rachuid ar neimhthní. Gé gur chleachtsad caomhchlann Chuinn dídean fileadh tar gach druing, ó mhéad do tháir ar an gcloinn, do thriall chuca ní mholuim. Ná triall fós go clannuibh Ír; deacair do chaomhna 'na dtír gé gorab síorghnáth don tsliocht caomhna fileadh ó ainiocht. Cúig ríogh fichiod, is dearbh linn, dobhí don tsliocht ar Éirinn, gan rígh cóigeadh d'áireamh ann: orra id chraoibh féch an leatrom. Dá n-áirmhinn uile go beacht ríghshliocht Gaoidhiol i n-aoinfheacht, ní fhuighinn dream don nuimhir tár orra nach dtugobhair. Ó'd-chí féin docra do cháis, ó'd-chí fátha do dhóláis, ní foráil dhuit féchain ghrinn ar h'áit shóláis i nÉirinn. Dá measta gur bh'anta dhuit san tír-sin ua gCais nó Chuirc, féch gor fhágbhuis iad a roinn cian ó shoin gan fód fearoinn. San dán "Rannam re chéile" féch an sighne míchéille: tugthor Fódla thoir is thiar acht míle amháin d'fhuil Uilliam. An file d'fhuil Éibhir Fhinn thagras go beacht dá thaoibh rinn isé go glic dorinne roinn na tíre adeirmid-ne. Leitir Mhaoláin, gidh nach mín, a chuid ronna féin don tír; Inis Fódla ó soin amach fágbhuidh fa chlannuibh Búrcach. Tadhg: Gach ní bheanas red ghairm féin ós ann dlighim bheith dod réir, ní mó iná ionnta so amháin chreidim dod chumhuidh chomhráidh. Roibeard: Do choimhmeas do chor ar gcúl isé dhamhsa fa príomhrún mar is follas as mo dhán má thuigthear é gan tseachrán. Dlighthior sin d'fhior mo gharma méla nach dhuitsi a tharbha dlighthior do gach aon mar inn cosg ar choimhmeas 's ar choinntinn. Coimhmeas idir shleachtuibh ríogh, frémh fhása uilc, is éisíodh; ná car feasta an phéisd neimhe do charuis 's car aithrighe. Ins an gcás bheanas rem chéim dlighidh tusa bheith dom réir, gan féchain do ghaol nó bháidh, creidiomh dom chomhuidh chomhráidh. Tadhg: Uirrim uaimsi d'aois Torna féch an breithiomhnus tromdha: modh urrama 's nach áil libh ó shósor féin d'aois Éibhir! Roibeard: Do-chím gorab gnáth duitsi gluasacht red mhearbhall tuigsi 's nach faicthear d'aoinneach oile ádhbhar bhar dtruim oruinne. Dá dtugtha aire go grinn don rann fa bhfuil ar gcoinntinn, is cosmhuil nach beanfa as bheith trom orm fa bhreitheamhnas. Na sinnsir dan cóir umhlocht do chuirios síos do shunnradh; cia adeire - ní dubhradh linn gur dhligh gach ógaois uirrim? An tan arduighthear i gcéim sósar le a shinnsioruibh féin, dlighthear dhíobhsan do gan locht modh, uirrim, agus umhlocht. Dobhádar, do chloinn, dias mhac ag Iosag, an patri-arc; don mhac ba hóige don dís do dhligh an cédmhac seirbhís. Sliocht an tsósuir is é féin do bheannuigh Dia mar dheighfhréimh, fógrais don tsinnsior 's dá shíol umhlacht dóibhsiomh gan fhairbhríogh. Ag an tsósor luaitear linn dhá mhac dhég dobhí inghill; sósor na cloinne-si acht fear ós cionn na cloinne cuirthior. Do threibh an dara mac dég 's don toigh dob ísle dá fhréimh, toghthar an céidrígh do ghlac ós cionn phobuil Dé - adérat. Fear is móirsheisior dobhí do mhacuibh ag Iosahí; do hoirneadh sósor na bhfear 'na rígh ós cionn na sinnsior. Do radsad dó mar do dhligh do rad a sliocht dá shliocht sin gan seandacht do chor i suim, modh, umhlacht, agus urruim. Iomdha sdair is sgriobhtúr linn tar ar áirmheas, dá n-áirmhinn, dhearbhas ó gach sean gor chóir dá óguachtarán onóir. Léigim thoram iad anois is iomad oile seanchois, ó nach beag dá dhearbhadh dhúinn, a dtugsam as an sgriobhtúir. Le breith bhreithimh nachar chlaon ó bháidh re taobh don dá thaobh, ós cionn Éibhir Fhinn na slógh, cuirthear go dearbh Éireamhón. Créd re báidh fa ndiongnadh claon 's gur bh'ionann a pháirt riú araon? dearbhráthair coimhdhil don dís do sgaoil an bhreith gan mhailís. Breath bhreithimh thoghtha na sluagh: saoradh Éiriomhóin 's a ua ar umhla, mar thagraim ribh, do thabhuirt uadh d'aois Éibhir. Acht ceanglaidh d'Éibhear na bhfleadhól tabhuirt umhla d'Éiriomhón, 'na shinnsior féin gé dobhí Éibhear Fionn mar adeirthí. APOLOGIA. Fear Feasa Ó Maolchonuire cct. Beag táirthear don tagra mbaoith; treabhadh eisde is ar díomhaoin; gibé nach tuar a thalamh, de nocha dtáir tromtharadh. Tromthuar na tagra ósé an ceart, gibé threabhas an éigceart a thoradh ní dual go dtáir: dleaghar eision d'iongabháil. Ósí an tagra is treabhadh dho - tuar an chirt is trom toradh baoth d'oireamh nach ann shíneas mairg threabhus a haindíleas! Cúis ar bioth nach bean le ceart saoilim nach mór an t-éifeacht treabhadh eisde go dána, d'ainbhfeas nó d'fhonn éudála. Olc linne go nuaidhe anos mac Seancháin gur dó bheanos, tar gach éinfhior in Iath Floinn, foirm is éifeacht a n-abroim. San tagra ros tagradh lais, luighim fam luighibh dúthchais uireagla ormsa nar chuir Tuileagna, i bponc dá phoncuibh. Atá a thagra anonn 's anall, soir, siar ar siobhal seacham, ag buaidhreadh mh'éisteachta istigh, ó atú eolach 'na thuigsin. Slán aoin dá mair san mBanbha go bhfríoth riamh a mhacsamhla do thagra ó aoinfhior oile dár chin do chraoibh Chonuire. Ós ón gcraoibh-si do chin mé, córa leam tagra Thuilgne do chlaochlódh ó cheart mo rann iná a hathais dúinn d'fhulang. Neimhghlic mur do léig ós aird, theas is tuaidh d'eagla an fhodhaird; bíodh gur shaoil go seasfadh soin an tagra thim ros tagair. Ceithre poinc 'nar bhrégnuigh sé an bráthair bocht maordha Míchél 's a thriur comthach thall 's abhus bíodh ormsa a ndídean d'eolus. Dearmad ionnta nach tarla, brég ná earráid ealadhna ná trom ar dhuine ar dumhan bíodh ar m'iul a chruthughadh munab trom fírcheart seanchuis do réir uird a bhreitheamhnuis. An cúigeadh ponc do thagair mo fhreagra air 'na aghaidh: nach biu gá dhídean ag dol ó nach tánag le a thráchtadh. Udmhailleacht uaim anallan nír thuig éinfhear adamar: am ionann ané 's aniodh 's gach uair san gcúis lé gcuireabh. An t-iul glan do leanadh linn, ar lorg suadh bhfeasach bhfírghrinn, mairg do thriall a chlódh idir, in Áth Cliath san gcaibidil. An ghairm ar ais do trialladh ar an bhfírfhios bhfoirmchiallghlan mairg dár mhian a seasadh sin 's gan innte acht earráid uile; a ráidhim is rádh dhearbhtha do thaobh na bponc gceitheardha. A bhfiadhuin air ó tharla, connmhaid an t-aos ealadhna do ghair tair ais, más fíor dho, a lámha uaidh mur fhiadhno; iad-san air mur is dú dhóibh, nó no do-ghéanuid égcóir. Leis ag teacht ó táid go dearbh glainleabhair ughdar Éireann, a rádh d'fhior ní rádh threabhar díobh nach tig leis éinleabhar. A chonnmháil ó chló Labhán mairg nos iarr ar uachtarán; 's gan acht fírcheart san bhfios ngrinn bhias ar bun choidhche i nÉirinn. An nóta gáibhtheach nach glan adhnár don tí lér tráchtadh; a aithghin do ghlór mhire 's é 'na bhréig go huilidhe ina thráchtadh leamh leanbdha ar na poncuibh ceitheardha. Más do dhíon masla seanchadh do thrácht an nóta neamhghlan, truagh nar dhídin ar mhasla é budhéin san nóta-sa. Tuigthear as a thráchtadh féin gur chuir san nóta gan chéill a mbaoi do shaobh is do shal i seanchas Mhíchéil bráthar: olc an tráchtadh 's nach lér locht san seanchas ceart ad-chonnarc. A thagra ó nar thuar mur sin, gan toradh biaidh dhá bhithin mur threabhthach nach tuar aras: téighim air i n-urradhas. An tí do thagair - gá dtás i bprós, na puinc go bhfarbhás, fíorghnáth na suadh seachnaidh soin, gach uair 'na phrós 's 'na phuncoibh. D'éigsibh Éirionn is úr fóid, tearc aon nos adhain connsbóid - an rádh-sa ní rádh ainmheach nach i ndán ros adhainfeadh; 's nach ann do freigértha dho go tagra Thuilgne an tan-so. Ó so amach do réir ar sean ní fhreigér prós a phinn-sean; ó nach freagra ar phrósuibh peann is nós d'airdsheanchoibh Éireann. Dúthcha dhamhsa go mór mór freagra ar mhiotrum ná ar phrós; gidheadh, do-bheir éigean orm freagra don phrós, mur mhiotrom. Bíodh gur mór a dhochar so, miotram tar phrós do chuma, orm ní bhiaidh ag sgoil mur sgél nós na seanchadh go seichén. Sínfeam chrannaigh mur is dleacht ós mé nach ollamh éigceart; a thoradh go bhfagham as, treabhabh an t-iath do thuaras. An treabhadh trialltar dar dtaoibh d'aoinneach má théid i dtathaoir, a aithbhear ní horm is dleacht ó nach mé thagrus éigceart. Anois ar gach ponc dhíobh so do thoil nDé do-bhér freagro san modh gceart - gá dtú-sa dhe gan laobh, leathtrom, ná leithbhe. Freagra an chédphuinc cédtús Lugh Sriabh nDearg mhac Breis - ní chél céadphonc dhíobh thráchtas Míchél nochtas gur bh'é Breas Banbha dhó ba hathair corpardha. 'S nár bh'é Nár ná Lothar lonn, clann Eachach nar ob comhlonn; ó cheart muna seasaim sin, admhaim nach tuigsi ar dtuigsin. I n-éunló i ngnáis a mháthar luighid an triur dearbhráthar; uatha 'na dtriur, acht gidheadh, Lughaidh cosmhuil nár coimpreadh. Breas suairc sinnsear na cloinne, san bhfios atá agoinne; san bponc rom chuir ó ghigleacht: air nír fionnadh aimrideacht. Tuigthear gur tre shílneadh mBreis do coimpreadh Lugh san laoichis; ósé don tréd ba torcdha 's gan aca acht aos mhacdhachta. Tre ghráin an chuil - sompla so mar do chuir Dia, thrá, sreabha 's a mbeith 'na sreabhaibh dearga ar Lugh niamhdha naoidheanda. Admhaim dhaoibh gur chosmhuil Lugh óna chrios síos fri Lothur, gur dhiall a bhruinne frí Breas 's a cheann re Nár na n-éigeas. Uime do hainmnighthe Lugh mur mhac do Nár 's do Lothar trena dhola leo, dar leam, eidir chosaibh is chaoimhcheann. I n-iongnadh ní cuirthe sin, an mac do dhiall le a bhráithribh: siad is Lugh laochdha Midhe beag nach glúine geilfhine. Ní mór gur dúthcha d'fhior diall leis an tí ó ngeintior ná le bráthair is gach modh mur do dhiall Lugh le Lothar. A ucht, a chorp, a chridhe tiad le Breas a thuistighe - an mac do Bhreas de is dearbhtha 's ní hiad a bhuill imeallda. Bíodh gur mhac dhóibh - mur nach eadh Lugh Sriabh nDearg - sean an saoirfhear nar bhean sin an mac do Bhreas foillsigh dhúinn annso h'aighneas. Easbac, doctúir nír sgríobh soin nar bhó mac do Bhreas, Lughoidh; 's nár bhó mac Thrí bhFionn an Lugh dearbh nar thráchtsam an tráchtadh; bíodh gur shealbhsam é do Bhreas ós dó ráinic go ruidhlios. Ó tám ag teacht le chéile do gach taobh gan chlaon gcéille, acht modh monmhair do sheachna oirne is éigceart inchreachadh. Fíor gur chuiris ar leabhraibh brég sonn tréd thuigsin mhearbhail, a rádh go ráidhid mur so nach feas dóibhsion, go haonda, cia don triur-sa ór coimpreadh Lugh an bhrég is nár le a nochtadh. Dá n-aontaoi ar an gcéill chuire id phonc nach ponc eagnuidhe, fíormhac Breis, an mál midheach, beag nach beith 'na thuilidheach ar gach aon don triur 's gach tan, deighBhreas, Nár, agus Lothar. I gconntabhairt dá mbeith gein eidir dhís nó triur, tuigidh, do dhearbhráithribh - dáil nach mear go dtéid a sealbh dhá sinnsear. An mac d'ainmniughadh ó thriur tarbha ó nach déin dá chiniul ná don deighfhior budhéin, Lugh, baoth an tagra ros tagradh. Dí mháthair munab dual sin nó teora máithre - ag éinghin, dís nó triur athar 's gach alt dar ndóigh nocha dual d'aonmhac. Ó nar coimpreadh dís nó triur san mnaoi óig ba hard ciniul, roinn don aonmhac oirdheirc Lugh ní fhuighbhid dís don triur bráthur. Ós fíormhac d'oighre Teamhra i gcruth é, 's i gceart ngeineamhna, féch nach fearr dhaoibh agus damh bheith dhó ar shinnsear ná ar shósar. Mac Thrí bhFionn ó chaint, ó chruth, 's ó bhés mur luaidhtear laochLugh - tuigsin an phuinc-si gan bhéim 's mac corpdha do Bhreas eiséin. Leis an tuigsi-si gach tan táinig tuigsi na n-ughdar; gus anois ro-seich siobhal mac Thrí bhFionn gá ainmniughadh. Leabhair Éirionn linn leis so gan chead dod thagra n-aonda 's gach a dtuigfe foirm a bhfearb ar an rí, seangLugh Sriaibhndearg. Mac Thrí bhFionn nó Bhreis an corp fá dtáinig uaim a n-éabhort; an mbia budh-dheasd gá rádh ruinn nach fuil an corp le hurlainn anos ó rob éigion damh urlainn airsion do thráchtadh? Freagra an dara puinc síosana maille ré cruthughadh a hughdarráis Don dara ponc - ní saobh so: tuig uaimsi, a fhir na tagra, an modh ar a dtráchtann soin: Connachtaigh fri Niall d'fhodhail ag Eochaidh Mhoighe Midhe Mheadhóin Éirionn oirdnidhe. Do-ní an ríoghacht posd do Niall gér bh'óige i n-aois é ná Brian; lór leam do dhearbhadh m'fhocail rádh an leabhair Chonnachtoigh. Connachtaigh, thrá, até ad neasa d'Íbh Néill, i los cáirdeasa - ag so rádh an leabhair leam d'fholuibh uaisle na hÉireann. Bheith mar phosd do chlannaibh Néill don dá chraoibh luaitear leiséin tógbhoim é mar fhiadhoin, rádh an leabhair Oirghiallaigh. Oirghiallaigh, thrá, até ad neasa, d'fhóir Bhanbha, i los cáirdeasa, iar gConnachtaibh, do chlainn Néill rádh an tseinleabhair eiséin. Na leabhair-si luaidhtear leam sén nach do leabhroibh Éireann; nó tuigfid cách thiar is thoir linn co dteagoid na leabhair. Ní do réir na haoisi amháin cuirthear croinn ós críochoibh Fáil, acht do réir oirbheart is gníomh, ar chiontoibh cáich dá gcoimhdhíon. Sósar oirbheartach do-gheibh oighreacht do thoil an tsinnsir 's bheith do shíor 'na seilbh dá shliocht: iad-san is croinn san oighriocht. Dá saoiltí nach dérna Brian crann ós Éirinn do ríghNiall, lé toil Dé, dál nar tubhadh bíodh ar mh'iul a chruthughadh. Tuigfid cách as mo fhreagra - bíodh nach dtuigfe Tuileagna an ríoghacht dár bh'oighre Brian gur aontuigh ise d'áirdNiall. Dá chur sin i gcéill co gar an rann tráchdtar fúinn thíosan; Tórna an t-ughdar ór chéidleath, do-ghén airsion ailléideach. "Adubhairt riotsa Brian† binn, †mac Moingfhinne an earla fhinn, ... riar Néill nó a fhreagra um chath, isin maidin-si amárach." Muna ndiongnadh Brian bladhach posdchrann do Niall neartghalach, do budhéin d'iarrfadh a riar ar mac Luighdheach, Corc caoimhfhial. Mar sin is éidir ó cheart crann árd go dtoradh dtroimdhearc do ghníomh, do réir eoluis ghloin, do Niall ós caoimhshliocht Cobhthaigh an mhéid dhíobh do bhí ré a linn; mar bá háirdrí é d'Éirinn. Mar sin fós ceart dhúinne a rádh co mbean sliocht Bhriain do Niall nár ag Eochaidh, áirdrí Banbha, Mhoighmheadhóin mhaith mhórchalma. Sinnsireacht Bhriain do tráchtadh síos ré peann an bhochtbhráthar, ar Niall mar do tráchtadh so: réil gurab ceart an cúrsa. Ós ... mhéadughadh anma dhóibh araon d'iul ealadhna do tráchtadh an tráchtadh glan, a aithcheodh mór an mearbhal. Dá mbeith úirshliocht Néill na n-óg suas anos mar anallód, a fhir thagras rinn dá dtaoibh, ní bhéinn, ná thú, gá dtathaoir. Neimhiongnadh leam Rí na ríogh d'óirdneadh Néill tar Bhrian, fá-ríor! libh más diongna a rádh sinne, féchoidh adhoigh Mhoingfhinne. N'fheadar - acht madh sin amháin nó méd cinneamhna Néill náir créd táinic re Brian slisshean is neart, is ceart aigesion. Aithghin an phuinc-si adeir sibh 's féchtar linn leabhar Mhíchil, i gcraobhscaoileadh na ríogh réidh ann nochan fhuighbheam eiséin; 's dhá mbeith, do tráchtfuidhe lais an ponc gan seachrán seanchais. Ní sguiriobh don phonc-so fós go ndearbham d'iul co ndeaghnós Niall do bheith 'na árdchrann theann 's gach aird, ós uaislibh Éireann, do thoil Dé, 's tre cheart a shean; 's a shliocht dá éis mar eisean. Tuigim go mbaoi Dia na ndúl ag cur Néill náir i bhfortún; gibé lé nach dtuicthear so féchadh losgadh na ceardcha. Féachaidh fós mar do fhéch mé tar gach ní dál an uisce thug Niall go a bhráithribh, ad-chlos, Brian, Oilill, Fiachra, Fearghos, d'fhortún Néill tar aon don druing, dár luigh sé leis an seantuinn. Fearta Dé ar Niall neamhthais féchadh lé hiul dinnsheanchais: nar bhris seacht gcatha an choimsigh is é ar n-ég an ionbhaidh-sin? dá eccraíd an uair fheadhma tréna chorp do thaisealbhadh. Congnaidh an leabhar cédna linne níis mó ná a n-éabhradh isin bponc-sa le Niall nár gibé chreidfeas dá chomhrádh. "Cóir Anmann" na bhfear bhfiadhnach tráchtaidh ar Niall Naoighiallach; fáth an fhoranma - an saobh so, a fhir thagrus an tagra? Tre dhaltacht Torna tuigim ar Niall an iuil fhortuilghrinn gur thuig an t-ughdar Tórna an flaith go madh forórdha. Beag do ghabh flaitheas Éirionn acht sliocht Néill na naoi ngéibhionn iar mbás Néill go teacht na nGall; a iul deimhin gur dhearbhsam. Aon do Laighnibh, láindearbh linn, ná d'fhuil Ír nír ghabh Éirinn feadh na haimsire a-dóbhart gér mhór uirre an iarmhóracht. Acht Dháithí agus Oilill Molt nír fhaoi aon d'uaislibh Connocht, iar Niall, le hÉirinn na ríogh go deaghmhac rathmhur Ruaidhrí. Acht Brian Bóromha go mbladh nír fhaomh aon d'uaislibh Mumhan, ris an reimheas ráidhtear leam, sonn le hairdríoghacht Éireann. D'fhuil Néill ós Éirinn dobhí seisear 's dá fhichid airdrí, do dhíon Fódla ba fadhnacht, is dhá rí go bhfreasabhracht, diaidh i ndiaidh beag nach uile, d'iul na réimionn ríoghruidhe. Ó dorónsad crann do Niall ríoghraidh Éirionn, thoir is tiar, is crainn dá shliocht 'na dheaghaidh mur sin theas is tuaidheamhain bheith 'na chrann do san bponc-sa féch an claon nó an codarsna? Ó nach iad is ughduir dhúinn, ní lorg easbuig ná doctúir leantar linn i seanchas sean acht lorg ughdur is oideadh. Gidheadh tigim mur fhiadhna leosan i n-iul cheirtriaghla chloinne Briain is Néill na gcath, dhá mhac oireaghdha Eachach. A fhir thagras go tim trén, dúin do bhél nó bí óibhél; ag sin duitsi, uirre, amha, tuigsi, freagra, agus fiadhna. Freagra i n-aghoidh an treas poinc síosana mar an gcéidleith. An treas ponc más claon a stair, meinic do thráchtsad ughdair dh'éis Mhaoilsheachloinn d'fhuil Banbha nach baoi rí gan fhreasabhra. Tánac fós leis an bponc-sa; dearbh nach seanchas codarsna; slán eolach mh'aithcheodh uime! a dhíon d'fhiachoibh oruinne. Ní beag dhúinn dhá dhearbhadh so ráidhte Ghiolla Mo-Dhuda, ughdar ard nar chlaon i n-eol; slán fhear nÉirionn a aithcheodh! Ag so mur adeir an saoidh, isin rann-sa ráidhtear faoinn; a inchreachadh ní gníomh glan; dhúinn is daingean a dhearbhadh: "Tar éis Mhaoilsheachloinn shona, mac Domhnuill mhic Dhonnchadha, do sgar gairgbhrígh re gach dreim nachar ghabh airdrígh Éirinn." Ar an bponc-sa ro tubhadh, leabhar leam gá fhiadhnughadh, do toghadh le sgaith sgoile más leabhar Réim Ríoghroidhe. Aoinfhear d'uaislibh chríche Cuinn, iarsan bhfíorfhlaith Maoilsheachloinn dar fhaoi le flaitheas bhFódla, nír bho hairdrí corónta: neamhnár don tréd go dtromghart, uaidh a ngairm go bhfreasabhracht. An fhreasabhra thoirneas trén an modh ar ar thrácht Míchél; le cách ós léir a bproigeapt, nír dhaor do dhá uraiceacht. Follus go ngoirthí i mBanbha mar so rí co bhfreasabhra: leath Éirionn aige ó do bheith 's cúigeadh don dara háirdleith. Deacair dhaoibh a chur ar gcúl, dóigh gurab toghtha a résún, an corp thrá ina dtarla téora Fódla freasabhra. San bhfreasabhra an chuirp ad-chím, dearbh nár dhaorsan modh Míchíl; gibé thagras 'na aghoidh, sgiath an chuirp gá anacail. Cia dhíbh so cuirfir ar gcúl, a fhir admhas an résún, ó tád na trí muidh-sin ann 's gan dá mhodh dhíbhsion ionann? Leigthear lé neithibh féghthar, i mbí breachtradh ilchédfadh, gach ní dhíobh do bheith ar bun iad más cédfadha úghdar. Dod réir féin do ládh ar gcúl an dá mhodh do thagair tú muna dtráchtoid iad i gcairt úghdair an tseanchois orrdhairc. An résún mhaoidhi-si, amha, mo rádh air isin bponcsa 's in gach ponc dár thagair tú: féchadh cách ar ndá résún. Nír dhiult peand brég do nochtadh fada atá 'na sheanfhocal; anos do fhíorais-si so ar ar scríobhais-si san bponc-sa. Freasabhracht fhlaitheadh ar bhfonn feasach dhúinn nach mó is cúram ar féinigh a choimhéd sin iná ar sheancha, co suaichnigh. Fiu a dtáir an seanchaidh dhá rígh bheith ag coimhéd a iuil fhír tuigthear linn go láincheart tré iul árdúghdar oirdhearc. ...gh ag ollamh in iul éigeas fuaramar gurbé an seancha is ollamh sonn tógbhoim air d'fhiadhoin Morann. Tógbhaim an Morann cédna d'fhiadhoin ar so co dédla gur b'é an seancha suadhtha istigh bhearbhus gach n-omh 'na choire. ... sin ná meas agad féin ó so suas - dál co ndeighchéill seancha nach fisigh fromhtha i n-iul fhiadhnach fhreasabhra. Gach ní oile - gá dtú ris bheanas ré hiul an fhlaithis fisigh ann an seancha glan bhearbhas gach n-omh gan mhearbhal. Cúram a choimhéada so, mar choimhéd chraobh na fola, ar an seancha - ní saoth leam tar gach aon d'eolchoibh Éireann. Dearmadach dhuitsi mar soin a rádh gur mó bhí d'fhiachoibh ar féineachois an iuil ghlic so do choimhéad ná ar chroinic. Ag caomhna an tseanchois má taoi, dearbh go dtardois air tathaoir, dar leat féin, agus tú leis, sonna ann gach ponc dár thagrois. Rob inmheasda ar mbeith gan chéill riot dá n-éisdinn-si eiséin a chur ar gcúl dhíom ó thig 's gan féchain dár ngaol treimhid. Dar leat do-chuaidh ó tharbha tiodal fhir na freasabhra trés an lorg nach gérlorg glan mhaoidhi-si i n-aghaidh úghdar. Truagh nár leanais an lorg fíor is é nocht gan dlaoi gá dhíon: anlorgaireacht luaitear lat do ghníomh ar an bhfreasabhracht. An lorgaireacht luaidhis sonn tuigthear eisde más mearbholl freasabhraigh na háirdrígh dhí 's bheith co bhfreasabhracht d'áirdrí. Do bhrégnuigh sibh ceand i gceann eaglois is éigsi Éireann, i dtagra leimh nach líomhtha, táinig róimh lér n-áirdríogha. Saoilim go bhfuilir mar soin id haon i n-aghaidh poboil um ughdar is árd nglóire um Fhothaidh caomh Canóine, um Eochaidh, éigeas, ardrach, táinic leo gan fhreasabhracht. Um Ghiolla na Naomh Ó nDuinn, um Thánaidhe, thrá, um Chonuing, is um Mhac Coise an áigh, um Mhac Liag, 's um Mhac Lonáin. ... athadh beag d'iolar annsin, d'eaglois, 's dár n-órd go dtuighnibh deoidh i ndeoidh - dál go n-ardrath táinic leo gan fhreasabhrachd. Gach ní le a dtig eaglois Dhé atá d'fhiachoibh ort réd ré amaille re togha - gá dtás aice ó bhias a úghdarás i gcás chreidimh, a chreideamh, nó ataoi ar eing na n-ethriceadh. Gach rígh ó Mhaoilseachloinn suas co Sláinghe - iul gan égruas romhoibh riamh isin mBanbha dearbh nár hiarradh freasabhra; tubha aoin díobh ar do dháil 'siad ar aon san athghabháil. Gach rí ó Mhaoilseachloinn síos nach bhfuair umhlacht nó áirdchíos co coitchionn ar feadh mBanbha tráchtar airsean freasabhra. Monuar! ní hadhbhar gáire mur deir mac ar Seancháin-ne fós mar thiodal nach tarla ós na ríoghoibh freasabhra. Baothghalach, an breitheamh glan, Maoilseachloinn, saoi na seanchadh, an tiodal leo 'na leanmhoin ós na ríoghoibh déidhionchuibh. ... co n-iul bhfoirbhthe mar iad tig lér dtiodail-ne a chruthughadh nír dhual dhamh imeasc suaidhleabhar seanchadh. Dearbh gur bhrég nó dearmad so a rádh nár tráchtadh an tiodal ós cionn flaithis na dtriath trén riamh gus an mbráthair Míchéul is é do shíor ós a gcionn nó fútha ag eolchoibh Éireann. Dearbh gur chlaon seanchois mar soin dhuitsi freasabhracht d'iarraidh inár leabhroibh 's gan é linn d'áirdríoghoibh Fódla Féidhlim. Míchél d'eolchoibh ar n-oireacht modh édrom ise an trudoireacht sas ... taoi tromdha modh an tseanchuis úghdarrdha. ...dh a fhir do-ní an t-inchreachadh, ...eadh so cia dhíobh lé mbean mo fhreagra. Freagra an cheathramhadh puinc co gcruthaighthibh andso An ceathromhadh punc phromhtha tánag leis gur lántoghtha síos an ponc-sa mar thráchtas an Chroinic ghlan Gabháltas. Bheith do Thoirrdhealbhach nár thim fiche bliadhoin ós Éirinn acht, monuar! beithir Bhaghna 'sé bá rí go bhfreasabhra. Giolla Mo-Dhúdo, dearbh leam, árdsheanchoidh oirrdheirc Éireann, fiadhoin é ar so i leabhroibh is é i n-aimsir Toirrdhealbhaigh. Dearbhadh ort co raibh an rí Toirrdhealbhach Mór, mac Ruaidhrí, go bhfreasabhra ós Banbha Chuinn an rádh do ráidheas romhuinn. Ní bhiu ag filleadh air - gá dtú is nach dtaigéumhainn san rús; acht dho-bhér fiadhoin oile leis dár n-eolchoibh eagnoidhe. Muna mbí céir id chluasoibh dóigh gur minic do-chualois an rann-so shíos ó Lughoidh, an seancha grinn glanchubhaidh. "Nír áirmheas Toirrdhealbhach Mór ná Ruaidhrí do bhronnadh ór; nír shaoil mé gur mhór dtarbha áiriomh ríogh go bhfreasabhra." I lorgaireacht iuil Bhanbha 's gach ponc sa bponc freasabhra dar lat féin gidh maith thusa, tuig nach measa an t-úghdar-sa. Ó do chuirsiom iad i gcúil leabhair nár lór linn a rúis, 'siad dhuitsi gidh aos grádha, treabh asda co hédána. Fearr uathadh leabhar ndearbhtha iná mór leabhar bhus neamhghlan; tógbhoim é d'fhiadhoin ar so Leabhar glan Ghlinn Dha Lacha. An rann tugais ó Dhonnchadh uaimsi creid nach gcosnadhfadh - aithnidh dhamh co maith a chor h'aithcheodh ar phonc an bhráthar. Meisde dhúinne dob fhéidir bheith ag dénamh ailléidigh muna gconnmha a chúis i gceart i bhfoirm, i n-iul, 's i n-éifeachd. Tathaoiridh tré ainbhfios n-oll an tí sa leith 'na lá ann, fiadhnuise a chlaonphuinc gan cheol; ní nach tárla do Mhícheol. Fear a dhénta ó nach mair ní lochtébh deaghrann Donnchoidh; bíodh nach bhfuil nó co bhfuil fíor é ní chuireabh i ndiombríogh. Gidheadh coisénabh mo rádh nach fuil ann claon nó cleathrámh, linn thrá ós léir i leabhroibh aimsir fhlaithis Thoirrdhealbhuigh. Tríocha bliadhoin - ní saobh so ós cionn Chonnacht d'ua Aodha, do Thoirrdhealbhach 'na thriath theann, ré ndul i n-urláimh Éireann. Fiche bliadhoin ós Banbha dó 'na rí co bhfreasabhra; nír bhá rí é acht an fad-sa iarsan tríocha adubhart-sa. An caoga thrá thagrus sibh sgríobhthar air i mór d'áitibh ós cionn Banbha na mbrughadh ag sin daoibh a ndeochrughadh. Iomdha fear nár dhealoigh iad seachnóin Banbha thoir is thiar acht a n-ainmniughadh uile dhó uas Éirind Iughuine mar do-níthear libhsi anois dár ndóigh 's ní d'easbhoidh eolois. Do dhearbhadh a n-aboir mé do-bhér uam iul go gcuimhne, saoghal Toirrdhealbhoigh Teamhra, mo thriath oirrdhirc infheadhma. Ocht mbliadhna dég go ndeaghrath eadh bá haois do Thoirrdhealbhach, an ruire bá réidhe gart, an tan fuair ceannas Connachd. Scríobhthar air nach bhfuair iaromh do ré acht caoga ceirtbhliadhan; a rádh nochar fhóbair sinn gur chaith iadsan ós Éirinn fo bhith go dtuicthior gur chaith tríocha bliadhoin ós Cruachoin. Tríocha don chaoga chana, do thagair tú anallana, léig thort budh-dheasda a leanmhoin nó sín saoghal Toirrdhealbhoigh. Do réir an bhráthar, ad-chím nar chlódh freasabhracht don rígh 's do réir na n-úghdar ndearbhtha thráchtas ise ar Thoirrdhealbhach; a chlódh nír bh'fhearr libh ná linn a bheith saobh muna shaoilinn. Rí co bhfreasabhra ós Éirinn do Thoirrdhealbhach glóir bhéilbhinn do rónais féin go foidhearc do réir bhur ndá uraiceacht bíodh gur bh'áirdrí do mheas tú do dhénamh dhesean asda. Cúil innsi nó oilén di i n-égmhais ríogh dhá raibhe, freasabhracht air gá hoireacht féch an dtráchtann uraiceacht. Léigfead do labhra fo lár; aithnidh dhamh gur maith an fáth coscc - créad acht deaghaithne so? d'aighneas choda dhon phonc-sa. Nár dhuit mar do thagrois féin an chuid sheachnoim-si dheséin; riot anos madh iongnadh so féch uirre freagra an bhráthar ós í sin an fhreagra cheart d'fhírinne, d'iul, is d'éifeacht. ... dhá ndearnadh ar na poncoibh ceitheardha, dóigh gur thagra gan fheidhm sin don tí nár thuig a dtuicsin. Dearbh go bhfuil tuicsi thromdha ar an seanchas n-úghdarrdha ... dínne nach dtuig sin nír dhual dó gan a thuicsin. . a ..gra gan tarbha adhéar lé haos ealadhna ...tí dháibh a dhaineamh nach cleachtaid bés bollsaireadh. Na ceithre puinc nach éigeart teagaid leo i gcoimhnéineachd ...tra bhadar ...uasda acht mé ad chráibhthigh cogúasda. ... duine don triúr oile deimhin gur shaoi sheanchoidhe gan fhrideacht thuaidh 'na aghoidh ag aoinfhior ré healadhain. Is gach ní dá seasam sonn atá ughdarrás agom atú do réir mh'anma amha im fhear fírinneach feasa. Ag sin fios ar n-iuil fhoirbhthe dhuitsi, a fhir ar mbrégnuighthe ...o aimréid air sguir budh-dheasd nó nó tagair. Dearbh do thoghsat cách inn dhá chur síos i bhfoirm fhírghrinn; nach bhfuil acht fíor san bhfoirm a seasamh d'fhiachoibh oroinn. ...thur i gcrích - gá dtú dho fillfead ar tús mo théma an fhreagra bhaoth gur beag dtarbha a treabhadh gan tuar n-ealadhna. ...lag fós an iarroidh gharma idir fhíor-aos ealadhna seachna iuil truim an rolla sbuincc fán iul is édroma. ... cruimghrés úr dár fhigheas tráicht is corp lér chuidigheas seachnóin na bponc ro leathais gidh créd nach iad d'inchreachois. ... d'fhéchoin an éisdfinn-si libh ós iad nach beanfadh d'uaislibh brégach Míchél is mé 's na Coin† chaomha †Choigcríche; créd an rádh-sa acht rádh ráiteach 's nach ind atá earráideach? Gach aon dínne, leath ar leath - a bhuidhe ré Dia ar nDúileamh 's Dia dá íoc lénár n-oidibh san iul fíre fothraigthir. Creideamh ar bith bhus rochóir féch an dtig lé tagarthóir brós ina ghlóir searbh salach shná shreith daosgar dearmadach. ... ccóir do ghabhois do láimh dar leam, a bhaoithmheic Sheancháin, 's gach tagra dár thagrais rinn tar gach aon is árd foghluim dá bhfuil budh-thuaidh nó budh-dheas i gcrích Fhódla na n-éigeas. Ní dhearna an t-ollamh toghtha Fland, an t-éigeas ughdarrdha ná clann Bhruaideadha breachdmhas aithcheodh oirn nó esgeaptas. Mac, ua, iarmhua, ionnua suadh, mac Tórna, saoi na saorshuadh, ní dhearna, iar ndul ar leabhar, ní dár n-iul-ne d'éileaghadh. An bráthair dil Domhnall óg, é 'na shaoi anos 's ánallód, 's a leithén iulmhar oile, Conaire mhac Conaire ní dhearnsat tré anuille i n-eol inchreachadh oirn nó aithcheodh. Dá dtagradh Tuilgne mar so tar cheart gan triall dár dtubho lé mac a athar amhra do bhéinn co búidh brátharrdha. Beag mo chás fám thubha féin measa leam tubha Mhíchéil 's na bhfearchon d'iul gan chlaon gcuir go rug orra mac Brannaibh. Tuigeadh, airdshliocht Briain na bport, ríoghraidh ceirtbhreathach Connocht, claon dhá ndérnoinn 'na n-aghoidh, go mbéind go méin meascamhoil. Nír chóra d'éinfhior oile do mhaicne Uí Mhaoil Chonaire cosnamh a gcirt ná dhamh craobha cumhra na Cruachan. Mo dhíoghrais dóibh do réir uird, dá mbeinn le breasaireacht bhuird, do fhédfainn a mhaoidheamh so ar shliocht Briain uasoil aosda. Tuigthear gur dhíoghrais seanchois iul na n-uasol do leanmhoin gan ní leis, 's gan énní dhe tré shainnt, d'fhuadh, nó do oile. Bíodh go mbéind-si ag dénamh truim ar fhuil leomhan Leithe Cuinn, ní dhiongnainn cheana ar chomhaidh éntrom ar shíol gConchobhoir. Róidhile leam énndís díobh ná sliocht Néill náir na neirtghníomh ós iad an dís do mhór mé thiarain i n-aois ar n-óige. Mó do tháireas ar an druing 's gach sinnsior dá riachd romhuinn ná ar ar chin ó Niall co rath, úrmhac oirdnighe Eachach. Gidheadh, ar ghrádh ná ar omhan, d'eagla Dé dár ndamnughadh nó d'ísliughadh triath ar bhfáid, fada co ndiongnoinn earráid as a riocht - an rádh-sa is dearbh i seanchus uasal Éireand. Cur i n-aghoidh chloinni Néill 'na gceart ní cubhoidh eiséin bíodh go bhfuil - gá dtás - an chlann ré cian do láibh fo leatrom. Do dheighshliocht Néill d'fhás ó Lugh oirrcheas dúinn ceart do chosnumh bíodh nár ghnoaoigheas orra ar chaillios riú anallana. Ríoghroidh Chonnachd is crú Néill mian linn a mbeith i n-énchléith; do nós Bhriain is Néill gach tan, dual dóibh lé chéile congnamh. Dóigh linn nó ní leanfaidh ceart gibé dhíobh bú árd treiseacht go madh árd uaidh - gá dtáthar sliocht na deisi dearbhráthar. Ó tád fo leatrom uile sliocht Briain, oighir Iughuine, ar ghrádh Dé - an glainshliocht galach bíod lé chéile carrthannach! Ag sinn barr uaim lém fhreagra dhóibh ar thagra Tuileagna; ós é rom sbor is rom sbreag, mo thlás rision is roibheag. Tagra thoirteamhoil gan toirt mairg dorinne dom lomairt 's gan chlúimh orm ón lá doluidh uainn i n-úir Fachtna Ó Fearghuil. Rann ógláchois nír fhigheas, a dhealbhadh nír dhearbhdhligheas, don dos lér dingeadh mo neart; ní dhingén anos cuaidheacht. Rann nír dhealbhas gan dochar don tí do thriall mh'árdachadh, Fachtna Uladh, eo Eamhna; pudhar nach beo an bheitheardha! Áirdrí ... tré bhioth go dtárda dhúinn Dia dúilioch díolgha ...c ceann i gceann ós líonmhar na huilc ionnam. Sé bliadhna, ceathracha cain, míle, sé céd do bhliadhnoibh uam go riacht na roinn-si i n-alt chuige ó do ghabh Dia daonnacht. Foillsighim don léghthóir, mar an gcédna gurab i modh tiughráidh nó duarbhrollaigh déidhionaigh atád na roinn-si ó chríochnughadh ... freagartha na gceathar-phonc réimhráidhte inuas do chur an phróis, agus an mhiotroim le chéile go huilidhe i modh duaine agus adhbhoir, nó no cuirp agus tráchtaidh do réir ghnáthuighthe mhór n-eolach n-ughdharrdha. Lá S. Labhrais, 1700. Finis. SORUIDH GO hAOS ÓG AGUS ÉATA OILÉIN NA NAOMH. Froinsias Ó Maolmhuaidh cct. Soruidh go haos óg agus éata oiléin na Naomh. Truagh daoine ar dhíth litri iar gclaoidhe, d'fhuath, aibghitri; an aincheas is lór do lán: ainbhfeas is mór ar mhórán. Fódla liu do-chuaidh man gcioth i n-aghaidh sluaigh a sinsior; nír an oirfideadh an fhuinn, foirchideal glan nó foghluim. Ní thuig Gaoidhil Gaoidhealg féin; ní labhraid í gan aoinbhéim; ní léighid le cágaidh cóir; tréigid, ní fhághaid onóir. Beag a luadh ar na leabhruibh, ar ghlór cheart, i gceileabhruibh; ní breath dhaor dh'fhianuibh Fáil an riaghuil chlaon do chongbháil. Léughadh rainn dá n-iarr orra, 'na dteangaidh mhín mháthardha, díomhaoin - och! ar easbhadh iad, deasgadh na Sgot ón Scitia. Fill anosa, a aos mh'anma, ná bí go dian dogharmtha 's nach cian ó chathshaoirlios Chuinn go mbia an t-athaoibhnios aguinn. Biaidh na bruighne 'na mbotha; 'na bhfíonta, biaidh bánshrotha; cnuic úra na ngealfhonn nglan, i bhfearonn Dúna Dealgan. Biaidh an Ghaoidhealg fa mheas mhór, i nÁth Cliath na bhfleasg bhfíonól; budh math a fian, budh gaoth grinn 's gach laoch ag triall fa tuairim. Deargfa treabhach a thulcha; órfa grian a glaschurla; ní dochar dh'Éire an t-eadh: sochar nach éidir dh'áireamh. Cuirfead comaoin ar Leath gCuinn 's ar iarsma Oillil Óluim borb, ag tréintreasgradh, na tuir, ar lorg Féineasa Farsuidh. Aiste dhéunta duan is dán geibhthear go lér im leabhrán, os tobraibh Ruama na rath: obair stuama an saothar. Sin chugad, ón mbráthair mbocht, gramatt beag, buaidh is beannocht, le riaghuil sgol 's a samhuil, diamhair na mboth mbródamhuil. Son na ngothaidhe go grinn, cumhacht chonsan Iath Fhéidhlim, cuimhniughadh báthadh, gan bhruid, uirdhiughadh, cágadh, caduit. Do mheath na saoithe le seal aos óg is éata Gaoidheal; do díola a lóchrann, gan luadh; fórlann an ríoghra rothruagh. IARLA FINE GHALL. Froinsias Ó Maolmhuaidh cct. A bhláith na muadh, a phlúr Phluincéd, a Iarlaidh ghlórmhair Fhinidh Ghall, dhaoibh ar cuiridh bhriaghmhar Brighde, míle bliadhan 's tuille thall. Latiné: Flos Procerum, Fingalle Comes, Plunchette Planeta, Mille tibi, post hoc, Brigida festa paret. Dhuit 'san Róimh, fáilte is fiche, aisdeadh dhána luaidhtear linn, a lámh an cheirt nach fann féili, a lann an eich ghlégil fhinn. Latiné: Munificae iustaeque manus cantaris in Urbe Fraenator, Cygno candidioris, Equi. Dá dtugadh Dia dhúinn mar ghrása faicsin t'aghaidh i gClár Chuirc, nír bheag leann acht sin mur shaoghal, damh 's dom dhream nír bhaoghal bruid. Latiné: Te si forté domi videam, nihil ampliús optem, Nulla mihi restet poena, nec ulla meis. Súd oruibh, os íochdar mh'ochda, sláinte, 'Chillín chléibh mo chuim, Mars na modh saoghalta síthe, aondalta sgol Chríche Cuinn. Latiné: Deprecor ex toto binam tibi corde salutem Ubera cui Pallas Iupiter arma dedit. PÁDRAIG TIRIAL. Froinsias Ó Maolmhuaidh cct. Glaine no cách thú mur thriath: laige a dtrácht no Tirial; subháilce gan céim ar cúl: trén re dubháilce a dheachlú. Latiné: Nec te candidior Tyrel, nec firmior extat Cui comes ut virtus nescia fama mori. Buan do thionsgnamh i gClár Cuinn, a Pháid† ionmhuin †mhic Éumuinn; leat air sileadh meas is mó ní feas dod chineadh claochló. Latiné: Coepisti, stabis, nec declinaberis hilo cor quia Patricij sors variare nequit. Do fhiosruigh mé a shloinne shiar cionnas díoltar le Talía, an bhláithbhé mhear gan mheirge, bean an ghráiméir Ghaoidheilge. Latiné: Proposui nuper num possit forte Thalia Grammatica agnomen flectere lege tuum. Ag roidheargadh don ghéig ghil, budh léar mh'fhreagra ón inghin 's do budh síthbhinn ler mhó a fhios: aoibhinn an glór dar ghéillios. Latiné: Cunctatur, dubitat, pallet, rubet, haesitat, alget: Haec hilari tandem voce, Thalia refert. "Maith" ol sí "an forainm fial; soghairm nach traothar Tirial; bu caraid gan bhéim go bás; gan mhalairt é i n-aonchás". Latiné: Esse Tyrel dicas indeclinabile nomen Mutari nescit: casibus ergo caret. PÁDRAIG TIRIAL. Froinsias Ó Maolmhuaidh cct. A bhláith-litir lághach dá gcréidthear sibh, Bí id láin-rioth go Banbha 's beir sgéula libh: Giodh dhállsud luchd aimhleis mé gan fhios, Go rug Pádruig mo dhá dhearc go hÉire lis. TADHG Ó RUAIRC, O.F.M., EASBOG. An tAthair Pádraic Ó Cornín cct. Maith do chodhnach, a Chill Eala, a fhuinn áluinn fá n-iadh muir; go mealair in codhnach cráibhtheach, ua borbshlat is gáibhtheach guin! Tadhg, mhac Briain do bhronnadh airghe, asé in codhnach carthar libh: tamhan cúmhra do fhréimh Ruarcach, tar gach cléir is buadhach bil. Iomdha céim san chodhnach chúbhuidh, chuir in Cuimdhe a gceann do chliar; is fotha gráidh don úr aobhdha; is cáidh rún 's as maorrdha miadh. Dá leanadh in saoghal sédach, mur gach sinnsior ór shíol sé, dob iomdha ann damhna dúla abhra mall is clúghlan cré. Ní bá dú dhó ó fhréimh Fheargna fáilte fri dáimh, dáileadh seod, ar a mholadh maoin do mhalairt, - caoin in toradh - tabhairt treod. Éigsi do riar, rogha n-égcoisg, airdhe flatha, feidhm a ngoil, cosnamh córa, céim gan tathaoir, ré méin, gan anaoibh, gan oil. Ceannas Fódhla, flaitheas Connacht ré cruas catha, fíor go bhfuair fine Feargna na gcolg n-ághmhar ar a mbord nírbh ádhbhal uain. Nír chinn treabh do mhacuibh Míleadh ar mhacuibh Airt a ngoil nó a ngníomh; bráighde Fódhla fuarsad uile; nírbh ónna gach duine dhíobh. Feargal féigh is Ualgharg angbhaidh, árdchlann Airt mhic Ruairc go rath óig re rugadh buaidh a mbiodhbhadh, fóir chruaidh nar ciorrbhadh a gcath. Meirge sénta - séd go soinnmhe saorchlann Airt dob adhbhal sén, do rí Breatan, bheansad d'aimhdheóin fearchoin a dtairmgheóin fá trén. Is sníomh darach ré dóid anbhfuinn áiriomh gach écht fá mór miadh dá ndeárnadh gach aon d'fhírfhréimh Fheargna; caomh na fíréin, fearrdha a bhfian. Do thréig caoimhcheann Chille Eala ar fhíorghrádh Dé - dál go mbrígh oidhreacht aithreadh acht in fhéile, ré ghabh mur chéile 'na chlí. Coluim Cille, fialmhac Féidhlim, fuair geall féile feadh a ré, d'fhírlean go dearbh Tadhg a dtábhacht: bárd go n-ádhbhacht nochar ér. Próinsias naomh is Eóin apstol, iad fá geanmnaidh gus an uaigh do lean sé go dearbh in dís-sin: gé dearg mur ghrísibh a ghruaidh. Ar in Tréidhe ó thréig in cruinne, críonna in rogha rug in mál; go bhfagha sé ón Choimdhe cathaoir, gan doilghe, tathaoir nó tár. Diad bheatha, a Shémuis Buitléir, a ruire TréanMhic na ngrás! ó do geiniodh 'mbroinn do mháthar, Dia Athair riot gus an lás = bás?. Fear ionaidh an ríogh i nÉirinn, ré linn cogaidh agus síodh'; dá dtug na tiodhlaicthe móra Críosd - córa dúinne bheith faoi. Mac ághmhur Bhíoconta Tullaigh; mó ná Cú Uludh Néill mhóir; fear stiurtha na gcúig gcúigeadh súgradh deacair 'mholadh cóir. Gach céim ós mo cheann is áirde dá bhfuil aige - féirrde mé; moighin fhairsing na gcloch n-áluinn m'fhilidheacht táluinn bhuaidh sé. Tángus anois fo do ghrásaibh; ó mo chásaibh, fuasguil mé; gacha gluis agat taoi eochair; neart ceart 't'fhochair - fuasguil mé! A chéud dúic orrdhuirc na nGaoidhiol, ó gach baoghal, fuasguil mé: atú i láimh, dheochas éageart; déan orm déghbheart - fuasguil mé! Bráithrín bocht, maoth, arsaidh, easlán sín dhamh do dheaslámh, déan maith; seirbhíseach dom rígh 's ní tréatúir misi a láimh - créud úd acht saith? Tréatúire 'muigh 's misi 'ngeimhioll mór an teimhiol - fóiridh mé! a ua na dtrénfhear ó Urmhúnn, scríobh umúinn - fóiridh mé! AGALLAMH IDIR MHAINISTIR ÁTHA DARA AGUS ANAM AN BHRÁTHAR BHOICHT UILLIAM Ó hÍCEADHA. Tomás Do Lóndrus cct. Mainistir: Uch! a Dhé dhil na mbreath gceart, ós tú duais gacha déighbheart, 's tú thurnas eiriceacht thréan 's mhusglas fortacht na bhfíréan. An codladh dhuit, a Rí na ríogh, a aoin-Mhic ochta an Áird-ríogh? ar léigis do chóir ar gcúl, nó ar thréigis an tÓrd Mionúr? An bhfaice briste stiúir na mbéas, mainistir Uird St. Proinséas is an tár mór-so air a cloinn ameasg bráthar Chríche† úr-†Chuinn? Féach féin na manaigh ghlasa, 'na Serafin ar dearglasadh, drong charas re bárr seirce tar chách uile Do chuimirce. An t-ord-so tug mór-ghrádh Dhuit, ord bocht abstalda an chrábhaidh, ord atá riamh ann fá chion a Dhia, ní ham a thréigion. An paitent fuair Proinsias féin ar mhullach Sléibhe Ailbhéirn, le séala na gcúig gcréacht ó neamh badh méala gan Tú dá gcosnamh. Oramsa, a Dhia, do thuit t'fhearg, is nach mé do thuill díbhfearg: tug Murchadh 's a ghárda slóigh urchar dom bráithribh i n-aonló. Dís díobh marbh, dís air lámh 's an chuid eile air seacharán is mé tar a n-éis, mo thruagh! mar ghléas magaidh le Gall-tsluagh. An t-uan dob fhearr im thréad, dobhí do ghnáth dom choimhéad, is scéal truagh dhuit, a chláir Múmhan, a thuitim le sluagh an bharún. Fiu a bheatha ghlan is a bhás noch d'fhuiling sé gan uathbhás a mholadh mar naomh thall 's abhus, an colam caomh gan domblas. Toil is pian is cúis dhíreach ós iad do-ní mairtíreach: fuair cúis ó Dhia is toil uaidh féin 's pian ó eiricibh aintréin. Do thuit mo rath is mo réim, géar phárthas mé le caithréim, i n-éinfheacht le scoith na bhfear: níor chuibhe a thuitim i n-aonar. Do thuit mé ag tuitim dó: ní bhfuilim anois acht leithbheo; cóir dhamh tuitim maraon leis: 'gcéin mhair seisean do mhaireas. Féach, a Choimhdhe, mar tá sinn, dá éis, gan órd, gan aifrinn, gan chailís airgid ná óir, gan chruis, gan chlog, gan altóir. Gidh aoibhinn dobhí an chora, 'na mbíodh sibh dá bhur síormholadh, ní bhfuil, a ghrádh, acht a hionad ann d'imthigh mar bhláth na ngealchrann. Mo bhráithre im éagmuis uile 's mé im fhásach nó im dhíthreibhe; uch! nach corp somharbhtha sinn? dá éis anocht ní mhairfinn. Spiorad: Scuir-se feasta, a ghrádh dod bhrón, gidh follas fáth do dhubhróin; bí-se foighdeach bocht go fóill, 's fillfi ortso do thionól. Peacadh an phobail 'na bhfuil sibh do tharraing an t-ár oraibh; 's do ghlac Dia i n-áit a gcortha Uilliam mar dháil íodhbartha. Mainistreacha Chríche Fáil atáid ag tnúth let éadáil; dar liomsa ní nár a dtoisc is an t-áth mar a' tuaruisc. Ó chaill tusa do thionól, bí do réir t'anma go deireóil; ní dual úird duit bheith taidhbhseach, 'sé do scéimh bheith míomhaiseach. An Róimh féin ní hé a glóir a túir ná a páláis deargóir acht cuirp is taise na naomh: ag sin a maise is móirscéimh. Mar ar thuirn Rí na cruinne i mbroinn na hóighe glórmhuire, níor chúirt é ná halla glan acht teach eallaigh nó stábla. Ó lean Proinsias is a chlann bochtacht Íosa go coitcheann, lean-sa an stábla is bí mar é, it ablach fhuar fhliuch aimhréidh. Aithris 'dhéanamh ní náir dhuit air áit oileamhna an Dúilimh; féach go bhfuil an tír uile, leat, faríor! ar aon tsloinne. Mar bhí Proinsias féin ó chroidhe créachtach bocht air gach aon tslighe, budh locht ortsa, ós tú a theach, bheith bocht is gan bheith créachtach. Mainistir: Cia thusa, a ghnúis dheallraidh dhuinn, a sholais do shoillsibh lóchrainn? 's cosmhuil do ghnúis dháileas searc le habstal nó le $patriarch. An tú Proinsias dar tógadh mé íomháigh pháise an Chóimhdhe, fioghair chuirp chéasta Mhic Dé Bhí, pictiuir créachtach an Áirdríogh? Spiorad: Proinnsias na gcúig gcréacht ní mé mar oighreacht dár dáileadh sibh-se acht bráthair bocht mé dot órd, ag teacht chugad le compórd. Mainistir: Gibé thú do naoimh ár n-uird, roghlórmhar sibh gan chontabhairt: nó an tú an $Phoenix aonda glic, nó Antóin na n-éacht n-oirdheirc? Spiorad: Coiste an Dúilimh nach beag mórtas iadson ní cuibhe comhmórtas: scáthán ár n-úird bhearrtha ghlais, grianán chúirte Pharathais. Mainistir: An don druing thú fuair martra, Daniel 's a naomhchuideachta, do dhoirt go léir trí Chríost a bhfuil 's dorinn na céadta míorbhuil? 'S mórán dochuaidh tar áireamh; dorinn iad féin d'fhuráileamh, ar chlaidheamh, ar pháis, ar ghleo, ar phéin, ar bhás, ar annró. Spiorad: ameasc an tsórt-sin bráthar níor chuireas mo dheaghchrannchar: d'fhuiling mise bás dom dheoin, 's do thuilleas mar chách mo choróinn. Níor oircheas damhsa mar chách imtheacht go críochaibh págán: fuaras ar taobh astoigh dod mhúr, rogha bás mar abhantúr. Ní cheilfeam feasta cia sinn, a mhainistir chroidhe chomainn; ní bhiam níos mhó ad chur ag caoi; 's misi Uilliam Ó hÍceadha. Mainistir: A mhúirnín m'ochta is mo chléibh do bhí gan locht ar aontaobh, a bhráthair budh cráibhtheach meas, a ghrádh 's a chompáin dhíleas. Céad Deo gratias le Dia mór mé dot fhaicsin an t-athló; a céim is dlúithe dhamh a ghlóir, 's do chuir mo chlú agus m'onóir. A chinn na mbráthar sásta, léar roinn Íosa mórghrásta, a fhir shuairc budh líomhtha teanga, 's fuair bárr gacha fóghlama. Béir ó líne go líne i nÉirinn ar gnáthchuimhne; 's biaidh do mholadh go lá an Luain, i mbéalaibh daoine go biothbhuan. Uch! is cúis atuirse leam ó chéile anois go scarfam; dá ma bráthair mar chách sinn, do lorg go bráth do leanfuinn. Spiorad: Gidh fíor go bhfuair mise bás níor scaras leat ar aontás; is fearr dhuit m'eadarghuidhe anois ná mo chomann nuair mhaireas. Biaidh mo dhéara agus mo ghuidhe agad, a laoigh, go síoruidhe; is mo chorp mar chomhartha grádh' go n-eiséirghe mé an t-athlá. Biaidh suidhe cléire arís id chóir, aifrionn, ord, agus seanmóir; is ní chlaoifi tú cogadh 's muirfir d'éis gach ionnarbtha. Pribhléide agus mór fearta fuarais tar chách d'iomarca, gur breis áille bhéaras duit léirscrios d'fhagháil ód náimhde. Is tú $chronicle ar n-úird, sompla foirbhtheacht' na Mionúr, eisiompláir naomhthachta ár reachta, d'fhás a préimh na húmhlachta. Is tú fós an long dhaingean ar fhairrge $Persecution; ó thárla do thír fá thuinn, is tú an $Ark ar an ndílinn. T'angcaire-si 'sí an umhlacht, do chrann seoil an lán-bhochtacht, seol na luinge an aibíd ghlas do threoraigh mé go flaitheas. 'Sí cóir ghaoithe is óircheas duit trioblóid, páis, agus díbirt; nuair saoiltear do bheith báite, is ann bhíos tú sabhálta. Is leor anois a ndubhart leat; béad feasta uait ag imtheacht; fúigfead go bráth gleann na ndeor is molfad, thrá, mo Chruthóir. Mainistir: Uch! gidh fada leat ataoi gan dol go flaitheas an Áirdríogh, déana, a ghrádh, go fóill maill is fáscadh dlúth sul scarfam. Ní fhaca do mhac-samhla ameasc aicme bráithreamhla; mo bheannacht leat ar neamh anonn, a scaith chrábhaidh na hÉireann. A fhir abstalda, chródha, mhodhmhair, fhíoraonda, Níl feasta do shórt, dar ndóigh i gcrích Éibhir; Badh chneasda do ghlór i gcóir an tsuibhsgéil chirt Is táir beannaighthe fós le sórt gach príbhléide. A fhir abstalta, leomhanta, ro-ghlain, fhíoraonta, Ní mheasaim gur beo do shórt-sa i gcrích Éibhir, Ba samhuil le Pól é do ghlór mar shoíscéulach, Air maidean, ar meadhón 's uim nóin 's ar luighe ghréine. Ó meallag go mór an chóip-se an bhith-bhéannaigh 'S gan aguinn 'nar ndeoig mar lón acht díol déarca, 'S gur fairsiong, mo bhrón! an ród go slighe air ndaortha, Mairig nach geobhadh i sgód a chaoil-chéime! Mar cheanguil tú it óige córda plíréide Ag seachnadh stóir is glóire an tsaoghuil bhréaguigh, Do mhartra chródha fa dheoidh i mBruidhean Chaorthuinn Is dearbh gan ghó gur óirinn th'fhíoraontacht. DEOR-CHAOINEADH NA hÉIREANN. Sémus Carthún, Bráthair Bocht d'Ord S. Phroinsias ina ghéibhionnuibh cct. Gan bhrígh, faraor! atá mo chéatfa: Atá mo spiorad a' dul 'sna héaga; Atáid mo shúile 'na muir théachta; 'S iad mo dheora mo chothugha láethúil; Níl in mo bheatha acht annró i n-éiniocht; Tá mo chroidhe bocht dá réabadh; 'S táid mo smaointe do mo ghéur-ghoin, Ag caoi go cráite staid na hÉirionn, Gan sódh ná sult ag éinneach Dá rugadh riamh ar chlár Éibhir. Ag so dhuitsi mo sgéul-sa, Re n-airistir gan fuidhioll a héachta: Do chaill-si a puimp 's a stát i n-éiniocht; Do díbreadh tar fairrige a tréinfhir; Atáid a teampla - mar barr péine Gan altóir, gan aifrionn, gan sléachtuin, 'Na stábluighe each - is truaillidh an sgéal-so Nó gan cloch dá gclochuibh re chéile. Ó bhí clann Israél san Éighipt, Faoi bhruid 's faoi dhaoirse i n-éiniocht, Nír sgríobhadh i leabhar 's ní fhacuigh éinneach Annró mar annró na hÉirionn: Do díbreadh uainn aodhuirighe an tréada Sinn an tréad seachránach, créachtach, Ó mhadraighe allta bheith dár léubairt 'S gan ar leighios ar láimh éinneich. Mar' bhféacha Dia ar ar n-éigion, 'S dimhin go brách gur cailliodh Éire. Furtuigh sinn, a Thighearna an tréin-neirt, Do-bheir buaidh ar shluaite d'éinn-fhear; Tóig do sgiursa do shíol Éibhir; Cneasuigh ar gcneadhthach re do chréachtaibh 'S ná doirt oruin th'fhearg i n-éiniocht Ní ghéanam coirthe i th'aghaidh dá éisseo. Is iongnadh re óighibh na hÉirionn Balluighe a mainistreach do bheith réabtha, A ngeanamnuidheacht féin arna tréigean Is drúis 'na háit ag dul i n-éifeacht. Níl iodhbairt gan cháidh i n-éin-teach: Tombuighe briste, sculuigheacha cléire 'S gach dísleacht eile dobhí i nÉirinn I n-ísle bhrígh dochuaidh, mo léan-sa! Gach sean-laoch, gach leanabán, gach tréinfhear, Ar n-ógánaigh, 's ar mbantracht phéacach Caoineach, gioránach, éagnach, 'Dul faoi ghall-smacht nó ar farruige ar éigin. Ar ndúthuigh dhílios gan toradh déise, Gan mhaoin, gan eallach acht féur léir-ghlas. Táid ar ndílleachta anbhfann tréa-lag. Do shiubhail gort is pláigh ar Éire 'S gach sgiursa eile darbh'fhéidir. Ní hairistear fós fuidhioll a péine. Gidheadh, faraor mór! is léar dhamh Go bhfuil bogha fós an Áirdríogh gléasda 'S a bholgán saighiod faoi shaighdibh géara Gach saighiod díobh ar tí ar ngéar-ghoin Ó bhunn ar gcos go clár ar n-éaduin, Ag lot ar gcroidhthe 's a' réabadh ar bhféitheach; Níl ball dar mballuibh nach bhfuil créachtach. d'ímigh an ainnis oruin i n-éinfheacht: An bocht 's an saibhir, an fann 's an tréinfhear, An tighearna ler ghaothuigheadh na céata, An calma neartfur 's fear a' chéachta; Tá tuath is eagluis faoi éan-ghoin, 'S a chroich ar ghualuinn gach éin-fhir. Ní haithne dhamhsa ní faoin spéir-si Tá fabharthach, cairdeach lis na Gaedhluibh Acht an fharruige amháin ar éigin Nó an ghaoth do sheolus go ré-phort Luingis ler dturas as Éirinn. Sé fáth fós bhfuilid-so réidh linn Mar mhéadmuid an mhuir lér ndéara 'S an ghaoth seachránach lér n-éimhe. Ní fhaicmíd na flaitheamhnuis réidh linn; Ní chluinmíd ar ngearán dá éisdeacht. Tá an talamh tar éis ar dtréigthe 'S an choill do-bheir dídion don éanlaith, Gach aill, gach uaigh 's gach barr sléibhe, Gach cnoc, gach loch, 's gach léuna. Tá'r gcora gan guth cléire, Gan innte acht mná ag éimhe, Ag tarruing a bhfolt le saobh céille, Ag caoine go cráite dheiridh na Féine; Tá feadáin ar n-orgán réabtha; Do chaill ar gcláirseach a crann gléasta Le sinnfidhe cumhuidh na hÉirionn. Nó go bhfille tar farruige na tréinfhir, Níl furtacht aguin acht léur-ghul, Sgreadach, bualabas, nó éimhe. Ní neart sluaigh, ní heasbuidh bheatha, Ní marcshluagh Gall dar ghluais ó Bhreatuin, Ní clíth cumuis, ní díth spracuidh, Do chuir sluaite na hÉirionn chum ratha 'S do chuir trom-dháimh mhór ina mbailte, Faraor, faraor! acht méad a bpeacaidh. Siud sinn anois ins a' teallach Ina bhféachtar gach miotal bradach, Ghlanas an t-ór ó gach salach. 'S fíor don Sgrioptúir gach ní dá n-abuir, A-deir gurb annró leighios ar ngalair; Le aithrighe gheabhuim-ne maithfeachas Is aisiog in gach ní dar cailleadh. Ag so síos suim ar bpeacuidh: Leatrom na mbocht, goid is bradúil, Móide móra ar leath taca, Ar n-anam do thabhairt don fhear is measa; Ba treise ar n-uabhar ná ar mbeatha, Ba treise ar bhfiacha ná ar dtacar. Le tréatúireacht do caille Éire 'S le mí-rún na bhfear dá chéile. Ní raibh breitheamh do bhéuradh éisdeacht Do lucht leatruim, i n-am a n-éigin; Deoránuigh is baintreabhacha ag éimhe, Gan ceart, gan smacht dá dhéanamh. Ní rabhamar ariamh i lúib a chéile Acht bó faoi cheangal is bó faoi réiteach; Nír fríth umhlacht chóir ó éineach. Carúscadh ag ceannfurt na hÉireann An uair bhí naimhdibh ag déanamh féadhma, Totáil i n-am a bheith ghléasda, Ceannairrge nar bh'fhuras do réiteach; Cuid na deise aig a' bhfear is tréine. Is fada riamh le horchóid Éire. Is mar so críochnuigheadh cogadh na nGaeluibh. Fillmíd anois is athruighiom béusa, Déanmuid aithrighe 'nar bpeacuidh i n-éinfheacht. 'S mar so táinig Israéil ón Éighipt, Ó thigh na daoirse is ó gach éigion. Maitheadh do Ninive gach a ndéurnaidh, Is fós do Pheadar Críost do shéanadh. A naoimh na hÉirionn, éirgidh go léir 'nois; A Phádruig, budh lér beannuigh a' tréad-so, Siud sinn díbeartha, siud sinn tréigthe; An sméaróid múchta 's gan tú dá séideadh. An trom do cholladh nó an mall th'éisdeacht, Nach dtugann tú toradh ar éineach? Mosgail, trá, ná bíodh mar sgéal ort Nach bhfuil furtacht i ndán do Ghaeluibh. Siud, a Phádruig m'fhiarán féin leat, Go n-abruid naimhde na cléire Nach bhfuil agud cluas le héisdeacht 'S nach ngoillionn gearán na nGael ort 'S dá ngoilleadh, nach bhfuighdis éura. Gidheadh, bí linn 's bí le tréin-neart 'S biadh slán ar námhad go brách fa Éire. IN OBITUM P. RICARDI PLUNKET. Pat.Darditz cecinit. Iolar séilge mhill a' fear; níl 'mo ghar an cé dobhí; lóchrann lábhra Insi Breagh bheith faoi chloich asé mo dhíth. Amhnár bá nach damhna díth acht bláith - gé bocht táid saoi gan choígle, muadh i nduaruibh sean nó foirghioll fó ó sheinnsir. Ní feibh Risdeard saothar cóir; mhéaduigh toirt an fhoclóir, ag silt i mbéarla go glic ar shliocht na dtreabh ó dtáinig. Dligheadh an bháis fuí chuing do chuir an bhíoth dhíosc in gach aímsir is truagh dár cé an bheatha char trá bhíos an tsealg 'na hiolar. BEIR BEANNACHT UAIM SIAR TAR H'AIS. Tadhg Ó Ruairc cct. Beir beannacht uaim siar tar h'ais don Bhanbha fhairsing fhódghlais, chum na gcompán do chleacht sinn, lér thromchrádh ar dteacht as Éirinn. Gluais go dian, ná meabhraigh moill; ní tú an deoradh doichill; biaidh sén seirce ort i gcrích Fáil; is ná dén leisge, a leabhráin. Aithris tiar dom aos annsa nar luigh urchra orumsa; comhshlán atáim air tír 's ar muir, fam lomlán sláinte is saoghail. Ionann damh sliabh is sáile, Éire is iarthar Easpáine; 's do chuireas dúinte go deas geata dlúith leis an doilgheas. Dothángamar go soirbh slán le sgoith ghaoithe gan seachrán acht leath ar suain nach deachaidh dhúinn ó chneadaigh chruaidh an phearsúin. Pearsún cráibhtheach Chille Fraoich, dar chosmhuil cródhacht Chonnlaoigh, do sgeith ar dtús air tuinn amuigh a chnuasacht ag Rinn Rachluidh. Do b'fhearr leis go mbeith ar ais ag dul go hInbhear Iorrais tráth chualaidh tairm na tuinne 's fuacht na fairge fíordhuimhne. Giodh bhámar go súgach sáimh ag teacht tair chuan Chnuic Bhréanáin sgéal truaighe a theilgion faoi thuinn air én do chuaine an Choruinn. Ar ndol dúinn tar Chionn tSáile i ló gréine glanáille, níor fhéud sé tuirn re tart 's do b'é an sompla an sagart. Ag so a chasaoid ré cách "ó táim gan chloinn, gan chonách, go deoidh nach dearbh dhamh fortacht, is sógh searbh an tsagartacht. "Is truagh liom nar léigios thart an saoghal mar gach sagart; is tearc aon a d'iarfadh fallsa san tír iarthrach oramsa. "Bheith dhamhsa 'mo dhíol truaighe feadh na fairge fionnfhuaire, dom chéasadh os cionn taisde féuch nach fuighioll tubuiste! "Dá mbéinn choidhche i gCúl ó bhFinn mar atá Tadhg Ó hUiginn, d'fhédfainn suan go seasgair ann gan uamhan easgair orum. "Gheabhainn an t-iasg 's an t-im úr, gheabhuinn an phluid 's an pheiliúr; is mé fós ba triath san teach dá ma mhór cliar na cóisreach. "Ní ghlacfuinn gan gluasacht as; do dhíoghail Dia mo dhíomas; biad 'mo bhiadh leithigh amárach do b'fhearr a bheith 'mo bhrománach. "So, a charaid, críoch mo sgéil: dhénfad an eachtra aigmhéil" is céad léig air muir amach, gan bhréig, do sguir a sgeathrach. Má meastar dom shagart-sa a dhomáiste 'S a ndeachaidh thairis do chearca 's do ghabáisde 'S a chuid Laidne nach béarthaoi 'bhaile gan charáiste, Dogheabha beatha má bhíonn ceathrar gan pharráiste. AISLING SHUARACH MHAGAIDH. Pól Mhac Aodhagáin cct 1708/9. Síogaighe: Aisling bheag ar Éire Dochonairc mé gan ghó: Bratach ar Bhinnéidir Bu fíor-ghorm snódh; "Meirg súd mhic Séamuis," Ar an síogaighe bréagach, "Gasruidh Gaoidhiol dho a' géille, Feadh an fhuinn gan bhrón." Giollarnaomh: "An dtáinic sé go hÉirinn, An fhlaith chaomh óg? Re cumhachta lóin is éide, An fear is deisi clódh? An dtáinic sé, nó an féidir Go bhfuil anois i nÉirinn A shluagh le clú re chéile, Ag flath na bhfian - is lón?" d'éirigh uathna Séamuis Go bhfeirg mhóir; D'éirigh ruadh Bhinnédir, An rí os Bóinn; Do scap a shluagh re chéile, Soir is siar go saorach, Gur creacha críocha Méidhbhe 'Á bhána ar fad go feoir. Dob iomdha fear i n-éigin Do Ghalluibh, fa bhrón; Is bean mhór ag éighmhe ameasg na slógh; Fir ag roith gan éadach, Gan uiread a léine; Ó Chumair síos go hÉirne, 'S go Clíodhna theas an gleo. Dob iomdha airghe is tréada Is groidh ag slógh; Dob iomdha bean bu méirdreach A' roith fa bhrón; Muca caomha a' scréacha, Uain is caoire ag méile, Buaidhbh is laoigh ag éimhe Re frasa caointe is deor. Bu thruagh Goill na hÉireann An uair-si gan tsódh, Ar díoth crodh agus éada, Gan a samhuil beo, Gártha caointe is éighmhe Ar feadh gcríoch re chéile, Soir, siar, 's don taebh theas, Ar easbhuidh maoin' is óir. Iar músgladh ar maidin dhamh, Ní facadh na slóigh; Aislinn shuarrach mhagaidh Do chonairc mé, mo ghleo! Uch! bu truagh mé im aenar ann, A' gul 's a' caoi ag éirghe dhamh, Gan neach dar shaoil i nÉirinn ann, Ná san tsaoghul mhór. - Aislinn dochonairc Giollarnaomh Ó hUallachán, oidhche fhéil San Davidh .i. an chéad oidhche don Mhárta, ar chnoc Bhinnéidir, 1708/9; óir dotháinic cabhlach mór san gcuan, is dotháinic sluagh mór iongantach ós a' luingis agus triath óg 'na thaoiseach orra, is mionn óir fhór mhullach chinn an ríoghthaoisi; is do chuir a mheirg shuaitheantaidh shíobhruidh fhíor-ghorm fór mhullach an chnuic mar is follus do Mhac Aodhagáin thuas. DOMBLASTA CRÍOCH AN CHEOIL TAIDHIUIR. Pól Mhac Aodhagáin cct. Leagadh leoin óir deacair éirghe; fuair Éire críoch na gcruaidh-néide, dar thuit a croinn 'n-am chnuasaigh, gur corcradh gné a learg n-uaine. Iomdha toictheach is taoiseach céd, fear cathuidh ba caoile coimhéd, bóichéadach, is triath-mhíle trén thuit uainn i gcríoch na gcolg ngér. Dob fhada gcogadh i gcrích Cuinn; deacair linn luaidh a gnáthleatruim: ag athchuimhnigh créacht a cuim, teidhm nua thinn a sean-éacht eadruinn. Seacht míle curadh bu garg cruaidh d'fhlaithibh Fódla na n-ógh n-armruaidh, a raibhe dúithche gan chíos, gan cháin, i bhflaitheas Cathuil na gcruadh-tháin. Acht chúig chéad don fhéin nar mhaoith maith - ní bhfuil troighch ó mhac an árdfhlaith dá sean-ndúchas, don fhonn ar fad, ní bhfuair fód do chuid, a bhfíorcharuid. Dhearbhráthair don Chathal chéadna do leathna timchioll a throm-ghéaga ós cionn gormlios Ghaoidhiol gan tlás gur sgríopa buidhin na bhfraochás. Briathra meala, comhrádh ciuin domblasta críoch an cheoil taidhiuir: gan dlighe fhíor, gan reacht, gan rath, ar comhall ag Goill na ndaoirbhreath. Deamhuin sheanifrionn, druim ar dhruim, shan fhíréin an domhuin dreach-dhuinn go clár Fólla dá dtí gan ghráin dogheabhuigh an tír gan tromtháim. Leathat do bhuinn - gidh cruaidh an dáil ar mhaoin, ar chíos, nó ar chruadhcháin, ar ghrádh, ar uamhuin, ar fhuath, ní bhfuighe sliocht na sean-tsluagh. A cháirde chroidhe nach truagh ar ndíol, I ngruaim do shíor a' sgaba déar, Gan fháth ag aon dar n-uaisle caomh, Ón tsluagh do díbeara a flaitheas Dé; Gan cáirde bíd, dá ruaga 'rís, Na suairc do shíol na Spáinneach dtréan, Gan fáil ag saoi bheith luath i ngníomh Ó fhuagradh Gaoidhil tar sáil 's a gcléir. CAIRNEACH DÉIRCEACH. Seán Ua Neachtuin cct. Ar Phól Mhac Aodhagáin, sagart, tre bhronnain ionair do uasal boicht, Seaán Ua Neachtuin cct. An cairneach do bhronn ionar, go fial miochair do gheoineach, guidhim Dia go dílis nar raibh a chlí gan chóta. An fear mar Ghuaire i bhféile, fear gan spéis i dtoice gan easbhuidh bíth nó éadáil, aois is aonlá 'n'fhochair! An fear is frasach íocas, ceart na haoi 's na héigsi, tuirgionn grinn na gaoisi, an flath ceart díreach déirceach. Snódh gartha ionna leacuin mar rós a d'fhás, Beol gasta chum teagaisg bhus treoir do chách, Leodh sneachtain a chailc-chuirp gan smól, gan ghráin, Pól easbul 'na mharthuin san bPól-so tá. AORADH GAN STUIDÉAR. Pól Mhac Aodhagáin cct. Iar dtréigean an chreideamh do mhac Sheáin Uí Chealla, agus ag cur chloidhiomh ar a shliasaid, agus dá bhuain de ar bhfaitsin an bhráthar feartach Pól Mhac Aodhagáin, dubhairt an Pól céadhna gan stuidéar: Más ar chloidhiomh aithnighthear creideamh, 'Uilliam† oirrdheirc †Uí Chealla fhéil, iomchair do bhior gan cháirde do nós cách ré séana Dé. Etc. DO PHÓL MHAC AODHAGÁIN. Seán Ó Neachtain cct c. 1704. An tan nach raibhe acht aon tsagart go bith-shíor is gach porráiste agus iar mbás na sagart sin, gan aon eile 'na n-áit go bruinne an bhrátha agus tre mar tugadh Porráiste Ceille Maighnean don Athair Pól Mhac Aodhagáin, do chan Seán Ó Neachtuin: Na dúile ag fearadh dílionn: tá gach maoilionn 'na lán-linn; is blas na meala mar chaorthann gan Pól síth-bhinn a bheith lámh linn. Ní huch dhuitsi, a Chill Mhaighnionn; anocht is aoibhinn do thóruinn; do fearadh ortsa mar naomh-chim an fhlaith ghaois-ghrinn mar chómhruinn. Ní gcúl beag ar fóghluim Éirionn go bhfuil géibhionn ar bhéul Phóil fhinn; biadh gach olc budheasda 'spárn linn, an fhlaith ó d'fhág inn - fear an mhór-ghrinn. Fódla, an bhean, fo frasuibh deor, i ngruaim, Gan treóir, gan cheart, gan rath, gan eol, gan stuaim; Ón bpól ó thais ar fad go Pól a dtuaith, Fa cheo mar bhrat ó scar mo Phól-sa uainn. AITHRIGHE. Seán Ó Neachtain cct 1707-8. Tugas duit mo uile annsacht ón gcéad am fo bhfacuis mé; guidh-si liomsa, a charruic chrábhaidh, os ucht pháisi dilMhic Dé. Misi do mheall séada saobha an tsaeghuil thaoda, lán do bhaos; in gach peaca colach, cáidheach, foirne mé re fána síos. Mairg do shearc an chruinne chealgach: meangach, mealltach, meabhlach í; galán geimhre gail a seirce; léithe is teirce bheith mar bhí. Ro chleacht misi díobha is díomas; goirt an gníomh ro char inn; bím do ghnáth ar thréad na drúisi; seachna tnúith ba leisge linn. Minic mé ar sheilg na póite; fliuch an fómhar: cóir a chnuas; sluicear léithe déirc is daonnacht 's cuire anma dhaoine i nguais. Cleasaidh cluanach, cám an chruinne 's tairneach cuma, cruth is bláth; 's iomdha nathair nimhe i bhfolach ins na tortha bheir do chách. 'S iomdha lomra ro gheall dhamhsa: cumann falsa, fealltach, í; táim anois gan mhaoin, gan bhuallach: brég a cluain - ní buan a bríogh. Murdhúch í, caoin a cantain; gaoth a gann-rath - anfa í thairnios inn fo neart ar námhad; geal a gáire 's ábhur caoi. Loisgneach í lé lastar antoil; fuath a hannsacht, gairge a grá; ní raibh neach don díne dhaona dá má dílis í do ghnáth. Damhna dóluibh cáin na gcionta treas ar thuillios díobha Dé; sir-si dhámhsa aithrighe fhíre 's do dheoin Íosa, saorfar mé. Sílim féin, dhé tá mé cinnte, os an gCoimdhe go bhfuigh' sibh gach uile itche is oirchios aisge; guidhthear m'aisge cheart-sa libh. 'Athair cheirt chrábhaidh, a lámh na fial-fhairsne, A thaithne mo láir, a ghrá mo chliabh-scairte, Aisg-se go tráth - tá dáimh ag Dia leatsa Mo sheachna go bráth ar bhás i rian peaca. FREAGRA Ó PHÓL MHAC AODHAGÁIN. Pól Mhac Aodhagáin cct. Freagra do chuir Pól Mac Aodhagáin chum Seaán Uí Neachtuin an 26 d'Fhaoillidh, 1707/8. Treall, don chruinne má thug h'annsacht, fill i n-am, a dhreach mar réll; eagla ifrinn, teach na námhad, bás go bráth, is ceartbhreith Dé. Má chleacht díomas, ól gan scaga, cheol 'na cheatha, frais chiuin téd, imirt mheallta, bréag, is abhrán tréig na compáin, fuath na naemh. Mairg do shearc glóir a námhad: sómheallta a ngealluid brég; troid na ndeamhan, saint na colla d'fhoirne inn i n-aill na ndér. Mar bhfuil deabhuidh ghnáth na colla, an saoghul i bhfoghair thréin, fuath na ndeamhon air ar n-anam do-bheir oruinn cogadh gér. Ó d'éag an stuaidh do ghoid h'annsacht, bean na mallrosg bu maiseach gné, d'fhás do chiall do ghlan-thuigsi, a fhréimh don fhuil nar char séd. Na séada saobha mheall h'annsacht an bhean, an chlann is do spré ó scar leat an aicme mheallta, guidh, a Sheaáin dílMhic Dé. Guidhe misi leat, a chara, Mac na bhfeart, Flaith na séad; ar n-impídhe ar Rígh na Cathrach bia gan stad re sreabha déar. Shílis féin is dobhí cinnte os an gCoimhdhe go bhfuighe dhibh do shaora ar olc dá n-aisge 's neamh, gan aisioc do bheith libh. Gan chungnamh, do chruthaigh Ádhamh, 's a chruinne bhán, Dia do chum: duine don fhuirinn níor slánadh gan congnamh d'fhagháil go lum. Aithríghe ghrod, gan sgís, a Sheaáin Uí Neachtuin bháin, go prap déin: a bhfuil san gcruinne dá naomhtha ní bhfuigh' neamh dhuit gan thú féin. Déan aithríghe, lóir-ghníomh is croidhe-bhrúgha géar, Déan osnuighe bhorb-bríomhra is úrnuighthe bhéil; An tArdrí chruthaigh daoine re cúmhchda trén Ní shlánuigheann neach san tsaoghul gan a chúngnamh féin. PÓL MHAC AODHAGÁIN I mBRUID. Seán Ó Neachtain cct. Chum an Athar Pól Mhac Aodhagáin ar mbeith i mbruid san mBlack Dog agus iomad eaglaisibh mar aon ris, do chan Sean Ó Neachtuin: A shearc is 'annsacht gach saoi, dar mian inntleacht is ealuidh; súil-fhliuch sinne 'nocht 'do dhiaidh, gan ghrádh, gan ghreann ar gcombaidh. Glan-réalt iuil 'na fhile thú; do na Musaidh 's mór-chlú; Dallán Forghaill Bhanbha bhrais i ndán ná i bprós gan chomhmheas. A aghaidh líomhtha eagna Fáil, do ghrádhaigh greann roimh éadáil; meath gan mheas don Ghaoidhilg thú atá id bhruid - gan stiurú. Is fearr dhuit ná riaghal ríogh go bhfuil san gcrúth a bhfuiltí 'nós Pheadair ba ceann don chléir, i mbruid le éagceart shoiléir. Sólás róileor is leat ann, is fearr ná ór na talmhan: cúigear frat an chóir do char tré chreidiomh an Choimhdhe i gcarcar. Sibhsi sisior atá i nglas aga bhfuil iul is uaigneas, is fearr bhar nguidhe cosnamh cath ná míle cura cródha. Uch! 'do dheoigh 's bhar ndiaidh uile, a chliar chrádhbhach chat'lice, 's iomdha sin is díochra déar ó bhar mbruid ag sleachta Lúitéir. Tiucfuidh Sé gidh mall an teacht Dia foirfe dar bhfurtacht; ar dtoil féin ní sirthe dhúinn acht toil Dé 's a dhiamhar-rún. Samhuil mé do óinmhid amh 'teagasg eagna do Sholamh; ar a shon sin, is maith an mhaith, abair a teacht ó annfhlaith. Uch ar uch 's m'uch go trom bhar seisior sibhsi i ngéibhionn, a shoilse eoluis an chreide chóir nar fhosguil béul i n-éagcóir. Mo ghreada géar! is creachta tréad na bPápairidh Is scaith na cléire i gcarcar chael, gan áird, gan chaoi; Fearta Dé go bhfeaca sé tapa tráth gan sgíth; Leaga léir air aicme an Bhéarla chráidh mo chlí! FREAGRA Ó SHEÁN Ó NEACHTAIN. Seán Ó Neachtain cct. Cum an Athar Pól Mhac Aodhagáin, freagra S. Uí Neachtuin. An moladh uait do fhuaras - a thabhairt do dhuairc is doladh bheirim air ais gan ghó dhuit, dhuitsi dar cóir an moladh. Fearr a thuilleas a cháine duine gan áird mar mise: ag fior annamh mo chuarta chum duine i nguais mar ibhse. An bhean bhronnais gan léine glacaim-se léithe feasta; bean is seisear 'na ngeoinneach duit do mo dheoin 'na malairt beannochta. Mo chreach is mo leann gach am mar táir i mbruid, A chara na bhfann nar ghann i láthair Scoit! 'N aicme chuir bang ar ghreann budh hádhbhar suilt Easbhuidh 'na dteanntain - amhgar, gáradh is guil! BEANNACHT BHLACK-HEAD DEARY. Seán Ó Neachtain cct. Beannacht Blaic-Head Díri chum na heagluisibh bhí i mbruid san mBlack Dóg i nÁth Cliath. Seaán Ó Neachtuin cct. Tabhair mo bheannacht, a pháipéir, don chliar láinéagnuigh eolaigh atá fa ghlas an Mhada is fagh a mbeannacht-san dóinne. Tabhair beannacht tre dhúthracht fhoraid Bhrúnaigh an chloidhimh; ar son nach bhfuil mar cháirneach 's fearr ná táinte a bheannacht. Ó nach dtuigeann an Díomsach teanga dhílis mo mháthar, a nGaoidhil fudar fadar tabhair beannacht don fáitir. Tabhair mo $blessing dósan; innis do fós gur táim-si tríd seisean lán $móning, $sheding deora mar sáile. Gheobhair $blessing 'na mhalairt; saoilim-si is maith an connradh; 's fearr aon $bhleissing le seisean ná míle $bleissing liomsa. An tAthair dílis Mhac Aodhagáin tá mo ghéarghrádh ag tál air; ní shaolim lena bheannacht nach bhfuighe peacthach go Párrthas. An flaith fír-ghlic, Ceallachán, i mbruid is dian-chrádh linne; tabhair-si beannacht uaidhsean is beannacht uainne chuige. Ruaidhrigh, an seancha saobhdha, ghoireas daoire dhíomsa: daoire a bheith 'n-ionad Táffa is leor mar ádhbhar íongna. Más tre mar reacaim earradh, do-bheir an flaith an tár-so, ní bheith féin níbhus saoire aga díol mar atáim-se. Ar a shon so, ná dearmad 'fhagháil, mar almsa dhúinne, lán beannacht os an tsaoi-si; is beannacht Chríost dá chumhdach! Beannacht go Pól Mhac Crosáin, an flaith is fulláin crábha, an Pól bhus cródha seasamh mar Phól Apstoil i ngábha. Beannacht an Phóil-si dhamhsa fagh le hannsacht, a litir, 's ní hamhras mé go saorfa ó uilc daondha is spiorad. Monuar an aicme reachtmhar, réidh, ceart, cóir, Go buan i nglas, san Mhada mhéalach mhór! Bualadh, basgadh, lagar léir, is cró Ar shluagh na Sacsan 's mallacht Dé go deoigh! BRUID FHEAR bhFÁIL. Pól Mhac Aodhagáin cct. Is tuirseach mo chás gach lá air deirgmhire Tre imtheacht bhfear bhFáil gan fád 'na seilbh uile; Ar ionarba atá, fa chrádh a ndoirbh-thinnis; Eachtranna ag fás 'na n-áit san ngorm-inis. Ar mbruid dorug bárr i gcrádh 's i mbochtuine Ar gach sgrios dá dtá ó d'fhás an céd duine; A mairionn san áit gan fagháil a sean-chreide, Teagaisg fir-bháis =fírbháis? nó trácht ar coisruige. Flaithe bhfear bhFáil, gan dáil a bhfaigsuine, Ar ionarba atá ameasg Gháll na ndoirbh-thuigse; Reachtuid ar stát, dá n-adhbha gan rochtuine Feadh mhairfid, go bráth; ca cás is ro-dhoilghe? Dá dtagadh dar n-adhbha ón áras ifiorndha Na deamhuin rug ár Chloinn' Ádhaimh, adeirim-ne, Turca, Clann Ábhramh, Fránca is Geintile, Reacuid ar n-áit daibh 's gan fád 'ar seilbh-inne. Oremus: Oratio: 'Athair na ngrás 'chí cás ar stuirm-ne, Ar n-ionarba ghnáth, ar gcrádh 's ar mbochtuine, Fóir oruinn, tráth, re lámh do thrócuire; Sgrios leat ar stát amhuil Pháro i nDeirg-fhairge. $Amen. SILVESTER LÓID, O.F.M. [?] Tadhg Ó Neachtain cct. Ar bhfilleadh don Athair Silvester Lóid ón Fhraingc go hÉirinn, fáilte. Dia bhur mbeatha go fiath Floinn, a Leoid ionmhuin, a chléir chumainn, a bhile cúrtha críche Cuirc, a thagarthaigh ádhbhar oirdheirc. A chrainn fo thoradh teas-ghrádh' nDé, a uaidne uasail an chreide, gi fiata h'ainim, ní headh do mhéin, a cheannsaidh chaoimh nar thuill toibhéim. A theachta tréan 'n-aghaidh eachtaibh Gall, tre thonnaibh borba ag taisdeall, ag fulang duadha is fuatha Danair do shaoradh do chríche is do charad. A chéile cumainn an chreide chóir, a áilléan Éireann 's a hónóir, a dhíoghruis dhiadha suadh is sean, a rúnaidh éagnach na n-uasal. A ghille Gaoidhiol ag faire a dtréad, dá gcaomhna is dá gcoimhéad; a fhaol fraochta ag scrios peacadh, a dhreach ionmhuin na hannsachta. A thobair thart-chosga na heagna, a fheallsamh ionmhuin na hollamhna, a dhiadhaire dhílis Mhic h'Athar, tú i n-umhla go n-árduighear! A dhalta dhiadha na húmhla, a réulta dhealra Mhíonúra, a leinb chroidhe Phroinnsiais na bhfeart, a chuisle chumainn na ceannsacht'. San bhFraingc ba mór do mhuirnn; do theachta ó uaislibh Éireann fuair éisteacht ó rígh an fhuinn gean, grádh, 's ó uaislibh, urraim. Urraim ó Dhia dhuit dá bhrígh aisge Éireann is a himpídhe; d'oidhche 's do lá ó 'nocht go beacht, naoimh is aingleibh dod fhurtacht. Antóin naomhtha ó Phádughá dod chaomhna is dod dhíon, a dhian-ghrádh, go rochtain sibh dún Mhic Dé, i gcaidreamh Mhuire, ógh, is aingle! Gom ba fada go sroiche sin, do ríghe i ríoghacht neimhe, d'eagla díleachta do dhéanamh dhínn! dia do bheatha, a mhuirnín! 'Mhuirnín éigsi 's a chéile gráidh gach ógh, 'Mhuirnín récsibh, 'dhéighfhir do thár gach sódh, 'Mhuirnín Éireann re ar saoradh í ó chrádh 's ó bhrón, A mhuirnín Gaedhuluibh, na céada fáilte rómhad! Rómhad gach ceall, gach teann, gach mór, gach flaith, Rómhat gach fann, gach clann, gach óg, gach sean, Rómhad a bhfáilte, a gcaint, a gceol, a ndearc Go deoigh, a annsacht cheannsaigh, a Leoid, is leat. Leat i gcroídh' do shíor gan bhréag, gan mheang, A athair chaoimh na ndíleacht ndéirceach bhfann; Beannacht Íosa dod dhíon ó dhaorbhruid Ghall! Lá 'gus oidhche na mílte céada fáil Te rómhad don fód-sa Fhiacha is Airt! A staruidh eolgach, do seola lé Dia na bhfeart Tar taod bóchna go Fódla fa ciamhar dreach Go teacht díbh róifhir da fóireadh, Dia do bheath'! TÓIR AR NA BRÁITHRE. Duine Anaithnidh cct. Atá triúr dochtúir naomhtha léar sgríobhadh na grása, St Augustín, St Doimnig, St Phroinnsias atá láidir; Ó nach bhfuil beann aig na náoimh-si ar na bráithre, Is mairig don tí chaoineamh a ndíbirt ar sáile. 'Dhia mór na glóire, is brónach atáim-si: Cléir mhaith na Fódhla dá seola ar sáile, Mainistreach' dá stróca is tóir ar na bráithre; 'Aon-Mhic na hÓighe, go bhfóire tú an cás-sin. 'St. Proinnsias atá naomhtha, déan-sa caomhuinn dod cháirde, Is ná léig féin a ndíbirt go ríoghacht bhocht na Spáinne; Ó nach bhfuil a ndídean ag príonnsa nó ag Pápa, Mo chreach ghéar gan Laoiseach san tír-so 'na bhráthair! Go dé an codhla tréan-sa órt, a naoimh dhílis Phádruig? Nó an bodhar ataoi th'éisdeacht agus Éire 'na fásach, Is go ndéanann gach aon aca dídean dá bhráithre Is gur cosantach thú, a Shéumuis, ar cléar ceart na Spáinne? "SI QUAERIS MIRACULA." Tadhg Ó Neachtain cct. Si quaeris miracula: Naomh Bonaventúir cecinit air mhíorbhuile Antóin Naomhtha ó Phaduá. Tadhg Ó Neachtain: Cia rér mian míorbhuile mór ná iongh'ntas-ghlóir d'fhaicsin, tráth ná d'éisteacht, fós - triallach sé go hAntóin dé Phadughá. Beothann mairbh is othair tréith; ruagann go tréan deamhuin dúr; fós eiricibh filleann sé for chreideamh Dé, Rí na ndúl. Beothann etcetera aris. Tochtann treathain an mhuir mhóir; daoirsibh fóireann i gcás cruadh; bheir furtacht don dól i ndéar; íceadh é don lobhar luath. Tochtann arís. Baill searga slánuigheann sé; is tearmonn é is gach brón; gach ní caillior beir ar ais; leanach gach neach an searc-stór. Baill searga arís. Óg is arsaidh gheibh ó Dhia 'n-aisge diadha, 'ngean 's a ngrádh; an chuid eile - fágthar é do leith an naemh d'aithris thrá. Do Dhia an tAthair glóir bí 's don Mhac mhín, uaidh do ghin, 's don Spiorad Naomh feartach fial aon AirdDhia rígheas go bith. $Amen. Tochtann treathan an mhuir mhóir etc. arís. V. Guidh oruinn, a Naoimh Antóin beannuighthe. F. Go mba fiu inn geallamhna Chríost. Orrtha. Guidhemís: A Dhé, go mbí h'eagluis glonnruighe tre impidhe do naoimh coinfeasúir, San Antóin: go beith di do ghnáth caomhnuighe re cabhair spioradálta agus go dtuilleamhnach go sealbhuigh sí glóir shíor tre Chríost, ar dTighearna. $Amen. FROINSIAS WALSH. Tadhg Ó Neachtain cct. A shaothaibh alga Éireann uill, so chugaibh, i gcroidh' 's i gcumann, saothar gan tsochar 'n fhallsaimh fhíor, ó chlár Dara na nglas gcraobh. ... ar geine an bráthair binn, mo Phroinnsias ionnraic ionmhuin, tug do roghain, roimh séan is sódh, aithbheogh' fhritill Éireann algo. Friotall robhí, mo thruagh! fó thár, gur sgaoil seisean dlúimh an deoráin, chuir íceadh a phinn re a créacht; grádh gach mórdhacht an móir-éacht. Léaghthóir diadhacht, mo ghille glé, mo Uailseach sáir-bhinn an tseirc-ghné, an miodh muirneach, an mhéinn gan mheing: go raibh Dia dá anam aoibhinn! Cóig bliadhna déag, adeirim ribh, don ilbhéarrlach 'tacar briathraibh, fho chóig chóigidhibh Éireann uill, i nduadhaibh dorrdha is i ndoineann. Ní bréag m'fhuíghle, bhus feas mo rádh, don tí 't-chífeas a oibreacha, narbh fhéidir a dtiomsúgh', adeir mé, gan duadh, dochar is doghruinne. Doghruinn d'fhuiling an gean, gan ghó, mar dhearc-sean Éireann ag séanódh mós is béas is teanga, thráth, na suadh, na saoi is na seanchadh. Friotall Phádruic is Choluim chaoimh bu duirbh ris an diadha dearsgochtaoi léigheann i mbáthadh, uime sin, d'aithbheogh' an deorán, tré thruaighe. 'S ní mar gheall ar mhaoin nó mheas, do ro-scaoil dlúimh a dorchadas acht re go bhfaiceadh suadh is sean líonmhaireacht tairbheach na teangan. Gan í, tá Laidean lom i mbrígh mo rádh níor dhiamhair ar an déaghshaoi tá Béarla bocht oirisi thráth nochtas ciall chaomhnach a chómhrádh. Aoibhneas neimhe don ollamh úr, don bhráthair bhocht don Órd Mionúr, ro chríochnaigh a roith - rádh bhus brón sul chríochnaigh an fear an foclóir. Focalóir, go fíor ina bhfuil Béarla, Gaedhealg agus Laidion; aibeoghas inntleacht is meabhair bhaoi 'n óig, an ársaidh is an alg-shaoi. Leachta fíor so, bhus buaine bláth ná múiribh caomha cathracha; glacuidh a chríochnúgh' uime sin ó Thádhg† nádúrdha †Ó Neachtuin. AOR. Antoine Ó Cuilleáin cct. Rinis agus ní dheárrnuis maith, a Phádruic, dot shloinneadh: créd d'fhásfadh as fréimh Dhorcha ach gég dhorrdha gan eineach? aig seo mar dubhairt dís brathar do ráinic chum tíghe fir do mhuintir Dorrachaidh aig iarraidh caomhnadh air an aimsir pian-bhrúghadh na heaglaise, acht dorinne diobhchiol rompa agus do dhíbhir uaith iad. Ar son an fhéile 'dhíbirt tar éis a daoine 'challadh, ar son a beith gan nóchar, nír bh'fiu léith pósadh leatsa! Ós don doicheall is dúthcha gan cleamhnus 'dhiultadh ar bhodach, bíodh sí agad mar chéile ó loisg an fhéile sop ort! Ó torchradh an t-inioch 's gur imigh fuil árd Uí Ruairc, 'S tar gorm-mhuir uile gur cuireadh Síol nDálaigh uain, Sé stoirm an chithe chuir sinne in do dháil-se ar cuairt, 'S ní dorcha do shloinneadh ná mar chuiris na bráithre uaid! AODH MAC DIARMADA. Antoine Ó Cuilleáin cct. Níorbh'aithne 'na bheatha dom Aedh-sa acht clú 'S ní scarthaidh lé n-a thais-sin an fhéile i n-úir; Biaidh an talamh linn feasda fón bhfér go húr Ó chaidreamh mic Chathail 'na chré san uaigh. Uch! ainnis ort! a Charruic, go dé do chúis Nó nach daighion an seasamh dhuit, a mhéirdreach shiubhail, Ó cailleadh do nead insa bhfénix úd Nach sgreadair, a chaillioch, 's nach bpléusgann tú? Ach 'sé mheasuim go ndeachaidh do chéudfa ar gcúl; 'S le caisléan do caitheadh gur chlaen-chloch thú; Níor bhacach thú an seal sin bhí aenchos fúd 'S dá feasbaidh, bí feasda gan léim, gan lúth. Ó b'fhada lán mara na féile id chuan, Ní dheachaidh sé 'mach nó gur ég go nua An fhlaith-si bhí 'n 'fhairrge i gcéim 's i gclú; 'S ó theasduigh, ní rabhart', faraer! do smúid. Annálach. Naoi gceathair bain asdu, dhá aen is cúig Don mhí dheachtaigh 's a dheachmhaigh lucht léighinn dúinn, Míle earrach 's a seacht ar sheacht gcéud don Uan An oidhche theasduigh mhac Cathail, mo lén! sa tSrúibh. DEABHAIDH I LEACAIN MHNÁ. Gearailt Ó Cuilleán cct. 'Sa leacain na mná nach gnáth i bhfeirg-chionta 'S nar pheacaigh - bhí i ndán go dtárla i bhfeill isi Taoi deabhaidh gach lá, gan spás, gan seirg-imtheacht, Ag an meas a' breith báire air bhláth na feirdhreisi. 'S ní fheadar cí tá san táin-si air leirg time Bí an meas, dar leat, tráth air páirlidh seirbhchinne 'S a' bladar leis an mbláth 's dá rádh nach "doirbh sinne" 'S gur ab "air an athair ó dtáir-si d'fhás gan cheilg misi." 'S mar nach meallann an pháirt, ón mbláth, a dheilbh-ghile, An meas téid a' spáirn leis, lán do dheirg-mhire; 'S cibe hacu ba sláine ó áirghe sheirbh-thinnis 'S machtna nar fhágaibh an dáil an ghairg-chuimis. Tig glaisi do bháith go bráth i meirg-criostal 'S nar daitheadh le Ceard na n-árd gan ceithre ligion, Dá thagra sa táin 's dá rádh "más doirbh libhsi, Biaidh dearca na mná nó bás 'nar seilbh inne." Ní taisi sa táin-si lámh na ciorr-dhuibhe 'Tiacht thart ann i bhfáinne i mbárr a meirbh-mhuinge; Arna fhaicsin don mbláth do bhánaigh is mheirbh-chrithnigh; 'S a' meas, le neart sgánnraidh, d'fhás 'na craedheargchrithre. Is feasach as deálradh sáimh 's as soilbhire Na glaisi gor sásta tá don chloiche d'imir, Na dearca mar d'fhás as bárr na stoirimi-se 'Steach in a gcnáimh-thor álainn 's eagar-dhruite. Ní chanuim mur táid as bárr mo ghoirbh-thuigsi Do thallann, do cháil, do chrábhadh, do ghoirm, th'ineach; Do phearsa gan smál, faoi cháin chuir Deirdre uile; Acht, a Bheiti, 'nín tSeáin, leat slán gan feill-bhiseach! CONSPÓID. Gearalt Ó Cuilleáin agus Éamonn Mhac Néill Ruaidh cct. Gearalt: Mur' ngéillinn-si dh'Émond 's don óig-ghasraidh Ghléasas 's nach séanann gach bó reamhar, Déaradh lucht Béarla 's ní sceól earraigh Gur do réir an chroinn ghléasda bhíos ceól aca. Éamonn: 'Ghearailt a' tséin le léightear sdair chrainn Is fuair teasdas na dtéad nar léir do sheanNaoise, Tá dreis agaibh féin do dhéanamh an ealaín-se Mur' mbarradh an crann gléasda méin mhur macnáoise. Gearalt: Is páirt dod ghasdacht mar bhearruis mo chnúasach rann 'S le tábhocht h'aignidh gur dhallais mo Chúpid ann; 'Sé táil is dleacht dhuit bheith 'spreagadh na mús ar faill Acht tá m'ághus baisde mar bhaisdeas an Iúdaigh a gclann. Gearalt arís: Atá an dá Bhréifne aig éagcaoin 's gan bhó aca Ó na caol-choin ón Éirne atá beo bradach; Ní féidir go mbéidhid siad gan cheol feasda Is an mhéid úd théid le téada dá ndeoin aca. Éamonn: Is díth croidhe bheir dhaoibhsi 's gach bó reamhar Bheith gach oidhche mur an Aoine gan feoil agaibh; Beidh grísgin sa tír-se agus feoil bheara Agus cead caointe is ndíolaidhocht cheoil aca. GREIM AN FHIR BHÁITE. Sean-sagart aig a raibh parráisde - agus do b'é Bonaventúre Mhac Alinn dob uachtrán ós a chionn agus dobhí sé ag cur sagairt óig ann' áit. Agus do scríobh an sean-sagart chum fear comhairle dobhí aige 'un a chomhairle d'fhagháil. Agus do scríobh an fear comhairle chuige air ais mar leanas: Ós deimhin liom gur chinnti air, an Pápa athair, Thusa 'chur ón chill 's gurab innte tá d'áit feasda, Do chionn a chuir faoi linn agus tú lán-chaite, Go cinnte bíodh greim an fhir bháite agad. IASACHT LEABHAIR. Riosdaird Tuibear cct. Deich gcéad beannacht uaim 'bhar ndáil i n-aonfheacht le hAodh, mo Sgatháin; 's an leabhar céadna cuir ar ais i n-aimsir bhar mbáis, gan imreas. Gebé mhairfios uaimsi beó an leabhar líneach-sa do thabhairt dó; 's nar fa luighaidé do shaoghal-sa sin, a stíobhaird an Choimhdhe chumuinn. UAISLE THACAIR. An tAthair Mainnin cct. An tAthair Mainnin, bhí 'na dhuine riaghalta $et 'na fhile sa n-am gcéadna. Bá hé budh gárdighan i Mainistir Chill Chonaill an tAthair Antoini Ó Ruadhín Anthony Fox. Do tharla fan tráth-so cóchruinniugh líonmhar cléire agus uaisle eile ann agus do ghabh an tAthair Gárdighan ag maoidheamh a ghaoil air clanna Míle go dlúth, air clanna Néill agus Síol gCeallaigh. D'iarr cuid dona huaisle ar an Athair Mainnin dán do dhénamh don Ghárdighan. "Dhénfad," ar sé, "ma bheir sé a fhocal dhamh gan fearg da ghlaca thríd, anois nó aon uair oile." Do mhóidigh an Gárdighan sin - agus dubhairt an Maininneach: Sguir feasda do shíol gCeallaigh 's do shárfhuil Néill 's gan acht ballathaigh is fleasgaigh in do threibh go léir: uaisle thacair taoi agad, a phrelaid tséimh mur cuirfi falar a gcapal ré súgán féir! FILE GAN NÁIRE. An tAthair Proinnsias Ó Doimhléin do Ghearóid Mac Coinmídhe cct. Gach croicionn libh dár feannadh ar feadh gach áird san tír-si anois ó fuairsead leasúghadh is maith an t-ádhbhar bríste! Ní feárr leat croicionn bathlaigh, gá mbíodh a lámh san aoileach, ná seiche Uí Néill, an barraidh, dá ghearradh lé dimhsibh faobhrach. Is olc do chéard, dar liomsa; olc do pháirt lé saoithe; is olc do dheireadh cumainn; olc do ghléas chum maoine. Lé géire bhur dteangan do feannadh libh uaisle Gaoidheal, Giodh súgach chaithidís oruibhsi a maoin 's a sbréidh; A bhunadh na mallocht nach glacadh súd 's a fhagháil go réidh, Go bhfaghaidh sibh banbh na muice nach rugadh 's nách béarfuídhe é! SÉAMUS Ó SIADHAIL, EASBOG. Séamus Mhac Cuarta do chum an duan so don Easbog Siadhal. Iaruim bhur mbeannocht gan fheirg, a chroidhe gan cheilg ós ceann cháich, i n-onóir na gcúig gcroidhe gan mhairg do pianuibh fa mheirg shíol Ádhaimh. Air ghrádh do mhaighistir faoi dhó, Íosa na slógh d'fhulaing páis, a mhic Mheilchisadeic is Eoin, tóig ós ar gcionn fós do láimh. An láimh sin do hongadh le hola do réir thola Ríogh na ndúil; i n-onóir th'intearacht 's do léighinn, beir sinn faoi do sgéith go nua. 'Chéile Choinnire is Dúin mhóir, 'choiseóntóir na slógh go gcreideamh Dé, 'cheannphuirt air annsacht na n-órd, 'mhaighnéis óir i measg na dtréad. Mar ghreamuigheas an t-iarann fuar don mhaighnéis is uaisle cáil, go gceangluidh dhaoibhsa bhur gcléir, ag míniughadh léighinn san chlás is fearr. Libh dá sinntí an buabhall binn atá faoi bhur gcuim i bhfolach uainn, chluinnfí ón tSionainn a ghlór go Dún na Bó san taoibh thuaidh. Is binne bhur dtroimpéad san Róimh 's i Labháin na n-órd idir an chléir nó i nÉirinn ag Lúitéir 's ag Seon mhúchas an chóir le slighe na mbréug. Colum Cille céillidh caomh, déaghmhac do rígh Innse Fáil, ionann sinnsior dhaoibhsi is dó: 's ag Niall an óir do sgar bhur bpáirt. Dhá mhac do Niall na naoi dtalta, Conall Gulban do ghabh gach tír, is Maine ó dtáinig síol Siadhail is iomdha triath do lean dá ngaol. Dothigeadh an t-aingeal, Axal árd, a chaint lé Colum, grádh na naomh; ós ionann stoc dhaoibhsa is dó, lean dá nósuibh, a bhráthair na ríogh. Fuair Colum, ó ghlac na grádha, gach ní mar ab'áil leis ó Dhia fiche míle manach faoi na stiúir i nAlbuin úir 's i nÓsruighe thiar. Tá dúil aguinn, a cheann na n-órd, go leanfair san ród do bhráthair gaoil; ní bhfuighe Bachus 's ní bhfuair ortsa buaidh, nó cathughadh an tsaoghuil. Leanfair-sa seirbhís do ríogh, Athair na naomh do dhealbhuigh grian; ó táir 'do stíobhard ag an Triúr, go raibh bhur gclú mar is ait le Dia! Gach uile pheacach bocht gan treoir is tagaid dá ndeoin faoi do stiúir, crúcaí Lúicifir nach cóir ní heaguil dóibh nó Beilsibúib. Beannacht air mhíle don Triath! beannacht Dia agus na naoi n-órd! annsacht na naomh dho shíol Siadhail ós ceann na gcliar le coróin óir. Beannacht an Chóimhdhe chómhachtaigh charthanaigh chaoimh, Beannacht na n-ógh, na n-órd, na n-absdal 's na naomh, Beannacht na hÓighe phós Sé, banríoghuin na n-aingeal, Don phatriarc óig le dtóigfear peacaidh dár dtír! FÉIDHLIM Ó hANLUAIN. Pádruig Mhac Gillionndoin cct. Tabhair, a laoigh luinn leachta, uaim tré dhíoghrais annsachta, nós mná gan sgáth, caogad grinn don éarlaimh uasal fhoirtill. Fear dar dhual ceannas i gceart, bile don phailm na lubhghort, abhall far fhás air gach rinn bláth na heagna an inntinn. Ainm dó "Foras Feasa", déismireach suadh n-anuise, sgáthán, grian lonnrach sráide, air dhéalbh-dhreach 's air chaoin-ráidhte. Aige Helicon na sreabh mín, níor dhiul mná na bhfionn mbos-chaoin dalta budh dleachta go gceart air mhéad grása, le hinntleacht. An té dá labhruim anois tearc 'na chonchlann 'sa n-inis mar é air a léigheann na gcló; dair leacht gur b'é Ciceró. Sagart son séimh-ghlan seirc, leanas riaghail Melchizedek; fear sciurtha, mhínius a cháin, go dúr aige díbirt Shatáin. Seanmóintidh sompla na bhfios, air mhéin samhluim Scotus, an tAthair Féidhlim, fort fon gcill, dochtúir a d'árd an teampuill. Cé hárd an iarsma ór fhás, ní náir go nua na sheanghnás, d'fhuil uaibhrigh Cholla na gcréach air dteacht don fhial ó Mhuireadhach. Dá n-áireamh ní bhiadh feasda a ghaol le ríoghraidh Chruachana gur lia ná meoir air gach ball fuil rígh ón mBóinn 'na thimchioll. 'Athair Féidhlim na ndreach ndonn 's a dhreach air líogh na nglas-dtonn, dot thaoibh acht mar labhras ceart gabh aige mbanbhainne nintleacht. Milis lióm labhradh do bheoil; millsi nó míl do shéanmóir; millseacht a $ambrosia fa seach millseacht do théagsa ndíreach. Dot shréad ní baoghal bás teagasg mo churaidh i gcompás léaghthóir léighinn an Luain d'fhuil éachtaigh fhéil Uí Anluain. FÉIDHLIM Ó hANLUAIN. Brian Óg Mhac Cana cct. 'Thríonóid naomhtha, dhlíghis uainn glóir is moladh gach aon-uair; 'tAthair Féidhlim saor do theacht le íce fhíor dar bhfurtacht. Créachta a phobuil - sgéul go bhfios bheir balsom dhóibh dá leigheas air lorg Eoin Baisde go mbrígh tré fhuagra luach na haithrigh. 'Nós Pheadair easboil áird tá Féidhlim uasal dreach-náir, sagart cráidhfeach geanmnaidh grinn do mheabhruigh cruas gach léighinn. Dochtúir mar Phól i bhfuighlibh ceart 'seanmóir na ngrás 'sa nua-reacht, 'míniugh théagsaigh gach ré feacht 'retoric, 'bhfalsa, i ndiadhacht. Fuair cumhachta ó Rígh na bhfeart, nach bhfuair Maoise 'sa tsean-reacht Abram, Aron, nó fáidh fios, nó aingle glan-Phuirt Pháruis. 'nGrinn-eagna feallsamhnacht fíor, 'rúin-diamhraibh diadhacht lán-tsaor, sagart mór budh síor-bhuan téisd do réir uird Mheilchisedec. Mur thuilleas 'ráidhtibh béil; Scotus 'scrúdugh' ro-léighinn; Aristotil 'n-arguin ghlic; an t-óg 's a' t-arsaidh 'n-eolus. Ó thús an domhuin gan bhaos is gach drong dá raibh i gcomhaois d'aithribh naomha, riaghail reacht feasach an fial na bhfóirfeacht. Caoimh-fhoclóir na bhforas bhfios, gan siolla dá luadh 'n-anbhfios; prímh-léaghthóir léighinn na sgol, péarla gan fhuath, gan antoil. Iómdha críoch 'ngar 's i gcéin thaisdil an tsaoi gan toibhéim aig freachnadh mbéarlaibh na suadh do shíoluigh ón Tor Neamhruaidh. Na trí teora ban caomh mbláith do rad siad dho tre mhór-ghrádh gach ríoghain a tallainn fa seach do mhéadaigh tar chách 'inntleacht. Fuair ó Chlío i ndíoghruis rúin tuigsi gan staire ndeagh-iuil, annáil gan aosa go beacht, gan easbhaidh mbrígh na bhfíor-cheart. Melpomene oirdheirc ghlic thoirbhir gach punc dá heolus dá dearbh-dhalta dhiul gan fhíoch glé-shúgh a hochta 's a geal-chíoch. Thalia gan bhaos, gan bhéim, ríoghuin chothuigh' na saor-chéim, súbháilce líonmhar nár ghann tug d'Fhéidhlim iad go hiomlán. Euterpe gan easbhaidh eoil 'dhearsgnaoi i gcumas na bprímh-cheol tug don chléireach chéillidh cheart searc is tréidhe is annsacht. Terpsichore badh mhaith treoir 'séinim saltre le maoth-mheor mar gach aon don bhannáil chiuin dothug don ríoghraidh searc-rúin. Calliope 'n iuil nar ghann 'dealbhadh duaine is príomhrann d'fhoillsigh a healadhain féin gan chosg don ruire 'sgríobhadh ríogh-rosg. Urania tá caoimh i gcéill ndúilibh lúthmhar 'sa n-áird-spéir tug dá dalta a n-iuil nach teirc, 'dtuigsi go léir 's a ngluaiseacht. Polyhymnia sháimh shuairc, buime na léigheann lán-chruaidh, fóirfidh a heagna, teist 's a cliu, thiodhlaic mar spré don dochtúir. Uaisle léighinn, féile, cruth, 'nduine náir féilidh 'n aon-ghuth clú cléirigh - go léir leis tug, damhna is adhbhar easbhuidh. Gaol gach ard-rígh líonmhar rath suas go hÉireamhóin éachtach, gan áiriomh claon, a líne ceart mílidh shíol ó Mhuiridheach, Mhic Eochaidh Duimhlean† na n-each, †mhic Cáirbre† na n-ór-sgiath bhfáinneach, †mhic Cormuic† oirdheirc †mhic Airt, mhic Cuinn chalma na gcéad-chath. Muiridheach, Colla na gcreach, urra an dá chríoch, a gcúmhdach, sinnsir Uí Anluain na gcólg gcruaidh, ard-rígh oirrthir arm-ruaidh. Craobha coibhneasa tá i bhfios ní fáth dhúinn a bheith dá sheanchas 's gan géag 'na thimchioll nó sreabh acht crú ochta na Téamhrach. Fan bpéarla-sa i dtír do theacht tair bhóchna, saor ó ghuasacht, tugadh gach aon dhíbh 'na mhóid glóir is moladh don Tríonóid. Glóir is moladh, gan osadh, go brách 's go shíor Do Rígh na cruinne léig chugainn tair sáile saor 'N fhíor-fhlaith shagairt nach gceilionn air chách a mhaoin; 'S 'na phríomh-árdeasboc go bhfaiceam é 'n-Ardmhach thíos! FÉIDHLIM Ó NÉILL. Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin cct. Gluaise mé feasta suas insa n-astuir; Nach air Fhéidhlim Ó Néill bhéiridh mé an chuairt! A' t-óigfhear don fhréamh dar chóir a bheith i gcéim; Súd é mo sgéul agus ní náir liom a luadh: Sagart geanamhuil, barramhuil, cráfach, suairc, Nach leigfeadh ní dhá cheart do cháirde uile uaidh; Líontar suas na sgáluidh, 'nois dair liom is fearr iad; Léigidh thart an tsláinte úd Fhéidhlim uí Ruaidh. Níl spóirt air an talamh nach dhósan budh dual 'Léir mur bhíodh air buile is a' dáimh aige air ghluais: Ceol, póit, agas aiteas, is gártha suain, Is gach ord 'na seolta 'teacht ina dháil gach uair; Tráth d'éirighibh sé san gcollaigh, lobhradh sé san bpobal, I mbriathra mheala, scrioptúir sáimh do-bheir uaidh; Leigim dhósan feasda, is leor dham sin do theastas; Nach é Féidhlim óg an fear atá mé 'luadh? TUIREAMH AN BHRÁTHAR SEÁN Ó NÉILL. Pattruig Ward cct. Aig so tuireamh an bhráthar Shéain Í Néill mar leanas: An féidir go bhfuighead uad aisioc, a theampoill, In gach tréanfhear tapaidh tá 'n-imlibh do ghéaguibh, Faoi throm-chlaidh leacuibh, gan areimh, gan éadach, Acht 'na luathaire, gan mhothughadh, faoi rochtain na bpiasdan, Gan aon do threabhaigh ó ar gcéad mháthair Éubha, Go líonmhar i dtreisi aig caitheadh a dtéarma? Sínte táid uile fa mhúraibh do thaobh dheas, Gan lúth, gan phearsa, acht gér-ghuinti aig an n-éug-so. Ó thús air gcruthaidh, cia iomdha do éug uainn, Do laochraidh sheasmhaigh ghabh urraim is géilleadh, Ní ráinic ceisneach mílidh air Éirinn Go bás na flaithe-so hadhlacadh go déidhneach. Géagán a threabhuigh do rolla na réxe, Plannda glan, gartha, do chineadh an Néill bhrais Sé d'fháig gach ionad 'sa n-oileán-so buartha, agus dubhrón gan fhoirchionn ar Mhachaire Leighin. A chúrsa do lean-se, i bpearsa na cléire, Tríd gach innis 's gach oileán 'sa Europ: An Fhrinc is an Easpáin - in gach triocha don méid-úd Bhí 'géilleadh anallúd faoi urraim do Shéarlus Seal fada 'sa nEadáilti mar chomhnuigh na Céasair Is fós tríd Sicily aig plantáil na daonnacht, Ar úr-chnoc Pharnasus, aig stuidéar a léighinn, Is fa dhó gur dheochuigh do Helecon craobh-ghlas. d'éis an aistir 's a théxe bheith réidh leis, Fuair sé bulla agus cartacht i n-éinfheacht Ó an Pápa, athair ar gcreidimh 's ar gcléire, 'Theacht a theagasg a tsoisgél i nÉirinn 'S a mhionaigh na sgolta d'fháig Peidir ren 'fhéachaint, Tá ar an uair-si aig Galluibh faoi bhratuibh 's faoi dhaor-bhruid Acht aig síol-chur an chreidimh do sgrobhadh re héigceart Trá hiompadh an Scrioptúr go teanga na Béarla. Lúter is Henry is Elisabéta 'S iad do chuir toiseach ar a' gcreidiomh do chlaonadh, Do thionsgain go mbainidh a bhfearann do Ghaodhaluibh 'S do chuir Críost, ar n-athair, i gcoimheas na méirdreach. Acht ionnus go leanfadh an creidiomh i nÉirinn A d'orduigh gach athair ó thosach an tsaoghail-sa, Thinic an bile ar a thurus go réim-cheart Gur chríochnuigh a bheatha i n-oific na naomhacht'; Ó Néill, adeirim, a' t-athair ro-bhéasach, Fréimh don n-ealtain do thinic re faobhar Dar thrághaigh an mhara a tuilti chon féar-ghlas 'S le ar báthadh a n-eascaraid i dtonnuibh na daor-linn' Má áiriom mar threabhuigh an macaomh-so d'éag uain. 'S ránaigh sé ón mbile dá ngoirthear Gadélus, Do ghléus a bhunadh as talamh na hÉigipt 'S go dtáinic re cumus go hoileán na Créta; Is ua do shíoluigh an curadh Milesius, Éireamhan flaitheamhuil, Ír, agus Éibhior, A chomhnuigh sa nEaspáin, mar ghabhadar géilleadh; agus tháinic re seachrán mara go hÉirinn; I dToiltionn, gur sgriosadh gach curadh dTuatha Dé Dan; Gur chlaochlódar dligheadh is ceart Innis Éalga 'S gur fhoirigh mar ainm dhi Fearantaidh Éibhir. Níl tréanfhear tapaidh nach bile don bhfréimh sin, Laoch ná macaomh ná aitritun éachtach Dar dhual a shliocht a bheith 'n-araim i nÉirinn Nach bhfuilid go huile don churadh ro-ghaolmhar: An Reighleach ón Cabhán 's in imioll na hÉireann; Is Ó Ceallaigh budh sheasamh i gcathaibh do Ghaodhluibh; Búrcaigh, na flaithi bhí 'nAchruim i n-éifeacht; Ó Domhnaill do shíolu ó Albain aoraigh; An Guaire, Mac Mhathuin is Dochurtach déid-gheal; An fial Mac Guibhir ghabh cumus críoch Fhéidhlim; Clann Channa - ní cheilfiom na mílidh láimh-éachtach, An triucha gur chuibhidh don ghasradh-so géilleadh Tighearna na goilibh bhí ar a thuras re Sémus; Mar aon re na Gearaltaigh gaisgeamhuil thréitheach, Ghabh iarlacht treise Chill Dara 's an réim sin; Ó Briain do threabhuigh do chinéal na réxe 'Nuas ó Niall Frasach, chaith beatha ro-naomhtha; Ó Cuinne is Ó Conchubhair - seal Teamhair gur ghéill dóibh 'S an iomad nach gcanfam do uimhir a ghaoltuidh. Mo thread-ghuin 's mo thuirsi! a chorp is a gheal-dhreach Bheith i gcré 'na luighe feasta aig seangadh 's aig claonadh; A ghruaidh bhí mar chorcair air lasadh gach aon ló, Gan snuadh, faoi bheathuibh, 'na sgáthán gan éifeacht. Sé sásamh do ghabhaim fa sgaramhain, a Dhé-Mhic: A' bás, go bhfuil sé fa chomhair gach créatúir 'S nach sáraighionn duine san gcruinne a thréan-ghath, Don Ádhamh-chloinn uile gan a' turus-so 'dhéanamh; Air e bhainfhios do uimhir Shíol Éubha Is bhéarus an bochtán, gan taisi, 's a' tréan leis. Níl dáil aig duine ar bioth eiséirghe 'dhéanamh, Buabhall an bhreithimh go gcluinfidh dá shéadadh. 'Sé an bás-so do loitigh gach caith-mhílidh éuchta: Dáibhí fuair treisi anallúd ar chéaduibh; Sampson dhá roibh cumus céad fana ghéaguibh; Solamh re gliocas bhuan cionas dá laochruibh; Hector is Achilles bhí 'cathughadh re chéile; Na Céasair ghabh flaitheas a' domhain i n-éinfheacht; Is Nero chuir a bhunadh faoi thuile gach léansgrios; Ní áiriom Hercules do guineadh go héigceart 'S gach sár-fhlaith do shíoluigh ó dhart-fhuil na nGréagach. Ní hiad d'fháig osnuidh is tuirsi is géar-ghul Ar mhnáibh 's ar bhannáil, 'sa talamh-so Éibhir, Acht an plannda do shíoluigh ó Cholla ua Bréaghain, An réalt a thug loinneas a gcreidimh do Ghaodhluibh, 'Sé d'fháig faoi a thuirse file agus éigse, Claointeach, greadach, gan mheisneach, ro-thréa-lag. Ó nach féidir aisioc do ghabháil ón éug-úd, Cuirim guidhe gach duine dá mairionn 'na dhaigh-san: Guidhe ón mbochtán, ón tsagart, 's ón tsaibhior, Aig seoladh don anam go flaithios Mhic Dé Bhí. Ó tháinic Mac Dé do réiteach coirthi Síol Ádhaimh, Míle seacht gcéad, gan bhréag, mar cluinfir ó chách, Dhá bhliadhain déag 'na dhaigh, is seasgad d'fhear-bárr, An tAthair Seon Ó Néill, i gcré, gur cuireadh, mo chrádh! PÁDRAIG Ó FIONNAGÁIN. Duine anaithnid cct. Chuala mé sgéala aréir is ghoin sé mo chroidhe Air bhráthair 's air ghréusaidh chlaon, lag, mhallaigh', gan bhrígh Gur mhionnuigh sé tréas i n-aghaidh a' chreidimh tá fíor; 'S go dtug sé a chúl le dúithche fhlaithios na naomh. Muna fiosach dhíbh é, an té thug cúl leis na gráidh 'S a sgar lena chéill, ní naomh é, file ná fáidh, Thug cúl le Mac Dé 's don ghéig na gile gan tuar 'Sé b'ainim dhó an tAthair Pádruig Ó Fionnagáin fuar. Ná goiridh go bráth dhe Pádruig, feasda go deoidh, Ach goiridh dhe Pádín gránna, deasguidh an tslóigh; Nar thillidh sé slán ón ár, acht mailc air a bhéul! Iseision a' sclábhuidh, náirigh eagluis shíol Ébha. Loit ortsa, 'Phádín! d'fháig tú an sonas 'do dhiaidh; Thug cúl le gach ágh go bráth, go dtéid tusa i gcré; Ó thréig tú don mbainríoghuin áluinn, d'imigh do chiall Mar gheall air mhnaoi ghallta, preabán, is iall. Ní cosmhuil le Pádruig Ardmhach', 'tomba na mbréug, Ach cuileán le Mártín, banríoghan fhlaithios do thréig; Tráth thiocfas lá gruama an Luain, a loisgfios a' saoghal, A Pháidín na gcuarán, 's truagh liom deireadh do sgéil. Nachair gheall tú do Dhia nach n-iarfa bean ach an óigh 'S go gcaithfea do shaoghal go naomhtha, beannuigh', mar chóir? Tráth thug tusa cúl le gnúis ghil Mhuire tá ógh, Leag deamhan na drúisi crúib air Pháidín na mbróg. Ó thug tú mionna éithe i n-aghaidh Rígh fhlaithis, is dual Go mbeidh tú go héag 'do phéisd is duibhe ná an gual; Má ghluaisionn tú síos, béidh míle mallacht 'do dhiaidh Go hIffrionn a d'fhuaduigh luach chuid fola Mhic Dé. Tráth rachfas tú síos, is dhíol' tú fearta na ndúil, Solas ón ngréin go héug ní fhaicfidh do shúil; Tá caraid do ghníomha i gcaortha tineadh go buan; Bídh 'n-aice le re Iudas, 's tú féin cuileán dá chuan. Agus beidh cnú na cuimhne ag innsin dhuitsi go dian Gach peacadh dá ndearna tú, d'fháig tú 'bpríosún na bpian; 'N té is ionann is tú id dhiult mar thusa don ghlóir Gheobhair aig Lútér crúiscín nimhe ren' ól. Ó dhiult tú do shréuda Dé 's don n-eagluis ón Róimh, 'S gur dhiult tú don té a céusadh 'ceannach a' tslóigh, Má théid tú go linntigh tinntigh faoi Abiróin Nó 'n-aice le Cailbhín, scallfaidh an ghreadal do thón. A bhráthair na bpóg, is mór a d'imigh do chiall; Thug cúl leis a' n-óigh, do sdór na gile tá fial; Muna dtillidh tú 'n-am, is neimhneach deireadh do sgéil . . . Bráithrín air fíochramh, is fíor go ndearna sé tréus, A' plaiceadh feoil Aoine is caoimhtheach mallaigh' dhá ghléus; Béidh fios aige thíos, is fíoghair na gorta ina ghnúis, Ó dheamhain an chraois, gur dhaor a cheannuigh sé an drúis. BEAN PHÁDRAIG Í FHIONNAGÁIN. Duine anaithnid cct. 'Sí an bhean a raibh 'ndán di gráin ó bheag is ó mhór An leannán sin Pháidín 's gráineamhuil malluigh' a pór; Má ghníthar a slánadh, is adhbhar sona do sgríobh: 'Sí an bhean a fuair náire í, is bráithrín casda ina lúib. Ó thréig tú na ... caochain, chaill tú do chliu; 'S air an taobh clí don Rígh, ní maiseach do shnúdh; Go coirigh na luaidhe, ruaicfidhear thusa 's do ghrádh Do leabaidh go síorraidh - dhíol do chreidiomh air mhnáibh. Guidh Muire go dlúith is diult do chaithibh an tsaoghail, Nó béidh tusa múchta, plúchta, i gcomra na ndaol; Greideadh is cúradh, sgiuirseadh tinidh, is pian, 'S gan faoiseamh do Pháidín dhá chéad million bliadhuin. Tá mallacht na naomh is díoghaltas feasda 'na dhiaidh Mur dtillidh tú 'ríst re bíogadh aithrigh go tréun; Tabhair cúl leis a' mnaoi agus líon-sa gloine na ndeor Agus beidh tusa saor go síorraidh i bhflaithios, i nglóir. PÁDRAIG Ó FIONNAGÁIN. Duine anaithnid cct. Is mian liom trácht air ádhbhar tuirsi agus bróin: 'S nach truagh, bocht an cás a lán air seachrán dá ndeoin? 'Sé comhairle Mhic Dé, 'shíol Ébha, a mairionn dá ngaol, Gan sógh fhlaithios Dé go héug a chaill leis a' tsaoghal. A dhuine tá éadrom, éarach, iomarcach, teann, Thug cúl leis an té bhí 'bpéin 's a gonadh air chrann, Glac comhairle na naomh 's ná bíodh do mhuinéal-sa cruaidh Agus, b'éidir faoi mhí, go sínfidh thusa sa' n-uaigh. Má chuirionn tú lón maith romhad go flaithios na séud, Is maiseach do shnúdh-sa 'gcúirt Mhic Muire na dtréud; Muna ndeana tú déirce, féile, is aithrigh, 'mo dhóigh, Béidh tú gan séun, faoi léun, 's i bpionós, go deoigh. 'Aird-rí, 'ádhbhair áluinn, chumhachtaigh, thréin, 'S a Mhic, a fuair páis a' sábháil gona shíol Ébh', A Spiorad is áille sgáile, drithlinn, is grian, Saoraidh mé slán air ábhéis mhallaigh' na bpían! PLÉARÁCA AN BHRÁTHAR. Duine anaithnid cct. Ná luaitear feasda Móirín, nó sean-cheol air bith mar sin Acht bíomaoid anois a' tráchtudh air ní nach raibh i bhfad ó shoin: Níl i mbéul mná nó páisde, ó Dhroidhead Áth' go Muineachuin, Ach mire agus pléráca Pháruic Uí Fhineagain. Níl baile mór nó clúideán insa taobh sin 'nar chaith sé tráth Ag radaireacht go lúbach agus go clúinteach ag mealladh mná; Ó léim sé as a' n-ord, 'sé dóigh liom go gcríonfaidh an crann; Acht rug a' t-ainmhian buaidh ort, a Phádraig Uí Fhionagain. Is maith an t-ádhbhar spóirt thú, a dhreoláin, 's do leabhar leat, A' rádh nach bhfuil spré beo insa' Róimh mhóir nach bhfuil caite amach! Má bhuain dóibh ganntan guail 's gan iad sduama air a lasadh ann, Dhéanfa tú féin 's do ghúna toiteach ann, a Pháiric Uí Fhionagain. A Pháiric, is gan chéill duit, 's nach léir dhuit ach a' déanamh cleas; Bhéara dhuit comhairle agus seolthadh dhuit go dé do leas: Gluais leat 'un na Rómha is crios S. P. fo do lár go teann Nó tachtaidh córda cnáib' thú, 'Pháiric Uí Fhionagain. Is aontas insa n-áit do phléráca agus gúnna leat, A' rioth air fud na sráide air pháisdigh agus gasúin bhocht'; Sguir dodo chosanairde is tabhair aire do do sheapa beag fánach Nó brisfidhear do dhrandal gránna, a Phád Uí Fhionagain. Nar bh'fhearr dhuit le do rae leis a' n-éill is do mheanadh beag Nó a' dréus air phobal Dé i n-aghaidh na cléire is bean agad? Seacht scalladh air do cháir! a phláigh, is déas a' diabhail thú féin 's do chlann; Is tú féin a' giolla gránna, a Phá Uí Fhionagain. SÉAN Ó hANLUAIN. Art Mac Cobhthaigh ro chan. A mheic Éadhmoind ruaidh, a shaercloin an tsluaigh, Go mbeiridh tusa buaidh ann gach áit le céim, Mar Mhaoise thug sluaighte thríd an Mhuir Ruaidh Chum a sgaoileadh suas ó a ngálraibh léin! Bhí an tír-se faoi ghruaim 's gan dúil le ar bhfuasgailt Ó cuireadh ansa tuamba mac Aodha Buidhe Uí Néill, Go dtáinic an t-uachtaran ciallaidh stuama, De threibh na huaisle, de phríomh-shliocht Gaedhal. Ní raibh rí fa bhuaidh san gcrích-si, mar luaidhtear, Ó Éireamhan shual, nó árd-fhlaith shéimh, Nach tríotha do ghluais sé, mar dhearbhair le suadhaibh, An falsunach suaimhneach fuair grádh ón chléir; Tá'n phríomh-fhuil-si a' luaimneadh 's a' gríosadh, gan uaill, ann, Mar thonnaibh den mhuir uaithne, a dheallrias le gréin, Is gan braon di gá truailleadh, ach aig reabhradh go huaiseach, Fa bhraoithibh caoimhe luaith-ghil oirdheirce Shéaghain. Mur mhac Calphuirn bhuadhaigh, tháinig, dair bhfuaisgilt, An patriarch stuama, le a ráidhtear Séathan; Is gur mhilse gach fuaim shnasda ghrinn eagna uadhsan Nó an mhil a' teacht re duaile ó bharraibh na gcraobh; Prinsa gan truailleadh Ó hAnluain do b'uaisle De ríghthe Eamhna dair dhual dhóibh Críoch Oirthior, le céim Na treabhaibh bheireadh buaidh is gach conair dá ngluaiseadh Is osadh do luchd guasachd is cabhair dá bpéin. Bhí $eclipse is dluaimh air an teampoll, monuair! Go dtáinic air cuairt an Gairdian Séaghan; Na caoirigh gá ruagadh faoi dhídean na nua-Ghall, Aig tréigbheal a n-uan 's gan fál fon tréud; Gabhain órdha, go snuadhmhar ó cheardaibh cruadha, Gá ádhradh suas ag Gráinne Mhaol Nó gur éirigh an uair-si ó Shínai anuas Mac Amrum d'fhuasgail cách as a bpéin. A shamhail ní luaidhthear i gcathraigh nó i dtuathaibh Ó theastaigh uainn Guaire na mbán-ghlac réidh; Coirn 's cuacha is cannaidh gá ruagadh Sé is mian leis an uachtaran ghrádhach Séaghan Na bochta do fhuascailt is teirce 'n-am cruadhtanais, Mar Ioseph le sluaightibh Chanaan go léir; 'S do-níonn sé taise le truaighe, mar thuilte glas uaithne, Ag teacht ghairm na gcuach 'nuair fhásas an féur. Tá Ierico seo thuas ag tréigbheal a cumhacht: 'S le Jubilee a fuair sinne fíor-Act of Grace; Is budh mheasa bhí cuaisne a braighdeanais dúinte Ná na treabha tugadh suas go Babilon faoi thréus; Acht Nineveh búdh uaibhrighe de chaithreacha na sluaighte D'umhluigh siad le fuagra Mhic Rachel go léir: Is mur sin dhí-si an uair-si, óir béidh a ballaighe buadhach Ó chrom sisi ón uabhar, le crábhadh an Athar Séaghain. Táid srotha den fhuil uachtraigh ag lasadh thríd, an uair-si, De threibh na rígh ró-bhuadhchatha, árd-fhlaith, is cléir Ó Donghaile budh suailceach air faith ameasg na sluagh mear, Den tsíol a sgabadh uadhsan - siúd gráinne den déis! Ná saoiltear libh gur cluantóir nó braighdeach bocht a fuair sibh, A líonfas ciste i n-uaillibh 's gan faoiseamh do aon, Acht rígh reachtmhar, stuama, gan bhaos, gan chraos, gan uabhar: Is bhí lic i dTeamhair uachtrach a gháirfeadh leis féin. Níthear eaglaisigh, monuair! de na treabhaibh nach dual Bheith 'na gceanfoirt sluaigh nó árduighthe i gcéim; 'S ag pilleadh dhóibh anuas ó na coláistibh is uachtaraighe, Tuiteann siad 'sa chruas ór fhásadar féin; Ní hionann ar nGuaire flaitheamhail stuama, A' sgabadh air na sluaightibh na máma séud Sliocht Cholla níodh tuarghoin i gcathaibh na gcruadh-lann, Mar Éochaidh na mór-ruag ag árd-chur béim. CUMHAIDH NA CLÉIRE. Duine anaithnid cct. Ó d'imthigh Mac an Átha do úr-sgoth na cléire Is a' Raghallach breagh uasal bhí barrúil i dtréidhthe, D'fhág siad againn Guaire na féile, An tAthair Ambrós an úr-chroidhe do sgaipeadh na céudta. Shíl clann Wolly go gcuireadh é i ngéibhionn Go dtáinig Humber go muirneach is na Franca go hÉirinn; Chuir siad a gcampa i gCill Ealla na séuda Gur bhain siad léimneach as Gallaibh 's as bodacha an Bhéurla. Tháinig aoibh air a' ngréin is ceiliúr éan insna gleannta; Is síothchán air Ghaodhail bhocht' insna ceanntair so go Luimneach; Bhí mac alla i mBinn Éadair is lámhach aig Francaigh Faoi $Protection 'fhagháil don ghárdian Athair Ambrós an déighchroidhe. Go bhfeice sé an lá sin a dtiuca na sáir-mharcaich tréunmhar, Buonaparte bheith i láimh leis is a ghárda air gach taobh dhe; 'S ansin bhias na seacht náisiún 'gabháil cárnadh dhá chéile, Clann Wolly agus Cromwell a' séunadh a gcuid Béurla. Do shamhuil ní fheiciom choidhche, a lámh na daonacht is a' réidhtigh, Is tú chuireadh síos na Gallaidh gach lá is níor bhaoghal duit 'Láthair barra is binnsi go saorthá na céudtaibh $Ransom ríghthe go dtabharamaois ... as is fámaois an tAthair Ambrós, a' tréad-fhear. COMHAIRLE AN BHRÁTHAR BHOICHT. An tAthair Uilliam Ó hÍcídhe cct. - do Chian Ó Mhathghamhna; óir ba chómhsgoláirthídhe iad agus dob é a mian dul san Eagluis. Gidheadh, an tan tháinidh ám dóibh a n-órd eaguilse do ghlacadh, do chlaon Cian tré ghrádh do mhnaoi uasail dh'áirighthe; go raibh sé 'na dhiaidh sin 'na chaptaon ag R. Séamus agus 'na ghiuistís síodhchána i gContae an Chláir; go ndeárnaidh Uilliam Ó hÍcídhe na ranna-so dho, 1684. Gabh, a Chéin, go séimh, mo theagasg uaim-se: Seachuin, tréig an saoghal-so tá só-ghluaiste, Meangach, bréagach, baoghalach, briste, buartha, Cleasach, créimeach, claon, gan iomad suaimhnis. Cidh maith do réim, do léim ce fada air ruaiteach; Ce deas do sgéimh, cé séimh gach aiste uait-si; Cidh blasta ód bhéal gach sgéul re hiomad suaircis Ní mhairfir féin sa tsaoghal acht tamal suarach. Ná mealladh spéirbhean mhaordha bhachall-dhualach, Ná mealladh spré ná séud ná caruid uaibhreach, Ná mealladh gné fán spéir do thaithniomh uait-si 'S ná mairfir féin, a Chéin, acht tamall suarach. Meas leat féin gan bhréag i n-ionad uaigneach Ar bheartaibh baotha an tsaoguil dhona dhuaisig; Dá shearc mar théid na céadta i n-iomad ruathair Nar mhair san tsaoghal fa réim acht tamall suarach. Cá bhfuil Caesar tréan ná Hector uasal, Ná Hercules dá ngéilleadh iomad sluaighte? Cá bhfuil aon don fhéin ba cliste tuairisg Nár mhair sa tsaoghal fa réim acht tamul suarach? Do leas más léir dhuit, déin an teagasg suairc-se; Lean do dhéanamh déarca air feadh na tuatha; Bí cneasda caomh ceart maordha mar ba dhual dhuit; 'S ná meas don tsaoghal go léir acht barra buartha. An bheatha shaor más léir leat teacht 'na cuallacht, An saidhbhrios saoghaltha tréig is beatha an uabhuir, Beatha chlaon an tsaoghuil - do chruimh is dual sin; 'S ná mairfidh aon, a Chéin, acht sealad suarach? Beatha shaor Mhic Dé sí an bheatha shuaimhnioch, Beatha théid gan traocha ar feadh na sluaighte; Beatha bhréige an tsaoghail mar sgamall mhuar dhubh; 'S ná mairfidh aon, a Chéin, acht sealad suarach? Tiocfa AonMhac Dé fa chuthach ruaige Is préimh-shliocht Éabha air aon chnoc aige an uair sin; Sé seo lá an léin, gan bhréag, ag locht an uabhair, Nár mhair san tsaoghal fá réim acht tamall suarach. Beid flaithis, spéartha, sléibhte, is cnuic air luasga 'S na haingil naomhtha féin air crith re huamhan; Féach! a Chéin, créad dhéanfa tusa an uair sin, 'S nách mairfir féin fa réim acht tamal suarach? Breath do-bhéarfa Sé go ceart dá chuallocht, Breath do réir mar dhéinid maith nó muar-olc Is breath ghart ghéar don dréim noch Leis do ruaigfear, Nár mhair fá réim sa tsaoghal acht sealad suarach. An bhreith nach claon 'nuair éisdfid, beid i nguasacht, Gach neach i bpéin go daor nó i bhflathas tsuaimhnis; Is bocht an sgéul don dréim noch Leis do ruaicfir, Nár mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach. Sgreadfuid, éighfid, béicfid, beid ag ualfairt; Beannacht Dé nuair ghlaofuid, mallacht buaifid; Beid i bpéin go daor gan barra fuasgla Nar mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach. Air dheis Mhic Dé don dréim nar tharraing tuar uilc, Do chaith a ráe le tréanas, trosga i gcruadh-chuilt 'S dá fhlaithis naomhtha féin go rachuid suas leis Nár mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach. Ceisd ort féin, a Chéin, nó cá bhfuil a dtuairisg Crombhel claon nó Éartoin arm-uaithne, Mac Airt Uí Néill ná an laoch mear Murchadh uasol Tug seal dá saoghal ar Éirinn d'iomar-ruagadh? Cheithre chéime baoghalcha chuirfeas uamhain Flathas, éug is tréan-bhreith 's teach an uabhair Ní has do phréimh-shliocht Éabha uile uatha 'S ní has duit féin, a Chéin, acht tamal suarach. An teanga shaobh ba chlaon chum iomad ruathair Ag darbh-daol dá créim go frithir, fuadrach; An corp san chré tar 'éis 'na charn-thruaill chrumh, Nár mhair fá réim sa tsaoghal acht sealad suarach. Tabhair léirmheas séimh gan iomad buairidh Mar bhradfaidh an t-éag a ngné 's a maise uatha, A maith, a méinn, a dtréidhe, a dtapa a luaghaill, 'S nach mairfid féin fá réim acht tamoll suarrach. FREAGRA CHÉIN. Cian Ó Mathghamhna cct. A dhuine léigh do théx go cneasda suairc dham, Cídh chaithios féin mo rae go hainnis buaidheartha, Mo dhearc dá léigeadh déar go haithreach uaithe, Do thoil Mhic Dé do bhéinn i bhflathas thsuaimhneach. Cídh fada an réim ó Éabh go teacht don uair-si Le holc, le pléidh, le bréig, le meisge is buaidhreamh, Is mó do réidhfeadh Mac Dé 's gan ucht do bhualadh Ná olc na dtréad dá mbéadh mar thuile ag gluasacht. AITHRIGHE CHÉIN Í MHATHGHAMHNA. Cian Ó Mathghamhna cct. Moladh leat, 'Íosa Críosd, do sgaoil an chnead As cochall mo chroidhe, go fíor a bhí 'na stad, 'S d'osguil arís air m'ínntin chlaon gan cheas; 'S follus do Rí na soíllsi an gníomh is maith. 'Íosa mhilis fuair tuirse 'gus péin go docht, Smaoin air ár gcionta 's ná tuigidh go léir ár lochd; Och! a Mhic Mhuire, 'n té d'fhuiling a chéasa i gcroich, Ná bí 'm choinne, lá chruinnighthe 'n tsaoghail bhoicht. Ciar ba mhíllteach mise 's mar chuireas mé féin led thoil, 'S m'inntin uile gan tuirse air bioth claon don chol, Mo smaoine chiontach go gcuirinn gach lae as mo thoil An gníomh fá choim - is gan druidim ó chéile i gcoir! I ndíomus uile! 's is deimhin gur clé mo thosg Nach smaoinean mise gur cruthag don chré mo chorp; Mo dhíograis chumainn mar thugas don tsaoghal bhocht toirt! 'S ba ghnaoi liom tuitim go minic le haon i gcol. Do shuidhin i gcuideachta is d'ibhin go haorach deoch, Le mbínn air buile go nguirinn "ó Dhé" go docht; Gach saoire bhrisinn, is bigill ní ghéillinn dho; Agus is fíor go n-imrinn cuiriota claon gan rath. Dobhínn an iomad re duine air bíoth claonthach i bpost, An aoirde chumais 'na ghoire nach féaduim dol; Ó bhruighin ní dhruidin, mo bhuile! cidh tréith mo chorp; Do ghuidhe mar dlighthear níor mhinic óm bhéul a chlos. A Rí na cruinne ná himir do réir na n-olc Do-ním id choinne le hiomarca géill' dham chorp; Acht díonaig mise air Lucifer claon na gcor, Do bhrígh na croise le dtugais Síol Éabha ó bhruid. 'Rí Pharthais do dhealbh na múrthaoi céad, Guidhim feasda thú 's ná damnaidh im chiónta mé Do bhrígh an ainbhfis dár tharraing in gach stiuiribh léin; Bí im thearmann, le eagla na sgiuirsidhe géar. Adamhaim go blasda dhuit, a rún croidhe ghéill, Go gcaillinn ort go ganguideach i bpúncaibh claon; Aicim ort go daingion agus dlúthaighim lé, An bhanaltra do bheathaigh thú le húr-chích cléibh. Dob anamh mé chum Aifrinn i gcúrsaidhe shléachd; 'S do shagartaibh 's olc do adamhain mo chionntaighe féin; Do dheargain le dearmad do lonnraidhe créuchd; 'S maithfheachas má gheallair dhamh, súd sinn réidh. 'Athair dhil, ná tagair oruinn cúrsaidhe 'n tsaoghail; 'S geallaim duit bheith feasda dod dhlúth-bhuidhin féin; Do ghreadag thú le barra neimhe i gcúis Shíol Éabha; 'S m'atuirse bhochd anacrach nárbh fhiu sinn é! TRIÚR TIOMANTA. Reverend Father Nicholas O Daniel cecinit. Triúr tiomanta do thoirmiosc mo shuan araoir; Triúr cuirpe ba mhistidide cuallacht Chríost; Triúr ifearnach chuir Lucifer ag buairt an tsaoghail; Is sirim-si nár fhillid siad don chuan-so arís. An diabhal nuair bhíos go claoidhte, cráidhte, fann, Is diadha bhíos 'na chroidhe ná'n bráthair ceall: An diabhal, arís, nuair bhíos go láidir teann, An diabhal a mbíonn do smaointe an bhráthar ann! SEÓN-ANNA PRÍOR. An tAithir Nicolás Ó Domhnaill cct. Am eadartha 'nae 's mé tréith a' taruint don mhóin = áit in Oir. Chorcaí? Cé dhearcfhuinn, le fraoch, im dhéaghaidh a' freasdal acht Seón, Gan aitios, gan sgléip, gan éadach, earradh ná stór, Acht bachall nar chlaon, nar ghéill do Pheadar ná Phól. d'fhiosrus féin "créad é an taobh 'nar ghabhais im chóir 'S gar sgaruis lead chéile mhaorga, bhanamhail, óig?" d'fhreagair go béasach mé "tá curtha fán bhfód; Táim feasta leam rae mar aon libh ceangailte i n-órd." N'fheadar cad déarfuinn; d'fhéachus friothmhar go leor; 'S air iomal a béil níor léir liom ruibe don rón; A mamaidh nar chaol ba tréan, an iomad don spórt, 'S do mheasus gur bhaoghal go ndéinfeach tuille nar chóir. "Dá gcuirinn ort éadach naomhtha deirfeach dod shórt Ní feas dom san tsaoghal créad é an taobh 'na gcuirfin tar chóir T'ainm ní féidir d'éinne chanadh gan ghó Acht ceachtar í-é do réir mar gheallan a cló. "I n-ionad í-é, dá ndéinin caraid do cSheon, 'S i bhfuirean tíghe Dé léad rae thú ghlacadh san órd, Ba tubuistíghe an sgéal go mb'fhéidir ó chleachtuis an tseoid Le muirinn bígh is éadaig na déanfae gan sgathamh don spórt. "Is slím réig mar mhnaoi shéimh má glacthar thú id hógh; Is mín séimh gan díth gléis do bhlaisfir im beol; Is graoi glé insa duíbhrae do phreabfus sin Seon Is beig síol naomh go haimhréig aguibh ina ndeoig." Fóill, a shagarta beannuighthe shiubhail ón Róimh, Mo chomhairle glacaidh acht ná ceangluidh dlúth san órd Seon, má theanghaidh le hEanna chum súgradh is spóirt, Comhachta Pheadair ní sgarfach le dúil 'na seóid. SEÓN-GAN-ANNA PRÍOR. An tAthair Naclás Ó Dómhnaild cct. Beannocht uaim féin chúghad, 'Éamuinn, cuirim air cuaird, Gan earradh, gan éadach, séad, gan pinginn ná luagh, Dalta na héigse, céile is cuman na suag Tá daite ón ngréin 'sa taobh, gan foithin ón bhfuacht. Tá tais mear, tá séimh, tá saor, tá soineanda suairc, Tá gasta, tá léir, gan bhéim, gan mhiollum, gan bhuairt; Friotal a béil ná téad is binne - ná an chuach; Gach siolla dá réir don Ghaoidheilge cuirean i n-uaim. A chomharsain caraid, sin chuguibhse an síoguighe suairc: Foghlaighe thaisdil fa mhairg fá thrí ma gcuaird An stróire sagairt gan spaga, i n-aibíd fhuar; Seón gan Eanna uaim glacaig is gheabhthaoi luach. 'Óig-fhir tapa do chleachtan na saoithe suag, Tóige i n-aice an faraire mhín gan gruaim, Ba comhfhogus labhair is amharc ar n-aighe na truadh, Ar stróire sagairt na mairfios má bhíonn san bhfuacht. FÁILTE AN BHREITHIMH. An tAthair Niocclás Ua Domhnaill cct. Fáilte an bhreithimh .i. Seán Clárach. Fáilte dár n-árd-fhlaith, dár ndíon, Go háras na saoithe is na suadh, Seán Clárach, mo bhráthair, mo mhaoin, Do sháruig i ngníomh ghlan gach suairc. A shláinte do thrághfainn i bhfíon, 'S gach árthrach libh líontar go fuairc; 'S le háthas ní nár dhúinn bheith bínn, Ó tháinig an tsaoi ghlan air cuaird. CAOINE CHAPAILL. An tAthair Niocolás Ó Dómhnuil Bráthair d'Ord S. Proinsias cct. - ag caoine a chapuil .i. fíor-ghearán, fíor-dheas, fíor-imtheachtach, fíor-dhonn, darbh ainm Scafaire Preabaire; noch do cailleadh le nimh shúl droch-dhuine, le úrchóid chnuic, le mothúghadh mná ruadh, le breith as nó le goin síodhbhradh buinionn ó Chnoc Tuana nó ó Chnoc Fírinne. Cé fada mé folamh, gan chostus, gan bhuídhean air bun 'S ar bhflatha gur follus gan chothrom i gcríochaibh Luirc Níor leagadh, níor lomadh, níor loisge, níor chríochnadh mé, Mo chapal - mo dhochar! - gur goineadh le síodhbhradh cnuic. A chnuic so theas, is dealbh d'fhágbhuis mé, Gan rith, gan raith, gan tapa im lár, gan léim, Gan chuid, gan chreach, fá chneas, gach lá lem ré Ó rugais mh'each beag leat 's gan láir dá éis. Dá éis is dealbh mé feasda 's is uaigneach, Gan spréidh, gan spaga, gan chapul ná a luach agam; 'Nuair a théin 'na bhathas, is tapa do sguabach mé; 'S níor bhaoghal dam leaga ná basga ná buala air bith. Ní bhuailfeach mé 's ní léigfeach táin 'na ghaor; Ba mhuar a rith air chnoc 's dob árd a léim; Cuaille $whip ná spuir níor ghábha dhó é, 'S nach truagh mé 'nois im chuis is cách 'na réim. Táid cách i ngradam, gan easbadh, go hiarbhaiseach: Is táim-se dealbh gan taisge san iaratas; Do bhás, a Phreabaire, cheartuig im iarsma mé, 'S mo shlán fán aindheis ó chaillios i mbliadhna thú. I mbliadhna táim i bpráin, i bpeannaid 's i bpúir, Mar iarsma air chách ó ráinig Preabaire i n-úir; Níl cliar ná dáimh im dháil léar dhaithnid mé dubhach, I gcian ó thárla Seán 's a' Mangaire Súghach. FREAGRA AN MHANGAIRE SHÚGHAICH. Freagra an Mhangaire Shúghaich. Is doilbh liom flatha gan flathas i gcríoch Fódla, Gan chostus, gan cheannus, is Gallaibh go síothóilte; Is doilbh liom t'shamhuil i nglasaibh air míochóthrom; 'S is doilbh liom Preabaire 'bhasga le míllteóireacht. Do milleadh thú air fad 's is feas gur diombáidh sin; Is d'imthig do rath air meath do ghearráin bhig, Siollaire seang, gan stailc, nár staránach Sibhse níor leag i leacht ná i ndroich-bheárnuin. I mbeárnuin, is feas ná feacus tú ná i bhféith; Ná air lár i scairt, i gclais, i gcúil ná i gcaoth; Ó tá gan Phreab, is asmuil dúinn go léir Gan bhláith-each beacht ná pead bheith fúd dá éis. Dá éis, is daithníd liom t'shamhuil ag triall 'na chuis, Do dhéirc air sgaipe 's gan tathag id iaratas, An tréad i bpeacadh, gan teagasg a ndiadhaire aco, 'S an éigsi i nglasaibh air easbaidh do rialacha. Tug riaghail don éigse, do shaothraigh teagasc na suadh, Tug mian don chléir, 's an saoghal do sheachain is uabhar, Do riaradh céad, do réidheadh na ceasta badh chruaidhe An sirriam saor, nár éimigh dealbh ná truagh. Is truagh liom Preabaire i nglasaibh Chnuic Fírinne, Nó i dTuaith id aice dá shlada ag síodhbhruibh; Cuir tuaraisg Pheadair 's dogheabhair uaig luíbhne is lus Is muar-chuid arthanna bhainfeas é a croidhe na gcnoc. FREAGRA SHEÁIN Í THUAMA. Freagra Sheáin Í Thuama. Is cásmhar, docharach, doilig mé, déurach, dian, Mar táid slicht Chormuic, Chonuill, is Chéin, le cian, Budh ghnáth go follas aig cosnamh na hÉirionn riamh Fá bhráca an donuis, gan chothrom, gan réim, gan rian. Rian na bhflatha ní mhairean san gcríoch, monuar! Acht iarmhar sleachta do dhalladh fá dhaoirse chruaig; Seo an chiach tug dealbh, gan ghairbh-each díoladh, an suag; Is dian dul Phreabaire - marbh, lag, sínte is truagh. Is truagh, tuirseach, uaigneach liom Preabaire air lár, An sguabaire buacach budh bharamhuil bláith; A luas lión budh luaimneach 's budh leabhair a spás, Ag gluaiseacht gan tuairisc ó eachra an ráis. I rás na n-each budh mhear a lúth 's a léim, Gan sgáth, gan stad, aig teacht 'na sgiuirse thréan, Go ceáthfrach, creathach, creat-ghlan, cumtha, caomh, I n-árd 's i lag, budh mhaith san gcumhangrach é. É bheith marbh is easnamh don dúthaigh an cás An stéid-each sgaithimh ná stadfach i gcúrsa an ghábha, Lé tréan-neart acfuinne a rathacha is lúth a chnámh, Do réidheach an bealach don tsagart i bpúngc an bháis. Do bhás, a Phreabaire, geallaim óm chroídhe go buan, Gan sásamh daingion, ná racha le buídhin Chnuic Tuaith, Le hÁine chleasach ná aicme Chnuic Fhírinne fhuair, 'S gan trácht air Pheadar, go bpreabfuidh ar saoi gheal suas. FREAGRA THOMÁIS Í GHLÍOSÁIN. Tomás Ua Glíosáin cct ag freagra go sgallaoideach don chléir. M'aindeis, gan sosadh, léar gonadh mo chroidhe im lár; Is ní capall bheith mothaighthe, gonta ag an mbruídhin is cás, Acht danair 'nár mbrogaibh go socair 's ár saoithe ar fán, 'S ár manaigh go n-obaid a n-oific gan groidhe-each d'fháil. Each níor iarr Proinsias, dar ghealladar réir, 'S ní mar san don chliar 'na dhiaidh rug barra air i gcéill: Is eachrach, sriantach iad 's is faiseanta a ngléas: Go flaitheas ag triall, sin Dia leo is rachmas an tsaoghail. An saoghal ní bhfuil anois ar díth eoluis, Noch ghéilleadh roimhe d'iomad síodhbhróga; Ní séantar linne bith na mbruidhean gcródha I gcéill ó chuirionn friotal Uí Dhomhnaill. 'Uí Dhomhnaill aigeanta, is seasgair an gníomh bráthar Na nóis do sheachnadh, leanadar príomhfháige; Na bróga maide si is faisean san mío-shásta; 'S ar rón-bhrat garbh, is malairt mhaith mín-Chámbreic. Cámbrick sciomartha is wiggana maingléiseach I n-áit na nglibionna air fhuirinn na ngairbhléinteach, Láimhne is $whipina i n-ionad a n-isréada, 'S ní gnáth, anois, aca duine gan maig is béabhar. A Dhúilimh nimhe dhil, nach ait a gcúrsa! Cé mhúinid sin gur ionad maith do chúirt-se, Gur tú an sruth ó ritheann rath is dúileamh 'S nach fiú leo dul 'na gcuis ar fad dod dhún-sa! A dhuine ro-ghlic, ní thuigim deis do scéil, Id mhuirir go bhfuil tú anois is gur breis dod phéin; Is iongna na friotail sin is go ndeir gach n-aon Do ghiolla gan bhuin, mar choin nach beag é féin. FREAGRA AN CHUIMÍNIGH. An Cuimíneach cct. Mo dheacair do chás, a sháir-fhir cheannasaigh shuairc, Go dealbh mar táir, gan fagháil ar chapall ná a luach: Preabaire ar lár, san ár, gan tapadh san uaigh, Is mo shagart breágha sámh, gan láir ag taisteal na gcuan. - Na gcuan nar chleacht gan each mear lúithmhar faoi, Ar luas mar stail bhí ag flaith dob fhearr san Traoi; Más tuaidh, más teas, tá an bhean, a sluagh nó a mbruidhean, Do scuab uait Preab, ní ceart is Donn léad thaoibh. Léad thaoibh-sa, a chnuic, 'na dtug bheith fíor ar bhréig, Ag Clíona an tsuilt, don fhuil dob aoirde i bpréimh Más sí do chuir tú id chois, gheabhair díoghal gan bhaoghal, Ó Stíobhard Luirc, tá ar muir, ag toidheacht i gcéin. I gcéin, ag tairring, go calma, chúghainn tar cuan, Go tréanmhar, armach, lannamhar, longmhar, luaith; Gheabhair réim i gCaiseal bheith it easbog, gan smúit, gan bhuairt, I n-éiric Phreabaire 's is malairt, dar lióm, nach fuar. Is fuar do scaipfidh an aicme do dhiúlta an tÓrd, Buan, go dealbh, gan bheath-uisce, lionn, ná feol, A muar-chuirp searg, gan tapa, gan lúth, gan treoir, Is mo chrobhaire sagairt dá radadh as dúithche an leoghain! Leoghan meanmnach, ceannasach, lúthmhar, óg, Do mhór-fhuil Alban, Bhreatan, is Dhún an Óir; Is cródha, calma chasfaidh - 'na chúirt, biaidh i gcoróin, Is S-se ceangailte i nglasaibh 's gach búr dá phór. CAOINE PHREABAIRE. An sagart arís dá chapull. Mo mhallacht go dian diachrach do ghasaradh an chnuic! Gan mhagadh, gan bhréag, i mbliadhna do shladadur mé; An Preabaire ó d'éug - mo léun! ní ghlacfadh an luibh Is ó chaillios-sa an riabhach, 'na dhiaidh, níl seasamh anum. Im sheasamh go dúbhach, fá smúit, do chaithim gach lá, Gan tapadh, gan lúth, gan siúbhal, air easbudh na Seán, 'S a' Mangaire Súghach go dlúith dothagach 'nar ndáil, A' freagairt gach cúis san gcúirt 's a' ceapadh na ndán. Dánta, ceoil, spóirt is iomad suaircis, Fíonta, feolta - seo an sórt do chleacht na sluaighte; Budh mhéin beo don té gheóbhach 'nar measg an uair sin, An dlíghe bhí romhainn dá chómhad i measg na n-uaisle. Dá dtagadh an cúigear úd go maiseach air clár, Ag cana 's a' sgrúda na n-úghdar do cheapadur dáimh, Dob aite dair lióm a gclú, a n-ainm, 's a gcáil Ná flathas na Múmhan, a bpúint 's a nglagaireacht smáil. Glagaireacht smáil mar chráin do chleachtaid na búir An uair chroman air thál is na gárrtha ag a bainibh 'na lúib, A' gearradh cnámha is ag áireamh maitheas ... A leinibh 's a mná is a gcáirde uile bhíonn súghach. DUAN LE BRÁTHAIR AR BHÁS A GHEARRÁIN. Bráthair Anaithnid cct. Is é mo chreach is mo chrá a chail mise an láir, An cuilirin áluin éarach, Do phreapach go hárd faoi mharcach san áth Agus tuilte tar bhárr na gcraocha; Do bhuaileadh sí an pháil go binn lena sáil Is bhearadh sí an bráithrín faoi shléibhte; Go dtagann saighiod in mo lár 'nuair chím-se a cnámha Dá phioca gach lá gis na féacha. Is ó chail mise an láir is fairsing í mo stáid Is an aigne bhreágh ní staonainn Go mbualuinn an clár is struic air a' $drawer Agus chluiseach an tsráid mé ag glaoch air; Tá mo chosa 'na gcrá le clocha na sráide, 'Sudar faoi mhála na déirce, Gan capull, gan láir, gan airgiod bán Ach sagairt is bráithre am chéasadh. Is minic dobhíos-sa sealad don oidhche Im sheasamh, chuis cloig, is réalt' ann, Go dtagadh sé im smaointe, ar uairibh meodhan-oidhche, Go mbiadh air a dhrom sa chao amuich; Do phreabuinn im shuidhe 's lag marbh d'fhághainn í, Gan tapa iná brí ina géaga; Fad mhairfe mé, arís ní leanfa mé an tslighe úd; 'S a chapuilín, 'chaoi táim réidh leat. APOSTÁTA BRÁTHAR. Risteard Mhac Gearailt cct. Dán Ristird Mhic Gearailt, apostáta bráthar d'Órd St. Proinnsias chuim an Athar Conchubhar Ó Briain. A mhacaoimh, cé mór do mheas i bhfóghluim 's i dtabharthus ó neamh, is ísiol do bhréithre san gcóir 's is árd do bhéiceach san éagcóir. FREAGRA OILIBHÉAR MHIC GEARAILT. Freagra Oilibhéar Mhic Gearailt. Is truagh liom, a bhráthair fé dhó, t'anam canncrach fá dháll-cheo; is truagh an té bhronnas caoirigh ar Dhia 'na ghabhar duilleabhair ag an diabhal. FREAGRA CHONCHUBHAIR Í BHRIAIN. Freagra Chonchubhair Uí Bhriain A ghaisgeadhuig, cé searbh do dhán, dar do láimh, is doilig línn gan do shúil san gcreidiomh chóir 's gan an óige i bhfoigse dhíbh. Bláth na hóige ó theasdaig uait, créad nár ghluaisis le guth an úird? sguir dod bhaois, a dhuille léith, is gaibh do chré ar dhul don úir. Creid an naomh-eagluis dobhí ó theacht Mhic Mhuire go Cailbhín gurab í atá is bhias do shíor gan fáil ar thuitim le hearaoid; 'S gur thug Críost do Pheadar féin solus creidimh i n-aoin-réim, ag lúnnradh san eagluis go deo 's gan cómhachta Ithfrinn dá chlaochlódh. Acht muna bréag gealla Chríost don eaglais naomhtha, a ghaisgíodhaig, créad fár chuiris-si féin suas don chreidiomh atá go sioth-bhuan? 'S ná meas an eaglais dobhí an tan tug Críost an friotal uaidh go mb'fhéidir, is eision saor, ise do dhul éag tar uacht. Dá ngeallair féin tar chionn do mhná go lá an bhrátha nách déanuig bréag dar ndóigh, má tá ar gcumas díbh, dul tar slíghe, ní léigfir lé. 'S ó nách duine bréagach Críost acht Dia fíor na ngealladh rúin, fúigfidh an eaglais gan cháim insa gcáil 'na raibh ar dtúis. 'S ó bhí an eaglais fulláin fíor le teacht Lúitéir is Chailbhín, ní ise acht iadsan do thuit ós dóibh nách riaghail an gheallamhuint. Ná cé thug úghdarás dóibh athrúghadh creidimh do sheanmóir? eolas gan chumas ag neach ag ceartúghadh creidimh ní córach. Miosúin míorbhuilleach ó Dhia ní raibh aco, mar Esécíel; slat Mhaoise níorbh'arm dháibh; ná bachall 'na ndeas-láimh. Is ní mó thug an naoimh-eagluis dhóibh cumas aithchreidimh do sheanmóir; acht iadsan ar ndul tar a chrois 's mallocht 'na dtiaruig ón eaglais. Tuig anois, a ghiolla bháin, ó thosach, do chreidiomh nách folláin, gur sinne do lámhaig an chóir 's gur sibhsi ba dána san éagcóir. DUAN DÓCHAIS Pádraig Ó Broin, an Bráthair, agus An tAthair Domhnal Ó Briain Major cct. Pádraig: A Dhómhnaill na páirte, táim cráidhte ag an gcíos; Tá an cheannann ag Párcar 's na gárlaigh gan bhrígh; Cuir leitir fád láimh chúgham, ón árus 'na mbír, An bhfuil furtacht le fagháil dom nó an bhfágfaidh mé an tír? Domhnall: Atá sin rena fhagháil duit is árduigh do chroidhe; Do hiompuígheadh an cárda, atá an báire-so línn; Atá Prusia air lár is a ghárda gan bhrígh Is tá $Count Daun sa tár ag buaint sásaimh sa ngníomh. Ag teacht na féil' Pádruig gheabhair lán-chuid don bhfíon; Is beith cupán Uí Ára air an gclár-so go bínn; Atá Séarlus 'na shláinte is na táinte dá bhuidhin Agus a mbratacha i n-áirde le háthas ag tigheacht. Gibé chífeach an lá sin air chlár leathan Bhriain: Sgrios agus fán agus ár ar na diabhail; Iad ag imtheacht tar sáile, gan cháise, gan sgian, Is $Te-Deum aig na bráithre le háthas 'na ndiaidh. Tiocfa $Nuncius tar sáile ó Phápa na Róimh; 'S ní bheith acht ann go bráth chum na mbráthar do ghabháil; Ní bheith Protustun láidir ó Árainn go Bóinn; Agus gheobhaidh tusa an lá sin ó Phárcar do bhó. Pádraig Ó Broin, arís: A Dhomhnaill na n-árann, do ráidhte más fíor, Caithfe mé i n-áirde mo bhán-hata cíor; Racham do rás chum an tábhairne so thiar Agus ólfamaoid sláinte Mhic Chárrtha is Uí Bhriain. Beith teas insa ngréin agus éisg mhaithe air linn Agus tora le naomhthacht go séanmhar air chrainn; Beith mil air na craobhuibh feadh Éireann gan roinn Is beidh Aifirionn Dé againn dá léaghamh in gach cill. Beith dearbh-shliocht Éibhir fá réim i n-ár dtír Agus Éiriomhóin éachtach - Ó Néill, is Magaoir; Beith Hollister 's Séacar is Béacar gan bhrígh $Swadlers is $Quakers 's gach aon eile dhíobh. Beith ministir taidhbhseach gan $cider, gan lionn, Is sursain air Thadhg 's é dhá leadhba go teann: "Tóig leat do Bhible it's time to be gone, Tú féin is your wife is gan amhras do chlann." Isé deir Gráinne le háthas i n-áirde air na cnoic: "Dochonairc mé an lá 'na bhfuil rás air na puic Is iad aig imtheacht tar sáile gan fásach, gan stuic: Tá an tAifrionn dá rádh, cluinim gáir ag na cluig." MÓIRÍN. An tAthair Pádraig Ó Bruin cct. Tógfa sí athtuirse is brón díbh An aisling dochonarc-sa air Mhóirín, An bhanaltra bhréagach Do tháil air gach aon neach Ó d'imthigh a céile - mo bhrón í! A cneas mar an sneachta bo ró-mhín; A bas faoi n-a leaca is sí a' deoraoil; 'S a mama bheag gléigeal Aig conairt an Bhéarla Dá slamadh, gan traocha, gan comhnuidhe. 'Sé adubhairt an mhac alla don ghlór chaoin "An bhfuileann tú id chodla, 'rú, a Mhóirín? Éirigh cois tuinne Is dearc air an duine Tá ag teacht chúghainn tar tuile le mór-bhuidhin". Ansin beidh agadsa id chóithrí Airgead go fairsing is ór buidhe Mar chabhair do na céadtha Tá ag cneada 's a' béaca Dá gcreacha is dá gcéasa le mór-chíos. Atá éanla na coille go ró-bhínn, I n-éinfheacht a' sinim a nótaí, Go meanmnach aerach Dá innsint dá chéile, Ná beith fearg Mhic Dé linn i gcomhnuidhe. Dochuala dá shinim air cheol phíob Go bhfuil coileach is fiolar ag deoraí, Phiocfas na súile As an nduine nar dhúthchas A bheith aguin, a Londuin, 'na chomhnaidhe. Beith Hector is Caesar go beol-bhínn, Bowler is Ranger a' geonaoil; Is cairr-fhiadh 'ca air saothar Ó Chaiseal go Béara Go dtuitfig i n-éinfheacht an ór-luidhe. Ansin go fírinneach pósfuidhear An duine nár síleadh le Móirín; Is cruinneoghaid na céadtha Do mhaithibh na hÉirean Go mullach Chnuic Gréine le ceol sídhe. Tugthar chughainn $punch agus beoir ghroidhe Is bíodhtar dá dtarruint i gcomhnuidhe; Cuir an aindeis air cáirde Go maidin amáireach Agus gan a casa go bráth ná go deo í. Gibé fhaid a bheith sgilling im phóicín, Ní sgarfainn le cuideachta Mhóirín; Is ólfamaid sláinte An fhir atá i ndán di A chuirfidh Tadhg is a ghárlaig i gcóistí. Atá cluiche le himirt aig Móirín: Tuitfig an Cuireat 's ní brón línn; Atá hAon-a-hart séidte 'S a' Rí 'dul air éigean 'S a' Bhainríoghan 'na ndéig sin dá dtóraidheacht. Annsin do phreabfaig air bórd síos An Cíonádh is fada faoi cheo draoidheacht; Sguabfaig i n-éinfheacht Na bearta le chéile 'S bainfidh sgilling gan bhaodhachas 's c'róin díobh. Is beith cnapaí dá ndéanamh aig Seoirsín Faoi thuairim an éadaigh nar córuigheadh; Beidh hata maith béabhar Air Dhomhnal na Gréine Dá chaitheamh sna spéartha le mór-chroidhe. Go mbaintear an bríste dá thóin síos Don dhuine nar mhian a bheith ag ól dighe Faoi thuairim an sgéal sin 'S tuille ná déarfad Dá mbéinn-se gan léine, gan cóitín! AN DÉIRC. An tAthair Pádraig Ó Broin .i. an bráthair bocht nó An tAthair Uilliam Inglis cct. Maoidhean gach n-aon a shlíghe sa tsaoghal: Maoidhean an chléir is maoidhean a' ceannuíghe; Maoidhean na mílte a maoin 's a réim; Maoidhim-si an déirc, sí céird is fearra í. CURFÁ Sí céird is fearr í 'S maoidhim-si an déirc, sí céird is fearr í. Air mo thigheacht, 'na luíghe, air thréad, An bhuídhe san bhféith 's na héimhghe aig leanbhaí, Báisteach, daoirse, is roinn air ghaoth Ó taoim le déirc, ní baoghal dam gharraidhe. CURFÁ Ní baoghal dom gharraidhe: Ó taoim le déirc, ní baoghal dom gharraidhe. Is sámh dobhím im luíghe le gréin, Gan suím sa' saoghal acht sgléip is starruígheacht, Gan cháin, gan chíos, acht m'inntinn saor Nách fearr í an déirc ná céird is ealadha? CURFÁ Ná céird is ealadha? Nách fearr í an déirc ná céird is ealadha? Lá, má bhím le íota tréith, Biad an lá 'na dhéig a' glaedhach na gcannaí Lá le fíon 's arís gan bhraon; Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í! CURFÁ 'S a' té do cheap í Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í! Ólaim $punch is ólaim $tea 'S a' lá 'na dhéig sin ólaim $taddy; Ní bhím air meisge acht uair san ré: Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í! FREAGRA. An freagra le cailleach san gcúinne. Ní hiongna lióm an bráithir méith Is gach ráib don chléir go léir do chleacht í Bheith ró-pháirteach ris an déirc - Fáth nách caol, ó roinntear leat í! Dá mhéid do chumann-sa don déirc, Do chrábhadh an tsaoghail is do thréad na haithríghe, Ní bhfuil dáimh, mar chím, ná ríob don chléir Ná tóghfach ré an tsaoghail is earruídhe. Adeirim-se leis an mbráithir méith, Cé labhran air dhéirc go sámh nó starruigheacht, Gur beag a mheas air dhéarcach faon Is ná tabharfach $God-save dho insa mbealach. Ní bhfuil sagart ann cé carthannach a bhriathra ghnáth Ná bradaire dod charaid-se, i gcéill, cé hárd, Nách airgiod is aite leis; 's an té ná bhfághan, Is cé flathusach an ghanna-chuid, ní hé do ghrádh. DON EASBOG Ó BHRIAIN. An tAthair Pádraig Ó Brain don Easbog Ó Bhriain .i. Easbog Chluana agus Ruis cct. Slán leat, a litir bhig bhláith; eitil anois go mórdháil; aithris uaim don ríoghfhlaith úr gur bráthair mé d'Órd Míonúr. Rad do, re díogras croidhe, mílte fáilte gan dimbrígh go beginnis na dtonn dtais a lorg gach saoir re seanchas. Is sgéal dúbhach i gClár Luirg teasga gach mórlaoicc ordhuirc gur éirig mar Chonn Catha an ghnúis uasal árdfhlatha. Lorgaire stuagh gach sean; tug dóibh a shearc 's a shírghean; ríghbheach air bhláith gach luibhe 'tiomargain shuadh gach sáirfhile. Mo-nuar! is déadhnach an cor don bhile bhuadha bhárrghlan caomhna na druinge fá seach, tar éis gach tromáir nímhneach. Cuid dá n-aois ársa gan chlainn, dhá n-aois óig gan fonn foghluim; níor mheabhraicc urdail re headh i leabhraibh luirg ná líne. Atá an "Forus Feasa" fann, eagna na sean air seachmall; ó dh'imthig uainn báird ár sgaile, fás gach both gan buanfhaire. A bhuídhe re Dia! is éacht amhra tú féin i dtúis ceileabhra; tug mar cholam áirce id chrobh an chraebh tar sáile gormshroth. PAITEAN TOMÁIS Í MHÍODHCHÁIN DO SHEÁN Ó ÓGÁIN. Contae caon-thorthach an Chláir mar aon le mór-chuaird Éirionn uile. Do réir Thomáis† mhian-tsuairc †Uí Mhíodhcháin, iodhón, ilreachtach éigse cúirte Tuamhan agus aon do phríomh-bhreathamhain binn dréachtach na bhfilidhe 'san ríoghacht réimh-ráidhte. Do bhrígh go dtángadar prímh-cheap ionnraic accreidiomhach poráiste fíor-dheaghthach Duire agus fosthaigheadh feadhma fíor-uaisle an cheanntair uíle im láthair don chor-so, dá iarraidh go humhal-chaoin carthannach i mbrígh phaitinn prionnsapalta saoirse shuaimheamhuil sgóip-leathan do cheapa agus do shaor-dháil do Sheaghan† ionnmhuin uasal †Ó Ógáin .i. bráthair bocht binn-tsailmeach do órd naomh Próinnsias, do chuireadh, d'éis a chuirthe go cráibhtheach i dteampoll an Tighearna, as seilbh an phoráiste réimhráidhte le hughdarás an easbuig .i. ionnus go gcaithfeach anís do réir reacht an déirc-úird dul a' cnósach carthanacht na bhfíoraon ameasg na gcoimh-chinéal Críostamhuil go fóirleathan. Dá bhrígh sin, aitchim air shaoithe fearuin, air fhíor-sgoith flatha agas naoimh-chléire ó an Laoi go Gaillimh 'san líne gairid 's ó aghlic Chaisill go splín Aeithead aoigheacht, gan easbo, gan maoidhiomh, do thabhairt, ó chroidhe, don taisdiolach dí-thréudach; le Críost do cheapadh ina stíobhard teagaisg, gan díol acht seilbh na fíor-dhéirce. Bo tigheasach taithnimh an tsaoi re tamal i nDruim na Manach, gan mí-dhaonacht. 'S is fíor nár ghlasaig a chroidhe ná a gheata roimh dhílleacht dealbh le linn béile. Níor fríoth é 'casnamh air dhríodar deasga ná íochtar barruile bínn réitig acht a' leaghas gach galair do bhin an aistir; é fíorshruith fairsing is fíor-fhéile. Gach baintreach teasbuig tá líghe re rachmuill i mínleach meala 's i nglínn sléibhe is gach maoilreach seasguir tá slighe re fada, na hadharca thachta re cruinn-réaghlaibh bo cuibhe dóibh creana le nighe na n-anam is dá ndíon air lasair na daoirphéine, mír don taisge chuir Críost 'na sealbh do roint le teachtaire an Ríogh naomhtha. Ní brainseach bacaig a' bruighion re caillig 's a druim i dtaca aig an ngíoséaraidhe ná bíoma bealaig Aheel? teach racha go ndíolan falaing 'sa maing-éaduíghe mo chaoin-fhear cneasda, gan phuighiom, gan chealg, tá suidhte, seasamhach, saoisgéalach, is le fuirm faisdal bheir mílte peacach ó dhaoirse greama na ríghphéiste. Is fíor go radaim óm chroidhe don eaguilseach príomh-phas, paitin, is pribhléide; gan cinnteas nasgaim a chíos do ghlana; go cruinn i n-aice gach naoimh-fhéile. Go síothach glacfaig an píosa garbh, an lionn 'sa mbarruile síl déise is aighidh gach earra chuir Méidheamh i dtaisge go doimhin i n-arg na dtruimpléiste. Lé síos ón Sgairm go binn Bunréithe is trí chríocha Baisgion go Cill Chambers ón Ana don Cheapaig chuig Mhaighe na gCaileach is ó dhruím Dhúnátha go Cinn Léime, táid saoithe sagairt is saoire teasdas do leighisfheas anacra an chaoin-chléirig. Is d'éis fuílioch fleadh do loinfeas peacaigh go raoiseach rabuirneach ríghmhéideach, cois taoibh na mara chuig seanntaighe an chladaig is trí gach anach go nuige Deanqually ó thuinn Líoschanuir go Glinn na Manach is tiompoll trasna chum Tuim Gréine, níl taoisioch teagais ná fíor-ghas flatha ná híocfhaig acfuing go croidh-mhéinne. Is air thigheacht abhaile do, maoidhioch le Peadar gur saoirse ó fhlathas a chaoil-chléirchius; i linn na laithig dá luígheach a chapall 's a dhruim a' feaca faoi thruim-ghréithre, glaoioch dá chabhair an Linnseach tapa, fear siabhra 'ghreada 'san mBruighion Chaorthain. Gach neoin dothabharthas cuibhreann ranna go saoir do chantuire an Ríogh gléigeal, beidh caoi psailm dá nguídhe go flathas ó chuing-bhroid mhallaighthe an tsaoghail bhréagaig. Ó thíocht air talamh do Chríost 'na leanabh, fá dhaoirse, a' ceannach na druinge daona go suídhiomh mo phaitin go díleas dearbh fá ghrinn-ghlas dearg na bhfíor-éigse, míle is seasgaid, seacht gcéad air dachad do thiompoll ratha na rígh-ghréine acht dís is gearra dheich bliadhain dá easba go fiair a feasa na fuíghioll-réime. IASACHT LEABHAIR. Mícheál Ó Longáin cct. - dá iaruidh air Sheághan Ó Mhuláin "Aodh Mac Aingil", tug sé féin air iasacht dho roimhe sin, do chur abhaile chuige, 1805. Sin sgaoi mbeag mbarrfhionn, do raduim go saordha sódhuil, Don Ghaolgach ghasda sin d'easgair do shaer-tsliocht treon; Is cidh léir dá mairionn gurb aicme iad nár aosaigh fós, Atáid maordha, maiseach, 's gan earradh ná éadach leo. Atáid a gcraobh-fhoilt casda 'na mbeartaibh, air néimh an óir, 'S a gclaon-ruisg ghlasa go ramhar glan péarlach beo; Is cael-deas mala air aighthe gach béithe 'n chóip 'S a déide cailce a mbalsam-ghuib chraebh-dheirg, chóir. A gcaomh-chnuic ghearra nár glacadh le haenneach fós; A réadh-chroibh leabhaire bhaineas air dhaorbhruit sróill; ... ... Gné gach ealtan is abhalla is craobhacha cnó Éisg air easaibh is caismirt na dtréinfhear reomhuinn. Is léir, dá n-amharcadh Aicill, shoir, gné agus cló Aon don bhanna-so ag taisdiol go saor id chómhair, Go léigfeadh thairis an ainnir bheag, bhéal-tais, mhódhuil, Trér traochadh acfuinn an draguin mhir, éachtaig, mhóir. A shéimh-fhir chneasta tá carthannach, céimghlan, cóir, Is léaghannta teagasg i starthaibh, i gcéill, 's i gcómhad, Más méinn leat caradas 'cheangal re haon dom shórd, cuir "Aodh Mac Aingil" abhaile go héasga im threo. IASACHT LEABHAIR. Micheál Ó Longáin cct. An fear céadna dochuim Seághuin Í Chaoimh go Teampoll Míchíl isan mbliadhain 1807, fá bhás Mhíchíl Í Chaoimh, d'éag i mBéal Átha Úbhalla, 1806; agus ag iaraidh iasacht "Lóchrainn na gCreidmheach" air. A Sheóin, a chara, a dhalta, 's a ghrian mo sgart, A fhir ghleoidhte, chneasta, ler cheanglas miann is searc, Is brón lem aigne adhbhar do liach le seal: Ár dtreon nár mheata bheith marbh, gan rian, i bhfeart. Óigfhear acfuinneach, arruid, iadhuin, ait, Beodha, barramhuil, beannuighthe, briathrach, beacht, Córach, caithiseach, carthannach, ciallmhar, ceart, Dóid-gheal, dathamhuil, daingean, dil, diadha, deas. Fórsach, fearamhuil, flaitheamhuil, fial go feas, Gleoidhte, geanamhuil, greannamhar, grianmhar, glan, Leoghanta, leabharchroibh, lannamhar, liadmhar, lear, Móinte, meanamnach, meacanta, miann re maith. Cé brónach, basgaithe deasga agus rian na gcneadh, Bheith ag beodhacht caithighthe feasda ní dhligh, ní ceart, 'S gur dóigh le a mairionn do thaithig a riaghuil 's a reacht, I gcómhair na n-aingiol, a anam gur thriall air neamh. Ó seoladh seachad ót aice san mbliadhain-si mé, Gan cheol, gan charuid, gan leabhar leam riar agam, Is cóir dhuit, 'fharaire eagnuig, chiallmhar, ghlic, An "Lóchrann" lasmhar sin 'thabhairt air iasacht dom. Gibé díobh sin don dís ghlan do thriallas ann, Isé sílim go sgaoilfid dam ciall mo rann; Saer-líne do phrímhshliocht na dtrianta dteann 'Ua Dé dílis, déin díon dóibh agus riar gach am. A shuairc-fhir chliste tá suireanta suilt séimh síoch, 'S do ghluais ón bhfuirrinn bhí curata cruthchaomh caoin, Cé muar mo thuirse gan sibhsi agus mé d'aonbhuidhin, Níor dhual cine-si file bheith diombaodhach díot. AOR. Seon Mairtín cct. Cionnus sin, a Phápa, gad bhéir na bráithre 'marcaidheacht 's gurb amhlaidh bhí Son Proinnsias, dair mo choinsias, a' coisiacht? Gan chlóca maith, gan ghúna, gan bhútais, gan spúir dhealgach, gan bhanna mór air a ghuaillibh, gan uabhar i dtruaill anma. Gan bhróga air nós Polónia, gan chnáipidh órdha ná síoda, gan hata luach thrí bpunta, gan céud puinte ina bhríste. Dobhí a chóta gan lása - cia gur mhór grásta Chríosta is gairtéil don tsról uaithne faoina ghlúine go híseal. Gan léinidh gheal mair lítis, gan spíosair, gan fíon Gréagach is fiosach dhuit, a Phápa, cia haca an crábhadh bréige. I gcnoc, i dtionól nó i bpuball, neach i n-anóir nó i gculaidh níl fios cia hé an bráthair ó mhac máthar ríogh Uladh. Dá bhfanadh an bocht uaibhreach ina dhualgas - níor mhiste is gan a bheith 'dréim le gach uaisle, gheabhuinn fuasgailt mo cheiste. CILL NA MALLACH. Na Bráithre i gCill na Mallach do chain na rainn-si im dhiaidh. Fáth mo thuirse fár cuireadh mé i ngainn-iarracht Ag lurán tsultmhar na muirearfhalt gcaischiabhach: Sruthán pise bheir sisi do laigchliaraibh, Siobhán mhilis, inghean Mhuiris Uí Eichthighearna. A chúilfhionn tsultmhar le gcuirthear na mílte i gcré, Do ghnúis mar lile, do licne mar lígh na gcaor, Do dhúrthacht comainn gídh thugais go deímhin don chléir, Ár súist-ne ó d'imthigh, sin sinne faraor gan déirc. Freagra: Is dubhach bhur bhfriotal 's is deimhin gur fíor dhamh é; 'S bhur súist ó d'imthigh, ná cuiridh bhur ndruím le déirc; Mo shúil-se ar Mhuire, cé sruimilte buidhe mo ghné, 'S bhur gcú-sa misi chum pise d'fháil díbh go léir. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2512 |
505 | Dán Réitigh ó Fhearghal Óg Mac an Bhaird | Mac an Bhaird, Fearghal Óg | — | Ó Concheanainn, Tomás | 1600 | 17 | poetry | (B.Á.C.: I.A.B., 1983) | 654 | 368 | Gabh, a Bhriain, liom fám lochtaibh, ná hagair orm m'iomarcaidh, tabhair síoth dhamh mar dhlighe, sgar ré t'fhíoch ar m'impidhe. Ód neoch féin ná fill do thoil, gabh trá liom tar mo lochtaibh, giodh fiú m'fhairbríogh cora im cheann, a thogha airdríogh nÉireann. Gabh tar ar lochtaibh linne, maith dhúinn airde m'intinne, má ataoi ar tí réidheachaidh rinn, a rí as éineochair d'Éirinn. Más di tháinig - tuar béime mar táim is tú i n-aimhréidhe, is aithreach méad ar meanma, a shéad caithreach claoin Teamhra. Duit is cóir leigheas mo locht, a Í Ruairc, a rí Connacht, ceann m'aradhna ná leig linn, anumhla dheid ní dhlighfinn. Ó táim ag teacht ar do thoil, mo chionta cuir im aghaidh, maithim a rádh, a rí Breagh, gach ní bhus ál le t'aigneadh. Nírbh fhiú leat aoinbhéim oirne ós aird d'eagla ar n-uabhairne acht 'nar bh'ál libh a labhra, a ghrádh gach fhir ealadhna. Rem chairdibh, a chruth naoidhe, a ndearnais orm d'éagcaoine nír dhligh sinn ort a fholaidh, ní ar olc rinn do-rónabhair. Níor chan tú fá rún rumsa go mbiadh d'fhiachaibh oramsa beith tromdha tar aon eile, a chraobh chomhdha ar gceirdine. Is é a dheireadh, dia do bháidh, nár chubhaidh éinbhéim d'fhagháil, a shlat abhla d'fhiodh chumhra, d'fhior m'anma agus m'ealadhna. Dalta do bhí ag Fionn na bhFian, Mac Lughach, lór do dhímhiadh, do bhí sé ar tós mar táimne, dom nós is é as ionáirmhe. Ní gan fháth innisim dheit: Mac Lughach i n-aois óigmheic nír léig ar cairde a chionta, téid i n-airde n-aigeanta. Mac díoghaltach, dalta Finn, ní thabhradh d'aoinneach uirrim, do chách tré mhéad a mheanma, a ghéag ó ráth ríTheamhra. Go mac Muirne, fa mhór rath, tigid an Fhian dá éagnach, dár chinn a n-éanghlár uile ar éanghrádh Fhinn Almhaine. Do Mhac Lughach, lór do bhéim, téid fios go hurlamh ainnséin dá iarraidh go mac Muirne, slat fa ciallaidh comhairle. 'Na cheann an tráth tháinig sin do ráidh Fionn tré fheirg n-uaibhrigh, 'tig glár gach aoin i t'aghaidh; is nár dhaoibh a ndearnabhair'. "Léig ar gcúl cuid dod thréidhibh", do ráidh Fionn an flaithfhéinnidh, "mo rodhoilghe sul rabh rut, gabh mo chomhairle chugat". Car an chaomhlaoi do chaith soin ag múnadh a mheic ionmhain, bláth na gcraobh ó chathraigh Bhreagh dá thaobh do athraigh aigneadh. Nír léir ón lósain amach taom do mhíghníomh Mhic Lughach; mar do chreid forfhuighle Finn, deid fád chomhairle creidim. Mar do mhúin a dhaltán dil Fionn mac Cumhaill, cruth faoilidh, múin tar mo mhíbhéasaibh mé, a ríghShéasair mhúir Mheidhbhe. A Bhriain Í Ruairc, a rosg mall, usaide leam í d'fhulang do mhuin chroidhe an breath bheire gach neach oile ar th'impidhe. Ag creideamhain dod chruth sheang ó táid ollamhain Éireann, a dhamh ré finntighe Fáil, mé ar th'impidhe níor bh'fholáir. Fiú mo pháirt da-ríribh ruibh tar ollamhnaibh fhóid Fhiontain, a shlat do bhláth Cinn Choradh, sinn tar chách do cheannsughadh. Ní bhiú de ní as sia 'ná sin, cuir mé ar aithearrach n-aignidh, a dhreach shocair ó shíodh Breagh, giodh gníomh docair a dhéineamh. Dá mairthea, a Chuinn mo chridhe, do-ghéabhainn uaid impidhe, gach duine a-tú do thogha fa tú uile a n-aonrogha. Ní mhaireann tú, truagh an neimh, a Mhéig Aonghusa Uisnigh, is gar do chriaidh sinn mar soin, gabh, a Bhriain, linn fám lochtaibh. Gabh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=505 |
2,010 | Dandaimín don Ridire Brianach | Buinneán, Uilliam | — | Breatnach, P.A. | 1750 | 18 | poetry | (B.Á.C.: NUI, 1990) | 193 | 140 | Uilliam Buinneán cct Hurrá a ridire chumasaigh Bhrianaigh Hurrá a ridire thrupaidh na srianta Hurrá a leinbh nár geineadh i bhfiadhaile Ach as ceartlár righthe ghníodh dlighthe a's riaghalta, Dandaimín dandaimín. Mo ghrádhsa an leanbh nár escair in éinfheacht, d'fhás seacht dtroightheacha thara le chéile, Mac an mharcaigh do ghreadfadh na méirligh Ó Léim an Chapaill go Meala na méathmhart, etc. Níl fiú leanbh ná seanabhean chríonna Ó Bhun Raite go Mainistir Inse Nach bhfuil ag preabadh chum bolaith an fhíona 'S é dá chaitheamh ag macaibh na tíre, etc. D'fhíonta dearga, lachtna, agus cróna Píopa, beathuisce is meadracha beórach Bíom dá mblaiseadh go mblaisiom go tóin iad Go dtéighidh an ghealach i bhfolach 'nár mbrógaibh, etc. Sin last luinge ina thuile tar sliabh againn d'fhíon bhreagh bhuirbe chumasaigh Bhrianaigh; Líontar gloine agus fiche chum Liam de, Sláinte an ridire chumasaigh Bhrianaigh! etc. Óró 'fhleascacha seachnaigh an fíon so Nó dar m'anam táim eaglach suidhte Go rachaidh sibh tamall le gealtacht gan chuimhne Is tír ná talamh mar mheasaim ní díon díbh, etc. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2010 |
2,215 | Dánta (Irisleabhar Mhuighe Nuadhat) | Úghdar Áirighthe ar Dhearbhadh na h-Eaglaise | — | — | 1709 | 18 | poetry | (Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1927) | 440 | 257 | Úghdar áirighthe Ar Dhearbhadh na h-Eaglaise. A fhir cheannasach d'fhuil Ghearaltaigh ó Dhún na bhFlann, Is ó'n bhfatha ghil mar a gcleachtadar do shinnsear greann, Aithris dúinn cia an chaibidil n-a bhfuaras ann, Cead dearbhtha ag an eaglais ar thaobh na nGall. 'Ainnir dhil thug barra leat ó'n árd-fhuil tréan, Is gasda chirte thánga liom do ráidhte béil, An eaglais seo cheapamar chun guidhe le Gaedhil, Gur dhearbhadar gan dearmad i n-aghaidh grása Dé. 'Íosa Críost is aon-Mhic Muire na ngrás, Do shaor an chine daona agus d'fhuiling an pháis, Nach éachtach an scéal is nach cruaidh an cás Easbuig is cléir ag géilleadh do Ghallaibh ar clár. Ar clár nuair phreabaid siad go priomhláideach, Leabhair aca ar leathadh is dá spalpadh gan puinn crádhnais, An dlighe fuair Peadar ó fhlaitheas ó'n Rígh neámhdha, É aca ar talamh is é stractha 'na ríorádh aca. Ríorádh is pléaráca ag an eaglais bíonn, Ar bhochtán dá gcúrsáil ag buaint airgid díobh, Sparáin dá gcruinneadh nár órduigh Críost, Is mar bhárr air dul ag áiteamh i gcoinne an rígh. Ní h-é an rígh tá ar talamh is measa le tréigint dhíbh, Ach Rígh na bhflaitheas do dhearcas gach claon i n-bhúr gcroidhe. an té so cheannuigh gach anam dár chúm sa tsaoigheal lé n-a chuid fola dá dortadh, as aon-chorp Chríost. A Íosa Críost do chídheas léd shúile trócaireach' Gach beart do-ghním san tsaoigheal go mío-chórach, Réidh-se linn an bhuidhean nach dtug na móide I gcoinne do dhlighe, beir sinn dod' rígheacht glórmhar. Níl prionnsa ná úghdar ná easbog mór díobh, 'Na thútor do mhúinfeadh a leas do thuataíbh d'iompuigh i n-aghaidh dúthcas' is thug na mionna tuaithbheal Nach ar fionntar idir Luther agus Calvin chuadar. Sin scéal bocht i n-Éirinn gan greann gan sult, An chléir so nach géillid dá dteampall cirt, Do léigh a Recantation le dream an uilc, Do bhí Gaedhealach indé is tá gallda indiu. Is iongna shaoghalta liom féin na sagairt so d'iompuigh, Nach lasann an spéir 's an talamh fútha Aitheanta Dé dá raobadh is dá gcur ar gcúlaibh, Troscadh na naomh dá shéanadh, tá'n creideamh múchta. Sin aithriste dhuit 'ainnir dhil na ráidhte módhamhail, Cia an chaibidil a ndeachadh an eaglais ar thaobh na nGall, Do ghrádh airgead do bhaileadh insa tsaoghal gach am, I gcúrsa a n-anamna freagrach 's iad féin i gcam. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2215 |
2,583 | Dánta Aindréis Mhic Cruitín | Mac Cruitín, Aindrias | — | Ó Luaighnigh, Liam | 1717 | 18 | poetry | (Inis: The Clare Champion, 1935) | 18,481 | 6,301 | Marbhna Sir Donnchaidh mhich Chonchobhair Uí Bhriain, Leim an Eich, AGUS A MHIC, LAOIGHSIGH, D'ÉAG 'SAN BH-FRAINNC. Aindrias MacCruitín rochan Annamh-sin a Chláir Lughaidh léir, Ó theacht Lughaidh a gcéin duit uaim, Gan códhnach ceanna d'fhuil Táil. Anndiu cé táir id' chonair cuan. Andiu cídh táir id'adhbhadh cuaird is creach, A thuilleadh cáirdeach, cláir-ghil, cuaine Cais, Tugais lá faoi bhláth, bioth-bhuan a meas Is trúpaibh Táil 'na bh-fál ort thuaidh is theas. Is caointe a n-éinfheacht sliocht Thail, Sa g-caoineadh cá dáil is truaigh Má's móide ár maoidhte 'na n-diaigh, Nách caoineadh éin-fhir iarraid uainn. Is caointe a n-éinfheacht tréan t-sliocht Táil na d-tuagh. 'Sa g-caoineadh a n-éagcruith, a Dhé, cá dáil is truaigh, Má's díopa ár n-déine a n-déidh na n-árd fhlaith chuaidh, Nách caoineadh éin-fhir éagaibh áilid uainn. Uainn cídh dhlígh siad roimhe riamh, Ar ngáirthe 'na ndiaigh 'sar n-deor, I n-ionad ár ngrod ghlaimh guil, Ba sílte d'fhuil indiu 'na n-deoigh. Ba silte fuil go guirt i n-deoigh na bhfláith, 'S nách díol grod guil 'nar cuireadhair feodh d'fhuil Chais, Laoich nár luigh tré luige ag laodhadh na leas 'Sa dhísle a m-bruith cé chuirfeas Fódla air ais. Cé chuirfeas Fódla air ais 'Ná d'fhóirfeas a ceas go bráth? Air súil re Banba do bhí, Gur thuit tuislibh tíghe Táil. Gur thuit, mo phúdhair uile, t-úir-shliocht Táil na d-triath, 'S gur cuireadh i n-úir fá chúmhdach clár i g-criaid, Fir nár chúthail congnamh i láthair gliadh, Níor scuir mo thnúth leat, a úr-bhean áluinn Bhrian, Brian cidh bailigheadh gan cúis, A Dhia cad dhean dá n-déis, 'S gur cuireadh a bh-flaith c'róin go dís Níor bh-fearta arís á g-crú aindeis. D'éis gach doirbhe deirge dao ruathar, Is gach géir-chioth doiligh ar theilg an ghaoth ghuardal, Níor shaoluigh meirg air sheilg na caomh cuaine, Ár n-éarla deise ar theilg an t-éag uatha. Ár n-éarlamh nár mheath cnuas, Da bh-fuigheadh uaisle éacht ó'n m-bás Níor bh-féidir dá seal gan bheith buan, Flaith c'róin gan cuan nach deilbh d'fhás. Fás chabharthach na crobhuinge nar caochcas cnó, D'fhág sorathan a saor-bheart go gcléir a g-clódh, D'fhág osgar-bheart dá g-cosanadh an t-éag air bheo, Do bhás brostuighthe, a Dhonnchaidh, níor bhaoghal go fóill. Fuille is fuidream ge mian, Tré caithréim rian níor druid clú, Do nós eascon nár sheachain áth, Dob' aiceacht gnáith do'n bhile buaidh. Bile buaidh chúladh nár chrain cian, Cisde dlúis cluitheasdach ceannsa ciall, Má's misde an Mhumhain cnúamhala teann-fhlaith is triath, Do dhruid go dlúith dúnta réar scannradh a triall. Do druid réar scannrad gan scáth, Dul Donnchadh cé bláit bhias beo, Do nós gach flaithe rathmhar réidh, Nár chaith rae mar rabhradh reo. As reo rachmallach réar scamaladh gach taobh do'n tír, No ceo ceangailte bhus fada bhias 'na léan gan líghe, Treon tairise na n-anbhfann mar téarnadh a g-clí, Is ba sceol dainimhe le n-aithri go n-éagaid Gaoidhil. Sceol dainimhe na dlighe duais, Is guirt lem chluais nách slighte séis, Ó theas cia dán duanta cás, Siud buille bháis ní cuirthe spéis. Ní curtha spéis a saot ná síon go bráth, Ná g-cuir an t-éag do scléipibh scaoilte air chách, 'S gur luibh dá aerde gléire, bríghe na bláith, Gur muirt dá éis, 's go d'téid gan scíth air sgát. Ó theasduigh ár scáth 's ár scéimh, Tug fa scéird a n-earraibh air scuain, Cia d'ár g-clóinn ná tuigfidh a chás, Mar rug a m-bás ár g-coimric uainn. A uain an chirt, is follus dam mar duaidhim tú t'feidhm, 'S gur dual toghtha do thobhrann as tuar-chrú tréan, Luath molta dhuit i bh-foclaibh gé chuaid tú i réim, Na duadh t-folairic ní obairid o's suar chúis d'aon. Níor mhaoidhte do sheanchuidhe saor D'ár bh'aithne do chraobha anuas, Do mhórdhacht, do mhaith mhéin mian Do chaithréim, do chiall, do chnuas. As sceol doirbh deorach is doiligh dáil, Lé'r fógarach meath Fódla go fullas go bráth, Ceap córa agus óirchisde na bh poball mar tá, Géar lóchrann nár leonadh le stoirm na stát. Is dá maireadh re saoth na síon stoirm Dá dhéirc ghoirm níor bhaoghal tuirn, Is marg ó n-deachaidh an tonn cailm Géar throm tharraing a gharg duirn. Níor caol t-slat chríon ná fiodhbhadh feoidhte fiar, Acht céadar díorach, diona, duthach, dian, Do'n éag, fó ríor, má díoc a cóir do'n chriaidh, Is créim do'n chrích gan Laoighseach beo 'na dhiaigh. A n-diaigh Dhonnchaidh mhóir uí Tháil, Is Laoighseach iar d-táim a n-úir, Níor tráth ar g-ceangal, a Dhé, Ar slán feasda, d'á n-éis, fút. D'éis Laoighseach bheith sinte is Donnchadh a n-uaigh, Éag díse tug taoide na tubaiste air Tua' mhain, Céir díorach na Muimhneach is mogall na m-buad, Is béim díoghla d'fhuil mhíle mar codlaid go buan. Is buan an bhord ghoimh gan bháidh Ár n-oncain áigh dul a g-criaidh, 'S go m-b'feárr bheith marbh 's ar n-dul leo, 'Ná anmhain leath-bheo 'na n-diaigh. Dia leat a thriagh-fhlaith lé'r cosanach cíos, 'Sréd' dhian-mhac nár bladhantach géar phoirtil a ngéis, Fial t-slat nár fiarad ó thosanaigh aois, Is d'iarrfainn dá bh-fiadainn an Ola do'n dís. Dís do bá diangloine dlús, Cá dis ba dile ná'n dias? Oc! cá bh-fuighiom na aithghin dáib? Má's fada géir ar marthaint bhias. Dís dob' áille gáire gnúis is gnaoi, Dís nár fánach a n-adhbhaibh dúra an dlighe, Dís nár bheárnach bláith 's tug clú dho'n chrích, 'Sis dian- ghoin áir do'n Ádhamh-fhuil úir a n-díth. An Ceangal. Mo mhíle crádh 's mo chán fá chúig arís, A chill ceann árd Ceall Áth na Súlach shíos. Is fillte fágbhadh id' lár, fá chlúdadh líog, Ár m-brígh 's ár m-bárr le'r cneadhadh gach clúid do'n chrích. Críoch gan áird tú, a Chlair Luirc úd do chím, Fá scímle scráb go bráth air chúl do chínn, Ní shílim lá geal d fhághail gan dubhas dibh Ó chríochnaigh an bás do sgallainn dúthchais dinn. Ó thígheacht d'ar slánadh sár-fhlaith siur gach saoi. Aois Mhich Mháire an thrath do ciuineadh a gclí, D is M Bheárrtha bhlaith is cúpla C, Is I na dá chuid árd, is V fá thrí - 1717. Is do'n mhí má's áil an lá créachta úd do ríomh, 'Nar síneadh a bháin-chnis áigh fá clú 'san g-cíll, Scriobh go sámh air sháil na Samhan gan scíth, Da mhin chruis bhláithe bhárr-chas U agus I. 26th Novr. Críoch. Marbhna Sir Donnchaidh mhic Chonchobhair Uí Bhriain, ó Léim-an-eich, agus a Mhic Laoighsigh. Aindrias Mac Cruitin ro chan. Dob' annamh thú a Chláir Lughaidh go h-éigneach, Gan códhnach cian d'fhuil Bhriain mar aodhaire ort, Andiu cé táir go tráighte traochta, Ad' chonair chuan is cuaird i n-éinfheacht. Tugais lá gur bh'álainn aobh thú, Gur dubh do bhán tré thádhall gach spéirling, Id' máigh faoi bhláth ó'n Áth go Léim Chon Is trúpaibh Táil 'na bh-fálaibh cléibh ort. Is caointe a n-dáil, ochán, a Dhé dhil, Is cá dáil is truaigh ná an cuaine a n-éag-chruith, Má's móide ár g-ciach 'na n-diaigh 'sár n-déine, Mar fánuidhe fuinn fá'n úir i n-éinfheacht. Gé dhligh siad uain air uain a chéile D'éis gach ármhaigh airce is éigean, Dá d-tárla do'n táin t-soirbh aonda, Ár ngártha 'sár m-bláith-fhuilt do raobhadh. Gidh ainiu ní cruith do'n chéadna, Ní díol grod-ghuil an cuireadh ár g-claonadh, Is silte fuil 'na tuiltibh tréana, Ó's déimhin gur thuit ár d-tuislibh téagair. 'S gur tóirnéadh is le fóirneart an éaga, Ár leomhain idir óig agus aosda, Mo mhíle púdair, mo liúgh, mo léan-chreach, Do bhí mo shúil go dlúith leat, Éire. Mo lá leoin! is geol gan scéimh sin, Cia d'fhóirfeas ód' bhrón-cheas tú, mhéirdreach, Ná thógfeas an ceo so do Ghaodhlaibh? Air m-beith d'ár stór 's ár óirchisd traochta. 'Sa bailigheadh tráth an Tál-fhuil téadach, 'S nách bh-fuil a rádh na bh-fáidhe acht baoisradh. Mo cheist dlúith air úghdair aobhdha, Créad dhéanfan ná déarfam 'na bh-féagmais? Ad' foill, a Rí beir brígh do'n bhraon-mhuir, Cé chuirís síos go dís na tréan-tuir Níor bh' fearta dhibh mo laoidh-se bhréagna, 'Sa n-óirneadh arís a ríghe 'sa réimeas. 'S ge h-iomdha trálach, táin is tréada Fuair siad tráth o'n ám go céile, Níor bhuanaigh meirg air sheilg na saor-cheap, Go dul, mo nuar! dá n-uaithne déidheanach. Donnchadh Ua Briain, flaith-thriath na Léime, Is lochrann Dhruimeolaisd nár léanadh Dá bh-fuigheadh uaisle uain ó'n éag do, Do bhéaradh an Rí ceart síneadh saoghal do. 'S dá bh-fuigheadh fós aon t-sórt do'n daon-fhuil, Cáirde cian ó'n g-criaidh, ná caomhna, Do dhruim beannacht na n-anmhain n-éiglioch, Ba dócha bith-bheodhacht Eilias do. Bile buaidh do'n fhiudh dob' aerde, Ó shiligh súgh na siunta saora, Ba gloine gnúis, is ba lonnrach réilruisg, 'Sa ba dile dúil ag múchadh méirleach Post cúla na cúige do chaomhnadh Fosgach, fiúntach, clúmhail, caithréimeach; Cisde dlúis nár dhún a ghéag gheal, Treabhach, trúpach tionnsganach, tréadach. Má's misde dhuinn flaith prionnsa is foénics, Nár airg úird 's nár chúmhdaigh éigceart, Nár chreach a g-cúirt an trú na an tréith-lag, Is luing gan stíuír ár n-duithche a n-éagmais. Má's misde fós flaith phór mar é dhul, Do thuit ar n-dóigh is a nglóir i n-éinfheacht, Gé mairfidh go foill 'na lóchrann léighte, I leabhraibh suadh dá luadh idir éigse. Do nós Bhriain air dhiadhacht 'sar dhéine Air nos Guaire air uaill 's ar fhéile, Do nós Eoghain air mhórdhacht méine, 'S do nós Mhurchaidh air uise 's air éachtaibh. A ghrínn fhlaith, gan isle gan aerde, Ní mhaoidhim ort id' ghníomhara do gléire, Do dhírghe, do shaoire, do shéimhe, Ná dhímhne bhí fírinne id' bhréithir. Ná gach tabhartas trom is tréithe, Is gloine is glonn d'ár bhronn Mac Dé dhuit, Acht amháin ó táim dot' éileamh, Gur bháith ghin díreach d'fhuigheall na nGaodhal tú. 'Sa sháir fhir ó sháruigh an t-éag thú, 'S gur fhágbhais na táinte go tréith lag Ní curtha cás go bráth 'san t-saoghal so 'Na g-cuir an bás air chách do scléipibh. De bhríg go d-túrnann tnúth gach tréin fhir, 'S go d-téid gach meidhír mar leaghas luibh aer-chnúic, 'S gan cruith dá áille, bláth dár féachadh, Nách dtéid do ghnáith mar scát na gréine. Ní mhaoidhim fós do mhórdhacht méine, Do chiall, do chonn, do glonn, do chéadfadh, Ní mhaoidhim gairm ná gradam do réime, Ná mbiodh d'fearaibh aoibhne fád' ghéille. 'S ó's aithne dhom do sheanchas do léir-chur, 'S go bh-fuaireas iul do ghlúine ghéag-gheal; A uaithne, fuigheall na taoide tréine, Duadh do ghaoil im' laoi ní dhéanamh. De bhrígh nár fhás, do rádh gach éigeas, Fiadhaile feadha ná cárthann cae ionnat, Ach dosaibh díona, dírghe, déigh theast Ar lorg ríghne rígh cheap Regum. Na luadh molta dhuít ní obruim air aon chor, Gé duaimhfainn duit duain mhaiseach dhéanta, S ní duain t-sáis, 'ná phláis, 'ná baosraidh, Acht duain chráidhte, is cháis is éagnaid. Cidh d'fáisg dealg társna na n-ae ionnam, Ó rángais faoi fhásaibh an éaga, Síos cráidhte atá an Gall agus an Gaodhal de, Gan t-ármhac id' dhéaghaidh-se dár g-caoimhnadh. 'S ó thárla an t-ármhach soin déanta 'Sa slánadh tré ghlámaibh nách féadhtar, Ní tráth dhuit bheith cádhasach, a Dhé dhil, Air slán feasta ó'n lá sin go h-éagaib De bhrígh go m-b'fhearr dúinn bás a n-éinfheacht, 'Ná bheith 'na n-deaghaidh go tráighte tréith-lag, Dár g-cárnadh faoi dhásacht gach péine. Dá d-tráctann an phairliment maolac. Acht fágam an áit sin is éisteam, Is tráchtam, a Chláir Luirc, air h-éigean, Dot' stolladh idir fhiachlaibh gach faol-chon, Dá d-triallann tar grian t-sleasaibh Thétis. Is diachrac d'fág dian achtaibh Dé sibh, Gan tighearna, ná iarla, ná aodhaire ort, Gé tá mo shúil go dlúith led' fhaothamh, Dob' annamh thú, a Chláir Lughaidh, go h-éigneach. Aois an Árd-flatha an tráth do téarnaigh, Donnchadh Ua Briain, flaith-thriath na Léime, Míle slán air scáth seacht g-céada, Re seacht lán-bhliadhnaibh diana déaga. An seachtmhadh lá lom-chraidhte air éindeich, A d-túis an gheimhridh bhíodhgtha braonaigh, Air m-beith gan tlás faoi bhlát air an saoghal so, Seachtmhogha 'sa seacht cidh seasc mo scéal-sa. Crioch. Sloinneam saoir-ghéaga síol g-Cais AINDRIAS MAC CRUITÍN DO CHUM. Sloinneam saoir-ghéaga síol g-Cais, Do dhruim déine agus dúthchais, Treon toirbheartach na máigh fhíonn, Dár mhuigh óirdhearcas Éireann. Saer-shíol Chais na ngníomh n-ordhuirc, Dligheidh gach file fíor ionnraic, Tar mhear-shliocht meardha Mhíle, An dealbha do chraobh-scaoileadh. An Cas' so d'ár chómh-ainm Tál, Ór chín móir-fhine n-iomlán, Do'n chroibh úir ghéig-leabhair ghil, An chéad fhear fuair cuíng chidhim. Tré ar tugadh do san dá bhríg, Is d'fheartaibh deagh-órduighthe an árd-rígh, Crobhuing ro rinne go raith, Dioghluim dian cloinne deagh-mhaith. Cidh bhádar do'n chlóinn chéadna, T' ceathrar chaidhe caoin-déadla, Air a ráinidh séan sleachta, Go m-buadh féile is fóirdhearca. Gidheadh tárla go m-buaine, Do dhearsgnadh do'n tréan chuaine, Aoin dís grod laochda nár thím, Blod bioth-aodhbha is Caisín. Rígh-shíol m-bloid go n-uaill n-ordhruic Iomdha a n-uasal n-abhall-ghuirt, Tré neart gnaoi dhírge guis, Andiu a g-caonruidhe a g-ceannas. An dara rámh rathmhar gan bhéim, Ó'r chín clann chalma Choiléin, Go láimh-fhearann Luighdheach gan bhruidh Na d-treallamh d-tiubh tallúid. Gabhas Cárthann mac Caisín, A n-eang áluinn fhearainn mhín, Ó Dhroichead neamh-fhuar na n-Each, Go sreabhaibh srith-b-uaimhneach Luimneach. Gidh h-iomdha doghruing is deabhadh, Fuair siad mun b-fonn bh-fear leabhair Síol an chinn-bhile calma Ag dídean a n-athardha. Caomhnuid riamh gus a leith, Feadh dá chéad bliadhain air mhíle, An tír treabhalta ba líonta air An síol neamh-chrannda neartmar. Móide fós a g-ceart cairte, Aosdacht sonn a saor chairte, Ó ré Lughaidh na m-Beann mear Fá lámhaibh súr a sinnsear. Deag-shliocht Caisín fá garg gá, 'Ghá ngairtear síol árd Aodha, Gid díom dlighthear a g-caithis, Ionnramh saor a rith sheanchais. Biodh go léightear gan dóire, A n-aimsir Bhriain Bóroimhe. Gur b'é Mac Liag fa maith lígh Fá h-árd ollamh cian do'n áird-righ. Dearbhthar fós diaidh a n-diaigh, Feadh seacht g-céad saoir-bhliadhain, Doin' éinchine go líon d-tais Fá chaoimh fhine sil saoir g-Cais. Dá bhrígh sin, a g-ceart fuíghle, Dlíghim cleachta a g-craobh-scaoileadh, Is ríomh an glé ghlún fá seach, Sluagh na séad mhur suaimhneach. Gé h-iomdha file fíre, A réimheas gach rígh líne, Do chuimnigh trí a n-eagar iuil, A g-craobhaidh caig cáirdeamhail. Do dhéan dóibh go nuadh andiu Diul na suadh leabar seanda, Dreiseacht dhioghluim díon t-séan Chais dil, Ba séad síordha dá sléachtaibh. Fios gach glan ghéige go n-aoibh, D'ár ghléir phreamha do'n úr-chraoibh, Is gaol gach druinge go bh-feas, Do'n aobh chróbhuing dil dileas. Leanfar fós glún air ghlún, Liom-sa ní mian mí-ríún, An rígh leomhan nár chlaon seal, 'San raon ealdha go h-Éibhear. Usaide dhúinn na gan dul seach, Ag ríomh na muirear múirneach, Feabhas mo dhealbh chrínn gan oil, Do'n leabhar choill áird uasail. Bile buadha is bleacht bláith, Dhlígheas gan seacha saor cháis, Crann ná críonann mar chrannaibh, Crann is dídhean d' anfannaibh. An crann so, gídh crann cuanda, Mhúchas geimhle Gall-chuana, An crann is rígh-dhírge réim, Luingeas a g-cuíng 'sa g-caithréim. Gidh chuirfead 'san raon roimhe, Dís deagh-mhianach ionmhuine, A mhac féin is mac a mhic, Níor dhleacht ó chéile a ndeighilt. An cead chrann díona do'n dias, Ceann an chaoimh fhine Próinsias, Griobh innealta gan triall trím, Dia dá dhion air gach doghruíng. Go mo séan seolta san deilbh, A g-croibh ealdha an óig leinbh, Cidh tá 'na mhion aois mhiochair, Séan d'ár síoladh saoir-ithir. Filleam trí gach n-eacht n-aoibhe, Air cheap sár ár saor-chraoibhe, Is leanam d'fhior-bhun a threathan, An crann díona dois leathan. Flaith gan dreabhaidh gan dochma, Seán no saoir-bheart saor shochma, Mac do'n ghribh mheardha nár dhocht, D'ár mhín treabh dá tromdhacht. Ba chlos a m-bealaib dá m-brighe, Tásg an chuínge chéillidhe, Seaghán saor lé ar sealadh slacht, 'S nár chlaon innmhe tré Ghall-smacht. Mac Taidhg mic Donnchaidh duasaigh, Fréamha fosaigh fláith chnuasaigh, Mic Taidhg mic Cainmheadha lúinn, Croinn fá croidhe bhreagh crobhuing. Cú Mhara nár thímh sleagha, Do b'é athair Coinmhéadhe, Seaghán, le ar h-iomad ara, Athair chuana Conmhara, Annso scaraid go ngloine ngreas, An ealbha dár fhoigse bruithreas, Sliocht Shíodha 'san Ros Ruadh rúinn, 'Sa g-ceathramha an iubhar áluinn. Sliocht Choin Mhara nar ob troid, Annso fós go scéimh scaraid; Sliocht Rátha Laithin go nglé Is bhaile treabh chaoin an t-sléibhe. Fá h-é an ceathramha aithireach, Do'n chuire cháidh cleachaisteach, Donnchadh an Ghuirm gha ghéir, Ó úr Bhéal Átha h-eidhnéin. Leanam do Mhac Con gan locht, Athair na druinge a dubhairt, Mac Síoda cosgradh cnéadha, Mic Mic Con mic Coinmheádha. Ag so Cú na n-éacht n-uaille, Do nós Con na Craobh Ruaidhe, Do réir mar nochtar a g-cein, Do chuir ó chosgar a chaithréim. Ceathrar do'n phriomh-chloinn céadna Ag Mac Con mac Coinmhéadha, A n-éagmuis t-Síoda ró treise, Ó bh-fuil bun na craoibhise. Seán an ghabháltais nár ghann, Tadhg treabh ársa agus Domhnall, Is Mathamhuin gan dlúith daille, Ag soin súr na saor clainne. Mac Conmara reidh Riabhach, 'S air phréamhaidh dá chneis mionnach, Ó'n Seán soin gan díth bh-feadhna, Dhioghluim feadha finneamhna. Déigh shliocht Taidhg na d-tacar d-te, Do réir mar scaraid ó chéile. Fá'n bh-fionn-mháigh bh-fionn-bhán mhíochair, Iomdha a ngabhla geinealaigh. An treas crann do'n choill céadna, Domhnall dána dreich dhéadla; Ón phréamhaigh an tréad tacach. Sliócht Dhonnchaidh na d-tréan bhratach. Sliocht Dhonnchaidh na g-ceann g-comtha Ó Mhathamhain dil dall chonnla, Gríobh nearteamhail fá mioth roinn, An ceathramha flaith do'n phríomh-cloinn. Iar ríomh, gan fuigheall réadha, Slioct Mhic con mic Coinmhéadha; Sloinntear tráth 'n-a dhúthaigh Rínn, Deagh-shliocht rann ársa Lochlainn. Raith fhíol Lochlainn na d-treas d-tric Sliocht Mhic Con Fhinn, sliocht Philib, Don'n t-séin treibh nár tláth aiceacht, Na céid Fhir tárla a d-tánuisdeacht. Mic Mhic Con calma gan ceilg, Mic Lochlainn líoga láimh dheirg, Mic Coinmhéadha mhóir buadha, Fear na g-cóige do cheannsughadh. Mic Néill neamh-eagal niata, Mia Con Mara cruith niamhdha, Ó sloinntear go ngloine n-dagh, An treabh fá truime teaghlach. Ann so dealuíghid go mblaidh, Sliocht Dhonnchaidh nár thuíll díomblaidh Dá ngairtear go ngraidh ngile, Síol uasail an óirchinne. Annso fós go múdha amach Ró scaraid ris an d-teaghlach, Uí Mulchaoin nár coill cuing, Do chloinn mhear caoimhe Moleachluinn Áireamh sonn 'san-g-croibh eagair, Domhnall díona déid leabhair, Craobh gan uamhan ghan fala. Deagh-mhac cuana Conmhara. Dearbhráthar Con an ága Niall sinnsear síol bh-Flannachadha, Déad glé ghríobhdha nár mheath mil. Air feadh cinn-chriocha Chaisil. Mac Domhnaill óirdhearch oile, Mic Eanman brac Bóirimhe, Laoch fhlaith tug loga luatha, Anam troda Tarbh Chluana. Mic Aodha feardha fiachda, Mic Eanda, mic Aisiodha, Fir fá h-úrlámh cleachta séis, Ag túrnamh sleachta Thuirgéis. Tarla fós go fear fíordha, Do shliocht áluinn Éisiodha, Ealbha do bha sar saoire, 'S ba h-ádhbhar le h-íolmhaoine. Fá díobh gan crinnc gan cheas, Ó h-Icidhe nár ob leigheas; Is dream fá taca dá d-tráth, Uí Slatra, Uí Ainnle, Uí Aisiadh. Mic Síoda nár chruaidh croidhe, An eich bhuádhach bhárr bhuidhe, Do thuill clú dá shliocht a g-céin, Mic Mhaoil Chluithe mic Coiléin. Ag so an Coileán céadna, Ó sloinntear na saor treabha, Úr-mhac Uirthile nách náir, Mic Donghuile, mic Ogáin. Mic Atlamhuin catha Guaire, Mic Feargusa flaith uaibh é, Mic Cárthainn nár shaoghalach croidhe, Cá chrobh fá truime toradh. Ann so scaraid go ngloine, Cineál diomsach Donghuilé, Fir fhraoch lágha nár aobh oil, Shíol saor Gráda nar chúthail. Mic Caisin, mic Cais go mbuaidh, Mic Conaill ain-mhín Eachluaith, Mic Luighdheach chobhthaigh nar dhocht, Onchú fhóghlaigh bh-fear g-Connacht. Mic Aongusa nár chagair uilc, Mic Fir feardha flaith Chrib, Mic Mogha, mic Cormaic gan chuíng, Mic Oiliolla óirdhrarc ó Luim. Ann so scaoilid ó chéile Cínn bhráithre na caith réime, Siol Eoghain, siol g-Cais is Céin, Leomhain gan aisg 'n-a g-chaithréim. Mic Eoghain tairpe Taidhligh, Mic Mogha neartmhar Néid neimhneach, Tréan-fhlaith cidh teilge gan time, Mic Deirg mic Deirghthine. Mic Eanda Mhuncaoin ó an Chéis, Mic Laoich Mhóir, mic Mogha Feibhis, Mic Muireadhaigh is mic Eachach, Mic Duach Doinn deagh-eachach. Mic Cáirbre luaidh ghlic luisg, Mic Luighaidh Luaighne an Gleann Ruisg, Mic Ionnathmhar dár bh-fiadh Eamhuin, Mic Niadh séada Seaghamhuin. Mic Adamhuin, mic Fir Chuirb, Mic Moga meanmnaigh mhíon bhuirb, Mic Cobhthaigh cleacht chaoin gan ceilg, Mic Reachtaigh ríoga Rígh Dheirg. Mic Luighdheach léir ghrinn laogh, Mic Eachach óirdhearc fíor fhaobhdha, Mic Oiliolla fá lúthmhar leirg, Mic Airt mic Luighdheach Láimh Dheirg. Mic Eachach Úircheas nár Luínn, Mic Luighdheach íodhain Iarduínn, Mic Eanna Deirg, mic Duaich Fhinn, . . . . . . . . . . . . . . . . . . Mic Bhreis réir ríoga nár thím, Mic Airt Imligh, mic Feidhlim, Tréin-fhir toirbheartach nár tháir, Mic Roitheachtaigh mic Roáin. Mic Fáilbhe, mic Cais Caingne, Mic Aill Deargóid trean tairpe, Mic Muineamhain is mic Cais, Mic Fir Árda fheil folt-chais. Mic Roitheachtaigh, mic Rosa ráin, Mic Glais, mic Nuadha deagh-láimh, Mic Eachach Faobhar na Féinne, Mic Conmhaoil na caithréime. Go h-Éibhir fada mo luadh, Bláth na flath-churadh fionn-chradh, Sínnsear gach fonn t-sluaigh is threibh, Do shiol mhear chuaine Mhílidh. Riomhthar seacht nglúine fha chóig, Ó Éibhear, nár char urchoid, Go n-Ádhamh g-claoin ghníomhach g-crom Do sioramhad nách leansam. Ríomhthar fós 'san réim uile, Idir rígh is ró dhuine, Cheathar air chéad duine is dias, Ó'n bh-fear g-céadhna go Próinsias. Seacht g-céad déag bliadhain 'sa seacht, Do réir úird agus oidheacht, Ó theacht Mhic Muire ain-bhroinn Gur dealbhadh cruith do'n chaomh-roinn. Go ngabhaidh liom-sa is lem' roinn An cheárd ceannsa nách cathan; Is nár leigidh gan dírge liom Gach nidh fíordha dá sloinneam. Críoch. Aindrias Mac Cruitín iar n-éag Mhichíl Uí h-Eidhin, 1699. Créad ná caoinfinn ó'm chroidhe, Gach flaith conamhail céillíde, D'aicme Gaedhael fá glan méin, Gé bhéinn air easnamh a n-imgcéin? Dá bhíthin sin, dlighthear dín, Beith úrchrádhach tré dhul Mhichíl, Flaith déighmhisneach ghan uaillidhe, Frith do ghlain t slisnibh Ghuaire. Sliocht Ghuaire na n dual n-óirdhearc, Gé iomdha a n-uasal n-abháll-ghuirt, An táin thonn-loismhear nár thim, Fa gach tóm uisgheal deirín. Fá ghnáth dhóibh, gibe oile, Bheith a g-caile a g-cosamhaile, Gan trágha a d-toírbheart a n-dáil, Lán d' oirbheart is danair. Tug air Mhicheál fá maith méin, Cosamhail do na coin a g-coiléin, Nár laogh leath-chaithis air lear, Air aitreas a shean 'sa shinnsear. Tré theacht Gall fá líonta lom, Ge caill an flaith a dhleacht fhonn, Níor chaill féile na fós, Tréidhe ba dú dá dhualgas. Sliocht Guaire gé mór moltar Air dhaónacht 'sar ard-shochar, Gur fhás an gniomhaidhe glan, Níor bh'ionmhaoidhe an tan san. Óir gé sáruighthear go tric Sean-rádh na suadh séis-ghlic, Gur rinneadh tráth le Dia dil Ná tiodhlaicthe uile do shaoithibh. Iomláine gach tiodhlaic trom Fuair ó'n g-Coimhdhe go cómh-thróin Sír ar n-éag flatha abhus, Má chonnairc cách ní fhacas. Air oinneach, air ádhbhacht, air áigh, Air meanmna is air mhórdháil, Air ghloine, air ghléire, air ghus, Air fuinneamh, air fhéile, aireolus. Air mhaothacht, air mhíne, air mhodh, Air chaomhna, air chuímhne, aír crábhadh, Air aobhdhacht, séimhe, air thaise, Air dhaonnacht, 'sair dheagh-mhaise. Óir cidh lann leabhar gan luime Air aobhdhacht Liath Liathmhuine, Dá meastaoi a g-cuirthe gan teas, Ba nimh fauilithe a g-coímeas. Do nós Brian 'sa t-saoghal tím, Ó chaith é is nár chaigill, Gibé doch maoth mealladh leis, Air Mhícheál ní théad air aithris. Bheith cian re cur a theasda, Ó's doras forus feidhm cheasda Fiafruigh do'n truagh is do'n troghach, Do'n uasal is do'n eolach. Fiafruigh fós do'n langach lonn, Le air mhian argain anbhfann, Cá'r léig Mícheál mall ná moch, A cheart le duine díomsach. Fuair tré ghrásaibh Mic Muire Aidheadh ain gach aon duine, An tan chardaois an túr íodhan, Do chleachtadaois a dhluith leanamhna Trér dháileas fein go dian doct Mo ghean do'n íodhain éadrocht, Ní h-iongnadh tríd mo chroidhe cruaidh Níor chomaoin gan cúitiúghadh. Mo chaomhthach gan chor gan cháim, Mo chara, mo chúil, mo tompán, Mo lón, mo liaigh, mo leaba, Mo iasacht agus mairleagha. 'S dá m-beadh gan aon fháth oile, Agam mar chúis éolchaire, Acht nách faicim aon flaith dá éis, A nglan-cháilibh 'n-a choimhéis. Naoi m-bladh air nochad gan ón, M. is sé g-céad bliaghan, Ó theacht Mhic Muire go tric Go dul Mhichíl air imirc. Go Ceann m-Beára na g-cuan m-bán, A g-cill caomh uasal Chomáin, Gidh fada is buan mar mhéad, A dhul 'san uaigh dá choiméad. AN CEANGAL. A shaoith éagnaigh saoir Ghéadhaibh an adhmaid úir, Do'n ghlan Ghaodhal-fhuil phríomh aosda ba saidhbhreas suadh, Tighidh fé'n guith d'aoin aontach agus madhmadh liom, Is caoidhim téarnaig Mhichéil dhil Uí h-Eídhin do'n úir. Óir dá m-beinn féin ag snígh deár go leaghadh mo shúil, Is tréighid thréan fóm' shír-éighmhe im' shaghdadh anonn, Línn téachta im' chlí chléibh 's gur lóighe air mo liu, Ba díthcéill dom is Michéil Ó h-Eidhin 'san úir. Saoi fhéata, shaoir léigheanda is oighre n-iuil, Fuigheall phréimhe na féile do thúill a chrú, Croidhe caomh-ghlan air aoi aon uilc nár mhéill a chlú' 'Sis maoith méalach d'fhíor-Ghaodhlaibh mar deighleadh riu. Cá bh-fuíghead laochra fíon crob-dhearg ná proinn gan tnúth Cá bh-fuíghid éigse díol dréachta coim ná clúid? Cá bh-fuighidh an séibe aighnéas air feidhm, 'san thrúch? Do dhrúim déiné Michéil dhil Uí h-Eídhin do'n úir, A fhir aonda is dís aobhdha gan póinn is triúr, A n-díol créachta na sléigh géire faghradh ad' chrú, Ó's fíor éin gan íoc péine is oighre ad' dhual, An t-slighe réidh uile do Mhichéil Ó h-Eídhin anonn. Críoch. Suadh-chunntas Uí h-Eídhin, i. rí Eidhne sonn. Tur geal air an gcumhdath re dhá leómhan réimem do'n dath céadna i machaire chroibh-dhearg, clogad air n-osgladh le h-ór ó's an d-túr, agus láimh ag iomcar slóig go m-bhratach n-deirg ó's an g-clogad. Tá an focal faire a Turris fortis mihi dend ag si dearbh air sin. Cóitrear geal air bh-feicsin uainn a snódh Is leomhain air ag faire, is buaine a stór Is cóir dá bhathas caith-bheart cruada do'n ór, Is seol fá ghai 'n-a ghlaic ag tuargan ród. MARMHNA AIR BHÁS Shéamuis Mhic Domhnaill, Cill-caoi. D'ÉAG 1714 A.D. AINDRIAS MAC CRUITÍN RO CHAN. Créad ná caoinfinn mar chách Do ghnídh gol-gháire agus geoin, Mar chluimim anoir 's aniar A n-diaigh triath ársa d'ár d treoin; Triath láidir áirse nár fanaidh a g-clú ná a g-céim, Triath tábhachtach tháine do'n úr-fhuil thréan, Triath láidir do ráinig áruis 'sa réim, Is ciach ádhbhail mar fághbhadh 'san úir go faon. Úire a chroidhe go h-úir cille. Puir gach milleadh tig do'n bhás, Gídh doilge do'n úir a eimigidh, As úire gach préimh ó'r fhás; Fás fial t-slat gan fiadhaile na creachta úd faon, D'fhág liach fhada iachtach is uaill-dúbhach a g-céin, Ráib riartha luct iarrata is tuath-bhrugh tréan, Dáil diachrach do thriath-fhlaithe tuama a éag. D'éag Sheamuis oirbheartach uais, Ní h-iongnadh guais d'aithle a bháis, Trom crann torthach tuis, Is athlá h-uair sé an dealg d'fhág; Dealg baos biodhtha is beoghain béad, Is créachta fríoth a laoithibh ná a g-comhadaibh dréacht, Do ghread go croidhe mílte do'n sceol do théacht, Mar leagadh líog air ríogh-mhac Mac Domhnaill shéimh fhéil. Fhial láim ba foirbhthe fos Do'n choill ársa nár chas, Géar bh' uasal ba h-aoibhinn uis, Buabhall guis ba séimhe snas; Ar triatha a mhaoith tímcheall air fhódaibh Fáil, A laighead do bhí t-fíor-fhlaithe Fódla ar fághail, Do leigheasfad díth daoir-bhocht ná d' fóirfeadh dáimh, Is Gaill air tí Gaoidhil 'ghá leodhadh gach lá. Lá dóíninne tug thug loma luain, Ó chlár chnuic de bhiodhgadh léim, Dul do'n ghríb n-athardha gan gruaim, Cé leath na tíghe tuatha arm; Réim ríog-fhlaithe Cuinn Catha ó'r ghluais is Bhrian, Go léir tímcheall dá innsint gur uaill gach sial go fíor, Is geall deimhnighthe díreach ná luadh-fainn triar, Gan gaol fíre mo laoich-se mágcuaird 'n-a chliaith. Cliabh do fuair ceart chumadh ó Dhia, Caomhcliabh 'nár chiapadh nár chróm, Cliabh 'nár cuireadh gloire an óir, Cliabh 'nár fóirneadh cruith is conn; Cruith is conn chódhnathach is clann gan cháim, Mádh do mhór-thoghach tabhartais do cheanna na g-ceárd, Fá a chuid do'n domhan fóghalta nár ghann a láimh. Acht mar drithle abhainn rabharta le teann chuid d'fhághail. Dáil an domhan so, fó ríor, Cia tabhsach a bhí óir 'sa mhionn, Chur gach saoir-fhlaithe le fán, Is ochlán lan dom' laoch-fhlaith líom; Liom rolla dil gach croinice trí léighinn gan áis, Is crúidhim chogal trí gach dochar thig do théarna a bháis, Dluim tochta dhom gol-fhurta is créachta cháis, Do'n chúis doirbh chuirp choitcheann soin mo laoch air lár. Lá sinte fá líogaibh ní lá gan liach, Lá dílinne díopa cé ar bh'árd an ghrian, Lámh líomhtha agus naímhde nár thláith a ngliaidh, Lá aoideste gan aoibhneas níor cháirdeach Dia. AN CEANGAL. A Dhia shaoruigh gach aoinne dod' dheoin a g-crann, Dian éighim ort dot' daonta 's air Ógh na b-fann, Id' ghrian aol-bhrug má léighthear fláit mór gan meang, Rian réidh-se do Shéamus Mac Domhnaill ann. Liaig créime gac créacht-chuire is stór na bh-fann, Fiadh saothair gach séibe s gach geocaigh gann, Sriath faothaimh na h-éigse is róimh a rann, 'Sa ndiaigh a éaga ní léir dam cé bheodhfaidh an dram. Mian maolaithe maolach ba módhamhrach meabhair, Cian céimnightheach céile gan bhrón gan mheabhal, Rian réime gach tréan-chuire theorann teann, 'Sis striall téighle Ghaodhalaibh a leonadh labhairt. Fial féata do'n fhéile rinn point is peall, Scian fhaobhrach ná léigfeadh a chóir le Gall, Gliadhaire aobhdha agus laochradh ba bheoda bann, 'Sa n-diaidh éachta ba séimhe ná eolaid leabhair. A n-diag théarna do'n t'saoghal so is déarach dáil, Do'n chriaidh chéadhna do Shéamus Mac Domhall áigh, Is ciach cléibh liom nách féadaim níos mó do rádh, Ná Dia d'éileam an gléire na glóire d'fhághail. Críoch. Aindrias Mac Cruitín do Nioclás Mac Gormáin. Fada mo thrúth re triall turais, Bíodh nách d'easbaidh deágh-chonais, Nách d-tárrnas-sa go dian tric An triall mall so go minic. Is minice ba cirte dham gan ríghne tádhall, Do'n iosta so bheir coimirce agus cuím do lán, Is nár fionnadh liom im' imtheachtaibh idir saothib Fáil, Ionad suíghte air dhoirbhe na síne b'fheárr. Is feárr, dar liom, tígh Niocláis, Ná brúghaibh mong-fháis mustar, Fleadhmhar, flaith-fhairsing, fíonmhar, Tearca h-aoibhe cá chonnarc. Do chonnarc-sa 's dobh' fuiris dom 'san ngrian-bhrog úd, Ionad sruithe, suilt is siosma is siansaibh ciuil, Muirn d'fhile, cuirm tilte, ag triall is truip. Is longa is lingeadh air choireanaibh gan fiaradh frúmha. Gan fromhtha ní feastar fíor-fhlaith, Cidh mhór a ríoghráidh sáruigh, Gé thig do throímleas a reatha, Go d-tig a tharadh fá thrí. Trí nídh le síonúighthear sógh agus séan, Dlíghe Chríost mar mínígheadh le Pól a réim, Is díobh ríogha le síor-aoibhne a g-clodh 'sa g-céim, Is croidhe caoin do chuíbhrígheann gach stór go réidh. Réim, dá bhrígh sin, dú nGormáin, Maoidhim folláin gur flaith fíor, 'Sis usaide dúinn dul 'n-a chaithis, Gurab tearc darab aithne nác maoidheamh, Ní mhaoidhfinn bheith caoin duit ná ceannsa a g-céill, 'Ná m-bí teacht 'sag ímteacht ó t-árus t-séin, Acht díopacht na díolán so atá air fhuil Gaodhail, 'Sa laighead fear dá bh'fíor-flatha atá dod' mhéin. Mian dod' mhianaibh go fosaidh, Créad a dhíoth a athchlos uaim, Ó nách d' fhonn uabhair do theachta, Do ghním air do theastaibh luadh. Luadh bréige ní déanta gan labhairt air fhiar, Ag ughaim tréigeadh na caomh-fhlatha is ceangailte ciall, Cuan réidhte do na cléire agus calaidhthe a rian, D'ár dual éifeacht aobh-ghlan ó's dearbhtha a thriall. Air thriall an eachtra tré mhais, A g-crich Cais na g-cladh g-caomh, Níor thuill díomdha ná táir, Dar leat is d'fhíodh ársa a phréamh. Préamh fhorasda na n-onchon do'n árd-fhuil aoibh, Do néadh torann teanna a g-coingleacaibh is beodhais na a m-brúighin, Do'n t-séad bhorradh mháise, o's follus dam do thác gur shín, Féile fhoirbhthe ionnat codalta níl fáith a mhaoidhimh. Maoidheamh fír-fhéile air shliocht Dáire, Fídh na fréimhe folláine, Ní dlíghthear d'eolach mar mé, Do chur róid-teachta a phréimhe. Réim codarsna cé thoghadar mo mhíle truagh, 'Sa rae solus-ghlan ar dorchacht gur dhisligh an sluagh, An tréad torann mhear ba tosaibh taca air imnibh Tuadh'an Má scéimh ortha teacht is oirchios dom' laoidh-se a luadh. Aon luadh daoibh-se go h-aithgheárr, Bíodh gurab neamh-nár duit-se, Gur flaith oirbheartach iomlán, Sibh gan tur bhráth a d-tuigse, Sirim tráth gan ghoin gan ghabh, gan baois gan béim, Is tuille grás gach aon lá dod' dhíon a g-céim, A soingthe shámh go g-coimeádaidh an ríg thú a réim, Gé thug do láimh dheas buile báis do nídh dho chréacht. Do chréacht na h-airce go luaith, Cuid dá luait do nídh feidhm, Mar sin, a ghrian-ghathra ghrádhaigh, Nil liaigh is féarr ná thú féin. Níl liaigh is feárr d'fhuil a dháimh is fíre fóinnt, A ghrían-fhlaith ghráidh d'ár gheárr go díorac dóid, Ná srianadh a d-tráith ó bháthaigh an fhíona d'ol, Is iadhadh air do láimh nár stan a scaoileadh stóir. Fád' stór feasda ná bí baoth, Gé thugais tú féin air aoidhe, Is tuig tart, cé mór chuaidh, Gur mairg do-ghnídh uath dá mhaoin. Uath do mhaoin choidhche ná deilbh a fhlaith, 'S nách uasal fíor aoinneach do theilgeas raith, Cruaidh do chroidhe, cuibhrigh do misneach is feac, Is ugaim arís búidnibh Druim Eilighthe leat. Drúim Eilighghte is dhruim dil Ionmain a fíd is a féar, 'Sis diol seirce clos um nóin, Grith gheoin a h-inbhir 'sa h-éin, Inbhir éisg éin-ghealta is siansach guib, Fiorthainne a féir glé-ghlais is grianmar cnuic, Siothluime a craobh aordha 'n-a m-bhíthear puic, Ba bioth-bhuile, a Dé, a a dh-tréigean ar iasacht suilt. Sult díombuan níor chartha d'aon Air aoibhneas nach saoghlac sith, Is ná fiul do thábhacht 'na réim. Acht mar cuirthear lá gréine cith. Cidh dearfad lucht léighinn go cliste nách saoi Aon fhear gan daoimacht bheith tilte 'n-a chroidhe, Ní shéanaim acht an méid seo gabh d'éithne mo laoi, Sin t'fhéile le h-arrde do chiste nó faoi. Faoi do ghnaith traighte ná h aobh bheith buan Is smaoin nách áit aithis duit céimnigh air cuaird, Is gaoil a ghrádh an tácla do théadais cruaidh, Is bíodh gach tráth tábhactach tréan go Tuadh'ain. Túis catha agus deire áir Dlíghthear díbh-sé, a chlann Ghormáin. Críoc. Aindrias Mac Cruitín cct do Dhomhnall mac Eoghain Ruaidh Uí Shúileabháin. Dlíghthear d'fhile in gach tráth, Gan cail a dhuille dhíonbhláth, 'S go bh-fuil 'san uair-se dá buin Préimh na h-uaisle do leanamhain. Cíodh tearc díobh le g-cuirthear suím A bh-file, bh-fis ná a bh-fóghluím, Mar tharrangair mór-naoimh anall, Mar tá Colm agus Comhghall, Adcíd fós na fláith fáig fis, Do spiorad fháigeamhail oiris, Claon-dúil na h-uaisle má lé, Do réir mar fuataid an éigse. Giodh go n-diúltaid fá seach Do'n tréad deagh-rúnach tuigseach, Dlíghid gach aon tráth ó'n n-druing Ionnramh, iomrádh agus urraim. Dlíghthear dómh-sa, ó's fíor so Air m-beith do'n chuaine chaomh so, Iar bh'fághail tathadh air a méin, Díoghluim dhíon-fhlatha dóighreir Usaide dom gan dul seach, Gé beinn gan fóill gan fuireach, Mar tá m'aigne ag teacht linn Dá dhaingne measgtha m'íntinn. Giodh ríghinn do riacht mise, Tar druím na Sionna sreabh-ghlaise, D'eis air rabhas fá thuaith g-Cais, Nách d'fhuath d'fhanas a n-éagmais. Gídh tráth do chím follus Go bhfuil sonn gan sal othras, Lán d'fheidhm dlíghe dhírge na mian Ag dréim re slíghe na sein-rian. Acht gur mheas me gur folcadh ionn, Mar chách fá an g-cith coitcheann, Tug más báir tarbhaidh air a meas, Gráin mharbhadh air an órd éigeas. Gabhaim leis mar roinn dom' laoi Ó uaislibh ceanna Ciaruidhe, Ní taom nách dlúth-fhosgadh dham Flath-chraobh clúd-fhostaigh cumhdaigh. Ceann-adart cine is ceart cáil, Dion-crann díoghlama deagh-bhláith, Cé tá gan uaibhre dá bhraith, Do chrú chuaine na n-árd fhlath. Ó'Súileabháin nar múigh mionn, A shlán fá uaislibh Éireann, Bíodh a n-áireamh rúinn mo roinn, Nách a n-iomarbhaigh thriallaim. Gé thugaim trí nídh do'n aoidhe, Do tar uaisle is ionmhaoidhe, As síonaicidheacht na n-dámh nglé, Sinnsearecht, sáimhe is saoire. Óir mar nar feadaid fuil Mhíleadh Tar ghuil Éibhir cóimhshíneadh, Ná fós maicne Oilill uil Síneadh tar aicme Eoghain. Mar sin má's fiaghuín leabhar, Fá h-é fíghnín céim leabhair, Do ba déig-shinnsear do chloinn Aodh cobhsaigh Mac Críomhtháin. 'Sa d-taoibh áitigh na saoire, Admhuid sonn ár sean laoithe, Má's dearbhadh gach raon go ngus, Dá shaor-chaomhann an seanchus. Nách rug an Ghaodhal-fhuil uileach, A n-daonacht ná a n-árd-oineach, Éinchéin tar dhualaibh Eochaidh A n-uaislibh ná a n-deárlacaibh. Ata Domhnall féin andiu, Cá dearbhadh is feárr fiaghuin, Do thaoibh na sáimhe suaimhne, Dá áiteadh air árd uaisle. Flaith gan uaill gan bhrón gan bhéim, Casamhail do na coin an coilein, Slat déigh-misnigh nár bhloidh, Fríth do ghlain-slisnighibh Eochaidh. Cé tá gan oighreacht mar dlíghe, Mar chaomnadar a aithrigh, Níor fúig féile na fos, Tréithe bha dú dá dúthchas. Is beag aon flaith d'ár síoras Is curtha 'n-a chosamhlacht, Fear caithfeach gan claochlódh cruinn, Chaomnas onóir is acmhuíngh. Cé mheasaid daoine 'san uair-se, Nách flaithe ná fíor uaisle, Nách g-caitheann a maoin mar mhuirt, Cibé caoi air a g-cnuasaid. Gidheadh ní h-eadh ní h-amhlaidh Fíontar flaithe fearamhla, Acht do dhruim soidhíonadh is sois, Soclacht soighníomha suaimhnir. Óir ní fríth a leabar ná a lic, A g-crann-taibhlibh ná a g-croinic, Gur molsad fír fhile fis, Flaith tré mhíochair a mhaithis. Ní mholfainn Ó Súileabhain saor, Do dhruim aobhdhachta is árd-chraobh, Dá m-bheinn im' ghrinn fhile gíll Ag deanamh mo dhrithle díthchill. Ní mholfainn é a h-ucht fola, Chaomhna clúdh na caom crotha, Ó's béad búidh fadúghadh fáinne Na céim ó's cionn m'acfuinne. Dá bhrígh sin, do dheanam socht, Bíodh nách d'éad na d'easbaidh duthracht, Go d-teacht tar Leamhuin a d-tuaid Dúinn an fharradh an athuair. AN CEANGAL. Ní mholfad sib, a bhos-glan bhile, bharr ghlan bríoghach, Cídh follus dom go foirbhthe gan fán gan fuigheall, Doimhin t-sruith bhur g-coilithe do'n árd-fhuil aoird Ionnar foilceadh sibh as rolla lingthe lár na riogh. Cíodhollamh me chum loirgthe gach árd-fhlaith dhíobh, Ó'r tonnadh tuile rabharta gan trálach tríbh, Mogaill mhullaidh bhorba nár fágbhadh a m-bruíghin, Sochtfad uile a nochtadh sin ná a n-dhála mhaidheamh. Sochtfad sileadh air fhorastacht ná air aílle bhur ngnaoi, Cidh dochair dom' sa soineanntacht 'sa sáimhe súigheadh, Corcair luisne ag borradh ionnaibh tré scáil an aoil, 'S ag foramaid cia aca sin is láidre lígh. Acht molfad sibh ó locadar bhur g-cáinibh críoch, Ann bhur bh-forastacht 's na documlibh tárla díbh. 'S gur follus dom gurb óirdhearc bhur trácht a d-tígheas, Sochtfad ribh go rochtain dom 'n bhur n-dáil arís. Críoch. AN FEAR CÉADNA CCT. Ní misde me air thógbhus d'eolus úghdar árd, Gan ímtheacht tar órd a g-cóige chumhang an Chláir, Tráth thuigeas mo stór dá chlódh is mo chúl air lár, Do ritheas rém' chómhad a g-cóir Uí Shúilleabhain. S narbh imirc anshógh dom róda thumhas na bh-seadhul, Is beilithibh móra is móinthibh Mumhan do thrácht, An t-Sionann forródh do ró gan long gan bád, Acht druidim fá dheoigh re mac Eoghan Uí Shúilleabháin. Cisde tho'n phór d'ár chór an chuige a tá, Nár choigil a stór air dheoradh air dhúr nár air dháimh, Tráth ba luime dá g-comhachta 's gan Fódla fútha air cháin, Go h-éasga ba leo acht mór-mhágh Múmhan níor bh-fuláir. Bile bith-bheo nár bhreodh le múrtha bhláit, 'Sa stoirm na stróic ba cómhla cúmhdaigh air chác. Críoch. Marbhna air Thomás, mac Ridire an Ghleanna, .i. Tomás Geanncach, 1732. AINDRIAS MacCRUITIN cct. Díombuan dlíghead céile do'n Ghleann Dursan leam nách rádh saobh, Iar d-teacht duibh néill ós a chionn, Dursan liom an taom. Is dursan linn gan fulaing fuinn do chiach is do chás, A thula ghíll na bh-fuinteadh bh-fianmhar bh-fáis, Níor churtha suim a d-tugais d'aoibneas riamh 'na n-áit, Gur thuit ort taoide duibhe is díthe air d-triall Thomáis. Easbaidh Thomháis fá'n Múmhain móir, Oí h-iongnadh go deo nach sámh, Flaith chodhnach oirbeartach aobh, Nár airg an faon na an fán. Is fán taidhbhseach ag dáil soillse ag rannaibhan ráil, Is táid oillte Chlár Chuinn Luirc a g-ceasaibh gach lá, Níl fághail foighde a m-bárr m-badhbaibh, a m-bacaigh 'ná a m-bhárd, Tré bhás dhoimhneach an deagh mhic sin Ghearailt mac Seághain. Dheagh-mhac Ghearailt mhic Seághain t-saoir, Ní iongnadh a chaoineadh go truagh, Do bhara nár fhosaidh a b-puímp, A losgadh tadhlaice dá bh-fhuar. Do fuair ó Criost na tadhlaice is aérde tug, 'Sis buaine a maoidheamh a laoi ná léire an-dubh, Uaill gan phuímp air shaoire is seimhe is sult, Is uaisle suidhte fírinn féile is fuil. Do thaoibh fola má's fuil fuil, Níor tráighteadh taoide gach tobar, Do bhrúcht gan uaibhre 'n-a chlidh, Do chrú uasal na n-áird-ríogh, Ba ríomh baoth dam dá n-deinninn le mearúghadh trácht, Is fíréag fé na hEireann gan dealughadh im' pháirt, A d-taoibh déigh-theasda an t-saor-fhlaith do leathnúghad tráth, Acht a mhaoidheamh d'aon-ghuith nách féadfuinn a shamhlughadh d'fhághail. Cá dáil bha dóidheannta dúinn 'Na dhiaigh re adhlúith theasda ró, Is dá m-beadh nách creanta re clú, Gur cháis tnúith le plannda dá phór. Pór ionamhail gur cíorbhadh re saoth na síon, Dól innmhe gach milis ghuirt a nÉirinn aoibh. Níor dhóith imreas cá n-ionadhfadh an féile suidhe, A m-brón chuilighthe gur thuiteadar tré aerde a ngníomh. Gníomhartha Gearóid na cuinne, Is t-Seághain mhóir na sursuinge, Cosamhail na coileáin ris an g-coin, Air Thomas ba curtha a fhiaghain. Níor bh'fhiaghain seachráin le teamgmhail dá maireadh 'san nGleann, Acht liaig fhollain na n-dannan shaoire gach am, A dhian admháil air mhorán do ghasraighe Gall, Nár fhiar Tomás a dheas-láimh a sparainn na lann. Cá lann ba foirtile fos, Gé glacfadh gan fhos tré luas, 'Na láímh ghluin gan cheas gan chás, Lámh gan tlás nár chas tré cruas. Cruadhas a m-bruighin bhiodh bha má bhuadhaigh tar chéad, Cruadhas 'na chroidhe mhíonla níor chuala aon, Ua na riogh Muímhneach is cuaine gréag, 'Sis truagh ghoin tínn tríom-sa nárbh uatha an t-éag. Tré éag chódhnach na cloiche, Do réar reacht riaghluighthe, Óm' láimh gan mhéala gan mheing, Dil dhán deagh-dhéanta dhlíghfinn. Do dháilfinn tribh fíon-fhlaith nár uainidh uilc, Is do tháil air chích Chlíodhna agus chuaine chnuic, Nár fhágbhaidh síol díleas ó'r ghluais a muirt, Dá m-ba am dham í, dhíoghluim dheagh-dhuana suilt. Gidheadh ceadna, ní duain fáis, Acht duain imne agus doláis, Ba leanta d'fhír-fhile an aire, Iar n-dul doinmheach ghlan Gearailt. Geirealtach dá maireadh sin 'sa m-buanáidh artát, Seabaic bruighean Seanaide fuair clu agus cáil, Dob' anaireach dom' shamhail-se bheadh suamhnamhail sámh, Gan a marbhna do dealbadh iar suaimhmughadh dáibh. Iar suaimhniughadh do'n úigin úir, Móide an phúir a dhul go luath, Do bhrígh nár fhágaibh dá éis, Aithghin a h-Éirinn fhuar. Fuar chaoinim-se fuigheall na bh-flath bh-fáilteach bh-fial, Is uaíll intinne a síodh-bhrogaibh áin 'na n-diaigh, Nuaill timcheall cois Brighde ó'n Máighuigh go sliabh, 'Sis tuar mioraithe rí an Ghleanna ráinn do thriall. Iar d-triall scarthann le crú Chuirc Ní bh-fuair teist acht teist oirdhuirc Acht céilé ba coimhbleacht di, D'óirbheart d'fhéile agus d'uaisle. Léigheadh columnaibh gach croinice is fáthach fios, Is féach forusdacht gach foilceasa táighte ris, Ba léir follus duit air osgair-bheartaibh t-Seághain anois, An réim molta re gach sorbh-fhlaith fuair lá 'san lios. Lios an fhíona lios an óir Lios na cána 'sa chomh-óil, Cé gur lios dóláis go muar, Ó sheal Thomáis do bheith díombuan. Dá bhliaghain is triochad gan on, Míle agus seacht g-céad bliadhain, Ó ghein t-sochar Mac an tláis, Go theacht dochar loit Thomáis. Lot Thomáis is torchrádh lem' chroidhe-se a luadh, Sciollán do'n ghlan-fhás dobh' aoirde cnuas, Fá'n ochlán do scanáil ní dhlíghim-se duais, Ó's coímeádtha a g-cill Átha tá a shinnsear uainn. AN CEANGAL. A psalm chuiridhe searcacha 'sa shaoitibh óil, Ó chailleamuir bhúr g-callaire is búr g-cruinn chosbóir, Taguid tuillte im' fharad-sa agus suíghidh im' chómhair, Is canam uile marbhna an mhíle mhóir. Cá rachfaidh filidhe air fairsinge fághail aoidheacht is eoil, Taisdioluigh na Banban ná ceárduighthe an cheoil, Do chleachtadh bheith go meanamnach roimhe is 'n-a dheoighuigh, Air halla an t-suilt, air bhachar ann sin, fíonta is feoil. Níor dheacar dam a mharbhna do sgríobh a g-cómhad, Cabharthach na n-anbhfann is cuím na n-órd, Pailm bhile beannuighthe nár mhíll a mhóid, Cé d'eagladar Sasanaig a chloidheamh 'sa dhóid. Níor pheaca dam dá n-abraim go maoídheamhthach mór, Gur seasamhach an taca sin ó Bhaoi go Boinn Is gach air shealbhaidh a leabhar ghlach gur scaoil mar lóch, Is má mealladh é, ní glachuighthe reacht Íosa ó Phól. Ó nách anaclar tré pheaca na sinnsear reomhainn, Is go rachuid seacha a maireann d'fhearaibh críona is óg' Ó leanais reacht is nár shalachais mar mhíllte an ród, Mo bheannacht leat go Parathus fá dhíon na n-órd. Crioch. Aindrias Mac Cruitín do Shiobhán ní Mhic Namara, A.D. 1736. Gabh mo choimirce, a Shiobáin, Bíodh gur thuilleas mór mo léan; Mo chaidreamh géar chian anall Ní bhiam ní sia ré seachmall. Ré seachmall srian siar shoir na séith-riath suas, Go bráth ní bhiam, a fhial-bhean 'sa ghéag gan cruas, Ag sasadh sian dianbhocht is dréime duas, Do tharrthaig Dia d'fhian-scoith na féine chuaidh. Gé chuaidh díogras gach druinge, Ag díoghluim gach doghruinge, Ní h-é amháin gan dúl di, An bhláith mhéir leabhair mhúinte. Tí na clár tráighte ná taom tuirse, Níor fríoth na fann fáilte riomh aon duine, An díon-ghas d'fhas d'árd-scoith na d-trean ruire, Ní mhaoidhte tráith málacht ná méin uirthe. Uirre gan mórdháil gan mhonna Crábhadh is caoin dúthracht cómhtrom, Do fhóirneadh gan saoibh líona suilt San m-bhéith fhoillghníomhach oirdearc. Acht gidh béar bith bhean nár fhan air mhéin mhir mná, Da éirde cheart a g-cairt chloinne Éibhir áin, Réidheas gan seacha deacara daor dhonán, Is moighnéir flaith lér cheapadh an caoimh lionán. Lionán ratha rogha mna, Rath nách lomthar a n-aon lá, Rath shioth-bhuan nách curtar as, Rath tré m-buaidhtear gach maitheas. Math na oth cruinne mar cumasgaid draoithe a g-ceart, Ba bail gach bruinne gan soirbhraith síor na m-ban, Cé measaid iomad gur murar le maoidheamh a maith, Cleath dá g-cúilionn 'ní cuirfidhthear coidhche air ceal. Ceilt a h-oirdhearcais uile, 'Sa h-ionnracais iomchúibhe, Ba nár d'éagnaidhe, darleat, 'Sa bh fuil 'san deagh-mnaoi d'oirbheart, Déigh-bhean dál dálach is díon na dath, D'adhmad árd ársa nár g-claoidhte a g-cath, Bráighid-geal bhlaith bháirr-leabhair mhín nár mheath, Ó's deimhin gur fhás ágh uirthe ná maoidh a maith. Maith ná maoidhtir air Shióbháin, Cruth na caoimhe caomh fhaláin, Dá m-beadh gan fághail di na fir, Maith 'san m-ban fhlaith na maoidhtír. Ná maoidheamh sin dúinne air bith thuigeas gan falás tú, A mhionla mhiochair mhilis gheal fhaláin úir, Tré sníoghann tuile rith tuigsiona ag teacht fá chlú, Mo dhíoghrais duit-se go d-tugais tar maith mhnaibh Múmhan. Do bhrígh go d-tuigim gur sionannta seach cách tú, Ad' chaoin go g-crithir roimh chuinnighibh críoch lair Lúgh, Ó imlibh Iorruis go Soininn na slíos-bharc siubhail, Gach diorma fuilling nach fuiris do síon 'sa d-túg. Críoch. AISDE AGUS DUAIN A N-ONÓIR DO Shamhairle Mac Domhnaill agus dá Bhean .i. Isibéal, inghean Chriostóra Uí Bhriain, INNIS-TIGH-MEADHON Aindrias Mac Cruitín ro chan. Fada mo thnút re triall, Re duanóg ó taoim im' rannuidhe; Ní féarr liom a bheith 'na h-uamóg, Nó mar tá sí. Ní feárr liom a bheith 'na taisge cumtha clisde, 'Na bheith gan eacht gan uaim, Ó Ibh'Breacáin go mac Sheamuis Shaoir Mhic Domhnaill, Flaith dár dhual a chlu do choimheád, Mar luadhaid eoluidhe. Agus is aineolach an tóisg dom' inneamhail féin do sheanachuidhe agus d'fíor dána, teacht le dhuanóg ciotaigh crosanta go mac Sheamuis Mhic Domhnaill tar a bh-fuil d'uaisle agus d'urradhaibh 'san g-cúige, acht dom' chur féin a n-oireamhain do'n droch nós nár ghnáth a n-Éirinn riamh, mar atá go bh-feicim gur mó do cion agus do chádhas do gheibh tuata tur teircfheolach, nó baogaire buadharta beig-léighinn, nó nách léir uaim nó aisde ó uaislibh na críche, ní thráchtaim ar chlann Cháirbre Chinn Chait, d'ar cheart bheith fuathmhar do'n éigse, d'eagla go nochtfadaois a n-úir-isle, ná do gheabh seanachaidhe suairc sáir-eolach, nó fear-dána deárscnuighthe, má dhealbhann duan nó dán déig-dheanta. Agus is uime thugas-sa chúghaibh-se, A shamhain cháidhe chaoin, Gan fíghe gan fuinneamh, 'Na ludairne leath-shnáth shlím, Mo laoi leamh liudartha liosta, Air bheagán grínn, Mar chidhim an trodaire a g-cionn, 'Sa feasach sámh síos. A ghaoil na g-curadh bhain urraim, Do threabha an dá chrích, 'S do shín a g-cumas go h-uile, Tair leabhar chlár Chuinn, Níor chuibhe dhuit file mar mise, Bheith a n-easarant ríbh, 'S ná bí níos faide gan druidim, A g-ceangal páirt línn. Ó's díleacht druidte me, De'n fhoireann a cheapadh dán dín, Is do léigheas an rolla, Le a d-tuigthear gach cleath árd-chraoibh, Is do dhíth tuigsiona, Lé'r cuireadh air seachrán sínn, Mar mhílte tuigseach Nách tuigeann gach aon tráth glínn. Gidh beag nách ionann, A chraobh chúmhdaig, air dhá n-dála, Is fiarán Cinninn Shuairc shúgaigh re Mac Cártaigh, Mar chuaidh air eactra Tair bhruach Eamhna ó'n Laoi léimnigh, Tré nách d-tréigfeadh áird-ríg Múgna A chóimhchéile air, Nó fiaran Ghofraidh ghuagaigh Uí Dhálaigh Re flaith Múghna, Tré nach béarfadh chum gach dála é Air a chúladh. Agus is beag nach ionann mo dháil féin le Samhairle Mac Domhnaill, re cian do bhliadhnaibh, gan teacht dá fios dá longport cómhnaighthe, do bhrígh nár chuir giollaidhe agus iarraidh im' choinne, agus an fiarán do rinne sórt leath-amadán, d'ar bh'ainm Cinnínn, re Cormach Mac Cárthaith, mar chuaidh air éaládh tré éad go cúige Ulaidh air feadh seacht m-bliadhna, tré nách díongnad Mac Cárthaigh caoimhtheacht leapthan dho, agus a chéile posda féin do thréighean. Nó fós, fiarán Ghofraidh Uí Dhálaigh le O'Domhnaill air feadh bliadhga, agus gan do chúis fiarán aige acht nach bhéaradh O'Domhnaill leisé do gnáith air a chulaibh, ag dul a n-oireachtais dó a g-comhdháilibh choitceann do. A Dhia láidir, is mor an daille agus an dhith-chéille dhom fhéin nár thuigeas gur maith an teacht im' éagmais do bhí ag Samhairle Mac Domhnall, agus a liacht saoith oirdhearc oile re gach ealadhain do bhí in-a thimcheall, agus fós, mar bhárr air gach anachain fós, me d'fhanamhain air sgeird Bhreacáin, go minic fá theirce bídh agus díghe, airgead agus éadach, agus gan dul imeasg uaisle agus oirfideach Cille-caoi mar a bh-fuighinn ól agus aoibhneas, ceolta agus cluithchidhe. Is mór mo dhonas mar chodlas-sa Air ghuirtín sléibhe, 'S mo phócha follamh gan monadh, Nó muinighín spré, Mo chóta ag lomadh is logall Im' leath-thaoibh clé, 'Sis cóir gur samhail do Ghófraidh, Nó do Chinninn mé. Is nár thógbus orm 'san g-conair Nar múirnín me, A g-cóisir follus an chrobhaire Chruth chaoin réidh, Mo leor do longad, Gur bh-fogus dom sgruigín scéith, Is ceolta dhomh' bhrodadh Cum codalta air cuiltighibh séad. Aoigh il t-srotha fuair fothragadh A bh-fuil righ réil, Do mhor-shliocht Cholla, Le'r fothanadh filidhe dréacht, Ná deoin-se an t-ollamh Bheith locartha, ó's díobh é, Is tóig ó mhoghsaine bhodach Go Cill-caoi mé. Sgéal aithristear tré rúin-diamhair air an Mathghamhain tugadh suas air bhrúid bhiadhthaigh ó fuair anmain, acht air bh-fághail meala ó n-a thighearna, fo seach, do dhiúltaigh, tug do róghain a bhoill do riagadh seach scur 'gá diúrnadh A shamhail trangmhas dham, Mar dheimhnighim, Ní ciall chrosda, Air bh'faghail gach sóg I m-bruighin Cill-caoi, Ní h-éidir m'fhosdadh. Scéal aithristear go fáith-chiallach air an Mathghamhain mór dá ghoirtear Ursa nó Béar, nóch do h-altradh ó do tuismeadh é air bhrúid bhiadhtaig, mar ba dual do, acht air m-beith 'na pheata ag duine uasal do, tré méid a cheana air, tug ós cheann coire meala é chum a fromthadh, agus do dhiúltaigh an beadaidheach go minic dí, gidheadh air mh-blas milse na meala do'n bhrúid, ba tochadh leis a bhoill do riogadh ó chéile seach dealughadh ria gan a bheith ag a síor-ól, agus a shamhail céadna theangmhas dhom féin air uireasbaidh cleachtais, agus air bh-fághail gacha sógh agus gacha sógháile i g-Cill-caoi, ní ba h-éidir m' fhosdadh uaite. Sgéal aithristear air an Mathgamhain, An beadaidheach bláith, Do a-altradh air bhrúid biataigh, Ó d'fheach se an lá. Acht air m-blaiseadh m-bliocht meala do, Tair taoibh naoi d-tráith, Seach dealugadh leí ba f eárra leis Dul a meilige an bháis. A shamhail dhom theangmhuis, Ná ceiligidh an fáith, Air n-dearmad m'anacra uile, A g-crích Bhreacáin Tré rabharta na maitheasa, A g-Cill-caoi an stáid. Ba teallaire gin mairfead me, 'San ríogh-bhruighin áird, Is ba mhaith theangmuis do Shamhairle, Is do Bheití an dáíl, Bheith a d-tearmainn ó'n easgaine Do rinne Seanán, Tráth dhearbhas go meathfaid sin, Go raghaid a m-báith, Na flaithe sin nách cleachtar Le filidhe an Chláir. Act gé mheasaid tocaidhe tréada, nó lucht saidhbhris, gurab aimid mé, má ghnídhim dréacht nó dán deagh-bhlas. Gidheadh ní air aigne sin do bhím-se, Do bheir le dúthracht Deagh-dhán, ó dlíghthear dhíom-sa, Do ghlan chúpla, Is do bhrígh nách córa dhómh-sa dealbhadh 'Ná dóibh-sean éisteacht, Ní iarfad cáirde lae fám' gheallamh dhóibh Air eagla m' éileamh. Bíodh go measaid toicidhe tréada, ceannaighthe, nó lucht aírgead do chur a bh-fás, gur mór an daille nó an dhíth-céille duan nó dán do dheanamh air m-beith sásta dhóibh, acht go leabhraid Béarla Sacsanach, agus go d-tig dhóibh stoc bolláin nó caorach, no deargadh do chur air chnocaibh. Gidheadh tuigthear dhomh-sa go b-fuilid meallta go ró-mhór, do bhrígh go raghfaid a d-tréada agus a d-trom-chonach air seachadh amhail ceo samhraidh, agus go m-beidh an ealadha ré feicsin go bráth. Bíodh a fhiadhnaise sin air mhórán do dhuanta agus do dhánta atá re feicsin indiu, agus go n-deachadar na thoiceacha do bhí ann re línn a n-deanta air ceal, gan luadh 'na iomrádh do bheith orra. Air an ádhbhar sin do bhéar féin dán beag do Shamhairle Mac Dómhnall, agus d' Isibéal, inghean Chriostóra Uí Bhriain, do mhairfios tar éis báis gach aon againn, mar cuímhniúghadh air a n-uaisle agus air a maitheas, agus ó nách bh-fuíl tairbhe dhom cáirde d'fhághail faoi, air eagla m'éilighthe do ceachtar aca, ó gheallas é, agus nách mó dlíghthear dómhsa a dhéanamh 'ná dóibh-sin fonn fóir-eagnach do bheith orra ré n-a fhághail, agus ré n-a eisteacht. Ag so go lathair é. Gé meastar le lucht airgead Do chur a bh-feadhain 'sa bh-fás, Nó breasal chur air easna muilt Air thaobh cnuic báin, Má labhraidh Breatanais, Nó Béarla blaith, Gur b'aimid me má dhealbhaim Dréacht nó dán! Acht ní air a n-aigne sin D'fhanaim-se im' aonarán, Acht rachfad-sa go meanmnach, Is do bhéar mo dhán, Do'n fharaire dho shliocht Alasdruim, Éird na stáid, Is dá easna cnéis is fearra anois Air bhéithibh Táil. Is ó gheallas sin ba maineachna Dá léiginn lá, Ó's anairic gach tabhartas Is pléidhe 'na dheoig D'eagla go m-beadh Samhairle Dom' éiliomh tráth, Is cidh carad dhom gur measa dhom 'Sibéal ná cách. An Dán. Dlíghthear d'fhile in gach trát, Cia chaill an duille díonbhlath, Is go bh-fuil 'san uair-se dá bhún Préimh na h-uaisle do leanmhain, Cia téarc díobh le a g-curtar suím, A bh-file' bh-fis 'na a bh-fóghluim, Mar tharaingir mór n-dáimh anall, Mar ta Colum agus Cómghall. Do chídh fós na flaith faithe fis, Do spioraid fáidheamhail oiris, Claon-dhul na n-uasal má lé, Do réir mar fuathaid an éigse. Gidheadh go n-diúltáid fá seach Do'n tréad airdíon fhuileach, Dlighid gach aon tráth ó'n druing Ionnramh, iomrádh agus uirim. Dlíghthear dhíom-sa, má's fíor so Air m-beith do'n chuaine caomh so, Air bh-fághail mil milse air a méin, Díoghlaim dil díse d'oighréir. Usaide dhom gan dul seach Ag maoidheamh an mogall múirneach, Mar tá m'aigne ag teacht línn, Daingne measgtha m'íntinn. Cidh raghainn do ríoghacht mise D'fhios diongna na díse, D'eis ár rabhradh fá tuaith g-Cais, Nách d'fhuath d'fanas 'n-a n-éagmais. Acht gur mheas me gur folcadh a bh-fíon Mar cách fá'n g-cith coitcheann, Do bhéaradh, mar thárla air a meas, Gráin anma air an órd éigis. Gídheadh tráth, ó chidhim follus, Go bh-fuilid sin gan sal othras, Lán d'fheidhm dlighe dírge na mian, Ag bréim re slighe sean rian. Gabhaim leo mar roinn dho'm laoi, Ó uaisle cip na contae, Ní baoth gan dlúth-fosgaidh dhom, Dá chraobh clú fostaidh cluduigh. Cúpla caomh ceart, connail, caidh, Dleacht chroinn díoghloma díonbhláth, Cidh táid gan uabhar dá bhrígh, Do crú uaisle na n-árd-ríogh. Caomh-fhuil Cholla nár ob gliadh, Is Bhriain Banba air aon rian, Cá pór do b'aoirde ghaibh geall D'ar ghaibh árd-aoibhneas Éireann? Fear gan uaill gan taom gan tuire, Plannda saor-thora Samhairle: Flaith deigh-mheisnigh gan fioch 'na mhein Do ghlan shleisnibh Eochaidh Doimhléin. Cidh cur cúl re h-eang Uladh, A tnút re treabhadh Tuadh-Mhúmhan. Níor fhuaigh féile ná fos, Tréite ba dú dá dhualgas. Níor fhuaigh fós, cá mór tabhacht, Múnadh maith ná macántacht, Míne maith-mhein i n-a mhódh, Caoineas caitréim 'n-a chrabhadh. Beag aon fhlaith d'ár shioras Is ion-churtha 'n-a chosamhlacht, Flaith cathfeach gan claochlódh, A g-cuíng caomhnas onóir is acfuinn. Óir níor frith a leabhar 'na lic, A g-crainn-taibhlibh 'ná a g-croinic, Gur moladh le fíor-file fir, Flaith tré mhiochair a mhaitheas. Óir ní flaith acht anfhlaith bhloidh, Fear caithfeas a lá agus a lomradh Ag cur a maoine tair cheart Gan árd-aoibhne, gan óirbheart. Leanann ratha roghadh mná, Rath nách lomthar a n-aon lá, Rath síoth-bhuan nách g-cuirtear as, Rath tré a m-buadhtar gac maitheas. Pream na sobh le'r shil síth sean, Tearc ionnamhail d'Isibéal, Tárla mar chúbhar an chuip, Aluinn iuil, is ionnraic. Scoth ríoghbhan tigh Táil, Caor de'n fhineamhain fholláin: Ní mairg le'r aonta a dreach An bhéith bhárr leabhair Bhrianach. Gach maith, gach mórdhacht, gach módh D'ar h-ósnaidh 'san bh-féil mala, Níor churtha d úghdar a suím, Ós craobh chúmhdaigh da crobhaing. Ní mholfainn í a h-ucht fola, Caomhna clú na caomh-chrotha, Dá m-beidhinn im' ghrínn-fhile dhil Air n-déanadh drithre díchill. Léi, dá bhrígh sin, do dhean socht, Ní d'éad 'ná deabhaidh dúthracht, Sochtfad fos le a céile cnis, A tréithe gé furas d'aithris. AN CEANGAL. Ní mholfad sibh, a chrobaing dhile, Bárr-ghlan buidheach, Cidh follus dom go foirbhthe, Gan fán gan fuigheall, Doimhin t-srúth bhur g-coilithe, De'n ársa fhuil aoird, Do foilceadh as rolla língthe, Lár na ríogh. Gidh ollamh me chum loirgthe Gach árd-fhlaith dhibh, Óir tonnadh tuile rabharta Gan trálach tríbh, Mogall mullaidhe barba, Nar fágbhadh a m-bruidín, Sochtfad sileadh a nochtadh sin, 'Ná n-dála mhaoidheamh. Ní mholfad sibh cidh forasa Táir chách bhur ngnaoi; Ní mholfad sibh, cidh osgailte Bhur d-trácht a d-tígheas; Ní mholfad sibh, cidh h-óirdhearc Bhur n-dála, a dhís; Is nách cogal chuirídh a bh-foirse chughaibh, Ná sráidheach síl. Críoch. AG SO CONSPÓID DO BHÍ IDIR Aindrias MacCruitín agus Art Ó Laoghaire, MAR A DÚBHAIRT ART GO RAIBH AN t-ATHAIR IGNATIUS Ó DONNCHADH 'NA DHUINE UASAL BEIRTHE MHUNA m-BEITH A MHÁTHAIR DO BHEITH DO MHUINNTIR NIALLÁIN. ART Ó'LAOGHAIRE CCT. Gabhaim do láimh an casuist cothrom ciuin glic, Á labhairt na bh-faidhe, i sámh thlan socair scrúdas, Rogha na stád-bhan mánla ngorm súileach, 'Sa thóghadh go bráth tar bhráithre an phobail conquest. Ní bh-fuil cáim air Ignasius Ó'Dhonnchadha suairc, Ní bh-fuil bár air a g-cáilibh ná socrughadh suadh, Críth Chlár Luirc ba feárrde an buinne clúmhail buan Acht fuigheall táill air, ó tharla dho socrúghadh a d-Tua'mhain. Ní dual nách aithmhéalach Art, Gidh fíréan ó sé fear fód árd, Smuain bheith glan uaisle guirt, Níor chian uaim-se dá múscailt. Múscailt suain dradhruinge is díopa dán, Smuainfeas uaim h-uaighneach do laoitibh lán, Siubhalfaidh uaim duaithnithibh críche an Chláir, Mar chúmhdach uaim dú-chirt dá ríogha ráin. Clár leabhar Lughaid Meann, An eang oirear mhín úir Aodha, Ní ádhbhar tubha ná truím h-ucht a fuinn, Dá m-bunadh aon. Aon dá d-tráchtadh gnáthaibh gaoithe is guth, Ná béim air ait, a rádh, gan bhrígh gan bhun, Is léir gur dháil siad dáimh is draoithe guis, Gan bhréig de bhárr air áigh 's air aoibhne suilt. Sult ag sealbhadh i n-a g-croidhthibh, Dá dhearbhadh nách daoite duairc, Mar athaintear an tór ró a bhruithneadh, Bruith cá cóir do'n chuire uaith. Uait cughainn sgríobh á's cuibhe díbh, 'S gur bh'é do ghreann, A n-uaim shultmhar shaoir, Gan fioch gan faobhar air pheann. A ua na bh-fuilteadh bh-fior, Air fuinne ith na hÉireann treall, 'S ó bhruach na Siona shúigheas im' chuinne, Bíodh gur léir do ghleann. Do'n Ghleann na Ruacht róig, A g-congnamh go léir libh, A h-ucht gasraidhe an Chláir, Gabhaim do láimh sibh. Sibh do chosg go portaibh Ghlinn Ruachta Is fhile fhoclach fhoise is fhíor-uasal, A riglibh rosg mo chorp a ngíll uaim-se, Gé dhlíghfinn fos go portaib grínn Tua'mhan. Tuadh'mhain tais taoibh leabhar, Maoine maise mór-shocair, Maith a máighthe 'sa mín gheabhar, A coill, a clóidh, 'sa coir thobair. Tobair eile fós is gléire tá muineadhaibh Fáil Tobhar eachta is log na laoch biodh-mbhaidheach bádhaibh, Tobar éigse d'fhosgladh dréacht na d-tuiltighil d-tadhail, Socar aolmhagh fosgach féarmhar curaidhe an Chláir. Clár na scol ní mholfainn féin mar ghníomh, Acht d'fhánadh tosta an ghotha claon do chím, Ag táinseadh fola Colla air chéad a chinn, 'S gur bh-fánach follus srotha a fhéin 'sa shíl. Síol Cholla Dá Chríoch na mogall míonla meardha m-bláith, Síol socra saoi ba doirbhe truaigh dearbha dáibh, Síol cosgarach caoin, gan cogal tríd, ba calma cáil, 'Sa g-cúing fhosgach an gaoil, níor dhocarach dóibh, a g-cur Chonnacht. Dálaibh drithle dhuit ní dreannuighim tráith, Do'n táin, gé dhlíghfinn dile is deagh-chroidhe ghnaith, Acht caradhas is cion is chioth dhoibh teadh luidhin d'fhághail, Gan táinseamh d'fhine air bith a shearc shaoi sháimh. A shaoi sháimh shuilt ná buin bheith biadánach, A slim dhán tur do bhruith na Niallánach, 'S gan fíor-mhádh agat na cuireata ciapala, Gan cionádh agam re cluiche rian társa. Tárrsa cidh thárla mór ndórchughadh faon, A n-árd-cuirim ársa do chosain clú a g-céin, Ó's ágh do go d-tárla do'n chosgar crú réig, Ní náireach d'Iognáisius Ó Dhonnchadha an gaol. A shaoi ghlan tá de'n árd-fhuil bhorramhail bhuan, Ní dínse fánadh air fheadhaibh do mholadh dluthacht duan, Is an aois do b'fhearr sliocht ársa Uí Dhonnchadha Mhuair, Nárbh ísle air bheith táite a d-torcru go d-Tuadh'main. Ní mhaoidhim fuil Táil ó tharla gur thóg tú uaim, Ná díormaibh d'fhás ó'n mhághshruith m-brodsiubhail m-buan, Ná aoin treibh tráth ar fhás air colbhúdh air cuard, Acht saoir-shliocht ádhbhar álainn Cholla úir cuireadh síos. Síos ó táid óchán is och chúig uair, 'S ní tríthe táim amháin dom' chothughadh a ngruaim, Acht fuighlibh fáig dá rád 's dá lomughadh a n-uaim, Dá aoirde an fás, gur tríthe torlúgh an tuart. Aindrias Mac Cruitín, cct. AG FREAGAIRT BHRIAIN UÍ CHONCHOBHAIR. A Bhriain na bagair go baoth, Is nách eagal le h-aon do ghliadh, Má's tú is saor churadh siur, Le caomhna na cúige shiar. Go g-céad dod' ghairm is dod' ghaois, Is follus do'n aois a baos, Cidh h-árd do ghreadar gan gluais, Níor chuibhe criothruais dod' h-aos. Cidh lom do bhagara dob' árd, Bí cuímhneach a sháimh-fhir shuairc, Is feárr cú chognas an cnámh, Ná chaitheas re gláim a gruaim. Dá bhrigh, sin, amhais, mharcaigh bhúidh, Dá thagara má's tu do thig, Léig seachad gach bagara baoth, Aét tagara le gaothaibh glic. Ná ró mhaoidh mór do dhán, Má soirbh, má sámh nó saobh, Iar mheas an tobar ó d-tá, Ní obaim nách sár-mhaith saor. Gidh mar buinne dod' mheas, Dá d-tigidh 'san treas tré bhaois, Leig suil gan fuar tar ais, Air uamadh bhur n-aisde arís. Ná bhíodh do dhán suilt gán snas, 'Ná phruis phrais mar tá anois, Is gach aon dá luadh leis, Gur foghar eas fhuar gan fhos. Cé deacairaide trom do thriall, Cruibh se, a Bhriain, do bhán, Gurab an aois leam úcaire léith, Mar chlúinim go d-téir le dán. Ná maoidh fós tríthe do thriair, Is glé chlisde shiarad tír, 'S dá mhionca ráine is gach raon, Go n-diongnadh aon ionad trír. Dá dhearbha sin, cia aca is feárr, Dá maireann dod' dháim amuigh, Ná tuig go síorfad a síth, Go bh-fionfad a mbrígh, 'sa m-bruith. Dá dhearba fós gur tuigthe dhíbh, Go bh-feicim do laoi, cé dall, Gan freagra ní léir duit uaim, A leigeann tar cuan anall. Créad fá maoidhtídhe druim air druim Seáfra an ghrinn nar char chródh, Cé shéanfas na grian-bhrugha air chath, A mhiannach, a mhaith ná mhod. Acht mar theid iár ngarbh-shín ngéarr, Ealtain éin cum bile ruis, Iar locadh a bháir bhur ndréacht, Moltar libh Seáfra gan chúis. Óir is dearbh gur chian ro chlois Marbhna an griain-fhir nár chas, Suairc-fhear gan drithle gan drúis, Bile guis bun fhoclach bras. Dá mairfeadh Seafrá 'san nGleann, Is dímhin do'n Ghleann gur díth, Ní leomhthadh trudaire truaigh A luidirne curtha gan fíghe, Is dimhin gur ro bhinn liom, A g-canair air ghleann na séas, 'Sis fíor go g-creathaim trém' suan, Ná maireann a bhuadh do ghréas. Gidheadh níorbh ionrádh dhíbh, Ná rabhadar tírthe abhus, Ba cuirthe a cóimeas dod' Gleann, A n-innmhe, a ngreann 'sa ngus. Sguir do bhaoth-bhláirnis mhóír, Níl tabhacht re h-eolaidh anuimh, 'Sis tuigthe as eagar do ghloir, Nách eagal do'n Bhóirneach sibh. Óir cé clé é crotach nó cam, Is luinneach a lann chuim luit, 'Sis eagal d'fhear builg mhóir, Go g-cuirfeadh air bóirrcne buid. Má taoir-se air d-tearnadh ó Chiar Tanag-sa 'san rian ó Chorc, Ag sin na h-éiglibh gan fuath, Éigneas ró luaith me ad' thocht. Gid a chara an dhil déadh, Má staidid ort t'éigse shiar, Ná cagail mise re adlá, Is geabhad read dhán mar bhiadh. Acht tráith ná faicsin rem lo, Má thairngid mise air mo thriall, Re séad dhán saobh, ainios slím, Air aithris do sgríbhinn-se a Bhriain. AN CEANGAL. A Bhriain mhiochair mhíonla 'sa shearc shaoi shuairc, Do riaradh gan fiaidhile 'san ngleann Craoibh Ruadh, Ní fhiadaim do chiapadh re cneas-bhruigheann chruaid Cé riarfad gach b' athar da m-bainfíor uait. Uait í Cheir chéim ghlic ná caill do chlú, Ó bhuailis béim sgéithe ní h-am duit súgh, Ba dhual duit éacht éigin is annsacht iuil, Is ní truagh le h-aon t'éighmhe, má feantar tú. Glaeg is goir ná ceil do cheasonnda, Má shéanair troid ba geilt air athchlódh dhuit, Má léightear dhuit tré mheilt do mheath ghlóirthe, Beidh an teisg gan cheilt air sheilp do sheann tóna. Ná géill-se tré bhaosradh gur fháisgfis sinn, Fád' ghéibheanna gleaghartha gártha grínn, 'Ss téinneach air n-éigre lé'r tháitheas ding, Gurab easba gan t-aonta-sa ód chábla . . . Agus dá m-béad gan bé air bith go bráth ná brígh, Acht dáedrigh lé bh-féadfadh a dheárna líghe, Ní dhéanfad acht spéis bheag do thal do thrír. 'S dá réar sin, sin m'earlis ad' láimh, a Bhriain. Is fada me a b-péin óm' chéill air fán. AINDRIAS MacCRUITÍN CCT. Is fada mé a b-péin óm' chéill air fán, Le taithneamh do Mheidhb na g-claon chocán, 'S ní fheicim do'n ghréin acht scéin da scáil, Tré mheasta gur dúbhach léith beo me. Air sean-fhocal é cuireas ceadta a bh-fháith, Gur marbh gach aon ná saidheadtar fleadha, Cár bh-feárra fá chéad dhamh éag a d-tráth, Ná mairint mar taoim, gan mhaise gan bhrígh, 'Sis cealgach namhadach Cúpid claon, A n-acharann sínte im' dróluinn. Dá molainn-se air árd an bán-fhlaith mhín, Rug barra tar mhnáibh a g-cáil 'sa ngníomh, Níl tairbhe trácht 'na deághaidh air mhnaoi, Dár dhealbhuigh an Coimhdhe cómhachtach, Air a leacain ghil úr tá cúmtha caol, 'S gorm rosc ramhar mar dhrúcht na g-craobh, A balsam ghob bh-fiú tá fhiúdhantach saor, Lé'r leagadh gan bhrígh fir chanainn a g-crith, Is go mairidh go bráth gan cháin do'n dlighe, Le taithneamh do'n mhionla mhodhmhar. Is fada 'sis fionn 'sis fann 'sis faon, Bachallach búclach cúplach claon, A gorm-folt dluith is lonnrach néamh, Ó bhaitheas go bonn ag teachtain, A Athair na n-dúl 'sa Dhúileamh aerd, B'é an t-aiteas dar liom bheith ag sugradh leí, Is baluithe cúmhra an túis ag téacht, Ó fhriotal a beoil mhilis bhuig óig; Sruinne na g-caor tré chaomhnadh an róis, 'Sa crithir a g-clódh mar aon ris. Feach banaltra an ghráidh gé'r bh'álainn í, 'San bharra-chas bláith lé'r trághadh an Traoi, Is Prosarpina air a d-táinig mian, Tar fearaibh níor cúibhe do'n triur sin. Gaibh tuigse dá réir, ciodh baotha breágh, 'S ná fuiling fir Éabha a b-péin dod' ghrádh, Nó tiomáin do'n éag iad daon dul amháin, Is geallaim-se dhíbh lá garma Chríost, Gur acháran tréan t-sleacht gléire Gaoidhil, Má treascarthar poinn do'n mhór-fhuil. Cá'r bh'iongnadh an gráidhe nó an toiliogh óg, Bheith tusalach tínn le mian dod' phoig, Acht buile agus baois air an g-críon scológ, Mar chluinim nách lámhfaid le labhairt ort, Nár a miste do chlú-sa, a chúilfhionn chaoin, A n iomarbhadh súd idir úr is chríon, Cuirimse id' chúmhdach lúirtheach Chríost, A casnadh do'n fhás gan gharg ghnás, 'S go bh'feicheam-ne tú fá chlú gan spás, A n-aiste 'sa n-árus tórtais. Dá m-ba file me mór a b-prós nó a n-dán, Le n-a suidhfinn mo chód mar Homer árd, Do mholfainn air phoinnt a g-clódh 'sa g-cáil, An Mhuiriceach ghrádhmhar dhóid-gheal; Feicimís féach, déin an méid-se amháin, A ngloine na féach id' conarán, Ná taithigh bheith a téacht le taobh screabh láin, Air eagla bhur a m-báis mar narcissus árd, Má dhearcar go gléir do scéim ó d' scáil, . . . an dáimh a n-éag sibh. Críoch. Fada bhur g-codladh bhur g-ceas AINDRIAS MacCRUITÍN DO CHUM. Fada bhur g-codladh bhur g-ceas, A éigse toghtha gan áird-mheas, Ó táinig gé máigh na bh-fionn, Álmhach oirbheartach éichtreann. Bhur g-codladh fá chodladh saobh, A dream cneasda na g-cruadh taom, Ó thréigeabhar, truaigh an gus, Rainn, duanta agus seanchas. Ó thréigeabar, tré gruaim ratha, Caomhnadh suairc na saor fhlatha, Bhur g-codladh fá tuar tuirse A thréadh uall-mharbh ionmhuin-se. Codladh coireach, codladh guirt, Codladh is docra do mhúscailt, Cá suan is truime ná sin? Dosa beidh ag árd-luirge léighinn. Órd luirge na bh-fial bh-fear bh-fionn, D'ár dhual áird-cheannas Éirionn, A d-tréigion is damhna dom, uch! An tréad oirbheartach uamhnach. Tréad nár buirmeach, tréad nár thár, Nár fhaomh buirbe báithmhal, Cinn na g-cliar g-caomhanta g-cruaidh Coinnle gaise na Craobh-Ruaidh. Crann do'n bhoirb-fhiodh úir amhra, Sinnsior na slógh, síneamhna, Bláth na n-óg n-armdha n-dátha, Seár deagh-dhealbhdha dian-cháthach. Fear deogh d'ár chómhainm Corc, Grian na-n-airgne n-eannrocht, Ór ghabhlaigh ríogh-chlanna a bh-fad, Nách dlígh díom-sa a n-dearmad. Ar ghabhlaigh ó'n rígh-bhile Ruadh, Ó's díom dlíghthear an deagh-luadh, Sloinnfead cé h-iul taidhseach, Ag ríomh an glún ngeinealach. Triallfad-sa, ní taom deacrach, Fá'n g-cloinn mheardha mhaidhm chleachtach, Lorg fírbheach bh-fionn fhola g-Cuirc, Do roinn dionn eolchadh amhairc. Usaide leam a luadh, Maoidheamh na m-bhoirb-fhear m-bioth-cruaidh, Ar bh-fághail tréimse dá bh-fios, Feabhas na réiltean fuaireas. Budh é mo chead chrann dealbach, Bláth na féinne Toirdealbhach, Ceann na g-cliar g-coimh-chlisde g-Cuirc, Grianda a n-íocfaidh 'sa d-tánaig. Fear gan nead gan doimh díre Íoldánach a aimsire, Mac do'n ghríobh mheardha nár dhocht' D'ar giall treabhadh dá thromdhacht. Ní maoidhfear árd-ráth Uaithne, Riar na dáimhe dorbh luaithe, Beithir bhadhbhdha an ghaoith ghlóir ghlic Deagh ua dearbhtha déigh-mhic. Do chualamar tásg Mhaoileachluinn, A m-béalaibh suadh is saoir-chearthuinn Ua na bhfian ar nár luigh scíos, Céid fhear le'r dialladh troim-chíos. An míle do ling ós fiodh, Le bh-frith urraim ar uaislibh, Rígh-bheithir, cidh thosaidh dhe, Ríghéin Rosa, mic Uaithne Mic Maoileachluinn, mic Rudhraighe luinn, Mic Anadh uall-ghlonnadh áluinn, Bláith préimhe finn t-sleachta h-Ír, Nár aobh frasabhra d'éin rígh. Mic Donnchaidh, mic Anadh dhil, Mic Donnchaidh dá throsgaibh, Triar áireadh dhos do'n choill chaoimh, Mic Conghalaigh, mic Amhlaoimh. Mich Maoileachluinn nár chogair uaill, Gríobh toghtha na bh-flath bh-fíon fuair, Mic Amhlaoimh mhór-ghlonnaigh mhir, Nár dhóigh easumhla d'éigsibh. Mic Lochluinn ná n-deacar n-dian, Flaith cheann fine agus finn-chliar, Laoch gusúr fá toghtha tol, Do thuill cian-chlú dá n-deagh-scol. Annso dealuighim réim theaghlach, Síol g-Conchubhair g-Corcomach; Dream gan chuímhreach, gan chuing, Ní síol acht cnú do'n chrobhaing. Mic Maoileachluinn fá nuaidh dreach, Mic Arga na lann líneach; Géag úr na saoir-éalamh so, Ó'r fhás mór ngabhlain n-iomdha. Uí Thiagharna, uí Arga dhil, Uí Athasaigh, is úí Thuaithil, Uí Dhuib-dhá-Bhoirionn nár mhion, Ó'n m-bile adhbhachtach iodhain. Mic Samhragáin úir faoiligh, Dlíghim cuma a g-craobh-scaoileadh; Uaidh uí Ithfearnáin gan chiadh, Uí Chuilionnáin is uí Chaisiadh. Mic Flaithbheartaigh flaith núidhe gá, Uaidh uí Fhlaithbheartaigh laochdha, Uí Nialláin, uí Bhraoin, uí Ceit, A n-áird chrích mheith Árda Mhór chuirid. Sloinnfead, ní ba deacair dhuibh, Tar éis Flaithbheartaigh, Dubhruibh, Gnuis dhealbhdha fá chéile céile, Ní fhaghaim go leabharda a theaghlaimh. Mhic Reáchtabhradh do threaghaibh; Anso dealuighidh a theaghlachaibh; Uí Bheacháin, uí Mhionáin luibh, Uí Coindreagáin is uí Chonduibh. Mic Mic Laoich fá tréine teann, Mic Duibh, mic Ceallaigh na madhmann, Mic Baothghallaigh, mic Maoile Duibh, Ó bh-fuil uí Annracháin sheaghuin. Mhic Fuiline, mic Seanaigh ghloin, Ó bh-fuil uí Sheanaigh uasail, Mic Aimhirgín an chrota chais, Mic Táil ba cathardha cathais, Mhic Bruic, mic Conbruic fhéil, Mic Fraoich, mic Osgair aighmhéil; Fo ríomh a g-cloinne 'sa d-treabha, Mór an obair a n-áireamh, Uí Fhloinn, uí Fhlanchaidh luinn, Uí Mhearcacháin do'n árd-chloinn, Uí Ghríobhtha, uí Mhongáin mhir, Do'n chloinn-si uí Ghealbháin fhinn ghil. Mac oile do Fhraoch chéadhna, Cárthann cuana chruith dhéadla, Níor dhearmadach tar chach línn, Ó d-tángadar, clann Chruithín. Mic Meisin, mhic meile oile, Na n-dámh, na n-dearc liath chruinne; 'N-a réim-se ní thárla don, Mic Eirc fheil-se, mic Chonchon. Mhic Neachtain, mic Aodha Chuirb, Mic Aodha neimhnigh, neamh-bhuirb; Géag Leathan Ghuineach gnaoi, Ús gloin do fuair deagh-chlú go bh-fiadháin. Mic Aibhlithe, mic Meadhruaidh, Mic Ollamhain fhéil, arm ruaidh, Gnúis ghealtana nuadhbhog náir, Mic Deagha dealbha, deagh-láimh, Go Corc is fada mo luadh, Bláth na flath-chuire fior-chruaidh; Mál meanmnach fá trialldha teann, Sinnsear uí Andha na saor-clann. Do dhearbhraithribh Chuirc chnodhbha, Ciar na n-arm-chur bh-fionn chrodha, Gríobh chuilgneach fá niadha luighe, Ó chlár chuilgneach Chiaraidhe, Deagh ar bh-fulang a bh-fad dáil, Slíocht Chéir choscraigh, chleacht cháigh; Ní bh-fiú ag leanamhain dá b-préimh, Dá g-clú, dá g-creacha, dá g-cinéil. An treas cnú Conmhac cóir, Do'n chloinn loinneardha, lán mhóir, Cia sóisear fá tréin-fhear teann, An t-óg fhlaith fá laochdha conchlann. Do chloinn-se Chonmhaic Chlíodhna, Síor bh-Fearghail na n-áird-ghníómhach, Síol ngráineamhal, síol cáigh cleachtach Fá gabhláin iodhain oirbheartach. Fillfead ar Fhearghus fhial, Leanfad do'n réim righ-chliar, Dearc gorm, nós fá h-úr croidhe, Deagh-mhac Rosa mic Rudhraighe. Mic Sithrigh, mic Duibh go mbuaidh, Mic Foghmhair fhír-fheil, arm ruaidh, Pór rígh-chliar go n-aoibhe, Mhic Aimirgín fholt chaoimhe. Mic Síor Láimh, mic Fhinn an áigh Ríghthibh Éireann gan torchraidh, Mic Bhratha, mic Labhradha dil, Mic Cairbre cheannsa, caoimh ghil. Mic Ollamhain, mic Fhiacha Fhinn, Treoin Teamhrach na n-iath n-aoibhinn, Mic Seádna mhoir ghlonnaigh ghlic, Mic Airtrigh Mhóir; mic Éibhric. Mic Éibhir Dhuinn, mic Ír áird, Mic Míle dár bhuidheach báird; Seanchas na Féinne go beacht, Do léiridh leirg ainmtheacht. Ó Ádhamh go Míle mhór, Má's creidthe tráth gach leaghtar, Áirmhíghtear gan púdhair a bh-fad, Cúig fionn ghluine triochad. Críoch. Aindrias Mac Inbheatha, cct. Do Thoirdhealbhach Ó Lochluinn. Deacair dréim re cineadh Rois, Is aoirshliocht tréan uaibhreach Fhearguis, Dream nách gabh asmuilt ó fhir, An maicne arm-chorcrach suilbhir. Ré cosnamh Banba na m-beann, An fhóirneart léidmheach éichtreann, Dóibh do dlígheadh tar fhóir Fháil An mír curadh do chongbháil. Iomdha gan ghó buaidh oile Do fuair síad gan oirbhire, Sluagh tairptheach na g-céim d-teann, D'ár dhual oireachas Éireann. Mar do thairg lucht na Banba Sluaigh dáimh, éigse is ollamhna, Tar cheann chuing riaghla an chirth, Tar sean-tuinn siar do dhíbirt. Cruinnighid d'éinmhéin uile, Mar léightear a sean-fhuighle, Cineadh Róigh na móireacht lonn, D'fhurtacht na h-éigse á fhorlonn, Tugsad uadha d'aimhdheoin cháich, Clanna Rudhraidhe go m-buaidh g-conáigh, Congbháil buannachta nár ghann Do chuaine ealadhan Éireann, Ó éigsibh, dá bhíthin sin Tar Féinibh Ínnse Gaoidhil, Do fuair siad a g-céim nách cruaidh, Tos ealadhna go n-glan-bhuaidh. A Thoirdhealbhaigh a chneas slím, Aoigre na druinge a deirim, Duit is dual d'fhiadhain na n-dámh, Oighreacht na cuaine cruthnár. Dlíghtear dhíne, a bheithir cháidh, A ursa nách tréith a d-teangmháil, Ar n-ealadha riot do roinn, Ó thárlais idh' chnaoi do'n chrobhuing. Móide is córaide sin, A cuingidh eachtraigh airm mhir, Do bhloidh ós árd mar go bh-fuil 'San g-clár reacht-ghlan so Mhumháin. Le bronnadh seadh ar an dáimh, Lé furthacht tréith is teannáil, Lé cur gearsmacht ar an bh-fonn, Re cosnamh gach laoi gach forlonn. Lé teasgadh uabhair na d-teann, Lé fosgadh d-truaigh is anbhfann, Lé móir-fean géar ar reacht caoin, Ré g-cruinnfeadh céim na chathaoir. Lé dúil a g-caidreamh na suadh, Lé h-éisteacht fuighle deagh-dhruadh, Lé congbháil riaghla na sean, B' iomradh a fhialmhair do dhlíghthear. Do mhúr gidh tairptheach im nóin, Is iomdha ria g-cuirm g-comháil, Mórdhail éacht dá luadh gach seal, Ag trom-dháimh éigse is oirear. Ceol crot a faoidheadh cháich, D'áirdeochadh croide ó dhíombáidh, Is gáir gheocach gach re n-am, Minic do reodh 'san tearmann. A mhic Uaithne na n-each seang, A ursa fileadh Éireann, Lé comaoinibh sead go dil, Do leanais saoir-chéim do shínnsir. Lé cosnamh cháich a bháir Chas, Ar mhaith, ar mhéin, ar eolas, Duitse a n-éacht d-toirbheartach d-truim Dlígh tar éin neach urraim. A gnúis fhialtais nár éar neach, Doiligh linn bhur g-Cáisg dúbhach, Éag do bhain-chéile chaidhe, Do Mhumhain is fáth díombáidhe. Cá h-iongnadh sibh a chneas slím, Beith tuirseach mar adeirim, 'S gan éinneach d'ár fhás fa seach, Fád chas-sa gan bheith tuirseach. Do thréig éasga a deas 'san bh-fonn, Do mhuigh díle is fearthonn, A g-cóighidh mhich Dáire Dúinn, Tré bhás na géige luaidhim. Air mhnáibh suadh go m-brataibh sróill, Mo nuar! tré bheartaibh dobróin, Tig meirtne, cá boichte cás, Mo léan! is docht an dólás. Fáth dobroin do leath Mogha, Bás inghine Dhonuchadha, An ghéag fhial do shár-fhuil Chais, Nár lánchar éin chéim díomhais. Úireasbach bocht, dá bhrígh sin, Ó theasdaigh a g-craobh dídin, Úird chráibhtheachta chleachtas cuíng, Feasda ní feas an doruing. Marthain dá h-anmain a nglóir, Ó'n gCoimdhe gé fuair onóir, Buan mhairfeas a bloidh abus, Ag cách mar aon sa doilgeas. Ua na bh-fearchon nár ear truaigh, Dar léigheadh treimhse an Craobh Ruaidh Sár-mhac Uaithne na n-arm lonn, Nár leag aon tuagh a g-camhlonn. Do cheangail gaol le Síol m-Bloid Áird-chéim saor nách cás dearmaid, Gidh líonmhar a cháim chiabh Chas, Ré áird-thriath Fail do chomhgas. Sliocht Arga uile fád' smacht, Gairm sár árdaidh do chomacht, A chaith leomhain fá tréan troid, A mbeirt gleoidh ghéar ré námhad. Ua Mheidhbhe ó Chruachán m-brais, Ua Chuirc mhóir-éachtaigh airm ghlais, A ghéag chúmhra ó'n Ráith chair, Dréim réad chluasa is deacair. AN CEANGAL. A ua na bh-fearchon do chleachtadh an Craobh Ruaidh seal, Buaidh do ghaisge, gur feasach do'n taobh thuaidh, is teas, Buan do sheasais do thalamh ar thréan t-sluaigh Chais, 'S ag ruagadh Danar níor feacadh do gheagh chruaidh gheal. Críoch. AINDRIAS MacCRUITÍN, CCT. Air bhás Dhonnchaidh Uí Lochlainn AD. 1714. Ochán mar síosadh síol Róigh Is torchrádh tríom-sa mar táid, Doiligh dham ár n-aithne a n-iuil, Gan agam acht liú ar a n-áit. Is mairg file feasach fíor, Ná seanchaidhe is searcach séis, Do mhaireas re sloinneadh a súis, Is gan súil re a n-aithghin dhá n-déis. Dá maireadh Athairne aobh, Ná Dallán daoir-bhreathach druaidh, Do chaoindís is iomad leo, Téarnadh síl Róigh do luaidh. Cá ngabhaidh biataigh ná báírd, Nách cluintear ós áird a bh-fuaim; A n-diaigh roighne sleachta Róigh, Ní áirmhim deoraidh ná druaidh. Is nár frith a g-cart ná g-clár, Ar oirbheart, ar ágh ná ar uaill, Gur fhás d'fhuil ghlan Gaoidheal gléir Flaith díorma dob' aobhdha duail. Gé dhlíghfinn chúmha is crádh, Tré dubhach sleachta ádhbhail Ír Ní tríotha is dísle mo bhrón, A n-ísle cidh chóidh a mbrígh. Act dul sleachta Chuirc na g-cliar Mac Fearghusa fial mhac Róigh, Mar táid na cuingibh nár chlaon, Fúighte faon 'na g-cosair chróigh. Ré réimheas sian seacht g-cead déag Do bhliadhnaibh is caogat slán, Ó teacht Chuirc chleacht chosgrach chruaidh, Go n-íomad sluaigh dó'n Bhoirinn bháin. Ní raibh an chríoch cobhsaigh cháidh Gan chodhnach áigh nó fear gill, Go dul Donnchadh do'n chrú chian, Fá chumdach na criadh do'n chill. Gé tá óg-fhlaith bhos-glan bhúdh Ar mharthain do'n úr fuil fhír, Ní h-adhbhar díomdha mo rádh, Ní mholaim mur dhamhna dín. Do bhrígh, tráth leathas anuas, Is casas ó chnuas go bh-feó, Bídh go mairfeadh seal faoi bhláith, Meastar tráith nách bile beo. Gidheadh a n-eiric t'fhala, a Dhé, Breagnaidh mé, is bain dom róinn, Is deonaidh tré dhreas do ghrás, Athchraobh d'fhás ó chneas an chroinn. Acht gé chaith rae fada a réim, Is doiligh déin nár chaith ní is sia, Fear dob' aobhdha cruth is cáil, Fear dob' fheárr caomhna is ciall. D'éis a dheaghluigh re crú Rógh, Cá bh-fuighidh a mhórdhacht, na mhaith? Dar leat níor leath-laogh dhá chich Fa Gaodhal fíre, fá flaith. Ráinig fós ó'n Chuirc ó'r ghluais, Mar bhuinne ghluaise ara grás, Ar m beith gan chealgaib gan chruas, Nár faomh truaille ná tlás. Ua Rudhraidhe is Rossa Ruaidh Ar úrchroidhe 'sar uaisle a méin, 'S ba lór tréith dhírghe is tlás Da róim aoirde d'fhás a réim. Fuaras táitibh 'san t-saoi, Rug annsacht mo chroidhe 'na dhiaigh, Ní labhraim ar ghloine ná ar ghnúis, Ós tiodhlaicibh túis tug Dia. Mar tá triath tromdhacht gan taom, Fial lonnradh féidhme is iocht, Tadhbhacht, tuigse is tnúgh, Bheith bladh chunnail búidh gan briocht. Iomdha cruth a n-éagcruth uadh, Is dearcaibh cuanna dá crúdh, Is tíghthe greadtha ar mionn bhun mear De druim éaga an mhionn ghloin bhúdh, Ua na bh'fionn-fhlaith fá maith méin, Dá chaoineadh ní mé amháin, 'San g-cóigidh, ní fáth ráidh rúin, An ráibh úr fár gheabh mo láimh. Éagnach thríd dá truime atá, Ní h-ionann ó a lán is uaim, Is nách fonn maoine dom' ró, Do ním dhé laoithe duaim. Acht d'fheart ghreidhm tuirse agus cráidh, Is d'éigion bádh bhruithne, is bróin, 'S dá dhearbhadhgur mhaoith mo mhian, Ní caoiniomh 'na dhiaigh rém' ló, Mo gheall, mo chuimirc, mo chuan, Mo luinne is luan me luim, Mo cheann fine fola fós, Mo bhuinne tós, is mo shail buinn. Is dá m-beadh gan dleacht fháth dom' ghréas, Crú nách cloinfinn a ghaoth cróidh, An crann déigh-mheisnigh gan fhíoch, Fríoth do ghlain-sleisnibh Róigh. Mhaoidheamh a fhola a h-acht a ghaoil, Ní thuigim a bh-fuighe, ná bhreis, Do bhrígh, má seasmhach an crann, Nách ionchurtha teannta leis. Óir cidh maith Búrcaigh lé rádh, Is díoghluim árd fóla Briain, Lór a rádh gur cleath do'n chraoibh Nár cealgach le claoine riamh. Filidheacht ná fuighlibh frás, Ní chuiriomh mar phlás im' laoidh, 'S ní mó do bhainiomh ré luadh, Saobh ghotaibh suadha tré'n aoidh. Léigfead fós gan easba díom Reic aighníomh, ná teasda a thréith, Acht amháin, gan líon dréacht luadh, Gur b-fíor Ghaodhal flaith uasal é. Biodh nár shealbuigh moch na mall, Dré dhochmadh Gall fuinn a shean, Maith an éiric ionnta dhá, Lonnradh na glóire gur lean. Acht cidh teasd do'n bheatha cé Lúghaide is lenn a dhul uain, Ciodh gur deasgadh díthe an dáil, Ós feárr nách bás dá ríre fuair, Brígh, cídh théarnas a ngrás Dé, Nách bás é éag acht beatha búain. Dá bhrígh sin, cidh doiligh dúr, Is dealuighthe Dúnn le ciach, Ó nár bh-fiu cara ná caomh, Beidh eanaire saor ní is sia. Seacht g-cead deag bliadhain go beacht, Le háireamh, is seacht fá dhó, Ó theacht Mhic Muire a g-clí, Do dháiligh síth dá gach slógh, Seacht sian laet'bh fada fós, Ria d-teachtain do'n fhóghmhar mhoch, Go cumhdach a chuirp fó chriadh, Tug cumhadh im' chliabh-sa, is och. Críoch. A Chláir eochair-mhilis, mhothardha na mion sreabh m-bláith, Is sámh socair thig do lomadh dhuit fád' ghrian-fhlaith gráidh, Fál foiris fuilt na crobhuinge dár ghiallais páirt, Is slán othruis luit is tugtha dhuit fá Dhia go brách. Créad fa n-uaibhrid a chéile AINDRIAS MacCRUITÍN RO CHAN. Créad fa n-uaibhrid a chéile, An uaisle is an fhir fhéile? Dá chraoibh gan chríne gan chrith, Do chine mhir mhín Mhíleadh. Cidh fá n-uaibhrid cuanta a cheile tais? Fuigheall na h-uaisle is tuaim na féile frais, Dá craoibh gan cruas nách buailfidh béim tar ais, Do'n ríogh-fhuil thuaigh, 's do chuaine caomh dhil Chais. Caomh-fhuil Chais d'ár bhuidheach báird, Is sliocht ainmhear áirdh mhic Róigh, Cá treabha d'fhuil Ghaoidhil Ghlais, Ar fhuinneamh ná ar uaill ba mo? Is mór mo thnúth do'n chúpla riamh 's mo bháigh, Le cómhachta an úird ó dhlúith Dia na ngrás; Ba stór dom umhail a g-cúige cian an Chláir, An ógluid úr, 'sa cuingidh ciallmhar cáigh. Cuingid nár chuibhe beith cruaidh, Do súgh cíche na Craobh Ruaidh, Mar fhás gan truaillneadh gan t-sal, Go mó séan uaire 'na nóchar. Ó's nóchar milis é, cuirim fé bhrataigh na n-órd, 'S go ró bh-feicidh se a mhic 'na d-tréad meardha a m-bród, Ó's dó do cineadh an bhé mhiochair, shéim gheanamhail óg, Go deoigh gur silidh séin, Isibéal Ní Caithiosaigh dhó. Dóibh ar aon theas croidhe, Ó dhlighim dreas dom deagh-laooidh, Nárb lúghaide a m-boire séimhe, Mar táim orra a g-cóimhéile. Éiliomh druaidh dualgasa deachtamhail diún, Éadach nuachair, fuair mo shean róin riamh, Ó'n bh-Féin ó'r ghluais, an stuaidhre flaitheamhail fial, 'S creacht do chuaidh má g-cuard gan cneasughadh air Bhrian. Le Brian go h-am chuibhe, Dhe réir úird na séin-fhile, 'S le a chéile dreach náir dil, Ní dhlighim fadáil fuighligh. Fadáil fuighill gé dhlighim, no duanta diú, Is teannáil fuinn ag gríosadh luaid mo phínn, Mar anair dhaoibh, a dhís, dréacht uasal ghrínn, Acht tré theas ghrádh tríom, ní sgríobh go h-uair iomchuibhe. Ní sgríobhar go h-am oile, Acht téarma na h-aimsire, Fár aintaidh an fial fuinn, Brian 'sa chéile a n-aon chuíng. Fó chuíng na cléire is naomhtha brígh agus beart, Tar cuimhin béil, ba léir a sgríbhinn bheacht, Ó aois Mhic Dé, go h-aontaigh ar n-díse a g-ceart, Mile saor. seacht g-cead, seacht d-trí 'sa seacht. AINDRIAS MacCRUITÍN CCT. Do Mháire, inghean Uí Ghráda bain-chéile Thoirdealbhaigh Uí Lochluinn. Créad nách canfuinn cúpla bhéarsa ar aisde thúta; Ó's léir gur leamhas dúinn-ne ar dhréacht díle tádhall, Do'n t-séaghain t-searcaigh t-súil-mhear, dhéadla ghasda ghnúis-gheal, Bhéil-ghlic mhéala bhuidh cheart, mhéin miochair mhnámhail. Is dá m-beinn air fad a n-úr-sruth na Naoi m-Ban n-ait air n-ionnladh, Ba dréim tar ceart dom chunntas na caom luide thrácht, Air mhéin, air mhaise, air mhúnladh, air shéimhe, airthaise, air thionngnadh, Air éifeacht, beart, 's air iomchar chéille is air cháil. Taid déata is daingne dúla na séala a n-aice a n-dúbhairt me, Ag téacht isteach na siuntaibh go saor tuilte sámh, Nár thaobhuigh macnas múirne an aobhghlan aruid ur-ghlan, Maoitibh meara múchta, na méin léimhe mná, Acht tréithe is teasda tnútha bheith dréim lé dleacht a dúthchais, A bh-féile, bh-feacht, 'sa bh-fiuntas, cá séad fine feárr? Is téígle thaise thromdha, mar aon re cneastacht chonnla, Is éigion aire air íonnrámh gach faon cuire fán. Dá m-béinn im' fhile rusa do léighfinn gloine a gluise, Do réir mar shuig an Dúiliomh go deagluighthe a dáil, Is néamh an lile ag lonnradh, mar aon ré crithre connla, 'N-a h-éadan iodhain úr-ghlan is scéimh druite scáil. Caomh-chorp cailce cúmtha dá ngéillid mama mionnradh; Is déad gan alt gan fhonnsa, gan aerde gan fhán, 'S gur thréigion truime is túirse d'aon a meirtne smúide, Bréithre briochta a búidh ghuibe, séis mhilis d'fhághail. Tá craobh-fholt crathach cúplach, dréim neach daithte dlúith tiugh, Peárlach baclach búclach, táerse go trácht, Is gléire ghlaise an drúchta ré n-éirghe maidin t-samhraidh 'N-a réim-ruisg rachtmhar ramhra is réaltannach ráil. Léire, is luige, is lúithe na méar is fuide fionn-chrobh, Séime, is singe, is úire 'n-a saor bhruinne sámh, 'S do réir mo thuigse is mhiula, níor raoba air dhlighe an dúile, Dá léigidh duine a rún lé idir ghlaodh choiligh is lá. A chraobh gan mheath gan mhúchadh, do phréimh na n-aithreach n-úra, Dá ngéilleadh treabha is trúpaibh tréan-ruire is táin, Is bláith an aiceacht dhúmh-sa, beith dréim réad theasda mhusgladh, Is éigse maithe an chúigidh dá leághadh dhuit gach lá. Acht mar aerde meas do'n dúthaigh, gan bhéim, gan bhrath, gan bhrúgha ar bith, Do chéile leaptha cúmhdaigh caomh-luite cáir, A Dhé bheir ne ar an dúladh, is réidheas gach deacra dúra, Léig mar aisge liom-sa, go saoghlaighthear slán. A ghéag do'n chasna chúmhra, ní dead ná d'easbaidh dúthracht, Fár thréigeas seach do dhún-sa, na téacht tric id' dháil, Go léighfinn mar ba dú dhom, craobh do sean go h-úmhal duit, Sgéalta ceana cúmtha dréicht dhile is dáin, Acht creidhm is ceas na cúige, do shaoghad trém' chneas anonn me, 'S do léig a ngalar dúbhach mise, téiglighthe tláith, Gabh féin a chara connla an sgeal go leathach líomsa, Ó's d'éigion leara is lionn duibh gan mé t'fhios gach lá. AN T-AMHRÁN CEANGAIL. Is nár liom mo ráidhte gan longadh do luaidh, Do'n bhláth luid ó thárla nách cogal don' Chruaich, Ó's ágh dom go d-tánag ar lorg na n-druaidh, Nách dán maith tá ag Máire ní Donnchaidh uaim. Críoch. MEIRGE NÓ SUAITHCHIONTAS UÍ LOCHLUINN BÓIRNE A g-campa Uí Lochluinn dob' fhollus a m-bláth-brat sróil, A g-ceann gach troda, le cosnamh do láthair gleo, Sean dair thorthach ar g-cosnamh le mal go cóir, Is anncoir gorm fá choraibh do chábla óir. Aindreas MacCruitín, do chum Air bás Uilliam Is é do bhás Uilliam do chealg me, Is d'fhág Baisgineach gan greann tar h-éis, Is na gártha ag céadhta fear againn, An tráth bhrathamaoid ár g-ceann-suilt réig; Árd-fhuil triatha Banba lán d'anfadh, Tré léanta an sgéil, Bládh na m-Brianach g-calma, mac Samairle, Agus clann Mhic Céin. 'S do b'annam leat-sa, a chara dhil, Dul ó Aifreann go teampall prayers, Uch! m' anacra an gharbh leac air d'asnacha, Is tú a d-teannta ag daoil; Ccá ngabhann neart do rathacha, Ná an labhairt suilt bhí id' cheann-sa a n-dé? Le go n-abaraid faoi ghlasaibh cip, Go daingean druidthe fann gan réim. Bliádhain ghlan is go taca so, Do ghlachais galar cóím is cléibh, Do meath dá d-trian an arabhair, Is d'aistrigh air dhuíbheacht an spéir; Níor fhan gabhail air iasg a bh-fairrge, Ag sin slata is líonta a bh-fraoch, Ní gnáthach grian ag spalpadh orainn, Ag sin anfadh air an d-tuinn is faobhar. Ba lannamar do sheasam-sa Air fhaithche amuigh nó a lathair éacht, 'S gach ar ghlacais-se dho'n airgead so, Gur scaipis-se 'san tábhairne tar éis, Air aisde suilt, air aigeantacht, Do b' fhéarra clú, cáil is méinn, Is do shamailt-se níl eatortha, Is do meathadar ó Chlár go Léim. Mo chreach! mo bhuinne fada singil, Gasda clisde géag ghlan leabhair, 'S gurab a bh-fearann Cille leagamuir-ne, Fear is file dhéanfhadh greann; Ceol ba binne ag teacht, na fiddle, Cuach air bile is éanlaith air crann, 'Sis leat-sa ár nguidhthe air fad go h-uile, Go Parrathas Mhic Dé gach am. Críoch. AINDRIAS MacCRUITÍN, CCT., LEIS AN ATHAIR SEÁGHAIN UA FINN, .I. LE N-A MNAOI THIGHE. A dúr-bhean chráidhte an árus aoibhinn ait, Do dhiultuigh dom páirt gan fáth is an oidhche ag teacht, Dar liom, a Sheághain, is nár mar sgríobhaidh stair, Is gur fionn atair, is tá fhios ag Dia nách h-eadh. Críoch. Cumaoin uaim ar sliocht Cathaoir. Cumaoin uaim ar sliocht Chathaoir, Laochraidh Laighean na d-tréan tacar, Fine is féile a g-crich Banbha, Beithre beodha cath-chalma. Ó's díobh sin le luadh anois, Tomás óg mhac Seamuis, Mo chuairt féin 'n-a dháil go dian, An saoir-fhear sáimh 'sa fír-fhial. Dáire Barrach na g-comhlann g-cruadh, Mhac Chathaoir chathaig na d-trom-shluagh, Is dá ghéaga geinealuid go beacht, Tomás uasal na n-déigh bheart. Tomás Ó Gormán an chrotha chaoimh, Mhac Séamuis shuaithnidh na n-árd-ghníomh, Mhic Donnchaidh an mhúir mheadhraigh, Mhic Maoileachlainn an mhóir-theaghlaigh. Mhic Donnchaidh ó'n Moin Mhóir, Do fuair ó éigsibh onóir, Agh riar cliar is aois gach ciuil, 'Sa cathughadh fann-bhocht le deagh-rún. Is gairid lá ag lucht an toighe, Mur a m-bí tú do chomhnuidhe, 'S do bhriathra blasda binne, Go d-tóigfeadh dobrón is doghruinge. Is mo chrú Chathaoir Mhóir do'n fhial, Mo Thomás óg go móir-mhiadh, D'ar cheart féile is eineach, Ceap na fréimhe dob' onórach. Chuaidh do chlú thoir is tiar, A bh fogas duibh 'sa n-eidirchian, Tré h-féile, h-eineach is h-aoibh, A ghéag geineadh ó'n órchraoibh, Do thoiligh Dia dá ghrása Go bh-fuair sibh céile díongmhálta, 'S go m-biadh oighre díleas dleacht, Is triath ó m-Bairrche dod' fhréimh-shliocht. Go Lúndain má tá bhur d-triall, Dia bhur g-coimhdeacht gach éin rian, Dia bhur n-dídean ar muir 's air tír, A ghnúis aobhdha gan tathaoir. Do fuair sise céim tar mnaibh, Alicia ghruaidh-dhearg dreach-náir, An stáid-bhean, air áille, air scéim, A n-eagna, d-tuigse, 'sa n-déigh-mhéin. AODH BUIDHE MAC CRUITÍN, CCT. Air bhás Aindriais Mhic Cruitín. Ní buan brón go bás ollaimh, Truagh an cás a d-Tuadh'uin, Móide is léan a leagadh, De thíg éag na h-ealuídhne. Cia dár d-teangaidh anois bhias 'Na chodhnach ó dh'éag Aindrias, Ná teagasg na n-Ogham n-docht, Le mór ghrádh is le dúthracht. Ba file gan bhrón gan mheabhail, Ba h-é an saoi suadhamhail, An dán uaidh sin ba bínn blas, Ó sé ba bhuime do'n eolas. Ba h-é an t-éigeas saor sotail, Dealbhthóir na n-dubh-fhocal, A sé do ghealas an glór dubh, Ba lór a fheabhas d'ollamh. É ba sgribhneoir sgagtha, Ba léighteoir fíor-ghlan foghlamtha, Ba séanchaidhe sáir-riaghlach saor, Seasamhach sáir-mhianach soiléir. Níor mhór dá mhianach 'san tír, Do lean riaghail Mhic Cruitín; Níor cham an seanchas saor, Anamh na bh-feannachas bh-fíor-chlaon. Dearbhráthair do'n eagna áird, An seanchas ráid ríogh-bhaird, Má déantar í gan forbhás, Is bráthair í do'n úghdarás. Do lean Aindrias géin dobhair, An dáimh díreach tré riaghail, Gach duain gach dán do rinne, Ba le ceart cruaidh céilidhe. Do lean Aindrias air d-túis, An eagna a sé iomthúis; 'Sa chéim níor shalach abhus, Go n-dearna bealach go flaitheas. AN CEANGAL. Níl dáimh léigheanta a g-Clár Chéin, ná urradhaibh eoil, Ná sás déanta láin-dréachta a bh-filidheacht chóir, Ná lámh léar-chur áird scéalta ár g-curaidhe a g-clódh, 'S ná trácht aon 's gan Aindréas Mac Cruitín beo. Críoch. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2583 |
2,441 | Dánta Aodhagáin Uí Rathaille | Ó Rathaille, Aodhagán | — | Dinneen, Patrick S. agus O'Donoghue, Tad | 1700 | 18 | poetry | (Londain: I.T.S., 1911) | 25,570 | 7,688 | DÁNTA AODHAGÁIN UÍ RATHAILLE. CRÉACHTA CRÍCH FÓDLA. Is atuirse ghéar liom créachta crích Fódla Fá scamall go daor 's a gaolta clí-bhreoidhte; Na cranna ba thréine ag déanamh dín dóibh-sean Do gearradh a ngéag' 's a bpréamha críon feochta. Cé fada dhuit, 'Éire mhaordha mhín-nósmhar, It bhanaltrain tséimh le féile is fíor-eolus, Beir feasta aca it mhéirdrigh fé gach críon-chóisir, 'S gach ladrann caethach d'éis do chlí-dheolta. Mar bhara air mo mhéala, féach gur díol deora, Go ngabhann gach récs de réim chirt Roinn Eoruip A bhfearantus féin go saoghlach sítheoilte, Acht Banba i bpéin gan chéile is í pósta! Do chailleamar préimh-shliocht Néill is síol Eogain, Is na fearachoin tréana, laochra ríoghacht Bóirmhe; Den Charrath'-fhuil fhéil, mo léan, ní'l puinn beo aguinn, Ná mhaithe na nGaedheal do b'éachtach gníomh comhraic. Is dearbh gurab é gach éigean íogcórach, Ganguid is éitheach, claon is díoth cómhaill, Gan ceangal le chéile, acht réabadh rinn-scórnach, Do tharraing ar Éirinn fraoch an Ríogh chomhachtaigh. Ó chailleamar Éire, is méid ár mí-chómhthruim, Is treascairt na laoch mear, tréan, nár mhí-threorach, Ar Arad-Mhac Dé 's ar thréan na Tríonóide Go mairidh dá n-éis an méid seo dhíobh beo aguinn. Chailleadar Gaedhil a dtréithe caoin córach, Carthannacht, féile, béasa, is binn-cheolta; Alla-thuirc chlaon do thraoch sinn fí mhór-smacht; Agallaim Aon-Mhac Dé ar Ghaoidhil d'fhóirthin. AN MILLEADH D'IMTHIGH AR MHÓR-SHLEACHTAIBH NA hÉIREANN. Monuar-sa an Chárrth'-fhuil tráighte, tréith-lag! Gan rígh ar an gcóip ná treorach tréan-mhear! Gan fear cosnaimh ná eochair chum réitigh! Is gan sciath dín ar thír na saor-fhlaith! Tír gan triath de ghrian-fhuil Éibhir! Tír fá ansmacht Gall do traochadh! Tír do doirteadh fá chosaibh na méirleach! Tír na ngaibhne - is treighid go héag liom! Tír bhocht bhuaidheartha, is uaigneach céasta! Tír gan fear, gan mac, gan chéile! Tír gan lúth, gan fonn, gan éisteacht! Tír gan chomhthrom do bhochtaibh le déanamh! Tír gan eaglais chneasta ná cléirigh! Tír le mioscais, noch d'itheadar faolchoin! Tír do cuireadh go tubaisteach, traochta Fá smacht namhad is amhas is méirleach! Tír gan tartha gan tairbhe i nÉirinn! Tír gan turadh gan buinne gan réiltean! Tír do nochtadh gan fothain gan géaga! Tír do briseadh le fuirinn an Bhéarla! Tír is cráidhte tráighte tréan-fhir! Tír ag síor-ghol í go héadmhar! Baintreabhach dheorach leointe léanmhar Staithte brúidhte cúthail créachtach! Is fliuch a gruadh go buan le déaraibh! Gruag a mullaigh ag tuitim 'n-a tréan-rith! Srothanna fola as a roscaibh go caobach! A haghaidh ar shnuadh an dubh-ghuail le chéile! A baill crapaithe ceangailte céasta! Glas a cuim thais mhín-ghil ghlégil Iarnaidhe cumadh i n-ifreann maol-dubh Le ceárduibh Bhulcánais chraosaigh. Fuil a croidhe n-a linntreach shéideas! Is gadhair Bhristó dá hól le géar-airc! A hablach tá dá stracadh as a chéile Ag madraidhibh Sacsan go cealgach d'aon-toisc. d'fheoigh a duille, ní'l fuinneamh n-a géagaibh, Do shearc a huisce le cuisne na spéire, 'Sa ghréin ní'l taithneamh ós fearannaibh, féachaidh, Is ceo na ceárdchan tá ar a sléibhtibh. A mianach ríoghdha a coill 'sa haolbhach Do dóigheadh do briseadh a connadh 's a caolbhach; A slata fáis go scáinte réabtha, I gcríochaibh eachtrann scaipithe ó chéile! Gríofa is Heidges, gan cheilg im scéalaibh, I leabaidh an Iarla, is pian 's is céasta! An Bhlárna gan áitreabh acht faolchoin! Is Ráth Luirc scriostaithe nochtaithe i ndaor-bhruid! Do thuit an Leamhuin gan tapa, mo ghéar-ghoin! An Mhaing 's an tSionainn 's an Life fá chréachtaibh, Teamhair na righthe gan ursa shliocht Néill Duibh, Is ní beo curadh aca chineadh Raighéileann. Ní'l Ua Dotharta i gcomhthrom ná a chaomh-shliocht! Ní'l Síol Mórdha treon ba thréanmhar! Ní'l Ua Flaithbheartaigh i gceannas ná a ghaolta Síol mBriain dearbh n-a nGallaibh le tréimhse! Ar Ua Ruairc ní'l luadh, mo ghéar-ghoin! Ná ar Ua Domhnaill fós i nÉirinn! Na Gearaltaigh táid gan tapa gan sméideadh, Búrcaigh, Barraigh, is Breathnaigh na gcaol-bharc. Guidhim an Tríonóid fhíor-mhór naomhtha An ceo so do dhíochur díobh le chéile, De shleachtaibh Ír is Chuinn is Éibhir, Is aiseag do thabhairt n-a mbeatha do Ghaedhealaibh. Aiseag do Ghaedhealaibh déin, a Chríost, i n-am N-a mbeatha go léir ó dhaor-bhruid daoithe Gall. Smachtuigh na méirligh, féach ár gcríoch go fann! Is dalta na hÉireann faon lag claoidhte thall. An Ceangal. Mo ghreadadh bróin na dragain chróda scáinte ón gcioth, Is na Galla móra i leabaidh an leoghain san mBlárnain ghil: Gach aicme 'en chóip lér mhaith mo shórd mar táid gan chion Thug dealbh fós mé ar easbhaidh bróg dhon tsráid indiu. Mac an Cheannuidhe. Aisling ghéar do dhearcas féin im leabaidh is mé go lag-bhríoghach: Ainnir shéimh, dar bh'ainm Éire, ag teacht im ghaor ar marcaigheacht; A súil reamhar ghlas, a cúl trom cas, a com seang geal 's a mailidhe, Dá mhaoidheamh go raibh ag tigheacht n-a gar, le díoghrais, Mac an Cheannuidhe. A beol ba bhinn, a glór ba chaoin, is ró-shearc linn an cailín; Céile Bhriain dár ghéill an Fhiann, mo léir-chreach dhian a haicíd. Fá shúiste Gall, dá brúghadh go teann, mo chúilfhionn tseang 's mo bhean ghaoil; Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh Mac an Cheannuidhe. Na céadta atá i bpéin de ghrádh le géar-shearc sámh dá cneas-chlí; Clanna ríghthe, maca Míleadh, dragain fhíochta is gaiscidhigh, Tá gnúis n-a gnaoi, ní mhúsclann sí; cé dubhach fá scíos an cailín, Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh Mac an Cheannuidhe. A ráidhte féin, is cráidhte an scéal, mo lán-chreach ghéar a haicíd! Go bhfuil sí gan cheol ag caoi na ndeor, 's a buidhean gan gó ba mhaith gníomh, Gan chliar, gan órd, i bpian go mór, n-a hiarsma fó gach madaidhe; 'S go mbeidh sí n-a spreas gan luighe le fear go bhfillfidh Mac an Cheannuidhe. Adubhairt arís an bhúidh-bhean mhíonla, ó túrnadh ríoghra chleacht sí Conn is Art, ba lonnmhar reacht, is b'fhoghlach glac i ngleacuidheacht; Críomhthan tréan, tar tuinn thug géill, is Laoigheach mac Chéin an fear groidhe Go mbeadh sí n-a spreas, gan luighe le fear, go bhfillfeadh Mac an Cheannuidhe. Do-bheir súil ó dheas, gach lá fó seach, ar thráigh na mbarc, an cailín; Is súil deas soir, go dlúth thar muir, mo chumha anocht a haicíd; A súile siar, ag súil le Dia, tar tonnthaibh fiara gainmhe; Is go mbeidh sí n-a spreas, gan luighe le fear, go bhfillfidh mac an Cheannuidhe. A bráithre breaca táid tar lear - na táinte shearc an cailín; Ní'l fleadh le fagháil, ní'l gean ná grádh ag neach dá cáirdibh, admhuighim; A gruadhna fliuch, gan suan, gan sult, fá ghruaim, is dubh a n-aibíd. Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh Mac an Cheannuidhe! Dubhart-sa léi, ar chlos na scéal, a rún gur eág ar chleacht sí, Thuas 'san Spáinn go bhfuair an bás, 's nár thruagh le cách a haicíd; Ar gclos mo ghotha i bhfoghas di, chorruigh a cruith, 's do scread sí; Is d'éaluigh a hanam d'aon-phreib aisti; mo léan-sa an bhean go lag-bhríoghach. Gile na Gile. Gile na gile dochonnarc ar slighe i n-uaigneas; Criostal an chriostail a guirm-ruisc rinn-uaine; Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-ghruamdha; Deirge is finne do fionnadh n-a gríos-ghruadhnaibh. Caise na caise i ngach ruibe dá buidhe-chuachaibh, Bhaineas an ruithneadh den chruinne le rinn-scuabaibh; Iorradh ba ghlaine 'ná gloine ar a bruinn bhuacaigh, Do geineadh ar gheineamhain di-se 'san tír uachtraigh. Fios fiosach dham d'innis, is ise go fíor-uaigneach; Fios filleadh dhon duine dhon ionad ba rígh-dhualgas; Fios milleadh na druinge chuir eisean ar rinn-ruagairt; 'S fios eile ná cuirfead im laoidhthibh le fíor-uamhan. Leimhe na leimhe dham druidim n-a cruinn-tuairim! Im chime ag an gcime do snaidhmeadh go fíor-chruaidh me; Ar ghoirm Mhic Mhuire dhom fhurtacht, do bhíodhg uaim-se; Is d'imthigh an bhruinneal n-a luisne go bruighin Luachra. Rithim le rith mire im rithibh go croidhe-luaimneach, Tré imeallaibh curraigh, tré mhongaibh, tré shlím-ruaidhtigh; Don tinne-bhrogh tigim, ní thuigim cia an tslighe fuaras, Go hionad na n-ionad do cumadh le draoidheacht dhruadha. Brisid fá scige go scigeamhail buidhean ghruagach Is fuireann do bhruinnealaibh sioscaithe dlaoi-chuachach; I ngeimhealaibh geimheal me cuirid gan puinn suaimhnis; 'S mo bhruinneal ar bruinnibh ag bruinnire bruinn-stuacach. d'inniseas di-se san bhfriotal do b'fhíor uaim-se, Nár chuibhe dhi snaidhmeadh le slibire slím-bhuaidheartha, 'S an duine ba ghile ar shliocht chinidh Scuit trí huaire, Ag feitheamh ar ise bheith aige mar chaoin-nuachar. Ar chloistin mo ghotha dhi goileann go fíor-uaibhreach, Is sileadh ag an bhfliche go life as a gríos-ghruadhnaibh, Cuireann liom giolla dom choimirc ón mbruighin uaithi; 'S í gile na gile dochonnairc ar slighe i n-uaigneas. An Ceangal. Mo threighid! mo thubaist! mo thurrainn! mo bhrón! mo dhíth! An soillseach muirneach miochair-gheal beol-tais caoin Ag adharcach fuireann-dubh mioscaiseach cóirneach buidhe; 'S gan leigheas n-a goire go bhfillid na leoghain tar tuinn. AN AISLING. Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhaill Ar mhullach cnuic aoird aoibhinn dolodamar suas, Tarrastar linn scaoith bhruinneal soilbhir suairc Gasra bhí i Sídh Seanaibh solus-bhrogh thuaidh. Fearastar scím dhraoidheachta nár dhorcha snuadh, O Ghaillimh na líog lí-gheal go Corcaigh na gcuan, Barra gach crainn síor-chuireas toradh agus cnuas, Meas daire ar gach coill, fír-mhil ar chlochaibh go buan. Lasaid-sin trí coinnle go solas nach luadhaim Ar mhullach Chnuic† aoird †Fhírinne Conallach Ruadh, Leanastar línn scaoith na mban gcochall go Tuamhain, Is fachtaim-se dhíobh díograis a n-oifige ar cuaird. d'fhreagair an bhrighid Aoibhill, nár dhorcha snuadh; Fachain na dtrí gcoinnle do lasadh ar gach cuan: I n-ainm an ríogh dhíograis bheas againn go luath I gceannas na dtrí ríoghachta, 's dá gcosnamh go buan. As m'aisling do shlím-bhíodhgas go hathchumair suas, Is do mheasas gur bh'fhíor d'Aoibhill gach sonus dár luaidh; Is amhlaidh bhíos tím-chreathach, doilbhir, duairc, Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhaill. AISLING MEABHUIL. Aisling meabhuil d'aicill mh'anam, seal gan tapa seang tím tréith; Frasa carb trasna mara ag teacht andeas go teann faoi réim; Dragain mheara i dtosach catha i n-airm ghreannta an tseann-tsíl Chéin, Leagadh ar Ghallaibh aca is bascadh, is fearann fairsing i gceann críoch Néill. Mars gan bhanna dearcaim, seabhac leabhair lannach leabhair-ghníomh tréan, Bratach ascnaimh, coileach catha, d'aicme Raithleann seannghríbh Gaedheal; Creaithid flaithis, bailte, daingin, ranna mara, is campaidhe i gcéin, d'fheartaibh arm-ghaisce an Aicil gheallas ceart an tseannríogh phléidhe. AN TAN d'AISTRIGH GO DUIBHNEACHAIBH LÁIMH LE TONN TÓIME I gCIARRAIGHE. Is fada liom oidhche fhír-fhliuch gan suan, gan srann, Gan ceathra, gan maoin, caoirigh, ná buaibh na mbeann; Anfhaithe ar tuinn taoibh liom do bhuaidhir mo cheann, Is nár chleachtas im naoidhin fíogaigh ná ruacain abhann. Dá maireadh an rí díonmhar ó bhruach na Leamhan 'S an ghasra bhí ag roinn leis ler thruagh mo chall, I gceannus na gcríoch gcaoin gcluthair gcuanach gcam, Go dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann. An Carrathach groidhe fíochmhar ler fuadhadh an meang, Is Carrathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann, Carrathach rí Chinn Tuirc i n-uaigh 's a chlann 'S is atuirse trím chroidhe gan a dtuairisc ann. Do shearg mo chroidhe im chlíteach do bhuaidhir mo leann; Na seabhaic nár fríth cinnte, ag ar dhual an eang Ó Chaiseal go Tuinn Chlíodhna 's go Tuamhain tall, A mbailte 's a maoin díth-chreachta ag sluaightibh Gall. A thonn so thíos is aoirde céim go hárd, Meabhair mo chinn claoidhte ót bhéiceach tá; Cabhair dá dtigheadh arís go hÉirinn bháin Do ghlam nach binn do dhingfinn féin it bhrághaid. BHAILINTÍN BRÚN. Do leathnuigh an ciach diacrach fám sheana-chroidhe dúr Ar dtaisteal na ndiabhal iasachta i bhfearann Chuinn chughainn; Scamall ar ghriain iarthair dár cheartas ríoghacht Mumhan Fá ndeara dham triall riamh ort, a Bhailintín Brún. Caiseal gan chliar, fiailteach, ná marcraidhe ar dtúis, Is beanna-bhruigh Bhriain ciar-thuilte 'mhadraidhibh úisc, Ealla gan triair triaithe de mhacaibh ríogh Mumhan Fá ndeara dham triall riamh ort, a Bhailintín Brún. D'aistrigh fiadh an fial-chruith do chleachtadh sí ar dtúis, Ó neaduigh an fiach iasachta i ndaingean-choill Rúis, Seachnaid iasc grian-tsruith is caise caoin ciúin, Fá ndeara dham triall riamh ort a Bhailintín Brún. Dairinis tiar Iarla ní'l aici 'en chloinn úir, I Hamburg, mo chiach! Iarla na seabhac síodhach súbhach; Seana-rosc liath ag dian-ghol fá cheachtar dhíobh súd Fá ndeara dham triall riamh ort a Bhailintín Brún. Clúmh na n-ealtan meara snámhas le gaoith Mar lúireach dealbh cait ar fásach fraoigh, Diúltaid ceathra a lacht a thál dá laoigh, Ó shiubhail Sir Bhail i gceart na gCárrthach gcaoin. Do stiúruigh Pan a dhearca i n-árda críoch, Ag tnúth cár ghaibh an Mars do bhásuigh sínn; Músclaid athaigh ghearra lán an trír, Ag brúghadh na marbh trasna ó sháil go rinn. INIS FÁ RÉIM. Aistriughadh dodhein Aodhagán Ua Rathaille ar thuarasgabháil San Donatus ar Éirinn san naomhadh aois. Inis fá réim i gcéin san Iarthar tá, Dá ngoirid lucht léighinn Tír Éireann fialmhar cáil; Saidhbhir i ngréithribh éadaigh, is mianach breágh, Ór buidhe, i laochra, aer, is grian, is táin! Mil mhilis bhraonach, féar is lacht gan trághadh; Lomraidhe gléigeala éadaighe slachtmhar bláith; Machairidhe saora séin is fearann ann gráin; Flatha badh tréan le faobhar airm ar námhaid! Ní'l oillphéist i nÉirinn, is beannuighthe an fód; Ní'l alla-phéist chraosach aca ná leoghan; Síth shoirbh, béasa is éigse gasta go leor; Iliomad cléire naomhtha ag teagasc na slógh! Oileán na dtriatha ndiadha, fialmhar í; Oileán na mbiadhtach riaghalta, dian-mhaith í; Oileán do riaradh cliar is rianairí; Oileán na ndiadhairí 's na dtighearnaidhe sciathneart ríghe. AN FILE I gCAISLEÁN AN TÓCHAIR. Do shiubhluigh mise an Mhumhain mhín, 'S ó chúinne an Doire go Dún na Ríogh, Mo chumha níor briseadh cér shúgach sinn Go feicsint bruigh Thaidhg an Dúna. Do mheasas im aigne is fós im chroidhe, An marbh ba mharbh gur beo dobhí, An carbhas macra feoil is fíon, $Punch dá caithiomh is brannda. Feoil de bhearaibh is éanlaith ón dtuinn Ceolta, is cantain, is craos na dighe; Rósta blasta, agus céir gan teimheal, Conairt is gadhair is amhstrach. Drong ag imtheacht, is drong ag tigheacht, Is drong ag racaireacht dúinn go binn, Drong ar spallmaibh úra ag guidhe, 'S ag leaghadh na bhflaitheas go ceannsa. Nó go bhfuaras sanas ó aon den chúirt, Gurab é Warner ceannasach séimh glan súghach, Dobhí san mbaile gheal aosta chlúmhail, Flaith nár bh'fhann roimh dheoruidhe. 'Sé Dia do chruthuigh an saoghal slán, Is thug fial i n-ionad an fhéil fuair bás, Ag riar ar mhuirear, ar chléir, ar dháimh, Curadh nach fallsa mórchroidhe. D'FHINNGHIN UA DONNCHADHA AN GHLEANNA. Fáilte is da'chid ó dhraoithibh céad Do bhláth na seabhac nach íseal méin Ó áitreabh Sacsan is cinnte daor, Go hárus Fleasca na seangbhan. Coinfhiadh curata cráibhtheach caomh, Flaith mar Oscar i mbeárnain bhaoghail, Neart tréan, soilbhir, sásta, séimh, Is cuan na Banba tá lánlag. Súil is glaise 'ná drúcht ar fheor, Úir na cruinne agus fionndair mhór, Is clú dá chineadh 'san Mhumhain go deo, An $Phoenix árd nach crannda. Laoch mear greanta glan díreach fial, De phréimh na Fleasca 's de shíol na bhFiann, Céile gaisce, fear fíonta riar, Finnghin† groidhe †mac Domhnaill. Uasal d'aibigh ó ríghthibh é, Uan na seabhac ón Inse an laoch, Is buaincheap casnaimh dá thír go tréan An ríghfhear uaibhreach ceannsa. Aon dos tearmuinn d'éigsibh Chuinn, Craobh ba rathmhar ó Léin-loch linn, Réilteann d'aibigh d'fhuil Éibhir Fhinn; Fáilte Uí Chealla dhon phlannda. AR BHÁS TRÍR CLOINNE THAIDHG UÍ CHRÓINÍN. Do ghéis an Ráth Mhór, do réabadh a seol, Do léanadh a séan sin, do phléasc tigh an bhróin; Do léir-chuireadh ceo, nach léir dam an fód, Ar a haol-bhrogh do b'fhéile cás déarach an sceol. Do bhéim-scriosadh fós le tréan-tuile mhóir A gréithre 's a séada, 's a caolach 's a ceol; Do léim-rith an smól i n-a héadan, do dhóigh A caomh-chuilte daora 's a saor-chuirn óir. Ciach guirt is treighead, pian-ghoin gan leigheas, Dian-chreach san iarthar is fiabhras dubh tinn, Mian ghuil gan meidhir, cliabh-thuirse is taidhm Iaibhlín i gcriaidh chille Diarmaid is Tadhg. A Dhia d'fhuiling creidhill is rian-luit an daill Dot niamh-bhrogh leat riaruigh an triar so fó ghreim; Ciall raid go saidhbhir dá bhfial-athair, gaidhim, Go bhfiadaidh sé sliachtadh dot dhia-thoil, a Radharc. Trí phéarla gan teimheal ba shéimh-oilte slighe, Trí réidh-choinneal gréine, trí aon-ghasta i ngníomh, Trí déasa nár chlaoin, níorbh'aosmhar a n-aois, Trí réilteann i dtréithibh 's i mbréithribh gan phuimp. Trí téada ba bhinn, trí créachta san tír, Trí naomh-leinbh naomhtha, thug géar-shearc do Chríost; A dtrí mbéal, a dtrí gcroidhe, a dtrí saor-chorp fá líg, A dtrí n-éadan ba ghléigeal ag daolaibh, is díth! Trí fíonúir ba chaoin, trí fíor-chlúir gan bhaois, Trí príomh-ubhall de chraoibh úir ba rígheamhail i dtigheas; Trí finn-stiúir an tighe, nár chríon-dhiúltuigh naoidhe, A dtrí slím-chom a míon-ghrúidh do líon dubhach mo chroidhe. Trí díth liom a ndíth, trí caoi-chúis mo chaoi, Trí haoin-bhúidh an naoimh-úird, trí clí-chúmhra bhí; Gur scríob chúichi an chill trí gnaoi-mhúinte grinn, A Rígh, stiúir dhot rígh-chúirt an dís úd 's an t-aoin. MARBHNA SHEAGHÁIN BHRÚIN. Tásc tré sreathaid dearca deóra Fáth tré bhfeacaid cranna is corr-chnuic, Cás tré gcreathaid flaithis mhóra, Seaghán mac Bhail i bhfeart ar feochadh. A bháis, do mheallais leat ar lóchrann, Fál ar n-arbhair ar mbailte 's ar dteorann, Gárda ar dteach ar mban 's ar mbólacht, Ar scáth roimh sceanaibh feanta fóirne. Ar sciath dhín, ar rígh is ar ró-fhlaith, Ar gclogad cruaidhe go buan chum comhraic, Ar ngrian gheimhridh, ar soillse, ar n-eolach Ar gcrann bagair, ar dtaitneamh, ár nglóire. Ar dtúr daingion ria namhaid, ar gcródhacht, Ar gciall, ar radharc, ar bhfeidhm, ar mórchion, Ar gnaoi 's ar méin, ar ngné 's ar sóghchas, Ar mbád, ar mbarc, ar maise is ar mbeodhacht. Ar nOscar teann, ar labhartha, ar nglórtha, Ar $Phoenix mullaigh, ar gcuradh is ar gcomhthrom, Ar n-airm i n-am seasaimh le fórlucht, Ar gCaesar tréan, ar réilteann eoluis. Monuar an tír fá scíos it dheoidh-se, Is iad gan triath acht Dia na glóire, Ar gcoillte dá síor-scrios le fórsa, Is Laighnigh ag blaidhrigh 'n-ar ndóirsibh. Atá Mágh gCoinche go singil gan nóchar, Tá Cill Áirne cásmhar deorach, Dhá thaobh Mainge fé ghallaibh gan teora, Sliabh Luachra i nguaiseacht trét thóirneamh. An uair do rith an mhuir thar córtas, 'S an tan do bhris Loch Guir fá mhóintibh, Ar ghéim an Ruis do chrith an chóige, Tréimhse roimh a dhul ar feochadh. Do rith réalta ón spéir ar Eoghanacht, Ar Phoebus do thuit éiclips comh-dhubh, Dobhí an rae 's an t-aer go brónach, Is Léin-loch ag géimridh go tóirseach. Dobhí an Laoi dá chaoi, is ba chóir dhi, Is Dún Baoi na laochradh fóirnirt, Dún Deaghdha go dubhach creachach deorach, Is Dún Aonfhir go créachtach tóirseach. An ghuaiseacht so ar Thuamhain do bhreoidh me, 'S an buaidhreamh so ar Chluain na nódh-bhreith, Buaidhreamh is duairceas dá fhógairt, Dá éileamh gur scéidh súd dá bpóraibh. I mBun Raite do thaistil an mhór-scol, I mBun Roghair badh throm na geonta, I gCnoc Áine d'árduigh mór-ghol, Is tá Cnoc Bréannain traochta i ndeoraibh. Ní hé an gol so is doichte bhreoidh me, Acht gol na finne bhí agat mar nóchar, Gol na gile ler snaidhmeadh go hóg thu d'fhuil an diúic, dá chrú, is dá chomhgus. Gol an Bhrúnaigh chongantaigh, chródha, Atá i Londuin fé dhubh-smacht fóirne, Gol a chloinne - táid uile go brónach, Is dian-ghol Máibhle is cráidhte deorach. Gol na druinge ler hoileadh thu it óige, De phréimh na righthe ba chumasach cródha, Laochra ba laochuis i ngleo-bhruid, De shleachtaibh Chéin fuair réim dhá chóige. A chomhdhalta chléibh na saor-fhlaith mórdha, Na Laoghaireach dobhí ag Éirinn pósta, Is na ndréam do phréimh-shliocht Eogain Dár dhual géilleadh an tSléibhe 's an Tóchair. Liacht a ghaolta, is céim a gcoimhreamh, De ghrian-tsliocht Éibhir, Néill is Eogain, Is ná raibh aon de réxibh Fódla, Gan a ghaol gan bhéim fá dhó leis. Is an méad de ghallaibh ba feardha fórsach, A laochra, a bhflatha, 's a maithe, 's a leoghain, Nár ghéill d'achtaibh na Sacsan, gan gleo-chur, Go tréan tar fairrge scaipeadh a n-ór-fhuil. Iarla fairsing Chill Dara na gcóisreach, An tIarla ón Daingean, an Barrach, 's an Róisteach An tIarla ó Thallaibh ba thaca le comhrac, An tIarla ón gCathair, is flatha Dhún Bóinne. An Cúrsach san Chuncus ba thóisce, Triath Chille Coinne, 'san Ridire ró-dhil, Triath na Lice, Mac Muiris 's a chomhgus, 'S an triath ó Inis Bó Finne na gceolta. Adhbhar uabhair buaidheartha is brón-ghuil, Athnuadh luit is uilc gan teora, Méadughadh dian ar chiach san gcóige, Cíos bhur bhfearann ag Asgill dá choimhreamh. An dara cás do chráidh an chóige Gríofa is Tadhg i bhfeidhm 's i mórtas Lér díbreadh ar saoithe mórdha As a bhfearannaibh cairte is córa. Is díth-chreach bhur gcoillte ar feochadh, Is mailís Thaidhg ag adhaint mar smól dubh, Gan amhras tá a gceann 's a dtóin leis, Ón lá d'imthigh sciath urraidh na slóighte. Tuirse croidhe don tír thu ar feochadh, A ghéag de phríomh na míleadh mórdha, Is tu ar ndíon ar ghaoith na bóchna, O díbreadh an rí ceart le fór-lucht. Dobhís-se ceannsa d'fhann nó ró-lag, Dobhís-se teann le teann gan ró-cheart, Níor thusa an sanntach cam cas mórdha, Acht triath do mheabhruigh feabhas gach sómpla. Aitchim Dia go dian it chóisir An Spiorad Naomh go tréan 's an Mór-mhac, Ógha agus apstail is aingil n-a slóightibh, Dot choimhdeacht go ríoghacht na glóire. AN FEART-LAOIDH. Fé'n lic seo is dubhach dlúth-churtha an $Phoenix Gaoidheal, Curadh clúmhuil, Cúchulainn, Caesar groidhe, Bile búidh gnúis-tsoithimh aerach, caoin, De chuislinn úir Bhrúnach 's de Phéarla ón Laoi. Turadh Mumhan fút atá traochta, a líog, Curtha i n-úir, trúig ghuil go tréan don tír, Ciste úird, ughdar ba ghéar san dlighe, An buinne cúil cumhra de phréimh na ríogh. A leac is nár go bráth do mhioscais-se linn, Fá chlais an bhráca d'fhágais singil ar gcinn, Creach is crádh na mná sin agat, a líog, Bhail is Seaghán ó táid fét bhruinnibh 'n-a luighe. AR BHÁS SHEAGHÁIN MHEIRGIGH UÍ MHATHGHAMHNA. Uch is uch is díth na cléire! Uch dubhach! is uch lom is léanadh! Uch croidhe tu sínte tréith-lag! A Sheagháin mhic Thaidhg go doimhin fá bhéillic. Gráinne don chruithneacht gan chogal gan chlaonadh! Biadhtach groidhe is taoiseach séimh suilt! Uasal, áiseach, dáilteach, séimh-ghlan, Múinte, cumhra, clúmhail, béasach. Uch is uch an tobar féile Do dhul don úir i dtúis a shaoghail! Uch buan do lucht cuarda Éireann, Leagadh an leogain chródha i gcré-chluith! Mór-fhear oilte is ciste cléire Fíonúir folláin, beangán laochradh, Léightheoir greanta annalach Éireann, Guaire an oinigh ná druideadh ó dhaonnacht. Rós na saoithe, gnaoi gan éisling, d'ionaradh dáimh is báird is éigse Dronga siubhail na Mumhan le chéile I bhfial-bhrogh ghrádhmhar áluinn ghné-gheal. Ubhall cumhra lúbach é sin, Curadh catha chum seasaimh dá réx cheart Rígh-fhear suairc na nduanta d'éisteacht Dian-ghrádh bruinneal, a gcumann 's a gcéad searc. A chine sin dobhí fearamhail, tréanmhar, Ciallmhar, páirteach, bláth ná staonfadh, Curanta, fíochmar, ríoghdha, faobhrach, d'fhás ó Chian i n-iathaibh Éireann. Seaghán san úir thug smúit ar spéarthaibh, Sínte i bhfeart gan phreab n-a ghéagaibh; Groidhire marcaigh, mear, acmhuinneach, tréitheach, Réiltean eoluis, cómet spéire. Thug glas beoil ar bheolaibh éanlaith, A dhul don úir, is dubhach na scéalta! Tobar lachta na n-anbhfann tréith-lag Bó na mbocht, 's a ndorus aonair. A searc, a bpáirt, a ngrádh, 's a gcéadfadh, A gcnú mhoguil, a bposta, 's a séimh-ghuth, A n-annsacht anma, a gcaraid, 'sa gcléireach, A gCúchulainn lá cruinnighthe an aonaigh. Truagh na dtruagh do chlí fá bhéillic! Mac mic Sheagháin óig, áird-leoghan, saorfhlaith, Biadhtach do riaradh na céadtha, Gan bhuaidhirt ná doicheall, gan dochma ná daorbhroid. De dhruim a bháis tig báthadh ar spéarthaibh, Muir go cruaidh docht buan ag béicigh. Cruana tailimh is srathanna ag géimnigh, Tonna ar mire, agus uisce na sléibhte. Craobh gheal duille, mo mhilleadh céasta, Mar do ghearruigh Átrops snáith a shaoghail! Tréan-fhear mear groidhe smachtuigheadh faolchoin, Ná raibh gallda canntlach d'aon-toisc. Bás mhic Thaidhg d'fhág snaidhm im aeibh-se, Is créim im ghlúinibh túirseach, tréith-lag, Buan-chnead tinn im chlíteach téachta, Is fiabhrus goile go crithneach im aeibh-se. Mo inchinn tinn gan bhrígh ná éifeacht, Mo lámh ar siona-chrith, othar me faon-lag, Lúth mo chos ar cosc i n-éinfheacht, Ag caoi mo mharcaigh gan chogal ná claonadh. Is tá a shár-fhios ag bárdaibh Éireann Gur neach ríoghdha an gaiscidheach so déarfam, Rígh-chú an fear so do shleachtaibh Éibhir, d'árd-dhúthchus Chláir Mumhan le chéile. Ubhall cráibhtheach, áluinn, tréinnirt, Dobhéarfadh deoch don othar ghnégheal, Biadh dhá easbhaidh, cé danaid mar scéal sin, Is nár dhún a dhorus roimh shochraid céadta. A sheanchas glún tá annsúd le chéile 'San Leabhar Muimhneach scríobhtha ón gcéad fhear, Ní i Saltair bheannuighthe Chaisil gan chlaonadh, Do scríobh Cormac, tobar na cléire. Monuar a mhnámhuil mhánla, ghlégeal, Mhúinte, chumhra, chlúmhuil, bhéasach Do threibh chalma Ghleanna na laochradh, Ag gol go cruaidh ar uaigh a séimhfhir. Is gur bh'é Seaghán a grádh 's a $Phoenix, Fíonúir d'eascair de chlannaibh Milesius, Maoire calma Mainge agus Sléibhe Mis, Achlann Bhanba an faraire tréin-nirt. Do b'é a shinsear rí don taobh theas Cian nár choigil a chostas ná a shéada, d'fhág mar bheatha fairsinge Ghaedhealach, Séan is sonas go follus don tsaoghal. Dofuair Seaghán ciall ó Dhia na céille, Caitheamh is fagháil do ghnáth gan traochadh, Clú nár thim, is ná tuillfeadh céad guith, Is beo a thaise, ní marbh acht saoghal dó. Dobhí an curadh, 's ní chuirim-se bréag air, Grádhmhar, dáilteach, fáilteach, déirceach, Duineamhuil, ríoghda, croidhe-gheal, tréitheach, Ag dul tar a chumas chum oinigh do dhéanamh. Do réir a chumais, dar Muiris níor bhréag san, Ná raibh diuic ná prionnsa i nÉirinn, Triath ná easpog, sagart ná cléireach, Do b'fhearr 'ná Seaghán i gcáilibh saordha. Guidhim-se is guidhidh-se Dia na ndéithe, An tAthair 's an Mac 's an Spioraid Naomhtha, Is Árd-Rígh mór na glóire i n-éinfheacht, Seaghán do ghlacadh 'n-a chathair gan taothnasc. An Feartlaoidh. Fá'n bhéillic tá traochta fáidh $Phoenix glan-ughdar Fear glégeal bláth féinne sámh saor ba dheagh-chumtha; Áigh éimhir Cláir Éireann, árd-dhaonnacht, fearamhlacht, Atá i n-éinfheacht fát chraos ag Seaghán† tsaordha †Ua Mathghamhna. AR BHÁS UÍ CHEALLACHAIN. D'éag i mBaile na mBuailteoiridhe an 24 lá do mhí August, 1724. Saighead-ghoin nimhe tré inchinn Fódla; Saighead don phláigh tré lár a drólann, Cás gan leigheas is adhnadh tóirse, Ar feadh cúig cúige, is dubhach na sceolta. Scoth na Muimhneach sínte ar feochadh, Leannán Banba, cara na ngeocach, A n-aon tsúil, a rún, a ndóthchas, 'Sa gcú ghleaca le namhaid do móradh. Tug a bhás ar bhráithribh beo-ghoin, Ár gan áireamh d'fhás ar órdaibh, Ciorrbhadh cléire féach gur fhógair, De bhrígh na stoirme ritheas ar neolaibh. Fáth na cúise dubhach deorach Réiltean díona críche is cóige, Seabhac na seabhac is plannda dhen mhórfhuil, Do dhul i n-úir i dtúis na hóige. Oighre Cheallacháin Chaisil cháidh chródha, Sáith trí ríoghacht dhe rígh 's de ró-fhlaith, Searc na hÉireann, laoch na leogan, I gCill Cré fá bhéillic ró-ghluis. A armus, is é tarraingthe i n-órdhath, Faolchú faobhrach éigneach bheodha, Ag tréigean imill na coille 'n-a comhrith, 'S ag dul ar seilg ar leirgibh Fódla. Sínte anuas ar uaigh an leogain 'N-a chlúid díona ar líg an róis ghlain, Gan greadadh bas ag teacht n-a chomhgar, Ná gártha cliar n-a dhiaidh am nóna. Tug Tonn Chlíodna bíodhgadh ró-nirt, Tá Tonn Rudhraighe i bpúicín brónach, Tonn Tuaighe dá fhuagradh go deorach, Is Casán Cloinne Mhic Muiris is Tóime. Do ghéim Tonn Téide go glórach Inseacha is dhá thaoibh Abhann Móire Life do dháil i n-árdaibh deora 'S an Fhleasc chraosach chraobhach chnómhar. D'fhuagair an Ruachtach a ró-ghol, Brogh Bonn Inis is brogh na Bóinne, Brogh na Ríogh is Ríogh-bhrogh Bhóirmhe, Brogh Áth Cliath na rian-bharc seolta. Do screadsad síodh-mhná mín-chláir Eogain, Bhí i Sídh Chruachan duartan glórach, I mbrogh Chonaill na gconartach gceolmhar Is Sídh Baidhbhe Meidhbh ag brónghol. Do-bheart Clíodhna trí na sceoltaibh Gur seabhac Gaedheal na hÉireann Domhnall, A laoch laochuis, a bhfaobhar comhraic, A gceann tíre, a rí, 's a ró-fhlaith. A ngrian gheimhridh, a gclaidheamh, a ngleo-gha, A dtuagh ghualann, a gcruaidh ró-ghlan, A sinsear ceart, de chlannaibh Eogain, Bun a ngeinealach uile 's a n-órchloch. A nOscar teann, is ceann a slóighte, A rí-bhiadhtach riamh 's a dtreon-san A gceann díona, is díon a mbhólaigh, A Mars tréan, 's a réiltean eolais. Radharc a súl, a lúth, 's a lóchrann, A mbratach cogaidh dá bhfortacht 'san ló gheal, Leigheas a n-othar a gclogad 's a n-órshleagh, A gcrann cumhra, a rún 's a ró-neart. Dubhairt Clíodhna - fíor na sceolta, Éibhir Fionn ór ghlúinghein Domhnall Céad rí Gaedheal, níor shaobh an t-eolas, Sinsear cloinne mhic Bile mhic Breogain. Do dhearcas, ar sí, 'n-a ríogh-bhrogh ceolmhar, Síodaidhe breaca, is bratacha sróill ghlain, Cuilg dá ngormadh, othair ag ól miodh, Is laochra ag imirt ar fidhchill na fóirne. Cuilte dá ndeargadh ar maidin 's am nóna, Córughadh cleiteach ag bairrfhionnaibh óga, Fíon ar briseadh dá ibhe, agus mórtas, Feoil ar bhearaibh, is beathuisce ar bhórdaibh. Dronga ag taisteal gan mhairg don nósbhrogh, Dronga ag tuitim 's a gcuisleanna breoidhte, Dronga ar meisce gan cheilg don chomhursain, Dronga borba ag lobhairt go glórach. Boltanus cumhra dlúth ag coimhrith, Ó anáil bhaeith na cléire cóirne, Gaotha luatha buana as srónaibh Na saoithe chasnamhadh machaire an chomhraic. Puirt ar chruitibh dá seinm go ceolmhar, Startha dá léigheadh ag lucht léighinn is eoluis, Mar a mbíodh trácht gan cháim ar órdaibh, Is ar gach sloinneadh dar geineadh san Eoruip. Dóirse gan dúnadh ar dhúntaibh ómrach, Céir dá lasadh ar gach balla agus seomra, Caisc dá mbriseadh dhon bhfuirinn gach nóiment, 'S gan trághadh lachta ag teacht san ól soin. Eich dá mbronnadh aca ar ollamhnaibh Fódla; Eachra garbha ar leacain ag coimhrith, Troightheacha i n-iorghuil, iomarca beorach I gcornaibh aithleaghtha d'airgead ró-ghlan. Ba mhinic san chluain seo fuaim na ngleostoc, Tromgháir sealg i sleasaibh na gceochnoc, Sionnaigh dá ndúscadh chúcha is crónphuic Míolta as mongaibh, cearca uisce, agus smólaigh. Luin na seilge ag sceinnim le fórlucht, Is cearca feádha go fánach glórach, Conairt an ríogh 's a shaoithe tóirseach, d'éis a reatha i n-aghaidh sleasaibh na gceochnoc. Treighid gan téarnamh, méala mór liom, An chluain fá gháir na gcág gan teora, Glór na ngall go teann san órbhrogh, Mar a mbíodh imirt is gliogar fear fóirne. Adubhairt Clíodhna ó fhinn-chraig ómraigh Nár chuibhe a ghaoil do mhaoidheamh le mórfhlaith, Le rígh, dá fheabhas, i mBreatain, ná i bhFlondras, I bhfrainc, i Sacsaibh, ná i gcathair na Rómha. Do bhrígh gur $Phoenix é agus mórfhlaith, Cloch den chriostal ba ghluine san Eoruip, Carbuncail gan duibhe ná cróine, Rí-laoch, rí-sheabhac, rí-cheann cóige. Rí-phréamh uasal, ua na ngleo-fhear, Trér scéith cruithneacht na Banba cródha, Fíodh gan chuileann ná drisleach n-a chomhgar, Draighneach dealbh ná casmhaide dóighte. Thug an Lia Fáil gliadh-gháir bhrónach, Ar ndul i gcré dá éadan ró-gheal, Dá bhéal tana, dá theangain, dá ghlórthaibh, Dá ríghe reamhair, dá leacain mar phórphar, Dá chliabh fionna-gheal, fuinneamhuil, fóirnirt, Dá bhriathraibh binne, dá shloinneadh, dá óige, Dá ucht lom, dá chom, dá bheo-chneas, Dá mheoraibh cailce, dá phearsain, dá mhórdhacht. An tan dorugadh an ceann fine seo Domhnall, Do raid Mars don leanbh gleó-gha, Ba shuaimhneach flaithis is talamh is neolta, Aer is réilte, spéir is mór-mhuir. Tug an ghrian dó ciall gan teora, Uaisleacht aigne, scaipeadh agus cnósach, Gaisce gan bhéim don phéarla ró-ghlan, Meabhair is intleacht, cuimhne is beodhacht. Tug Mercurius rún go cóir dó, Seoide flaitheas go fairsing gan cóimhreamh, Neart, is oineach is gluine agus mórdhacht, Gaisce mar chéile is laochus leogain. Dothug Pan mar aisce 'o Dhomhnall, Staf an tréada is céir gan dreoighteacht, Glaine mar dhrúcht is clú gan feochadh, Meabhair ghlan ghrinn, is gaois 'n-a mheoraibh. Tug Nereus do Gholl na slóighte Riar le misneach ar imeall na bóchna, Neptunus tug long fá sheol dó Is Oceanus árthacht fór muir. Baindia an tsaidhbhris roinnt do dheonuigh Ceres rathmhar tug rath ar an domhan dó, Mil is féar is céir gan dreoighteacht, Ar gach talamh n-a sataladh Domhnall. 'San dlighe chirt níor líomhtha Bóltan, 'Ná an rí seo de phríomh-shliocht Scóta, Saor-dhlighe réidh glan séimh le comhursain, Doghníodh taoiseach Inse Móire. Eson sochma gan fochall n-a ghlórthaibh, Saormhac Donnchadh is Donnchadh, Domhnall, Is Cathaoir Modartha posta na gceocach, Rí-bhiadhtach cinn iarthair Eorpa, Mac Ceallacháin fhearamhuil mheanmnaigh bheodha, Mac Conchubhair saoi ba fíochmhar cródha, Mac Donnchadh, mac Taidhg feidhm-nirt eolaigh, Mac Conchubhair Laighnigh tadhm nár fhógair. Mac Donnchadh uasail cuan na ró-bhocht, Mac Cinnéide Fhinn ba thaoiseach cóige, Mac MicCraith fuair meas in' óige, Mac Maoilsheachlainn d'arguin Eoghanacht, Mac Lochluinn riamh nár ghiaill i ngleoidhthibh, Mac MicCraith nár leamh i gcomhrac, Mac Mathghamhna Fhinn, saoi agus leogan, Mac Murchadh mac Aodha na gcaor gcomhraic, Mac Cinnéide Ruaidh do ruagadh fóirne, Mac Ceallacháin Fhinn saoi, mac Domhnaill, Mac Murchadh neartmhair ceap na mórfhlaith, Mac Donnchadh fuair comhthrom tré chródhacht. Nuar mo chroidhe-se, ar Clíodhna chomhachtach, An mhaidhm thailimh atuirseach bhrónach, Tuamhain uile go Boirinn na mórchloch, 'S an Druimnín ag caoi na ndeora. Pailís éadmhar tréith-lag, tóirseach, 'S an Bháin-tír 'n-ar ghnáth síorchóisreach, An Chúil Ruadh fá ghruaim am nóna, 'S i nDruim Fhreastail ní lastar na tóirsidhe. Athchuingeas Iupiter ursach mórdha Ar Chlíodna dhoirbh ba sochma le deoraidh, Fios geinealaigh an ríogh d'innsint dóibh-sin, Ó bhí an leabhar n-a glacaibh is eolus. Athair Cheallacháin, cara dhá chomhgus, Buadhchain binn, ar Clíodna ró-gheal, Mac Lachtna láidir, lán-mhear, beodha, Mac Artghoile, rí cliste cúig cóige, Mac Sneadhghusa, mac Donnghaile ró-nirt, Mac Aonghusa rí saothrach seodach, Mac Colgain chaim thug timcheall Rómha, Mac Fáilbhe Flann ó Theamhair thug mórchreach, Mac Aodha dhuibh Rí Mumhan, cródha, Mac Criomhthain tséimh, mac Féilim cheolmhair, Mac Aonghusa Rí saothrach, seomrach, Mac Nadfraoich nár chlaoidhte i gcomhrac, Mac Cuirc Caisil na n-eachra seolta, Mac Luighdheach, mac Oilill do bhronnadh na seoide, Mac Fiacha Mhaoil nár thim, mac Eogain, Mac Oilill† uasail fhuadraigh †Óluim, Mac Mogha Nuadhat fuair leath Fódla, Mac Mogha Néid nár éimigh gleodh-chur Mac Éanna Dheirg, mac Deirg na seolta, Mac Éanna Munchaoin muirnín ógbhan, Mac Mogha neartmhair do chreachadh cúig cóige, Mac Mogha Féibis saor le deoraibh, Mac Eachaidh áine, áluinn, snóidhgheal, Mac Duach dallta Deaghaidh a chomhfhogus, Mac Cairbre Luisc, an oinigh ró-ghlain, Mac Lughaidh Luaighne b'uallach glórach, Mac Ionnadmhair, mac Niadh fuair fiadh Fódla, Mac Adhamhair fholtchaoin, rosc-ghlinn, ró-ghlain, Mac Mogha Cuirb, mac Fir Cuirb ró-nirt, Mac Cobhthaigh chaoimh, an míleadh módhmhar, Mac Reachta mhuirnigh, mac Lughaidh Lóige, Mac Oilill áird ba sháimhe nósdreach, Mac Lughaidh dheirg nár mheirgeach chlódhruid, Mac Oillill Uairceas ua na mórfhlaith, Mac Luighdheach Iardhonn cliabh-throm cródha, Mac Éanna Chlaoin ba fíochmhar fórsach, Mac Duach Fhinn, nár chlaoidhte i ngleodhthaibh, Mac Séadna Ionnaraidh chuirmigh cheolmhair, Mac Breisrigh na Muimhneach mórdha, Mac Airt Imligh lonnardha lóithnigh, Mac Feidhlim Reachtmhair, mac Roitheachtaigh bheodha, Mac Roáin ríoghluin ruígeadh cóige, Mac Fáilbhe chruthaigh ba furtacht dá chomhursain, Mac Cais fhialmhair shriantaigh chóisrigh, Mac Aildeascaid dil fuair fios is eolus, Mac Muineamhuin, mac Cais, neart gach deoraidh, Mac Irirea, mac Finn, saoi ba threorach, Mac Roitheachtaigh, mac Rois do chuir gleoidhthe, Mac Glais, mac Nuaidh, na ruag ró-fhada, Goirthear don té sin Rex Scotorum Mac Eochaidh fhaobhraigh, géar i ngleoidhthibh, Mac Conmhaoil ba dhíreach beodhchuirp, Mac Éibhir Finn, mac Míleadh chomhachtaigh, Árd-rí sámh na Spáinne an leogan, Mac Bile chumhra úir, mac Breogain, Mac Bratha thionnscain túr nár tóirneadh, Mac Deaghdhatha nár mheathta sa choimhgleic, Mac Aireada chaoin do thimchill Eoruip, Mac Allóid uaibhrigh uasail ró-nirt, Mac Nuadhat, mac Nenuaill ba ró-mhear, Mac Éibhir ghluin-bhinn lucht grinn ró-nirt, Mac Adhnamhain ádhbharaigh áigh-ghlic eoluigh, Mac Éibhir ghlúinfhinn chúlbhuidhe ómraigh, mac Láimhfhinn ba chroidhe-gheal córach, Mac Adamhuin, mac Tait do chleacht comhlann Mac Beogainn nimhnigh, rí agus ró-fhlaith Mac Éibhir Scuit tar muir thug mór-chreach, 'S ba rí san Scithia an bith-fhial beodha, Mac Srú, mac Easrú na slóighte, Mac Gaoidhil Ghlais ba churadh comhraic, Mac Niuil mic Fhéineasa fórsaigh, Mac Beath ná cleachtadh móide, Mac Magog chaoin mac Iapet bheodha Mac Naoi 'san airc dín fuair comhdach Mac Laimeic do mhair seal san dómhan Mac Metusalem dob'fhada bhí i mbeochruith, Mac Eonach chaoin nár thuill guith chomhursan, Mac Iaphet, mac Malalel bheodha, Mac Enois, mac Set nár bheag cóta, Mac Ádhaimh chríonna smaoin ar mhórolc. Ní'l glún le rádh ó Ádhamh go Domhnall, Acht árd-ríghthe bhí ar an dómhan, Ríghthe críche is ríghthe cóigeach Fialtaoisigh tighearnaidhe agus leogain. An Feartlaoidh. Féile, is misneach, is soineann, is clú gan cheas, Tréithe sioscaithe, guirm-ghlana, úra, is meas, $Phoenix uile na Mumhan a dtúr 's a neart Go tréith-lag agat fát chiumhsaibh, is dubhach, a leac! AR BHÁS AN FHIR CHÉADNA. Scéal guirt do ghéarghoin mo chroidhe-se, 'S do léirchuir na mílte chum fáin, Céir bheach is péarla na Muimhneach Gur saegheadadh le hintleacht an bháis, A cédar, a Céasar, a sinsear, A n-aontslacht, 's a n-aoinchuilg ghnáith, A méin uile d'aontoil, 's a rí chirt 'S a gcaomhchoinneal oidhche agus lá. Saobhdheamhuin aeir agus draoithe, Ní féidir a mínchosc dá ráig, Tá Thetis fá chaorthonnaibh sínte, 'S a céile, dá coimhdeacht ní nár; Phlegon gan éisteacht, is Triton, Tréan-Mhars is craoiseach n-a láimh, Phaeton ag léimridh thar líne Agus craobh dhealg-dhraighnigh n-a sháil. Mo dhéara mar shéala ar an rígh-lic, Is éadtrom mar mhaoidheamh dham go bráth, Muna dtréigfinn-se saorfhuil mo chlítigh Ar chréchuilt an taoisigh thar bárr; Caor chumais Éireann an tsaoi sin, A préimh-dhair do b'aoirde fé bhláth, A éagdhul thug mé-si go claoidhte, 'S na céadta mar sinn uile ar lár. Do réabadar spéartha agus tíortha, Do thréantsloig an t-íseal an t-árd, 'N-a chaomhchodladh séimh dobhí Typhon Gur léim d'easbhaidh taoide ar an dtráigh; Péiste na mbéal ngorm gcíordhubh Gur léigeadar díobh uile snámh, Go n-éisteadh na déithe cé an rí-fhlaith De shaorchlannaibh Míleadh fuair bás. Do-bheart Clíodna ón gcarraig mbáin ngruaidhghil Gur bh'é seabhac sámh Chluana ghil Mhín, Ceap ríoghdha Chaisil, árdchuaille, Ua Ceallacháin uasal 'sa shíol, Brat díona ar Eallaibh lá an chruadhtain Dá gcasnamh le cruas nirt is claidhimh, Cois Laoi theas marbh tá ar fuaradh, Mo chealg bháis chruaidh ghuirt, ar sí. Do scread Aoibhill chailce fá Dhomhnall Do threascair a deora ar an dtuinn; Do ghlac bíodhgadh is fearg bháis Ióbha Agus aingil go deorach ag caoi; An Ghealinse i gcathair bhreágh ghlórmhair Tug fearann stáit mór dó agus cíos I measc naomh atá a anam fá mhórchion 'S is fearra mar lón dó 'ná an saoigheal. An Feartlaoi. A mharmair-leac ghlas, fár leagadh cara Chláir Gaedheal, Dá bhfeasradh neach cé'n flaith so taisceadh fát thaobh, Abair go fras ná fan ag agailt fán scéal; Ua Ceallacháin ceart is mac Uí Cheallacháin é. AR BHÁS MHUIRCHEARTAIGH UÍ GHRÍOBHTHA. A bháis, dorugais Muircheartach uainn; Ró-dhéidheanach an uain do chách; Fuaduigh go fras Tadhg don chill, A dheighilt leis ní cuibhe go bráth. Go bráth, a gharbhleac, ceangail le dúthracht síos An fánach fleascaigh ler creachadh go dubhach an tír; I gcás go bpreabfadh ó Acheron chughainn aníos Fáisc go daingion an raille, agus brúigh a chroidhe. Croidhe gan ath-thruagh, gan taise, Eiriceach fuair bás bíodhgtha, Ní leor ifreann dá phianadh, Muircheartach† iall-mhear †Ua Gríobhtha. Ua Gríobhtha ar sruth sin Styx go faon lag fann, Is na mílte bruinneal ar cuisle ar thaobh den abhainn, A ghroidhe-chorp sin fá lic is daoil dá scrabhadh Príomh-choin uilc le nimh dá dhaoradh is deamhain. Deamhain ifrinn uile de ruaig Tug dath an ghuail ar a ghné; d'iaidh Peadair an dorus roimhe, 'S dochuaidh síos go tigh na ndaor. Ó dhaorais Sliocht Éibhir ba foirbhthe clú, Is le caomhchumann cléire go dtugais do chúl; Ó shéanais mac Shéamuis le fuirm na mionn, A phéist uilc, ní leán liom i n-ifreann tú. An Ceangal. Fét ghoile tá, a reamhairleac, amhus tar Sionainn táinig Péist chruinnighthe geall gach fannbhocht briste cráidhte; Péac chuiripe mheall gach seangbhean chuige thárlaidh; Is béal cliste chum meann do thabhairt i gcoinne an Phápa. Maor cuiripe ceanntair d'fheallscrios cineadh Chárrthach, Is caomhionad an tseabhaic ón Leamhain dá ngoirthear Párthus, Daorifreann thall n-a gheall is chuige thárlaidh, Is sé troighthe go gann de theampull Chille hÁirne. AR BHRÓGAIBH DO BRONNADH AIR. Dofuaras seoide is leor a mbreághthacht, Dá bhróig chaoine mhíne bhlátha, Den leathar dobhí san Bhairbre bháin teas, Is tugadar luingeas Rí Philib thar sáile. Dá bhróig shioscaithe ribeanta bhearrtha; Dá bhróig bhuana i dtuargaint lánchnoc; Dá bhróig leasuighthe bearradh go bláthmhar; Dá bhróig dhíona ar fhíoch na mbánta; Dá bhróig shaora is éadtrom fáscadh; Dá bhróig shocara i ngorthaibh le námhaid; Dá bhróig thana, gan chascar gan fáirbre; Dá bhróig chliste, gan bhriseadh gan bheárnadh; Dá bhróig chródha órdha ar árdaibh, Dorinneadh den chroiceann do scothadh den bháin ghil, An bhó dobhí dá díon ar fhásach, 'S dobhí dá faireadh ag an bhfathach go láinghlic. Dobhí Phoebus tréimhse i ngrádh léi Gur chuir Ceadmús i lionn dubh n-a deaidh-sin, Gur ghoid í 'san oidhche báille, Ó cheann céad súl an trú bhocht ghránna. Bróga dhen chroiceann ní bhogaid le báistigh, Is ní chruadhann teasbhach a mbarra ná a mbálta, Ní longann gaoth a scéimh ná a ndeallramh Ní thig asta is ní chrapaidh le láinteas. An guaire shnadhmuigh a lasca 's a sála, Guaire clúimh an Túis do b'áille, Tug clann Tuireann tar uisce n-a n-árthach Chum Lughaidh dobhí lúthmhar láidir. Bróga b'fhearra níor cheapadar dáimhe, Is ní bhfuair Aicil a samhail le sástacht, In' oidhreacht thug treighead ar Aiax; Ní bhfuair iad, cé dian a ráidhte. An meanaith ler polladh an croiceann so ráidhim libh, Dorinneadh den chruaidh ba chruaidhe dá dtáinig; Seacht gcéad bliadhain na diabhail dobhádar Ag déanamh deilg le ceilg Bholcánus. Ar bhruachaibh Acheron d'eascair an chnáib dhubh, 'S a sníomh le cailleachaibh cuideachta Atrops Lér fuaghadh feoir na mbróga ndearscnach Le comhachta draoidheachta an trír ba láidir. Dobhíodar sealad dá gceapadh do Dhárius, Nó go rug Alastrum barra na gceárd air, Dobhíodar tréimhse ag Caesar láidir, Gur goideadh bréaga an tsaoghail dá lántroigh. Dobhíodar tréimhse ag déithibh Fáilbhe, Ag Lir clúmhail 's ag Lughaidh na láinchreach, Ag Bodhbh Dearg, ba thaca le námhaid, Is ag Balar béimionn éachtach ádhbhrach. I mbruighin Mhaighe Seanaibh is fada dobhádar, Ag Aoibhill 's ag draoithibh ársa; A n-uachtar ní chaithid, ní chaillid a ndeallramh; Dofuaras iad ón bhfialfhear fáilteach. Domhnall† cneasda †mac Chathail do ráidhim libh, Turcallach fíor, is taoiseach ádhbhrach, De phór an Ghleanna ná feacadh do námhaid, Do bhronn domh-sa na bróga breághtha. Ní'l galar ná leighisid, treighid ná láincheist, Ciach ná fearg ná fala le fánaidh, Tart ná gorta, ná ocras cráidhte, Peannaid ná pian ná diachair bháisbhruid. Ionnta do ritheadh Oscar gach bearna, I ngleoidhthibh 's i gcomhrac námhad; Goll mac Mórna, cér mhór a cháil sin, A n-iasacht ba mhian mar chách leis. Ag Cúrí dobhíodar ráithe, Is ag Cúchulainn Muirtheimhne ba thábhachtach, Ag Meidhbh Chruachna do bhuadhadh báire, Is ag Niall Glúndubh, is ag Conall Ceárnach. I gCluain Tairbh is dearbh gur bhádar, Ag Dunlaing dobhí súgach sásta; 'S dá n-iadhadh a n-ialla 's a bhfáscadh air, Dobhéarfadh sé Murchadh ón iomaidh sin slán leis. An tí do raid is feas a cháile, Bile de ghriantsliocht Fianna Fáilbhe De shaoithibh Chaisil, ba feardha, fáilteach, Tug domh-sa na bróga breághtha. Cé tá le sealad faoi Ghallaibh ag áitreabh, Níor fhoghluim uatha cruas ná cráidhteacht, Ní'l cinnteacht n-a chroidhe ná cáim air, Acht dúthchas maith a shean ag fás leis. Fear fialmhar is fial le dáimhe, Fear tréitheach nár thréig a cháirde, Fear bronntach, tabharthach, tábhachtach, Fear socair suilt nach goirgeach gáibhtheach. Ní seanchas bréige a scéidhe go hárd air Ocht rí déag den phréimh ó dtáinig Dobhí ag riaradh i n-iathaibh Fáilbhe Ó Chas tsoluis go Donnchadh deághthach. An Ceangal. Is togha seoide mo bhróga is ní cosmhail riú puinn Is cóir iad ar ródaibh na ngorm-úr-líog; Fóirfidh mo bhrón-sa cé doilbh dubhach sinn Gur toghadh damh-sa le Domhnall Ó Donnchadha buinn. FAOI LÁR NA LICE SEO. Faoi lár na lice seo curtha tá an ollaphiast reamhar, Do chráidh le dlighthibh an fhuirionn ba mhinic riamh teann; Do b'fheárrde mise, is gach nduine atá ag fulang pian Gall, An bás dá sciobadh tá tuilleadh agus fiche bliadhain ann. Coinghibh go lom fáth bhonn, a ghairbhleac mhór, An mursaire fallsa, do mheabhruigh gangaid is gó, Le dlighthibh na nGall tug scannradh ar Bhanba is tóir, 'S go bhfeiceam an t-am bheidh fá'n samhail seo a maireann dá phór. An marbh so féach, mo léan, nár smachtuigh a thoil; Is mairg do thréig Mac Dé is mar Pheadair nár ghoil; A mharbh ní héacht, 's an méid nár mhairbh ní bocht; Acht gur marbh é féin mar aon idir anam is corp. Is iomdha marbh do mhairbh an marbh so fút-sa, a líog! Is mairg don mharbh so mhairfeadh le rún a chroidhe; Marbh do mhairbh na mairbh 's nár ionntuigh slighe 'S is marbh é an marbh so i nAcheron súighthe síos. TIONÓL NA BHFEAR MUIMHNEACH. Ag siubhal dam ar bhruigheanta na Mumhan mórdtimcheall Dochuadhmar 'san ngeimhreadh chuaidh thorainn, Dobhí Tuathal Ó Rinn ann, is Guardall Ó Cuinn ann, Is sluaighte fear Muimhneach n-a bhfochair; Dobhí druadha agus draoithe ann, uaisle agus ísle I n-a n-uaine, a mbuidhe agus a ngorm; Is gan ruainne ar an mbuidhin úd anuas acht bruit síoda, Ó chluasaibh a maoile go cosaibh. Dobhí Ó Néill ann, Ó Domhnaill, Ó Conchubhair 's a shlóighte Mac Cárrthaigh, Ó Mórdha is Mac Criomhthain; Dobhí tighearna Tíre Eoghain ann, Ó Briain ceart na Bóirmhe; Mac Catháin, Mac Códa, agus tuilleadh; Trí fichid cóisir, naoi bhfichid seomra, Tríochad rí coróineach tar tonna, Acht ní raibh rí Seoirse ann, ná éinne dhá phór-san, 'N-ar gcuibhreann, 'n-ar gcomhair, nó 'n-ar gcumann. Dobhí Brúnach Loch Léin ann, is Brúnach na hEile; An Diúic is a ghaolta-san uile; Bhí an Búrcach, 's an Léiseach, Ó Dubhda is an Céiteach, 'S an Cúrsach fuair géilleadh i gCúige Uladh. Ó Londain tig sméirle caschrúbach an bhéil duibh, Is sugh an tobac bhréin ar a phlucaibh, Chuir spiúnadh ar ar laochraidh le púdar is le pléaraibh Is cúigear níor théarnaimh dár bhfuirinn. Ó Bhriostó tig ceann cait ag leigheas ar an gcampa Trí hadharca agus feam air mar chluinim; Ní raibh leigheas air gan amhras, gur scinn ortha clamhaire Nó claidhre gan ceann le rígh Philib. Leadhbann sé ceann cait le traidhe agus trí beann air, Leigheas air ó Fhrangcaigh ní rug soin; gonuig síodhbhraidhe Chnuic Samhna níor dhíomhaoin dom amhail dul Bíonn fíonta agus branda aca an iomad. Tig an pápa is an chléir chirt i láthair an éirligh, I n-a láimh dheis bíonn céir agus coinneal; Tig bláth ar na géagaibh is d'fháiltigh an spéir ghlan Roimh ghrása Mhic Dé do theacht chugainn; Tig an fánuidhe gan aon locht, cé ráidhtear leis bréaga, 'N-a lánchumas caomhghlan dá ionad; Báithfidh sé an tréada thug táir agus béim dó, Is ní ráidhim-se annsúd aon rud n-a choinnibh. Cabhair ní ghoirfead go gcuirtear me i gcruinn-chomhrainn, Dar an leabhar dá ngoirinn níor ghoiride an nídh dhamh-sa, Ar gcodhnach uile, glacchumasach shíl Eogain, Is tollta a chuisle agus d'imthigh a bhrígh ar feochadh. Do thonnchrith m'inchinn, d'imthigh mo phríomhdhóthchas, Poll im ionathar, biorrannaibh trím dhrólainn, Ar bhfonn, ar bhfoithin, ar monga 's ar míonchomhgair, I ngeall le pinginn ag fuirinn ó chrích Dhóbher. Do bhodhar an tSionainn, an Life, is an Laoi cheolmhar, Abhainn an bhiorra dhuibh, Brice agus Brighid, Bóinne, Com Loch Dirg 'n-a ruide, agus Tuinn Tóime, Ó lom an cuireata cluiche ar an rígh coróineach. Mo ghlam is minic is silim-se sírdheora; Is trom mo thubaist, 's is duine me ar míochomhthrom; Fonn ní thigeann im ghoire is me ag caoi ar bhóithribh, Acht foghar na muice nach gointear le saigheadóireacht. Goll na Rinne, na Cille, agus críche Eoghanacht, Do lom a ghoile le huireasbhaidh ar díth córa, An seabhac 'g a bhfuilid sin uile is a gcíosóireacht, Fabhar ní thugann don duine, cé gaol dó-san. Fa'n dtromlot d'imthigh ar chineadh na ríogh mórdha, Treabhann óm uiseannaibh uisce go scímghlórach, Is lonnmhar chuirid mo shruithibh-se foinseoga, 'S an abhainn do shileas ó Thruipill go caoin-Eochaill. Stadfad-sa feasta, is gar dam éag gan maill, Ó treascradh dreagain Leamhan, Léin, is Laoi; Rachad-sa a haithle searc na laoch don chill, Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost. MARBHNA DHIARMADA UÍ LAOGHAIRE NA CILLINEACH. Créad an síobhra nimhe seo ar Fódla, Dobheir an t-iarthar diachrach deorach? Éag tré rithid na tonna go glórach, Is tug an Mhumhain i gcumhaidh go brónach? Tá scéimh na bhflaitheas ar lasadh mar lóchrann; Fraoch na fairrge ag caismirt le feorainn; Éin i gcreathaibh le hanfhaithe an chomhraic; Créachta an tailimh ag freagairt 's ag fógairt. Réabaid scamaill, is scaipid le fórlacht Caora frasa dá gcaitheamh ar bóithribh; Géim na Scealg go Ceallaibh ar comhchlos, I ndéidh an mhairbh mar mheasaid lucht eoluis. Gliadh na ndúile, is cúis a gcomhraic, Diarmaid† fionn san úir, †mac Domhnaill: Carbúncail, crú na mórfhlaith, Feara-chú nár smúin bheith fóltha. Lí 'n-a leacain, tré samhaltar rósluibh I gcoimheascar catha le sneachta n-a lódaibh; Intleacht tseabhaic i n-aigne an leogain Ó thuinn a bhathais go satailt a bhróige. Gríobh i dtreasaibh, saoi chalma chródha; Fíochmhar neartmhar i gcathaibh 's i gcomhlainn; Ríoghdha feardha i gcaismirt 's i ngleoidhthibh; Naimhdeach freagarthach seasamhach fórsach. Rí-laoch cogaidh mar Ghobhall mac Mórna; Prímh-ghéag soluis ba phosta dhá chomhfhogus; Gaiscidheach na bhfadscríob i gcoimhghleic; Gleacuidhe agus caithmhíleadh fóirnirt. Och mo chiach, mo phian, mo dheora! Och diachrach thu, a Dhiarmaid mhic Dhomhnaill! Mo sciathchuradh i ndiachair, mo leogan, Mo chrann bagair, mo thaca 's mo lóchrann! Bráthair saor Uí Néill na gcóigeadh, Uí Bhriain Aradh, Uí Cheallaigh is Uí Dhomhnaill, Mac Con Mara do radadh na seóide, Is chéile chneasta na Cairrge seoltha. Bráthair grádhach Mhic Cárrthaigh Mhóir thu, Is Chárrthaigh na Blárnann nár bh'fhóltha, Chárrthaigh Mainge mhín mheacanta mhórdha, Is Chárrthaigh Ealla Chinn Bainbh na gcóisreach. Bráthair gairid Ríogh gCairbreach gcóstach, Uí Raoghallaigh ó Bhréifne nár leonadh, Mhic Aillín na bhfadscríob, Mhic Domhnaill, Mhic Néill, mhic Léin, is mhic Leomhain. Uí Cheallacháin na n-each mbán ba threorach, Uí Ruairc do b'uasal le deóruidhibh, Uí Chaoimh Ealla Dhruim Tairbh an tórraimh, Uí Sheachnusaigh 's Uí Chearrbhaill chródha. Bráthair foirtill Shliocht Eochaidh na mórchath, Is tSleachta Chais na gcreach tar bóchna, Sleachta Philib do b'ursa chun gleo chur, Is Chlanna Rúidhrí chlúmhail bhinn cheolmhair. Iarla Seanaide, an Daingin, 's an Tóchair, Dobhí i gcaradas ceangailte dhot fheolfhuil; Iarla críoch Dhún Buidhe 's a phóirshliocht, 'S an tIarla fionn glic Cúrsach cródha. Mac Finghin Mara an Ein Cheanainn an leogan; Ó Donnchadha Tuirc is Ruis na mórfhlaith; O Donnchadha an Ghleanna ba mheacanta i gcomhlainn; Is sliocht Chéin do chaitheadh a mhaitheas le slóightibh. Bráthair Chúrí an chú ghroidhe leogain; Bráthair Oscair, is Chuirill na mórchath; Bráthair Chonaill ó fhionna-bhrogh Bóinne; Bráthair cumainn Chúchulainn is Eogain. Bráthair Airt na gcreach do chomhchur, Is Chuinn do b'athair d'Art na coróinneach, Chormaic mac mhic Airt, an leogan, Is Chairbre scaip san treas na treointe. Bráthair Fhearghuis chalma chródha, Do chuir Alba i gceangal le Fódla; Bráthair Néill nár ghéill d'ar n-órdaibh, Ná a mhac Laoghaire, cé gur chóir dó. Do ríomhfainn im laoithibh go leor dhuit, Acht a shíorfhios ag saoithibh an eoluis Gur tríot-sa do shíolruigh gach mórfhuil San ríoghacht so de phrímhshleachtaibh Scóta. An líne righthibh, trer gheinis gan dreoidhteacht, Ó Íth mac Bhile go rugadh thu a Dhomhnaill, Le gaois dorugadar urraim na coróinneach Ó phrímhshliocht Oilill, Chuinn, Chonaire, is Eogain. Le gníomhartha luchtmhara a chinidh 's a chomhfhoguis Tríochad righthe do thuiteadar comhlag, Mar scríobhas an file is lucht tuigsionta an eoluis, San gcrích dá ngoirthear Magh Muchruimhe fós di. Laochra Chonnacht, is Uladh ba chródha, Is ríoghra Mumhan ba churata i gcomhlainn, Is tríot-sa snuidhmeadh a gcuisle 's a mórdhacht, Is mír dorugais tar iomad dá n-ógaibh. I lámhach líog, i rinnce, i gcoimhrith, I marcaigheacht na n-each ngroidhe nár bh'fhóltha; Ag tógbháil fáinne an ráis ar bóithribh, 'S ag caitheamh ga sa treas le fóirneart; I n-uaisle, i mbuadhacht, 's i mbeodhacht; I gclú 's i gcéill, 's i n-éifeacht thórsa; I n-eagnamh i scaipeadh 's i n-eolus; I dteangthaibh i labharthaibh 's i nósaibh. Baile Uí Scuraigh ní scuireann dá dheoraibh; An Chillín 'n-a mbíodh coinmhidhe ag slóightibh; Tá an Dianach ag dianghol gan ró-shos; 'S an Scairtín ní faillightheach fhógras. Tá Drom Duthaigh gan ursa na ró-fhlaith, Is Achadh Laoi go scíosmhar brónach; Cnoc na Cairrge i gcreathaibh le breoidhteacht, Is Ráth Gaiscidhigh go lagbhríoghach tóirseach. Gol na mbarrfhionn ó Sheanaid go bóchna, A gclos níor dheacair ar shleasaibh na gcorrchnoc; Aoife 'n-a sídhbhrogh go deorach, Is Aoibheal go scíosmhar 'n-a comhdaibh. Do ghoil ainnir ar chaladh na Bóinne; I mBun Raite do screadadar ceolta; Bruighean Magh Seanaibh i gcreathaibh go deorach; Brughríogh go dubhach thríot, 's an Fheoir thoir. I gcríochaibh Connacht níor scuireadh dhen mhórghol; I gcríochaibh Laighean ba thinn mar sceol tu; I gcríochaibh Mumhan níorbh'iomarca t'fhógairt; I Maigh Rathain, cois Glaisleann, 's i nEochaill. I nUíbh Laoghaire scéidh an mórghol, Is Uí Floinn Luadh go buartha brónach; I gCarraig na Corradh do ghoileadar slóighte, Is braonacha fola as a roscaibh 'n-a gcomhrith. d'admhuigh draoithe críche Fódla; Cathbhadh Draoi agus Líog na mórfhlaith, Gur dhíleas dá phríomhshliocht go ró-cheart Cíos ar shliocht Chuinn agus Eogain. Do ghoil an Laoi trí mhí go ceolmhar; Do ghoil an tSionainn an Life 's an Chróinseach; An Mang, 's an Fhleasc, Ceann Mara is Tóime; An Fhéil, 's an Ghnaoi, 's an Bhrighdeach mhór thoir. An Ruachtach ag fuarghol go brónach; Is Claedeach ag géimrigh go Comhrag; An Coireán is diombádhach go mórmhuir; An Chárrthach eitealach, Beithe, agus Sróntsruith. Abha Dalua 's an Chuanach chródha; An tSiúir dá cúrsa do chomhscuir; An Ghleannamhrach lag dubhach deorach; Ag búithrigh 's ag liuireacht 'n-a dheoidh-sin. Dhá Chích Dhanann 's an Carn ag comhghol, 'S an Sliabh Riabhach i bpiantaibh móra; Fíonscoth go nimhneach dá fhógairt Do shíodhbhroghaibh Bruighne na nEoghanacht. An tan do baisteadh n-a leanbh an leogan, Do raid Mars dó ga chum comhraic; Tug dó claidheamh is píce is sróllscairf; Is do bhronn Diána fáinne 'en ór air. Tug Iupiter culaidh dhen tsróll dó. Buadh agus calmacht, gaisce agus cródhacht; Tug Venus dó gréithre móra: Breághthacht is áilneacht is óige. Tug Pan dó a staf 's a chórda; Dothug Bacchus ceart ar ól dó; Tug Vulcanus ceard dó is comhachta Ceardcha gaisce na n-arm chun comhraic. Dothug Sybil cíos 'n-a dhóid dó; Dothug Iúno clú na gcóig dó; Tug Neptunus long fá sheól dó, Le n-ar shiubhail tar srúill gach mórscoil. San bhfeallsamh bhí teann mar Scótus; 'N-a Fhranncach gan cham 'n-a chomhdaibh; I labharthaibh 's i dteangthaibh eoluis, 'S i mbeartaibh rann do mheabhruigh Hómer. I bhforustacht do b'é Solomon sólus; 'S i bhfilidheacht do chuir cuistí ar Ovid; San neart tug Samson scóp dó, Le n-ar leag na fathaigh mhóra. Monuar, a thighthe go sinnil san bhfóghmhar, Gan ceol cláirseach, fáidh ná eolach, Gan fleadh gan fíon, gan bhuidhean gan chóisir, Gan scoil éigse, cléir ná óird bhinn! Mar a mbíodh gasra chearrbhach chomhfhoclach, Fíonta fairsinge i n-eascraibh órdha, Laochra gaisce, is buidhean mheanmnach mhodhmhar Ag rinnce ar halla tighe th'athar le ceoltaibh. Mar a mbíodh éigse, cléir, is geocaigh; Mar a mbíodh dáimh, is báird na gcóige; I ríoghbhrogh th'athar cois Gleannamhair Eoghanacht. Mo scíos 'n fhaid mhairfead, fé leacaibh mo leoghan. Buidhne dhíobh nár chlaoidhte ón gcóisir Ag aithris grinn gach líne romhainne, I starthaibh Gaoidhilge ar ghaois na leoghan, Clanna Baoiscne is Ghuill mhic Mhórna. Luainchreach leanbh ná castar le fórsa, Go luath ag imtheacht fá leacaibh ar feochadh; Guais tré screadaid gach ealta go deorach, Ó bhruachaibh Mainge go sleasaibh Abhann Móire. Monuar a chomplacht brúidhte brónach, Is éagcóir Ghall go teann dá ró-scrios; Gan sciath chosnaimh, gan posta, gan comhla, Acht Art, is é abhfad ó chomhgar! Ba thu a dtighearna, a dtriath 's a gcomhdhalta; Ba thu a mbeatha, a dtaisce 's a lóchrann; Ba thu a meidhir, a ngreidhean 's a n-eolus, A gcú luirg, a n-ursa 's a mórlucht. Is tu créacht is péin do nóchair; Ba thu a scáth, a bláth 's a hóige; Móirchreach Shíle sínte i gcomhrainn, Aodha agus Airt 's a maireann beo aca. Caoifid Muimhnigh a ndíol bróin tu, Ó Inis Finn go Rí-theach Móire; Ó bhruach uisce na Sionainne seolta Go Léim Con Duibhe, 's go Baoi na mórbharc. Caoifid mná do bhás go deorach; Caoifid leinbh ná rugadh go mór thu; Caoifid éigse cléir is óird thu; Is caoifead féin go n-éagar leo thu. Och! a mharcaigh mhir chalma threoraigh; An t-och tré radaid mo dhearca-sa deora; Och! a mhairbh gan aiseag go deo anois; Soradh feasta len anam don ghlóire. An Feartlaoi. Tá an tIarthar go diachrach ag déanamh cumhadh, 'S an ghrian tá ag dianghol, 's an rae fá smúit, I ndiaidh an churaidh chiallmhair do b'éachtach gnúis; Diarmaid an triathursa, is léan, san úir. Tá ciach ar na riascaibh 's ar shléibhtibh dubha; Tá dian-fhearg riamh ar na spéiribh chughainn; Tá gliadar is siansa na n-éan go ciúin Ó thriallais a Dhiarmaid Uí Laoghaire i n-úir. A leac sin saoi 'phrímhshliocht na féinne fút; Taisc let choim, cuimhnigh gur $Phoenix clúmhail De shleachtaibh Íth Bhíle agus Mhéic Con bhúidh; 'S gur nascadh trí ríoghachta fé ghéille an triuir. An treas do mhaoidhim díobh-sin, do b'éachtach fonn; I gcath na Muighe, i ndíoghailt ar laochraidh Mumhan, Art mac Chuinn claoidhte chuir traochta i n-úir; I bhflaitheas ríogh tríochad 'n-a dhéidh, Mac Cún. Flaith is príomh dhíreach dá ngéagaibh súd, Dá gclannaibh fírdhílse, is dá gcaolach úr; Ceap de shíol ríghthe fuair réim is clú Taisc, a líog, fít chlab 's is méala dhúinn. AR BHÁS UILLIAM GÚL. Créad an ciach so i n-iathaibh Éireann? Créad an smúit seo ar dhúthchas Éibhir? Créad an brón so ar ghlórthaibh éanluith? Créad an fhearg so chorruigh na spéartha? Créad an tocht so ar scoltaibh éigse? Créad tré gcritheann an tSionainn 's an Fhéile? Créad tré screadann an fhairrge thréanmhar? Créad an nochtadh so ar imeallaibh Sléibhe Mis. Créad thug cliar gan rian i ngéibhinn, Is uaisle i nglasaibh le sealad gan saoradh; Bráithre i gcumhangrach, úird is cléirigh, Curaidhe, fáidhe, is báird gan béile? Cúis a ndeora, sceol is céasta, Uilliam† geal †Gúl de chrú na saorfhlaith, Coinnleoir óir is lóchrann laochraidh, D'éag i Nants, is creach do Ghaedhealaibh. Bronntóir each is brat is éadaigh; Bronntóir óir go leor gan aon doic; Bronntóir síoda is fíonta is gréithre; Bronntóir airgid is airm ar laochaibh. DO DHONNCHADH UA hÍCIDHE. Séimhfhear socair glic, forusta, fíorchaoin, saor, Den treibh d'fhóireas gach othar ó dholaimh na bpianta ngéar; Aon is cosmhail le Solamh i ndlighe ríoghacht Dé, Glémhear borbnirt, Donnchadh Ua hÍcidhe an té. Túis don bhfear de shleachtaibh Bhriain gan cháim; Ughdar greanta gasta ciallmhar cáidh; An túr ó Chas nár chas go liath ar lár; Crú na bhflaith nár thearc do riaradh dáimh. Ar lár ó's fíor go sínfeam uile chum báis, A ghrádh mo chroidhe dhuit scríobhaim go hoilte mo rádh: Ná sáruigh naoidhe le dlighe de fhriotal gan áird; Dar láimh mo choim tá nídh nár thuigis le fagháil. 'Fhagháil sin agat, mar thuigim, ó Rígh na ngrás, I n-áit nár thugais na mionna le dísle d'árd, Beidh táinte thiocfas ó shliochtaibh dá mhaoidheamh do ghnáth, Gur chráibhtheach churata thusa do shíor i ngábhadh. 'Sé Donnchadh séimh thar céad is mín áluinn, Posta don chléir is d'éigse chaoin chláir Chuirc, Ollamh na réx i gcéill 's i gcaoincháirdibh Clú fhoirtil na bhfaon is aon den fhíorárdfhuil. CHUM DONNCHADH UÍ ÍCIDE. A chumainn ghlain den fhuirinn mhir lé gclaoidhtí táin, Nár bh'urramach do dhuine ar bith i bhfíorghníomh lámh, Do b'urus dam i bhfuirm chirt is dírighe dáil, Geinealach do chinidh-se do scríobhadh síos dáibh. AR DHONNCHADH UA HÍCIDHE. Ag fágáil Luimnigh i mí October, 1709, ag dul go Sasana, ag teicheadh roimh mhóidibh "Abpribasion." Tréig do thalamh duthchais, Déin ar choiste Lundain, Ag seachaint móide an amhgair Do chuir do thír fá bhrón. Cuir do dhóthchas coimseach I gCríost, do Thighearna dílis, Ná tabhair ar bheatha an tsaoighil seo An tsíoraidheacht tá it chomhair. Fillfidh Dia do dhíbirt Tar éis gach iompódh tíre, Is leagfaidh se do naimhde Do chuir tu as do chóir. Tairngreacht. Tiocfa dhon Daingean cobhlach mór, d'éis géilleadh na Hollónd; An tan is lag an tImpire ar fód, Ba neartmhar don Spáinneach 'n-a thionól. Tiocfaid Spáinnigh de dhruim muire, Is Franncaigh dream ba líonmhuire; Beidh Albannaigh ag cóimhlíonadh a gcart Le cois a bprionnsa go neartmhar. Tiocfaid go Cionn tSáile go grod Dá loscadh is d'argain na thíre; An tan bhias Corcaigh fá smacht Gaoidheal, Beidh Luimneach n-a théid ar linn. Bhéarfar cath i bhfearann Saingil; Beidh Gaoidhil ann, Franncaigh is Albannaigh, Spáinnigh fá sciathaibh dín óir, Go mbrisid ar Ghallaibh i n-aon-ló. Míle, agus seacht gcéad, go beacht, Is aon bhliadhain déag gan amhras, Ó d'fhuiling Críost páis i gcrann, Go díbirt Gall a hÉirinn. An tríomhadh lá d'October don aois, Do-bhéarfar cath gan ró-mhoill; As soin suas go deireadh an domhain Ní bheidh Gaill i gceannus i nÉirinn. Beidh Gaoidhil i n-a ndúntaibh gan gó, 'S an buaidhirt go lá an tionóil. AR BHÁS GHEARAILT, MAC RIDIRE AN GHLEANNA. Créad é an tlacht so ar cheannaibh Éireann? Créad do bheoghnuigh snódh na gréine? Acht Rífhlaith de phríomh na nGréagach, I gclúid san bhfeart gan phreab ná éifeacht. Seabhac Mumhan, curadh laochais, Seabhac Gleanna, mac na féile, Seabhac Sionann, Oscar éachtach, Seabhac Muimhneach Inse Féidhlim. $Phoenix croidhegheal, mín a ghéaga; $Phoenix míre, gaois ba thréitheach; $Phoenix Lithe agus Life, mo mhéala! $Phoenix beodha, cródha, caomhnirt. Péarla Bhaile na Martra méithe; Péarla Chluana, suaindreach gnégheal; Péarla Shiuire, is clú bhfear nÉireann; Péarla Luimnigh, is fuinnebhreac Féile. Ruire diadha ciallmhar tréitheach; Ruire reachtmhar, feasach, féata; Ruire ar cholgaibh gorma caola; Ruire gaisce na Banba tréine. Dias den chruithneacht gan chogal gan chlaonadh; Croidhe lúirigh chinn úird a ghaolta; Éide pláta ar chách gan réabadh, Dá ndíon ar ghruaim, ar bhuaidhirt, ar bhaoghal. Coinneal eolais, rós na hÉireann; Coinneal eolais, lóchrann saorfhlaith; Tapur ciara, grian an lae ghil; Tapur clúmhail, crú nirt laochais. Fíonúir áluinn, bláth na féinne; Fíonúir cinidh na bhfionnamhac laochais; Fíonúir ochta na gConallach séadach; Fíonúir Calainne, asna na laochradh. Rós nár shearg gur shearg i n-éagaibh; Rós na leogan, cómet spéire; Rós na ríoghradh b'aoirde i nÉirinn; Rós na dáimhe, is scáth na cléire. Nascnia Conallach uile gan aon locht; Nascnia an Ghleanna, dá charaid is daorghoin; Nascnia an Daingin, ní bheartaim-se bréaga; Nascnia cosnaimh i bhfochair a thréada. Gearalt mac Thomáis, leannán béithe; Buinne rabharta mhara na mbéimeann; Sáith trí ríoghacht de rígh gur eágaibh; Do bhris Atrops snáith a shaoghail! Monuar, mo chaoi, mo mhíle géarghoin! Páis go dian, mo phian an té seo! Athnuadh bróin is deor i n-éinfheacht, Gearalt gan phreab, fá leacaibh traochta! Ag seo plannda Gallda Gaedhealach; Ceann dualach nár ghruamdha taodach; Ceann ba cheannsa meabhair chum réitigh; Ceann nár amhairc neach mairg in' fhéachaint. A ruisc ba ghorm mar ghorm na spéire; A theanga mhilis ba mhiochair i dtéarma; A fhiacla míne dobhí déanta, 'S a bhraoithe seanga, cearta, caola. A lámha ar arm ba dheacair a dtraochadh; Lámha na n-oirbheart, tobar le daonnacht; A chom mar leoghan i gcoimhghleic laochais; A chroidhe ba mhór, 's a ghlór ba ghlénirt. Tig gan mhoill dá dhruim dul d'éagaibh Cheithre dúile ag liúighreacht d'aondul, Ceatha fola dá ndortadh go faobhrach, Is mná sidhe gach críche céasta. I gCaonraighe n-a dhíleas caomhcheart, Cíobán áluinn ag fáscadh déara; Úna, Aoife, Clíodhna, is Déirdre; 'S i Sídh Beidhbhe Meadhbh ag géarghol. I Sídh Cruachna duartan spéire; I Sídh Bainne, cois Fleasca 's ar Chlaodaigh; I Sídh Tuirc, cois imill Léine; I Sídh Beidhbh na milleach aosta. D'admhuigh bean a cheart ar Chlaonghlais; Mná Cuanach i mbuaidhearthaibh céasta; I dTigh Molaga do screadadar béithe; Mná Íoma, is cois Daoile i n-éinfheacht. D'admhuigh bean a cheart 's a ghaolta I nEochaill 's i Róisteacha daora, I dTráigh Lí 's le taoibh Loch Eirne, Cois Casáin 's i gCineál mBéice. Ar chlos táisc is báis an $Phoenix, Thug Tonn Clíodhna bíodhgadh baoghlach, Dobhí Loch Guir in' fhuil seacht laethe, 'S an Mhaing gan braon dá mhí 's i gnéfhliuch. d'fháisc an Lithe a sruithe saora; d'iompuigh mar ghual snuadh na gréine; Níor fhan meas ar dhair 'ná ar chaolach Do thréig Banba a cara 's a céile. Do ruaimneadar cuanta na spéire; Do stríocadar síos na réaltainn; Do ghleódhadar a gclódh na héanlaith; Do mhúchadar dúile daonna. Ní bhfuil scím ar mhínleach maolchnoc; Ní bhfuil tartha ar thalamh aolbhaigh; Ní bhfuil ceol i mbeolaibh éanlaith; Do bhalbhuigh cláirseach bhláithgheal Éireann. Do b'é Gearalt cara na cléire, Goll† mear †Mórna i ngleo nár traochadh, Cúchulainn na gcleas i n-iongnadh 'dhéanamh; Conall Gulban is Oscar na mbéimeann. Do b'é an túr so súil le hÉirinn; Do rad sí searc is gean a cléibh dhó; Dothug sí páirt dó is grádh thar céadaibh, Do thásc sí scím dá ghnaoi as a haonta. Ba bheag mar iongnadh í dá dhéanamh; Ní raibh rí d'fhuil Ír ná Éibhir, Thuaidh ná theas ar feadh na hÉireann, Nár scagadh thríd ó rinn go maoltroigh. Ar chlos Íth sa chrích don bhéith ghlain, Dorug sí eitim is sceinnim i n-éinfheacht; Do dhearbhuigh an bháb, noch d'fhás i léithe, Go bráth arís gan luighe le céile. Is iomdha flaith do char an mhéirdreach, Fuair a leaba 's a sealbh 's a caomhghlac, Fuair a rún 's a dúil 's a haonta, Do thuit dá cosnamh i ndocharbhruid daortha. 'Ógdhul ar feochadh do chéas me, I n-uaimh lín a shinnsear saordha Sínte i bhfeart i gclais fá bhéillic Taobh le gaisce na nGearaltach gcaomhghlan. An tan do baisteadh 'na leanbh an laoch so, Fíonúir ríoghachta Chuinn na gcéadchath, Tug Mercurius rún a chléibh dhó, D'fháisc sé mil go tiugh n-a mhéaraibh. Dorin Mars n-a leanbh laoch dhe: Tug dó colg glan gorm is éide; Clogad caoin dá dhíon i ngéibhinn Lúireach n-a n-aice agus ceannas na Féinne. Fuair sé ciall ó dhia na céille, Intleacht, cuimhne, míne, is céadfadh, Meabhair, is eolas, beodhacht, is léigheantacht. Suaimhneas aigne, maise, agus féile. Fuair ó Phan gach aisce b'fhéidir Stáinse stiúrtha chúig cúige i n-éinfheacht, Céir go saidhbhir chum leighis a thréada, Is gadhair dá gcosnamh ar dhochar na bhfaolchon. Fuair sé gnaoi ghlan mhín ó Bhénus; Tug Bhulcánus dó ceárdcha chraosach; Neptunus thug long dó ar saormhuir, Agus Oceanus árthach taoscach. Monuar croidhe, mo mhíle céasadh! Gleann an Ridire ag sileadh na ndéara! Gan druide ceoil gan glór binn éanlaith! Do thuit a rath, a mhaith 's a réilteann! Do bhain a bhás a gáire d'Éirinn, d'aistrigh a dath geal ar dhaoldath Silid lionn a smús 's a saordhearc! Smior a cnámh le fána tréigeann! Guidhim-se do sheabhac na lann do réabadh, Glóire shíor gan díth gan éislinn, Thuas i gcaidreamh flaitheas na gréine, Tug an smúit seo ar úrbhrogh Éibhir. Tug smailc ná scriostar ó Shionainn go Béarra, Tug dubhdhath ar lonnradh na gréine, Tug fiadh Fáil go cráidhte déarach, Ó Charn teas go hAileach Néide. Monuar croidhe, mo mhíle céasadh! Ochlán is treighdeán i n-éinfheacht! Adhbhar bróin i gcóigibh Éireann, Cnú mhullaigh an chrainn bhurraigh do léirscrios. Lile idir spiúnaibh, iubhar nár chraobhchas, Ór na gcuradh agus curadh na laochradh, Den ríchuaine do b'uaisle i nÉirinn, Nár ghabh scannradh i ngleó ná i mbaoghal. Dobhí Leath Mhogha go trom ag éad leis, Tré n-a mhaitheas tar mhaithibh shliocht Éibhir, Mar bhárr na scath scaipthe ó chéile, Go rith a chlú gan smúit 's a thréithe. Glémhac Ridire Sionann na saorbharc, Iomthnúth gach fir é d'fhuil na saorfhlaith, Croidhe nár thur do dhil gach aon neach, Bronntóir beacht do lagaibh Éireann. Ba churata a ghruaidh i n-am buaidheartha is baoghail Ba gheal a chroidhe, 's a chlí, 's a chéadfadh, A mhéinn gan mhioscais, 's a mhiotal dá réir sin, Gan tlácht ná tarcuisne i gceangal den mhéid sin. An Feartlaoidh. A mhairbhleac bhiothárd, sin táir fút n-a luighe Cara na mbochtán buinneán úr ba ghroidhe, Neartchuradh na leannán, cruthcháidh d'úrfhuil ríogh, Gearalt mac Tomáis, ochlán dúr! fát chlí. Fát chlí atá támhlag Gearalt Gréagach, Rífhlaith 's fáidh rug bárr na bhflatha bhfaobhrach Saoi nár tháinig chum cáim gur chaith a shaoghal 'S Críost dá fhagháil gan cháirde n-a fhlaitheas naomhtha. MARBHNA AN ATHAR SEAGHÁN MAC INÉIRGHE. D'éag an sagart cneasta cráibhtheach, Buachaill Phan ba mhaith láimhe Solus mór ba ró-mhaith cáile, Réilteann eoluis, Pól n-a ráidhtibh. D'fheoigh an t-ubhall cumhra grádhmhar, D'fheoigh an crann 's an planda bláthmhar, D'fheoigh an fíonúir caoin, fionn, páirteach, D'fheoigh géag phailime ó Pharrthas áluinn. D'fheoigh an teanga nár shearbh i ráidhtibh, D'fheoigh an teachtaire ó fhlaitheas dotháinig, D'fheoigh an buachaill duasach deághthach Dobhíodh ag casnamh na bpeacach ó Shátan. D'fheoigh Mercurius, túr le námhaid, Lóchrann pobuil gan fochall ná cáruidhe, An gadhar luirg ba churadh le háthas, 'S an damh treabhtha gan chealg ná mháighistir. d'éag an fiaguidhe fialchroidheach fáilteach, Do lean learg is beatha naoimh Pádruig. An tOscar ruagmhar uasal dána, Do leag síos an Díomas lánmhear. d'éag an Goll do b'ollghlic láidir, Do chuir an tSainnt le faill 's a cáirde, d'éag an salmach, dalta do Dháibhídh Nár smúin Drúis 's i dTnúth nár thárlaidh. Craos níor shearc an fear do rádhaim libh. Do smachtuigh a chorp ón olc go bás dó, d'fhuathuigh Fearg, níor cheangail le páirt di, Do ruaig sé an Leisce tar leirg le fánaidh. Do b'é so an gaiscidheach neartchroidheach áluinn, Do b'fhearra san gcath fá sheacht 'ná Aiax, Do b'fheárr é ar chlaidheamh fá thrí 'ná an sárfhlaith, Alexander ó Mhacedon táinig. Céile Mhuire, cé is ise dhó is máthair; Mac dil Íosa Críost, le grádh dhó; Lamhann comhraic, comhad Párrthais; Captaén Dé, nó aon dá ghárda. Liaigh an anma pheacthaigh dhoshláinte, Liaigh dho Chríost, dá chaoiribh bána, Liaigh an Athar, don pheacach anchráibhtheach, Liaigh na n-othar ngoirtighthe gcráidhte. Tiompán binn i laoithibh Dháibhídh, Cláirseach halla na n-aingiol ba ghrádhmhar, Liaigh lér cneasadh ar guineadh le Sátan, Giolla Mhuire 's a gunna ar an mbeárnuin. Liaigh dhon ocrach chíocrach thárnocht, Liaigh na ndall i n-am a ngábhaidh, Liaigh na lag 's a mbratach scátha, Liaigh na bhfear, na mban, na ngárlach. Máighistir luinge gan uireasbhaidh cábla, Tre mhuir bhréige an tsaoghail bháidhte, Scriostóir Acheron, cara na dtámhlag, Do chuir na deamhain i gceangal ar fásach. Eagnuidhe socair mar Sholoman tárla, Bríoghmhar bleachtmhar basgheal dáilteach, Sochma soineanta soithimh n-a cháilibh, Meanmnach múinte clúmhuil sámhdhreach. Stuamdha measardha geanmnach gáireach Uaill ná díomus tríd ní fháscann; Fíréan naomhtha déarcach d'fhás d'fhuil Na mBrianach gcalma gceannasach láidir. As tigh Chinn Coradh gan fochal dotháinig, d'fhíorfhuil ríghthe críche Fáilbhe, De shleachtaibh Lachtna, Chais na láinchreach, Drong na nDanar do scaipeadh thar sáile. Atá an pobal go doirbh n-a dheáidh-san; Atá an t-aer n-a dhéidh go cráidhte; Atá an talamh gan taradh ar a bántaibh; Atá an t-uisce n-a suide san fháirrge. D'fhógair tuath go luath a bhás-san; Do ghoil Sol le srothaibh sáile; Do scéidh an Daoil mar dhíon fá bhántaibh; Ar dtighearna uile tug sinne go cásmhar. Atá an maghthamhnach fann fá bháinlic; I gcás na lag 's é an tAthair Seághan; Ar n-éirighe ó Éibhir d'fhás-san: Is Dia dhá ghairm go Flaitheas gan cháirde. TARNGAIREACHT DHUINN FHÍRINNE. An truagh libh-se faolchoin an éithigh 's an fhill duibh Ag ruagairt na cléire as dá léirchur fá dhaoirse? Monuar-sa go tréithlag mac Shéarluis ba rí aguinn, I n-uaigh curtha in' aonar, 's a shaordhalta ar díbirt! Is truaillighthe, claonmhar, 's is $tréason don druing uilc, Cruadhmhionna bréige fá shéala 's fá scríbhinn, 'Ga mbualadh le béalaibh ar gcléire is ar saoithe, 'S nár dhual do chloinn tSéamuis coróin tsaor na dtrí ríoghachta. Stadfaidh an tóirneach le fóirneart na gréine, Is scaipfidh an ceo so de phórshleachtaibh Éibhir; An tImpre beidh deorach is Flóndras fá dhaorsmacht, 'S an "bricléir" go modhmharach i seomra ríogh Séamus. Beidh Éire go súgach 's a dúnta go haerach Is Gaedhilg 'gá scrúdadh n-a múraibh ag éigsibh; Béarla na mbúr ndubh go cúthail fá néaltaibh, Is Séamus n-a chúirt ghil ag tabhairt chonganta do Ghaedhealaibh. Beidh an Bíobla sin Liútair 's a dhubhtheagasc éithigh, 'S an bhuidhean so tá cionntach ná humhluigheann don gcléir chirt, 'Gá ndíbirt tar triúchaibh go Neuuland ó Éirinn; An Laoiseach 's an Prionnsa beidh cúirt aca is aonach! INGHEAN UÍ GHEARAILT. A phéarla gan scamal, do léirchuir me i gcathaibh, Éist liom gan fearg go n-innsead mo sceol; 'S gur faobhrach do chaithis gaethe agus dearta Trém chréachta n-a gceathaibh, do mhill mé gan treoir; Gan bhréagnadh dorachainn don Éigipt tar caladh, 'S go hÉirinn ní chasfainn choidhce dhom dheoin; Ar tréanmhuir ar talamh, i ngéibhinn, i n-aiteas Níor léan liom bheith it aice cois inse gan stró. Is craobhach, 's is casta, is dréimreach 's is dlathach, Is néamhrach 's is leabhair a dlaoithe mar ór; Is péarlach a dearca, mar réilteann na maidne, Is caol ceart a mala, mar scríob pinn i gclódh; Scéimhchruth a leacan aolda mar shneachta Go haerach ag casmairt tré líonraidh an róis; Thug Phoebus n-a reathaibh thar béithibh dhot amharc Is a éadan ar lasadh le díogras dot chlódh. Is glégeal a mama, mar ghéisibh cois calaidh; A haolchuirpín sneachta is faoileanda snódh; Ní féidir a maitheas do léirchur i bpratainn Caomhlile chneasta agus mínscoth na n-ógh; Is craorach a balsam, a déid gheal gan aithis, Do shaorfadh ón ngalar na mílte dhem shórt; Saorghuth a teangan léigheanta do starthaibh Bheir tréanphuic thar beannaibh le milseacht a glóir. $Phoenix d'fhuil Ghearailt, Gréagaigh an chalaidh, Séimhshiúr do chlanna Míleadh na slógh, Laochradh gan taise traochta le Gallaibh, Gan tréine gan talamh gan ríoghbhrogh gan stór; Gan bhréagnadh gur scagadh Paoraigh is Barraigh, Is tréanchoin Bhun Raite tríot-sa fá dhó; Ní'l saorfhlaith ná dragan de phréimh chloinne Chaisil Gan gaol leis an ainnir mhíonla gan smól. Ní léir dham a samhuil i nÉirinn ná i Sacsain, I n-éifeacht, i bpearsain i n-intleacht 's i gclódh; An bhé chliste is fearra tréithe agus teastas 'Ná Hélen lér cailleadh na mílte san ngleo; Ní'l aon fhear n-a bheathaidh d'fhéachfadh ar maidin N-a héadan gan mhairg ná scaoilfeadh a bhrón; Mo ghéibheann! mo dheacair! ní fhéadaim a seachain Trém néalaibh, im aisling, istoidhche, is de ló. $EPITALAMIUM DO THIGHEARNA CHINN MARA. Atáid éisc ar na srúillibh ag léimrigh go lúthmhar, Tá an t-éclips gan fiúntar ag imtheacht; Tá Phoebus ag múscailt, 's an t-éasca go ciuinghlan, Is éanlaith na cúige go soithimh. Táid scaoth bheach ag túirling ar ghéagaibh is úrghlas, Tá féar agus drúcht ar na mongaibh Ó's céile dhon mBrúnach í Réilteann na Mumhan 'S gaol gar dhon Diuic ó Chill Choinnigh. Tá bíodhgadh i ngach támhlag, is groidhechnuic go láidir, 'San ngéimhreadh tig bláth ar gach bile; Cill Chais ó thárlaidh i gcuibhreach go grádhmhar Le Rígh Chille hÁirne ar gCuradh. Ní'l éagcóir dá luadh aguinn, tá faothódh age truaghaibh, Ón scéal nódh so luaidhtear le drongaibh, Ar an bpéarla óg mná uaisle A Dhé, Ó, tabhair buaidh dhi!, Den chraeibh órdha is uaisle ó Chill Choinnigh. Tá an Rífhlaith n-a ghárdaibh ar íslibh 's ar árdaibh, 'S na mílte dá bhfáiltiughadh le muirinn; Tá an taoide go hádhbharach, is coill ghlas ag fás ann, Is gnaoi ag teacht ar bhántaibh gan milleadh. Táid cuanta, ba ghnáthach fá bhuanstuirm ghránna, Go suaimhneach ó thárlaidh an snuidhmeadh, Tá cnuastar ar tráigh 'guinn ná luascann an sáile, Ruacain is báirnigh is duileasc. Táid uaisle Chill Áirne go suairc ag ól sláintidhe Is buanbhith na lánamhan i gcumann; Táid suanphuirt na ndánta dá mbualadh ar chláirsigh, Gach suanphort ar áilleacht 's ar bhinneacht. Tá claochlódh ar chruaidhcheist, 's an t-aon chóir ag buadhchant; Tá gné nódh ar ghruadhnaibh gach nduine; Tá an spéir mhór ar fuaimint, 's an rae fós go suaimhneach, Gan caochcheó gan duartan, gan tuile. Tá scéimh ar gach ruaidhteach nach féidir do ruadhchan, Ó Léinloch go bruach Cille Choinnigh Fá'n saorfhlaith dhul uainne do théacht as gach cruaidhcheist; N-a réim chirt gura buan a bhéas againn. TREISE LE CROMUELL. Treise leat, a Chromuell, A rí chrothnuigh gach sgológ, Is let linn fuaramar suaimhneas Mil, uachtar, is onóir. Iarramaoid gan Caomhánach, Nuallánach, ná Cinnsealach, Búrcach, Ríseach, ná Róisteach, D'fhagháil fóid do chuid a shinsear. Iarramaoid Cromuell bheith i n-uachtar, Rí uasal Chloinne Lóbuis, Thug a dhóthain d'fhear na súiste, Is d'fhág fear na dúithche gan "nothing." Iarramaoid a bhfuil san teach so, Ar maith agus ar maoin, Bheith níbhus fearr bliadhain ó indiu, Is gach neach bhus maith linn. ACHTANNA DORINNEADH I bPÁRLIMENT CHLOINNE THOMÁIS. An feadh bhias Éire fúinn féin Ní bhéimíd i bpéin do ghnáth, Cuirfimíd síos an ceart, An feadh bhias an smacht i n-ar láimh. Do shuidheamar i bpárliment, Ó Chionn tSáile go Binn Éadair, Is thugamar i n-indeoin Phádruig, Bheith 'nar gcáirde ag a chéile. Tugamaoid onóir don scolóig Is mó féasóg is maoin, Is deireadh suidhte don bhfleascach, Thaisceas go dtí an t-earrach an t-im. Achtamaoid ar dtuarastal Lá fuar agus te, Achtamaoid ar n-éadach Do réir céille agus cirt. Achtamaoid ar n-éadach cuirp Mar atá anois do ghnáth, Gearrahata mín dubh Is bríste oscailte bláth. Achtamaoid spuir is srianta Agus diallaite deasa, I n-ait na ngarbhadhastar sa lóiste Dobhíodh ag Lóbus an raiste. Ríbhodach i ngach aon bhaile Le caile gorm mar chéile; Is fearann fada fairsing Do bheith aige gan aon rud. Achtamaoid gan uibhe im ná feoil Do ithe acht san oidhche Measmhadra is maistín Do bheith i ndorus gach tighe agaibh. Achtamaoid gan an dara leaba Do bheith ag aon do Chloinn Thomáis, d'eagla bráithre ná sagairt Bheith ag tarraing chum bhur mbotháin. Achtamaoid d'fhear an óir Tosach móna is branair, I gcomhair go dtiubhradh congnamh Don tí is túisce do-ghní grafadh. Sinn uile bheith d'aonfhocal leis I n-aimsir ar gceangail; Achtamaoid an fear so Do shaoradh ón bhfaire. Dá bhfaghadh sibh easbaidh ná trághlacht, Ná bhur stór ag dul i ngiorracht, Ar chor ná díolfadh sibh bhur bhfiacha Cuiridh bhur gcuid ar láimh bhur gcloinne. Achtamaoid an uile achrann Dá mbeidh eadrainn nó crostáil A réidhteach go ró-thapa Le dias do Chloinn Tomáis. Achtamaoid gan mac deaghathar Duine uasal ná díomhaoin, Do bheith i measc na bhfleascach Ag déanamh branair ná gníomhuidheacht. Achtamaoid pósadh dúbalta Do réir dúthchais is reachta, Do mhac-sa agam' inghin-se, Is t'inghion-sa agam' mhac-sa. A mbeith trí bliadhna ag a chéile Go réidh is go fairsing, Gan fios a bhó ná a chaorach féin Do bheith ag éinneach aca an fhaid sin. Achtamaoid an uile fhleascach Noch dhéanfas malairt nó margáil Dias do bheith do láthair d'fhírshliocht Chloinne Thomáis. I gcás dá mbeadh i n-aithreachas, Go ndearbhadh i n-éitheach, Chum a choda d'fhagháil tar n-ais Le "by this Book is bréag sin." Diúltuighmíd do Chúirt Sirriam, Cúirt Senescail, nó Quarter Session. Acht Cúirt bhodaigh nó bhaothlaigh Nach déanfadh transgression. Achtamaoid an uile fhleascach, Ar a mbí cúram bothóige, Croiceann caorach na Féile Michíl, Do bheith aige chum dornóige. Achtamaoid i n-am buana, Im ruainneach agus feoil Achtamaoid aon am eile Potóga caola na mbó. Cúig phinginne gan amhras, I n-am branair is móna; Isé sin is gann dúinn Mar gheall ar bheith scólta. Achtamaoid dá phinginn O Shamhain go Féil Brighde, Trí pinginne san earrach, An feadh mhairfeas an síolchur. Achtamaoid le chéile O Bhinn Éadair go Cionn tSáile, Má's Sacsanach má's Éireannach Cur leis an té bhus láidre. Achtamaoid teangmháil le chéile Um Fhéil Mhichíl is Márt Chásca, Go gcuirimís síos bearta Na haicme seo bhíos dár gcáibleadh. Achtamaoid fógradh na Féile Michíl Do thabhairt do cheann gach baile, d'fhonn go mbiadh sé i muinighin Go bhfaghmaois an fearann. I n-am grafaidh do bhur dtighearnaidhe Bhur n-iarnaidhe bheith briste, Bhur n-úghaim is bhur gcéachta Is bhur slabhraidhe 'na ngiotaibh. Aimsir tarbhuighthe nó buana Bíodh bhur gcosa go leointe, Folach ar bhur súile, Nó bhur lámha ceangailte le córda. Achtamaoid an uile nídh Do réir gliocais is críonnacht, Ar dtighearnaidhe bheith ceangailte, Agus sinne do bheith scaoilte. MARBHNA MHIC CÁRRTHAIGH NA PAILÍSE. Atá smúit san spéir is fraoch is fearg nimhneach, Is dúthchas Néill go léir fá bhrataibh caointe, An Mhumhain le chéile traochta marbh claoidhte, Tré phrionnsa Gaedheal is Réiltean Chlanna Mílidh. Míleadh nár chlaoidhte i n-am caismeartha an ghleo, Sinsear na ríoghmhac, a dtaca 's a scóip, Prímhshliocht na sloinnte agus tearmonn slógh, Agus fírchreach gan fuighleach na Banba, is brón. Brónaid bíodhgaid sídhmhná Inse Éilge, Cois Bóinn, cois Brighid, cois Laoi, cois Life is Éirne, Cois Lógh, cois Daoil, cois Aoine is Sionna i n-éinfheacht, I ngleo is i gcoimheascar caointe i gcoinne a chéile. Le chéile atá Éire aca i ndlúththuirse Ó Léithghlinn go Bréifne is go ciumhais Druinne Cois Féile agus Sléibhe Mis tá liugha ruthaig, Is ó Bhéarra gan traochadh go Cúige Uladh. Sin Ulaidh mar Chonnachtaigh go dubhach deorach, Ó Mhuisire go Gulban, go ciuin brónach, Ar gCúchulainn chum cumais nirt i ndlúthchomhrac; Is cúis tuirse ghuil go hiomarcach na gcúig gcóige. Stór, muirear is ór-chiste lucht ghnáththaistil; Leoghan luirg ró-churadh na hárdghaisce; d'órd chille ba ró-thurainn tú ar lár leasa; Dóibh uile is gleo is tubaist do thásc marbh. Marbh ó thárla lámh dheas mac ríogh aguinn, Ar leagadh dhon bhláth neamhdha neamhchuimseach, Is ceasnadh don dáimh ba ghnáthach ealadhanta, A thaisteal gach lá go clár na Pailíse. San bPailís do theangmhuighdís complacht cruinn, Is gan taithighe aca ar cheasnaighil roimh dhrong ná buidhin, Ag fastaoim ar hallaidhibh gan amhrus bhíodh Is ag marcaigheacht ar eachraidhibh mar bhí i dTeamhair na ríogh. Rímhac Cárrthaigh a leac áthais, mar thaisce fát dhíon, Láinchreach na Blárnann is Chaisil na ríogh, Creach táinte, creach fáidhe, creach flatha san chill, Is cá dtráchtaim, ó's cásmhar í Banba ag caoi. Is caoi cóige an rí cródha ó's dearbhtha i gcriaidh, An rí córtaiseach d'Fhódhla agus d'fhearannaibh Bhriain Is rí-óinbhid an choróinn cheart gan tathac it dhiaidh, 'S is tinn d'órdaibh na dtreon tu gan gairm 's is ciach. MARBHNA SHEOIN HASSIADH. Creach is creach ar feadh na ríoghachta, Dianchreach bróin san gCóige Muimhneach, Creach is ciach is diachair nimhneach Seon Óg Hasset gan aiseag faoi líogaibh. Creach na mbéithe maordha míonla; Creach na n-inghean muirneach ríoghdha; Creach na bhfannlag; teannchreach saoithe; Mórchreach thréan na cléire choidhche. Pianchreach bhocht do bhochtaibh tíre; Daorchreach leanbh, is banaltran gcláoidhte; Creach na nGall, a gceann 's a dtigheasach; Creach na nGaedheal san saoghal síorrdha. Leoghan ba thriathach, fiadhach, fíochmhar, Cródha, ciallmhar, sriantach, caoinghlic, Ríoghdha, buacach buannirt, bríoghmhar, Cosantach, cráibhtheach, áluinn, aoibhinn. Dreach do b'fheardha i gcaismirt le naimhdibh; Dreach gan mhairg, ba thaise le fíorbhocht; Dreach ba shoineanta, soithimh le saoithibh; Dreach mar aingeal a ghairm ar bínse. Creach dá maireann i nglasaibh Thráigh Lí thu, An t-am a dearbhthar peactha na buidhne; An dream ba feasach dhot ghairm gan righneas, Níor mhall dá bhfurtacht thu a chara is a dhíograis. Ciach mo dhrólann, dóghadh mo chroidhe-se; Pian go mór do scól mo chlíteach; Triath nár leointe i gcomhrac naimhde, Gan rian gan treoir i gcomhrainn sínte. Iomdha barrfhionn go cathach dhá chaoineadh, Ó mhúr na Scealg go Gaillimh na soillse, Ler dubhach gan mearbhthal seabhac na hInse I n-úir gan aiseag, 's a leanbh gan aois chirt. Don Mhumhain is feasach nach bladar mo laoithe: Múr na bhFlaitheas gur lasadar tríochad Ós cionn a mhairbh le hanfhaithe baoise. Súil le brataibh go n-amharcadh fhíoraigh. Phoebus mór n-a chóiste ríoghdha Ag teacht i gcomhair a thorraimh suidhtear; Aeolus thug feothan gaoithe air, Is léi do báitheadh gan cháirde a shoillse. Nereus, le foghar an choimheascair, Leigeas an mhuir go tiugh fá thíorthaibh; Lúna ag golfhairt le fothrom taoide; Is fuaim na Sionainne ar buile dhá chaoineadh. Cró Mars dearbhthar in' arm go fíochmhar Feolmhach marbh go fairsing n-a thimcheall, I ndeoidh a dhalta bheith marbh, ag síorghol: Seon Hasset fuair barra bhfear Muimhneach. I nGleann na hUaighe ba bhuan an síorghol; I sna Dumhchaibh búidhghol aoise; I nGort an tSléibhe is léir na mílte Ag gol 's ag éigheamh go héadmhar scíosmhar. Súil nár chlaon le claonadh ar fhíorbhocht; Súil ba ghluise 'ná an criostal ba dhaoire; Súil ba mhire 'ná druide na gcoilltibh; Súil an tseabhaic gan ainimhe laoi ghil. Lámh ba thréan ag déanamh coimheascair; Lámh gan chealg, ba scaipitheach scaoilte; Lámh ar arm ná feacadh dhá naimhdibh; Lámh na n-oirbheart, b'fhollus gan maoidheamh ann. Crú na Sacsan n-a leacain ag coimheascar Le lonnradh sneachta, san tseabhac ba haoirde; Ba chumtha a dhealbh, ba mheanmnach a intinn; Túr roimh namhaid don anacrach íseal. Crádh ar an mbás, is gránna gníomhartha Argthóir d'fhág ar lár na ndaoine Dorug le fána bláth na tíre, A gceann gan cháim, 's a n-árus díona. A sciath, a gclogad, a gcothrom 's a n-impre; A dtighearna, a solus, a bposta 's a dtigheasach; A dtriath, a gcosnamh, a n-eochair 's a rí chirt; A ngrian, a bpolladh roimh dhochar 's a gcraoiseach. A gcrann bagair, a ngeata 's a rí-phort; Fál a mbeathadh 's a mbailte 's a maoine; A scáth roimh anfhaithe mara agus taoide; 'S a mbuachaill fartha san macha thu istoidhche. A gcoimirc dot ghairm ar mhargadh an ríogh thu; A seol chun taistil go fada i ngach timcheall; A lón gan easba 's a mbeatha 's a mbuidheachus; A nglóir, a n-aspal, a dtaitneamh 's a gcroidhe thu. A gcú luirg, a n-ursa 's a n-intleacht; A bhfonn 's a bhfuithin 's a dtura le bíodhbhadh; A gcúl 's a gcuradh 's a nOscar 's a míleadh; A bprionnsa tusa, níor mhiste dhot mhuinntir. A gcoileach catha 's a mbratach gan stríocadh; A gclú 's a dtaisce 's a dtarmainn díona; A gcúinne cosnaimh, a gcluigtheach 's a n-aoirde Ós cionn a maireann de Ghallaibh na ríoghachta. A long ar fairrge, a n-anam 's a maoine, Nár umhluigh breaba do ghlacadh, ní maoidhte; An drong ba dhamanta, is dearbh do scaoileadh, Gan pudhair as barra nuair thagadh ar binse. Mórghol dubhach ag Tonntaibh Chlíodhna; Bun na Leamhan dá fhreagairt 's a ndaoine; Ranntach mara dá dtreascairt fá thaoide; A chúirt fá scamall 's an talamh dá chaoineadh. Ba ghnáth n-a chúirt ghil súgradh ag saoithibh, Fíon tar srúillmhuir, lionnta ar ghíle, Brannda is siuicre i dtúis na bhFaoile, Is tighearnaí Mumhan gan smúit n-a thimcheall. Ba ghnáth n-a halla fir Shacsan dá choimhdeacht, Cliar is easpuig, flatha is bíocuint; Ceol n-a cheathaibh dá spreagadh go haoibhinn I bpálás fhairsing an tSasanaigh Mhuimhnigh. Monuar! mo léan! mo mhéala choidhche! A luaithe d'éag ar Saesar ríoghdha! Ar ridire tréan fuair géilleadh ar bínse; Salomon saor i gcéill 's i n-intleacht. Monuar! a chéile ag éigheamh 's ag síorghol: An uasal mhaordha bhéasach mhíonla; Ua na laoch is préamh na ríghthe; I n-uaigneas, féach, go dtéid dá chaoineadh. 'Oighre, a dhalta 's a leanbh, 's a dhíoghras, Ag leaghadh go cathach tré n-a athair, is díth linn; Ó adhraim, aitchim gan chealg an Naoimhspioraid, Go bhfagham é ag leanamhain learg a shinsir. Treon ba threon, is mórchreach marbh sínte; Leoghan ba leoghan de phóraibh Sacsan aoirde; Pór de phóraibh cródha Banba claoidhte; Seon mac Seoin mhic Sheoin ó Bhailte Ó Síoda. DON TAOISEACH EOGHAN MAC CHORMAIC RIABHAIGH MHIC CÁRRTHAIGH. Cnead agus dochar do ghoirtigh mo chéadfaidh, Is d'fhág me i mbrón lem ló go n-éagfad, Do bhris mo chroidhe is me ag caoi gan traochadh, Do chuir mo radharc gan feidhm is m'éisteacht. Ba dem thigh do thuit fá néalaibh Laoch mear ceannsa, ceann na saorfhlaith; Comhla dín dom chloinn an té sin; Lón a mbídh, a mbrígh 's a n-éifeacht. A gclogad cruaidh, a dtuagh 's a n-éide; A sciath cosnaimh roimh olfhairt na bhfaolchon; A gcrann bagair chum seasaimh i bpléidh thu; A gcruach fá sceimheall de shíor gan bhéim thu. A ngleacaidhe thusa i n-ucht an bhaoghail, A gCuchulainn do ghuirm chum réidhtigh, A gcomairc i mbearnain námhad go tréan tú, Gé gur thuitis le Muiris an éithigh. A mbarc 's a mbád 's a n-árthach séin tú, A leoghan 's a seabhac a gceann 's a bhféinneadh, A lonnradh solais i ndoircheacht sléibhe, 'S a dtriath ceart 's a meas tar Éirinn. A gcathmhíleadh neartbhuidheanmhar, saordha, Calma, cáirdeamhail, fáidheamhail, faobhrach, Curata, cródha, mórdha, maordha, Rígheamhail, reachtmhar, rathmhar réimeach. Fíordhlightheach, forasta, foirtill gan aon locht, Sochma, soilbhir, socair n-a thréithibh Cliathamhuil, fíontamhuil, saoitheamhuil, béasach, Duineata, diadha, ciallmhar, séimhghlic. Dathamhuil, oscardha, cumasach, tréanmhar, d'ágh na bhfear fuair ceannus Éireann; De shleachtaibh Eoghain mhóir, is Éibhir, Is Chais mhic Choirc, i ngoil nár traochadh. Éireamhan na reacht, is Aonghus, A bhráthair Mogha, agus Conn na dtréanchath A mhac-san Art fuair ceannus Éilge Cairbre, is Cas, an flaith, is Néill Dubh. A bhráthair Fearghus calma créachtach, Is Iughoine mór an lóithne léanmhar, Ceallachán Chaisil do chasadar tréimhse, Is Brian lér treascradh Clanna Turgésius. Bráthair gaoil do phríomh Uí Laoghaire, Sheagháin an díomais fhíochmhair éachtaigh, Aodha mhic Chuinn nár claoidheadh i n-aon dul, Dorug a bhuidhean tar tuinn i n-éinfheacht. Is fíor le n-amharc i n-annalach Éireann, Gur tu an ceap de shleachtaibh déaghoinigh; Triath na Mainge an Charainn 's an tSléibhe, Ón dá Chích go fíoraighibh Sléibhe Mis. A bhráthair úir na mBúrcach éachtach, Uí Chonchubhair fuair clú le daonnacht, Uí Dhomhnaill nár leonadh ar aon chor, Is Uí Ruairc chlúmhail na lúireach ngléigeal. Bráthair gar do Mhac Uí Néill tu, Bráthair gairid Uí Cheallaigh 's a chéile, Bráthair glún don Phrionnsa Séamus, Do réir mar cantar i Saltair na saorfhlaith. Bráthair Dhomhnaill chróin ó Bhéarra, Is Clanna Shuibhne dobhí n-a laochaibh, Dhomhnaill Chaim nár fhill ó aon chath, Is Dhomhnaill ghroidhe, ceann díreach Éireann. Bráthair d'árdshliocht Uí Réagáin, Bráthair fhir Cheann Tuirc na gcaolta, Bráthair Dhuibh de shliocht na ngaortha, Is Mhic Finnghin do b'fhíorlaoch in' aonar. Bráthair fial do Niall na gcaoleach, Is na naoi ngiall do riar ar Éirinn, Bráthair dian na mBrianach aosta, Mhic Phiarais is Tighearna na nDéiseach. Bráthair fine Mhic Mhuiris ón mBéillic, Is an Ridire ó chois Sionann na gcaolbharc, Mhic Mhaoilmhuaidh na ruag ba thréanmhar, Is Uí Dhonnchadha an Ruis fuair tuitim taobh leat. Bráthair mór don Róisteach shéimh thu, Bráthair gairid an Bharraigh 's a ghaolta, Bráthair Ghearailt de mhaithibh na nGréagach, Bráthair seabhaic Bhunraite na nglégha. Bráthair fíor Uí Chaoimh gan aon locht, Bráthair buadhach na Ruarcach ngléigeal; Uí Cheallacháin Chluana b'uasal tréithe, Is Clanna Ghuaire dhuaisigh dhéarcaigh. Bráthair Chonrí fhinnghil laochta, Is Mhic Amhlaoibh na leabhairscríob éachtach, Taidhg gan cháim do bádhadh san tréantsruith, Is Thaidhg Mhic Cárrthaigh ó Chlár Luirc Éibhir. Tadhg Ó Ceallaigh ó Eachdhruim éachtach, Is Tadhg an Mhullaigh fuair urraim ó éigsibh; Gach Tadhg bhí taidhbhseach ba ghaol duit, A bhráthair oighre Thaidhg mhic Séafra. Bráthair Chúrsaigh lúbaigh éachtaigh, Is tighearna Mhúscraighe an chúil bhuidhe phéarlaigh, Tighearna Ghlinne an Chuirm fuair réimeas, Is tighearna an Charainn is Cairbrigh taobh leat. Is truagh do thalamh ag clanna na gcaorach, Do ráinig eatortha i n-aiscidh gan éiric, Stéidhg fá n-a uilinn dé ag Muiris an bhréide, Stéidhg na tubaiste ó Mhuiris de ag Éamonn. Túis mo rúin is dúbhach 's is déarach, Trúig is cúis trér thionnscnais éad leis; Tré bhriseadh na saoithe bhfíochmhar dtréitheach, Cuirfid na cinn sin linn "is baoghal dó." Doghníodh Seoirse mórchreach aonair, Mar Mhac Cumhaill i dtúis na Féinne, Doghníodh Muiris le dlighthibh a dhaoradh, Is glór binn dá gcuimhreach ag Éamonn. An méid nár fionnadh le himirt na méirleach, Do chreach Mac Craith ar mhair den tréada, Le hór an diabhail dá riar gan daonnacht, 'S a fhís go dúbalta dá éileamh. An té bhí aca anuraidh i gcumus na tréine, Atá i mbliadhna ag iarraidh déirce, Do fúigeadh dís dá mbuidhin gan aon phreab, Fuil a gcroidhe 's a gclí dá taoscadh. Cailleamhain Sheagháin, nár stán ó bhréagaibh, Do chuir Eoghan go deo faoi néalaibh, Na díbearthaigh fíorlaga traochta, 'S a dtighthe n-a smúda brúighte ar aon bhall. Ba mhinic n-a dhúntaibh ughdair aosta, Draoithe, is dáimh, is báird, is éigse, Filidhe is cliar dá riar le daonnacht, Is Eaglais Chríost de shíor dá n-éileamh. A Dhia tá ar neimh dochluin na scéalta, A Rí na bhfeart is a Athair naomhtha, Créad fá'r fhuilngis a ionad ag béaraibh, A chíos aca, is é sinnil in' éagmuis! Do chaoidh Sol go docht an t-éirleach, Luna goileas srotha déara, Boreas cruaidh adtuaidh ag séideadh, An fhaid tá Muiris i gcumas 'san taobh so. Ar dhíbirt Eoghain go tóirseach tréithlag, Do ghuileadar ocht srothanna saora, An Mháigh 's an Leamhain fann gan faeseamh, An Chárthach, an tSláinghe 's an Chlaodach. Abhainn Chill Criadh ba chian a caolscread, Ag síorghol 's ag caoineadh a céile, Bruach na Lice ar buile 's an Fhéile, 'S an Gháile ag dáil ghuil n-a haonar. An Ghaoi go dubhach 'san tSiuir ag géimrigh, Agus Sionainn cloinne Loirc na gcaoleach, An Mhaing gan sláinte fá na scéalaibh, Cois Laoi 's an Bhrídeach go léanmhar. Fionnashruth 's an Fhleasc ar easbaidh céille, Abhainn Targhlan faoi scamallaibh is Éirne, Abhainn Daluadh 's an Chuanach traochta, 'S an Bhearbha go fadchumhach it dhéidh-se. Níor fhág an Chróinseach deor gan spréachadh, Faoi árdaibh bóchna bómhar Bhéarra, An Ruachtach go buaidheartha is í ag géimnigh. Abhainn Dá Chích 's a daoine tréithlag. Ní raibh Sidhbhean díobh i mbéillic, Ó Dhún Chaoin go híochtar Éirne, Ó Inis Bó go teorainn Éireann, Nár léig deora móra ar aon bhall. Ar theacht Mhuiris thug uile n-a chéird chirt, Ba chlos gáir ag mnáibh ar thaobh Tuirc, Is dá thaobh Mainge dá freagairt go héadmhar, Is ba chlos uaill ar uachtar Sléibhe Mis. Bean tsidhe an Ruis ag sileadh déara, Is bean tsidhe bhán na Blárnann taobh riot, Bean tsidhe an Ghleanna i n-a labhraid éanlaith Is seacht mná sidhe ar an gCích gan traochadh. Do ghuil Clíodhna tríd na scéalaibh; Do ghuil Úna i nDúrlas Éile; Do ghuil Aoife i sidhbhrogh Féidhlim, Is do ghuil Aoibhill sidhbhean Léithchraig. Do ghuil go truagh an Ruachtach, caolbhean; Do ghuil Áine i n-árus Gréine; Do ghuileadar ocht n-ochtair ar aon loch; Do ghuileadar ainnire an Charainn 's an tSléibhe. Bean tsidhe Dúna Guill ag géarghol; Bean tsidhe i dTeamhair ar easbhaidh 's í céasta; Bean tsidhe i n-Eochaill fós gan faeseamh; Is bean tsidhe i gCeapach Chuinn na nDéiseach. Bean tsidhe fós go deorach éadmhar I mBaile Uí Chairbre, ainnir det shaorshliocht; Baisleacán i gcreathaibh báis fát scéalaibh 'S an tÉan Fionn i dteanntaibh éaga. Do ghlac fanntais dream an Bhéarla, Do shaoileadar go bhfillfeadh arís chughainn Séamus, An tan do scread an leac fát scéalaibh, An Lia Fáil n-a lár ag géimnigh. D'éis gur chaoidheadar coillte is caolta, Do loisc mo chroidhe, do mhill 's do chéas me, An bhraighidgheal ó Fhaidhribh na saorfhlaith, Do bheith ag gol gan sos n-a haonar. Ag greadadh a bas 's ag stathadh a céibhe, N-a gcaor ndearg a dearca gan traochadh, A croiceann geal ar fad n-a chréachtaibh, Is folach síoda a clíchuirp réabtha. d'éis gur choisceadar srothanna ag géimnigh, Coillte, corrchnoic ghorma, is faolchoin, Fíonscoth ag síorghol n-a haonar, Do chuir m'intleacht trí n-a chéile. Fachtaim cás is fáth a déara, Den tsoillsigh ó Fhaidhribh na saorfhlaith, Créad an bás, an táir, nó an t-éigean, Tré n-ar mhill a buill 's a héadach? d'fhreagair Fíonscoth sinn go héadmhar, Le glór doilbh go follus i n-éifeacht, Tá a sháirfhios agat-sa dearbh mo scéalta, Is go dtig nimh n-a sruith óm chréachtaibh. 'S a liacht sluagh de mhaithibh Néill Duibh, Fiaguidhe is fáidh is sárfhlaith béasach, Mná uaisle nár ghruamdha, is daoine aosta, Dochuaidh de dhíth an bhídh 's an éadaigh. Gur díbreadh an rí ceart go claonmhar, Easpuig, sagairt, abaidh, is cléirigh, Bráithre diadha, is cliar na déirce, Agus uaisle na tuaithe le chéile. d'innseas go fíor di mo scéalta: Go raibh Eoghan fós gan baoghal; A thalamh má bhí n-a dhíth go mb'fhéidir A fhagháil dó arís le linn an réx chirt. Táid créachta Sheagháin go hárd ag éigheamh air; Ag lonnramh fionntar 's ag sméideadh, Ag screadaidh fós ar Eoghan go héigneach, Ag iarraidh fola dhortadh in' éiric. Orfinn fós tug leonadh léin ar, Rughraoi is Seon, mic Ómais Éigir, Seaghán is Diarmuid riamh ba bhréagach, Muiris 's an dís sin thug scaoileadh tréan air. Is brónach anois le cur i nGaedhilg, An ceo so thuit 'n-a chioth ar Ghaedhalaibh, Is ar gach aicme de chlannaibh Mhilésius, An méid díobh d'iomuigh le Liútar a n-éide; Mar d'imthigh tar srúill anonn ar gcléir mhaith, Mar do cuireadh ar díbirt choidhche Séamus, Do cuireadh fá smacht ar mhair den tréada, Is do cuireadh Eoghan fá bhrón, mo ghéarghoin. Athchuinghim Íosa Críost dom éisteacht, An ceo so ar Eoghan go fóill do thraochadh, Aiseag a bheathadh do thabhairt dó ar aon bhall, Ó Shuidhe Finn go fíoraighibh Sléibhe Mis. Uisce na Mainge, Leamhuin, Laoi, is Claodach, Snaidhmid le srathaibh scair le linn Léim Tuirc, Fionnashruith, Fleasc, is caise an Mhaoir géimid, Roimh Mhuiris do theacht isteach le Cloinn Éigir. Tuitim na bhflatha meara bhfíorlaochta, Le nuimhir na namhad neartmhar ngnímhéachtach, Dlighthe na bhfear ler leagadh Rí Séamus, Thug Muiris isteach gan cheart le Cloinn Éigir. Ionad mo shean le seal i nUíbh Laoghaire, Is tuitim na bhfear san treas le Rígh Séamus, Muiris do theacht isteach le Clainn Éigir Tré a gcuimilim bas dom namhaid fhíréachtaigh. An Ceangal. Mar thuiteas gach dochar le sochar do ritheas n-a dheáidh Fionnadh gach toraidh an olann an duille 's an bláth, Ní duine ná ochtar, acht cogadh na righthe de ghnáth, Thug muileann an Droichid 's an eochair do Mhuiris n-a láimh. AN DEAGHFÁISTINE. Aodhagán Ó Rathaille, cct., an deaghfáistine seo don Tighearna Brúnach Cill Áirne, agus do Choirnéil Buithléir Chille Cais, arn-a ndéanamh cleamhnas re chéile: go mbeadh síorsheilbh a bhfearantas ag a sliocht. Do scaoileadar draoithe agus fáidhe De réimhfhionnadh Phádraig, is Bhrighid, Is Naomh Chuilm naoimhchirt, na ráidhte Bhí líonta de ghrás an Spioraid Naoimh; Ríghfhlaith ar Chill Cais ó dhearlaic Do rígh Cille hÁirne a inghean, Dá gcloinn mhac gur dhílis an áit sin Go dtigheadh scrios is trághlacht an tsaoighil. Do réimhbhagair Ésaias ar Iúdaibh, Go mbéarfadh an Cumhachtach soin Dia Ón dtréad soin i ngéibheann an t-ughdar, An caomhbhreitheamh clúmhail, is an liaigh; Go dtréigfadh sé éad-san tré dhúthracht A gclaonchroidhe gan umhlaidheacht dá riaghail; Séanadh Mhic Dé dá mb'é a gcionnta, Le faobharneart go ndubhscriosfadh iad. Is mar sin tug Dia cumais dúinne, Tar éis bheith i gcumhangrach go mór, Tighearna, agus árdfhlaith, is prionnsa, Sciath nirt, is úrchlogad óir; Gan ciaradh n-a cháilibh 'sé an Brúnach, An biadhtach gan cunntas don tslógh; Iarraim ar Cheárdach na ndúilibh A dtriaithshliocht do lonnramh n-a ndeoidh. 19> FÁILTIUGHADH ROIMH AODHAGÁN. Uilliam an Mhaoláin Ua Murchadha, do chomhnaidh i n-aice le Baile Gallda, cct., do Aodhagan Ua Rathaille. Is amhlaidh a bhítheas ar Chúirt Éigse i dtigh Dháith Uí Iarfhlatha i mBaile Mhuirne, agus dochualthas guth Aodhagáin amuigh agus é ag teacht fá dhéin an tighe. B'é Uilliam an t-aon duine amháin dá raibh istigh, d'aithin guth Aodhagáin, agus do labhair mar leanas ag fáiltiughadh roimhe: - Breathnuighim cuisle cheartchumasaigh Aodhagáin ghrinn, Ag teacht faoi'n dtulaigh seo tuilte de chéill fá ghnaoi, Ní thaithigheadh sibh-se ar an mbile 's níorbh'aon d'bhur dtaoibh, 'S le deaghchroidhe chumainn do chumaim dó céad d'fháiltidhibh. Dubhairt Aodhagán dá fhreagradh: - A ghleacuidhe chliste den fhuirinn ba shaor fá ghnímh, De chlannaíbh chinidh na bhfionnamhac cé táid síos, Go marthaoi uile fá dhuille thar céad fá thrí Ar ghlantír thirm ar chiumhsaibh puirt tréanláin Laoi. AOR DHOMHNAILL NA TUILE. Aor do gheallas d'fhighe go tapaidh Don ríceach railleach, righinranntach; Cnaoiste creacha, coimhightheach, ceartach, Caoch i gceastaibh puncamhlacht. I ndíoghailt masla saoi do sreabhadh d'fhíorfhuil Ghealchuirc Fhionnmhumhan, Snoighfead scarta, a lígh 's a leaca, 'S a chroidhe san spairt duirc dhúldhúrdha. Millteach meathta, is míghlic meas, Is míne ar mannar múisiúnta; Scaoinse scraiste, gainge gaige, An straoille breallach bundúnach. Líne i gceart níor líon an spairt Gan míle marc n-a camchúrsa; Ní binn a bhreath, ar bís ná ar beacht; Ní'l brígh ná blas n-a bhúrdúnaibh. Tighim n-a bhathas mhíolach, bhracach, Daoilchnis, carrach, cúlmhúscach, N-a mbídh n-a ndreamaibh, snighe n-a gceathaibh N-a chrínghlib stathaigh chlúmhbhrúidhte. Táid céadtha clais dlúth in' éadan chas chlúmhach, Mar fhéachfadh cat trú ar úrchúlracht; 'S gach builce dá mhailidhibh mar mhotharaibh casdraighin, Is bruithnisc bhreacmhíol múchta ionnta. Fabhraidhe an sméirle mar hanndlaidhe céachta N-a gcamluighe i mbléin a phúcshúilibh; Is cluasa asail n-a sluaiste slapair Go gualnibh garbha ag dlúththúirling. Is iomdha srama, is tonn bhog bhrachaidh, Is lionntrach smeartha, is úrshughlach, Um shúilibh cama búiste an ghada, Dunnsa an daig nach fiú trumpa. Cuasa a chlagshúl, do b'fhuathais cheart súd Ag cuaich le neadughadh i gcontabhairt guir: A ghruadh glas, dian-odhar, truaighbhreac, liath lom, Cruadhchas, cianchrom, gnúisghionnach. Tré phollaibh a shrón, is follus gan ghó A chongansach crón is fiú a dhiúgtha, N-a sloigfeadh ar cóisir n-a lomarith lóta, Do-bheir bolaidh bog dreoighte ar a úrbhrúchtaibh. Úirstiall straipe a dhúibhliath teangan N-a chúilghiall trasna is pungclúbach; Is fostaidhe fiacal portbhuidhe piastach Is gortaighe stiallfadh cúl crústa. Ar a phíopán gharbh bíonn táin gearb, Is linn lán bhrachadh bhuidhe fútha; Cliabh an stollaire mar spriata conablaigh Dá stialladh ag conairt i ndubhmhúnlaigh. Slinneán caolchrom ag an mbreallán mbréan mbodhar, Is cromán bléanodhar úrghungach, 'S na mílte gormfhéith ag tigheacht n-a gcrosaibh tréith Ar íoghair a bhuilg bhréin bhrúideamhla. ... Lurga thruaghbhreac, chuiripe, chruadhchas, Loiscneach, ghuaireach, mhonglúbach; Sála cama, gága gaige, Agus bálta garbh crúbthútach. Boglaghair thuaithbhréan logdhoimhinn fhuar ghéar, Ro-thinn, nuachréacht, d'ollúrbhais; Is cuiriceach cnaipghnéach uilleannach ailtghéar Fuirm a chaismhéar camchrúncach. FREAGRADH AODHAGÁIN. Beárrfad sioscaithe, geárrfad ingne An chnábthaigh smulcaire shraothartaigh, An gágach builgeach, gáibhtheach, mioscaiseach, Bearrtha, bonnabhreac, taothnascach. Ó árd a mhullaigh, n-ar gnáthach muclach, Sáithte tulcaithe i mbréancharraibh, Go trácht an bhonnaire bháltaigh, mhuinicigh, Ársadh, ghlugartha, chréimfheartaigh. Stolfad an scraiste lochartha, dealbh, Crosta n-a rannaibh cléghonta; Folaire gartach, crochaire cleasach, Grogaire meathta, péistghlugar. Soraire sramach, sopaire salach, Rothaire reatha an bréagaire; Crotaire tana, slogaire smeartha, Shloigeas gach treas n-a chraosgoile. Creimfead troighthe an chladhaire chime Is laghrach, briste, créachtuighthe; 'S a dhá chruadhsháil ar a mbíd fuachtáin, Polla agus cuasáin ghréiscithe. Ingne fiara rinneadh den iarann Culaith is cliath dhá mhéireannaibh; 'S a dhá lurgain leointe, bhristithe, scólta, Scriostaithe, dhóighte, mhéirscreacha. Piocfad a ghlúine is snaidhmeanna a lúithigh, Bhainfeas a shiubhal den éigceartach; 'S a dhá mháisín mar bheadh dhá chláirín 'S a chom lánbhuidhe léirmheathta. ... Bolg an fhonnsa crochta os a chionn-san; Fothrach mhúnlach bhléanfhairsing; Méadal brúideamhail, gréisceach, tnúthamhail, Ag an gcúirliún clétheagaisc. Cumhang-ucht tanaidhe, clúmhach, creatbhuidhe; Súile gaduidhe is caoch amharc; Guaire pocáin; drom dá mhiongán, Buidhe, bruinnárd, bréangharg. Daoi gan eolus, straoille an chórda, Críonghas dóighte ó thaobh mara, Fualán fuaithchleas, stualán stuacach, Cruadhnámhaid d'uaislibh Éireannach. Priocaire an chreacháin, druingire an bhotháin, Scuibile potáin gréiscamhais; Carrachán gearbach, ceartachán sreangarthach, Amalán aithiseach slaodghalair. A scórnach scaoileas tóirse gaoithe Bhreodhas na mílte i ndaorpheannaid; An conablach goirgeach, ó dtig boltanus Tré n-a chogansach craosgharbh. Is é sin Domhnall, fuath na gcomhursan, Fuaid gan treoir ar aon aiste; Clémhac Dhonnchadh, is plaoscach, mogullach, Éadmhar, doicheallach, tréiththapadh. Crannca an scruitín crannda, coischríon, Cam, n-a choingheall gréiscalluis; Meangach, millteach, trodach, nimhneach, Cleasach, bruigheanach, baothmheathta. Ar dheilbh an mhongcaoi, i n-eitim, nuair imthigheas d'fheirg n-a rith trí thaobh bhalla; Nó mar fhrangcach ag rith tré chlabhstrach, Is tóir n-a deabhaidh ag tréanchataibh. A fhilidhe na Mumhan, cuiridh-se conntracht; Ar an gcrústa buidhechroicinn Beoltán báirdín, cuiridh faoi cártaidhe, Is follus gur báinidhe scríobh orainn. Ní cuibhe d'éigse choidhche a n-éisteacht, Laoithe ó bhéal nár shnímh comhthrom; Is náireach d'uaislibh álghuirt uaibhrigh A dhán nó a dhuain do scríobhmholadh. Ina chiardhlaoi gruaige triansnidhe is luaithreach, Is piastaidhe luatha fiarchosach; Raca na laghrach, shracas na leadhba, A phlaiceas le creidhil an t-iarratus. A shuasán samhaltar leis na deamhnaibh Ar bhruach Acheron tiomhluighthe; Brian Ó Brosnacháin, liaghairne bodacháin, Iasc is measa ar thráigh Cinn Mara. AN CEANGAL. Folaire dealbh bocht anacrach, géagán críon, Crochaire gartach na praisce n-a bhéal nách cruinn, Grogaire radas a charaid ar bhréagán bhuidhe, Tug roscadh dhá theangain aganfhios ar Aodhagán Fhinn. Domhnall mac Donnchadh an scrogaire scaimhfhiaclach, Lóiste lobhtha na ngobhar, nach ceartbhriathrach; Fós, mar chloisim, do b'fhollamh a ghlantighearnus, Tré chóip na Dromann gur bhloscais a sheaniarsma. AN BÁS. Agallamh idir Aodhagán Ua Rathaille agus Sagart. Aodhagán. Éagfaidh Seoirse mór so is ardrí againn, Is éagfaidh Seoirse ó Phórt na Máighe míne; Éagfaidh Mór 's is brón dá páistidhibh sin; Is éagfaidh Seon Bóin is Cáit Stíbhin. An Sagart. Fóill, a fhile, ar mire ná bí-se tráth, Is ná tabhair breith ghiorraisc ar fhuirinn is fíormhaith cáil, Má tá go bhfuilid-sean iomad na saoithe ar lár, Ní cóir a thuigsint go bhfuilid súd claoidhte i mbás. Aodhagán. Éagfaidh an t-each, cé fada leabhair a shiubhal; Éagfaidh an chearc, an lacha, an seabhac 's an colúr; Éagfaidh an fear, an bhean, an chlann 's an chlú; Is éagfaidh an sagart seascair sanntach úd. An Sagart. A Aodhagáin chóir cuir sceol chughainn fá bhrígh anois; Ó éagfaidh an t-óg ar nós na mná críne, Cá ngéabhthar leo, an mbeidh glóire an ardríogh aca, Nó, an i bpéin go deo bheid Bóin is Cáit Stíbhin? Aodhagán. An lucht chleachtas póit is ólas a lán fíona, 'S do-ghní go mór ar fheoil gach páis aoine, Má's í an ghlóire gheobhaid mar bhárr díola ann, Ní'l baoghal go deo ar Bhóin ná ar Cháit Stíbhin. An Sagart. Fóill a dhuine, ná himthigh an tslighe chomhgair, 'S go bhfuil Jones is Gibbons 'na dtighthibh go sítheoilte, d'óladh tuile agus iomad don fhíon chródha, Gur stiall a gcroidhthe le mire na caoinbheorach. An tAnfadh. Blúire. Do b'éagnach imirt na tuile re daorruathar, Méad na toinne re fuirneadh na gaoth guairnein, Taobh na loinge 's a fuireann ar tréanluascadh, Ag éigheamh ag tuitim go grinneal gan dáil fuascailt. DON tSÍONÁNACH. Uisce agus bainne má ghlacas ón Síonánach, Is lem ghoile-se ar maidin go ndeachaidh go síothcánta, Dar Muire na bhflaitheas le ndeachas-sa caoinpháirteach, Le gliogaire an ghlagair ní rachaidh mo dhíoghbháil-se. AR CHOILEACH DO GOIDEADH Ó SHAGART MHAITH. $Whereas Aonghus, fáithchliste, Sagart, cráibhtheach, críostaightheach, Do theacht indiu im láithir-se, Le gearán cáis is fírinne: Gur cheannuigh coileach airdshleachta, Dá chearcaibh sráide is tíoghbhaile, Ba bhreághtha scread is bláthmhaise, Is baic le scáil gach líondatha; Thug sé caogad mínscilling Ar an éan do b'aoibhinn cúilbhrice, Gur sciob síobhradh draoidheachta é Ó aonach chinn na dúithche seo. Ba ghábhadh dá shamhuil dáirithe Coileach screaduighthe is dúistighthe Do bheith dá fhaireadh ar shámhchodhladh I n-am gach easpuirt úrnaighthe. M'órdughadh dhíbh, an t-ádhbhar soin, A bháillidhe stáit mo chúirte-se, Déinidh cuardughadh airdshlighte, Is sin le díoghrais dúthrachta; Ná fágbhaidh lios ná síothchnocán, Ina gcluinfidh sibh glór ná gliogarnáil, Gan dul i ndiaidh an tsíodhchonáin, Dorin an gníomh le plundaráil. $Wheresoever cuainseachán Ina bhfuighidh sibh an tórpachán, Tugaid chugham-sa é ar ruainseachán, Go gcrochad é mar dhreoileacán, For your so doing, d'oibliogáid, Ag so uaim díbh bhúr n-ughdarás, Mar scríobhas mo lámh le cleiteachán, An lá so d'aois an Uachtaráin. SEANCHUIMHNE AR AODHAGÁN UA RATHAILLE. Air fagháil Sagsanach éigin crochda as crann a gcoill Chill Abhairne. Bhí bile breágh buadhach glaisghéagach ag fás ó na ciantaibh, láimh le cill noch a creachadh le Cromuell claon, os cionn tobair tuilte le fuaruisce fionn, ar fhearann fhódghlas noch a réab ropaire ministir ó dhuine uasal do chlannaibh Gaedheal, noch a ruaigeadh thar na fairrgidhe fiaidhne amach trí fheill agus ní le faobhar claidhimh. Ba mhaith leis an mbréan mbolgstócach ministir malluighthe seo géag ghlas leabhair den chrann do ghearradh chum troscáin tighe do dhéanamh de. Ní bhainfeadh aon de na saoraibh crann, nó de lucht oibre ris an ghéig áluinn, óir ba sciamhach a scáth 'ga bhfolach an tan dobhídís ag caoineadh go cráidhte géar fá na gaiscidhibh glégeala noch a bhí sínte fá an bhfód. "Geárrfad-sa é," ar crochaire camchosach lomloirgneach mic dobhí ag an ministir méith seo, "Agus faghaidh tuagh dham do láthair." Dochuaidh an spalpaire slaodchiallach suas ar an gcrann mar chat i scéan, ag teitheadh ó chonairt gadhar, gur tharla dhá ghéagán ag fás trasna a chéile air. Dothug sé iarracht a gcur ó chéile le neart a chuisleann, gur phreabadar as a lámhaibh le prab na súl tarsa a chéile arís, ag breith ar a phíb, agus agá chrochadh go hárd idir aer agus ifreann. Annsin a bhí an siapach Sasanaigh ag crathadh a chos le rinnce an ghaid, agus é ina sheasamh ar "nothing." Agus a dhubhliath teangan amach fad bata ag magadh faoi n-a athair. Do scread is do bhéic an ministir mar mhuic i mála nó mar ghéadh i ngreim faoi gheata nídh nár bh'iongnadh faid a bhí an lucht oibre ag fagháil dréimire chum é ghearradh anuas. Dobhí Aodhagán Ua Rathaille ó Shliabh Luachra na laochradh ann ag feitheamh ar chrochaire na cnáibe, agus do chan an laoidh seo: "Is maith do thoradh a chrainn, Rath do thoraidh ar gach aon chraoibh, Mo chreach! gan crainn Inse Fáil Lán det thoradh gach aon lá." "What is the poor wild Irish devil saying?" ar an ministir. "He is lamenting your darling son," ar gaige bhí láimh leis. "Here is two pence for you to buy tobacco," ar an méithbhroc ministreach. "Thank'ee, a mhinistir an Mhic Mhallachtan" i.e., an diabhal, ar Aodhagán, agus do chan an laoidh: "Hurú, a mhinistir a thug do dhá phinginn dam I dtaobh do leinbh a chaoineadh! Oidheadh an leinbh sin ar an gcuid eile aca Siar go hearball timcheall." IS FUATH LIOM. Seo mar adubhairt Aodhagán Ó Rathaille le deoruidhe tháinig ag iarraidh iostas oidhche air: - Is fuath liom ró-laighead mo spóilín; Is fuath liom mórbhuidhean dá fuadach; Is fuath liom praiseach mar chóir bhídh; 'S is fuath liom deoruidhe gan suairceas. Freagra ón deoruidhe: Is fuath orm doicheall roimh dheoruidhe; Is fuath orm gleoithnidhe cois luaithe; Is fuath orm praiseach i móirnín, Is bodach ar stóilín dá fuaradh. SÉAMUS Aon fá dhís is trí beag caol air cuir S i mBéarla Chríost dá dtighidh leat glaodhach ar luich. 'Sé táim ag a innsin díbh, cé baoth dham soin, Gur baoghal don drung tá teann go scinnfidh Mus. A CHOISIDHE. A choisidhe, beir m'uraghall go Daingean Uí Chúis Go bhfuil Ruistín 's a thruipidhe thar fairrge chughainn Go mbeidh Muilín is Deiní agus Carruic go dubhach Ag cur buinnighe as a n-innidhibh is fairsinge mhúin. FIADHNÉIDH AODHAGÁIN. Ag so tuarasgabháil Aodhagáin Uí Rathaille ar bhruighin do thuit amach ar aonach Oileáin Ciarraidhe, an tan do tháinig sé do láthair an bhreithimh mar fhiadhnaise: - "Ar mo dhul isteach fá'n aonach dham dochonnac iad n-a ruille-ó-reódh, n-a dtreilisc-bhreilisc, n-a ngúrla mágh giúnga, agus n-a ngiorla mágh guairle griolla; n-a sop reaca, n-a gcír thuathail, n-a gcraobh aonaigh, n-a gcipile ó cip agus n-a speil mhargaidh, ar nós druidí Dhomhnaill, ag gabháil feidhmeanna forc ar a chéile, chum nár fhágadar oiread gheimile an daig ná céile maididhe i n-áirde; agus fir ar buile, badh dhóigh leat go maireóbhaidís féin a chéile, agus do shíleas-sa leis é, chun nár fhan mac mioscalais ná geilt mhic an chadhain i n-amharc ná i gcomhfhogus dóibh." CAPALL AODHAGÁIN. Ag so mar leanas briathra an fhir thuas .i. Aodhagán ar cháilidheacht chapaill do bhí aige féin le díol: "Tá," ar sé, "trí ghaol ag an gcapall so le tarbh, trí ghaol le mada ruadh, trí gaol le girrfiadh, agus cheithre gaol le mnaoi. Gaol an tairbh, .i. Tá ionga chruaidh aige, éadan dána agus muinéal láidir. Gaol an mhada ruaidh, .i. fiacail ghearr, fionnfhadh dlúth, agus iompáil phras. Gaol an ghirrfiaidh, .i. súil mhór, cluas chaol agus rith mear. Gaol na mná, .i. com caol, brollach leathan, intinn árd, agus ..." EACHTRA THAIDHG DHUIBH UÍ CHRÓINÍN. Ar dtúis, do gheineallach Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín: Tadhg Dubh na gcroiceann, Mac Mhathghamhna Bhodhair, mac Philib ..., mac Thomáis an Chaipín, mac Dhonnchadh Thútaigh, mac Dhiarmada Bhrocaigh, mac Rándail Dhranntánaigh, mac Roibeárd ..., mac Mhurchadh Mhíothapa, mac Shraca Laidhrigh, mac Dhomhnaill an Ghrafa, mac Mhuiris an Truipín, mac Thuathail Thubaistigh, mac Dhonnchadh na Praisce, mac Sheáin an Chuasáin, mac Dhubhthaidh, mac Liobair Lobhtha, mac Lóbuis Ladhraigh, mac Sátain, .i. An D...l. Feacht n-aon dá raibh lánamha chríona chuiripe chianaosta ina gcomhnuidhe i nUíbh Laoghaire, mar atá Maoluaghain Ó Meilín agus Raghnait Chasfhiaclach ainm na mná. Dobhádar an dís sin seasc abhfad d'aimsir agus ní raibh aon duine cloinne aca. Leis sin dorinneadar adhradh for an aon Dia fá ghein chloinne do thigheacht eatortha; Gidheadh níor fhreagair Dia iad. Agus an uair nár fhreagair dorinneadar adhradh dona déithibh diablaidhe ... agus dorugadh dóibh mac .i. Liobar Lobhtha; agus is é sin sinsear Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín, an daoi seo mhaireas anois. Agus is gein diablaidhe an Tadhg soin. Is measa é 'ná a shinsear, oir ní dhíbreann uisce coisreagtha é. Tá bram-uabhar Lucifer ann, intleacht Shátain, claidhreacht Roibín, feall ar iontaoibh agus cleasuidheacht a dhá sheanmháthar de ghnáith ann. "Glac na mBreab" is ainm don nota láimhe atá ar a thaobh dheas, agus Glac na Mallacht is ainm don nota eile atá ar a thaobh clí. "Airgtheoir na bhFann" is ainm don chrúbán coise atá faoi n-a thaobh deas, agus "Airgtheoir na gCeall" is ainm don chrúbán eile atá faoi n-a thaobh clí. "Fíornámhaid na nUasal" is ainm don ulpán croidhe atá n-a bhréanchliabh, agus "Millteoir an chinidh dhaonda" is ainm don teangain atá n-a chraoisbhéal. ""Forca Fiadh" is ainm do na garbhfhiaclaibh atá ina mhór-cheann. "Muine na Míol" is ainm don bhathus ghuaireach chrónruibeach is uachtar do na fiaclaibh céadna. Tá dhá shúil bhasailisc ina gharbhchloigean agus béasa an chrocodil ar gnáith aige. Bodach claon caismeartach, dubh díobtha dianbhréan dreachdhiablaidhe dotháinig den aicme amhnáireach .i. Tadhg mac Mathghamhna Bhodhair Uí Chróinín na gcroiceann; agus do ráinig gur ghabh an Tadhg soin ceannus agus urlámhas i ndúthaigh Dheasmhumhan san mbliadhain i n-ar hionnarbadh maithe agus móruaisle na hÉireann don Fhrainnc agus don Spáinn le claonbheartaibh bhfear Sacson; acht is cealgach do ghabh Tadhg Dubh an ceannus soin. Ar dtúis dorinne coimhcheangal le Muircheartach Ó Gríobhtha .i. duine diablaidhe eile d'iarmhar na heascaine ar ar thuit trommhallacht Dé, óir ní'l de shliocht air acht créatúirí cuiripe agus geinte truaillighthe toirmeascacha ... Acht cheana, ar ngabháil ceannus agus urlámhas Críche Brúnach do Thadhg Dhubh Ó Cróinín agus do Mhuircheartach Ó Gríobhtha, níor fhan iasc i n-inbhear ná ar loch, ná bláth ar scairt, ná grán i ndéis ná misneach i laoch, ná cródhacht i gcaithmhíleadh; níor fhan duille ar chraoibh, ná féar ar faithche, ná meas ar dhair. Ciodh trácht, do thréigeadar na ba a laoigh, na héin a ngeárrcachaibh na caoirigh a n-uain, na crántacha a mbainbh agus na láracha a siorraigh ar dtigheacht don dá dhiabhal soin i bhforaighis na bhfírleoghan. Acht cheana, do cinneadh comhairle leo feis nó Párlaimint do chur n-a suidhe i nEoghanacht Uí Dhonnchadha, ar an gcnoc re ráidhtear Cnoc an Triúir san mbliadhain d'Aois Chríost 1713. Agus mar dobhí Muircheartach cúramach an tráth soin timcheall na nualeannán dobhí aige ... thug sé a ionad féin do Thadhg Dhubh Ó Chróinín sé sin a bheith n-a Árdthighearna Párlaimint until further Order; óir do b'éigean dó féin Seán Ó Seochradha agus a bhean do thadhlac go Dún Ciaráin agus Ó Súilleabháin Mór do ghairm de Sheán. Agus ar dteacht ó Dhún Ciaráin do Sheán ba mhian leis ceann an huiste do chur ar an haiste, .i. Mac Cárrthaigh Mór do ghairm de Dhomhnall dorcha, agus Tighearna Muscraighe do ghairm de Ribeárd Ó Ripleacháin, Cormac Riabhach do ghairm de Thadhg Ó Codlata, Ó Donnchadha an Ruis do ghairm de Philib Ó Ciseáin, Ó Donnchadha an Ghleanna do ghairm de Chonchubhar Odhar, agus Tighearna Chois Mainge do ghairm de Sheán Ó Righin búistéir dobhí i gCill Áirne. Gidheadh, sul do fhill Muircheartach Ó Gríobhtha do chuir Tadhg Dubh gairm scoile ar chloinn Thomáis as gach áit ina rabhadar ó Luimneach go baoi Bhéarra, agus ó Chorcaigh go sruth buidhe Uí Bhruín, agus ar gcruinniughadh an choimhthionóil sin i gceann a chéile do shuidh an t-uachtarán .i. Tadhg Dubh mac Mhathghamhna Bhodhair Uí Chróinín i gCathaoir Ríoghdha .i. Chair of State; agus do b'í cathaoir í sin, suidhiste ceatharchúinneach móna do bhain Brian Breallach Ó Brealláin le sleaghán dá chluas i bPortach na Ranna. Do chriothnuigheadar an Párlaimint ar fhaicsint gnúise an gharbhfhathaigh sin, agus do scéanadar capaill an Phárlaimint, ionnus nár fhágbhádar srathar gan stolladh, ná mata gan réabadh, ná pillín gan brúghthuargaint, ná urchall gan úcnáil, ná ceannrach gan mionréabadh; agus níorbh'iongnadh soin óir níor fhás den chinéal uile a shamhail eile d'ainmhidhe. Ag so an tuarasgabháil do-bheir a lucht aitheantais air. Tuarasgabháil Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín. Ciarbhodach ciarghránda, ciarmhailidheach, caisdealbhach, dian, duairc, drochchráidhte, drochlabhartha, doirbh, dúr, dian-bhréan, mór, modartha, mísciamhach, náireach, namhaideamhail, neamhcharthannach, pusmhór, plubach, piastamhail, riabhach, ramhar, roscchíordhubh, faidingneach, ocrach, bolgmhór, bréan-análach, breallach, bundúnach, claon, cam, crainntsileach, gaothmhar, glugartha, gáibhtheach, trodach, tréithlag, taoisbhriathrach; ceann stothach stuacach stothallach air, agus éadan buidhe crón caisleatharach; ucht clúmhach ciarbhuidhe, agus bolg mór míchumtha amhail méadail capaill nó amhail mála pípe ... dhá láimh reamhra reamharmhéaracha, agus dhá chois badh chosmhail le dhá mheidir líonta de bhainne reamhar ar shráid Chorcaighe. Acht cheana, dorinneadar Clann Tomáis iomchasaoid do láthair na cathaoireach sin n-a raibh Tadhg Dubh. Ar dtúis, dorinneadar iomchasaoid de bhíthin neamhchomhthruime gacha sratha agus gacha íoca dá mbíodh ortha, agus dubhradar go mbídís clanna ceatharnach saor ó sna srathaibh sin, agus go mór-mhór clanna na n-uasal, agus nár bh'fhéidir leo féin na tighthe do chothughadh de dheascaibh síorlucht iarrata bídh agus díghe, mar dobhíodar sagairt óga, scoláiridhe bochta, seanmhná uaisle, daoine díomhaoine, buid leágha agus an iomad den tsórt soin dá mbuaireamh de shíor. Dobhíodar mar sin ag síorghearán ...; agus rinne an t-uachtarán an $speech seo dhóibh: $Speech Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín don Phárlaimint. "A bhodacha dubha, dána, diana, drochmhúinte," ar Tadhg, "ní leor libh mar do dhíbreas-sa lem intleacht agus lem chleasa Tighearna Ceanna Mara as a dhúthaigh, agus go dtugas a inghean agus a thighearnas dá dheargnamhaid; agus ní ar mhaithe le ceachtar dhíobh é, óir dobhí a fhios agam-sa go bhféadfainn féin an t-éagan uasal Seon Asgill do chasadh ar mo mhéir, agus go mbeadh tairbhe na beathadh agam féin, amhail atá, óir ní raibh máighistir agam-sa riamh nár bhaineas dá lúdrach agus mé féin do bheith i gceannus n-a dhiaidh. Ar dtúis, do ghlacas airgead teinteáin, agus níor mise an cócaire mall san gcéird sin, óir níor fhágas bothán gan ionnscaobadh, agus níor thugas de shásamh san airgead soin riamh acht pléidhe agus clampar. Agus is é an chéad neach ar ar chuireas an dorus lem dhianchleasaibh .i. ar mo chomhdhalta féin, Ó Caoimh, agus n-a dhiaidh-sin ar Phobul Uí Cheallacháin agus ar Chloinn Amhlaoibh, óir is beag nár fhágas fear innste scéala insna trí tuaithibh sin acht stuic agus caoirigh gallda. Agus is fonn liom anois sporán olna do chur ar chrios an bhrealláin .i. Eoghan Mac Cárrthaigh Riabhach agus na sé fearainn atá aige do bhaint de; agus tá an duthchas so Chloinne Éibhir ar mo chur féin agam anois; dá mbeidís triúr no ceathrar tréatúirí atá san dúthaigh fá lais agam dob'fhurus liom codladh go sámh." D'fhiafruigh Clann Tomáis uile "Cia hiad-san?" "Ná ceilidh ar neach é" ar Tadhg "atá annsúd Miller, Lavallin, Colonel White, Ned Herbert agus William Crosby." "Fógair-se suim mhór as a gceannaibh, a uachtaráin" ar Clann Tomáis, "óir is urusa fear fill agus díoghaltais d'fhagháil san aimsir seo bhéaras cinn an cheathrair sin isteach agus do chrochfas na cinn chéadna a mullach an chrainn tsailighe atá ar an Ráith Mhóir." "Fógradh an bhean aosta, Siobhán Ní Righin pé nídh is maith, nó is mian léi féin as a gceannaibh, óir tá arg lán de mhin choirce aici agus iomad síol coirce i sacaibh." "Fógróchad, a mhúirnín agus a uachtaráin, cheithre pice de leathbhastard síol coirce don té bhéarfas cinn an cheathrair sin isteach agus do chrochfas na cinn chéadna a mullach an chrainn tsailighe atá ar an Ráith Mhóir." Dubhradar Clann Tomáis uile gur mhór agus gur mhaith an luach saothair sin. Leis sin do thoghadar amach ceathrar gaiscidheach chum na gceann do thabhairt isteach, mar dobhí Brian Ó Dálaigh ó Thulaigh, Muiris Ó Muimhneacháin ó Chnoc Óirneadh, Dáibhí Seoghach ó Lic Snámha, agus Seón Caoinrigheach ó Árdach; do leigeadh leathphic mhine leo mar lón, agus ní feas dúinn a scéala ó shoin aleith. Do chuireadar, mar an gcéadna, Diarmaid críona Ó Cróinín gus an Róimh chum an $Excommunication dobhí ar Chloinn Thomáis do thógbháil díobh ó aimsir Adrianus an ceathramhadh pápa dhen ainm sin. Do b'é adhbhar an $Excommunication Diarmaid na ngabhar .i. sinsear an uachtaráin do mharbhadh bráthar bhoicht le buille de chúl grafáin mar d'iarr sé déirc ar son Dé air; agus ní feas dúinn a scéala ó shoin aleith. Annsoin d'órduigh an tUachtarán, Tadhg Dubh, dá fhear dhéag de na $Upstarts agus de na nuadhuaisle dotháinig chum saidhbhris le claidhreacht agus le cleasuidheacht do chur mar cheannaibh ar an bPárlaimint. Dubhradar Clann Tomáis nach fada dobheidís i gcás an dá fhear dhéag sin d'fhagháil. Leis sin do thoghadar amach dá fhear dhéag de bhodachaibh dána, daora, dubha, daoitheamhla, diablaidhe, gan truagh gan taise gan daondacht i gceachtar dhíobh; óir pé nídh do chuirfeadh aon neach dhen dá fhear dhéag sin roimhe do dhéanamh, do bhíodh ceathrar de lucht éithigh le n-a thóin aige, do dhearbhóchadh le deaghchomhrádh le hintleacht agus le cur amach an nídh ná cualadar agus ná feacadar riamh. Ag so ainmeanna an dá fhear dhéag sin mar leanas: Domhnall Ó Mathghamhna ó Dhún Lóich; Seán Ó Seochradha ó Dhún Ciaráin; Liam Ó hAirnéada ó Chloinn Mhuiris; Finnghin Mac Carrthaigh ó Mhainistir Gaoithe; Séamus de Nais ó Chill Chathail; Pádraig Paor ó Chill Mac Duach; Tadhg Mac Cuinn ó Áth Dara; Seán Ó Corcoráin ó Achadh Deo; Gervais ó Chairbhreacha; Seán Ó Cróinín ó Chnoc na Saighead; agus do b'é Tadhg Dubh féin an dara fear déag, acht amháin go ndearna an tUachtarán $exception ar Fhinnghin Bhallach, mar dorinne Finnghin drochthairngire dhon Uachtarán roimhe sin. Ag seo an drochfáistine sin mar leanas: Dar mionna mo ghadhair, is dar Meill mac Móirín, Is dar an ndríodar dogheibhim san adhairc ó Nóirín, Má fhillid na Taidhg fá mheidhir ó ghleo an chlaidhimh Bainfid dá leadhb as Tadhg Ó Cróinín. Ar gcuimhniughadh na drochfáistine sin dorinne Finnghin Ballach don uachtarán .i. Tadhg Dubh mac Mathghamhna Bhodhair Uí Chróinín na gCroiceann, b'éigean Finnghin Ballach do chur as an gcathaoir agus an cóta Párlaimint do bhaint de go heasonórach agus trí dóirne lánmhóra do bhualadh i gcaol a dhroma ... air. Agus d'fhógair an $Crier do Chloinn Thomáis gan Finnghin Ballach do leigean i dteist ná i bhfinné ón lá soin go lá breithe Dé; agus is é an t-uachtarán féin d'órduigh Eoghan Dubh Ó Súilleabháin ón Más Reamhar do chur san gcathaoir i n-ionad Fhinnghin. Agus is é adhbhar trer fhógair sé sin mar dobhí Eoghan Dubh 'n-a $Receiver cíosa ag Eoghan Mac Cárrthaigh Riabhach, mac Cormaic, agus dobhí a fhios ag Tadhg ná beadh de thairbhe an chíosa ag Eoghan mac Chormaic Riabhaigh acht sporán olna do chur ar a chrios mar do chuir sé féin ar chrios Asgill, agus mar dorinne sé le mórán tug ionntaoibh leis. Is annsoin d'fhiafruigheadar Clann Tomáis cionnus d'fhéadfaidís iarsma na n-uasal dobhí dá mbuaireamh de shíor do dhíbirt. Dona agus tubaist bhur bhfiafraighe oraibh," ar sé, agus an té rug bhur gciall go mbeiridh sé bhur gcuimhne uaibh. Is fíor nach fhusa tuitim de chapall 'ná an beagán díobh-san atá ina mbeathaidh do dhíbirt; óir do dhíbir Dia iad; agus go ndíbridh sé sibh-se n-a ndiaidh, a bhodacha dána daora daoitheamhla diablaidhe, óir ba mhaith an congnamh dóibh sibh-se ins gach nídh do chuiridís rompa do dhéanamh. Agus is fíor ná raibh dhá thriúcha céad ó aimsir Éibhir go haimsir Tuirgésius, agus ó aimsir Tuirgésius go haimsir an dara Hannraoi de ríghthibh Sacsan acht i gcogadh agus i gcoinsgleo le chéile, do réir mar adeir Camden i n-a chroinic; agus is leis sin do luigh trommhallacht Dé oraibh-se; acht mara sabhálaidh mo chomhairle-se sibh: sé sin, bhur gcreideamh do thréigean, agus cur suas de Dhia agus de dhaoine; bhur n-eaglais do dhíbirt; agus i dtaobh iarsma na n-uasal do rachaidís don ghorta gan moill acht lámh iadhta do choingbháil leo. Agus is fearr so mar ghléas chucha" ar an t-uachtarán, "'ná mar dorinne mo shinsear-sa .i. Cairbre Ceannchait mac Dubhthaigh." "Innis dúinn, a uachtaráin, cionnus dorinne an Aitheach Tuath an feall soin ar shaorchlannaibh Éireann." "Is fearr an chúis dobhí ag Cairbre 'ná dobhí ag bodachaibh Shacsan Rí Séamus agus a mhac do dhíbirt le fuacht is le fán ar son a mbeith 'n-a Rómhánchaibh; agus tá fhios agam-sa gur de shíol seanghall tusa agus gur tre mhailís d'fhiafraighis an scéal soin díom; agus ba chóra dhuit féachaint it scáthán féin 'ná bheith ag lorgaireacht créad an feall dorinne mo shinsear-sa ar shaorchlannaibh Éireann, agus ar an rígh Fiacha Fionnolladh i Maigh Crú i gConnachtaibh." Annsoin do chuir an Párlaimint aon gháir asta agus dubhradar uile san Teangain Bhéarla: "The Great God of Heaven and Earth preserve our most Gracious Protector, Tadhg Dubh, mac Mathghamhna Bhodhair Uí Chróinín na gCroiceann." Do ghlacadar bodaigh Chloinne Mhuiris fearg mhór tres an gcáineadh dorinneadar bodaigh Uí Chaoimh ortha, agus téighid i n-órdughadh catha. Tagann Mathghamhain Ó Cróinín i dtúis na hiorghaile agus an choinsgleo sin ag imirt a chleas lúith agus lámhaigh agus gaisce. Mar dochonnairc Riocard Óg Stac an follmhughadh thug Mathghamhain ar mhuinntir Chloinne Muiris tagas n-a choinnibh agus iarras comhrac aonfhir air. "Dogheobhair soin," ar Mathghamhain, "a chocóil na hadhairce agus a thobair an ghliogair agus a phéist i bpoll comhrann. Agus, crádh do chroidhe chughat," ar sé, "créad an lasadh éada atá ag éirighe it cheann fá bhfuairis ionnat féin cur i gcoinnibh chéadfhaidh na gcuradh? Agus ná feiceann tú bainte ar armus mo scéithe-se agus ar dhruim mo shleighe gur fear marbhtha céad d'aon bhéim mise, agus gur me is oighre ar Shancho Panza. Agus an chéad lá do thairngeas amach an cró nó an claidheamh draoidheachta so agam gur mharbhas ceathrar d'aon béim leis, mar dobhí Breillice Ó Brealláin agus Breallán Ó Breillice, Cléireach Bhaile an Sceilg, agus Pórtúir an Daingin. Do mharbhas mar an gcéadna seacht n-athaigh agus seacht ngarbhchailleacha san Domhan Toir, go n-a n-annlann síodhbhraidhe góstaidhe agus breallóga léana; cait agus madraidhe an domhain do thuitfidís liom agus tuitfir-se féin liom a chocóil na hadhairce." Leis sin tógbhas Riocard lán duirn de chruinnechloich agus buaileas Mathghamhain os cionn na cluaise gur leig fuil agus fulracht a chrú leis agus do leag ar a chúl san láib é. Éirighid bodaigh Uí Chaoimh d'fhortacht a gcarad agus a gcompáin féin; agus cromaid ar bheith ag stracadh agus ag stolladh a chéile dá gcoránaibh croma croisfhiaclacha agus dá mbilleogaibh meirgeacha mísciamhacha i gceannaibh agus i gcluasaibh a chéile. Dobhíodar mar sin, ag stracadh agus ag sraoilleadh a chéile, gur éirigh Mathghamhain as an sáimhnéal soin ina raibh. Dubhairt nach luige dobhí air féin, acht draoidheacht do chuir Banríoghain an Uaignis air, agus gur i dTír fo Thuinn dobhí sé an fhaid dobhí an cath dá chur ag tóraidheacht Ingine Ríogh na Drólainne Móire d'fhuaduigheadar triúr athach ar mbeith go huaigneach i ngáirdín di. Agus leis sin d'fhéach ar íomháigh a mháighistreás dobhí bainte ar a scéith mar armus, agus do leig osna ó chroidhe as. Do fhreagair Riocard Óg mac Riocard Stac dó, agus is é adubhairt: "Do ghoil agus do ghráin agus do chonntracht ort, a mhic Thaidhgín† bhoicht †na gCroiceann agus na gcoinnleoirí do bhreith as bothánaibh bochta, cá bhfuairis ionnat féin dul ag comóradh le Riocard Og mac Riocard Stac? Agus a bhodaichín bhréin mhorguighthe badh chóir dhuit a fhios a bheith agat gurab é céim is aoirde dobhí aget shean is aget shinsearaibh de Mhuinntir Scannláin is de Mhuinntir Rathaille buachailleacht cliabháin Uí Chaoimh .i. duine uasal bocht ná raibh de bheathaidh le cheithre céad bliadhain aige féin is ag an muinntir dotháinig roimhe acht ocht bhfearainn déag de ruadhshliabh nár fhás féar ná foirbe riamh air. Agus dochuala-sa go gcuirfidhe tuamba mhórbhodaigh ó Phobal Uí Chaoimh trí troighthe os cionn tuamba Mhic Cárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin. Agus, a bhodaichín bhréin, is fíor nach féidir an seanfhocal Gallda do shárughadh, mar atá: Set a beggar on horseback and he will ride to the devil." Leis sin do bhuail Mathghamhain Ó Cróinín buille de chuaille mór cuilinn as a chléitheoig os cionn an chaipín ar Riocard Óg mac Riocard Stac gur leig fuil agus fulracht a chinn leis go talamh. Bristear do Riocard agus do Chloinn Muiris agus dobhí an briseadh go Tulaigh Uí Fhloinn ortha. D'éag cúig céad fear díobh ar an láthair sin; agus d'éag Mathghamhain Ó Cróinín go grod dá éis sin leis an mbolgaigh, .i. an té do b'fhearr de chloinn an ríbhodaigh sin, Tadhg Dubh Ó Cróinín; agus do hadhnaiceadh trí troighthe os cionn tuamba Mic Chárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin é. Ag so an feartlaoi ar an lic os a chionn: Fear le cleasaibh i nglasaibh sin agat, a líog; Mac an athar is measa dorugadh san Ríoghacht; Mac an chaile bhig smeartha nár oinigh i ngníomh; 'N-a mhac i bhFlaitheas bíodh agat is conghaibh a Chríost! Ag sin beatha agus tuarasgabháil Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín agus Mhuircheartaigh Uí Ghriobhtha, agus Madhm Chnuic an Triúir mar ar briseadh do Chloinn Mhuiris agus do Riocard Óg Stac, agus mar ar éag chúig céad fear ar an láthair sin díobh; agus bás Mhathghamhain Uí Chróinín leis an mbolgaigh; agus mar do cuireadh é trí troighthe os cionn tuamba Mhic Cárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin, gonuige sin. CHUM NA bhFILIDHE. An tAthair Cormac Mac Cartáin cct., ag iarraidh congnaimh na bhfilidhe i n-aghaidh na drochusáide do-gheibheadh ó Thadhg Ó Ríoghbhardáin. An maireann Donnchadh† foirtill †O Mathghamhna, An faraire forusta posta na gceartughdar; Do mheasainn dá n-oscladh a reacht cogaidh n-a chath chucha, Go leagfadh lochartha bodaigh na hanchúinseacht. Tá thíos san Ráith fáidh ghlan sheascair shóghmhail, Do mhaoidhim le páirt ghrádhmhair mar charaid chródha; Ríomhaim Seán Clárach de chlannaibh nDomhnaill; Le deimheas i láimh is cneadhach gach bathlach cóirneach. Cá bhfuil Aodhagán éigeas iarthair Fáil, Ná tagann saothar tréan ná a shians n-ar ndáil; Nó an dragan éachtach Éamonn† fial †de Bhál, d'bhur gcabhair don chléir badh riaghail ghrás. IS MITHID DAMHSA. Séamus Graoin, cct, ar bhás Dáith, mac Réamuinn de Barra. Is mithid damhsa an greann do chaoineadh, An fhéile, an léigheann 's an liomhthacht, An daonnnacht, an éifeacht 's an intleacht, Ó d'éagh fear léighte gach líne. Ní hiad na héigse féin do chaoinim, Dobhí i nÉirinn Néill go líonmhar; Ná an fear maol ó thaobh Chnuic Gaoithe, Mac Aonghuis nár shaorthuigh tíortha. Ná taobh ris na séimhfhir do dhíbir; Ná Aodhagán dobhí cráibhtheach líomhtha; Ná Flann do labhradh go díreach; Is ná Eoghan d'órduigh an scríbhinn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2441 |
2,426 | Dánta Aodhagáin Uí Rathaille | Ó Rathaille, Aodhagán | — | Dineen, P.S. | 1703 | 18 | poetry | (Londain: I.T.S., 1900) | 6,162 | 2,621 | NUAIR DO CHUIR NA H-EIRICIG EASBOG CHORCAIGHE TAR LEAR. Mo bhrón! mo mhilleadh anois mo leun le luadh! An sgeól guirt chluinim thug me déarac, duairc; Mo sgóip do sguir, do bhris mo shéan, mo shuan, Eóin do chur tar muir air éigion uainn. Mo stór, mo chisde rug a n-éinfeacht uaim Mo chóir, mo chion, mo chuid do'n chléir gan chruas; Níor leór leis sinn gan sruth na féile fuair; Tar bóchna a mbruid ó cuireadh é monuar! AN TAN THÁINIG AN PRIONNSA SÉARLUS STÍOBHART GO H-ALBAIN. Is mac do Mhars an mac so a n-Albain uaird, Is fear as fearra air fhearann treasgurtha an t-sluaigh, Macs is clans as glan air Ghallaibh go m-buaidhidh, Rath gach cath don bh-fhlaith go leanaidh go buan. Gas as pras a d-treasaibh calma cruadha, Do ghlac 'na ghlaic an ceart do sheasamh gan duadh; A Cheap na bh-feart is Athair pharthais shuas, Ós ceart a cheart 'na cheart go d-tagaidh go luath. AIR DHÍBIRT NA BH-FLAITH. Do chuala sgéal do chéas air ló me, Is thug 's an oidhche a n-daoirse bhróin me, d'fhág mo chreat gan neart mná seólta, Gan brígh gan meabhair gan greann gan fóghnamh. Adhbhar maoithe sgaoileadh an sgeóil sin, Cás gan leigheas is adhnadh tóirse, Athnuadh luit is uilc is eólchair, Gríosughadh teadhma is treighde móire. Díothughadh buidhne críche Fódhla, Lagughadh grínn is gnaoi na cóige, Mar do díogadh ár n-daoine móra, As a bh-fearannaibh cairte is córa. Mór an sgéal, ní féidir fólang Ár n-díthe do ríomh lem' ló-sa, Fuair an fhéile leun na dheóigh sin, Is tá an daonnacht gach lae dá leónadh. Ní bh-fuil cliar a n-iathaibh Fódhla, Ní bh-fuil aifrinn aguinn ná órda, Ní bh-fuil baisde air ár leanaidhibh óga, Gan fear seasaimh ná tagartha a g-córa. Créad do dhéanfadh ár n-aos óga, Is ná fuil neach re maith dá bh-fórtaint, Atáid gan triath acht Dia na glóire, As a b-príomh-ál dá ngríosáil tar bóchna. Gearán m'aigne dearbh na sgeól sin, Gabháil garbh na n-eachtrann óirnne, Maith fhios agam an t-adhbhar fá'r órdaig, d'aithle ár b-peaca an t-Athair do dheonaig. Dá m-beadh Tuathal fuadrach beó aguinn, Nó Féidhlim do threighidfeadh tóra, Nó Conn, fear na g-cath do ró-chur, Ní bhiadh teann na nGall dár bh-fógradh. Cár ghaibh Art do char an chródhacht, Nó Mac Con badh dhocht a g-comhlann, Léar sgannradh clann Oilioll Oluim, Is séan do Ghallaibh ná mairid na treóin sin. Is léan do Bhanba marbhadh Éoguin, Tréinfhear fá céile don bheódhacht, Ní bhiadh neart tar cheart air fhódaibh, Ag na béaraibh bréana móra. Do bhiadh neart is ceart is cródhacht, Do bhiadh smacht is reacht fá ró-chion Do bhiadh rath air ar 'san bh-fóghmhar Dá m-beadh Dia le triathaibh Fódhla. D'imthigh Brian na g-cliar ón m-Bóirmhe, Do bhí tréimhse ag Éirinn pósda, Ní bh-fuil Murchadh cumasac cródha, A g-Cluain Tairbh badh thaca re comhlann. 'S an tráth fá láidir na treóin sin, Clann Chártha 's an Tál-fhuil treórach, Níor sgaoileadar Gaoidhil dá bh-fógradh Tar tuinn nó gach láthair teórann. Atáid na Danair a leabaidh na leógan, Go seasgair, sámh, go sádhail, seómrach, Bríoghmhar, biadhmhar, briathrach, bórdmhar, Coimhtheach, cainteach, sainnteach, srónach. Is é rún is fonn na fóirne, Dá mhéad síth do ghníd re ar b-póir-ne An drong bhíos ag ríghdeach reó aguinn Súgra cluithidhe an chuitín chródha. Is truagh lem' chroidhe 'sas tínn dár n-drólann, Nuachar Chuinn, Chríomhthain is Eogain, Suas gach oidhche ag luighe re deóraidhibh, 'S gan luadh air a cloinn do bhí aici pósda. Teach Tuathuil monuar, do tóirneadh, Is cró Chuinn gan cuimhne air nósaibh, Fonn Féidhlime go tréith-lag tóirseach, Iath Iughuine go brúighte brónach. Achadh Airt fá cheas gan sódhchas, Críoch Chobhthaigh fá oghaim ag slóightibh, Clár Chormaic fáidh foirtill na g-cómhfhocal, Fán onchoin lán d'fhothrom deórach. Mo leun ní h-é tréine na slógh sin, Ná buirbe na fuirne ó Dhóbhur, Ná neart naimhde do chaill ár n-dóchas, Acht díoghaltas Dé tá air Éirinn fhód-ghlas. Peacadh an t-sínsir, claoine an t-sóisir, Aithne Chríosd gan suim 'na cómhall, Éigion bruinnghiol, briseadh pósda, Craos is goid is iomad móide. Neamh-chion ghnáith is tár air órduibh, Raobadh ceall is feall is fórsa, Éighiomh na bh-fann gan cabhair gan comhthrom, Ag saobh-lucht sainnte is caillte air chomharsain. Tréigion Dé le spéis a seódaibh, Gléas le a séantar gaol is comhgus, Géill do neart 'san lag do leónadh, Claon ag breath 's an ceart fá cheó chur. Cidh tá an eang so teann ag tórmach, Faoi láimh leabhair na nGall so nuadh aguinn, Áilim Aon-Mhac tréan na h-óighe, Go d-tigidh an ceart 'san alt 'nar chóir do. Is bíodhgadh báis liom bás mo chomharsan, Na saoithe sámha sásda seólta, A d-tír badh ghnáthach lan do thóbhacht, Ite, vade, dá rádh leó sin. Is gan acht cáirde ó lá go ló aca, Dá g-cur uile a d-tuilleadh dóchuis, Go m-biaidh fábhair dá fhagháil dóibh sin, Is gan ann acht Till further orders. Galar gan téarnadh is maothchas mór liom, Greamanna daor-bháis cé táim glórach, Sgaipe air an bh-féinn dár ghéill Clár Fódhla, Is eaglais Dé dá claochladh as órdaibh. Tá sgéimh na gréine go neóna Fé éclips ó éirghe ló dhi, Táid na spéartha a ngné dá fhógradh, Ná fuil téarma ár saogail ró-fhada. Fuair an cáirdeas spás a dhóithin, Le lucht séad ní géar an sgeól sin, Ní léir dam aoinneach air m' eólas, Noch do bhéarfadh raol chum bróg dam. Fágbhaim sin air chur an Chomhachtaig, Aon Mhac Mhuire gile móire, As a bh-fuil ár n-uile-dhóchus, Go bh-fuigheadh sibh-se is mise comhthrom. Is aithchim Íosa Rígh na glóire, Mar is fíor gur tríd sin d'foghnas, Soillse laoi agus oidhche d'órdaig, Go d-tigidh an nídh mar shílim dóibh sin. AN CEANGAL. Gríosúghadh cnead, laghdúghadh air neart, síorúghadh air cheas bhrónach, Fíorúghadh ár bh-fear do ghéimhliúghadh a nglas, foillsiúghadh a n-acht óirnne, Críochnúghadh ár bh-flaith do dhíorúghadh amach air dhruim tonn tar bóchna, Do mhíon-bhrúigh lag mo chroidhe dúr leasg, re maothúghadh ár n-dearc n-deórach. DO MHAC FHINNGHIN DUIBH UÍ SHÚILLEABHÁIN. Fada théid teist an oinigh, Dá m-beadh gan é d'iafraighidh, d'iúl shean, is deimhin an dál, Fear an oinigh ar iomrádh. Cuid do bhuaidh fhir an oinigh Bheith gach n-aon ar iafraighidh, Teacht asteach go bhfaighir air d'fhear an oinigh ní heagal. d'fhear an oinigh ní huamhain Cuid eile dá iolbhuadhaibh Gibé a n-déintear 'na dhochar Ní féidir é d'fholmhochadh. Do dhruim oinigh is anma A n-oighreacht a athardha Deimhin asteach go dtiocfa Fear oinigh is oirbhearta. Barr sochair é don oineach Gnáth air fud críoch comhaigheach, Le luadh a dheagh-anma ag dul, Sean-labhra suadh is seanchadh. Sean-nós aca riamh roimhe 'San chrích-se fhóid Iughoine, 'Sé ar feadh gach oirir mar sain, Fear an oinigh ar iarraidh. Comh-luath chuige - céim 'na rath, An file, an fáidh, an cearbhach, Gach taobh ag triall ar oineach Mar aon 'san chliar chomhuigheach. Tig an Laighneach leath air leath Tig an Midheach 'san Muimhneach, A n-dáil ní damhna tuirse Fa gháir anma an Eoghain-se. Comhluath ó cheann gach críche Lucht sgaoilte sgéal coigcríche, Gá bhríogh a méad do mheadhair, Ag ríomh a ghéag geinealaigh? Níor chlos aoinfhear aca-san Ag breith oirbhere ar Eoghan, Ní claon don chéad-rath do char, Aon dá éagnach ní fhaghthar. Ní chuala Gaoidheal ná Gall Maith iomchras an chuing chomhthrom Fós do bhuain béime air a bhladh, Buaidh a fhéile ní hiongnadh. Mise féin mar gach fear díobh, Ní cuaird iona cóir dimbríogh, Mo thol go hiomlán ní fhuil Go dol fá iomrádh Eoghain. Saoilim nach fuil diomdhach de Acht námha nó fear feirge; Gnúis fhaoilidh gan cáil a g-crodh, Báidh gach aoinfhir le hEoghan. Do cheannuigh fós, beart dá rath, Ainm saor nach féidir d'ionnlach, Díol clú deigh-reacht is anáir Crú do sein-shliocht Shúilleabháin. Ní théid caitheamh 'na chlú sain, An sliocht airmheach so Eoghain, A g-caoi bhuadh na d-toirbheart d-trom Fuair a n-oighreacht a h-altrom. A n-dimbrígh ní dual a dhul, An teist oirdhearc-sa ar Eoghan, An fhéile is sein-reacht a shean, Deigh-shliocht na fréimhe ó bh-fuil-sean. 'Sé idir uaislibh fhuinn Gaoidheal Do ghní an t-ainm-se d'iomsgaoileadh, Reacht fíre na fréimhe ó bhfuil, Séimhe a n-dine dá n-dúthaigh. Oineach gnáth, is gníomh náire, Ceannsacht, umhla, is adhnáire, Druid re hoirbheart is ciall cinn Tug oighreacht don fhial fhoirtill. Iomdha céim 'na d-tig asteach, Más fíor d'fhuighlibh na bhfileadh, Fear an oirbhearta os cionn cháigh A gcionn oighreachta d'fhagháil. Gach barr innmhe dá bh-fuair sain, Maith is fiú a chiall 'sa chéadfaidh, Ní nár mar chaitheas a chrodh, A maitheas már gan mhóradh. Ní le tréan táinig a neart, Grás Dé le dul a n-oighreacht Fuair a thoil do dhruim dochra Ní cuing sain nach so-mholta. Nach beanuid na rainn-se ribh Ní mheasaim, a Mhic Finnghin, Réim gan foirneart, gan folaidh, As t'oirbheart féin fuarabhair. Mac Finnghin Duibh dá rádh ribh Atá, ní hinnmhe a n-aisgidh; Air do gheall ní gairm eile, Is fearr ainm ná airighe. Barr air fhearaibh féile fuair Eochaidh ó chách an chéad-uair; Coimhliontar an chlú do chuir Le crú oirbhearta Eochaidh. Ón lá sin gus an lá aniugh Gibé iona cheann do chuirfeadh, Ní dheachaidh céim ar g-cúlaibh Ó fhréimh Eochaidh aon-shúlaigh. DO CHORMAC MAC CARTHA GUIRT NA G-CLOCH. Aille, acfuinn nach faicim, Cródhacht aibigh anaichill, Stuadh glan oirdreach gan oll d'fhás, Teasdas Chormaic Mic Cartha. Gríobh do fhoilcheann a fhéile, Nathair gan dúil droichmhéine, Rún athbhaoise cré ghlan cháidh, 'Sé is athbhaois dár n-eadráin. Aoinleanbh na Banba buaine, Conclan Con na Craobhruaidhe, Gríobh deagh-thnuis is teó a d-treas, Ath-ghuaire gleó na n-ard-chleas. Aithghin do mhac Éibhir Fhinn, Ursa sluaigh urmhaighe Fhéidhlim, Laoch ionchuir le h-Osgar oll, Posda iomchair na n-andrann. Ag an n-gaisge air ghéag leamhna Ní bh-fuil aoibhneas oileamhna, Fuair eól an suidh céasda sin Ag deól cígh céasda an chogaidh. Ua óg na g-Cormac n-ársaidh, Slat chumhra an chúil óir-easnaidh, Geall na d-tréad aige air áille, Géag is faide fionntáille. COMH-CHEANGAL. Óige is gné mar ghréin 'na ghríos-ghruaidh ghluin, Cródhacht, tréine, air éacht Con Duibhe bhuaidh Mis, Mórdacht céille, féile, is fíor-uaisle, A g-comhair a chéile ag laoch ón Laoi, is tuairisg. LAOIDH THAIDHG UÍ DHUINNÍN. (Ag caoineadh na n-uasal d'éirig san g-cogadh déaghnach 1691). Is leun liom leagadh na bh-flatha as na bh-fíor-uaisle, Bh-féastach, bh-freastalach, bh-fleasgchupach, bh-fíon-chuachach, Do bhéarfadh fearann dom shamhail-se faoi dhualgus, Saor ó shrathaibh gan tabhairt air chíos uaim-se. As é thug fadtuirseach cathach me fíor-bhuaidheartha, Séamus airgthe ón m-Breatain gan dlighe air chuanaibh, A thréad air sgaipeadh dá ngreadadh as dá síor-ruagadh, 'S an méid noch mhaireas dá mhaithibh a bhfíor-chruadhtan. Éag na g-Carathach g-ceannasach ngroidhe bhuair me, Do réx-fhuil Chaisil nár bh'anamh a bhfíor-uachtar, Féinnidh Gearaltach marbh gan brígh air fuaradh, Is laochra gaisge Bhunraite agus buidhean Chruachna. As saoth liom easba na seabhac ón Laoi fhuair ngil, Nár réidh re Gallaibh acht tarraing tar tuínn uatha, 'S an t-éan beag mhaireas don ealtain chirt fhínn fhuadhrach, Le tréimhse a Hamburg, mo dheacair, gan slighe chuarda. Is é do mhearaig me - dalta gach Ríogh-chuaine, Badh shaordha ainm 's a mbeartaibh do bhíodh buaidh aige, Phoenix fartha na Banba a ngníomh guasacht Is d'Éirinn maithim, ós dearbh 'na luidhe a d-tuama. Dá n-déanfainn dearmad, measaim gur bhaois uaim-se, Air shaor-shlioct Eochaidh go ceannuibh Puirt Baoi an uair so, Daonnacht, fairsinge, is tabhairt air fhíon uatha, Is é do chleachtadh an ghasra ghníomh-dhuasach. Léir-sgrios fairsing Uíbh Chairbre is trí truagh liom, An gheug san Chathail cois fairrge is Laoi luaidhim-se, Sliocht Chéin, do chaitheadh gach maitheas le fíor-shuadhaibh, As Séafra an Ghleanna rug barra an gach sligh suaircis. Ní'l géilleadh a n-Eallaibh d'fhear Cheanna Tuirc faoi bhuannacht, Ná air aon chor aca don aicme sin Chaoimh shluagaig, Do ghléiribh ghasda ghlínn mheardha mhín Chluana, Ná d'aon don mhaicne ó Theamhair ghluis mhín Luachra. Préamh na Sratha is Dúin Geanainn is díth buan liom, Is Béal Átha Seannuig gan racaireacht fíor-dhuanta, Raghallaig, Seachnasuig, Ceallaig, is caoin-Ruarcaig, Is craobh Uí Mheachair gur sladadh a croidhe uaithe. An phréamh ó'n n-Garra Choill, Branaig is Uíbh Tuathail, Éile is Almha is deagh-chine Chuinn dualaig, Réidh-choill Manach, is Fallaig, is Laighis uaine, Is gan céile ag Eamhain do chlannaibh mhic Ír uaibhrig. Ní'l éisg ag taisdiol cois calaidh ná air línn ghruamdha, Air thaobh na Banna, cois Mainge ná air mhín-Ruachtaig; Ní'l créithre meala dá d-tarraing a g-coill bhuacaig, 'S ní'l séan air chrannaibh re sealad ná puínn chnuasaig. Ní'l céir air lasadh an gach mainisdir, bíd uaigneach, 'S ní'l cléir ag caintain a salm ná ag guidhe air uainibh, Ní'l aon ag aifrionn Easbuig a g-cill tuata, 'S ní'l léigheann dá theagasg do leanbh ná d'aos uasal. Cé gur machnadh mar mhalairt an dlighe nuadh so, Ní'l féile marthain ná carthanacht trí truagh air bith, d'éinneach bhrathtar a n-easbaidh nó air díth chuallacht, Ó léigeadh sathadh na g-cealg a bh-fíor-uabhar. Cé gur bhfada mar eachtra a g-cruínn-tuairisg, 'S nach féadaim labhairt air mhaitheas na nGaoidheal n-uasal, Éigse fheasacha glacaidh mar dhíol uaim-se, Gur maol an t-arm ná cleachtann a shíor-thuargain. A Dhé na n-apstal fuair peannuid dár bh-fíor-fhuasgladh, Mar aon led' bhanaltrain bheannuighthe bhí air bhuaidhriomh, Ó's géar gur cheannachais m'anam a Chríosd chuana, Léig me a bh-flaitheas na n-aingiol go bhfuighead suaimhneas. AN CEANGAL. Má tá gur chaitheas seal dom'aois aorach, 'S go n-grádhfainn stair air reacht na bhfíor nGaodhal so, Mo cheárd ó mheath le malairt dlighe a n-Éirinn, Mo chrádh go rach gan stad le bríbhéireacht. AN FREAGRADH THALL. Ó gheibhim gur cailleadh na flatha sliocht Mhíléisius, Is roinnt a d-talamh ag Gallaibh an bhínn-Bhéarla, A Thaidhg ó bhrathaim go rachair le bríbhéireacht, Raghad-sa sealad ag bearradh gach cíléara. AIR DHÍTH NA NGAODHAL. Le Séafra Ua Donnchadha an Ghleanna. Ní fhuilingid Gaill dúinn síothúghadh a n-Éirinn seal, Ár g-croidhthe gan ghímhliúghadh is ísliúghadh fé n-a smacht, Ár g-cumas do luígheadúghadh is díthiughadh ár g-cléire air fad, Is fuirm a mí-rúin críochnúghadh ár saogail as. Níor shlighte dár n-ídiúghadh líomhnúghadh bréagach beart, Gan chumas an dlighe riú a n-aoin chúis d'éiliomh cheart, Tuigim gur síor-phudhair síothúghadh saobh na bhfear Le a g-cuirid a g-crích dhúinn gníomhúghadh léir a g-ceasd. Dár d-tubuist go laoithéamhuil luíghe dhuínn fé n-a smacht, Mo thuirse! 's nach díon dúinn aoin chúil d' Éirinn Airt, Ár g-cumas is díoth-chúmhaing, ní fiú sméar ár g-ceart, Muna d-tige gan mhoill chúghainn míniúghadh éigin as. Do chonnarc na Gaoidhil úd síodamhail, séadach, seal, Cumasach, cíosamhail, críochnumhail, céadfadhach, ceart, Soilbhir, saoitheamhail, míon-úr, maordha, mear, Filiota, fíoramhail, fíontamhail, féasdach, feacht. Cuirite caoineamhuil, draoitheamhuil, daonnachtach, Bioraite bíogamhail, gaoiseamhuil, gaodhalach, glan, Go tuitim a b-príosún daoirseamhail lae na m-breath, Nár thuilleadar mío-chlú, is díothúghadh déarach deart. Goirim is guidhim súnn Críost chúgaibh, caomh an flaith, d'fhuiling a chaoimh-chrú a g-craoibh chúmhaing chéasta theacht, Go g-cuireadh gan moill chúgainn faoi chlú Gaodhail 'na g-ceart, 'S go sgriosaidh na Gaill úd bhí riú a g-céin tar lear. AN REACHT TAR TUINN. Le Séafra Ua Donnchadha. Is barra air an g-cleas an reacht do theacht tar tuínn, Léar leagadh fá shlait an treabh sin Éibhir Fhínn, Cama na m-beart do shlad go claon ár g-cuing, Léar gearradh amach ár g-ceart as Éirinn uíll. Is deacair a mheas go raibh a g-céill don droíng, Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Gaill, Go bh-feacadar breath na bh-fear air Shéarlas Rígh, Gur sgaradar neart gan cheart le chéile a bhaill. Do feannadh air fad an feacht so a n-Éirinn Gaoidhil, Is deargthar feasda feart gach aoinfhir díobh, Nó glacaid a b-pas gan stad is téid tar tuínn, Is geallaid tar ais gan teacht go h-eug arís. Ciodh neartmhar an tan so air chlannaibh Gaodhal na Gaill, 'S ciodh rathmhar a staid le seal a b-préamhaibh Fhlainn, Do dheasgaibh a g-casd ní ghabhaid géilleadh an fhoinn, Fearfaidh 'na frasaibh fearg Dé 'na n-druim. A Athair na bh-feart dod' chead is déanta guidhe, Ceartaig 'na leas air fad a n-Éirinn Gaoidhil, Is leasaig 'na g-ceart gan cheas gach aon don druing, Is aisig a reacht 's a rath don chléir a g-cíll. Uch is athchaoi! is lag í an uaisle anois, Cufa is callaídhe air chailídhibh tuarasdail, Boduig fá hataídhe, is aistídhe shuarach sin, Is lucht oirdhearc seaghuidhe a g-caipíbh cluasacha. IAR G-CUR EASBUIG CHORCUIGHE AIR IONNARBADH AS ÉIRINN. Le Uilliam Mac Cartain an Dúna. Mo bhrón mo dheacair an chealg so am shíor-chrádh-sa, Eoin go daingion a nglasaibh na d-tíoránach, An seól ag bagar air tharraing tar tuínn bháidhte Bheir breóighte a g-creathaibh ár g-cealla 's ár b-príomhcháirde. A Mhór-Mhic bheannuighthe cheannuig 'san g-craoibh chráidhte Na slóighte pearsa do shleachtaibh chirt síl Ádaim, Deónuig sealad go taithneamhach caoin-ráidhteach, Eoin gan basgadh 'san talamh so síothchánta. Treóruig, aithchim ort, Athair 's a Rígh neámhdha, Tar bóchna a bhaile ár marcra laoich láidir, A g-cóir 's a g-calma 's a n-acfuinn gan díth sláinte, 'S air chóip tar fairrge sgaipeadh gan puínn cáirde. Ní'l beó 'na m-beathuidh dár n-easbuig acht smuinte árda, A n-gleó-bhruid fada ag Gallaibh dá síor-chábladh, Gan cómhall na ngalar cé calma a n-dlíghe an Phápa Acht Seon 'na sheasamh ó mhaidin 'na phríomh-ghárda. Tig deóra m'aindeise óm dhearcaibh 'na línn bháidte, 'na ród ag treabhadh mo leacan go díoghbhálach, Ón g-ceó 's ón sgamal 's ó fhearthuinn go síor-ghnáthach, Is cóip na Sagsan dár n-arguin faoi luidhe an bhráca. Triall an easbuig chneasda chaoin gan cháim, Dhiadha ghasda is maiseach gnaoi ar cáil, A g-cian dá cheapadh a m-barc a g-crích chum fáin, Is ciach 's is cnead 's is ceas a g-críochaibh Fáil. FAOISIDIN SHEAGHAIN UÍ CHONAILL. Admhuim féin le deáraibh, dearbhaim, Gur canadh liom bréithre baotha malluighthe, Chuir brón dearóil air Athair na g-comhacht; An tan ghearras an chléir le faobhar faltanuis, Fuair ceannas is céim mar aon le Peadar glic, A g-coróinn ghlóire ag seasamh 'san Róimh; An ansrioraid baoghail am béal go labharadh, Is angrais dréacht nár mhéin liom d'aithris, Is éithioch aithiosach - sléachtaim spalpaim-se; Féach an Eagluis naomhtha bheannuighthe, Och ochón! do bheir damaint dom chómhair. As sin barra air gach baothacht saoghail d'ár chaitheas, Bheith tarcuisneach taodach fraochmhar searbh, Le comhartha cóir na bhflaitheas, mó bhrón; Do b'easmailteach éadmhar méasach maslaightheach, Do sgartainn-se scréacht go sgléipeach sgannalach, Le geóin ghlóir mo theangan ar seóbhal; Ag aithris a m-béas gur craos is carbhas Chleachtadh an treud-so léighte an aifrinn, Lucht déanta teagaisg is réitioch anmnach, Saor ó pheana-bhruid bréantais Acheron, Stoc gan gó do mhairfeas go deó. Badh mheabhlach mé-si am' mhéin 's am' aigne, Do lucht caithte na h-éide is tréan do stracainn-se Gach róba leó go talamh gan chóir; Le meas orm féin tar éigsibh seanchais Preabaim am' réaltan gléineach taithniomhach, Tógbhaim tóirse lasaim is dóighim. Is measa me théacht a réim ná Mahomet, Castar liom céad fear céille air mearbhall; Feuch cár ghabhas andae ní'l agam acht Rae beag gearraid dom' shaoghal re caithiomh, Sin ceó anois rómham is cá h-ionad 'na ngeobhad? Mo bhearta go léir, is éacht 's is aithis sin, Le h-amharc am'éadan; léaghfar, geallaim-se, Mo ghnótha spóirt air mullach chnoic fós; Ciodh mealladh me féin a g-céill nár bh'eagal liom Cealg ón éag, ciodh léir go leacfar me, A g-comhruinn dearóil gan tapa gan treóir, Gan labhairt gan léim gan réim gan rabhradh, Gan caithis ioná spéis a n-aon dom' leanbha, Acht daoil am chreatlach cléibh dhá ghearradh, Nár bh'fhéidir seasamh am' ghaor le balaithe, 'S a Chomhachtaig fóir air m'anam 'san ród. Ciodh chaitheas mo shaoghal go bréagach basguighthioch, Is gur chleachtas-sa claona clé nár charaid dam, Stródh dá shórt do ghlacas mar mheón, Gan sgamal mar éigios éigneach aithiseach, Nó branar ag déanamh béile air ablach, Póite feóla chapail ag dreóghadh; Nó camra bréan a m-béillic carraige, Treasgartha faon fá ghréin an t-samhraidh, Gur sgéigheas mo sceatrach créachtach cealgach, Céasda ceachardha a n-éadan Eagailse, Am' óinmhid spóirt ag magadh fán Órd. Caithfiom go léir le chéile seasamh Air shleasaibh an t-Sléibhe an tan ghlaodhfaidh an t-aingiol, Le seól a cheóil na mairbh beidh beó; Lasfaid na spéartha is pléasgfaid garbh-chnoic, Carraigeach' raobfaid is géimfidh an léathan-mhuir, An tóirneach dóighfidh fearainn is fóid; Beidh flaitheas na naomh go léir air baille-chrith, Sgaipfid na reulta is néalta parthais, Beidh gné na reanna idir ghréin is gealaig, Mar sméir gan taithniomh le h-éigion eagla, Air shlóightibh sgeón roimh Leanbh na h-ógh. Beidh taithniomh na naomh mar sgéimh an t-sneachta, Ag cantain suilt réidhe, go séimh ag salmaireacht, Le óirfide órdha agus Canticles cheóil; Na h-aspstail ag téacht ag déanamh aitis, Is banaltra an Aoin na raeltean barra orra, Ag tabhairt eólais dóibh go flaitheas-bhrog sóghail; Gach anam bocht claon do raob na h-aitheanta, Ag sgreadaig 's ag éighiomh 's ag éiliomh parthais, Go leunmhar leacuighthe daor-dhubh damanta, Faon, gan meabhair ná réim air chasadh aco, Dá n-dóigheadh go deó idir lasaraibh teó. A bpearsain iar dtéacht don Aon Mhac ceannais sin, Beidh seasamh an' fheuchaint, fraoch is fearg nimhe, Le comhachta a ghlóire labharfaidh leó: Dearcaidh na créachta géara greaduighthe Da radadh go h-aeibh trím' thaobh do bhur n-deasga-sa, Mar do strócadh m'fheoil ó bhathas go feór; Gach tairnge am' phlaosg do phléasg mo namhaid-se, 'S an t-searbh-dheoch bhinéigre bhréin do thabhairt dam, Tar éis me cheangal le teud go daingean, 'S mo ghéaga air spara ins an daor-chrois treasna, Is me am' shórd spóirt ag maithibh na slógh. Athair is Aon Mhic, éighim is aithchim sibh, Sgreadaim an Naomh Spiorad, mar aon, an Eaglais, Treógh cér mhór mo spairn-se leó, Maithiomh dom saor ó's léir gur aithrightheach, Is gurab anbhfann mé fá leun le fadtuirse, Is deóra teó 'na srathaibh lem' shróin; Na h-anamna ghéill do strae na ngabhar, Do tharraing air thréad na g-caorach achraim, Glaodhaim-se air chabhair go h-eusg' na n-aingiol, Mar aon re Banaltra phéarlaig pharthais, Eóin geal órdha Peadar is Pól. DARA FAOISIDIN SHEAGHAIN UÍ CHONAILL. Admhuim mo bhearta anois go déarach dúbhach, Cé eagal dam, och! m'anachradh! gur déaghnach dúinn, Tré leanamhain na g-cama-shlighthe g-claon gan chúis, Lasrach do ghreadadh liom is baoghal am' chionn. Admhuim duit Athair mhilis aonda air d-túis, Do Leanbh dhil a sparra cruise céasda brúigheadh, Carbhas gur chleachtas-sa, is craos is drúis, Is feallaireacht is faltanas is taod is tnúth. Admhuim duit Araid-Spioraid is naomhtha gnúis, Gur chealgach le cealgaireacht mo bheul air siubhal, Fár sparraineach do spalpainn-se na spréacha mionn, 'S nár bh'fearra liom ceart agam-sa ná an t-éitheach trú. A Bhanaltra gheal gheanamnach Mhic Dé na n-dúl, Admhuim duit malluightheacht mo shaoghail ó thúis, Gur ghabhas-sa lead' Leanbh-sa is leat féin bun-os-cionn, 'S an madra dubh taltaighthe 'na pheist am' chlúid. Aingil ghil badh cheannasach seoch aon dod' dhrúing Do sheasaibh ins na flaitheasaibh gan staon don tnúth, Admhuim duit barbaireacht mo bhéil nár bhúidh 'S gach peaca uilc do charas-sa lem' aéibh go dlúth. Admhuim anois m'anacra is mo chréachta dúbha, Am' ghalarach bocht peannuideach a b-péin 's a b-pudhair, Don Mhac Baistightheach le'r teagaisgeadh Hérod dúr, Is tré an teagasg sin gur cailleadh leis an plaosg dá chionn. Admhuim do na h-apstalaibh, ní théighim air rún, Do Pheadar is don apstal-san nach féidir liom Ainm cirt am' rannaibh chur a n-éifeacht chugam, Mar mhadra go g-casainn-se fá sgéigh na m-brúcht. Admhuim do na h-aingiolaibh is do gach aon 's an dún Pharthais, is d'Athair-oide an Oighre chlúmhuil, Tré dhearmad na n-aitheanta gur thréig mo shúil, 'S an martra dom' leagadh-sa as léithe am' chúl. Do glanadh me 's an m-baiste mar sgéimh na g-colúr, Nó taithneamh criosdail sneachta ghil do shéideas chugainn Tar sleasaibh chnoic lá earraigh dhuibh 'na shlaodaibh tiugha, Cidh sgaras ris an sgabal sin, mo mhéala dúbhach! Sealad dam faoi an sgabal sin, do phléisg tig chugam, Ladrann is tarraingeann me a m-baoghalaibh pongc, Mar mhadra fá'r leanas leis air éill chum siubhail, 'Sas taithniomhach do lasainn le na shéideadh fúm. Do b' anamh chum an aifrinn ag téacht le fonn, Do dhearmadainn na salma do léigheadh air mo ghlúin, Saltair Mhuire Bheannuighthe chum Dé ní dubhart, 'S tré tharcuisne don Eaglais níor éisdios riú. Ní deacra air an ghlasradh gach braon don drúcht, Ná gainimh tig na charnaibh le taosadh tonn, A n-dearbh-uimhir, geallaim, chur a g-cléirceas dúinn, Ná peaca cruinne agam-sa cois cléibhe am' chúm. Do mhaireas-sa le branaireacht mar fhaolchoin chiuin, Ag alpaireacht gach ablaig badh bhréine am brúid; Admhuim na h-aitheanta do raobadh liom, Tré ar bh'eagal dam bheith damanta 'dir daolaibh dúbha. Ní h-eagla bheith damanta idir daolaibh dúbha, Ná taithniomh do na flaithiosaibh is préimh dom' chúis, Acht atuirse do ghlacas-sa agus léir-sgrios dúbhach, Fearg chur air Eagnacht Mhic Dé gan trúigh. Cidh measa me air dhamantacht ná aon dár shiúbhail, Maitheachas do gheabhainn-se agus éisteacht umhal, Acht sgreadadh guirt le gartha goil is eighmhe is liúgh, Chum Banaltran an Dalta ghil nár éimigh trú. Air an adhbhar san ort achraim a bhéith gan smúit, Air aingiolaibh air apstalaibh 's air naomhaibh úird, Mar thearmuin chirt tagartha go treun am' chúis Is maitheachas do gheabhad-sa má dhéinid siúd. Athair-oide bheannuighthe don chléir 'sa chrú, Carthanach beir teagasg dham dá ngéilleann tú, An gach aifrionn dá n-abrair go h-éag guidh liom, Is geallaim-se má fhreagrair nach baoghal dom pudhar. MACHTNAMH A G-CILL TUATA. Le Conchubhar Ua Ríordáin. Feuch a pheacaig, a phearsa na príomh-uaille, Chréachtaig, chealgaig, cheacharthaig, chroidhe-chuasaig, Fhaobhraig, fheargaig, fhaltanaig, fhíll-fhuadraig, Thaodaig, thagarthaig, tharcuisnig, thínn-thuaisgirt. Feuch go dearbhtha a ngeata gach cíll tuata, Air phlaosgaibh carn go breasalach buidhe air fuaradh, A sgéimh go sgamalach, marbh air díth luadhaille, A ngné gan taithniomh, gan anam, gan díon duartain, Gan léim, gan labhairt, gan dealbh, gan dlaoi ghruaige, Gan éifeacht eachtra d'aithris go grínn-chluanach, Gan cheím gan cheannas gan charaid gan chaoin-chuallacht, Dá n-éis gan d'adhbhar 'na leabhaidh acht mín-luaithreach. Le h-eifeacht dearbhtha is deacair a ríomh uainne, Cia do shealbhaig anam gach críon-truaille? Céadta d'aingiolaibh flaithis an Rígh uachtraig, Seach sgaoth do dheamhnaibh malluighthe míodh-shuaimhnis. A chléirig chleachtas a leabhraibh laoi-dhuana, Saothar teagaisg na n-apstal 's an nídh luadhadar, Séamus, Peadar, is Marcus do sgríobh stuana, Is ná déanfadh carbhas beatha ná fíonta uaibhreach. A shaoghaltaig tharcuisnig, shladaighthig, sgím-sguabaig, Do raobas aitheanta beannuighthe an Rígh uachtraig, Muna n-dénfir aithreachas fadtuirseach croidhe-bhuartha, Is baoghal gurab eagal duit breathanna laoi an uamhain. Mo leun! mo lagar! mo leagadh! is mo líon-luasgadh! Feuch cár ghabhadar draguin na m-bruidhean-t-sluaighte, Laochra mhairbh a g-cathannaibh gníomh-uaisle Béir is aithig is natharach nimhe a bpuasaibh. Feuch cá ngabhann an faraire fíor-chuardach, Saosar meardha meacanta míon-ghruagach, Do shaothraig sealbh gach cathair is cíos cuanta, Is do raobadh daingneach' bailte le buidhean t-sluagach. Na laochra leadair-sgrios leabhair-mhac Phríom uasail, Do chréachtaig Aicill tré mheabhail gé'r mhío-thuairim, An bhé thug treasgairt dá deasgaibh 'san Traoi is tuargain, A sgéimh nach aithnid seach ainimh na mío-snuadhach. Feuch air bheatha na bh-fearachon bh-fíor-shuaircis, Feuch na cathanna calma bhí a m-buannacht, Laoghaire Cairbre Cathal is Cuinn uaine, Is Aongus airmgheal ainmhear, draoi cuardach. Feuch nach aithnid a b-pearsa ná a n-ioghar stuamdha, Le léaghadh na leacan ná lasair a lí luaimneach, Beul ná dearca ná mala ná fíor-chluasa, Acht slaod do charn-chnuimh deachta 'na n-díog-uamhanaibh. Má déantar sealbh na bh-flaitheas le baois uallaig, Craos gan measardhacht, dramanna air díth suaimhnis, Beul an bhladaire ag blaiseadh gach bídh bhuacaig, Is baoth do chaitheadar apstail an Rígh a g-cuarda, Ná déineadh taisge dá nglacadh ná críoch chnuasaig, Na téigheadh 'na reathaibh air eachra ghroidhe ghruagach, Acht céadlongadh fada le teagasg gach druing tuathail As gan d'éadach aco acht bratacha rínn-ruainnig. Do réinn an t-Athair a b-parthas dínn buannadh, An chéad-fhear aguinn do dhealbhaig fíor-chuan air, Thug spéartha mara as talamh an t-saoighil suas do, Acht léigion d' abhall na h-aithne air chraoibh shuaraig. Sgéimh na n-aingiol ó bhathas a chínn d'fhuadhaig air, Ag téacht go traighthibh 'na sgabal mar dhíon fuachta, Do réinn leis marga, mhairfeadh go d-tí an uair so, Dá n-déineadh leanmhuin d'aitheanta an Rígh adubhairt leis. A n-déidh an pheaca do chealg an chríon-chuallacht, A réighteach ceasta do shatail an Rígh muardha, Aon do phearsanaibh beannuighthe an Trír uasail, Ag saoradh sleachta na h-easguine bhí a nguaiseacht. Air léigheadh na breatha do air sleasaibh an ghlínn uathmhair, Biaid cléir na n-apstal a g-creathaibh go croidhe-bhuartha, Mar daolaibh dealbh na n-aingiol a mír duartan, An t-aer air lasadh 's an talamh 'na rínn ruathair. Is faobhrach freasa na bhfearg go fíor-luaimneach, Is é le tairbhe theasdas an ghaoil-chuallacht, Méinn leisg crapaighthe cheangail gach clídh bhuain-sin, Gan déirc do thabhairt ná achairt air Chríost chuana. A Dhé na bh-flaitheas a b-peannaid do thuíll cruaidh sinn Saor-se m'anam ó chealgaibh saoíghead uatha: An daor Spiorad damanta, deamhan an fhíll uathmhair, An saoghal 's an carn-chorp cleasuightheach claoin-chuardach. Is téigheam le machtnamh na meanmna a b-príomh-uaigneas, Ag déanamh tarcaisne air thairbhe an t-saoighil shuaraig, Ag réitioch earraide an Athar 's an t-Saoi d'fhuasgail Na céadta a b-peannaid-bhruid Acheron fhíor-uathmhair. FAOISIDIN CHONCHUBHAIR UÍ RÍORDÁIN. Admhuim féin go déarach, díthreórach, A n-aithreachas ghéar tar éis mo ghníomh gnótha, d'aitheanta Dé ná déinninn tin-threóra, Is gur bh'aite liom claonta clé na clídh-fheóla. Badh chealgach craosach créachtach croidhe-chróluid Me ag sgeanadh gach sgéil go h-éitheach íogcórach; A ngealluinn níor mhéin liom é do fhíor-chomhall, 'S is mairg don bhé do dhéanfadh línn comhairle. Do b'anamh me ag sléachtadh ag taobh na g-cill-dóirse, Ag machtnamh go m-béinn mar aon don chruinn-chóiriomh, Ag amharc na d-tréin-fhear tréimhse bhí reomhainne A g-ceannas an t-saogail, ghléasda, ghroidhe-chóistig. An t-anamh do théidhinn, níor bh'é mo smaointeóireacht: Gur balbh an béal badh bhréagach bínn-sgéolach, Gan balaithe ag céadfaidh claon na príomh-shróna, 'S gur smachtuighthe faon dearc sméide an smístéora. Ní deacra raellte an aeir do chruinn-chóiriomh, Ná glasara air ghéagaibh craobh, ná coill chnósach, Ná gainimh do théid le taosgadh tuinn bóchna, 'Ná a g-cleachtuinn gach lae raobadh dlíghe an Chomhachtaig; Na ceathanna braon air fhéar ghlas fhír-neona, Nó maidion roimh ghréin air d-téacht don mhín-fhóghmhar, 'Ná peaca mar chéile céirde am chlí chomhnuig; 'S a maithiomh led' dhaonnacht Aenmhic aoird deónuig. A leabhar na d-téx sé léightear linn dóchas: Dá mhalluightheacht aon má ghlaodhann go croidhe-dhéorach, Gur a maitheachas saor a théid don ghníomh tórsa, Acht fanmhuin go réidh tar 'éis air slighe fóghanta. Athchuingim féin is éighim go glínn-ghlórach, Athair na naomh is Réx na Tríonóide, An phearsa le péin a chléibh do shaor slóighte 'S an Araid Spiorad Naomhtha réidheas gach míodhóchas, Do neartuig an chléir air m-beith déarach dithreórach, Leagaithe d'éis a raeltean rígh-eólais, Lér labhair 'na m-béal na bréithre saoisgeólta, Ag teagasg gan spéis gach aon don namhaid-chomharsain. Bé aguibh-se, a shaogail, shlaodaig, shlím-shlógaig, Nár theangmhaig mar mési a m-baoghalaibh míodhóchuis Is dearbhtha an sgéal do réir na naoimh-eolach Go flaitheas go réidh go raghaid gan millteoireacht. AN CEANGAL. A Bhainríoghain na m-bainríoghan, 'sa mhaise na m-bé, Is annsuigheacht le a g-ceannsuighthear eaganacht Dé, A chrann soillse, is greann díograis daingean don chléir, A n-am guidh ár n-an-phuimp do mhaithiomh go léir. Greann Rígh na reann í, 'na leanbh gan bhéim, Do thoghaigh Críosd gan ceannta í 'na banaltrain fé; Samhaluighim gurab ann luigheann 'na leaba an Spiorad Naomh; Mo theannta í an gach canntuighir chum freagairt am pléidh. Lann duighear dar leam í na n-anmann bh-faon, Is leabhar-chraobh gan meang í ó bharra go préimh, Dá chlampruighe me am' sgannruidheal ag galar nó ag taom, A bh-fabhruidhibh a beann-mhín-bhruit rachad mar sgéith. A g-campaoibh na lann líomhtha leadartha ngéar, A n-am dioghaltais namhaduighe dá d-tagadh go raghainn, A g-cobhaltaighibh na d-tonn taoide air fairrge a m-baoghal, Mo chabhair í 'na bh-foghluigheacht, ní h-eagal liom aon. Cé teann tighid na deamhain naimhde ó Acheron chlaon, Is an cam-shaoigeal sleamhuin slím dom mhealladh gach lae, An t-sanntuigheacht 'na splanncaoibh ag spalpadh na m-bréag, Is fann claoidhidh an mhodhmhail mhíonla a n-acfuinn go léir. Rogha Ríogh an domhain bhraoinig fhairsing an bhé, Le logha líonta a labhairt, trí na h-ainim do ghlaodhach, Is fonn línn a fabhar ghlaoidheach go d-taguidh an t-éag, Go ngabhaidh Críosd 'na leabhair-líon ár n-anam go léir. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2426 |
2,060 | Dánta as Condae na Mí | Ó Neachtain, Seán | — | Ní Fhaircheallaigh, Úna | 1728 | 18 | poetry | (B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940) | 390 | 261 | A MHUIRE ÓIGH Seán Ó Neachtain cct. A Mhuire Óigh fhionnghlan fhíor Ó cháidh sinnsear is rodhshaor, A bhile barrghlas is breaghdha bláth, A threoir gach díne daonda. Réalt iúil gach taidhean thú I gcruas crádhbha a's croí-bhrughadh, 'Bhuime ionmhuin dílis Dé, A chuilt gheal chuirp an Choimdhe. Liag lóghmhar is griandha gné Buinneán ró-fhás ó Iessé Damhna sóláis bhuidhne an bhith Ní doirbh an donas 'd'aice. Drithle lasas fiucha foinn Le siompla ceart 'n-ar n-anmuin Grian garrtha 'slánghlan lí Insging ionmhuin an áirdrígh. A ghnúis gríosnáir 's deallrach dreach An lil 'sa rós i n-aondath; Geata thú nach n-iathta ar neach Dar mian h-iarra nó h-athach. A chroinn dhíodhna na bhfaon bhfann Bhain díoruigh gan leatrom; Íce leghis chreacht a's ceas, A bheach do ní mil don domblas. A bhan-fhlaith gan fhiach gan fhuath Sláinte na ndaoine n-eagcruadh A bhuime 'sa mháthair do mhic Tú dhúinn mar tearmonn tíodhluic. 'N-allód bu mhór do mhuirn Ar chlann thóighthe mhic Calphuirn; is truagh, 'nois má shearg do shearc Orra, tá cráidhte comharc. Níor ghiall dhuit buidhin ar bith Mar shliocht bhocht bhallog Mhíle tá 'nois faoi dhaoirse Gall 'Sní fóirthear leat a leatrom. Féidir leat má thoilighean tú Gach ní nach ceart do cheartughadh Doidheanta dhuit ní bhfuil ní Neamh ó thárla an t-impídh. 'Muire, dhúinn ó thuil hádhóra Iomad duadh is díobhaladh Ó Ghallaibh ghallda gan ceart. Smachtuigh i n-am a n-ainneart. Rioghan tar gach n-uile ní Bás gan unga a's aithrigh Seir-si fhaghail dhamh-sa ó Dhia 'S duit-si an tAve Maria. Dia do bheatha a ghnáthoigh Tá lán don tsár-phór dhiadha, Tá an triath maille riotsa Shaoras puible ó phianta. Beannuighthe tú tar na mnáibh Beannuighthe bláth do bhruinne, Íosa, 'naomh-mháthair Dé Guidh orainn féin, na cionntuigh. Sír-si ar haomhnac dílis Ós é aodhair' an tréada Sinn do shaorladh ó pheacadh 'Nár mbeatha 's n-am ar n-éaga. Do sgabadh mo bhláth gach árd, ol Éire bhocht Do chailleas mo dhán 's mo chláirseach théad 'n-a tocht Mo theanga gan fáir fo tháir ag Béarla nocht Taradh-sa 'Mháire, tráth, a's féach-sa so. ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2060 |
2,228 | Dánta Bhriain Í Chorcráin | — | — | Breathnach, Pól | 1601 | 17 | poetry | (Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929) | 1,911 | 1,091 | DANTA BHRIAIN I CHORCRAIN. I. AN FEAR CEADNA .cc. Mithidh teacht a Chú Connacht doiligh bheith dot bhuachollocht beag gcomhnuidhe ort ré headh fa ghort dtonnbhuidhe dTailltean. Re hucht eachtrann anba ar neimh ataoi re hathuidh d'aimsir sírshiubhlach ag súr gach fuinn fa mhúr gcíchiubhrach gCriomhthuinn. Tearc droibhéal uait gan fhoghail cia an inis nár iarrobhair h'eang is doileanta dá dhruim soileanta leam gach luadhaill. Do treabhadh le hingnibh h'each Magh Aoi na learga um Luimneach sní fhuil magh fan Midhe a-muigh ná slighe glan ód ghreaghuibh. Ní bhí do threalamh troda a fhoghlaidh chláir Chearmoda fa chlár sean féaruaine Floinn feadh éanuaire ar ealchuing. Ní luighionn fear a gcrích Chuinn ní beantar d'eacha a hughaim sibh do thogaibh fraoch na bfear ní chodail laoch dá luigheadh. Ní fhuil éanmhagh gan leacht laoich fa Eirinn an fhóid ghéugmhaoith ní fhuil lios im bheinntribh Breagh gan chrios dteintigh na thimcheal. Tug tusa a mhic Mheug Uidhir bha imlibh fhuinn ríoghfhuinidh a slán fa ionráithne an uilc iolgháirthi ar lár gach longphuirt. A-déurdaois daoine eli go dtugais tuar oirbhire na mnaoi bhuaidhirthi bean Chuinn sluaighshirthi ar feadh gach fearuinn. Cuairt Mhidheach laithe a Laighnibh seal a Mumhain mhíonaibhnigh lá a gConnochtaibh cuid dot nimh dhuid a dhonnaltaigh dhíllidh. Láimh re Luimneach lá oile lá láimh le cuan Corcuighe do bhéaruinn th'eangrais gan oil a theannbhrais shéughuinn shochroidh. Imli Caisil creachtar libh eangrais do loiscti a Laighnibh a ghnúis naoidhe ar nach gcuir cneidh is faoidhe guil um Ghaillibh. Atá gach laoi ag éirghe ort fala ar fás a Chú Connocht ód chleathomnuibh s as cáir dhuit a leathfhoghlaidh chláir Chormuic. Ot fhoghluibh a nInis Fáil do líonsat dár bfuath d'eanláimh giodh leagair dhúin ad dheaghaidh a dhreagain mhúir Mhuireadhaigh. A ndernais theas is thuaidh is ar fhuilngis ann d'anbhuain a Mhéug Uidhir dá bfiar fiodh duiligh a thrian do thuiriomh. Ní cás a bfuairseat d'fhagháil Gaoidhil príomhphuirt Partholáin a dhreach úr fa síothláidh sriobh ós síothcháin dhún a dheiriodh. Gníomh gach aoin romhat sa réim d'fhuil uaibhrich Eachaidh Doimhléin beag ar neart ad chló ro chin do theacht is mó ioná mithidh. - Mithid teacht II. BRIAN Ó CORCRAN .cc. Coimhghe Críost fa Choin gConnocht rí an bheatha dá bhuachollacht barr fionnbhuidhe folt na mionn go tocht d'ionghuire Eirionn. On ló do thriall san tar tuinn gan tocht a-le ó Lunnuind sgeallán úr Achaidh na bFear Athair na ndúl gá dhídean. An tAthair is Mac Muire sa Spiorat naomh neamhdhuidhe na múraibh fa chorp í Chuinn go tocht ar gcúlaibh cuguinn. Go dtabhruid na theanguidh toir máthair Iosa sna hEasbail glór sáimh gan oilbhéim gan oil do choimhréir cháigh do chantoin. Mo chompán mo dhalta dil mo chaoimhtheach leaptha leinibh coimhéad a Dhé deaghshlán damh mo dhearbhghrádh é agus m'iomchar. Mo chuileán do chuan na Con riamh nár traothadh a dtachar mo bhruineagán ionmhuin m'fhuil m'fhuileagán d'fhiodhbhaidh uasuil. Mo dhíon é codhnach mo chraidh m'fhear faire feadh an chogaidh léig fam bhreith a Dhé damsa an té dár fheith mh' anamsa. Mo mhionn súl seadh mo chuim mo leanamh é ar eadh n-altruim díon na gceall ón mBóinn mbreacglais mo cheann óil is oireachtais. Mo leomhan leadarrthach lonn mathghamhuin críche Cualonn fear feithimh críochmhagh gCnoghbha beithir fhíochmhar allmharrdha. Crann cumhra na n-ubhall óir tús m'aoibhnis earr mo dhobróin cruas cloidhimh lé cogar gcath tobar oinigh na nUlltach. Eó Eirne na n-eas n-uaine samhuil Chon na Craobhruaidhe traothadh foghalchath fóid Bhreagh cobharthach na gcóig gcóigeadh. Ua Seaáin mic Cuinn gnúis ghlan sreabh fhíorghlan d'fhuil na nIarladh lóchrann léir an chraoi-si Chuinn rom chnaoi-si a léim go Lunnainn. Dearlaic a Dhé dá dhreich nduinn geimhreadh sáimh earrach áluinn foghmhar soileanta is séimh goimh is gréin soineanta samhraidh. Go dtí slán tar sruth a-le nár léige mórMhac Muire ceann ó gColla laoch nach lag gaoth ná tonna gá thoirmeasg. Guidhim Dia nach dóigh bhréige Cú na gCon mac Mairgréige gan m'anamhuin ré a éag sin géag do ghlanfholaibh Gaoidhil. Tar gach ní dá ndearna sin a gcrích fhuairimligh Eimhir toil gan tíosg oirbhe gan olc coimhghe Críosd fa Choin Connocht. - Coimhghe III. AN FEAR CEADNA. Cian do chuairt a Chú Connacht dá bfheasta a bharr bhachollnocht iath Eirne ann fa eire badh ham déinmhe deifeire. Mar atá an tír leath ar leath dá bfeasta sa a chúl fáinneach búdh cúis truaighe an dáil duitsi tar chuaine an chláir Chormuic-si Gan gean gáire gan ghlór grinn truagh fian Eirne tar Eirinn fáth a mbróin as cneadh chroide a bfleadh óil a n-eólchoire. On ló do thrialluis tar lear atáid cách cuid dá n-imneadh adhbhar bróin dot ghruaidh ghealtais gan buaidh óil ná oireachtais. Urlann do lis gan lúth greagh gan chongháir gan chur gcraoitheadh dob annamh riamh roimhe a-niodh a chroidhe gliadh na nGaoidhiol. Ar Loch Eirne an inbhir ghloin gan fhaicsin uain bhar n-arthraigh deór le gruaidh Manchoigh ní mall le fuaim arthraigh na n-eachtronn. An tír ar gach taobh do loch mar do chíd cách gan chodhnach beag le gach aon cuid dá chrodh ná tuig nach taom dot thurnamh. Ag rí Saxan slios mar chailci bíth mar chách na chumairce mar as gar dá fheólfhuil t'fhuil fagh tar dheóraidh do dhúthuigh. Gá dtámuid ris a rún glan d'fhurtocht éigin do thalmhan slán tar tuinn go dtí tusa a chlí fhuinn na hEamhna-sa. Mar a-deirim séuntar libh más éidir a Mhéug Uidhir a chinn sluaigh na dtachar dte ar n-athchar uaibh as aince. - Cian do V. AN FEAR CEADNA .cc. is truagh sin a Chú Connocht ionnsa a eurla fochannocht a dháigh aisgeadha chláir Chuinn gan dáil t'fhaixiona againn. Teacht do bháis a mbéul gach aoin gibé lé'n maith a mhacaoimh do thabhaigh na deóir óm dheirc t'aghaidh fa dheóidh ar dícheilt. Is an Eadáill anba an t-olc más fíor bás mhic Con Connocht och och agus achán uch clachán cloch ar mo chaomthach. Mása deimhin a dhearc mhall h'adhlacadh a n-iath eachtrann truagh a Dhé dá madh dleacht sain gan mé sa bfeart at fhochair. Truagh nach tú atá dár gcaoineadh a bhas fhola fionnGhaoidheal bheith dot chaoineadh do chlá sinn níor saoileadh trá go dtáirfinn. Gidh mór n-olc ler hanadh inn romhuibh si cruaidh an créidhim do chuaidh a gcuimhne óm chroidhe gur dhuilghe uaibh m'eólchuire. T'éug dearbhtha sa a chiabh na gclann mar do aithris uaibh Eumann mo chroidhe fa céad do bhris s gach éag oile dár aithris. - Is truacch VI. AN FEAR CEADNA. Mochion dot bhronnadh a Bhriain a mhic na flatha a finnChliaidh a aistrigh an toirbheirt truim h'aisgidh budh oirdheirc aguinn. Ní chuala go bfuair ollamh meadh don aisgidh fhuaramar dot ghruaidh dtaighleach téid a mheas tar mhéid ainbhreath na n-éigeas. Cearc Bhoirche féimhe Rosa fuair clú d'fhine Fheargosa gér chuis iomráidh a hainm sin ní gairm ionráidh mar aisgidh. O Mhaoil Sheachluinn eacht oile d'ardollamh fhóid Ughoine níorbh iongnadh tarla ar a thoil fionnbhrugh Banbha ré bliadhuin. Níor chosmhail a chur a suim síneadh cinn do Choin gColuinn d'fhior tuaighe tainic tar sál ó ráinic uaidhe iomshlán. Eochaidh éuchtach na n-arm nglan ní tug acht éunshúil d'ollamh giodh toirbheartus do thuair teann le bfuair oirdhearchus Eireann. Do dhearlaic sibh si a sé a shuim tré bheith na amhgar oruinn do dhá ghoirmdhearc damsa am dhall almsa bhús oirdhearc agam. Do bhéuradh a bharr na mionn da madh leis aoibhnios Eirionn ar son a radhairc rún grinn dhúinn sa thabhairt fa thuairim. Gibe do bhronn a dhá rosc fa chrodh ní cóir a theagusc barr gleannach dá dtarla ar dtol eallach Banbha do bhronnfadh. A dtugsat cách beag a bhrígh d'Aithirne is d'Eochaidh éigsin ar mheas lóigh na ngormrosc nglan an dornosc óir níorbh iongnadh. Ní thuigim nach feart féile fuarus uait gan aimhréidhe do radharc a thaobh mar thuinn san t-amharc ar-aon aguinn. Gá dtámuid ris ní rádh bréige go bráth a mhic Mairgréige biad mar mhalairt mas lór lat do lógh bhar n-amhairc agat. Go n-íoca Dia red dhreich ndil bronnadh le léighim litir is ré sgríobhuim seal mar so mochean d'fhíorroinn m'anma. - Mo VII. BRIAN O CORCRAN .cc. A theachtaire téid budh dheas gluais romhad sa raon díleas triallaidh ó thulaigh na Niall siaruin go Mumhain Mhaicniadh. Ria ndul siar sa slighidh duid déuna cuairt ag mo charuid lán súl nach seachuin frosa Eochaidh úr O hEoghusa. Cuirfe sé sa slighe sibh a gceann chloinne Mhég Uidhir cúpla robhog dá dtá ar dtoil a-tá romhad dár rioghnaibh. Faic thiar a dtús dála Róisi an ríoghan roscmhálla mo chroidhe a-nú is lé-si a leath dá héisi a-tú go toirrseach. Ceirtleath oile m'anma thiar atá a Mumhain mhic Mhaicniadh faic Mairghréag nach dúr ndealbha an phailmghéag úr fhíneamhna. Dá bhaincheann bhan nUladh sás gach aignidh d'ardughadh ba doiligh righe ré a rath slighe onigh na nUlltach. Beith na n-éugmais do mhear me clann leomhain Locha hEirne dias as múnta a mBanbha Bhreagh cúpla tarrla dá dtoirneamh. As leun lemsa leun na mban mar atú sa is léan leó-san tar ar dtairm a dtír Logha gan gairm dhínn acht deoradha. Iadsan ar-aon is misi fóir a Iosa ar n-ainnisi san t-ál do hionnarbadh linn fa chlár fionnardghlan Féilim. Ainrias Easbal mo chridhe cara m'anma d'áiridhe ar iúl nimhe múineadh me slighe ar nár dúineadh doirrse. - A theachtaire téi VIII. O hEODHUSA .i. EOCHAIDH .cc. A Bhriain Mheg Uidhir éist roinn tabhair dot úidh a n-abroim mór mo chóir ó th'athair ort rathoil ní dóigh gan dúthracht. Eisd riom go gcuirinn a gcéill mo dhúthchus red dhreich mhínréidh sé do dhearbhuirre m' annsa fa leam uille th'athor-sa. Fa leam céadrogha cholg nocht rún as cogar Chon Connocht togha greagh srólbhuidhe seang is eadh n-órdhuidhe is fhicheall. Fuaras a Bhriain a bharr nocht fós ó Aodh mac Con Connacht duas ollaimh dá uair nó thrí buaidh a bhronnaidh ní beírthí. Do chuirfeadh ina cheann sin da maireadh Aodh Mhag Uidhir slán re reulluinn chuaine Cuinn do gheubhainn uaidhe a n-íarrfuinn. An Cú Connocht Og sa ann fuarus uadh gach ar iarrsam s ní nár iarrus uair nó dhó níor thriallus uaidh fa iarghnó. Cu Connocht Aodh sa n-athair ger thréan iad ar Ulltachaibh trí thighearna nár thuill béim ruinn níorbh infheadhma iadséin. Ar son go mbeardaois buaidh gcáigh do bhearuinn si orra d'éanláimh tar bhuaidh a gcraobhlann gcorcra buaidhle haonrann adhmholta. A Bhriain na mbronntadh n-abaigh cuimhnigh trá mar thugadair tri rathoil bhias gan bháthadh th'athair do dhias dearbhráthar. Muna bfuil sé d'fhiachaibh ort damhsa na déana dúthracht a rinn céaddochar cnuic Bhreagh ar méadochadh duit dlighthear. Dot ghrádh féin feirde ar gcumann a bharr fithe fochandonn ó chridhe a-tám ar do thí s do ghrádh na fine ó a bhfuití. A Bhriain Uisnigh óras dáin ar dhá gcridhe is gcúis teasgráidh leig dhamsa a n-uaim re r-oile fuaigh m'annsa ret ionmhoine. A mheic Mairghréige ó mhúr Fhluinn a ghrádh carthonach cumuinn a dhíontor na bfear bfoghla da líontor teagh togharma. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2228 |
2,562 | Dánta Dé | — | — | Ní Ógáin, Úna | 1700 | 18 | poetry | (B.Á.C.: O.S., Muinntir C.S. Ó Fallamháin Teo., 1928) | 8,303 | 2,487 | {N L345} {L 1} {B 17--ls 18L} {G L} {U 0201} {C Fil.} {M 8} Bí, a Íosa, im' chroidhe-se i gcuimhne gach uair, Bí, a Íosa, im' chroidhe-se le h-aithrighe go luath, Bí, a Íosa, im' chroidhe-se le cumann go buan, Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, ná sgar, Thusa, uaim. Gan Íosa mo smuainte ní thaithnigheann liom féin; Gan Íosa mo sgríbhinn, nó foghar mo bhéil; Gan Íosa mo ghníomha ní maith in san tsaoghal, Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, bí rómham is mo dhéidh. 'Sé Íosa mo Rí-se, mo Chara is mo ghrádh; 'Sé Íosa mo dhídean ar pheacaidh is ar bhás; 'Sé Íosa mo aoibhneas, mo sgáthán do ghnáth, A's a Íosa, 'Dhé dhílis, ná sgar uaim go bráth. Bí, a Íosa, go síorraidhe im' chroidhe is im' bhéal, Bí, a Íosa, go síorraidhe im' thuigse mar an gcéadn', Bí, a Íosa, go síorraidhe im' mheabhair mar léigheann 'S Ó, a Íosa, 'Dhé dhílis, ná fág mé liom féin. Ámen. 2 A Dhia uile-chúmhachtaigh shíor-bhuan, Mise spioraid bocht daor talmhan; Úmhal adhraim Thú annseo láthair Ar neamh, ar thalamh, is gach ionad. Creidim go daingean ionnad A Fhírinne phríomh-árd; Tá dóchas agam as Do thrócaire Agus as Do gheallamhnaibh. Gabh uaim, a Thighearna, (nós na baintreabhaighe) Fíor-bhuidheachas ar son Do thiodhlaicíthe; Is aithreach liom-sa ó mo chroidhe Fá d'fheirg chóir a thuilleadh. A Dhia d'fhulaing ar mo shon Ar Do shon féin grádhuighim Thú; Go mbadh taoisge dham an bás do thoghadh 'Ná claonadh óm' gheallamhnaibh. Ofrálaim do mhéad Do ghlóir' go h-árd Gníomha an lae seo, cé beag iad, Cé tarcuisneach tré m'ain-dhílseacht, Greamuigh d'uasal-luaidheachtaibh Críost iad. 3 A Rí na glóire is mó daonnacht, Coimirce m'anma maidin 's oidhche Ort! Athchuingim Thú, a Rí na righthe, Shlóighte aingeal is abstal naomhtha, Gidh nár thuill mé Thú do mo chaomhna, A Dhia do chruthaigh flaitheas is tíortha, As gleann na ndeór saor mé, a Rí dhíl, Mar shaorais Ábram is Ióseph naomhtha; Mar shaor Tú Pól do bhí ad' dhíbhirt Ó ghlasaibh an diabhail mar soitheach naomhtha; Mar shaor Tú an gaduidhe 'san gcroich chéasta, Saor mé an peacach, a Rí na féile. Ní dheachaidh Do ghlóir-se fós a dtraochadh, Is ionann anois 's aréir 's indé Thú. An uair seo anois is tré shaoghal na saoghal Is Ort féin cuirim m'impidhe déidheanach, A Athair, a Mhic, 's A Spioraid Naomhtha, Bígidh nBhúr ngárda ar gach taobh díom. 4 A Íosa mhilis, a Mháighistir 's a Dhia, A Fhuasglóir oirdheirc ainglidhe, Féach d'ár laige 's ná leig ár gclaoidhe Le tonnaibh buadhartha an pheacaidh. Féach le Do shúilibh beannaighthe anuas Is dídinn sinn ar mhór-ghuais; Cuimhnigh, a Athair, gur sinn Do chlann; A Mhaith gan cuimse, 's Tú agraim! 'Íosa, a Dhia is a Dhuine fhíor-mhaith, Ó nach bhfuil neach maith go fíor, A Chruthuightheoir Flaithis is gach nídh, Go maithighe Tú dhúinn ár bpeacaidh. Maith dhúinn ár gcionnta 'h-ucht na Páise A Mhic na h-Óighe, tréd' mhór-ghrásaibh, Ó cheannaigh Tú cách le fuil Do chuim, Ná déan ár gcuibhreach i ngeibhinn. 'S gach nídh dá ndearnadh id' aghaidh-se Le smaoineadh, gníomh nó labhairt; Go nglanaidh Tú sinn ann-seo abhus Sul a nglaodhtar orr'n chun cúnntais. {B 1802-30ls 19T} {U 0401} 5 Rí na gcómhacht dár ndíon gach ló 'S dár gcoimirc ar shaighdibh nimhe an tslóigh; A Laoigh na h-Óighe, sgaoil ár mbrón, Is ná leig sinn do chlaoidh 'san ngleo. An lá seo iarraim buadh ó'n Athair Atáim ag triall ar Uan na bhFlaitheas; Grása an Tighearna anuas go dtagaidh Am dháil go bhfuigheadh mé buadh ar an bpeacadh. Mo Ghrádh-sa an Liaigh do ghluais dár gcabhair, Fuair Páis is pian ar mhuar-chnoc Calbhair, 'S ba shlán arís ó'n uaigh ar maidin, Anáirde ag triall fá thuairim 'Athar. 6 Rí na naomh dár ndíon gach lae Ar shaoigheadaibh daora an dhiabhail Noch bhíos go géar ar tí gach naoimh De chlainn bhoicht Éabha riamh: Mo mhile léan-sa claoidhte faon Faoi gach éiliomh dian, Acht tríot-sa, a Aon-Mhic dhílis Dé, Go dtigeam-na saor ó phian. {B 1818-19ls 19T} 8 A Rí na ngrás thug slán mé ón oidhche aréir, Buidheachas naomhtha do gnáth do Rí na gCréacht; Do bhrigh Do Pháise, a Árd-Mhic, dídean mé saor Ó ghníomharthaibh Shátain gach lá is go crích mo shaoghail. 'Athair na gcómhacht fóir mé ó phéist an uilc Anns gach anach a ngeóbhad san ród 'n ar méin liom dul, Go cathaoir (Do Ghlóire) a gcómhnaidhe téidhim ar dtús 'S a n-ainm na trócaire treóruigh féin mé indiú. {B 18--ls 19T} 10 Paidir mhilis thrócaire Atá lán de ghrása Cuirimid-ne chugad-sa Dár gcaomhaint ar ár námhaid, Ag luighe dúinn anocht Is ag éirghe dúinn amárach, In onóir na Trionóide 'S i síothcháin na Páise. A Íosa mhilis thrócairigh, A Mhic na h-Óighe cúmhra, Sábháil sinn ar na piantaibh 'Tá íochtarach dorcha dúnta. Leat a ghnímíd ár ngearán Óir is agad 'tá ár bhfóirthin, Seachain inn ar an tseachrán Is cuir inn ar an eolas. {B 1818-19ls 19T} 12 (Bíodh) Aingeal an Ríogh 'na shuidhe ar mo ghualainn dheis, Am' leabaidh am luighe ad líon chun suain mé beir; Aithchim Do ghuidhe dhiadhachta dom fhuasgladh a bruid Is gabhaim Do dhíon 'san oidhche ó shluagh gach coir. fá'd dhíon, a Rí do shín Do ghéaga ar chrois Is d'fhuiling tríot na mílte céadta loit, Luighim-se síos fá dhíon Do sgéithe anocht, Am thimcheall fíoghair ar Chrainn do chéas Do Chorp. {B 1928 >19} {G U DG} {U 3001} {C Fil.B} 18 Is peacach bocht mé fé ualach trom, A's méad mo pheacaidh is aithreach liom; Acht admhuighim creideamh Dé do shíor, Le grádh óm' chroidhe is le dóchas fíor; O bhun na croiche glaodhaim suas, A Íosa, a Thighearna, claon anuas. Anois agus ar uair ár n-éag' Taobhaigh dúinn-ne síothcháin Dé; Is cruaidh na glais a cheanglas mé, Saor mé, a Chríost, ar olc 's ar éag. Go moltar linn go fíor gan mhaoidheamh An t-Athair, an Mac, 's an Spioraid Naomh. {B 18--ls 19T} {G L} {U 0401} {C Fil.} 19 Athair na bhFeart, och glac mé arís duit féin, 'S ná h-agair gach beart mhí-cheart ó thúis mo shaoghail; 'Sé m'anam go ceart do cheannuigh Críost go daor, Anois réidh mo cheasna is feasda bím-se saor. A Naoimh-Spioraid thréan do naomhuigh na h-apstail go léir, Le teanga teineadh 'chuir friotal ar dtúis 'na mbéal, Do bhronn ortha meisneach gan luighe do réidh a gcúis, Ná tréig-se mise óir cuirim mo ghéar-ghuidhe chúghad. A Chríost cá gcasfad m'athtuirse acht chugad arís Do chruthuigh 's do cheannuigh mé, a Chara mo chléibh 's mo chroidhe, 'S gur Tú 'thearmuin Madaléana is Dáithí Rí Agus Peadar abstal le'r séanadh Thú fá thrí. A Árd-Spioraid neamhdha na gcúmhacht, ar uair an ghábhaidh, Ná fág, ná tréig, 's na léig mé i lámhaibh mo námhad, Díoghaltas ná déan ar chréatúir dona mo shórt, Is Do thrócaire féin nach féidir a stad le teór'. Teóra le d'thrócaire, a Mhóir-Rí, claoidhe nó spás, Níorbh eól do'n domhan fós ó aois go bás, Gur Tú 'chuir mór-mhuir ar cómhluinn is féar ar fás; Anois led' lonnradh déan treóir dúinn go flaitheas na ngrás. 20 A Rí ghil ghlain aoibhinn na ngrás, do bhí is atá is bhéas buan, Do chruinn-chruthaigh clocha is áird, is chuir deighilt 'dir an lá is an suan, Do rinn' mín-mhuir 's gach nídh innte 'snámhann do dhaoinibh, 's ar bhántaibh 'chuir buaibh, Ná cuimhnigh ár gclaonta do thrácht, acht bí-se linn fábharach neamh-chruaidh. Níor fhulaingís peannaid na Páise a leith nach sábhálfuidhe Do shluagh, Gach a leanfadh gan masladh gan cháim Do reacht is Do ráidhte go buan; Do gheallais do shleachtaibh Síl Ádhaimh, an té ghlacfadh an crádhnas, (cé mór Droch-bhearta a bheatha le tráith,) na flaithis le fágháil dó mar luach. A Chríost ghil, a chaoin-Mhic na h-Oigh', gan críne, gan ceo ar bith, gan cluain, Thug díol a ndroch-ghníomharthaibh an tsaoghail, is Tú sínte fá bhrón ar chrois chruaidh, Do leig naomh-fhuil Do Chroidhe síos go feoir 'nar nigheadh sinn ó chómhachta an deamhain, Déan díon dúinn ó'n gclaonacht gach ló, agus roinn linn do thrócaire go buan. Dá bhrígh sin, a Íosa na gcómhacht, tá caoin geanmhar glórmhar gan ghruaim, Cuir naomh-aingeal taoibh linn, a Stóir, go sínfear ar feóch' sinn 'san uaigh; Lá faoisdine ghníomhartha na slógh, nuair suidhfidh Tú ar bhórd an Chnuic thuas, Ná cuimhnigh ar sinn 'chur a mbrón, a dteintibh dubha dóighte na ndiabhal. An Dara Roinn. A Naomh-Spioraid chaoin ghlégil gan cháim, le furtacht tig láithreach anuas, Bain crotha as an gcloich 'tá am lár-sa, Duit féin gabh suidheán ann go buan; Óm' rosgaibh leig srotha le crádhnas a ghlanfas mo cháinte 'bhfad uaim, Déan leanbh díom d'Athair na ngrás, le a mbeinn am dhearbhráthair ag an Uan. Mo bhrollach dod' thorthaibh bíodh lán, 's dod' thiodhlaicibh shlánaigh an sluagh; Cuir meisneach ar m'anam atá lag marbh spadánta le fuacht, Tabhair deoch dí as tobar na ngrás, is beathaigh í, - tá sí 'n a truagh Is nuair sgarfaidh sí amach as mo lár, beir leat í ar Do láimh dheis go buan. Gríosaigh mo chroidhe ionam tá 'n a chruinn-charraig cráidhte claon cruaidh, 'S fan taoibh liom gach oidhche 'gus lá, is déan díon dom ó chleachta an diabhail; An t-am críochfair linn aimsir an fháin, beir leat sinn do láthair an Uain, Ag caitheamh geal-bheatha na ngrás, idir abstal is arc-aingeal' suthain. Ó a Thighearna, a Dhia na gcómhacht, atá iadhta in aon-ghlóire amháin, Cé h-adharthar gach Dia do'n Trionóid, is Aoin-Dia Thú is ní triúr, Tabhair féachaint go fialmhar is fóir, ár dTighearna do thógas Do rógha; Ceart-dhírigh ad Shlighe sinn gach lá, agus díonaigh ó chómhgar ár namhaid. An Coimh-Cheangal. A Chríost ghil, a Chaoin-Mhic gheanmhair na h-Óigh', Tá roinnte ar an líon-se 'bheir taithniomh do T'órd, Cuir an Naomh-Spioraid taobh le n-ár n-anam gach ló, Is déan díon dí nuair shínfidh Tú an cholainn ar feóch'. A Aoin-Mhic cheannsaigh an Athar 'tá gan gruaim, Led' luit bheannaighth' do cheannaigh iomlán an tsluaigh, Nuair shuidhfidh Tú ad bhreitheamh ar an árd-chnoc thuas, Ná díbir sinn go h-Ifrionn, áit na ndiabhal. A Íosa a Mhic mhín Mhuire d'fhulaing an Pháis, Do bhí a gcuibhreach Dia hAoine is do cuireadh chun báis, Aoibhneas neamh-chríochnuighthe Fhlaithis na ngrás, Roinn go neamh-choimseach é linn-ne is le cách. {B 16-- 17L} {G L} {U 0201} 26 Dia do bheatha, a Naoidhe anocht Do ghabh ad' Dhiadhacht daonnacht, - Dár saoradh, a Chnú chroidhe, A bhrú mhaoth-ghlan Mhaighdine. Anocht do b'ísiol d'ár bhFlaith A gcró chumhang an asail; Mo chean le a tháinig dá thoil, d'ár 'fhágaibh neamh um Nodlaig. Gaol is grádh, trócaire is toil, Le dtug Dia a Mhac dá mhalairt d'ár ndíon ar chathair na gciach, 'Rí is Athair is Aoin-Dia. {B 1679ls 17D} 27 Dia do bheatha idir asal is damh gan riar, Is Dia do bheatha-sa ad' leanbh ad' Fhlaith gan ciach, Is Dia do bheatha-sa ód' fhlaitheas go teach na bpian, Is Dia do bheatha-sa ad' Athair, ad' Mhac, ad' Dhia. {B 1815 19T} {U 0423} 28 Eóghan Caomhánach, 1815. Mar threóraigh Dia a gcian na righthe anocht, Ar lorg an Tí do thriall dár saoradh ó'n olc, Go leanam-na A rian mar iad le géar-shearc Dhó, Is go maithidh ár bhfiach' go fial, 's go ngéilleam Dó. {B 1664ob 17L} {U 0127} 35 Tháinig Íosa tré ár gcoir Do neimh anuas ó'n Athair, 'S do dhóirt fuil A chuirp uile Ar ár ngrádh tré thrócaire. Ar dhóirt gach mairtír dá bhfuil Ó thúis go deireadh domhain, Do ba mhó sgéal braon de'n fhuil Dhóirt Íosa tré ár gciontaibh. Fuair Críost bás croiche ar ár son, d'iarr orrainn ár gcroich d'iomchar, 'S ár dtoil do chur le n-A thoil Agus É féin do leanmhain. Cóir a bhuidhe le Dia díl Ár mbreith i n-aimsir creidimh, Is Críost do leigheas ár gcoir; 'S gan adhradh duit, a shaoghail. {B 1928 >19} {G U DG} {U 3001} {C Fil.B} 36 Caoineadh na h-Aoine. A Íosa mhilis, a d'fhulaing an Pháis Ar chrann na croiche, 's Tú claoidhte chun báis, Badh mhór Do dheacair go dtáinic an lá, is daor do cheannaigh Tú peacaigh Shíl Ádhaimh. Och ochón í! Och ochón ó! Och ochón í! 'S é mo bhrón go deo. Cad chuige nár ghol Tú nuair léigh Tú an Pháis? Cad chuige nár ghol Tú 's Tú gaibhte dod' bhráith? Nach iongantach nár ghol Tú nuair chuaidh an tsleágh ann Do lár, 'S gur ghol Tú fá'n peacach 'bheith i n-Ifrionn go bráth. Bhí an Mhaighdean bheannaighth' 'n A dhiaidh 'san sráid, Ar rian A chuid fola, - 's Í farsaing le fághail "A Eoin, a thaisge, níl mo leanbh le fághail!" "A dheagh-bhean bheannaighth', gheobhair A thuairisg ar ball." Is peacach bocht mise chuaidh i dtréas ar Dhia, Le smaointibh malluighth', 's le glórthaibh bhéil; Tá mo shúil go daingean ar aon-Mhac Dé Glóir na bhFlaitheas go bhfuighid Síol Éabh'. Tá Dia 's na Flaithis, tá A chabhair le fághail, Tá sé sgríobhtha le Peadar, is béidh go bráth, An té silfeas le h-aithrighe fras-deora go leor, An té chaoinfeas fá'n pheacadh, go bhfuighidh sé'n ghlóir. Och ochón í! och ochón ó! Och ochón í! 'S é mo bhrón go deo. {G U AM} 37 Aoine an Chéasta. Dán na h-Aoine. I. (As Condae Árd-Macha) 'S í seo an Aoine thuirseach bhrónach, 'S'í seo an Aoine chaointeach dheórach, Ó a chlainn Ádhaimh, cruinnigidh go brónach Go rachamaoid ag caoineadh Aon-Mhac na h-Óighe. Óir is í Dia h-Aoine nár fhan sí dá cóiriugh' Gur shiúbhail sí an fásach gan snáithe bróige Ag iarraidh a h-Aoin-Mhic, 's gan aicí an t-eolas, Gur casadh fuil Íosa ins an ród dí; "A Mhic na gcumann, 's a Mhic na páirte, Nach minic a dúbhairt Do Mháthair féin leat Cibé pian no polladh a bhí i ndán duit, Is mise féin a gheobhas an t-aon-bhás leat?" Chrom sí síos uirrí dá pógadh: "Is é seo an bealach a ndeachaidh m'Óig-fhear! Nach cruaidh a cheangail siad É le córdaibh Nuair thug Sé Fuil A Chroidhe dam go bhfaighidh mé an t-eolas"? Chrom Sé A cheann, is badh dheacair Dhó a dhéanamh; "Is í seo chugam Mo Mháthair ghlégeal, Déantar bealach dí tríd an Ghárda." Do thóg sí a dhá láimh geal' i n-áirde; "Ó a Mháthair chumainn is a Mháthair chráibhtheach Tá Mé fulaingt ar son clainne m'Athara, Tá Mé fulaingt ar son shíl' Éab' agus Ádhaimh, Agus béidhmid go fóill agus inn-ne cruinn i bPárrthas." II. {G U DG} (As Oileán na Cruite, Dún-na-nGall.) 'S í seo an Aoine thuirseach, bhrónach, 'S í seo an Aoine a siltear na deora, Le h-uisge Do chinn, a chúig míle Stóirín, Agus allus fola le Do mhaladhaibh ró-ghlan. A Athair ghrádhamhail, is cráidhte a bhí Tú Ad' sheasamh lár an ghárraidhe faoi tháimhnéal na h-oidhche, Bhí na srutháin fola 'teacht anuas ar gach taobh díot, Is tú smaoineadh ar an bhás 'bhí le fághail agad Dia h-Aoine. Nuair a chuala 'n Mhaighdean Bheannuighth' gur gabhadh a h-aon-Mhac, Níor fhan sí le n-a ceann deas a chóiriugh' nó a ghléasadh, Shiúbhail sí an ród gan aon snáithe bróige, Ag cuartugh' a h-aon-Mhic a thug na Iúdaigh leobhtha. Do thárla fuil Íosa go h-ísiol 's an ród dí, Do chrom sí síos agus thug sí póg dí; "Ó nár chruaidh do cheangail sibh mo chúig mhíle Stóirín, Is í fuil A Chroidhe 'stígh a rinne dham an t-eólas." "Tá a gcuid chlaidhmheach' leo, a's iad ró-líomhtha, Le h-aghaidh Thusa 'chasgairt, a Éin-Mhic, Íosa!" ... Sin chugaibh Críosd agus É lom tárnochtuighth', Ceangladh do philéir É ameasg A dhearg-náimhdibh; Na céadta buille de na sgiúrsaibh a bhí líomhtha Buaileadh sin gan chosnamh ar A cholainn naomhtha. d'fhéach Sé 'n-A dhiaidh, cidh gur mhór chruaidh A ghéibheann; "A Mháthair ró-mhilis, a's a Mháthair dhíl Mo chléibhe, Déan tusa foighde mhór indiú a's amárach, Agus béidhmid i gcuideachta go fóill thuas i bPárrthas: Béidh aingle na bhFlaitheas 'breith greim bárra lámh ort!" "Is minic minic a dúbhairt leat do Mháthair, Cé'r bith píonnos no buaidhreadh a bhíodh i ndán duit Gurbh Í Do Mháthair féin a sgaoilfeadh (Do) dhá lámh leat. Is doiligh damh 'n dhiaidh sin an fhoighde sin a dhéanadh, 'S mé ag amharc ar mo Leanbh bhán, 's É pollta le tairgnibh!" - Bhí Sé dul i laigeachaibh, a's É ró-chlaoidhte, Ag amharc ar an drong bhí ag cruinniugh' ar gach taobh de. Cuireadh culaidh amadáin air aríst, Ó! 'n dhéidh sin, Boltaí ar A bhosaibh a's púcóg ar A éadan, Coróin spíne ar A cheann, de na deilgnibh ba ghéire, Crann na croiche ar A ghuailnibh le geall ar A chéasadh. Thug siad go Sliabh Cealbhairí É is bhain siad de an t-éideadh, Stróic siad an fheoil anuas ó n-A chréachda, Thug siad cupán domblais Dhó, 's a Dhia! nárbh í 'n deoch ghéar í! Eadar dís de na bitheamhnaibh do rinne siad A chéasadh. {B 17--ls 18T} {G L} {U 0201} {C Fil.} 39 A Rí na cruinne do cheannaigh sinn go daor Ad shíneadh a gcrois ag fulaing fíor-ghoin créacht, Ó'n saoghal so abhus, nach bhfuil ann acht aoibhneas baoth, Sgaoil sinn-ne uile riot do d'ríogh-bhrugh féin. A Rí naomhtha dhaonnachtaigh fuair peannaid is páis, Guidhim féin go síothach séimh Thú, is freagair mo chás, Ó sgrios baoghalach laoi an tSléibhe beir m'anam leat slán, Le linn m'éaga bí taobh liom dom chabhair ó'm námhaid. 40 Cuimhnigh a dhuine, gur thrí d' choirthibh do céasadh Críost Chun sal an pheacaidh do ghlanadh do phréimh-shliocht Aoibh; Ó dhóirt A chuid fola chun sinn-ne go léir do nigh' Bíom dá shíor-mholadh go h-osnadhach déarach choidhch'. Ar lár mo chroidhe-se, a Rí ghil na bhFlaitheas naomh', Adhain teine an Naoimh-Sp'raid, mar 's caora tá 'bhfad ar strae mé, A lasaighfeas m'inntinn chun gníomhartha na n-olc do thréig', 'S a chuireas díbirt as mo smaointe ar bhaoise an tsaoghail. Míle glóir don Athair ghní gach ribe de'n bhféar ag fás. Míle glóir do'n Mhac 'ghní gach gráinne de'n ghainimh san tráigh, Míle glóir do'n Spioraid 'ghní gach réalt a bhflaitheas go h-árd, Mar do bhí a dtúis an tsaoghail, mar bhéas a's mar tá. {B 1928 >19} {G M Co} {U 2001} {C Fil.B} 42 Molaimís go léir an t-Aon-Mhac Críost Do cheannaigh go daor ar an gcrois céasta sinn, A thiocfas gan bhaoghal d'ár saoradh 'rís; Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! 'S É Leanbh na Béithe É is naomhtha gnaoi, An bhanaltra shéimh neamh-chlaon, nár smaoin Nuair a thuirling Aon-Mhac Dé 'n-a bruighinn: Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Do ghluais an triúr bhan g-cúilfhionn gcaomh, Bláth na bhfionn-mban múinte séimh, Fé ionnsuidhe thuamb' Chuirp shuairc Mhic Dé; Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh É Chun go bhfeicfeadh gan spás le n-a dhá rosc féin Rian na sleigh' a's na dtairngí ngéar: Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! 'Sé dúbhairt an Rí glan, Críost gan cáim, "Féach go cruinn ó do chroidhe ar Mo chneádhaibh, Is tuigthe daoibh gur Sinn a fuair an Pháis." Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Nuair do chonnaic Tomás an Árd-Fhuil Críost, A chosa gan cháim a's A lámha gan teimheal, "Aithnighim É a's is É mo Rí." Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Bhí aingeal gan bhréig i mbréithribh fíor' Dá aithris do bhéithibh maordha mín': "I nGailílía 'seadh tá bhúr Rí." Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Ar maidin ba shéimh (íad) tréith' an Triaith, 'Gus na h-easbail naomhtha ag téacht go dian d'ionnsuidhe thuamba naomh-chuirp Chríost; Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! 'S é dúbhairt an Saoradóir Naomhtha linn, Nuair a tháinig Sé chun A thréid gan teimheal, "Síothcháin Dé 'nbhúr gcaomhnas bíodh!" Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! "Is beannuighthe an té nár ghéar-dhearc Sinn, A's a chreidfeadh ó'n gcléir ár scéalta fíor'; Flaitheas geal Dé gheobhfadh sé mar dhíol;" Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! Míle buidheachas leat, a Aoin-Mhic Dé Do céasadh, a Rí is naomhtha dlíghe, 'S do tháinig saor ó'n éag arís. Glóir do Dhia 'sna h-árdaibh! {B 1808 19T} {G L} {U 0420} {C Fil.} 46 Míle baodhchas leat-sa, a Fhír-Spioraid naomhtha, Do cheap na spéartha is neamh ar dtús, Do líon taréis sin an mhór-mhuir bhraonach Le carnaibh éisg innte ag snámh na dtonn; Chuir cnuic is sléibhte a bpáirt a chéile 'S chuir aibhne an t-saoghail-se le fánaidh ar stiúr, Bánta an fhéir ghluis is gleannta 'on réir sin, Coillte is craobhacha faoi bhláth gach súrd. Is glan 's is léir duit gach bláth ag séideadh Is ag leathadh ar ghéagaibh na dtortha dtiúgh, Mil dá réir sin dá fághail le taosgadh Tríd' chómhachtaibh naomhtha dá mborraibh siúd, An bheach 'n dhéidh sin, 'tá lán do'n éifeacht, Go gnóthach saothrach 's a cosa ag siúbhal, d'fhonn fhóghmhair 'dhéanamh le teas na gréine Chum a bheith ar chaoi aici mar stór 'n a triúnc. Na mílte baodhchas arís led' dhaonnacht 'S red' chómhachta naomh'-sa, a Rí na ndúl, Do ghlan na spéartha is do bhreac na réalta Go soillseach gléineach 'san oidhche dhúinn; Thug meabhair is éifeacht do lán an tsaoghail, Chuir maise is méinn mhaith 'n a dteannta siúd, Do cheap na h-éanlaith' 's chuir ceol 'na mbéalaibh, Gan suidheamh ar éadach no ar thigheas na gcionn. CUID A DÓ. Ba pháirt de d' dhaonnacht nuair sgaoilis d' Aon-Mhac Ód' láimh dheis ghlégil d'ár dteagasgadh, Le truagh do d' thréadaibh bhí ar fán gan aodhaire Go cásmhar céasda faoi phéin an úbhaill. Do ghluais d'ár n-éileamh 's do bheartuigh in' aonar Mar lonnra ghréine, is do stad a gcúm Na mná badh naomhtha is do b'fhearra tréighthe Bhí a gcolainn daonna, is do b'áilne gnúis. Mo ghrádh Do thréighthe, Do chneadha 's Do chréachta, Do chosa, Do thaobh is Do leigion súl, A Mhic Mhuire bhéasaigh pháirtigh phéarlaigh Chráibhthigh chaomhnaigh ba ghloine ghnúis. Nárbh' árd Do chéim-se a gcúirt na gréine 'S na táinte léigion ag teacht 'na dtriúp d'uaislibh béasach' go soillseach gléineach Le d' chomhachtaibh naomhtha-sa ag filleadh na nglún. 'S a cháirde, géillidh gurbh úd É an t-Aodhaire Nach raibh (riamh) taodach nó cruaidh 'n A Chroidhe, Do bhí lán de dhaonnacht 's le searc dá thréadaibh Is do bhuadhaigh gan baodhchas ar Phlúto an fhíll; Do dhíol gan éileamh ár bhfiacha an éinfheacht Is thug táine saor leis ó ghruaim aníos, Agus d'fhill le laochas gan díoghbháil déarach Mar soillse gréine ó'n dtuamba arís. {B 17--ls 18T} {U 0201} 47 Dia an t-Athair do shealbhaigh flaitheas naomhtha, Dia an mac d'fhuiling ar son an chine daondha, Dia an Sprid beannuighthe a shoillsigheann go beacht an saoghal Ins gach ciach dá mbeidh orrainn is dochmadh go dtugaidh réidteach. A mearthal smáil cé fágadh mé annsan tsaoghal Do dheasgadh chloinn' Ádhaimh, mo chás, do stracadh Do ghéag', A Mhic Mhuire na ngrás d'fhuiling Páis is peannaid péin Fóirigh mo chás, a Dhian-Ghrádh, 's mo shamhail ná thréig. Grásta saor ó phéin go bhfaigheam annsúd Ó aon-Mhac Dé do shaothraigh saidhbhreas dúinn; Bláth na féile is Laoch na soillse Thú, Agus grádh gan chlaon thugais féin do'n Mhaighdin úmhail. {B 1816-19ls 19T} {G L} {U 0401} 60 A Rí nimhe do bhí roimhe, bhéas agus tá, Ad' naoidhin-leinbh a gclí Mhuire, a Ghéag na ngrás, A Fhíor-Dhuine do ghní tuile thréan do thráigh, d'aon-bhuille sgaoil uile m'éigneach tráith. Do dhall an rae chlaon so mo chroidhe tá am chliabh, Is do mheall an saoghal bréagach mo ghnaoi dá mhian; Ar an-toil bhaoth éadtrom na clí 'tá am dhíon Cabhraigh me, a Dhia dhílis do bhí, 'tá is bhias. A Chríost do cheannaigh ár gceana le céasadh an Chrainn, Mínigh T'fhearg le Banbha na cléire caoimh'; Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh féar-ghuirt Fhloinn An fuigheall beag mhaireas n-a mbeatha d'fhuil Éibhir Fhinn. {B 16--ls 17L} {U 0201} 62 Colmcille cct, 549 (?) Aingil Dé dom' dhíon Ar caingion clé ad-chím, Seacht n-aisgidh na n-ógh, Slógh nach mblaiseann bídh. Na seacht gcuir le síth, Críost féin, fear gan crith, Dam shaoradh fá seach Ar baoghal san mbith. Críost thorm, Críost fúm, Críost ceachtar mo thaobh; Go dtí am' chroidhe 's am' chliabh Rí neimhe na naomh. Rí neimhe na ndúl, Bile úr ós bárr, Leig deamhain dam dhruim, Gach arm is gach lámh. Sgiath charad fá'm chlí, Sgiath nach gabhaidh gaoi, Spioraid Dúilimh Dé Mo lúireach gach laoi. Lúireach Dé 'r mo dhruim Scaoileas deamhain díom, Mé a manair na naomh, Aingil Dé dam dhíon. 63 "Tiomna Cholmcille." Cómhnaigh, a Chríost, im' chroidhe, A Choimhde, a Mhic Mhuire, Gach Sathairn tair, a Bhráthair, Agus áitigh am' chroidhe. Ná déan siúbhal na saoire Do nós na ndaoine oile, A Mhic Dé, (fan) Dia Dómhnaigh Agus cómhnaigh am' chroidhe. Dia Luain anns an áit chéadna, A Réalta eoil ár n-anman, Cómhnaigh, a Críost, im' chridhe, A Rí nimhe is talmhan. Gach (aon) Márt go lá m'éaga - Tearc dár déanta a ndearnadh Líon mo chroidhe dod ró-thoil, A Oighre an Athar neamhdha. Dia Céadaoin', a Dhé naomhtha, - déis ár saortha aroile Go n-íocaigh Críost an cogadh, Tair 'Do chodladh am' chroidhe. Diardaoin, a Úir-Mhic Mhuire, Tair im' chroidhe led ghrásaibh; Saor mé, a Liaigh na cruinne, A Dhearbhráthair clainne Ádhaimh. Tair im' chroidhe Dia h-Aoine A Naomh-Chara, a Mhic Mhuire, A Liaigh leighis gach anma, A Lámh cabhrtha na cruinne. Tair im' chosaibh 's im' lámhaibh, Éist, a Bhráthair, mo ghuidhe; Tair im' bhéal is im' shúilibh, Tair, a Dhúilimh, im' chroidhe. Tair im' cheann is im' chluasaibh, A Rí uasail an Dómhnaigh; Déis ár saortha aroile Tair im' chroidhe agus cómhnaigh. {B 18--ls 19T} {U 0401} 64 Gabham molta Bhrighde, ionmhuin í le h-Éirinn, Ionmhuin le na ciantaibh, molaimíd go léir í. Lóchrann geal na Laighneach, 'soillsiughadh feadh na tíre, Ceann ar óighibh Éireann, ceann na mban ar mhíne. Iomdha tobar is teampall naomhas ainm Bhrighde; Minic cluintear fós ar chailínibh ár dtíre. Tig an geimhreadh dian dubh, 'gearradh le n-a ghéire; Acht ar lá 'le Brighde, gar dúinn earrach Éireann. Dia go gcuiridh an uair-se tré ghuidhe ghrádhmhair Bhrighde, Earrach soillseach suaimhneach ar ár nduthaigh dhílis; Dia go dtugaidh dóchas ar an bhFéile mhóir seo, Chum go bhfághmaoid grása is Flaitheas thall 'na dheoidh sin. {B 1928 >19} {G M PL} {U 2001} {C Fil.B} 65 Pósadh Naomhtha Cána. Ag an bpósadh bhí i gCána bhí Rí na ngrás ann i bpearsain, É féin is Muire Máthair, is nárbh áluinn í an bhainfheis? Bhí cuideacht ós cionn chláir ann, agus fíon orra i n-easnamh, 'S an t-uisge bhí 'sna h-árthaibh nár bh' áluinn é 'bhlaiseadh? A Dhia dhíl, a Íosa, 's a Rí ghil na cruinne, d'iomchuir an choróin spíne is iodhbairt na Croise, A stolladh is a straoilleadh idir dhaoinibh gan cumann, Na glasa do sgaoilis, a d'iadhadh n'ár gcoinnibh. Is ró-bhreágh an stór tá ag Rígh na glóire dúinn i dtaisge, A chuid fola agus feóla mar lón do na peacaigh'. Ná cuirigidh bhur ndóchas i n-ór bhuidhe nó i rachmas Mar is bréagán mar cheó é, seachas glóire na bhFlaitheas. {B 18--ls 19T} {G L} {U 0401} {C Fil.} 66 Dé do bheatha, a Rí an Dómhnaigh, Is Tú 'chóbhras le daoinibh; Gaibh sinn tar cheann ár bpeacadh d'ár mbreith go flathais Íosa. A Rí an Dómhnaigh, téim ad h-iocht, 'S Tú thóghas dam' bhun-stoic féin, 'Rí an lae 'ndé 's an lae indiú, 'S a Rí na bliadhna go léir. A Rí an Luain, a Chara chroidhe, Ar t'aire-se bím-se, a Dhé, An t-an fá mbéad-sa go fuar Freagair in uair m'amhgair mé. 'Rí na Máirte déan mar súd, Faoi m' dháil-se na bí go fuar, Bí fairiom ar uair mo bháis, Freagair mé ann gach cás cruaidh. 'Rí na Céadaoine go fíor, Ós Tú m'aon-Rí ós gach dúil, Tar ceann a ndearnas-sa d'olc Gaibh an t-anam ó'n chorp chúghat. Rí na Diardaoine dom dhíon, Ós Tú mo chnú díograis riamh, Bí fairiom ar uair mo bháis; Gearr an tamall uaim go triall. A Rí na h-Aoine fuair páis Do dhóirt t'fhuil dár ngrádh 'san chrann, Ní dual duit ár leigion uait 'S gur Tú fuair duadh tar ár gceann. Ní bhíonn an Sathairn gan Rí Ar a mbím dam' chur do ghnáth; Le mo theangain biadh dá ghuidh', Mo chroidh' 'n A mhanair ó tá. {B 1713ls 18T} {U 0201} 67 An Chéad Cuid. Molfaidh mise Rí na ndúl, Aon-Mhac Mhuire le deagh-rún, Sgiath cúmhdaighthe na n-ógh nglan, Triath na naomh 's na n-abstal. Rí na ndúl, Árd-Rí neimhe, Craobh chiúin cumais ainglidhe, Cabhair ghráidh na maighdean mbinn, Caomhantóir cháich go coitchionn. Bronntóir grás do'n té d'ár chóir, Cruthuightheoir cháich le h-onóir, Deallradh gréine 'n A ghnúis ghil, Nach mealltar le rún meabhail. Crann dídinn gacha duine, Deagh-Mhac Mhuire mór-ghluine, Réalt (gheal) eoil an domhain duinn, A mholadh 's cóir go coitchionn. Rí na righthe do dhóirt fuil, Tháinig go dian dár bhfóir'thin, Bhí i nglasaibh daora - dar linn d'ár saora ó lasair Ifrinn. Breitheamh ceart marbh agus beó, Rí nach ndéanann aon chlaochlódh, Acht sgaoilfeas A ghrás fo seach Choidhche ar chách le h-oineach. 67 An Dara Chuid. An Rí céadna luaidhtear lin, Le saorthar cách go coitchinn, Éachta truaighe dúinn indiu A chréachta cruaidhe 'chaoineadh. Caointear fós gach lá linn-ne Créachta Mheic na Maighdine, 'S A Chorp séimh 'crochadh a gcrann Is 'leagadh le neart géar-lann. Cuimhnigh créachta na spíne - Dar linn, ádhbhar éagcaoine Cuireadh ar cheann Ríogh neimhe A gcrann chaoin na trócaire. Cuimhnigh créachta an dá chos, Créachta an chroidhe 's na ngeal-bhos, 'S an méad do fuair Rí na rann Do phéin ró-chruaidh 'san Rí-Chrann. Cuimhnigh mar céasadh Muire 'Faicsin a Meic miorbhuile Dá chrocadh go cruaidh 's an gcrann, 'S dá stróiceadh le buaidh ladrann. An treas cuid. A chlí cuimhnigh cúis an bháis, Tuig-se gur damhna dóláis; Ar mhaoin ná tréig Mac Mhuire, 'S gheabhfair déirc na trócaire. Scrúd do choinsias go glan grinn, Déan aithrigh' dian go coithchinn, Féach, a dhuine atá lán, Gur cré uile do chorpán. Iarraim ort, a Mheic Mhuire, 'Áird-Fhlaith thréin na trócaire, A Ghnúis aobhdha is ró-ghlan gnaoi, Mo chaomhnadh 'r ród an pheacaidh. Gabh-sa uaim a n-íoc mo locht Mo dhuan diadha le dúthracht; Ná leig m'anam uait go grod, Is Aon-Mhac Mhuire molfad. {B 18--ls 19T} {G L} {U 0401} 71 A Rí chómhachtaigh, a Rí ghlórmhair, a Rí mhóir na tréine, Árd-Rí mhara, Árd-Rí thalmhan, Árd-Rí fhlaithis Dé Thú; Guidhim-se Thú, a Rí na ndúl, trím chroidhe go léir déarfad, Gabhaim mar charaid Rí na n-aingeal, dom' dhíon faid mhairfeas rae 'gam. Tá sluagh neartmhar thuas a bhFlaitheas go buan ag innsint sgéal Duit, Táid na h-aingil, táid na h-abstail, Eoin is Peadar naomhtha, Muire Máthair, Muire ghrádhmhar, Muire Maideléna, Bíodh m'anam-sa le n-a dtaobh-sain, i n-anfadh lae an tSléibhe. Táid i bPárrthas cuallacht charthanach, fuair anacra an tsaoghail, 'Feithiomh ar chómhachta Ríogh na glóire, is deimhin gur mór an chéim sin, Táid 'n a n-aice sin na h-Úird bheannaighthe nár smaoin peacadh a dhéanamh, Gan osadh gan sgíth ag moladh mo Ríogh, sin obair ba chuibhe is léir dham. Lean go tapaidh dlíghe na n-abstal, 's ná bí-se ar easbaidh céille, Bíodh an Phaidir choidhche ar t'aire, is bíodh na Sailm 'ghá léigheadh duit, Is do gheobhair gradam Ríogh na n-aingeal, 's béidh radharc Flaithis Dé agad; Déan, a pheacaigh, díon do'n anam, gan mhoill fad 'mhairfeas rae agad. {B 1928 >19} {G U DG} {U 3001} {C Fil.B} 72 Deich mbliadhna a's fiche d'aois bhí Íosa Nuair baisdeadh É mar cuirtear síos é; 'N A throsgadh dá fhichid lá 'na dhiaidh sin, 'Fágáil sompla do gach aoin dínn. B'iomdha deor do shil Sé ar uaigneas I ndúil go bhfuigheadh A chaoire suaimhneas; Easbaidh éididh, easbaidh áruis, Easbaidh codlata agus sámhais. Cineadh Iúdaidhe annsan ruaig air, B' iomdha amhgar, léan a's fuacht air; Chuaidh A ghníomhartha ós cionn ár gcéille Le n-A mhórdhacht a's le n-A fhéile. Ar feadh trí mbliadhna annsin d'Á théarma, Ag leigheas agus ag teagasg gach aon-neach; Do na dallaibh thug Sé súile, Na bacaigh fuair lúth ailt a's glúine, Na balbháin aithris, na bódhráin éisdeacht; Ó! glóir do'n Rí, 's É ghnídheas gach éifeacht. Thug Sé Lasarus beo ó'n uaigh, 'Gus mac na baintreabhaigh 'rís le truaigh; Buachaill breoite i dtigh duin'-uasail, - Badh sona an fear dar leigheas Sé a bhuachaill; Shocruigh 'n ghaoth 's na tonna tréana, A's leigheas gach aithid a raibh léan air. ... Seo míorbhuilte Mhic na h-Óighe A's go molaidh an saoghal Mac Ríogh an glóire. {B 1814 19T} {G L} {U 0420} {C Fil.} 73 Liam Ó Marnáin, 1814. Céad glóire leis an Athair Nár mhór le rádh A Ainm Go cómhachtach ins na flathasaibh le trácht ag an saoghal; Do chum 's do chlódh na h-aingil Go lonnrach soillseach lasmhar, Gan smúit, gan cheó, gan peacadha, gan teimheal mar an gréin. Do riaraigh spéartha 's scamaill, Chuir solas árd 'san ghealaigh, Na réalta chúghainn ag amharc, 'san oidhche ar an aer; Do líon gach abha is caise 'N a slaodaibh siúbhal go tartmhar, An mhór-mhuir bhrúchtach fhairsing, lán dá cuid éisg. Céad glóire 'rís leat, 'Athair, Go síorruidhe led' Ainm Do thuill agus fuair ceannas, clú ceart a's réim; Do líon gach coill de chrannaibh Go buacach bláthmhar daithte, Na h-éin go binn ag cantain ar a ngéagaibh go léir. Cé suarach iad na beacha, Do thug dóibh slíghe dheas beatha, Gur theip ar úghdar gasda é d'fhóghluim mar chéird, Nuair bhíonn an ghrian ag taithneamh Do shaothruigh a gcuid meala Mar stór i gcóir a chaithmhe insa' ngeimhreadh le céill. Tuig-se féin, a pheacaigh, Le foghluim ós na beachaibh A shaothruigheann a gcuid meala ó ghleanntaibh na gcaor, 'S na naoimh do bhí go dealbh, Ná rinn' an stór nó'n peacadh, 'S ná chuireadh an t-ór a dtaisge nó i ndaingeanaibh an tsaoghail; Tugaidh go léir faoi deara An sompla rinn' an Leanbh, Nuair thuirling ó na flathais le grádh dúinn go léir, Nuair rugadh É, go dearbh, A mainséar fuar an asail, Go bocht úiríseal dealbh gan ionmhas gan aer. Go dtagaidh an lá 'na gcasfar 'N bhúr gcómhair go léir mé ag baile, 'San árus úd ar lasadh le glóire is le gréin; A nDúithche an tséin 's an áthais, Mar a ngnáthuigheann ceol na n-aingeal, 'S mar a bhfaghthar radharc gan scamall ar ghnúis mhilis Dé; Do bhéidheadh mo chroidhe lán d'áthas Nuair chidhfinn séimh-fhir Bhanbha Réidh le saoghal na beatha 's le canntlacht na gclaon, Gan fagháil ag saighead an pheacaidh Teacht go bráth d'ár gcealg, Acht suidhe go sámh gan aisdear a bpáirt le gach naomh. {B 1758ls 18L} {U 0201} 74 Buidheachas duit, a Rí na ndúl, Buidheachas do'n Triúr atá is bhí, Buidheachas do'n Athair is do'n Mhac, Buidheachas go beacht do'n Spioraid Naoimh. Buidheachas duit, a Rí na ngrás, d'fhág mé ar an tsaoghal beo; Go nglantar ó'n gcolainn a cion Nár sgara 'n péarla léi go deo. Tiomnaim m'anam duit, a Dhia, Tiomnaim go dian is go beacht, Nár thig choidhche an tiomna ar ais; A Íosa Chríost, mo choimrighe ort. {B 1801 19T} {U 0220} 75 Duan Fhoghmhair. Tá'n Fóghmhar-so go h-aorach, céad baodhchas le h-Íosa, Tá eorna 'na slaoda is caomh-chruinneacht thíortha, Tá cnó buidhe ar na craobhach' is sméar ar an bhfír-dhris; Céad glóir do'n Aon-Mhac le ndéantar gach aoin-nidh. 'S É sheólann na réilte, teacht gréine a's taoide, Bheir neolla na spéire, an ghaoth a's na síonta, Eoin bhinne an aeir uile is éisg insan míon-mhuir, Is fós chuireas féar ghlas chum tréada na dtíortha. Ógh-fhlaith breágh tréitheach is léigheanta, 's is líomhtha, Is cómhachtaighe 's is tréine, is féile 's is fíre; Tá ceól ag an éanlaith gan traochadh dá innsin Gur lem' Stór-sa is breith-bhaodhchas o'n tsaoghal uile timcheall. Mo bhrón-chreach go n-éagfad, mo sgéan a's mo sgímhle, Gach ló thig dom' rae is mé 'réabadh Do dhlíghe-chirt; Acht a Stóir ghil ná tréig-se 's ná séanaigh sinn tríd sin, Is ar mhór-chruis gur shaorais sliocht Éabha led' fhíor-Fhuil. {B 1809-13ls 19T} {U 0401} 77 (Cuid a h-aon) Ó a Íosa a Mhic ghrádhaigh, an truagh leat mo chás, Am' phianadh 's am' chrádh ag an gclaon-trúip, 'S ag diabhlaibh gach tráth atá go dian gan spás Am' chiapadh le lán dá gclaontaibh. Muna dtagair-se am dháil, 's mé ghlacadh id láimh Ó'n namhaid seo atá dham' léanadh, Leagfar mé ar lár, is cuirfear mé chun fáin Am' chaora bhoicht ghránda ó'n tréada. A Rí ghil na naomh, ó fuasgail mé óm' phéin, 'S ná foighnigh mé lem' shaoghal am' chlaoidhe leo, Seasuigh-se 'gam' thaobh 'gus neartaigh mé go h-éag 'S ní h-eagal liom a gclaonta choidhche. Folaigh mé san gcréacht tá ar fhíor-lár Do chléibh, Agus díon mé ó gach baoghal óm' naímhde, Cneasaigh-se gach créim 'tá ar m'anam ó gach léan, Is táthaigh mé go séimh led' Chroidhe 'stigh. Ó a Íosa Mhic Mhuire, d'fhulaing trínn-ne gach buille De sgiúrsaidh' le fuinneamh dá mbualadh ort, 'S an ch'róin ort do cuireadh, agus iomchar na croise Nó gur céasadh Thú ar mhullach an mhuar-chnuic. Ós le grádh dhúinn do rinnis gach sásamh do thugais Do'n árd-Rí 'sna coirthibh is dual dúinn, Led' ghrása déan mise do ghárdadh ar gach doineann 'S beir slán mé gan milleadh go buadhach leat. (Cuid a dó) A Mhic naomhtha na ngrás, ná tréig mé go bráth, 'S na leig mé chum fáin ar straé uait, Réidhigh rómham gach árd, is roinn liom le grádh Mór-luaidheacht Do chneadh ar an ghéar-chrois. Mar chuimhne ar Do Pháis, a Chroidhe ghil gan cáim, Sín chugam Do lámha is glaodh mé, Coinnigh mé gach tráth, go dtige chúgham an bás, 'S beir m'anam ann-soin slán, saor leat. Cé gur minic am' shaoghal gur chéas mé Thú arís Lem' chlaontaibh a's le baois na h-óige, 'S níor thuill mé d'aoidheacht fhial ad' Chathair ghil do shíor, No Do sheasamh dham mar dhídean san chómhrac; Acht ó thagair-se chum síth leis na peacaigh' seo do bhíonn Ag cur feirg' ort gan sgith gach nóimint, Tá mo thnúth leat ó chroidhe go maithfir dham gach gníomh, Is go stiúirfir mé go caoimh 'san ród ghlan. Iarraim ort le grádh, a Rí ghil na ngrás, 'S ar an Spioraid atá lán de naomhthacht, Tré thoradh Do chuid fola 'bhí anuas ort 'n a srothaibh 'S Tú ad' thruagh bhocht ar crochadh ar ghéar-chrois, Mo chroidhe ionam do losgadh le grádh Dhuit ad' mholadh, Is le grádh dham go dtagair taobh liom, Am' ghárdadh 's am' chosaint ó Shátan is ó'n gcolainn, 'S go ngrádhfainn Thú ar neamh t'réis éagtha. {B 1713c 18T} {U 0201} 80 Áille Íosa 'ná an chruinne, 'Ná bláth róis nó lile; 'S Tú a Bláth caomh ó Mhuire, Chuaidh a ngnáth-ghaol linn-ne. Is milse 'ná siúcra, 'S 'ná drúcht meala muine, 'S 'ná mil bhrigheach bheadaidh, Íosa Mór-Mhac Mhuire. Cibé ghrádhas Íosa 'N a chroidhe go cluthmhar, Ní théid cómh-ghrádh eile Ann go deire an domhain. A Íosa Mhóir mhilis, A Íosa Mhic Mhuire, Do dhealbhaigh gach inis, Gach mín-mhuigh, gach muine, Guidh orainn. {B 1928 >19} {G C ME} {U 1001} {C Fil.B} 86 A Dhia ghlégil na féile 'S a Athair na ngrás, Le Do réidh-thoil do céasadh Is a cuireadh chun báis, A Aoin-Mhic do shaor sinn Ó pheacaidhthibh 's ó pháis, Réidhtigh na Gaedhil bhocht' Is riar dóibh a gcás. 87 Roimh an Eipistil. Míle moladh leat feasta A Athair 's a Uain, Míle oll-ghlóire gheanamhail Do Mhac Dé na mbuaidh; Míle onóir, glóir, is moladh Le Sgoth-Thoradh na nDúl, An t-Athair, Mac, is Naomh-Spioraid, Go liath-lá an Luain. 88 (Ag an Soisgéal). A Dhé na trócaire, níor leór dhuit Ár dteagasc tréd' fháidhth', Ná tré d'easpalaibh naomhtha Dá dhílse a ngrádh, Gur labhrais linn tré Íosa, Tré d'Aon-Mhac na ngrás, A geineadh ó Mhuire Óigh 'S a d'fhuiling an Pháis. A mhair i n-ár ngaobhar, 'S a céasadh 'r an gcrann, Le n-ár saoradh ó phiantaibh Coir' Éabh' agus Ádhaimh. 89 A Íosa, glan mo chroidhe-se Go glé-ghlan gach lá, A Íosa, cuir m'íntinn Faoi léir-smacht Do ghrádh'; Déan mo smaointe go fíor-ghlan Agus briathra mo bhéil, A's a Thighearna, 'Dhé dhílis Stiúraigh choidhche mo shaoghal. 90 An Chré Creidim i nDia an tAthair A chruthaigh neamh a's talamh, 'S i n-Íosa Críost, a Mhac-san A rugadh ó Mhuire Óigh; A d'fhulaing páis a's peannaid Faoi Phointias Piolóid sealad, Do céasadh, as do greadadh Ar árd-chrois gan gó; Fuair bás de bhárr an pheacaidh Do rinne Éabh' a's Ádhamh Chuaidh faoi dhéin na n-anam Go h-Ifrionn na mbrón; Ar theacht do'n tríomhadh mhaidin d'éirigh tréan ó thalamh, A's tá n-a shuidhe go dearbh Ar dheas-láimh Dé na gcómhacht. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2562 |
4,176 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1659 | 17 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 283 | 189 | LUCHT AN MHACNASA SÉAMUS NUINNSEANN cct. Anno Domini 1659 Éist le lucht an mhacnasa fuair an chinneamhain chalma; ní leór leó don tsraca-sa Saxa, Éire agus Alba. Mar sin don rann Eóropa, Breatain is clár na Fódla, ní ghabh na fir bheódha-sa gan India an ionnmhais órdha. Ag dul tar muing na mara-sa níor ghabh na fir gharga gur chuirsead an talamh-sa go tapa fútha is tarsta. A-tá faoin druing shanntaigh-si, nach bhfaghann a ndíol tíre, gur gearr go mbia a gcampa-san fá gheataidhe na Madríde. Ní le ceart a sinnseireacht, ach lé neart a láimhe baoghlach iad don Impeireacht s' do bhiocáire Mhic Mháire. Tar gach ní dá n-abramuid a ndubhras ní adhbhar cáile; is dearbh liom gur shladadar Críost fá luach a pháise. Ní nach gcualaidh éanduine dá maireann ar an uair-si: do scathadar d'éanbhuille reachta cléirigh is tuata. Gidh bé ar dhruim an domhain-se bhíos i n-aghaidh an Phápa, is iad sin a gcomharsain, a gcaraid 's a n-aos grádha. Dá fhichid creideamh tacara, do dealbhadh ó shúgh grúide, a-tá sa stór aca-san mar sheapa an cheannuighe shúgha. Níor chum ughdar antola creideamh ó aimsir Ádhaimh Nach bhfuigheadh áit aca-san, acht creideamh cruaidh an Phápa. Gach slighe chlaon dar ghluaiseadar ag cur cháich a-mugha, foighid Dé do fuaradar go dtáinic na mionna dubha. A-nois a Rí na fírinne, mithe dhuit dul i n-arma, nó rachaid go firminte mar do-chuaidh Neamhrodh amhra. Díoghailt insa masla-sa déantar go luat hamhla, ar lucht mire an mhacnasa fuair an chinneamhuin chalma. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4176 |
4,163 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1710 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 290 | 179 | Don Athair Proinsias Mhac Mathghamhna Ar chrú Cholla mo chuairt i gcéin, mac Eachach dhuasmhair Doimhléin, saoirfhear d'uaislibh chineadh Cuinn, dar dhual eineach is uirrim. Ó's díofa sin céim gan cheas an t-Athair Proinsias gan ainbhfios, mo chuairt féin 'na dháil go dian, an séimhfhear sáimh 's an fírfhial. Proinsias canónta is ceart coing, gan uaill, earráid ná doghruing, lán d'eineach, d'fhéile is d'aoibh, saorghrádh éigse agus macaoimh. Fear gan ollghlór as eineach ghnáth, díoltóir éigse agus ríoghdhámh; amhuil Ghuaire ghrianach ghrinn, ag riaradh uaisle go hinnill. I measg do chaorthann go caoin ní fhuilngir saoibhshliocht Chailbhín, ná Luitérian, dream is docht, a Phroinsiais nach fann sa diadhacht. Madradh allta ná faolchoin fhéigh ní lamhann bheith i measg do naoimh-thréid, nach ndíobrair uaibh go dian deas, an t-athair fial gan doirbheas. Gnúis is gloine ós altóir Dé re síolradh briathar an tSoisgéil, Proinsias maordha, clú na cléire, do chrú chraoibhe na caithréime. Athair is cliúiteach i gcianaibh tré chaoineas céille is fhírriaghail; buan Proinsias ag cruthughadh córa, 's ag deachtughadh luirg na canóna. Tá teasghrádh agus duine I bProinsias ághmhar ainglidhe, bráthair Mhic Mhathghamhna céim gan cheas, ríoghraidh rathamhla le héigeas. Ní beag sin an uair se ón fhile don athair ghruadhnáir eagnaidhe, sagart sáimh re fréimh na sgol, mo chuairt 'na dháil ní hiongnadh. Mo chuairtse don ruaig se do bhláth na gcliar, Don athair shuaimhneach shnuadh-ghlan is áille ciall, Mac mar Ghuaire biothshuaithnidh ar bProinsias fial, Re díol duaine re suadhaibh 's dá ndáil go dian. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4163 |
4,165 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1719 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 996 | 512 | Tuireamh Mhaly Ní Bhruin I Más mian daoibh aisling d'fhaicsint ar shaidhbhreas, gach duine tríd sheirc atá i n-uireasbhaidh spréithe, is i dtuama Cill Eanaigh atá i dtaisgidh go déidheanach ór is miorra agus cisde na héigse, an ríoguin mhilis is coinneal na sgéimhe. Dá maireadh Apelles is faiceadh sé i n-éinfeacht a cló is a cuma, a hinneall 's a héagcosg, budh leór dá ghliocas a pioctúirse a dhéanamh gach dlaoi dá leabhar-fholt famainneach faon-chas mar ómra nitte le loinnir na bpéarlaí, a glégheal-phíob ghasda, a leaca 's a héadan ar lí na lile nár milleadh le sméaracht, a bráighe deasa mar thaisbeánadh réthe ar spéire shoineanta i n-aice na Béaltaine, a fabhradha fionna is a ruisg mar na réalta, a srón gan uireasbhaidh cuma nó déanta, a gruadh gan fhrithre mar chrithir ón gcearta, agus snuadh na suibhe fá imeall a béil tais, a báin-chír shuitte mar shnaoidhfidhe le céardaibh, is clár a hochta mar shochar-chlúimh géise, a dá chruinn-mhama mar gheal-bhlaoscaibh éanlaith', a sár-chom sheada is a ceart-bhoill dá réir sin. II Go deimhin, 'sé mheasaim nár sgathfánta Deirdre, nó an ríoghuin tsochma fár loisceadh Tenédon, 's fós ler cailleadh an flaith Hector le Gréagaibh ná Maly Ní Bhruin, an ghéag mhaiseach gan éan locht. Dá maireadh sise is Narsisus dá féachaint, do réir mo bhreathnuigh'e is dá cumhaidhse d'éagfadh, is gan claochló cadad ná aisde sa Ghaedhlig nach dtuigfeadh inghean Ghearaill, an bhainríoghain tais mhéir-gheal. Do Ghuaire dá mbearthaidhe an deasbhean níorbh fhéidir go luaidhfidhe a locht mar inghin dó ar aon chor, ar uaisle, ar chreideamh, ar eagna is ar fhéile, ar luas a leabhar-chrobh maiseach ar ghréasaibh, ar stuaim is ar bhinneas mar shinnfeadh ar shéimh-chruit. III Faoi dhlúimh i gceasnaoi dá heasbhaidh atá an éigse, craobh don mbile is mór fine fá Laighnibh, do shliocht Fhiacha Baice mhic Cathaoir, rí Éireann, is Conchubhair, Nuadha Neacht, rí reachtbhar, is Créamhthain; Fearíos is Oilill do ghabh sa gcrích géilleadh, is Labhra na mbuilleadh, fear cumais do dhéanamh, mac Oilealla mhic Laoghaire, rí díomsach don réagún, mhic Iughaine mhic Eachach, rí is curadh i n-éinfeacht, 's gach rí suas don gcuire ó sin go Milésius is do shíol a gcuisleann an chruth gheal so d'éag uainn. IV Níorbh iongnadh dhise gach oineach dá ndearna gach mar chí an leanbh 'sé is baramhail do dhéanamh. Budh mhinic ar a halla ag Gearall dá réiteach, gáir na heaglaise a' freagra dá chéile rádha na n-aifreann is freasdal na dtéaxa, gáir is greadhan is meadhair na bhféinneadh, gáir na n-ollamh 's a leabhar dá léaghadh, gáir na gcruitireadh a' comshinnim téada, gáir ag bannáil a' breacadh na séamh-bhrat le snáth na hAfrica a' tarraing na gcréatúr: A' rón, a' scadán, a' mhuc mhara 's an fhaeleann, a' leomhan, a' basaliusc, a' crocadail 's a' snéice; gáir is seasdán na macnaidhe ar maelinn a' brostú na ngadhar is ag léigin na bhfaol-chon, gáir na gcuradh a' cruinniughadh chum féasda, gáir na n-eachaire, na gcaismeart 's na waiteóir, gáir gan leisge ag freasdal na dtréin-fhear d'fheóil torc fireanna 's do chara gach méath-mhairt, is plúr as bácús do chineal na déise ler fóireadh deacair na flatha san éigean, ó ro-bhruid Dalláin, rí dreach-náir na n-éigeas. V Beóir 'na ceathaibh is beath-uisge tréanmhar, gáir na mbochtán ag altughadh a ndéirce agus fagháil ag Anna ar a n-easbhaidh gan éara, an tsár-inghean mharthanach charthanach chéillidh d'ard-fhuil Shaxan le gceartaoi gach béasa is a páirt go fairsing le maithibh na nGaedheal so: suthar gach caith-mhílidh i n-astar Hiú Lésaigh, Beilleógaigh, Caiseallaigh, Gearaltaigh is Puéirigh, is Tágh na gcaisleán, fear furscardadh a dhénamh, is Geárlunaigh, i ndeabhaidh lucht scabaidh ar chéadaibh, Pluincéadáigh, Nuinnsinnigh is Graésigh, is Fléamannaigh, i gcathaibh lucht tabhartha na madhmann. VI Acht ní bhfuil fáth damh níosa faide dá dtacar is gan feidhm ris, is gan laoch nó barún don maicne sin Hénrí dár shealbhuigh fearann i nUladh nó i Laighnibh, nó i Leith Cuinn do mhaithibh nó d'aicme Ghadélus, gan a ngaol go gar le clainn Ghearaill, 's ní bréag sin. A inghean ucht-sholuis chain fhionn na féile, is furas duit colladh gan ceasnaoi, 's ní at aonar. Nach bhfaicir na leinbh budh finne ná an laeige, 's a ngruaidh mar dhrithle ar loinnir i n-éibhill, gach aon aca mar Absolón déanta? VII An cuaine macaoimhse, a Thomáis, má fhéachair, a fuaradh i n-aice do leapa 'na léinidh, budh sgéimh ar fhine an fhuireann dá n-éirgheadh a gcruas, a gcumas, a dtuigse 's a n-éifeacht, is fréimh ar lasadh 'na leattaoibh dá méadughadh do chrú Néill Fhrasaigh is Chuinn Bhacaigh na dtréin-bheart, is thréin-shliocht Chonaill Uí Dhochartaigh éachtaigh. Acht ós éag is cinneamhain dár geineadh is d-á mbéarthar, ó rígh go fleasgach, ó easbog go Caesar, mian an aird-ríogh ler ceartuigheadh chrich dhéidheanach, riarthar leat, a Thomáis, is dears do na héasca, gur luaith ón talamh thú, is talamh do ghéantar do do ghruaidh chaoimh lasda, cé deacair an sgéal sin. Acht ó theastaoi a ndeachaidh do do charaid 's nach n-éirghid go Luan an cheart-laoi le smachtfaidhear síol Éabha, déan síothcháin le ríoghain an aon-Mhic chuaidh dár saoradh Dia hAoine dá chéasadh, ler scaoileadh gnáth-phianta agus géar-bhruid fán míor-cháin sin ríogh-gháirín Éadain. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4165 |
4,166 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1719 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 282 | 178 | Tuireamh Mhaly Ni Bhruin VIII Budh síor-dhamhna fír-mheanma an sgéal dhuit gach saor-phlanda fíneamhna do do ghéagaibh, do do bhráithribhse d'fhás uile ó fhréimh-shliocht, Seón, searcna n-óg bais-geal méar-lag, slat chnósmhar atá ag beó-lasadh an léighinn in gach eólas ar nós Archimédes, craobh chumhdaigh nár leónadh i n-éigean, fear foghlamtha ro-chlisde i dtréidhibh, is an t-óg-phlanda, maorga, eadhón Hénrí, re dtógthar súd smól deacra do chéadaibh, 's ní dearmad craobh chabhra do chréachtaibh, ar n-annsacht Bily, an deirbh-chrithir dhéid-gheal, dá shealbh dhlighthear gealltar Ghaliénus, agus Frainc, an fear fearga nár baoghluigheadh ina dteannta ar bith i n-aimsir an éigin, 's an saor-mhacaoimh lán-tapaidh, an tréan-Art, atá ag fás anois i ngrásaibh le séanstaid. IX A Thomáis óig mhaisigh, a leómlhain ghasda na féile, is mór an clódh tuirse chuirfeas do bhrón ar an déagh-mhac chuaidh as Fódla le dúil fóirthin do Ghaedhlaibh, an fial-mhacaoimh na ngrian-bhratach, Séamus, do dhiúlt do chreidimh Lúitéir an Bhéarla, fear ciúin clisde lúthmhar na ngéarlann, bráthair niamh-ghlan ríogh Oirghiall is Uí Raghallaigh, is an iarla ó Chill fhial Dara, cé tréan sin, an t-óg-chaiptín cródha na n-éacht glan, bráthair buadhach Mhaly, an stuaire na séamh-rosg, an tsuairc-inghean mhilis uasal na réadh-ghlac atá go huaigneach anois san tuamba sa gcréafóig. Míle seacht gcéad do réir gach seanchaidh fós, sin is a naoi déag an méid atá dealbhtha i gclódh, ó theacht Mhic Dé go géig na bhfainnchaibh n-óir, ria Maly dhol a dh'éag 's nár thréigidh an bhantragh an glór. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4166 |
4,153 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1725 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950) | 629 | 338 | DANTA DE CHUID ULADH Curtha i n-eagar ag an Ollamh Eamonn O Tuathail Uimh. X. "BEANNACHT UAIM GO hEIRINN" Eóghan Mhac Canna cct. Budh beag do ghrásta mo ríogh go dtilleamaois arís slán, go crích Eireann na gcuach, mar a bhfuigheamaois duais ós dán. Go dtugadh uaisle clanna Gaedhil barr tréine isan áit, go suidhfidis gach eighre mar budh dual i n-oileán na mbuadh Inis Fáil. 'Na dhiaidh níor ghairid liom mo shaoghal i n-oileán na naomh tar muir thall; fir an domhain go lá an bhráith ní bhfuigheadh áit mar Eire áin. Eire bhraonach bhanach bhláth, oileán na ngrás do gach neach, fód ní fhacas mar an gcrích, ó thréigeas í mo dheór níor stad. Budh binn guth cláirsighe for a bórd, oileán na seód agus na naomh; budh binn ann an maighre óg ag canadh ceóil do gach saoi. Budh binn guth gadhair 'na gleann, conairt algadh ar lorg míol; budh binn óigfhir sgolach ard for a bánta - seo creach mo chlí. Monuar, budh binne iad ná gach ceól dá gcualas fós ó sgar rem chrích, siansán conairte ar maidin cheó ag seilg gan bhrón for achaidh fraoigh. Budh binn guth faoilinn for a tráigh, an lon go sáimh for a craoibh, ar choillte bachlach bláth is ró-áluinn fá chorcraibh caor. Dá gcóir dob aoibhne liom gach uair dá bhfuigheadh gach eighre dar dual a cheart, tréansmacht Gall do chur ar gcúl is Gaoidhil go dlúth a bheith 'na neart. Gaill i neart, och! 'sé mo chrádh, mo chroidhe im lár, och! 'tá tinn, créad nach sgreadfainn ag gol 'sag caoi tré mhaith mo thíre do chur i gcill. Fiosruighim féin do na naoimh, do Phádraig caomh na n-uile fheart, an dtiocfaidh a dtairgialladh go héag 'na mbiaidh Gaedhil arís i neart? Gaoidhil i neart, och, ní bhfuil fos, so fáth mo bhróin bheir mé fann, na tréinfhir an t-am bhá beó ag dáladh seód don uile fhann. A theachtaire úd a lingeas go luath, beir beannacht uaim go hEirinn uill, go crích na gcaradh is na gcuach, is aithris uaim go bhfuilim tinn. Sgéala leat má bhís thall, an maireann an dream do bhí san áit? nó an ndíolann Gaoidhil, monuar, a gcíos cruaidh le clanna Gall? Budh éigean dóibh, is sin fá bhrón, nó a gcrochadh beó as géagaibh crann, ceap nó geimhleach nó sgriosadh a bpóir so riocht mo ghleó, do dhaoineach dream. Aithris dóibh go dtiubhraid diól in gach fial dar gonadh leó, má fhilleann Gaedhil chun a gcrích, ní nár an gníomh for an bpór. Ní bhfuil neach dar goineadh leó ó ár na Bóinne isan tír thall nach ndíolfar orra má bhíomna beó ar bhfilleadh go fód an dílis-dream. Och! ar Eire is fann mo thrácht, filleadh don áit is deacair dhúinn, amharc uirre ní bhfuigheam go bráth, och, truagh an cás gur sgar óm dhúth. Seo mo sgéal, mo sgéal bocht, gurab mé anocht do thréig mo thír; anois, a theachta, beirse uaim beannacht bhuan go hEirinn aoibh. Mo bheannacht arís d'Eirinn áin, gé go bráth nach bfaicfead í, re go nguidhfidh an chliar gan cháin rem anam atá marbh gan bhrígh. Peadar, Pádraig, Pól is Eóin, Séam is Tadhg gach ló ag díon Eire algadh 's a fuireann chóir gan so is brón bheas im chroidhe. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4153 |
4,164 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1745 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 226 | 141 | LOM NA FÍRINNE Ittear iasg i mBaile Shac, is uibhe cearc i mBaile Áth'Truim; is dá usa síol a chur i sac ná gaineamh i ngad, a chríoch Chuínn. As gach áird a thig an ghaoth, bíonn laogh ag an mart; don mo sgéil oram féin acht mur fearr a' snámhaidhe an gé ná an chearc. Bíonn bróga ar fhear ionad an ríogh, ag dol ar sluaghadh ní dual a bheith dá chois; ittear pis i bhFine Gall, is dá lia arc ann ná céis. Bíodán cailleach ní maith an comhluadar sin, don bhás carad an galar is truaighe ar bith, Ní dual searrach ar mhachaire cruaidh gan rith, 's ní dual cailín gan aire aici ar bhuachaill fir. Ní mé féin a chuir an chéad chloch i gcaiseal Droichead Áth', 'S ní chuirfinn sé chóiste shéideóig go malaigh an tSléibh' Báin; Más Gréagach an phéacóg ní phiocthar a cnáimh, 'S níl acht créafóg san léinteóig sin ortsa, a Sheóin Tágha. Tá bean a chois Bóinne ní cóta is tuilleadh ar líon, Is tá feóil ar bórd i nGaillimh dá díol; Tá beóir go leór i Lundoinn is fíon, 'S is iomdha fear óg a pósadh anuraidh le mnaoí. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4164 |
4,152 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1759 | 18 | prose | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950) | 926 | 498 | CÁINEADH BHRIAIN UÍ CHUGAIN I. A Bhriain bhoicht Uí Chúgáin, cluinim do theist agus do thuarasgbháil san tír, gidh leór d'fhuath agus d'fhor-ghráin ré a chlos é, ar son nach é géire nó acfuinn h-aoíre nó h-ealadhna chuirfeadh buaidhreadh orainn; acht d'eagla go mbiadh do leithéid do dheasgaidh fine, nó do bhall ar shliocht, ag saoibh-leanmhain na healadhna cuirfeam an beagán saothair se de thoirmeasg h'ainbhfis agus h'aineólais, agus muna leór leat so, atá ciste doiligh dochaithmhe i seómradha na healadhna againn agus ag fileadhaibh faobhracha focail-ghéara an chóigidh choitcheannta chóirnéalaigh agus cláir Éireann uile, nó go ndéanam geilt glinne agus deamhan aieóir dhíot, agus go ruaigfeam thú gosan mball as a dtángais ó thús, óir ní heólach dúinn do shliocht, agus is baramhail linn gur chuiris do lámh i gcomairce na mbeach fiadháin agus i nead na naithreach nimhe an tan a bheanais dúinn. II. A shíogaidhe don ghríbh-ealtain chruaidh bhuidhe luim Nár fríothadh cia an daor-aicme ór ghluais do dhream, Do ghríosadh ar ndraoithe budh nua ghlan airm Do do stríocadh le faobhar go fuathmhar linn. Níl fhios is ní bhfuighthear go Luan an bhráith Ag saor-ollamh líomhtha do mhór-chloinn Ádhaimh, cia dhíobhtha dár shíoluigh anuas an phláigh, Mur' do dh'iarsma an tsluaigh síth é ó thuadh-chnoc Ain, Nó do chríonach na fiodhbhaidhe do Thuatha Dé Dáin Chuir saor-aicme Mhíleadh go luath chum báis. A chríon-arc casta cnaoite gan snuadh, gan bhláth, Cá bhfuightheása, a shíogaidhe, bheith an uair se 'do bhárd? Ó nach bhfaghthar san Ádhamh-chloinn cár díobh an dream, Is dearbh gurab ó Shátan a shíoluigh an chlann, Nó ó Phluto atá an tráth so i nifreann na ngeall, Do ghabhluigh an phláigh bhocht so bhuaidhir mo cheann. A thruagháin is truaillidhe 's is gránna gnaoi, Do mhusgail mé an uair se do dháil lé fíoch, Le fuaim shnasta bhuan-bhlasta bharr mo thionga Sguabfaidh mé an ghruag is na fabhraidhe dhíot. Nó an meas duit go leigfinn mo chúrsaidhe leat? Bím gan uillidhe ag buillidhe dá mbualadh seal Is mé an file d'fhuil Cholla dár dhual an ceap. Is tusa an sean-chú don aicme úd gan dúil i spórt, Bhíodh sealad go taithiúil fá ghlún na brón. Ag súd baramhail don fhaisiún ba dúthcha dod phór, Ag ithe alpán is gan altughadh lé Críost go deóidh. A bhiodhbhaidh dheamhnaidhe, is dealbh don daol do shnódh, A shíogaidhe sgallta 'tá feannta ó fhéith is ó fheóil, A chríon-arc colgach cealgach is éirle clódh, A bhrídeach sompail, bearrfaidh mé thú beó. III. Anois ó d'adhlaiceamar an dúil dhiabhlaidhe dhodhealbha, an deasgaidh fine agus an ball ar shliocht Lucifer, lér fearguigheadh an nádúir dhaonna i n-aimsir a gheineamhna, agus go dtugamar a bhás agus a bheagshaoghal go nuige so, is mithid dhúinn a mharbhnaidh do chríochnughadh ar aiste na bhfileadh, amhail do thuill uainn: IV. Murabh é d'éagadar éifeacht ár ndraoithe, 'S ár saor-aicme i gcéintibh ar díbirt, 'S ár ngéar-ollaimh ghléa-ghartha líomhtha, 'S ár n-éigse lé ndéantaoi gach aoire, Ní féidir go mbiadh éigeas bocht brídeach Gan léigheann, gan éifeacht, gan chríonnacht, An daor-arcán péisteach na gríbe, Nach féidir lé héin-neoch san gcrích se, Dár fhéach startha léighinn na saoithe, Bhéaradh sgéala cia an aicme ór shíoluigh, Acht fréamhadh mar aon chopóig aoiligh; Né an raod so ghni bréan-fhás na hoidhche, 'S dá réir so' tá a fhréamha 's a dhaoine, An feithide bocht éagcruthach íogmhar, An céarnamhán céar-chasta daoir-fhliuch, Do réir mheasa is baoghal dona daoine Is do na héin le féachaint an tsíolaidhe, Dar mo bhréithir gurab iongnadh nach sgaollaid, 'S a chlaon-ruisg ar aon slugadh míle Arna dhaor-fholcadh i mbréan-shúithche míosa, 'S a éadan ar aon dath na ndaol ann, Lán féirseóg mar éiling ar fiodhbhaidh, Agus céad cnag dá éis ag teacht tríotha; A mhalaí gorma reamhra righin dubh Os cionn a smuit - is olc a saoitheadh; A leaca gan fheóil 's a bheól budh faobhrach Ós cionn bóird níor chóir a bheith, an síofraoch, Acht ag ithe do shop mar chleacht a dhaoine I measg na muc mar arcán aoiligh, Gach ball fá locht ó shoc go hinge dhe; An míol-chú gortach lochtach cíocrach, An basilisa diabhlaidhe fiata fíochmhar, An crocodile suaithnidh suarach síor-shiubhail, An toad gan suim gan ghreann gan aobhdhacht Samhail le cat ar chreig san oidhche é, Nimh gan neart 's a mhaith gan bhuidhne Easgaoin Dé is gach aon san tsaoghal ort, Easgaoin na n-ógh, na n-órd is na n-aingeal ort, Easgaoin na gclog, na gceall is na saoithe ort, Easgaoin ón gcléir is gach teampall naomhtha ort, Sgríos is pláigh is dearg-ár daoine ort, Go n-imthighidh do rath mar chabh na gaoithe. Is doiligh dhó - níor hórduigheadh dhíbh é Go dtuitidh go luath do ghruag is h'ingne, Go mbeiridh an ghaoth ruadh 's na sluaighte síthe Thusa leó uainn fá bhruach a ndíthribh. Ní dáil cosgair basgadh síolaidhe Atá gan bhrot gan smior gan smaois ann, Gan dúil a theacht as lé haitheasg aoire An mithid leat stad nó an bhfuil tú claoidhte? Finis | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4152 |
4,161 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1771 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 873 | 467 | I A shean-chríoch Fáil nach náir an sgéal duit a dtugann tú do shár gach lá ar an Ghaedhil-treibh! Ach is mar súd budh ghnáth dod cháil a dhéanamh, bheith a' cothughadh do námhad is a' básughadh do ghaolta sliocht Sheáin is Mhairtin ar sgáth i n-éifeacht is gach aicme dar fhás ón Spáinn dá dtréigean. Is mairg atá dod chathughadh a mheirdreach mhalartach lúbach chluainteach bhréagach. Nachar fhóir dhuit ar dtús gach cúis dá ndearn' tú i nEachdruim an áir is gach áit ar chlaon tú, nó gur bhris tú an stiúir se re humhla do ghéilleadh do chreideamh na n-abstal is do theagasg na cléire? II Réab tú an stóras a d'fhóirfeadh don éigse is ghaduigh tú fós dá n-ór is dá n-éideadh; d'fhág tú na dílleachtaidhe claoite doinach, is baintreabhacha tláith go dtrásta ag géar-ghol. Fána sgiath re tártháil budh ghnáth ag réidhiughadh dhóibh, flaith na ngreagh, na bhfleadh is na bhféastaidhe, bile na n-each slim budh hiomchubhaidh tréartha, acht teacht go hAnas Caoin is fíor gurab éigean, 's gan tilleadh dhó arís ar a chaomhthach céillidh. Ní sgarfadh sé a choidhche re hinghin a Mhajor, an réalta maoith-gheal míon-tais méir-gheal budh chiallaidh sgolartha galanta tréitheach, i dtus a coineamhna a hoileadh go réimeamhail. III Níl deilbh dá bhfacaidh nach mbreacfadh 'na ngréasaibh, an long 's an seól san mbóchna bhraonaigh, an mhuc mhara 's an rón is tóir na n-iasgaibh, crainn na coilleadh is fioghair na n-éanlaith, an t-athair nimhe 's an abhall fár pheacuigh síol Éabha, go dtug sí i gcló an mhuir bheó - gach gné dhíobh. Is na tíortha ar milleadh ar ghiorrra do chéilidhe, bheir cách ar mearadh i mbarúnacht Fhearn'aighe, re cluistin do halla bheith gan tathaidh na laochraidhe, 's do phárlus gan táiphleis, gan téad-chruit, gan ord, gan aifreann, gan freasdal na cléire, gan cantail na salmaibh ann dá léigheadh, gan bhantracht ag dealbhadh na ngréasaibh, 's aithnighim ar amharc na fiormaimint' 's na néallaibh gur atharruigh pláinéid a n-áitibh re chéile. IV Do dhorchuigh Lúna i dtús gach oidhche, bhain tuisleadh do shiubhal is do chúrsa na gréine, is táid uile faoi smúid is do mhúch na réalta, Ó do chuaidh san gcróchar ní bhia ró re haon raod, ní mheasaim níos mó go mbia tórtha ar ghéagaibh, is ní mó bhias fós ar mhóin-fhéar féartha. Biaidh gach mion-mhagh ar bearaonaigh go treagchruth is biaidh na branaraibh gan lán-toradh déise, gan bólacht ag dáil bainne i bhfásaighibh ná ar shléibhthe, is biaidh na linntibh go cinnte gan iasgaibh, is na coilltibh gan bhionn-ghuth na n-éanlaith, is gan fuaim ghuth na gcuach ina bhfaonrann, gan chantail na londubh 's na smaolach, ach dá ruagadh ar fhuarlaigh gan téagar. V Biaidh na tulcha is na mullaigh gan phléisiúr, gan uaill chon ag ruagadh an mhíl mhuighe, is gan bhuabhall don uaisle dá shéideadh, gan suairceas dá ngluasacht chum féasdaidhibh. Táid an uair se go gruama tinn tréith-lag fána gcuallaidh bheith a' fuaradh san gcréidh uatha. A Rí na gcréacht dá mb'éidir a rádh dhuinn, nó dámadh chuibhthe dhuinn a fhiafraighe do Dhia na ngrása ach má chanamuinn tréas tabhair féin duinn párdún, gé go n-abraid nach ndéan tú an éagcóir, a Aird-rí. Ó gheallais dona dílleachtaidhibh go bhfuighdís athair, is don mbaintreabhaigh céile 's nach mbiadh gan árus, cionnus chreidfeam an scéal soin tar éis an áir se? VI Do bhuail tú an té se bheireadh braighde as gábhadh, is ceann cohtuigh'e don méid sin tar éis réamh-ráite. Acht ó leag tú an ghéag do chraoibh ar fhéaghadh dí, is maith thú má léigir Séamus slán duinn. A ghleacaigh na ngleó gé gur león an bás thú, a chaithmhílidh dhreach-nálainn do chonnairc mé lá thú, is do dheaghla thrí dtriúr ní dhiúltfá an t-áth dhóibh, is dá gcuirfeadh a nguaille do chomhar go dtiocfá slán uatha. Fear mar Hearcuil na mbuadh thú i gcruas gach gábhaidh, nó mar Hector fán Traoi ag dío-chur náimhde, nó mar chú na hEamhna thug geall, fán Tánaidh; is samhail Fir Dhiadh i ngliaidh go gáibhtheach thú. VII Fear mar leanbán re fann-lag do ghnáth é, fear mar uan chum truagh do thárrtháil an mheirge bheódha chródha chráibhtheach, mar Pharis mhac Prímh sa tslighe dá dtarla. Gé budh líonmhar teacht cíosa ó thíortha 'na lámha, budh tighearna ar muir é, budh mhinic ar sáile, 's dá dtéigheadh fearaibh Éireann mar aon leis san áibhéis nár bhaoghal do neoch dhíobh basgadh ná báthadh. Budh síothchánta Neptune ag taisdeal 'na mbárc dhó, 's bhíodh Aeolus agus Boreas gach uair go sáimh dhó, agus deabhtha na mara ní lamhadh bheith dána ó théigheadh sé ar tuinn go dtilleadh chum tráighe, is tá mo dhóigh mór go dtug an Cóimhdhe grádh dhó. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4161 |
4,162 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1771 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 1,487 | 727 | XIX. TUIREAMH JOSEPH PLUINCÉAD VIII Ach anois ó chaill Éire a céile bhí cródha, 's gur follus an léan so ar theampall na Rómha, ag sgaramhain a sréad is ag méadughadh bróin dí; ní bhfuil deabhaidh re déanamh do Ghaedhil budh mhó díoth, ach amháin muna dtearthar Séamus óg uainn. 'S a Thulaigh mhic Chuainte, gruaim go deóidh ort! is gearr a mhaoidhim gur éirigh an ró leat, ag triall na flatha so id aice chum comhnaidhe. Níorbh fhiú thú a fhagháil, a thráill, mar chomharsain; a mhullaigh na tubaiste, ní ghoirim níos mó thú. Níor aithin tú an tráth a d'fhás mogaill óir ort, is nach daor an lán so atá san gcomhraidh! IX Laochraidh Parrthais, táid go leór dhíobh, is go meas damh féin tá an méad díobh fhóireas. Creideamh an Naomh Pádraig, grádh agus dóchas, féile re fáilte agus árus do dheóraidh, don ór-fhlaith bhláith se d'fhás go cródha don fhíneamhain dob áirde 's dob áille tórtha, maighnéis na nGaoidheal san taoibh se na hEórpa, an jasper do phríomh na líoga lóghmhar, carbuncle dob fhearr ná leagaidh óir sin; an t-emerald a d'fhás as lár coróna, an cornelian budh daoire d'éifeacht Fódla, an tóirse soluis i ndorus an chóigidh. X Tré laige mo chéadfadh ní dhearna mé an t-eólas ar an seiseadh cuid déag don chéim mar chóir dhó, óir ní fios damh féin i nÉirinn fhód-ghlais ó lá Eachdhruim na gcréacht sin béad budh mhó linn, bheir tuirseach tinn tréith-lag Gaedhil is nua-Ghaill. Fá Dhún Libhis 's i nAontruim beid go brónach, do dh'aicme na Niall is a' fial-teach foirle, mar a gcomhnuigheann an rialt soin an t-iarla mór Cónaill, fána gcaraid ghlan-ghaoil ni chim san gcróchar, 's ar n-imtheacht, fa-ríor, as tír na mbeó uainn. XI Bráthair na dtriath, bráthair tighearna na Bóinne, bráthair thigherna Lugh' is na Cairrge fós é, tighearna an dá bhaile dhéag a chois Bóinne é, is i mBaile an Bharúin do háirmhthí an ró leó; bráthair thighearna Thurfaidh an chaisleáin 's a' mhóta, bráthair Phluincéadach cuimseach na Rátha Móire, bráthair Chrúisigh crothmore crú-ghlan cródha, bráthair Balbhach, gé táid faoi smóil duibh, 's gan uaisle re fagháil san gclár so Chobhthaigh nach raibh a srotha ar bhfás tar aird-lí an rósa ann. XII San taoibh ó dheas dá mbeamuis eólach, is iomdha féinidh fuileachtach curata cródha do thogha gach fola do threabhaibh na hEórpa, a mbiadh a marc-shluagh ag teacht ins na bóithribh, re réim na n-eachraidh is re hastar na gcóistidhe, is ní lia ná ríogan mhíonla mheóir-leabhar do stuaidhribh na gcuacha mar an ómra, bhiadh ag cruadh-ghol is a ndualaibh as ordughadh, gan fios cia is lugha creach ag teacht 'un a thóraimh. XIII Sguirimse annsin agus fillim an taobh so Eistidh amach an tan so is féachaidh an bhfuil Caiptin Throgmorton ag teacht ins na bóithribh, nó an bhfuil a chuallacht ban uasal mar aon leis, an dá Bhetty 's an dá Nancy 'tá ar bhantracht na sgéimhe, nó an bhfuil Mistress Bath ag teacht rena céile, 's a' Caiptin Tiobóid a chodail aréir leat. Nó an féidir nach dtug aon-neach díobh sgéal duit, muna ndeachaidh Melpomene an tan so do fhéachain, nó nár imthigh Terpsichore sna críochaibh ar saobhadh? Tá an naonbhar deirbhshiúr so ag sgreadfaigh 's ag géar-chaoi, ar fuaidreadh seachráin gan fasgadh dá gcéadfaidhe re linn na flatha bheith creapailte i ngéibhean. XIV Chuaidh srotha Chastalia i dtráigh suil braonach, is Parnassus gé hard a háit gur thréig sí fá leannán Chleopatra na naoi maighdean is fá dhalta na Muses bheith ar suanluighe n-éaga. Gá bhfuil an uaisle dar dhual bheith ag dréim leis, ar dheise, ar áille, ar cháil is ar chéadfaidhe? Carraic na tuigse sa Scrioptúir dá léigheadh, starthóir is freachnóir i Laidin 's i nGréigis, an Francach, a Spáinneach, an Gearmán 's a' Gaedheal glan, maighistir gach teanga é dar canadh sna réagúin fuair oideas na hEórpa i gcló go réimeamhail, is gan duan dar seóladh i bpróis nó i bhéarsa nacharbh aithne 's nacharbh eól don ór-fhlaith mhéir-dheas, XV Ní bhfuil feidhm feasda re cruitire téid-bhinn, file nó bárd chum dáin do réidhiughadh dhuinn. Cia thuigfeas a nglór má labhraid Gaedhilge 's dá gcanaidís ceól ar nós Orpheus? Ní shinnfid níos mó dhe ó torcharadh an té se lerbh ionmhain cuairt na ndruadh 's na n-éigse. Acht is cosmhail gur fhág an dáimh se Éirinn ó nach gcualas fán gclár sin gártha céad díobh. Muna bhfuilid i ndiamhair ní féidir féin sin; beid feasda faoi ghruaim ó sgar uatha a saidhbhreas; ó theasduigh sé uainn, mo-nuar an sgéal sin, 's go Luan bhruinne an bhráith nach dáil go n-éirigheann. XVI Molaidh don Chóimhdhe ghlórmhar ghlé-gheal go maireann go fóill an t-óig-fhear Séamus, craobh chosanta cháich - goma slán budh saoghal dó chum baintreabhach a athara go dtrásda réaghlughadh, Malaigh Nic Mhathghamhna an tan so 'tá tréith-lag, ag greadadh a lámh is ag sgáineadh a céibhe, creachta go bráth fá bhás a céile, 's a dís mhaoith-leanbh nachar abuigh a gcéadfaidhe, nach aithne dá ndeabhaidh 's nach dtuigeann an créachtnughadh Ní heagail dóibh smál ó bhráthair Rí Séarlus, ar marthain cian-ársaidh gan bhás, gan bhearnadh, 's an bhánríoghan gan bháthadh ag árdughadh céime. XVII An sgeallán so a treabhadh do abhaill budh tréine, an chnú don chraoibhín nár sgaradh dá fréamhaibh, an leómhan loinneardha drithleanach deallradhach, bradán Bóinne agus seabhac na hÉirne, an caith-mhílidh frasach mar achnill ós éanlaith, an fear-chú so d'fhás do bhláth na réaxa. Gé go sguirfead ar ball tá cáil 'mo dhéidh dhe, is mo thriall go hAondruim d'innsin sgéal dóibh. Tá an halla sin Lughbhaidh faoi chumhaidh go déarach, 's gur duibhe ná smál dá mbláth is dá n-éideadh, 's toigh Bhaile Aláird, mo chrádh, mar an gcéadna. XVIII Ní bhfuil fáth damh a n-áireamh ach a rádh i n-éinfheacht: níl ríogh-bhrugh árd gidh álainn aolta do threabhaibh na Spáinne do bhláth Mhilésius, ná d'uaisle Gall darbh ionmhain pléisiúr ó gheataidh Dhroichead Átha go cathair Áth Cléithe, ó Theamhair na mbuadh is go Cruachain Mheidhbhe, ón tSeanainn anuas go bruach Loch Géise, ó Dhún Geanainn go Lughbhadh is go Dún Dá Leath-ghlas, ó Iubhar Chinn Trágha go hArd Mhacha na cléire, ó Ros Treabhair go Cairlinn is go Dún Dealgna dá éis sin nach bhfuil i gceasnaoi go tláith is ag man-chur déara, ó chasgair an bás, mo chrádh, go déidheanach Joseph Pluincéad bhí coimseach tréidheach. XIX Uch, is fíor re rádh gur bás os andé dhó, is go foircheann an bhráith nach dáil go n-éirgheann. Beannacht na n-easbog is na sagart i n-éinfheacht, beannacht gan clódh do dh'ord na cléire, beannacht na ndoctúir is beannacht na liaghadh, beannacht gach compáin don bhantracht riaghalta, beannacht na mbaintreabhach fann is na ndeóradhaibh, beannacht na mairtíríbh d'astruigh an saoghal leis, beannacht na suadh, na ndruadh is na dtréan leis, is beannacht a bhfuilmid i bhfios go léir leis ag méadughadh soluis is d'aithghiorradh péin dó, is ar dheas-láimh an Chóimhdhe go glóir na naomh dhó. AN ANNÁLACH Míle is seacht gcéad do réir gach peann dar sgríobh, dhá thríochaid dá éis, dhá cheathair is a dó re haon, ó ghabh colann daonna an Réalt thug solus an tsaoghail go dul Mhaighistir Joseph, mo bhrón, i bhfeart faoi líg. AN t-EPITAPH Faoin líg se fá dheóidh atá an ór-fhlaith shuairc i dtámh, faoin líg se 'tá éifeacht shaidhbhris chiste lucht dáin, faoin líg se 'tá an té do léighfeadh startha go lán, gan uirgheall 'na bhéal, gan léarsa ar leabhar 'na láimh. Faoin líg se go faon 'tá éifeacht cheannais an tsluaigh, faoin líg se 'tá an té le daidhbhir nach minic budh chruaidh; a gheil-chneas mar laege is ar bhféachain a stán-rosg uatha, budh samhailt mar léar-lasadh réalt fras ón taoibh thuaidh. Nachar theagaimh do sgéalsa do éifeacht ríghthe chríoch Fáil? nach é críoch gach aon, fa-raor, go gclaoidhfidh an bás? nach bhfuighidh re spré don méid se dá dtuigeadh an cás, nach gceannóchthar ón éag ar shaidhbhreas neach do shíol Ádhaimh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4162 |
4,182 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1779 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 394 | 223 | Marbhnaidh Thoirdhealbhaigh Uí Raghaillaigh I Anois is mian liom tráchtadh air Terry Ó Raghallaigh an sár-mhac Bhí ríoghamhail saoitheamhail sásta 's thug barr maise in gach céim, Mar bhí sé 'na chommander air na mílte fear don náisiún, 'S go ndéanfadh seisean ármhach le sásadh thabhairt do Ghaedhil. II Tá an Sean-Chárnán go brónach is na tíortha 'lic faoi dhólás Ó d'éag sé an planda dhen mór-fhuil - 'sé mo bhrón é dhol i gcill; Tá clann Liútair ina bpléisiúr ó síneadh síos i gcré é, Mar bhí siad-san faoi ghéar-smacht ag Ó Raghallaigh lena linn. III 'Sé mheasaim féin in m'inntinn gur chóir a chur i bprionnda, Ómra chur leis timchioll 's a throillseadh 'rís le hór, Tá a chéile buairthe tinn bocht is stuair na ndualaibh a' troillseadh, 'S a mháthair féin go cinnte ag tiomsughadh gach brón. IV Tá súil as Rígh na ngrása agam go bhfuil a anam geal i bPárthus Ag ionntuigheas naomh go sásta nó i lár i bhflaitheas Dé'; Tá buachaillí na háite faoi smúid ag bodaigh ghállta Ó d'éag sé an barraidhe álainn, cúl báire chlanna Gaedheal. V Aois Mhic Dé mar léightear dhúinn as na hughdair Ghaedhealach; Míle 'gus seacht gcéad is 'na dhéidh sin trí fichid, An naoi ar an deich dá réir sin ó ghlac sé páirt air léigse, 'S gur i Maigh nEalta 'sé mo léan é bheith i gcré uainn 'na luighe. 19> Well anois is mithid liom trácht ar Terry O'Reilly a' stáidfhear A bhí croidheamhail lúthmhar láidir 's thug buaidh in gach cás, Ó mar bhí sé 'na chommander air mhíle fear don náisiún, Gheanfadh siad-san ármhach a' baint sásadh amach as Goill. Ach ó d'éag sé maighistir Reilly tá gruaim os cionn na hÉirinne, Cha dtig driúcht ar bharr an fhéir - níl fiú na héisg a' fuireach' beó. Ó d'éag sé an planda méineamhail - 'sé mo bhrón nach dteachaidh i gcill Tá clann Liútair ar a bpléisiúr dá dhúnadh insa chré. 'Sé bhainfeadh urra as bodaigh a' Bhéarla; cha bheadh maith a' pléadáil leis ina gcaint, 'Sé sheasfadh i lár an aonaigh a' baint urra as bodaigh a' Bhéarla. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4182 |
4,170 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1822 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 625 | 365 | MARBHNAIDH SHÉAMUIS GREEN I Dá n-éisteadh cách seal éigin go ndearbhíonn dóif an sgéala A d'fhág mo chroidhe dá réabadh a's m'aigneadh 'lic faoi ghleó, An ní sháruigheas mo laig-chéadfaidhe is d'fhág mé ar mearadh céille, Is d'fhág mo rosg gan léarsa agus m'inntleacht faoi cheo. Dá bhfuighinnse deoch mar fhéirín as sruth Helicon an tsléibhe, Mar Homer bhéil-bhinn Ghréagach le filidheacht thug buaidh, Sgríobhfainn marbhnaoi le caoil-pheann ar nos na n-ollamh Gaedhealach Air Shéamus Green an tréin-fhear a leagadh sínte i n-uaigh. II Súd samhail dó le héifeacht, mar Alasdran mór éachtach, Nó 'n laoch a shnámh fá Héro, gidh gurab insa muir gur éag: Ní áirmhighim Polydamus ná clann álainn Rí Priamus, Ná 'n prionnsa flaitheamhail Jason thug an chreach leis ón nGréig. Do bhí sé gaisgeamhail fearamhail fialmhar soilbhir subháilceach séanmhar, Treiseamhail ann gach déigh-ghníomh ag coimhéad aitheanta Dé, Ach ó goineadh leis an éag é tá smúid go dlúth air Ghaedhealaibh Fán ngéagán úr don bhfréimh cheart bheith faoi liagaibh dúnta i gcré. III Is iongantach anois mar tá Bail' na Gaoth a's Baile 'n Rátha, Gan meas air chrainn ná bláth nachar chaill go léir a mbrígh: Na faithibh áluinn sgiamhach a's na coillte dlúth-ghlas craobhach Gan ceileabhar cuach ná smaolach ach faoi léan do ló 'gus d'oidhch'. Atá a athair bocht ró-bhuadhartah, go dubh-chroidheach tinn tréath-lag, 'S a bhuime thug súgh a cléibh dhó 'gus na soighde tar éis a claoi; Atá 'n bhantracht óg a' fuachas 's a dhearbhráithre ag cruadh-ghol Fán leóghan a dúnadh uathasan i dtuama 'nois 'na luighe. IV 'Sé mheasaim go bhfuil dualgas air sgaith na n-ollamh stuama, A bhfuil a n-eagnaidheacht 's a bhfoghluim mar thuile a' teacht ré réim, Bheith go cinnte a' snasadh véarsaí hríd chríochaibh oirdheirc Éireann, A' dubladh a chliú 'gus a fhéile le na thréartha chuir i gcéim. Bhí sé críonna saoitheamhail céillidh le carthannacht 's le déagh-chroidhe, Bhí grádh 'gus gean gach aon leis ariamh dar thathaigh é: Tá guidhe buan na cléire leis is guidhe cháich go léir leis, Le n'anam geal gan teagmhuis dhol i láthair bhreithe Dé. V Glac leithsgéal damhsa, a léightheóir: ná déan fanamhóid dióm air aon chor. Atá lionndubh air mo chéadfaidhe <'s mé> i n-ainbhfios faoi ghruaim, Fá Shéamus, croidhe na féile, i dtús a mhaise 'gus a sgéimhe, I dtús a neart is a thréine mar do shlad an t-éag é uaim. An mílidh barramhail buagach nachar claoidheadh le béim i gcruadh-chath, d'fhág na mílte laoch is gruagach go huaigneach a' frasadh deór: Atá 'n sean 's a' t-óg fán truagha gus na deóra a' ródadh a ngruaidhe Le tréamhaoin os cionn na huaighe tráth síneadh é faoi fhód. VI Aois Mheic Dé tráth d'éag sé, an curaidh cródha éachtach, Ocht gcéad déag do bhliadhnaibh, an dóchad 'gus an dó: d'éis dhá bhliadhain air fhichid dá théarma a chaitheamh air an tsaoghal so d'fhág sé beannacht re na ghaoltaí 's gach neach dá maireann beó. An uair nach dual d'aon neach aisioc fhagháil ón éag dó, Guidheadh cách go léir le n'anam gea gan fhuath, A dhol faoi bhrataibh geal' an mhaighdion fuair mar phronntanas ó na hAon Mhac Bheith 'na bean impidhe ag na Gaedhealaibh i nGleann Josaphat a' tsluaigh. Beannacht le n'anam go cathair na glóire, Agus beannacht don ffilidh a chanuigheas an ceól dó. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4170 |
4,168 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1830 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 949 | 454 | EACHTRA AN CHOILIGH TOMÁS UA LOINNSIGH cct I An gcualaidh sibh a' tubaiste bhain do mo choileach An uair a thuit sé i bpota don uisge ghoileach? Sin a' tslighe ler chaill sé a chleiteacha, Raod a d'fhág é faobhthaigh fann-lag meiteach. II Chuartuigh mé an tír ag iarraidh sweet oil dó, Agus fuair mé aige Peadar Coyle í; Bhí sí i dtaisgidh aige le haghaidh a chuid pionnaí, Agus chumail mé síos de é 'n-áitidh an fhionnfaidh. III Munab é lena linn go bhfuair sé osadh Budh doiligh don chréatúr a phiantaí sheasamh; Mar b'é ceannphort ceart an toighe é Thug mé liom chum an Infirmary é . . . . IV Le cheasta go gcuirfinn air a' chréatúr fiabhrán d'iomchuir mé liom é ina gcliabhán, Leig mé síos air cheann a' bhuird é, Agus d'fhan mé annsin go dtáinig a' surgeon. V Leighisfeadh an fear sin marbhán, Is dearfá fáin gur dhuibhe ná an gual é; Bhí cuma an Albanaigh mhóir gan bhréig air, Is bhí cuma an léin is na sgaoil' air. VI Fuair sé crúisgín do ola leighte Is chumail sé síos de í le cleite; Dubhairt sé faoin am sin lá air na mhárach Go gcluinfinn a' sgairtigh é mar budh ghnáth leis. VII Tháinig doctúr óg ón Spáinn ann Agus bhain sé fuil as faoi na gháilleach; Dubhairt sé nach bhfásfadh air clumhach ná fionnfadh Go dtiocfadh Fionn chum an Aifrinn Geine. VIII Tháinig doctúr eile ón Fhrainc ann Agus dubhairt sé nach raibh ach a' tsrinc ann; Air a' dá bhuille dhéag go dtabhradh an sgríobán 'S nach dtiocfadh a'n sgairt go bráth amach as a phíobán. IX Tháinig doctúr eile ón Ghréig ann; Dubhairt sé go raibh siad malluigh'e bréagach; Labhair sé leó go ceann-tréan sobaigh 'S d'orduigh sé a chur 'na luighe air leabaidh. X Ansin a tháinig a' bhruinneall na spéise A raibh brollach urthaí air dhath na géise. Déarfá gurbh í Helen ón Ghréig í, Oir budh adhbhal deas a' cailín gan bhréig í. XI Theann sí siar agus rinne sí gáire, Amhail agus mar bheadh sí a' déanamh dhamh áitidh, Ach léim sí uaim mar a dhéanfadh fiadh Agus lean mé san áitidh í a raibh gorta agus pian ann. XII Sin an áitidh a raibh Nebuchadnezzar; Bhí Rí Saul ann agus Julius Céasar; Goll mhac Móirne, gé gur mhór a' lúisde é, Is a sháith le déanabh aige i gcionn a shúisde. XIII Bhí Rí Harry ann dá rúisgeadh; Bhí Prince Edward ann dá phrúicheadh, Bhí Bainríoghan Siobal ina lasair gan mhúchadh, Mar sgrios sí an eaglais a bhí i Mainistir na Búille. XIV Bhí Oliver Cromwell ann sínte air raca, Agus é a' sgréachaigh mar bheadh asal bacaigh; Bhí Lon mhac Líomhtha i gcionn a thuairlín, Is é dá gciorladh mar bheadh duas de. XV Bhí lucht na miodóg ann is Burn-chapel Whaley, Is budh ghile an gual ná clár a n-éadain; Bhí Peadar a' Churraigh ann chomh dubh leis a' diabhal, Agus curry-comb aige agus é dá gcíoradh. XVI Bhí Doctúr Little ina stoc dá sguireadh, Agus iad dá rádh go gcaillfeadh sé an tuireagh; Bhí a' Seabharnach dá bhiorradh insa ghríosaigh, Is é a' tabhairt sásaimh i n-aimsir na maoile. XVII Bhí Norman Steele 'na shuidhe insa chlúid ann, Is a' t-Aciostanach mór faoin uile smúid ann; Bhí Billy Foster a' cur teineadh síos ann. Is air son Defenders é a' fagháil a chíosa ann. XVIII Bhí Speaker Foster ann is a mhóraigh, Fasgaidh Buidhe agus sean-Lord Roden. Dubhairt Butchy Mhac Circe go raibh siad uaigneach Fá Mhathamh na sail is na spág Mhac Ruaidhrí. XIX Bhí Barrister Dawson 'na shuidhe insa choirneál Agus tor hastaol aige i n-áitidh stóla; Bhí urchor beach air i n-áitidh a wig, Is é insna gártha air Jemmy Dick. XX Bhí Billy Buck is Paraigh Ua Buidhealta A' teacht air ais as Mullach Craoibhe; Léim mé amach air fhuinneóig chaoich ann Agus lean mé go bráth go hAdamhaoil iad. XXI Cha raibh cearc ná coileach i bhFeochaill Íochtarach, I Ravensdale ná i gCarraig an Fhíona, Fá Chill na Sagart ná an Mhunaigh Sgríobaidh Nach dteachaidh a sgairtigh a' dol thríd Droman-tSith dhúinn. XXII Tháinig serjeant mór de choileach Fhrancach, Bhí aige Wolf Mhac Néill i mBaile Mhic Sgannláin Dubhairt sé liom gan a bheith a' déanamh íontais, Gurab insan orange lodge a bhí sé ó oidhche. XXIII Agus a' cailín deas a dtug mé grádh Gurab í cailleach Bharret as Béal Áth' an Chlár í, Is dá dtiocfainn leith' síos go Béal Áth' na Sac Go bhfuigheadh sí mo choileach damh ar unsa tombac. XXIV Mo mhallachtsa air Wolf is air Lodge a' Phlaistir, Air chailleach Bharrett is air a maireann dá náisiún. Dá dtabharainnse a' coileach chuige Doctúr Walker Leighisfeadh sé air dtús é air bhonn ocht gcóta. XXV Thug mise móide lá air na mhárach, Dá sgallfaidhe a raibh de choiligh as sin go Cáirlinn Nach rachainn fad mo choise amach air a' dorus Ag iarraidh leighis dóibhthe i rioth mo sholuis. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4168 |
4,160 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1841 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 738 | 397 | XVII. AN CAILÍN BÁN. Ag gluaiseadh amach damhsa maidin shamhraidh 'Sé chuala mé an channtáil 's na ceóltaidhe binn, Ag gach éan dob aille a' fagháil buaidhe air a chéile, An londubh 's a' smaolach 's a' nightingale. Bhí caoirigh a' méalthaigh agus uain a léimnigh, Ag déanamh pléisiúir do mhíle grádh; Bhí cnuic a' réabadh le teas na gréine Ag moladh sgéimhe mo chailín bán. II. Ó fhíor-bhárr 'sé chonairc mé an stáid-bhean A coiscéim státamhail ró-shásta romham, Réult na maidne gan choc gan lása, . . . A fuais gift ón nádúireacht a chuir uirthi coróin. Budh ghile a croiceann ná an sneachta b'áille, Ionná an eala snámha air a'loch le stát; Bhí dearcaint mhómhar ina súile ómra, 'S ní fhacas leithide mo chailín bán. III Budh bhinne a glórthaidh ná flute is orgáin, Ná Apollo béul-bhinn ná Orpheus mín; Budh mheillse liomsa an tseoid ag caint liom Ná stór na Frainc agus ór an tsaoghail. Shiubhail mé an Ásia 's cuid mhór d'Arábia, ó Thransilbhénia go hOlympus breágh, Insa méid sin réagún, 's dá ndéarfainn Éirinn, Ní fhacas leithide mo chailín bán. IV Dá mbéinn mar Hector nó Alexander, Nó 'm impire, India b'í so mo fheidhm: Mo choróin go hiomlán go dtiúrfainn gan roinn díth 'S nach n-iarrfainn mar chompórt acht stór mo chléibh. Mo chréatúr alainn, sgéimh gach nádúire, 'Tá súgach sásta deas díreach árd, Go bfuil sí le chéile mar obair chéir bheach, 'S ní fhacas leithid mo chailín bán. V Gay, Pope is Dryden, an triúr i n-aoinfheacht, Cha chuirfeadh a tréartha 'lic síos air dóigh; An péanntóir is snasta cha ndéanfadh a leithide; Air gach filidh foghluimte go dtug sí buaidh. Homer eagnaidhe 's a pheanna tréitheach Air a ciall 's air a méin mhaith gur sgriobh sé a lán; An chuilim nó an eala, an t-uan nó an phoenix Gur deise liom féin go mór mo chailín bán. VI Ó thús, tráth chonairc mé í, leis an fhírinn innsigh, Chuir a ciall 's a simplidheacht oram stráic; Tháinic Ciúpid timchioll annsin i gcinnteacht, Lena shoighde tinntidhe ghoin sí in mo lár. A bhlánairt mhaiseach, tabhair cabhair gan mhoill domh, 'S gurab é dearcadh do mhall rosg d'fhág mé faoi smál, A phlannda is deise ariamh dár hinnligeadh, Gan do chabhir nó compórt go bhfuigh' mé bás. VII A ainndhir álainn, tabhair damhsa párdún, Agus freagair go sásta insa gceist so anois "An duine saoghalta thú nó naoimh-bhean áird-ríogh, A tháinic mar bhláinirt anois 'nar measg? An tú Aurora nó an dia-bhean Flora Nó an tú Adonis a fuair sgéimh an tslóigh? Nó an tú Helen sgiamhach fá dtug Diomedes Don iomad géur-ghoin ag cuan an Tróidh?" VIII 'Sé dubhairt sí liomsa go ciúin is go céillidh: "Ná bí dom bhréagnugadh, a bhuachaill óig. Is fearr liom fanacht seal gan chéile Nó go bhfuigh' mé pléisiúr is a thuilleadh spóirt. Dod chomhrádh cumainn go dtug mé spéis mhór 'S duit féin i n-éinfheacht, a mhíle grádh. Is é is ainm damhsa "Polaidh bhéusach" Ó Chootehill aedhearach nó "an Cailín Bán"." IX Le méad mo lúthgháire ní thiocfadh liom innsigh Nuair a fuair mé 'un cainte le mo mhíle grádh 'Sé dubhairt mé léithsan go socair simplidhe Go raibh cóir gan mhoill againn araon le fagháil. Go raibh tír is talamh is Jove na séud linn 'S fortacht araon againn air muir 's air tráigh, Go gceanglochadh Hymen le toil na cléire Mé féin le cheile 'gus mo chailín bán. X Ó thathaighe daoine 'sé thóigfead árus 'S cha bhíom 'mo raca a choidhch' níos mó, Gach neóin 's gach maidin a' smuaineadh ort, a óig-bhean, 'S má ghní tú m'atharrach cha bhíomsa beó. A' meabhrughadh ortsa go mbiad go cinnte, 'S na plánóidigh in m'inntinn, a mhíle grádh, Agus nuaidheacht freisealta ag tíacht 'mo thimchioll Ua shíol na bprionnsaidh, mo chailín bán. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4160 |
4,174 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1841 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 479 | 275 | MARBHNAIDH SHÉAMUIS DUBHLAING JAMES DOWLING'S ELEGY I 'Sé Séamus Dubhlaing an barraidhe álainn A d'fhág na pláinéidí se 'lic faoi ghruaim, A mbíodh aoibh a' gháire air ag teacht i láthair Air na pátrúin nó i measg an tsluaigh. Tá na réalta so uilic air buaireadh; Cuirfidh na spéire orainn sioc is fuacht Fán mbarraidhe Séamus a dhol i gcré uainn, Croidhe na féile dár sheachain cruas. II Níl aon mhaighdean mhúinte dá bhfuil sa dún so Nach bhfuil go dubh-chroidheach ag déanamh bróin, Iarlaí, barúin agus oighrí dúithcheacha I gculaidh chumhaighe air fud a' domhain. Cnuic is mullaighe is coillte dlútha Gach maidin chiúin agus iad plúichde i gceó, Ó d'éag sé an barraidhe sin, Séamus Dubhlaing, Croidhe na húire a sheasadh an chóir. III Dá mairfeadh do ghaoltaí beó sa tír se, Mar a bhí siad 'na dtréine seal, Bheadh tuama gléasda ag do cholainn ghléghil Is oific dá léigheadh ós do chionn air leic. Dáta an lae sin ar fhág tú 'n saoghal so, Tarraingte i bhfeaghraibh i leabhair brais, Is coat of arms an bharraidhe tarraingte Air na pátrún 'na measg na bhfear. IV Ní bhfuil iongantas an méid sin a bheith go buairthe, Níl iongantas a chéile bheith go tréath-lag tinn, Ní hiongnadh a cháirde anuas ó Ádhamh Bheith a' greadadh lámha ós cionn a ghleinn. Ní hiongnadh óig-fhir go léir chrích Fódla Bheith tuirseach brónach gan aig'neadh fuinn, Fán mbarraidhe cródha a sheasadh an chóir dúinn A dhol faoi fhód uainn, mo bhrón, i gcill. V Dá mairfeadh do ghaoltaí beó san tír so, Mar a bhí siad le linn a' leóghain Tá an t-iasg a bhíodh air an tsruth go bríoghmhar Ag dol i n-íochtar le hiomad bróin. Ní bhfuil óg ná aosda dá bhfacaidh ariamh é Air fhaithchibh aoibhne ag déanamh spóirt, Nach mbeadh ag guidhe leis do ló's do dh'oidhche Le n'anam dídean fhagháil ón tSlánuightheóir. VI Insa Ráth Chonaill uaill atá an barraidhe 'n'uachtarán, Plannda an tsuarcais is gnúis a tséin; d'fhág sé na puibleacha so uilic go buairthe, Easbuig, uachtaráin agus sagairt léighinn. Atá na bráithre uilic i gcoimhdeacht Ag iarraidh cuimrighe air fhlaitheas Dé, Agus ceóltaí binne na cúirte ainglidhe Ag an aingeal coimhdeachta a' sinm théad. VII Cá ndeachaidh ceann-phuirt uilic na cléire Pharáiste an tSléibhe nó Chorca Rígh? Cá ndeachaidh plúr-sgoith chlann na nGaedheal, Nó sgafairí an bhéil bhinn ó leic na clídh? Cá ndeachaidh sgríbhneóirí na cruadh-Ghaedhilge, A chuirfeadh éachtaibh ar ngliocaidhe síos? Atá siad marbh uile 's a gcúl le chéile Ó sgar an t-éag a choidhch' an ieóghan so dínn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4174 |
4,178 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1841 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 403 | 224 | RÓIS NÍ MHAOLTUILE I 'Se do bheatha 'un na tíre, a leinbh bhig aoibhinn, is ró-dheas do phíob 's do gháire, Is gur gile ná an t-aol 's ná an sneacta ar an gcraoibh do mhalaigh is do chaon-chorp álainn. Dá mb' eól uaim-se sgríobhadh a leath mar budh mhian liom, nó véarsaí chur síos i bpáipéir Air an mbaile 'na mbím cá raibh tú le mí, go gcuirfinn romhad míle fáilte? II A Thomáis Uí Raghallaigh, go mairidh tú an spéir-bhean a thug tú mar réighnidh 'un na tíre, Le múnadh, le béasa, le maise, le sgéimh mhaith, a samhail ní léar liom sa tír se. Dá mb' eól uam-sa a luadh, go bailte na gcuan ach mur' dtug sise buaidh air Vénus, Ach a' gcluin tú mé, a chuaill, ná bíodh ort-sa choidh' gruaim, 's go bhfuair tusa sgaith buachall' Gaedhealaigh. III 'Sí an rósa, 'sí an lil í, 'sí Róis Ní 'latuile í, 'sí plúr-sgaith na gcailíní is áille, 'S a glórthaí gur binne ná ceóltaí dá sinm air phíb, air fhidil ná air chlársaigh. Fuair tú ógánach trilleasach aoibhin breagh cumasach, tréidheach an iomadaidh i gcásaibh, 'S go bhfeicidh mé an ghasraidh 's iad ag ól is a' gaidigh air hallaí breagha geala aig an tsáid-mhnaoi. IV Thíos i gCill a Seanráth' ghluais chugainn an leanbán is aoibhinn 's is iomlán a béasa A bhfuil a súile gan amhras mar dhriúcht maidne shamhraidh, nó mar chorcrán breigh geimhridh i gclár a héadain. Gheóbhaidh tusa gan amhras fíon agus brandaigh, a Thomáis mhic Dhonnchadha an déagh-mhac, Gheóbhaidh tú ól le do chealgadh air aontaighe 's air mhargaidh, is aoibhneas is aitíos dá réir sin. V 'S a' dol a' tsráid dam, 'sna fuinneóga a b'áirde chonnairc mé an lánamhain shúgach, 'S gur fiosach dhamh a rádh go mba gile í ná an stáid, 's go mba deise í ná bláth na n-uball ceart. Cha dearna mise spás go raibh mé ina dáil, is féach-sa nár dhána an siubhal sin, Gur ól mise sláinte na díse úd dob' áille, is gur bhreathnuigh mé lán mo shúl dí. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4178 |
4,183 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1841 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 317 | 211 | ROSE FARRELLY I Draw near each constant fair one and give ear to what I compose, Ós anois is mian liom tréartha na déagh-mhná chur síos air fheabhas: She is proper, tall and stately, her praise I'll now begin, 'S 'air liom gur dheise an chraobh í ná Déirdre chuir Clann Uisneach thair tuinn. II Down by a chrystal fountain surrounded by dazzling beams 'Sé thárluigh dhamh-sa an bhlánaid na mbán-chrobh budh deise méin; She appeared to me like Venus or Phoebus that shines most clear, 'S tráth chonairc meise an mhaighdean 'sé thóig céad soighde thríd lár mo chroidhe. III My love she's like the daisies in April that gently grow, A dá chígh chruinne ghlégheala 's a craobh-fholt mar sgáinní óir; It is in her breast in safety I would daily my heart repose, 'S a bhantracht annsacht éigse ná tréig-se do ghrádh air ór. IV My love she doth resemble the swan on the foaming main, Le maise, deise 's breáigheacht gur sháruigh sí maitheas Gaedheal; Her modesty all over is more than I can explain, 'S a rosga malla mómhar do bhreóidh is do mhearuigh mé. V I courted you sincerely - I own it to be true Má tá tú do mo thréigbheál, a spéir-bhean is deise snuadh, Do you mean for to deceive me and leave me in misery? 'S a chailín deas na bpéarlaí táim réidh le do chumann caoin. VI Draw near my lovely fair one, release me and set me free, 'S gur i mbrollach geal do léiní, a chéad searc, atá mo chroidhe; You are the only female that can ease my calamity, Agus rachadh meise a dh'éag, if you forsake me, Rose Farrelly. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4183 |
4,184 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1841 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 330 | 196 | MOUDA NÍ DHUBHDA I Má théid tú a dh'iarraidh sgéala té go sign an Fhir Ghléigil, is annsin a gheabhas tú sgéimh na háille, Mar a bhfuighidh tusa an féirín faluigh bhí aig Séamus: Mouda na brághaide báine. 'Sí is faide ghile ghléigile ná an eala 'tá air an Éirne, a cum mar an aol agus a bráighe, 'S go bhfuil sáith an ríogh mar chéile an taobh so do mhalaigh 'n tsléibhe, 'S go n-éagfadh fir Éireann dá grádh-sa. II Tá Mathghamhnaigh is Búrcaigh 's ní áirmhim Mathamh Courtney, 's fir óga Chonndae Lúgha 'lic i ngrádh léi, Sgathfairí an dúin seo, lucht chlársach is Chúpit, a' feitheamh air acúl breágh fáinneach. Tá Séamus na lúb is gan amharc ina shúil, agus siege aige le cuan Droichead Áth' 'muigh Le méin mhaith, le múinteacht 's le sgéimh na gcúig gcúigeadh 's gurab aig Mouda Ní Dhubhda atá sé. III Tá mór-uaisle Chóigeadh Laighean a'teacht ar cuireadh fá do dhéin-se, a bhruinneal, go meadhrach amárach; Tiocfaidh an Justice 's a' méire agus uachtarán na cléire, óir thuiteadar go léir uilic i ngrádh leat. Beidh na mílte do lucht arm ann ó shléibhte Dhún Dealgan, sin agus fir chalma na Triúcha, 'S a bhfuil ó Shliabh na gCearc i ngeall leat go droichead Lios gCearbhach, 's ní dhearmadaoim-se Mouda Ní Dhubhda. IV 'Sí dúllán fhearaibh Éireann í is grianán mná na sgéimhe, rialt eólais Dhún Léire agus Cháirlinn; Ní bhfuil baile cuain inÉirinn nach bhfuil cuid de do chuid véarsaí sgríobhtha go meidhreach i bpáipéir. Tá meilteóirí na cléire a' cuir cuireadh air an méid sin ó Fhráoileann na séad go Dún Pádraig, 'S gurab in do chuid plantations tá árus ag na héanlaith, an spid, an truid, an traona is an áinleóg. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4184 |
4,187 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1851 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 438 | 251 | Bruach Loch Gamhna I Air Phurt an tSiúir do chonairc mé mo shiúr, 's go mbudh saoghlach slán a bheas m'annsacht, Mo leanbán séimh an bhrollaigh ghléghil, 's gur milse a béal ná an balsam. Ó 's mian liom trácht air sgéimh na mná, a bhfuil a súile mar dhriúcht maidin shamhraidh, 'S gach dlaoi dá gruaig ar dhath an ghuail, 's a déad ar lí an ómra. II Mo mhallacht féin air Charraig an tSéin, 's air an gcéad lá rinn' mé aimsir Nó sgar mé féin le searc-rún mo chléibh, muna mbéinn ach seal ag caint léithe. Aon tseachtmhain déag atá orm féin, 's a Dhia, nach fada an aimsir! Ach ag teacht na féile bhéaraidh mé an réim so siar fá bhruach Loch Gamhna. III "A londubh an bhéil bhinn, cár chodail tú aréir nó an bhfaca tusa m'annsacht?" "Chonairc mé aréir í, aniugh is ané, 's air an mball a bhí mé ag caint léith." "Tabhair sgéala fána déin is aithris dona béal go bhfuil mé claoite fann-lag, 'S nár chodail mé néal ó thuit an oidhche aréir, 's gan fios ag aon-neach air m'inntin." Marbhnaidh Lúcáis agus Phara Bháin a crochadh san gCabhán. I A Dhia ghléighil, féach agus fortuigh oram i n-am , Oram féin is air mo chéile atá feasda choidche 'na dhall; Tá sé le léigheadh ag mnáibh Éireann dár oil ariamh clann, Go bhfuil mo chroidhe dá réabadh 'na chéad cuid ag cur fola an uile am. II Tá an gleann go dubh-chroidheach faoi smúid is cumhaidh air a lán Ó d'éag an dís buachaill dár dhual dóibh fíon fhágáil air clár; Thug an uaill ortha gur fhuaduigh siad mí-sgéimh na mná 'Sé d'fhág san úir iad, mo sgriúdadh, ag teacht an lae bhreágh. III Tá éclips air an ngréin is beidh go lá an bhráith; Adubhairt an squire, by my faith, nach nglacfadh sé a bpáirt. A Dhia chléibh, godé sheól na deigh-mhic a casadh ina dáil Fá ghráin an aonaigh, nach raibh a leithide air an talamh le fagháil? IV Shiubhail mé Éire le chéile is Sacsana thall, Baile Shéamuis a' phléisiúir is go malaigh an tSléibh' Báin; I gCabhán Uí Raghailligh, 'sé mo léan-sa, a cuireadh iad chum báis, Mar atá le léigheadh san méid sin, speech Luky is Phara Bháin. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4187 |
4,188 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1851 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 470 | 268 | AN BÁS I Ag teacht aimsir chodlata dhamh air bheagán suaimhnis 'sé tháinig air cuairt chugam an seanóir críon, Bhí éadan caite air, air bheagán gruaige, 's budh é an fear budh truaillidhe dá bhfaca mé. Coimhtheachas leaptha 'sé d'iarr an gruagach, 's dhruid mé suas uadh go tapaidh géar, An sioc 's a' sneachta a' teacht ó thuaithe, 's dair liom go mb'fhuaire é ná iad araon. II "Cuirim-sa ceist ort as ucht na humhlaigheacht: cá fhad a shiubhail tú nó cá bhfuil do thriall?" "Mise an curaidh a chlaoi Fionn mhac Cumhaill mhóir, 's cá hiongnadh dhamhsa bheith caite críon? Má budh láidir Hercules do bhain mé an siubhal de, leag mé clann Dáibhídh agus Oisín grinn, Tháinig mé an bealach so go mbeadh Mac Dúill liom Bí air a'n iúil agus ná déan moill." III Air an iomrasgáil gur thoisigh an cúpla, 's nachar dheacair damh-sa dhol i ndeabhaidh lann! Thug mé strupladh air fad a' rúim dó agus leag mé an búillean air chúl a chinn. Chuir mé mo lámh taobh thiar díom's chas orm súiste, agus bhuail mé cumhaidh na seacht séan air-san, "Ceathramha m'anama, a Doyle, tabhair damh-sa is beidh mé air siubhal uait anois gan mhoill." IV Air chonditions thug mé cead na slighe dhó air acht fios mo shaoghail fhagháil nó fadú lae, 'S gan a theacht a dh'fheill orm le buille taoibhe nó go ndéanfainn síothcháin le síol Ádhaimh is Éabh. "Tá sé i n-aghaidh na n-aitheanta tú fios do shaoghail fhagháil; chan fhuair na naoimh é 'tá i bhflaitheas Dé, Ach déan leas d'anama 's ná léig an oidhche ort, 's ná caill a' tsíorthaidheacht mar gheall air spré. V "Nachar dhána dhuit-se a theacht liom-sa a spáirnn, a leag mac Dáibhídh bhí socamhail i séan, A leag Goliath agus rí na bpágán, ós iad do bhí láidir neartmhar tréan. God é an hurly-burly thóig mé i gcampa Pháraoh, sa muir gur bháth mé a chuid fir go léir, 'S nachar dhíomhaoin duit-se a theacht saor ón láimh sin a leag Priámus ina chathair féin! VI "Imeóchaidh mé anois uait seal beag suarach, 's pillfidh mé anuas ort le mo lannaibh géar, 'S a dhuine dhona, nach tusa an truaighe 's gan d'fhuasgailt ach ag Mac Dé. Cuir do mhuinghin as Muire, ós í 'tá uasal, 's guidh go cruaidh air cheann na cléir', Sil deór aithrighe bhéaras duit-se fuasgailt ó na gleanntáin uaigneach so go flaitheas Dé." | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4188 |
4,189 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1851 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 271 | 173 | TUIREAMH SHIUBHÁN NIC AN ÉANAIGH I Tá an ghealach gheal faoi smúid ann 's a' ghrian i gculaidh chumhaidhe, 'S na réalta 'lic ag umhlú i do dhiaidh-sé, a mhíle stór; Ní bhfuil ubhlaí cruinne cumhartha air choillte glasa dlúith-cheart Ó dúnadh insan úir í faoi liag i gCill Eachaidh. II An lá do cóirigheadh an chraobh gheal air Lios na Corra i gCréabhaidh, Is annsin a bhí na céadtha ag éirghe amach faoi smál; Bhí na hosnaidh mór' dá mbuaireadh 's a gcroidhe 'stoigh dá réabadh, 'S a Thighearna, is dóigh nárbh' iongnadh mar a thug sí an sgéimh léith ó mhná. III Nuair a shíl mé dhol 'da bréagnú air eachraidh geala glégheala, Air a ndúil 's a dhol 'un na cléir' léith is fair words a rádh, Ní hé sin a gheall Mac Dé dhi ach i bpárrthas fhlaithis naomhtha, 'S go n-arduighidh Críosd i gcéim í, Siubhán, rún na ngrás. IV Cha dtig cruithneacht bhán i ndéis i gConndae Mhuineacháin 'na déidh-se, Nó duilliúr air na crannaibh nach dtuiteann díobh a mbláth; Tá an Charraig uilig go léir is tá sé anois gan phléisiúr, Agus Searcóig 'na dhéidh sin nach bhféadaim a rádh. V Is iomdha casán déanta fá Lios na Corra i gCréabhaidh Nach seasann sí go héag air 's nach dtig feár ann nó bláth, Ó d'imthigh craobh an phléisiúir ó mharcaigh Bhéal Áth' Tréin A Shiubhán Nic an Éanaigh, is tú an péarla 'tá mé a rádh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4189 |
4,154 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1856 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 528 | 272 | XI. AN ROSARY INA VEARSAÍ EAMONN MHAC CUBHAIDH do chum. Na Cúig Rúindiamhra Lúthgháireacha. Druididh anuas leis na véarsaí subháilceach Agus molamuist go buan an t-Ard-rí, Chuir a Mhac anuas as na flaithis uachtarach Chum sinne d'fhuasgladh ó pheacaidh an tsaoghail. Go raibh a ainm naomhtha molta a choidhche Ó éirghe na gréine go dtí a luighe, 'S gur trí bliadhna déag agus fiche mar léightear Ó d'fhuiling sé go foidhideach ar son an chine dhaonn'. I. An Chéad Rúindiamhair: Teachtaireacht an Aingil. Thainig aingeal naomhtha ó na flaithis le sgéala Chum na Maighdine Muire Ógh, Agus níor sgar sé léithe nó gur chuir sé i gcéill dí Go raibh sí i bhféibhir ag an Tríonóid Naoimh. D'umhluigh sí annsin í féin faoi chosa an tsaoghail, 'S is gearr 'na dhéidh sin gur harduigheadh í Chum na céime is airde faoin Tríonóid i bParrthus, Chum a bheith 'na máthair ag ar Slánuightheóir Iosa. II. An Dara Rúindiamhair: Cuairt na Maighdine Muire chuige Naomh Elizabeth. D'aithnigh an Mhaighdean ó bhéal an aingil Go raibh a siúr Naomh Elizabeth muirighneach; Chum compórt a thabhairt dí agus a cuairt a dhéanamh Chuaidh sí tarsna shléibhte garbha Iudea. Ar dteacht i láthair dí is é rinneadh an fháilte, Mar bhí fhios aici an Slánuightheóir a bheith fána broinn, Ag rádh, "Dia do bheatha, a Mhuire, atá lán do ghrásta, Is beannuigh'e thú thair mhnáibh an domhain gan roinn." III. An Treas Rúindiamhair: Rugadh ar Slánuightheóir i gCathair Bethlehem. Tar éis téarma naoi míosa do bheith críochnaiste Thainig ar Slánuightheóir Iosa chum an tsaoghail, Ó bhroinn na Maighdine Muire gan claonadh, Ina stábla fhaobhthaigh is ina mainséar fhuar, Thainig ríghthe tréana do bhí lán daonnacht' Agus phronn siad saidhbhreas ar Mhac an Ríogh. Chuir sin sólás air chroidhe a mháthara bhí lán dóláis, Is i n-inghreim brónach fánar bpeacaidh chlaon. IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair: Timchillghearradh ar dTighearna Iosa Críosta. I gcionn ocht lá dh'aois don leanbh Iosa Chuaidh an Mhaighdean Naomhtha leis go teampall Dé Chum timchillghearradh dhéanamh air 's a' dligheadh a choimhlíonadh, Mar d'orduigh Maoise do réir thoil Dé. Bhí Simeón naomhtha ann do bhí lán daonnacht', Is tráth chonairc sé Críosta d'aithnigh sé é, Thóg sé eidir a dhá láimh é agus theann lena chroidhe é, Agus d'aidmhigh gurbh é fíorshoillse an domhain é. V. An cúigeadh Rúindiamhair: Fagháil an leinbh Iosa insa teampall. Chaill an Mhaighdean a leanbh is a haon Mhac, 'S níorbh é sin a cionfath' ach toil a' Ríogh; Bhí sí dá iarraidh go mí-fhoidhideach trí lá is trí hoidhche, Agus air a' ceathramhadh lá is é fuair sí é I measg na ndoctúraí a' díospóireacht leófa Agus é i gcionn aoise a dhá bhliadhan déag. Aige sin cúig sólás na Maighdine glórmhair' A fuair sí go rómhail i dtús a saoghail. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4154 |
4,156 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1856 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 469 | 250 | XIII. AN ROSARY INA VÉARSAÍ ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum. Na Cúig Rúindiamhra Dólásacha I. An Chéad Rúindiamhair: Urnaighe agus allus fola ar Slánuightheóra sa gháirdín. An comhluadar déidheannach a bhí ag an Mhaighdin Lena haon mhac budh tuirseach í, Tráth d'iarr sé a beannacht thóg sí a dá lámh gheala i n-áirde: "Go mbeannuighthear thú ón Árd-Rígh, a mhic mo chroidhe." Ó sin a thriall sé chum an tsuipéir dhéidheannaigh Nó gur chuir sé é féin i gcló na sacramainte naomhtha, Agus ó sin chun a' gháirdín gur chuir sé allus fola go cráidhte Chum sinne shabháil air a' pheacadh chlaon. II. An Dara Rúindiamhair: Sgiúradh ar dTighearna ag an cholamhain cloiche. Tar éis an chine Iúdaigh gur ghabh siad Críosta, Le cordaí caola gur cheangail siad é, Agus striopáil síos de a chuid éadaigh naomhtha Chum méadughadh mí-chliú do thabhairt dó. Bhuail siad buillí air, corradh is cúig mhíle, Go raibh an fhuil a' preabadh tríd a chorp go léir, Agus a chréachta naomtha ag sileadh síos leis Mar thobar fíor-uisge a' teacht le réim. III. An Treas Rúindiamhair: Corónadh ar Slánuightheóra le dealga spíne. Ar an choróin spíne cuireadh air chionn Chríosta Is cóir dhúinn smaoineadh 's a chur i meabhair, Gur fáisgeadh i air a chlaigeann naomtha Chum méadughadh pianaigh' do thabairt dó. Budh tuirseach an ciorrbhadh é os cionn a éadain naomtha I n-áitidh coróin ríoghamhail mar ba chuibhe dhó. Sin mar a d'íoc sé air son an chine dhaonna Chum iad a shaoradh air ifrionn mhór. IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair: Tugadh breitheamhnas báis air ar Slánuightheóir Iosa Críosta. Nuair a tugadh breitheamhnas báis air bhí sé sáruigh'e, Gé o raibh sé sásta air a dhol leó san tslighe, Chum an tsléibhe a dh'fhuiling na páise, Ionnus go dtiocfadh isteach ráidhte na n-aithreacha naomhtha, Mar bhean sgaoil tháinig a mháthair i latháir ann, 'S a phobail na páirte, budh tuirseach í, Ag amharc ar a haon mhac grádhach faoi chrann na páise, Agus é air a thriall go Sliabh Calvary. V. An Cúigeadh Rúindiamhair: Céasadh ar Slánuightheóra Íosa Críosta. Tar éis ar Slánuightheóir a theacht chum na háiteadh A raibh sé chun a bhásughadh air son shíol Éabha. Budh mhór a chuid dá pháis a chuid éadaigh naomhtha A striopáil síos de os coinne an tsaoghail. Sparradh go tiaránta a chosa agus a lámha Air a' chroich i n-áirde le casúir go cruaidh Aige sin cúig dóláis na Maighdine glórmhaire A d'fhuiling sí go brónach i measg an tsluaigh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4156 |
4,157 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1856 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 455 | 256 | XIV. AN ROSARY INA VÉARSAÍ. ÉAMONN MHAC CUBHAIDH do chum Na Cúig Rúindiamhra Glórmhara. I. An Chéad Rúindiamhair: Eiséirighe ar dTighearna Íosa Críosta ó mharbhaidh. Air a' treas lá tareis Críosta bhásughadh Do chuaidh na Mairighneadh le hiomad céim, Chum na tuamba i ndúil Críosta fhagháil ann, Ach cha raibh sé insan áit sin óir d'fhág sé é. Rinne sé eiséirghe go glórmhar air maidin Dia Domhnaigh, Ag dol go ríoghachta na glóire i n-aon toigh le n'athair, 'S i n-éis gach dólás a fuair a' Mhaighdean ghlórmhar Is ag eiséirghe a ró-mhic 'sé a croidhe bhí slán. II. An Dara Rúndiamhair: Deasgabháil ar Slánuightheóra Íosa Críosta. Is a' dá fhichid lá sin do chomhnuigh Críosta Ag a chuid easbal naomhtha tar éis a bháis, A' seóladh 's a' míniughadh dhóibh go mbeadh siad líomtha Chum an chine dhaonna thabhairt a' bealach slán. Ghlac sé cead ag a mháthair 's a chuid easbal grádhach Nuair ba mhian leis an Árd-Rígh a dhol fána dhéin, Agus na hanmanna beannuigh'e as Limbo gur fhuasgail A bhí i gcuimhreach chruaidh ann ó pheacaidh Ádhaimh. III. An Treas Rúindiamhair: Tuirling an Spioraid Naomhtha air an Eaglais. Air a' deicheadh lá tar éis a dheisgiobail fhágbhail, Nó é féin a árdughadh go flaithis Dé, Chuir sé chuca anuas an Spiorad Naomhtha go lúthgháireach Chum méadughadh subháilce don tsaoghal go léir. Líon sé croidhe a mháthara 's a chuid easbal grádhach Le méadughadh grásta faoi bhrataigh a sgéith, Ionnus go dtroidfidíst go beódha mar shaighdeóirí cródha Air ríoghachta na glóire d'fhág sé aca air fagháil. IV. An Ceathramhadh Rúindiamhair. Árdughadh na Maighdine Muire go Flaitheas. An t-am ba mhian leis a' Mhaighdin dhílis A bheith sgartha díbeartha as gleann na ndeór, Tháinig a haon mhac Críosta agus sluaighte aingeal leis Agus d'árduigh sé í air a dheasláimh i nglóir. Goide méad na lúthgháire a thabhuigh an lá sin dí Indéidh gach sár-mhasladh agus briseadh croidhe, Eidir toigh Phíolóid agus cnoc na páise Lena haon mhac grádhach air bharr Chalbharaigh. V. An Cúigeadh Rúindiamhair: Corónadh na Maighdine Muire ... bhFlaitheas. Tar éis Muire dhol go flaitheamhnas síorthaidhe Líon na fíréin le 'n iomad dúil, Agus aingle na bhflaitheas le mórán sóláis, Mar corónadh chomh glórmhair sin os a gcomhair í. Háitigheadh í chois caithir na Tríonóide, 'S beidh sí annsin go síorthaidhe 'na bainríoghain i gcéim Aige sin cúig glóire na Maighdine Óighe A fuair sí go rómhail ag deireadh a saoghail. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4157 |
4,185 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | — | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1859 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 999 | 551 | MAIGHDION DHROICHEAD ÁTHA Má théid tú ag iarraidh sgéula ó mhaighdion Dhroichead Áith Éirighe go comhartha an Eich Ghléigil, gheobhai tú aonadh sa tSráid Árd, Plannda chiúin tséimhighe ghlan éadrom gan smál A bhéartha annsacht do na céudta le aon fhéuchaint amháin. Ná bíodh fallsacht na déigh ort dul a n-éugcroith dá grádh Mar a shannta sí an péarla 's nach duit féin a bhí sí ndán. A inghíon geal 's tú thug díor-gheall go fíonálta ó mhná 'S nach bhfuil míonach chum daor leat-sa air aonach Dhroichid Aith Ar dhaonnacht ar chríonnacht air dhísleacht 's air bhreaghacht 'S gurab iad do raon-rosga go fíor-cheart a bhain an líth dheas do'n bhán Nó do chaoin-leaca ghrís-ghartha tá ar líth lasadh an bhláith Nó mar chaoin-phlannda fíneamhna ar thaobh teamhracha slán. Bugh clúiteach na slóighte a teacht ar chóistighe Dhroichid Áith Ag amharc úr-sgoith na n-óg-bhan nár pógadh riamh le tráil. A chiúin-Khitty mhodhmhair don phór-aicme b'fheárr Air mhúinteacht air mhódhmhaireacht air bheodhacht 's ar bhreaghdhacht Beidh do ghnúis gheal na rós leaca, beidh do bheol tana gan sgáth 'S go mbeidh Caliope agus Clio ag déanamh ceól duit gach lá. TIOMNA THOMÁIS DÉIS Rinneas mo thiomna, a Shéamuis: d'fhágbhas ag Séarlus Saxa, d'fhágbhas ag rígh na Fraince cead an t-Impir do bhasca. D'fhágbhas ag Tomás Rábach, Oscar amhthar na Féine, á bhun Banna go Suca bheith 'na mhurrach ar Éire. D'fhágbhas fós clanna Míle, do bhí 'na ríghthibh Teamhra, gan fearann gan neart maoine, fá dhaoirse ag pioca seamra. D'fhágbhas ag bráithribh bochta saidbhreas gorta agus fuachta; cá hiongna méad an dochair 's gan iad socair ó fhuagra? Bíodh nach biadh bean nó páisde ar an gcáitigh dar gciorac , 'na n-ionadh biaidh cioth cáirneach nó cóib chráibhtheach dar ngiobadh. D'fhágbhas an chliar fá bhearrán, 's ar seachrán ar lorg riaghlach; cibé a bhus bhus mó mála biaidh thall a sála riabhach. Díthreabhach bhíos i gcaisleán 's nach déan creagán ar féile, d'fhágbhas é féin 's a sparán i nglas lámh ar Loch Éirne. D'fhágbhas na mná óga, théid chum pósta le lasán, fá cheann bliadhna gan bóta ná fós bróga ná asán. D'fhágbhas na mainéir bhuadha, 'na mbiadh suarcas san am-sa, gan céol acht méileach chaorach d'fhág sin an saoghal sanntach. D'fhágbhas na daoine bochta dá spocha lé hairdchíosa, 's d'fhágbhas lucht na bhfearann i gcreapall i gcúirt Íosa. An bocht lábáin gan chlúdadh 's gan tsúsa i bhfuacht seaca, ní gheabhadh Dia mar shúgradh bheith dá stiúradh ón ngeata. Domhnall is Séamus bacach 's gan aca ní do íocfadh, d'fhágbhas ar an mbeirt chéadna carna créachta ó íota. D'fhágbhas sliocht na mban péacach, lér caitheadh na céata punta, anonn 's anall ar seachrán gan gearrán nó cirt umpa. D'fhágbhas suthlár na seinnsear, nach fríth gan aimsir fhada, ag an gcloinn anois dá múcha, ag dúrna píopa is canna. D'fhágbhas ag cúirt na gcléireach, scríobhas Béarla go cliste, cnáimh na bhfearann i mbaoghal ó tá an saoghal ar misce. Fisereach 's a pheann gléasta, dul ar éarma chum cúirte, d'fhágbhas é féin is Ó Druma i mullach cháich dá súisdre. D'fhágbhas filidh ar fágbháil, gan tárrtháil fán ngréin aca; cunchar amuigh gach ríméir ó dhinnéar lé druim bata. Tighthe móra gan tsoillse, dóirse druitte go dúinte, beagán buidhne gan tsólás do-bheir Tomás brúite. D'fhágbhas sgolta na n-aoidhibh , d'fhágbhas caoirigh 'na n-ionad leireac olann na gcaorach thréigeas daonnacht re sealad. Tinte móra ar an urlár, tormán tiompán is cláirseach, ó d'imthigh sin is an fhéile d'fhágbhas Éire 'na fásach. Trí fóide astigh sa ngráta, fán tráth-sa is mór an téagar; mias nó dhó photáta, is sásda an t-adhbhar féasta. Builbhíní cróna garbha, ní tarbha liom a saoradh, ní fiú a bhfaghthar dá sochair, méad ar ndochair dá n-aoradh. Beóir is seirbhe ná an gafann ag tafonn ar lorg meala; d'fhágbhas cead ag na daoithibh na draoithe bheith dá bhfeanna. Brait is pláta dá gcoigill 's gan fhios againn cé mhairfeas; nach truagh daille na ndaoine carnáil mhaoine is cé chaithfeas? Triúr nó ceathrar do dhaoine má chír-se ag teacht i bhfogus, fuagair don dóirseóir bhacach, druide go tapa an dorus. Thiomnas m'anam do Chríosta 's mo chorp aosta don talamh, mar biaidh cnumha go fíochmhar dá stríocadh aimsear fhada. D'fhágbhas Eóropa i n-armaibh ar argain na gceall naomhtha; doirt anuas do ghrása thóigfeas an smál-sa dhíobh-san. D'fhágbhas an saoghal cealgach lán do chlampar 's do mhíorún, 's ó chuaidh Fódla fá chéile d'fhágbhas an fhéile i bpríosún. Bhronnas Breaclainn don Bhiatach, nach sireann iasacht molta, brugh ceólmhar leathan liomhar, brugh iothmhar 'nar gnáth dolta. D'fhágbhas agat mar chompán file iomlán na Fódla, an Guaire fial ó Bhreachlainn, fada fairsing a spólla. Séamus suairc ó Chill Tuama, marcach stuama gan tseachrán, d'fhágbhas agad mar chongnamh dot chumhdach ó bhearrán. D'fhágbhas creideamh is crábha dul ré fána ó bhfísin ; d'fhágbhas trosca, mo thruaiihe, dul i bhfuaire go dílinn. D'fhágbhas, a Phádraic naomhtha, do thréad caorach dá ngiobadh, 's muna bhfóiridh ortha Críosta beid i mbliadhna gan spionnadh. Dáma liom Cill Ó Sona ní bheith folamh mo chófra, 's ó táim i ndeire na n-íoróg ní fiú cíonóg mo stór-sa. Ná bí feasta le Tomás, cé dólás riot a rádha, seachaid dó do phiocás fíona chuirfeas bíoga 'na chnámha. D'fhágbhas suarcas ag Séamus, d'fhágbhas tréamus i dtinneas; mo thiomna d'easbhaidh cuimhne mo-nuar lé suimle do rinneas. Rinneas mo Thiomna. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4185 |
4,171 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Déis, Tomás | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1641 | 17 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 528 | 294 | Sochair na haimsire An t-Easbog Déis do chum Mór sochair na haimsire tháinig chugainn imbliadhna: cead do bheith ag an anchaire bheith ag raobhadh a riaghla. Díol beacht don reachtaire is mó is usa ná an seinreacht; dúinn chum Dé más athghairde créad acht léigheann is leamhnacht? Gan trosgadh, gan tréidheanas, gan déirc, gan ord, gan Aifreann, Dia mar so má thréigeamar, "geall le sionnach a chraiceann." Mar shligheacha slánuighthe leó mása dhíleas taobhadh, cia chuirfeadh a sáruighthe? an Fhian uile nár naomhadh? Socar dhúinnne gan andochar sásadh cuirp agus anma, má táid uile ar aonfhocal, Goill agus Gaoidhil Bhanbha. Má gheibhthear gan amharas Dia gan trosgadh, gan trátha, cia adéaradh nach amaracht de so a ndearnadh go dtrásda? Más í so an fhírinne atá a-nois dá síoladh, a bhfuair uile bás ón Dílinn, a-táid uile dá bpianadh. Brígh mo sgéil is é athghairid: do mealladh sinnne nó iadsan; d'éag a Dhia, dá ndeachamna, an mbiam fá aondoras iatta? Más é ar leas a bhfuaramar, ar mbeith feasta gan chrábhadh, ag so ní nach gcualamar, riamh gur bheag an gábhadh. An té do cuireadh dár slánughadh, aonmhac Calpuirnn mhic Oda, do bhí seisean nó a-támaidne a-nois ar leabhar Mhic Mharia. Ní fhacas an phríomhfháidhsin, dárbh ainm Pádraig mhac Calpuirnn, 'na bheathaidh an t-aonlásoin nach gcuirfeadh chum Aifrinn. Mar sin dúinn go ceirtbhriathrach teagasg neamhdha dá dhealbhadh; Ifrionn fuathmhar ilphiastach cia fá chomhair a ndearnadh? Gan Aifreann insan gCarghas, acht feóil Satharn is Aoine, dob annamh an margadhsa riamh gur athruigh na daoine. Má tá sin sa tSeintiomna, féachtar is canóin Íosa; gan Chorghas, gan Aifrionna, riamh ní fhacas sgríobhtha. Ní ar shógh iná ar sheasgaireacht do fuair Eóin Baiste béilbhinn flaitheas Dé ar mhangaireacht, a-nois mar gheibhthear i nÉirinn. Ar fásach ag seanmóradh is 'na throsgadh go déarach, craicne fiadh is fearbógadh, dob é a earradh is a éideadh. Do shaoil Féichín fionnfhoclach, do throisg ar leacaibh loma, dó féin nachar dhiommolta do chlaoi díomais na colna. Fionntan feartach faidhrineach is Colum cabharthach Cille, níor mhó a ndíol do chócaireacht iná a ndíol d'uisge is biorar. Do shonas na bliadhnasa a-tá gach cailleach 'na cléireach, ag tuigsin na diadhachta, riamh má tuigeadh go bréagach. Ní fhuil saor ná sodaire, gion go léigheann a phaidear, san diadhacht nach iúlmhaire a-nois ná Pádraig is Peadar. Scrioptúir Dé níor thuigeadar Augustín, Greaghóir ná Béda, 's cách uile do shluigeadar a-nois ó cuireadh i mBéarla. Bheith geanmnaidh má gheallamar, an t-ord coisreactha cléireach, cia adéaradh nár fheallamar ar Dhia uile go bréagach? Do bheith uaibhrach ainmhianach saidhbhir saoghalta sanntach, aitheanta Dé foirlíontar mar sin againn go fallsa. I n-aghaidh Dé is fiolúnacht don té adéaradh nár chóra don chailligh dhuibh mhíonáirigh ná gach fear eile do phósadh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4171 |
4,175 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac an Bhaird, Diarmaid | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1687 | 17 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 263 | 180 | AN TEACH A nDEARNADH BALLÓG DE Diarmaid Mac an Bhaird cct. Truagh an cor-sa ar ráth na ríogh, a-nosa ní dáil nach dúr; dá lucht gráidh is damhna déar mo sgéal cruaidh mar tharla an túr. San mhóiriosdadh síthe sunn do-chínn an tóicheasdal trom, san fhoirgneamh dob urra d'fhann clann Cholla na gcoilgshleagh gcorr. Do chrích mo phudhair an port do-chínn a-nuraidh i neart, maicne Oirghiall, drong nar dhocht, sonn ó ghort troimghliadh ag teacht. Bró mhíleadh budh data dath do-chínn san mhagh-sa go moch; do-chínn lá 'na chonair chreach, gé tá an teach 'na chodhail chloch. Do chínn imirt mheanma mhoir, ealbha do lingeadh gach lúth thall-ain isan ráith dá riar, garbh annamh triall cháigh ar gcúl. Do-chínn gan deabhaidh 'na dháil a mbíodh do cheanaibh dá chóir; 'na taoi a-nois gé tharla an tír, do-chínn faghla a-bhos ó Bhóinn. Mór bhfile an tráth-sa ar gach taoibh fa thásg an tighe-si ag triall, 's é a-niodh gan aoibhneas gan ól, saoirlios gar mhór cion na gcliar. Ag ua Eochaidh fár mhín muir do-chínn eachraidh, do-chínn coin, gé tá diamhair d'aithle an fhir san fhaithche ghil ghrianaigh ghloin. Do-chínn fighe mheasta ag mnáibh san tigh-si ler dheacra dréim, do-chínn ós uamannaibh óir san tsídh mhóir shnuadhannaimh shéimh. Créad acht raibhthe dhéanta déar, ro budh béad gach laithe a luadh, lios gan uisge ráith na ríogh, go bráth do bhríogh tuigse is truagh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4175 |
4,173 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Bionaid, Art | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1850 | 19 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 855 | 445 | CONSPÓID NA gCAILLEACH Art Mhac Bionóid do chum Cha dtearna mé a leithid ariamh is Cia hé seo 'na shuan go huaigneach faoin bhórd seo? Tá, deireadh na huaisle uachtair Oirthear. Nár cuireadh cruinniughadh air a chineadh 's air a ghaoltaí? Tá a lán acu d'imigh is nach dtilleann a choidhche. Cia hí seo nach n-aithnim ag tafainn insa chóirneál? Bean bhocht as Caramanainn - is é is áinm damh Móra. Tá mur-ainne cortha de lucht málaí gach lá sa tseachtmhain. d'fhág easbhaidh na bpreátaí a lán air seachrán. God é ruaig a strathaidheacht fán áit seo chomh mall thú? Chuala mé trácht ortsa agus b'áil liom bheith a' caint leat. Nárbh eól dhuitse an fial-mhac ciallaidh seo thuireamh? Cha dtearma mé a leithid ariamh is níor hiarras orm é. Nach mbíonn tuireamh nó caoineadh insa taoibh sin air tóramh? Char chuala mé in mo shaoghal air aosda ná air óg é. Is god é d'fhág chomh beártha géar in do chaint thú? Ag ól súgh na créachtaighe fá Bhealtaine cinnte. Tá rannamh air do gháilleach mar bheadh gráinneug a' méinfigh. Gé go bhfuilim mar tá mé, de Chloinn Pharthaláin ó fhréimh mé. Sin muintir mó mháthara - céad fáilte dhuit, a shiúr. Go mairidh tusa slán, a stáidbhean na lúb. God é mar chualaidh tusa tualas fán chás so? Thainig chugam cuach dá fhuagradh go cráidhte. Sin an t-éan is binne de chineál a' chluimhrigh. Ach amháin de nach sinneann sí i n-aimsir an gheimhridh. Codlann sí san fhuacht go dtig bruach na Cásga. Tá cineál eile cuacha ann a bhíos a' fuachas air fáighe. Budh mhór a' truaighe thú nach bhfuair fuaghlaim in d'óige. Coinnigheadh 'mo sguaid a' buachailleacht bó mé. 'Sé Dia a chas i n-aice liom thú is gan a bheith i n-acara tuataigh. Ghéanfaidh mé do réir m'acmhuinne, ach glacsa mé go stuama. Níl tusa ach óg is níl tú eólach air a shinnsir. Glacfaidh mé seóladh, air ndóigh, le haimsir. Nár cuireadh marcach gléasda fá Ghleadaigh na Clár-choill'? Tá roinn den fhéin sin ba chóir a shéanadh go láidir. Is furas aithneadh air a' chlár so go dteachaidh ar gcáirde i n-éagcruth. Tá mórán i láthair dhíobhtha muna n-athra' siad béasa. Nach mó le rádh iad ná a lán 'a bhfuil sa ghleann seo? Nach mb'fhearr gan trácht air Phádraig nó air Phroinsias? B'iad sin na fir chéillidhe bhí réimiúil subháilceach. Adeir Padaigh Kate go raibh siad bréagach truaillidhe. Chan iongnadh dhó an sgeótair feannta. Is fearr é ná a bhfuil beó de phór an dream' sin. Budh iad sin na fir chliúiteach lúthmhar láidir. Nach mbeadh siad dá rúisgeadh fá rútáil phreátaí? Bheadh a gcuid ballaí bána lán de eallach. Cha lugha oram an bás ná blámás cailleach. Bheadh maithis na condae gach am acu air féasda. nuair a thiocfadh siad a rannsughadh na ngandar is na ngéann. Tá do theanga ró-líomhtha a' gríosadh mo chéadfaidh. Cha deas leat an fhírinne dá míniughadh, a phléiceas. Cha dtainig mise a phléideáil ach ag éagcaoin mo ghleacaidhe. Ná deana thusa sgléip, oir cha leigimsa leat é. Dá mbeadh Dochtúr Keating agam léighfinn a ghaol dhuit. B'fhearr dhúit céibhthe nach séidfeadh an ghaoth dhíot. Chainic mé eachraidh cóisde aige go leór dá dhaoine. dá mbeadh siad dá gcóir bheadh siad leó insan oidhche. Chainic mé lásaí óir air a gcuid cótaí agus hataí. Is lia bhí an córda air a sgórnaigh dá dtachtadh. Nach air hallaí bána bhí siad a lán den aimsir? I bpríosún Ard Mhach' agus gárdaí 'na dtimcheall. Budh fhogus a pháirt do áird-cheann na cléire. Bhí siad ní ghnásaighe air mhálaí is air dhéirce. Bhí leabhthacha clúmhaigh acu is cúirtíní satin. Dá mbeadh sé san ubhair bheadh sé lúbhtha ina n-ascaill. Budh é seo an fear ba deise agus ba mhaisighe bhí san áitidh. Nach é bheadh a' leisíneacht air chroisíní insa chlábar? Bharruigh sé air a' tsluagh le fuaim a chuid téadaibh. Budh bhinne liom na buaibh insa bhuailidh a' géimnigh. Ghéanfadh sé bróga d'fóirfeadh don Phápa. Bhí sé mórán ní b'eólaighe air rósadh a spága. Beidh boirille an fhíona air a chír aige amárach. De uisge na díoga atá i n-íochtar na páirce. Tá an clár so ró-ghann aige coinnleóir de do shórtsa. A chailleach a' charsáin, feannfaidh mise an tsrón dhíot. Thainig tú go plánaigh, a bhairdigh, chum díospóireacht'. Bhuailfinnse boc báire faoi chamuil na cuspóireacht'. Cuirfidh tú air siubhal mé agus smúid air mo mhailigh. Mo mhallacht in do lúba, a dhall-dúdaire caillighe! Finis. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4173 |
4,180 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1722 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 868 | 443 | TUIREAMH AN ATHAIR PHILIP UÍ RAGHALL Is brúite atá Múrtún an uair se 's an t-ughdar go dúnta san uaighe, gan dúsgadh go Luan bhráith na fuagra, gan dlúith-cheasda an chúrsa dá bhfuasgailt, gan nuaidheacht na n-úir-leabhar i gcluasaibh, nó dúil le lucht sgrúduigh'e dá gcuartughadh. Na huain gan fear conganta chun fuachais gidhe an Dúilimh dá n-umhluighid na sluaighte ar a nglúine fá chúig, is gach uaisle, chuir smúid pheacaidh na hubhaille dár nguaillibh, is bheir driúcht meala go cumhra ar na tuarthaibh, d'fhan Lúcás fá chumhaidh's a dhá ghuaillidhe, 's an t-úr-mhac do dhúthchas shliocht Ghuaire. Tá an chiúin-bhean do phlúr ban go gruama 's gach nua-chlann dár dhiubhail planda uadha-san, gan múinteóir dá stiúradh le stuamacht, le rún ceart tré dhúthracht i n-uaigneas. Beidh úir an Bhaile Nuaidh feasta suaimhneach, 's an t-úr-fhlaith dá chumhdach san tuama. Níor chluainteach 's níor lúbach a luaidreán, budh dúisgeach, budh súgach 's budh subhailceach, budh cliúiteach don dúithche thart mar uachtarán, a ghnúis-dreach le humhlacht gan tuaith-bheart. Atá Cnú feasda gan dúil lena chuairt ann, Dugha 's gach dún fána bhruach-san, ciún-mhná na Nua-Ghráinsighe ag fuachas, tuile ghárrtha ag an uile pháisde is bhuachaill, na fir ag árdughadh guil i gcás na truaighe ó ghoin an bas uatha Pilip, athair na sluaighte. Dá mbeadh na dílleachtaidhe i gcríonnacht mar a dual dóibh ní chaoinfidis isle ná uaisle, ní chaoinfidis síol-chur ná cruacha, ní chaoinfidis a maoin do bhreith uatha, ní chaoinfidis daoirse dá chruaidhe, acht an tsaoi se bhéaradh dídean gach uair dóibh. Stíobhard na fíneamhna is uachtaraighe, sípéir chuir Críosda dá gcuartughadh, chun míniughadh gach naoimh-théxa anuas dóibh as línibh an Bhíobla budh stuama, ar mhianach ghlan díreach na n-uachtarán le dísleacht chun Íosa dá ngluasacht. Níor smaoinigh an t-Athair dílis ar ghruamdhacht, níor smaointigh sé an díomhaoineas ná an t-uabhar, níor bhaoghlach dó an fíon do thabhairt buaidhe air, acht ag smaointiughadh ar an fhaoisidin 's dá cruachadh, 's ag smaointiughadh ar an tsíoraidheacht is buaine, ar fhíor-lorg na naomh faoi gach ualach. Cá bhfuigheam nó cá mbíonn nó cá bhfuaras? cá críoch nó cá slighe nó cá gcualas? cá tír nó cá taobh a bhfuil a ghuaillidh le dian-ghuidhe na n-aingeal ar bach uaigneas 's ag smaointiughadh ar na piantaibh sin an Uain Ghil bhí ar thaobh na croiche naomhtha dár bhfuasgailt 's gach aon ag teacht síos air dona sluaightibh, dona faol-choin le rídibh dá bhualadh, dá spíonadh le dímeas 's dá thruailleadh, 's gach spíce dona maol-thairngidhe cruaidhe dá ndírgheadh in a ríogh-bhallaibh uaisle 's na trí Mhuire dá chaoineadh le truaighe? Níl Aoine nó saoire chun suaimhnis, nó oidhche dá shaoghal go bord uaighe nách mbíodh Pilip fá Chríosda ag cruadh-ghul, dá sgaoileadh 's dá ghríosadh dona tuataidhibh, ag cur fírinne na híodhbartha 'na gcluasaibh Cárbh' iongnadh fear na ngníomh so dhol suas leis? Budh dílis do gach préaláid 's don uaisle é, budh dílis dona tíortha 's don tuaith é, budh dílis dá chaoirigh 's dona huain é, budh dílis dá ghaolta an uile uair é, budh dílis dona dílleachtaidhe gan uaill é, 's chun crích' dhóibh chuireadh maoin bhó 's a luach leó. Budh díoltóir leis an Tríonóid gan uaill é 's lena mhnaoi phósta, an Naomh-Óigh a fuair sé; bhéaradh cíos deór 's a chroidhe dhóibh gan chruachadh. Budh sgríobhneóir i ndlighe Phóil thug buaidh é, an chraobh óir mar bhíodh Eóin ar an uaigneas 's chun luighe leó thug an rí glórmhar uainn é. Acht ó d'imthigh go tréad Mhic Dé mar chualaidh, tuigidh cia hé féin i gcré san tuama: an t-Athair Pilip Ó Raghallaigh, fréimh don uaisle, do chorcar-fhuil Ghaedhil is Mhilésius bhuadhaigh, Galamh fuair céim insan Éigipt uallaigh do dh'fhearaibh Mhagh Séanair is Aonghus' uaibhrigh, mar a mbíodh rolla gach léighinn faoin ghréin dá chuartughadh. Mac mhic Féiniusa, Gaedheal nár ghruama, is uadh deirthear Gaedhil lena méad 'tá anuas díobh. Acht bhéarad mo léim, 's níl beidhin san uachtar, go talamh Uí Néill mar a n-éisttí an suarcas, go folaibh sliocht Éireamhóin éachtaigh uasail. Seisear is céad bhí 'na réxaibh uaidh-sean i gcoróin dá fhréimh nó gur héignigheadh Ruaidhrí. Atá fiadhnaise ag Céitinn céillidhe sduama i gcroinic na nGaedheal cibé léighfeas suas í, gurab ag Eochaidh na gcéimeann, an tréin-rí suaithnidh, sgaras síol Néill le Raghallaigh is Ruarcaigh 's Ó Conchubhair an tséin dá ngéilleadh Cruachain, Connachta go léir is é ag dréim le Tuadhmhumhain 's gach cineadh dá léightear i ndéidh Mhaolruanaidh, Ó Seachnasaigh 's Ó Cléirigh do ghéagaibh Guaire, an rí thug an fhéile ón Éuroip an uair sin is planda don méid sin is céad nár luadhamar an bile se don chléir, mo léan, atá i n'uaighe. Leanfar de seo | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4180 |
4,181 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1722 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 500 | 275 | Tuireamh an Athar Philip Uí Raghailligh Acht sguirim dá sgéalaibh is éagnuighim an tuama: gur doiligh dona céada an té 'tá uainn ann, gur doiligh don chléir, don tréid is don uaisle, gur doiligh don phréaláid d'fhéachfadh i n-uachtar ar charraig an léighinn 's é féin dá fhuasgailt maraidhe na dtréad fán droichead so ó thuaidh é. Tá Lúcás Ó Raghallaigh 'na dhéidh go gruama, sgathfaire céillidhe an deagh-chroidhe shuaimhnigh, nach maireann faoin ghréin 's nár éag fear fuath' dhó. Tomás faoi léan is chan ag laghdughadh an fhuachais, is Ambrós a d'fhéad gach léigheann fhagháil uadh-san, barraidhe na dtréan chuir géim ar shluaightibh, agus Uilliam an deagh-mhac séamh-ghlan stuama a bhfuil fearamhlacht is sgéimh is séan le subhailce ann, an charthannacht 's an fhéile 's an déirc ó Ghuaire. Tá Maly 's a deagh-chlann ag dréim fán ghruaim se, agus toradh gach déise a raibh a ngaol fán chruaich se ag osnaidh 's ag géar-ghul 's ag réabadh a nua-bhas fá phearsa don chléir, mo léan, bheith i n-uaighe. Acht is móide dá bhfoidhid má ghéillid an uair se do Sgrioptúiribh Dé a bhfuil an céasadh cruaidh ann, mar a n-abair sé féin nach bhfuil tréan ná truagh ann, impire, réx nó cléir dá chumhachtaighe, bocht nó saidhbhir nó rogha ban uasal, leanb mic léighinn nó aon dá gcualaidh nach gcaithfidh dhol a mhéadughadh na cré is dá fuaradh. d'imthigh Assuérus is Néro a' chruaidh-chroidhe, d'imthigh Mardocheus is Éastar d'fhuasgail, Nebuchadnésar tar éis gach uabhair, Abednego is sédra is Mésach uasal, is Pharao gan chéill chuaidh i mbéal na Mara Ruaidhe, agus Alasdran tréitheach dár ghéill gach cuan dó. Acht ní hiad sin a chréacht-ghoin a' chléir nó na tuataidhe, acht an stíobhard a ghéill do Mhac Dé uile-chumhachtaigh, an t-Athair Pilip Ó Raghallaigh thug céad anam suas leis, nach bhfágbhadh teach dá laghad 'na réim gan a gcuartughadh, a' teagasg briathra Dé do gach aon, lag is luath, dhíobh, ar eagla dhol le Bélsi an réalt do na huanaibh chuir Lucifer as feidhm lena bhéal bheannuigh'e bhuadha. Acht anois ó chuaidh a dh'éag, 's gur léan linn a luadh sin, nó go gcruinnigheam chun a' tsléibhe 'na dhéidh leis an mbuabhall, beannacht ó shíol Éabha dá réiteach chur suaimhnis, beannacht eaglais Dé is na cléire go Luan leis, beannacht óna ghaol ar gach taobh, deas is tuaidh, leis go flaitheas Ríogh na néal má tá feidhm aige ar fhuasgailt. Aois Mhic na Maighdine do créachtnuigheadh fá choirthibh shíol Ádhaimh, Míle seact gcéad, a sé is dá ocht d'fhear barr Go dol don Athair Raghallaigh i gcré, is go dtigidh arís slán Go cruinniughadh Lá an tSléibh's a thréada 'na thimcheall le grádh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4181 |
4,177 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1728 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 734 | 364 | TUIREAMH ROS NA RÍOGH SÉAMUS MHAC CUARTA cct. I Créad é an gul so i Ros na Ríogh? créad é an caoineadh, créad é an crádh? créad é an tuirse mhór nó an ghruaim? créad é an fuachas ban so ar árd? II Créad é an greadán goimhtheach géar? créad é méad an loisgreáin mhóir? créad é an bheirt seo ag gol leó féin? Éadbhard is Éaster ar bhain sin dóibh. III Fána hinghin bhán dob' fhearr méin bharramhail bhéasac mhaiseach mhín, chéillidh dhathamhail gheanamhail ghlégheal is tuirseach Éastar anois dá díth. IV Is tuirseach Éastar aois dá díth, fá bhás Bhrighde ní bhfuil sí slán; níl spéis i saidhbhreas aici ná i maoin, acht mar aon gan chois gan láimh. V Truagh liom bean uasal as mo thír bheith ag gol faoi chian 's gan tost ag Bóinn, fán ríogain mhaiseach 's gan aici acht í, 's gan a mnáibh gaoil anois dá cóir. VI Faoi Chill Searrthan atá a fréamh gaoil dá mothuigheadh Brighid a dhol chun báis is iomdha bean, mac is inghean nach mbeadh saor ó ghreadadh lámh. VII Thiocfadh uaisle Gaedheal is Gall, thiocfadh a gclann, thiocfadh a ngaoil, thiocfadh bantracht na mbrat sróil ag méadughadh bróin is a' gol fá Bhrighid. VIII Thiocfadh chum Brighde air uair a báis Beilleógaigh, Táthaigh, 's a mbaineann dóibh, Pluincéadaigh, Gárrlanaigh, mo nuair! agus Dúdalaigh faoi ghruaim go leór. IX Thiocfadh clanna Néill ó stoc na ríogh, Clann Mhic Naois ag teacht fán mbrón, thiocfadh Clann Diarmada aniar ó Loch Cé, 's is iomdha cléir do thiocfadh leó. X Thiocfadh Mathghamhnaigh na séad, 's thiocfadh Raghallaigh na n-each árd, thiocfadh bandáil mhaith na nGaedheal; budh leó budh géire gol fán bpáirt. XI Thiocfadh Clann Chálan ó stoc na Niall, marcaigh na sgiath 's na mbeart óir, thiocfadh Beirnigh agus iad ag lasughadh cian is ag méadughadh bróin. XII Acht créad é an fáth níos mó dá gcuntas fán bhfíor-fhuil chuimseach dar ghabh a bpáirt, a mb' fhearr dhol i gcomhra na hógmhna muirnighe barramhla soillsighe pronntaighe grádhaighe. XIII Thiocfadh Déisigh ann go leór, thiocfadh na slóighte anoir is aniar ó Dhún Dealgan fá iomad bróin, le lorg na ndeór go Baile Áth' Fhirdhiadh. XIV An fhuil ó thuaidh, an fhuil ó dheas, fuil gan iarsma na ngaisgidheach aniar, fuil Uí Bhriain an iarla ó Dheasmhúin, ag gul gan amhras fán dá inghin. XV Fuil Sheónach uasal uaibhreach Bhreathnach, fuair urraim is onóir i gcoróin an ríogh, síol Lochlain ó thuaidh dar dhual a bheith i dTeamhair, a n-uaisle gan amhras fán dá inghin. XVI Ó Dochartaigh an tsluaigh a d'fhuagair cogadh, thug buaidh gan uaiseadh ón dá rígh, Ó Maidín anuas ó uachtar an rolla, a n-uaisle ag oibriughadh san dá inghin. XVII Cia 'n fáth bheith ag innse níos mó dá gcuntas fán bhfíor-fhuil phrionnsamhail a' gul fán bpáirt, ó chuaidh sí i gcomhra, an óig-bhean mhuirneach thrillseach chumpa bharramhail bhreagh. XVIII Truagh liom Éadbhard is a dheagh-chlann mhac gan deirbhshiúr mhaith nó fós leis inghean, 's go mb' fhearr le hÉastar i gcré faoi fhód ag méadughadh bróin ná bheith gan Bhrighid. XIX Acht mar atáid na meic sin óg, gheobhaid clann go leór, más toil le Dia, gé stad an lánamhain mhaith gan inghin go mbeid araon ag dol fán tSliabh. XX Truagh liom Neidigh fána dhá inghin, ní hiongnadh an tsaoi seo gan a beith slán fán ríogain Anna 's an mhaighdean Brighid, b'fhearr ná na mílte dá meastaoi mná. XXI Beannacht ar chéadaibh i n-uaighe leó, beannacht ón óige agus ón aois, beannacht na cléire is gach órd go leanfaidh a bhfuil beó Anna 's Brighid. XXII Aois Mhic Dé, ag dul i gcré go tapaidh don dís: míle gan bhréig, seacht gcéad is ocht mbliadhna fichead, 'sé chuaidh siad i gcré clann Éadbhaird, Anna 's Brighid, 's beannacht shíol Éabha dhá réidhiughadh go cathair na naomh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4177 |
4,151 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1950) | 345 | 214 | I. Séamus Mhac Cuarta cct. Ó thugais ó ughdaraibh Insi Fáil do chommission uile comh hiomlán ag Ros na Ríogh 's as Teamhair Chuinn, ag so dhuitsi do chraobh chumainn. Ó d'imthigh Dallán Forgaill uainn, Torna is Seanchán an athuair, níor goireadh ríoghollamh i nInis Fáil acht tusa, a Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin. Ó thugais buaidh thar gach tír go fearann uasal an airdríogh, ag so do choróin ríoghachta dhuit, a Dhomhnaill gheanmnaidh an Ghaoidhlig. Beir uaim is aithris do Bhrian go dtugais chugainn as imchian, ó laochraidh Chláir Chobhthaigh Muile, An chraobh ag Domhnall mar deirid. Ní fhuil ar úir Éireann anois ollamh ná saoi re seanchus, Ná ríoghraidh ar sliocht Míleadh anois, nár ghéill dósan gan imreas. A Dhomhnaill Uí Mhaoilriadháin fuair tighearnas ar fhlaitheas na nGaedheal Ó ollaimh is ó thriathaibh Chiarraighe, Chonnacht is Néill, Tabhair an ealaidhain si siar is cuireadh Brian Ó Ceallaigh 'na dhéidh, 'S fá choróin do ríoghachta bliadhain go mairidh tú is céad. II. Brian Ó Ceallaigh cct. Geall Gaedheal ar ghaisgidh ghloinn gabhas Iollann na móirghéibheann; an chlú chéadna ar Chrích Chuinn le barr léighinn ag Domhnaill. Fítheal agus Flaithri fionn, bhí cíos dóibh ar threibh Eirionn; an reacht céadna gan smúid gan smacht, do Dhomhnall Ó Mhaoilríadháin is ró-cheart. I dtoigh na Craobhruaidhe do bhí Ollaimh Eireann gan mórmhaoidheamh; Samhail Dhomhnaill ní raibh 'na measg Le srothaibh léighinn gan oideas. Ó léinsgrios Gaedheal do leithéid níor shaltair san chrích Ag aithbheodhadh na déithe chuaidh a dh'éag le fada fo-ríor, Ag ardughadh an léighinn a chuaidh i dtréas ó d'imthigh na draoith' Coróin na hÉireann ar éigsibh is ceart liom dhuit í. III. Séamus Mhag Uidhir cct. Ó fogradh gach eólaicme as Éirinn áin, Gan treórughadh ná seóladh ag aon mhacán, Tá an chóib se faoi bhrón ag gach éigeandáil, 'S cé fhóirfeas sinn acht Domhnall le gríosacht fáidh? | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4151 |
4,158 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 412 | 241 | XV. RIOSDARD MHAC CON MHIDHE. SÉAMUS MHAC CUARTA cct. I. Tabhair mo bheannacht tré dhúthracht do Riosdard clúthach Mac Con Mhidhe, is buidheachas tré dhísleacht í gcomhnaidhe ar son an chóir a chur 'na suidhe. II. Is dósan a dlightear mo bheannacht, mar aon is onóir na héigse, 's go luigheadh dá shinnsearaibh faoi cheannach ríghthe ceannarda na hÉireann. III. Dá maireadh uaisle shíol Eóghain meic Néill chródha 'na suidhe, ní coimhéadfaidhe aon reacht i nÉirinn gan dol faoi léigheann Mheic Con Mhidhe. IV. Is é bhíodh ag Saltair na Teamhrach ag fromhadh an tseanchais do na huaisle; is leis do líonadh an Leabhar Eóghanach, do dhorchuigh an t-eólas ar na tuataibh. V. Re linn seisir os cionn céada ar shliocht Éireamhóin do fritheadh, ní rachadh figheadóir sna trí réagúin a cheartugadh léighinn ar Mhac Con Mhidhe. VI. Níor sgríobhadh cairt i nÉirinn nach iad a ghéaga chuir 'na suidhe; i bhfochair an ríogh do bhíodh 'na dhéidh sin, 's tugthar a chéim do Mhac Con Mhidhe. VII. Mara ndéanadh Mac Con Mhidhe do thréidhe acht gan an dá réagún a léigean i gcogadh, 'sé dorinne na roinn chum réitigh eidir shíol Néill is sliocht na gColladh. VIII. Na bannaidhe se a ndeachaidh Colum do threibh na n-ollamh ar Íosa: go gciorrbhabhadh faoi cheann bliadhna gach neach dá n-iarradh an daoirse. IX. Ní fada léig Íosa bannaidhe Choluim gan díoghailt go díreach ón ollamh tá Brian do mhianach na gColladh is asna 'na thaoibh briste ar bogadh. X. Mo chúig céad déag maighdean mhilis 'na dháil, 'S gan fiú an tsnáithe chaoil éadaigh 'na dtimcheall mar sgáth; Fána chongnamh liom féin beidsi go bruinne 'na pháirt, Ag dúsgadh na séad saidhbhris i dtuilltibh a ghráidh. XI. Ollaimh na críche se do bhíodh go gortach fá bhiadh, Acht Mac Con Mhidhe bhí ag ríoghraidh sleachta na Niall; Ní fhacadar sgríobhaidhthe taom olcas riamh, Acht ag ceannach an fhíona ar mhian 's dá sgabadh go dian. XII. Bagair na ndaor ar shaoi budh danartha an chiall; Ar ollamh na ríogh ná claon le dán úr, a Bhriain. Tobar na híce lér mian do rollasa riar, Is ag Mac Con Mhidhe do bhíodh an leabhar ariamh. Tabhair mo bheannacht. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4158 |
4,159 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 334 | 213 | XVI - CAITRÍN NÍ CHÁLÁN. MAC CUARTA cct. I. 'Sí Caitrín Ní Chálán an bharr lagthach dearbhtha, 'S gur gile í ná a lán do mhnáibh na Banba, Mar lile gan smál tré rósaidhe dearga, 'S feasta níl fáth dúinn a grádh do leanamhain; Ó's do Cholla bhí i ndán bheith i láthair na salma, Pronnaim go bráth í ar dháimh shíol gCearbhaill. II. Ó bó! a Cholla, is iomdha duine ag éad leat, Macnaidh air buile 's gan tiodhlan dá gcéill aca; Is measa 'tá mise ná tuilleadh 'gus céad díobh, Lán de thinneas ó theinidh do ghéarshearc'. Ó tharla gur tusa ghlac sise mar chéile Ó d'fhág sí mise, maithim dise má éagaim. III. A Cholla mhic Shéamuis, d'éirigh an séan leat, Ní dual duit a choidche cumhaidh ná léan ort, Is agad atá an ríogain chríonna chéillidh, Gidh nach dtáinic h'aois air an tsaoghal díth dhéanamh. Ó's tusa do ghlac sí 's gach aon eile thréigbheál, Go mairidh sibh araon bhur saoghal réna chéile. IV. Créad iongnadh mé féin a bheith ag éad 's air mearbhall Fán ríogain chéillidh dhéid-ghil gheanmnaidh, Do mhaithibh na nGaedheal 's gan céim de air dearmad, Sliocht Uaidhne mhic Néill a fuair géilleadh i n-Albain; Ó sheachain sí mé is na céada dá leanamhaint, Fá maith liom ag Gaedheal í do fhréimh shíol gCearbhaill. V. Go Béal Áth' Ceallaigh tabhair beannacht thair chéad uaim Is toirbhir do Chaitrín é bhí carthannach méineamhail, Gidh go ndearna sise malairt oramsa im aonar Air phlannda den abhaill bhí fearamhail de shliocht Éibhir, Ó Cearbhaill do chleacht a bheith i bhfearann dubh Éile, A chuirfeadh na catha re lannaibh air Laighnigh. "Foirchionn agus finit ar cheól Chaitrín Ní Chalan, Ceól comh maith agus thiucfadh leat íarraidh." | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4159 |
4,167 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952) | 582 | 338 | BRIAN mhac EÓGHAIN SÉAMUS MHAC CUARTA cct I Is uasal 's is fearamhail, is buadhach 's is barramhail, is subháilceach an macaoimh Brian mhac Eóghain, Mar Ghuaire ós na fearaibh ag fuasgailt na n-ealadhan, gruagach na flatha is fial fán ór. Níl gruamacht i n'amharc, cruatan nó gangaid, acht na sluaighte dá dteagmhadh a riar fán mbórd, Mar chnuasach na mara is uasal do sgabas duais do gach aicme ar shiansaibh an cheóil. II Bheir Brian, an ceann fine, a mhian do gach duine Laoch Liathmhuine is gloine, grianán an oinigh, Dia dá chuir chuige is annsacht na n-órd. Fial-mhac a chinidh is fiachtar go Doire, acht an iarsma chuaidh roimhe, dream nach bhfuil beó Goma bliadhnach a roinneas tighearnas a chloinne, 's an diadhacht 'na choinne i n-am sgaramhain leó. III Atá mianach na coilleadh céadna dar baineadh ag líonadh san mbile, bráthair Uí Ruairc, Fíneáltas is gliocas, críonnacht is tuigse, is daonnacht gan tuisle ag sásughadh na sluagh. Síol nachar milleadh is díreach do cuireadh don fhíneamhain a shil ón Spáinn thar cuan; Is don dísleacht a geineadh an croidhe tá ag an gcuradh, ríogh-phlanda an oinigh, fás Eóghain Ruaidh. IV Is ag Brian bhíos fulaing cliar agus coinneamh, riaradh gach fuireann is fáilte 'na gcomhair, Mar an iasgach a chuireas fial-mhuir dá himeall ag biathadh gach cruinnioghadh is gnáthach dá cóir, Gan fiafraighe orra uile acht fíontaí 'na gcoinne, ag riar flatha is file, cláirseach is ceóil; Cibé ler mianach an fuisge ag iarraidh bheith ar misge, Má thriallaid dá thoighsean árdabhaidh a ghlóir. V A Dhia gan dúthaigh is fearann, cúirt agus halla ag umhlughadh faoi ghar don árd-fhlaith Brian, Mar budh dúthchas don abhaill chumhra do threabhaibh Uí Dhubhthaigh níodh goradh gáibhtheach i ngliaidh, Tús catha is caraid chliútach Mhic Mhathghamhna do chnuasaigh na creacha as cathair Átha Cliath Is súgach 's is fearamhail, is úr le lucht ealadhan, go dúbalta leanas an sár-mhacaoimh iad. VI Marab é gur éagadar ollaimh Éireann is nach mairid, bhéaradaois a mholadh i láthair chum Briain, Gach féile is fán Nodlaig léighfeadh as rolla fréamha na fola ór fhás an fial. Bheadh téada dá mbrosgadh, séada dá bpronnadh, stéada dá sporadh is fásgadh srian, Léigheann dá sgoradh, sgéimh ar na sgolaibh, is cléir as na leabhair ag sásughadh an triaith. VII Tabhair an féirín se i dtaisgidh, véarsa don aiste, do Chéit is do Pheigidh, grádh leó is riaghail, 'S d'inghin Fheidhlim, an bhean bhreasnaidh dhéid-gheal a dheasuigheas Féasta fá mheas ar árd-nós triaith, 'S an mhaighdean gan easbaidh déanta nó deise, méine nó maise, is fearr cló is ciall Goma tréitheach a dtreise ar chéada dá bhfreastal, is béadsa 'na measg san gan annró bliadhain. VIII Tabhair mo chéad bean gan athrach, faedhbhtha sa mbealach, gan éadaighe dá bhfolach, slán dóibh siar, 'S cuireadh Bernaby coróin phéarlaí ar mo bhannáil an uair léighfeas sé an bheannacht ársaidh chian. An déagh-mhac gan fhallás is féasta lucht seachráin, an tréin-fhear a leanas rása na Niall, 'Ga mbíonn cléir is bochtáin is éigse go folláin, is gach aon díobh ar mearughadh i bpárlús Bhriain. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4167 |
4,172 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 439 | 244 | AN t-ATHAIR PÁDRAIG IBHEARS Mac Cuarta cct. I Sagart óg ó chois na Bóinne A bhfuil gean na gcomharsan le chéile air, A bhfuil gean na n-óg is gean na n-órd Is gean le pósadh na cléire air, A bhfuil gean is ró-shearc ag Nainidh i gcomhnaidhe, An mharthainn mhómhar don éigse, 'S go mb' fhearr an sógh léi bheith 'n-aice a ghlórthaí Ná coróin ór-bhuidhe na Gréige. II Cá ndeachaidh an t-óig-fhear a chuaidh san órd uainn I gceangal phósta le maighdin, Bainríoghan eólgach na bhflaitheas móir-gheal Le stadann cóistí na gréine? Is dalta dhó féin, Mac na hÓighe, Ler gearradh slóighte na hÉigipt', 'S go mairidh dhó féin gean na Róimhe, Is dálta Joseph, ná tréig é. III A Phádraig Íbhears, is tú mac na ríoghna A bhfuil gean is fíneáltas féile ann, 'S gur tuirseach Peter is Lukey Íbhears, Is Malaigh an ríogain 'do dhéidhse. Ná fan sa tír sin is do bhuime ag síor-ghol, Bí gasta ag críochnughadh do léighinne, 'S bí ag pilleadh arís insan astar ciadna Leis an text a mhíniughadh ina nGaedhilg. IV Biocáire ábalta as Domhnach Phádraig, Croidhe fearamhail fáilteach na féile, 'Ga bhfuil guidhe ón Athair a shileas grása Is bheireas deallradh is na réalta. Le do philleadh, a Phádraig anoir thar sáile, Le congnamh an Phápa is na cléire, Nár bhainidh gábhadh ná briseadh bárc dhuit Go seinnidh an chláirseach i nÉirinn. V Beannacht Dé leis ó neamh na gréine Air lasadh léighinn ins na grásaibh, 'S beannacht na Maighdine ar ceangladh léise é, Abhfuil coróin réalt uirthi i bParrthas. Beannacht Mháire Mhagdaléne, Beannacht Jácob is Dháibhídh, 'S mo bheannacht féin is beannacht Éireann A chomhéad séin don Athair Pádraig. VI Beannacht Mhaoise is na n-aithreacha naomhtha Go leanaidh an tsaoi sin le chéile, 'S beannacht fhírinneach ó Nainidh Baollan, An leanbh is fíneálta tréartha. Beannacht na naoidheanán, na mbocht is na ndílleacht, Is beannacht Íosa dhá ndéisdeacht, Is go mairidh an tsaoi sin ar cheanamhail a chríonnacht Go ceart ar mhianach na cléire. VII Nach fada an chéilidhe don tseabhac thréanmhar Luinneach léimneach na Bóinne, 'S go bpillidh an spéir-mharcach arís go hÉirinn Chuaidh a dh'fhoghlaim léighinn ó lucht eólais. Is adhbhar éagcaoine do n-a mhuinntir féin é A bheith i Lisbon aerach i gcomhnaidhe, 'S gan focal sgéala ach i bhfad ó chéile Go gcaithidh sé a théarma insna hórdaibh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4172 |
4,186 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 508 | 298 | Brighid Ní Shionnachán Mac Cuarta cct. I Insa Márta fá fhéil Pádraig air an haonadh lá déag Budh tuirseach cráite bhí fir is mná, is cárbh' iongnadh dóibh é! Lena cáil mhaith gur sháruigh sí maitheas na nGaedheal; Tá sí os cionn cláir faoi bhrailín bhán 's gan aon fhocal 'na béal. II A Bhrighid Ni Shionnachán, a chúilín famainneach is buairthe d'fhág tú a lán Fán ionad coinne úd a bhí idir tú agus Rí na ngrás; d'fhág tú do mháthair faoi bhearrán is beidh go lá an bhráith Ó d'éag an ainnir mheath an duilliúr 's chuaidh na toibreacha i dtráigh. III Is tuirseach buairthe a d'fhág si'buachaillí na háite go léir; Dá mbeadh a leabaidh cóirigh'e os cionn fóide againn b'aoibhinn an sgeal; Níl a'n óigfhear a d'fheicfeadh í Dia Domhnaigh aig pobal nó ag cléir Nach mb'fhearr leis póg uaithe ná ór buidhe na cruinne go léir. IV A Bhrighid, a théagar, a mhíle céad grádh 's a chuisle mo chroidhe, Is tú, dá bhféadfá, nach dtréigfeadh do cháirde gaoil; Tá do chúilín péacach air dhath na céarsaighe go wásta leat síos, 'S do lioca shéimhidhe os cionn do bhéilín mar shneachta air an gcraoibh. V Mar dhaifidh i ngáirlín i gcathaoir phárrthais tá Bidigh 'na suidhe, Gan ghuth gan náire, gan easbhaidh sláinte, ach air láimh ar an Rígh; Tá an Mhaighdean mhánla 's a bantrachd álainn 'na seasamh lena taoibh, Agus prionnda an Áird-ríogh faoin-a báinchígh comh geal léis an aol. VI Tá na Crosa Bána is imeal Bhaile Áth' Buidhe is Greille faoi ghruaim, 'S tá Baile an Rátha gan chnó gan áirne, gan mheasaibh gan ubhall; Níl aon rós dár fhás ariamh i ngáirdín nach bhfuil comh dubh leis an ngual, Ó chuaidh sí i gclárthaí, cúl na bhfáinní, d'imthigh an bainne ó na buaibh. VII Insa mBaile Corr faoi bhloc tin atá Bidigh 'na luighe, 'S línín velvet full mount air a comhra chaol; Tá an ghrian a' soillsiughadh uirrthi thart timcheall is fasgadh ann ón ngaoith, Bíonn an chuach 's an londubh i dtús a' tsamhraidh a' seinm air a' gcraoibh. VIII A Rí na gcréachta a d'fhulaing do chéasadh 's do sparradh air chrann, Cárbh' iongnadh an sgéal é dá dtiocfadh éclips air an ngréin os ar gcionn? Fá bhás na déagh-mhná chuaidh a dh'éag uainn na mílte amach thair tuinn, 'S go ndeachaidh a héagcaoin ó luighe gréine go hAlbain anonn. IX Cibé léighfeadh Dochtúr Céitinn insa tseanchus go fíor, Níl aon dár fhág an saoghal so nach bhfeicfe mar arís. An hocht déag 'gus an trí 'na dhéidh sin ó bhí sí ag ól ar an gcích: Sin aois na déagh-mhná ag dol i gcré uainn i n-aice na naomh. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4186 |
4,190 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955) | 291 | 194 | CEATAIGH MHÓMHAR Mac Cuarta cct. I A Cheataigh mhómhar, a bhfuil iomad don rósa a' borradh i gcomhnaidhe in do ghruaidhe, Gur tusa an tseóid bheag a thóigfeadh an brón díom 's a bhéarfadh sócal gach uair damh. Dá mbeadh mo chróchar-sa réidh go dóigheamhail le gaisgidh óga air a nguailleach, Muna bhfuighinn ach póg ó do bhéilín ró-dheas go mbeinn-se beó faoi cheann uaire. II Bí a' teacht a mhuirnín, le toil do mhuinntire agus bíodh sin iomlán na cléir' linn, Go dtóigfinn cabhlach ag Droichead na Gairhhe i do choinne, a sheang-bhean a' deagh-chroidhe. Air bhórd luinge go dtiubhrainn liom thú is ghéanfainn landáil sa nGréig leat, Bheadh ór is airgead inar bpócaí go cinnte is ghéanfainn díot bainríoghan dá bhféadfainn. III An seód budh daoire faoi rothaí na gréine, cha bheinn 'na dhéidh air a' stáid-mhnaoi, 'S go dtug sí féirín 's gan mise great léithe i ndeireadh an lae damh air an bpátrún. Níl aon fhear i nÉirinn nach bhfuil a sháith 'o chéile i ruan mo chléibh is fear barr fós, 'S go nglacfainn 'o roghain a bheith i gclúmh na n-éan léith ná bheith im' uachtarán cléire i bPort Láirge. IV Más maith libh sgéala fhagháil cá ndeachaidh an deigh-bhean is mise i bpéin-bhruid dá grádh-sa, Déanaidh foidhid bheag go deireadh an véarsa is bhéarfad sgéal air a' mball díbh: Bíonn sí go haerach gach lá le pléisiúr i mBaile na Coilleadh ag éirghe air árdaibh, Inghean Phádraig shéimhidh Mhic Mhathghamhna an déagh-chroidhe ag súd mar a léigh mise dán dí. Finit de sin. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4190 |
4,191 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1956) | 304 | 187 | Marbhnaidh Chloinne Steapháin Mhic an tSaoir Séamus Mhac Cuarta cct. I Nach bearránach dar ndóigh, buairthe faoi ghleó, gan bhréig atá go leór laochraidh, Fán bpéire glan óg a bhí i dtoiseach a róigh a' dol i gcré uainn faoi fhód sínte. I ngéibheann, i mbrón, 's a' sír-shileadh deór, tréath-lag do ló 's do dh'oidhche, Atá éifeacht an tslóigh 's chan áirmhim níos mó dar thathaigh riamh go fóill clann Stíbhín. II Nach buairthe gan mheisneach atá Stíbhín dá n-easbhaidh 's a ghaoltaí ag greadadh lámha, Gan sgíth ortha ná tocht acht a' sír-shileadh rosg, go síorthaidhe ag gol 's ag gárrtha, Fán dís a bhí tapaidh a bheith sínte i Magh nEalta, síos ann faoi leacaibh spárrtha, Agus Nóra, a ndeirbhshiúr, a bheith breóite gan aigneadh, 's a' chomharsain uilic nach n-áirmhighim. III Nach buairthe faoi ghruaim atá an leithimeal so thuas, ó Theamhair go bruach Éirne, Fá Chathal a bheith san uaigh agus Matha, monuar, i gcompás le guaille a chéile. Lena dheimhniú don tsluagh chun a dtáinig go luath, 's len' innse do uaisle Éireann, Is tinn agus is truagh gach duine bhí suairc fán dís úd 'tá anois faoi liagaibh. IV Tá Nannsaigh gan bhrígh agus Sinéid gan chroidhe, mar a fáigeadh iad araon gan chéile; Charbh iongnadh dá mbéadh sliocht Ádhaimh faoi léan 's ar thathaigh ló go n-oidhche an péire. Nuair nach féidir dóibh arís a theacht chugainn air a' t saoghal, beannacht ón Rígh 'gus ó'n Mhaighdin Agus beannacht na naomh lena n-anam araon go flaitheas a choidhche mar fhéirín. Amen. Finit de sin. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4191 |
4,192 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Cuarta, Séamas Dall | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1956) | 252 | 164 | MAILLSIGH NÍ DHÚITHCHE MAC CUARTA cct. I Má théid tú chois fairge teacht samhraidh nó dubhlacht', Beir mo bheannacht is annsacht gan fhallsacht thríd dhúthracht Chuig an maighdin chiúin leanbaidhe le mb' ionmháin bheith a' súgradh, 'S go dtug sí an chraobh ó gach bantracht .i. Maillsigh Ní Dhúithche. II Tá an chléir dá shír-dhealbhughadh, agus tarngaireacht na n-ughdar, Gur baoghal go dtiocfadh cabhlach go críocha Banba thair na cuantaí, A ghéanfas léin-sgrios is marbhadh ó Chluain Tarbh go dtí an Rúta, 'S ní gheobhaid saidhbhreas ná ransom gan Maillsigh Ní Dúithche. III Léightear air dhún na hEamhna 's air gach dream dá raibh 'na cúram, Gur héignigheadh bean as Albain darbh ainm Bláthnaid chumhra; Gé gur éag sí, tá dá dhearbhughadh na mairbh gur mhúsgail, 'S go dtug sí an léas air gach balsam do Mhaillsigh Ní Dhúithche. IV Is féidir leat a dhearbhughadh don mall-rosgaigh múinte Nach léigim í choidhche air dearmad nó go ndalltar mo shúile: Ach mé féin léithe nach samhlaim is a liacht seang-mharcach súgach, A mb' éadáil leófa gealtanas fhagháil ó Mhaillsigh Ní Dhúithche. V Níl aon sgéimh ag Diana, Helena ná Júno, Ná aig an maighdin Cassandra, ná aig an mbainríoghain Hecúba, Nach go nuadh 'tá air a tearmainn aig leanbán an úr-chroidhe, Is fa-raor, gurab í marbhthóir í Maillsigh Ní Dhúithche. Finit de sin. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4192 |
4,179 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Mac Giolla Fhiondain, Pádraig | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1733 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954) | 184 | 129 | FÁILTE DO THOIRDHEALBHACH Ó CHEARBHALLÁIN Imchian fáilte dhuit im dháil, a ghruaidh chorcra nach amhnáir, a chnis chumhra is áille dreach, d'fhíorfhuil uasail Chearbhallach. Is mór an sgéimh thú ar Leith Chuinn go ndéanaidh Dia do mharthain aghaidh éigse Éireann ort, a thuile shléibhe na hintleacht. Atá sruth Samhna in do láimh do oilfeadh an lucht easlán, ceatha beaga na meór sídh, a dhalta ochta na n-airdríogh. Barr ceóil do rug go buan síol Éibhir ón taoibh thuaidh, go dtáinig an liag lóghmhar ann d'fhíorfhuil uasail Eireamhóin. Ní fhuil preab i n-ealadhain ghrinn nach gcanann sé go fírbhinn, ná port d'ainglibh Dé anocht nach seinneann sé gan aonlocht. Fáilte dhuit, a Thoirdhealbhaigh, a gnúis shoilbhir shubháilcigh, a thobar ciúil is fearr slighe dá dtáinig ar shliocht Mhílidh. Is claoidh bróin sídhcheól do mhéar mbog mbinn, 'S do fhrasghlór bheir croidhe mór do fhréimh shluaigh Chuinn; A liag óir, is fíorchóir do chéadfaidhe grinn, Fuair prímhsheóid ón rígh mhór duit féin gan roinn. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4179 |
4,155 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Ó Doirnín, Peadar | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1769 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1951) | 398 | 241 | XII. - Sláinte na Mná Gaedhealaighe. Peadar O Duirnín do chum. I. Ólfa mé sláinte an pháiste is daoire folt, Shileas go trácht 'na sgáinneacha péarlach tiugh; Ní fuireach is áill ach ar ball 'na gcéada lúb A' pilleadh san áit ór fhás gach aon acú. II. Ólfa mé sláinte chláir a héadain dil, Thart timcheall atá ar dhath an laege ghil. Siúd soineann gan smál is deallradh gréine annsin, A cuma 'na pátrún ... áille is sgéimhe dhuinn. III. Ólfa mé sláinte a dá bhraoi chaola aniu Gé fogus atáid do ghnáth dá chéile a' sgur; Siúd a samhail nó táim-se lán díth céille tur: Mar chleite ar a rása i láimh an chléirigh mhir. IV. Ólfa mé sláinte a dá rosg shéimhidhe ghlas, Le gaethibh an gráidh ní ár 's í féin gan fhios. Dá bhfaiceadh a ndeallradh arde-mhac Hécuba thoir Ní chaillfidís lán mo mháime Gréagaigh d'fhuil. V. Ólfa mé sláinte a dá ghruaidh threaghdas fir, A gile 'gá rádh gurab áill léi an chéim ó chinn Siúd an drithle ina lár 's a gáir mar bhé ag goil, 'S ach mise bheith slán más fearr liom gléas a bhfuil. VI. Ólfa mé sláinte a gáire 's a béilín dil, Gach siolla dá rádh a' breith bairr ar mhéir mhic Lir. Is ceart chrutuig an Ceard gan smál mar néamhannaibh Go fras-chumpa i nárus cnámh a déadaibh-se. VII. Ólfa mé sláinte a bráighe is gléghile cruth, Mar shneachta as an aird nach gnáth teas gréine theacht; Ní fada 's ní gearr, ní cam, ní caol 's ní tiugh, Ach suidhte gan tár is ní háille í ané ná aniu. VIII. Ólfa mé sláinte a dá chrobh mhaoth gheal bheag, Shinneas mar Dhaghdha a ndearna an éigse uilig. Níl fioghair ar fagháil nach dtairrngeochadha méir gé lag Anna mbrataibh bheir náire do mhnáibh is a mbéil gan smid. IX. Ólfa mé a sláinte óna bathas go dté a troigh, Ciste na ndámh a bhfuil fáilte is féile innti. Níl startha ná dan ón arc nach léir dhí a mbrígh, 'S is miste 'o chrích Fáil a bás tráth éagfas sí. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4155 |
4,169 | Dánta de chuid Uladh (An tUltach) | Ó Gormáin, Muiris | — | Ó Tuathail, Éamonn | 1750 | 18 | poetry | (Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953) | 359 | 197 | TUIREAMH EÓGHAIN RUAIDH UÍ NÉILL Muiris Ó Gormán cct I Níl fáth dá shéanadh an sgéal 'tá i gcló go nuadh, Gur fhág rath Dé na Gaedhil, mo bhrón, monuar; Gan gháir, gan chéim tá riaghail chríoch Chóbhthaigh i nguais, Gan ghrádh dá chéile ón éag sin Eóghain Ruaidh. II Tá eaglais Dé 's an chléir 'na dheóidh faoi ghruaim, Gan ádh, gan séan, gan réim, faoi cheó go buan, Gach stáid-bhean tséimh is a céibh go feór léith' anuas, Ag fras-chur déar fán tsaor-mhac Eóghan Ruadh. III Cú Chulainn na n-éacht an tréan budh cródha i nguais, Chuir ár air Mheidhbh 's a threaghdadh a slógh gach uair, An Subhaltach féin an laoch na gcomhlann cruaidh, Ba samhail gan bhréig an féinnidh Eóghan Ruadh. IV Táid Ultaigh na séad faoi léan, faoi bhrón, faoi ghruaim, Táid Muimhnigh is Laighnigh 'na dhéidh go treóth-lag truagh, Táid Connachtaigh féin gan chéim ón ló do-chuaidh An mac so, mo léan, i gcré, eadhón Eóghan Ruadh. V Is cráidhte an sgéal is gan aon a d'fhóirfeadh ar ngruaim, Do sháir-shliocht Ghaedhil Ghlais éachtaigh chródha chruaidh; Táid faoi léan is béid go ló chríoch an Luain Gan damhna réx ón éag sin Eóghan Ruaidh. VI B'é grádh gach aon do Ghaedhealaibh Eóghan Ruadh, Is dhá ghrádh na maighdean mbraghaid-gheal snóidh-dheas nuadh, Trí ghrádh na héigse is aon chréacht Fódla a dtuaidh, 'S mo sheacht ngrádh féin i gcré tá i gcomhraidh fhuair. VII 'Sé rádh gach aon ag céimniughadh thar bóchna uainn, 'S ag fras-chur déar go dtréigfead Fódla an truaill, Nár chás do Ghaedhil gach réx dár phós í suas, Dá bhfásgadh léith' gur treaghdadh Eóghan Ruadh. VIII Chuaidh an sgéal so i gcéin thar bóchna uainn Fán Spáinn, fan nGréig, gach taobh is fán Eóraip má gcuairt, Fán Asia féin is fán Éigipt óirdhearc uair, 'S ó básuigheadh é beid Gaedhil chríoch Chóbhthaigh i nguais. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=4169 |
2,409 | Dánta Grádha | — | — | Ó Rathile, Tomás | 1600 | 17 | poetry | (Corcaigh: Cló Ollscoile Chorcaí, 1926) | 2,829 | 1,186 | 6. Do-bhéaram seal re saobhnós, ní bhiam re baothghlór banda; na mná dhíobh ba díol tola ní hiad a-nosa is annsa. Acht gidh iad na mná sgiamhdha is mó iarrthar le fearaibh, isí an bhean díobh badh Gráinne badh sáimhe liom im leabaidh. Agam dá mbeadh an bhantracht, mná Alban is mná Sagsan, do b'fhearr liom beagán páirte ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca. Bheith gan choirce gan chruithneacht beag do thuigeas gur bh'easbhaidh; ní ionnta do bhí ar gcáisne, acht bheith gan Ghráinne is eagail. Níor cheist oram dá ndéineadh goid nó éigean ó dtiocfainn; mo mhallacht ar m'fhear páirte nár fhágaibh Gráinne im iothlainn. Bean is Gráinne don bhantracht, bheith 'na hannsa ní shéanfam; tug sí mo chiall ar claochlódh, seal re saobhnós do-bhéaram! Laoiseach Mac an Bhaird. 11. Tuirseach sin, a mhacaoimh mná! do bheith dubhach níor ghnáth leat; a los h'innmhe i measg do ghaoil, 's iongnadh liom do mhaoith, a bhean. Gibé heile is damhna dhuit, ní mheasaim go bhfuil ar h'óidh éinneach romhad dá bhfuair bás; nocha dtuigim fáth do bhróin. H'osna luath, do labhairt mhall, is cosmhail ribhse, a bharr síodh, gur imthigh ní éigin ort, ag sin do chruth ar ndol díot. Do-chím gur chlaochló a niamh, an ghruaidh thibhreach, an chiabh thiogh, an troigh réidh, an bhrágha bhán; cosmhail go dtugais grádh d'fhior. Fear ar talmhain dár char tú ná ceil orm, a chúl na sreabh; ná fulaing níos foide i bpéin, dá madh mise féin an fear. Cead suirghe do-gheabhthá uam, a bhéal tana ar snuadh na subh: do thuigfinn do bheith i bpéin, do bhí mise féin id chruth. An grádh baoth-sin tugais damh dá bhfeasainn ort, a bhas shlim, san mbruid sin ní léigfinn tú; truagh nár léigis do rún rinn. Má tá go dtugais grádh dhamh, fá a chur chugam ná gabh sgáth; beag dhligheas an náire dhíot; aithne dhamh mar bhíos an grádh. Caith oram, a urla fiar, badh leat gach ní i mbia do chuid; mo bhréagadh red bhruinne bhán ca fios nách bhfuil i ndán duit? Tar ghuidhe mná is docair dul; bí dom aslach, a chruth fial, gan fios nách dtiucfadh an uair ina bhfuightheá uaim do mhian. Ní beag dhuit ar léigis thort, tréig h'aithmhéala, nocht do rún, druid anall, ná bí mar soin, féach an cruth-soin i bhfoil tú! Laoiseach Mac an Bhaird. 29. Is aoibhinn duit, a dhuine dhuill, nách faiceann puinn de na mnáibh; och! dá bhfaicfeá a bhfaiceann sinn, do bheifeá tinn mar táim. Is trua, a Dhia, nách dall do bhíos sul do chínn a cúl casta, a corp sneachta slisgheal saor; och! is saoth liom mo bheatha. Daoine dalla ba trua lium gur fhás mo ghuais tar phúir cháich; tugas mo thrua, cé trua, ar thnúth; i lúib na lúb ag lúib a-táim. Is mairg riamh do chonnairc í, 's is mairg nách faiceann í gach lá; is mairg ar a bhfuil snaidhm dá searc, 's is mairg sgaoilte as a-tá. Is mairg do théid dá fios, is mairg nách fuil dá fios do ghnáth; is mairg duine bhíodh 'na haice, 's is mairg nách 'na haice tá. Uilliam Ruadh. 31. Atá grádh nách admhaim oirn, grádh mná nách abraim a hainm, don troigh ghealúir, don mhín mheirbh don deilbh shídh, don mhearshúil mhairbh. Eala mhálla go néimh naoi do bhláth bhréige an bheatha cé, corp seang is soineanta lí, doimheallta í, is do mheall mé. Ní truaighe, ní truime páis mar smuainim uirre tre fhís; uch! mon-uar sinn bocht dá héis, corp mar ghéis is gruadh mar ghrís. Gnúis déadbhán is dile liom, mo chéadghrádh cridhe im chom, rosg glas gan cháidhe 'na chionn, is fionn bráighe, bas is bonn. Ionmhain tagra milis mall cantar san inis is fhearr; ionmhain leaba chíoghbhán chorr, míonchlár trom is seada seang. Ríoghan ghrianda iomshlán óg, biad-sa dá hiomrádh go héag, cúl fionnbhuidhe, folt na lúb, a locht súd siobhlaighe a séad. Ciall mo mhillte is lia 's is lia i mbriathraibh milse na mná; a gruaidh shíodh tré choir crú dom ghoin a-nú tríom a-tá. Tadhg mac Diarmada Ó Dálaigh. 47. Ní mé bhar n-aithne, a aos gráidh, ná sginnidh le sgáth seachráin; fuar dár seise im ionad ionn, spiorad mheise nách maireann. An dóigh libh, a lucht m'fhéaghtha, nách taidhbhse i dtruaill aieurtha, nó spiorad anma fhallsa tarla im ionad agamsa? A aithne is éidir damhsa sibh gan fhiacha oramsa; dá mbeth cás fám éag oraibh, mo bhás créad nách gcualabhair? Truagh sin, a dhaoine dona, do chlaochló bhar gcéadfadha; iseadh tharla im ainm-se ann taidhbhse anma gan anam. Ní mise an duine is dóich libh, adhradh dhamh is díth creidimh; taidhbhse buile gan aird inn; a Mhuire! is mairg do mhillfinn. Dá bhféachthaoi fir na cruinne, annamh fuair dúil daonnaidhe dá ré ar an saoghal acht sinn; do naomhadh mé, má mhairim. Gibé a-déaradh nách deachadh, ní fhuil ann acht aimseachadh; ní tráth damhsa a rádha riom, cára almsa lem anam! Creidim féin go bhfuaras bás, cumhain liom an lá theastás ar son a mhéada mharas ag cor mh'éaga i n-amharas. Ní hanbhuain, ní hiomlat mbáis rom-mharbh-sa, acht meisge shóláis, ní sgís meanma gá mó broid?, ní ró teadhma ná treabhlaid. Más dúil do dhúilibh nimhe tug, le taibhreadh n-ainglidhe, goid m'anma gan iodhna báis, iongna damhna mo dhóláis. A radharc ó ráinig sinn, och, a Chríost, créad fá mairfinn? dúil do mharbh an uile fhear, is duine marbh nách muirbhfeadh. Ní tonn líonmhar leanna duibh, ní neamhghrádh neith ar talmhain, ní hannsa duine gá dtás? rom-dall-sa uile acht uathbhás. Ar n-éirghe as an riocht reimhe creididh sinn go simplidhe, do mharbh sé don uamhain inn, do chualaidh mé go mairim. A héagosg ní fhidir mé, ní fhéad súil silleadh uirthe; a hamharc gion gur fhéad sinn, a radharc do fhéag mh'intinn. Ós siabhradh meallta meise gan súil éirghe ón aincis-se, nár fhaice súil éinfhir í, an dúil chéillidh ad-chluintí. Ar dtaithbheóadh suil tí dhi Dia dár n-anacal uirthi; ní tharla cás roimhe rinn, an bás oile 'nar n-oirchill. Ciall mh'anma an uair do mhaireas, tearc eólach 'na amhaireas; sadh 'gá mbí ciall agus cruth iar, agus í gan fholach. Eochaidh Ó Heódhasa 88. Do chuaidh mo shúil tar mo chuid, oram féin ní bhfuil mo neart; ní chreidim, is cuma leam má tá an sgéal is fearr gan teacht. Dá ngealltá mil ar gach mír dhamhsa, a bhean ó a mbím i bpéin, as t'fhocal ní fhuilim teann, each do buaileadh 'na ceann mé. Asam féin do beanadh leam, nochan as glór dár gheall sibh; sástar an santach le bréig, truagh nár mealladh mé mar sin! An gealladh-soin agad féin beag an tarbha 'na dtéid damh; ní bhéaradh ar chrioth im chrúibh, dá mbeith cabhair dúinn i ngar. Do chuaidh dhíomsa gan bheith bocht, ní hadhbhar do chosg mo phian; t'fhocal-sa 'na ghealladh mná, 's mé féin dona mar tám riamh. An t-anam-sa an uair do mhar, truagh nár dhruideas i ngar duit; duine dona adubhairt riamh go madh fearr ciall ná cuid. Nó go gcreide mé na mná, ní chreideabh féin go bráth duit; más í an mhaith is goire dhúinn, do chuaidh mo shúil tar mo chuid! Eochaidh Ó Heódhasa. 96. A bhean chridhe chompánta, mar taoi, is amhlaidh do shaoileas; bídh ann, a shuairc shoghrádhach, faol oile i gcroiceann caoireach. Má tá nách beinn láindíleas, beag mo shuim ar thoil ndéinmhe; do bhí mise im chláiríneach, tuigim bacaighe bhréige! Bíodh a dheimhin agaibhse arís oram nách brisfe; ná fliuch dá thaobh t'fhallainge, ná caill cách oile is mise. Misde a fhad gur aithneamar h'éadach agad 'gá iompádh; ní misde! ní loisgeabh-sa an mhéad mhaireas dom thiompán. Do bhí mise i gConnachtaibh seal fada ag foghlaim chluana; ná bean dúinn san obair-se, ní fhuil ionnad acht tuata! Do b'fhada mé neamhthuigseach, luach mo mhúinte díom dlighe; mé feasta ní meallfaidhear; beannacht duit, a bhean chridhe. A fhir chroidhe charaim-se, do-bheir do thoil 'na tuile, saoiltear le gach gadaighe nách díleas neach sa chruinne. Atá tusa malairteach, ní dhéanaim bacaighe bhréige; atáim umad amhairseach ó do bhraitheas do mhéin-se. Neach mar thú ní fhacasa; cách ort ní chaillfe mise; ní fhuil fliuch dom mhatal-sa acht an mhéad do bhean ribhse. Mise choidhche ód chaidreamh-sa do chaillis, más luach tiompáin; ná bíodh ort 'na aithreachas a bhfuil liomsa dod dhioghbháil. Dá mbeinn le cluain d'ealadhain, más cléireach mé nó tuata, ar neach do fhóirfeadh mh'anacair do rachainn do chur cluana. Eochaidh Ó Heódhasa. 97. A bhean na lurgan luime gé taoi ainteann orainne!, gé tám tinn ré mbás, a bhean, ní budh cás linn do léigean. Iomdha cúis fá madh cóir damh, a luirgneach lom, do léagadh; tú trá is cumhga croidhe, is burba 's is baoghlaighe. Tú is caoile 's is cuimhge, tú is teó 'nar dtiomchailne, tú is fuaire uair eile, tú is cruaidhe 's is caintighe. Gé tá bulla leat id láimh fá bheith liom pósta ón bpríomhfháidh móide a ghrás cia do crochadh, ní cás le Dia ar ndealachadh. Do bhulla, a bhréagóg fhallsa, ní fiadhain é oramsa; bulla soin ar nách cóir cion, ní thoir sa Róimh do rinneadh. A mheirdreach labharthach lonn, nách cruaidhe hoiread d'iarann, créad rom-beir re mnaoi dod mheas? gan geir a-taoi, gan toirrcheas. Siobhlach ort a-nunn 's a-nall, seirbhe do ghuth ná an gafann; cruth nách casmhail do dhuine do chruth arsaidh iarnaidhe. Do bholg tana ar n-a tholladh mairg do-chí ar céadlongadh, tuar gorta go bráth, a bhean; do lochta ar chách ní cheileabh. Gé nách beinn libhse ag lighe, fóirfidh Mac na Maighdine; go mbeire mé a-nunn ar neamh an Té do chum an chéidbhean. Mac-con Ó Cléirigh. 100. A bhean lán do stuaim, cuinnibh uaim do lámh; ní fear gníomha sinn, cé taoi tinn dár ngrádh. Féach ar liath dom fholt, féach mo chorp gan lúth, féach ar thraoch dom fhuil, créad re bhfuil do thnúth? Ná saoil mé go saobh, arís ná claon do cheann; bíodh ar ngrádh gan ghníomh go bráth, a shíodh sheang. Druid do bhéal óm bhéal, doiligh an sgéal do chor; ná bíom cneas re cneas, tig ón dteas an tol. Do chúl craobhach cas, do rosg glas mar dhrúcht, do chíoch chruinngheal bhláith, thairngeas mian gach súl. Gach gníomh acht gníomh cuirp, is luighe id chuilt shuain, do-dhéanainn tred ghrádh, a bhean lán do stuaim. A fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc Na muirearfholt réig raonfholtach fá a ndíol gcuach, Is iongna an ghné thaomanach fhásaíos uait; Cé duilig an sgéal, tréig me agus tág dhíom suas. Do-bhirim-se fém bhréithir, dá mbáití an slua San tuile do léig Vénus 'na táclaí anuas, A bhurraiceach bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaig, Is tusa mar aon chéidbhean do fágfaí im chuan. Seathrún Céitinn. 102. Bréagach sin, a bhean! ní beag seal don bhaois; smachtaigh h'aigneadh óg a bhfuil ród dot aois. Ainic thú ar an éag; cuimhnigh, a ghéag ghlan, bláth an domhain daoir nách sealbh daoibh ná dhamh. As bais, as méir mhaoith, ná déan baois, a bhean; gibé is buaine ré ní mhairfe sé acht seal. Ná déan eisdibh uaill, gearr san uaigh go mbiad na lúba ar lí an óir, ná tug dot óidh iad. Bíoth h'aire ar an uaigh, ná sill an ghruaidh gheal, san tsúil mharbhghlais mhuill ná cuir suim ná seadh. San troigh rochruinn réidh ná fagh-sa féin fonn; taobh nách taise clúmh tuig nách tú do chom. Beid mar bhláth an fhiaigh i gcriaidh ní cóir teann snuadh h'ochta mar aol, do bhruinne shaor sheang. I dtalmhain tuar leóin smuain fa dheóidh do dhul; biaidh a ghné mar ghual, an béal go snuadh subh. Ar ndol duit i gcré, mise gidh mé ann, ní thiobhrainn riot taobh, a chúl na gcraobh gcam. Ret fhaicsin, a fholt fiar, do chuaidh mo chiall uaim; duit, a bhruinngheal bhán, badh aithreach lá an Luain. Tuirseach dhamh 'na ndeóidh, briathra do bheóil bhinn; do ghlór síthe sáimh, ní mé a-mháin do mhill. Ná bí baoth do ghnáth, cuimhnigh cách ag éag; an folt fleasgach fann, ní fhuil ann acht bréag. Anluan Mac Aodhagáin. 105. Sguir dod shuirghe, lean dod leas, ná bí éasgaidh ar h'aimhleas; smuain, a bhean, an bráth id chionn gach tráth, neamh, uaigh is ifreann. Ní buan antoil na hóige, ná hoir don chorp chréafóige; tuig go dtéid gach ní fó neimh gan bhréig sa chlí ór chéidghein. Ná car na daoine deasa charas tú d'fhonn t'aimhleasa; ceil do chaidreabh caoin orra, ná sgaoil t'aigneadh eatarra. Dá n-éistir a reacfaid ribh, ataoi i mbaoghal uair éigin go mbréagfa an séad suirghe sibh, an bhréag, nó fuighle féinnidh. Léigid orra, d'fhonn t'fheise, éag d'aonghrádh do dheilbhe-se; a ghrádh, ná creid go gcaraid, bleid a lán dá luathchanaid. Má tá leat do leas i ndán, seachain suirghe na n-ógán, a bhean na gciabh bhfraistiogh bhfionn, nách biadh h'aistear go hifreann. Fearr mar lón lá na Cuinne Dia ná aoinfhear againne; ag so an Fear is dile dhuibh, a bhean mo chridhe, is caraidh. Ní bhia póg mar luach leasa uait ann, ná uain aighneasa dhuit ón Fhior nách cam cridhe; a-niogh am na haithrighe! Ní beag dhamh a ndubhart ribh; cuirim thú ar dhíon an Dúilimh; guidhe Ríogh an Luain do leas, dod dhíon gach uair ar h'aimhleas. Muiris mac Dháiví Dhuibh Mac Gearailt. 106. A ógáin, do-ní suirghe re hógmhnáibh, mall do-ní réir an Choimdhe, is duit bhus doilghe, a ógáin. A ghille, do-ní uaill as do ghile, saoile féin nách fuil claochlódh id bhaothghlór bhaoth gan bhrighe. Ní cheileabh do cháil féin ort fá dheireadh; ciodh mór th'uaill agus t'anlán, is tú an marbhán meirtneach. Mór h'uabhar as do chorp nách glan cnuasach; a ndéin d'antoil do chalann biaidh ar h'anam 'na ualach. A thruaighe, ní thuige cá ní is cruaidhe! an té iné do bhí id chomann iniu i gcomhthrom na huaighe. Lá éigin, iar n-éag ag íoc bhar bpéine, tusa is bean an déid daithghil sínfidh bhar n-aire ó chéile. Searbh libhse mo theagasg ar mhaith ribhse; ní misde leam don chur-sa; gearr mhairfeas tusa is ise. Cúis chaointe dhamhsa nách mé féin chaoinim, is gur mó mh'uilc ar séana ná uilc chéata do dhaoinibh. A Rí chalma, ní fiú mé trém olc th'agra; gidh eadh, is fiú dod ghrásaibh mo dhíon ar námhaid mh'anma. | http://corpas.ria.ie/index.php?fsg_function=5&fsg_id=2409 |
Subsets and Splits